ISSN 1831-5380
Léarcsáil an tsuímh | Fógra dlíthiúil | Fianáin | Ceisteanna coitianta | Teagmháil | Priontáil

Réamhrá

Leagtar amach treoracha sa cháipéis seo atá bunaithe ar chomhaontú idir na hinstitiúidí. D’éagmais treoir shainráite faoi phointe ar leith, ní cóir a bhaint de chiall as aon phointe ar leith teanga ná stíle i dtéacs na cáipéise seo gurb é nós comhaontaithe na n-institiúidí é.

Mar thoradh ar phróiseas a tosaíodh in 1993 nuair a seoladh Vade-mecum de l'éditeur, foilsíodh An Treoir Stíle Idirinstitiúideach den chéad uair sa in 1997 in 11 theanga, ach méadaíodh an líon sin go 24 theanga níos moille. Is léiriú í An Treoir Stíle Idiriinstitiúideach ar éacht comhréireachta teanga nach bhfacthas a leithéid ina réimse mar gheall ar an líon pobal teanga a bhí páirteach ina forbairt. Tá ceaptha a bheith ina huirlis tagartha don teanga scríofa in institiúidí, i gcomhlachtaí agus i ngníomhaireachtaí uile an Aontais Eorpaigh.

Chun An Treoir Stíle Idirinstitiúideach a ullmhú, b’éigean coiste idirinstitiúideach stiúrthóirí a bhunú, agus d’ainmnigh an coiste sin ionadaithe do gach teanga i ngach institiúid. Oibríonn na hionadaithe sin faoi stiúir grúpa comhordúcháin atá lonnaithe in Oifig na bhFoilseachán.

Tugadh faoi nósanna éagsúla na dteangacha a chur i gcomhréir le chéile ar dhóigh a thabharfadh san áireamh peirspictíocht ilteangach na n-institiúidí Eorpacha, peirspictíocht a fhágann go gcaithfidh gach téacs i ngach teanga oifigiúil a bheith inchomparáide, ach chomh maith leis sin go gcaithfidh na téacsanna uile urraim a thabhairt do shaintréithe na dteangacha sin.

Is é atá i gCuid I na rialacha nach mór a chur i bhfeidhm agus na hionstraimí a fhoilseofar san Iris Oifigiúil á ndréachtú. Is é atá i gCuid II na príomhrialacha teicniúla agus eagarthóireachta a bhaineann le foilseacháin ghinearálta. Ina theannta sin, mar aon leis na socruithe a bhaineann le gach teanga ar leith (Cuid IV), d’éirigh leis na 24 ghrúpa teacht ar chomhaontú maidir le nósanna oibre aonfhoirmeacha atá infheidhme i ngach teanga (Cuid III). Is é an chuid sin bunchloch an phróisis comhréireachta teanga idir na hinstitiúidí go léir.

I bprionsabal, tá tosaíocht ag na nósanna teanga atá leagtha síos sa Treoir Stíle ar aon nós a leantar in aon áit eile agus ar aon nós a bhí in úsáid roimhe seo, agus ní mór cloí leo ag gach céim den phróiseas dréachtaithe.

Thar aon ní eile, tá sé i gceist gur próiseas bríomhar idirghníomhach a bheadh sa saothar seo ina nglacfadh an uile úsáideoir páirt, nó is saothar é, ó nádúr, nach mór a nuashonrú i rith an ama. Dá bhrí sin, iarrann údair an tsaothair seo ar chách páirt a ghlacadh ann, agus aon eolas úsáideach, aon bhotún nó easnamh, nó aon mholadh atá acu a chur chuig an seoladh seo a leanas:

Office des publications de l’Union européenne (Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh)
Coordination ‘Code de rédaction’ (Comhordú An Treoir Stíle Idirinstitiúideach)
(Unité A.1.002)
L-2985 Lucsamburg
LUCSAMBURG

Teagmháil trí ríomhphost:

ceisteanna ginearálta
(OP-ISG-coordination@publications.europa.eu),
ceisteanna a bhaineann leis an leagan Gaeilge
(OP-CODE-DE-REDACTION-GA@publications.europa.eu).
Nuashonraithe: 6.2.2024
barr an leathanaigh
leathanach roimhe seoan chéad leathanach eile