ISSN 1831-5380
Fógra dlíthiúil | Léarcsáil an tsuímh | Ceisteanna coitianta | Teagmháil | © | Priontáil

Ceisteanna coitianta


Cad í an Treoir Stíle Idirinstitiúideach — treoir thagartha amháin nó díolaim de rialacha éigeantacha?
Ní mór do gach duine a bhfuil baint acu le cruthú gach cineál téacsanna (clóite nó leictreonach) a chruthaíonn an Coimisiún Eorpach cloí leis na nósanna agus na rialacha sonraithe sa Treoir Stíle. (Treoracha ón Uasal Venturini agus é mar Uachtarán an Choiste Stiúrtha, Oifig na bhFoilseachán — féach ar Réamhaiste na Treorach Stíle).
An bhfuil an fhaisnéis inti maidir le hainmneacha tíortha, teangacha nó airgeadraí iontaofa?
Go bunúsach, tá an Treoir Stíle Idirinstitiúideach tagtha chun bheith mar an saothar tagartha oifigiúil d’institiúidí, do chomhlachtaí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh i ngach ní a bhaineann le tíortha, airgeadraí agus teangacha.

Is coiste comhdhéanta de chomhaltaí de fhoirne téarmaíochta, aistriúcháin agus dlítheangeolaithe na Parlaiminte, na Comhairle agus an Choimisiúin (le comhairle dhíreach ó gach foireann nuair is gá) a chinneann na sonraí. Tá an nós imeachta seo faoi threoir Oifig na bhFoilseachán (an rannóg “Comhordú na Treorach Stíle”).

Ba chóir aon eolas, cheist, trácht nó mholadh a sheoladh i ríomhphost chuig: code-redaction-coordination@publications.europa.eu
An bhfuil leagan clóite nua di ar fáil? Mura bhfuil, cathain a chuirfear ceann ar fáil? An féidir leagan clóite a fháil fós? Conas?
Féach an t-alt maidir leis an leagan clóite den Treoir Stíle.
Ní thig liom breathnú ar chuid de na cáipéisí PDF. Cén fáth?
Acrobat ReaderChun breathnú ar cháipéisí PDF tá Adobe Reader de dhíth. Is féidir é a íosluchtú saor in aisce ó láithreán gréasáin Adobe. Cruthaítear fadhbanna áfach, ó am go chéile nuair a bhraitear ar cháipéisí PDF, go háirithe laistigh de Internet Explorer. Mura n-osclaíonn cáipéis i gceart ar an scáileán, cuir i dtaisce ar do dhiosca crua í (File/Save As etc.), b’fhéidir ar an deasc agat, agus ina dhiaidh sin oscail le hAdobe Reader í. Is féidir freisin cabhair a lorg ar leathanach “Support” ar láithreán gréasáin Adobe. Ba chóir go mbeifeá in ann réiteach a aimsiú ansin a oireann do chumraíocht an chórais agat. Mura n-éiríonn le sin uile agus fós ní féidir breathnú ar cháipéisí PDF, déan teagmháil linn más mian leat.
Nuashonraithe: an 30.4.2012
barr an leathanaigh