ISSN 1831-5380
Léarcsáil an tsuímh | Fógra dlíthiúil | Fianáin | Ceisteanna coitianta | Teagmháil | Priontáil

3.4. Ord na luanna

3.4.1. Ord na gConarthaí

Ón 1 Nollaig 2009 i leith (an dáta a tháinig Conradh Liospóin i bhfeidhm) is san ord seo a leanas a luaitear na Conarthaí (go háirithe sna luanna):

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.
NB:

Go dtí an 30 Samhain 2009 is san ord seo a leanas a luaití na Conarthaí:

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh,
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach
(chuaigh an Conradh sin in éag an 23 Iúil 2002).
Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,
Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach
(is minic a chuirtear an Conradh seo ar deireadh, ach is féidir é a chur ar tosach).

Le himeacht na mblianta tháinig athruithe ar an ord ina luaití na Comhphobail:

1.

Go dtí deireadh 1997, dhéantaí an t-ord ina luaití na Comhphobail i dteidil na ngníomhartha a athrú gach bliain de réir na scéime seo a leanas:

C(E)E, Euratom, CEGC:
1968, 1971, 1974, 1977, 1980, 1983, 1986, 1989, 1992, 1995,
Euratom, CEGC, C(E)E:
1969, 1972, 1975, 1978, 1981, 1984, 1987, 1990, 1993, 1996,
CEGC, C(E)E, Euratom:
1970, 1973, 1976, 1979, 1982, 1985, 1988, 1991, 1994, 1997.
2.
Ó 1998 go dtí an 23 Iúil 2002, luaití iad san ord seo a leanas i gcónaí:
CE, CEGC, Euratom
3.
Idir an 24 Iúil 2002 (i ndiaidh do Chonradh CEGC dul in éag) agus an 30 Samhain 2009 is mar a leanas a luaití na Comhphobail:
CE, Euratom
4.
Ón 1 Nollaig 2009 i leith:
AE, Euratom

Is mar a leanas a d’úsáidtí na téarmaí ‘Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa’ agus ‘an Comhphobal Eorpach’:

Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa nó CEE i gcás gníomhartha a glacadh roimh an 1 Samhain 1993,
an Comhphobal Eorpach nó CE i gcás gníomhartha a glacadh ón 1 Samhain 1993 ar aghaidh.
Tagairtí do na Conarthaí

Úsáidtear teideal iomlán na gConarthaí nuair a luaitear iad den chéad uair.

I gcás luanna breise:

(1)
úsáidtear an focal ‘Conradh’ nuair nach luaitear ach conradh amháin san aon téacs;
(2)
nuair a luaitear níos mó ná conradh amháin san aon téacs, úsáidtear na teidil iomlána a mhéad is féidir. Is féidir foirm ghearr an chonartha a úsáid sna cásanna eile:
‘Conradh AE nó CAE’ don Chonradh ar an Aontas Eorpach,
‘CFAE’ don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
‘Conradh CE’ don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh,
‘Conradh Euratom’ don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,
‘Conradh CEGC’ don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach.
NB:
Rinneadh athuimhriú ar fhorálacha na gConarthaí in 1999 (Conradh Amstardam) agus in 2009 (Conradh Liospóin). Maidir le Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus leis an gCúirt Iniúchóirí, tá gnásanna ar leith acu chun airteagail a lua, de réir mar is mian leo tagairt a dhéanamh don leagan athuimhrithe is túisce nó don leagan athuimhrithe is deireanaí.

3.4.2. Ord de réir údair

Seo a leanas an t-ord ina liostaítear na húdair sna teidil éagsúla agus sna fo-cheannteidil éagsúla den Iris Oifigiúil (sraitheanna L agus C):

Ionadaithe Rialtais na mBallstát (is cuma cé acu a thagann siad le chéile i dtionól na Comhairle nó nach dtagann),
an Chomhairle agus Ionadaithe Rialtais na mBallstát,
Parlaimint na hEorpa,
an Chomhairle Eorpach,
Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle,
an Chomhairle,
an Coimisiún Eorpach,
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh,
an Banc Ceannais Eorpach,
an Chúirt Iniúchóirí,
Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Coiste Eorpach na Réigiún,
an Banc Eorpach Infheistíochta,
an tOmbudsman Eorpach,
an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí,
oifigí agus gníomhaireachtaí,
comhlachtaí arna mbunú le comhaontuithe idirnáisiúnta.

I gcás gníomhartha agus fógraí maidir leis an Limistéar Eorpach Eacanamaíoch, leantar an t-ord de réir údair seo a leanas:

Comhchoiste LEE,
Údarás Faireacháin CSTE,
Buanchoiste Stáit CSTE,
Coiste Comhairleach LEE,
Cúirt CSTE.

Maidir le hord prótacail ainmneacha éagsúla na n-institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí, féach Pointe 9.5.1.

3.4.3. Tíortha

Maidir leis na hainmneacha, na giorrúcháin agus an t-ord ina liostaítear tíortha, féach Pointe 7.1 agus Iarscríbhinní A5 agus A6.

NB:
I dtagairtí do chomhaontuithe idirnáisiúnta a bhaineann le Stát ar athraíodh a ainm, tá sé ríthábhachtach go n-úsáidfí an t-ainm a bhí i bhfeidhm tráth a síníodh na gníomhartha réamhráite agus nach gcuirfí an t-ainm nua ina áit.

3.4.4. Teangacha agus téacsanna ilteangacha

Maidir leis na hainmneacha, na giorrúcháin agus an t-ord ina luaitear teangacha agus leaganacha teanga, féach Pointe 7.2.

3.4.5. Airgeadraí

Maidir leis na hainmneacha, na giorrúcháin agus an t-ord ina luaitear airgeadraí, féach Pointe 7.3 agus Iarscríbhinn A7.

Maidir leis na rialacha a bhaineann le hairgeadraí, féach Pointe 7.3.3.

Nuashonraithe: 6.2.2024
barr an leathanaigh
leathanach roimhe seoan chéad leathanach eile