ISSN 1831-5380
Léarcsáil an tsuímh | Fógra dlíthiúil | Fianáin | Ceisteanna coitianta | Teagmháil | Priontáil

Tagairtí

Bunús dlí

Cinneadh 69/13/Euratom, CEGC, CEE an 16 Eanáir 1969 lena mbunaítear Oifig Foilseachán na gComhphobal Eorpach (†) (IO L 13, 18.1.1969), arna aisghairm agus arna athsholáthar go deireanach le Cinneadh 2009/496/CE, Euratom ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, ón gCoimisiún, ón gCúirt Bhreithiúnais, ón gCúirt Iniúchóirí, ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ó Choiste na Réigiún an 26 Meitheamh 2009 maidir le heagrú agus feidhmiú Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh (†) (IO L 168, 30.6.2009, lch. 41):

Airteagal 1

Is oifig idirinstitiúideach í Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh a bhfuil sé d’aidhm aici a áirithiú go bhfoilseofar ar an mbealach is fearr is féidir foilseacháin institiúidí na gComhphobal Eorpach agus an Aontais Eorpaigh.’ (†)

*

Rinne Coiste Comhordúcháin Fhoilseacháin an Choimisiúin sainmhíniú ar choincheap an fhoilsithe mar ‘téacs dúbailte a mbaineann caiteachas buiséadach leis agus atá dírithe go bunúsach ar an bpobal’.

Ar na rudaí a bhfuil Oifig na bhFoilseachán freagrach astu, tá:

na formáidí a chaighdeánú,
leagan amach na bhfoilseachán a chomhchuibhiú.
NB:
I gcomhréir leis an gcinneadh thuasluaite, athraíodh an t-ainm ‘Oifig Foilseachán na gComhphobal Eorpach’ go ‘Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh’; tháinig an t-ainm nua i bhfeidhm amhail ón 1 Iúil 2009.

Sainordú

An Treoir Stíle Institiúideach faoi rialú na n-eintiteas seo a leanas:

an Coiste Idirinstitiúideach, arna ainmniú ag Coiste Bainistíochta Oifig na bhFoilseachán, ina dtugtar le chéile ionadaithe ó na hinstitiúidí seo a leanas: Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh, an Coimisiún Eorpach, Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, an Banc Ceannais Eorpach, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, Coiste Eorpach na Réigiún;
an rannóg comhordúcháin ghinearálta do An Treoir Stíle Institiúideach, atá lonnaithe in Oifig na bhFoilseachán;
na grúpaí teanga idirinstitiúideacha (grúpa amháin in aghaidh gach teanga), arb iad comhaltaí an Choiste Idirinstitiúidigh a cheapann a n-ionadaithe.

Ceapann an Coiste Idirinstitiúideach na hionadaithe oifigiúla a ghlacann páirt san obair faoi chuimsiú na ngrúpaí. Féadfaidh an coiste seo gníomhú mar eadránaí i gcás fadhb thromchúiseach.

Is í an rannóg comhordúcháin ghinearálta atá freagrach as an nós imeachta bainistíochta ina iomláine; is í a eagraíonn an obair, áirithíonn sí comhchuibheas na gcinntí a dhéantar sna grúpaí éagsúla, áirithíonn sí go nuashonraítear agus go bhforbraítear an nós imeachta. Is í an rannóg sin atá freagrach as suíomh gréasáin na Treorach Stíle a bhainistiú ina hiomláine agus glacann sí páirt dhíreach in éabhlóid An Treoir Stíle Idirinstitiúideach.

Tá na grúpaí teanga freagrach as forbairt agus monatóireacht a dhéanamh ar a leaganacha féin faoi threoir na rannóige comhordúcháin ghinearálta. Áirithíonn ionadaithe ó Oifig na bhFoilseachán sna grúpaí sin comhordúchán na hoibre féin agus féachann siad chuige go dtarchuirtear an fhaisnéis chuig an rannóg comhordúcháin ghinearálta. Tugtar le chéile ionadaithe ó eintitis teanga éagsúla na n-institiúidí sna grúpaí teanga sin: dlítheangeolaithe, aistritheoirí, téarmeolaithe, profléitheoirí, etc.

Chomh maith leis sin, téitear i gcomhairle le comhlachtaí cinnteoireachta sa Choimisiún go rialta de réir an ábhair atá idir lámha, go háirithe leis an Ardrúnaíocht, le rannóg an phrótacail agus leis na seirbhísí atá freagrach as caidreamh seachtrach. Bítear i ndlúth-theagmháil le heagraíochtaí idirnáisiúnta éagsúla, go háirithe i réimse an chaighdeánaithe (ISO).

Nuashonraithe: 6.2.2024
barr an leathanaigh
leathanach roimhe seoan chéad leathanach eile