3. Rialacha maidir le doiciméid a dhréachtú
Tá rialacha dochta ag baint le dréachtú gníomhartha a fhoilsítear san Iris Oifigiúil.
Ní mór na téacsanna atá le foilsiú san Iris Oifigiúil a chur ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh.
Leagtar amach go sionoptach na téacsanna a fhoilsítear san Iris Oifigiúil i.e. is é an téacs céanna a bhíonn ar an leathanach céanna den IO i ngach teanga oifigiúil.
Leagtar síos i gCuid a Trí agus i gCuid a Ceathair den Treoir Stíle seo rialacha maidir le gníomhartha, lena n-áirítear na hIarscríbhinní, a fhoilsítear san Iris Oifigiúil, go háirithe na rialacha agus an gnás a bhaineann le ceannlitreacha (lena n-áirítear i gcás coistí nó i gcás coimisiún), le giorrúcháin, le seoltaí, etc.