ISSN 1831-5380
Léarcsáil an tsuímh | Fógra dlíthiúil | Fianáin | Ceisteanna coitianta | Teagmháil | Priontáil
EU-27, stát aontach agus tíortha is iarrthóirí (enfr)

7.2. Teangacha

7.2.1. Ord leaganacha teanga agus ord na gcód ISO (Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán) (téacsanna ilteangacha)

Riail ghinearálta

Cuirtear na teangacha in ord aibítre a dteideal foirmiúil ina leagan bunaidh scríofa (is iad na cóid ISO 639-1 atá i bhfeidhm, cód alpha-2, na cóid a úsáidtear).

Tá an t-ord seo riachtananch, mar shampla, maidir le teideal foilseacháin ar leathanach cumhdaigh ilteangach, seicheamh teangacha i bhfoilseacháin ilteangach, leathanach baile agus rogha teangacha ar shuíomh greasáin ilteangach, etc.

NB:
Níor cheart an t-ord leaganacha teanga a mheascadh leis an ord chun teangacha a liostú (féach Pointe 7.2.2).
Teideal sa teanga fhoinseach (1) Teideal i nGaeilge Cód ISO (2)
Български (*) Bulgáiris bg
español (3) Spáinnis es
čeština Seicis cs
dansk Danmhairgis da
Deutsch Gearmáinis de
eesti keel Eastóinis et
ελληνικά (*) Gréigis el
English Béarla en
français Fraincis fr
Gaeilge Gaeilge ga
hrvatski Cróitis hr
italiano Iodáilis it
latviešu valoda Laitvis lv
lietuvių kalba Liotuáinis lt
magyar Ungáiris hu
Malti Máltais mt
Nederlands Ollainnis nl
polski Polainnis pl
português Portaingéilis pt
română Rómáinis ro
slovenčina (slovenský jazyk) Slóvaicis sk
slovenščina (slovenski jezik) Slóivéinis sl
suomi Fionlainnis fi
svenska Sualainnis sv
(*)
Traslitriú Laidine: български = bulgarski; ελληνικά = elliniká.
(1)
Túslitir i gcás uachtair nó i gcás íochtair: déan aithris ar fhoirm an teidil sa teanga fhoinseach.
(2)
Is i gcás íochtair a scríobhtar litreacha chóid ISO le haghaidh teangacha; mar sin féin, scríobhtar i gceannlitreacha freisin iad ar chúiseanna léirithe chlógrafaigh.
(3)
Sa Spáinnis, de thoradh iarrata ó na húdaráis Spáinneacha, cuirtear an téarma lengua españolaespañol in ionad an téarma castellano. Is é castellano ainm oifigiúil na teanga, ach is chun an áit a shainiú a úsáidtear an téarma agus chuige sin amháin.
NB:
Seachas ag tús abairte nó i dtáblaí, ní chuirtear ceannlitir ar an bhfocal ‘an’ i.e. ‘an Ghaeilge’.

Cuirtear an riail seo i bhfeidhm go daingean i leaganacha críochnaitheacha na gConarthaí agus na gcomhaontuithe (ar leathanaigh na sínithe).

Cásanna speisialta

I gcás doiciméad ilteangach a eisítear ar an leibhéal náisiúnta de bhun téacsanna a ghlac an Chomhairle (pas, cárta sláinte Eorpach), is gnách an t-ord a chinneadh le gníomh ón gComhairle ar bhonn gach cás ina aonair. Is do na teangacha is forleithne sna Ballstáit faoi seach a thugtar tús áite, ar an gcaoi seo de ghnáth:

(a)
teanga náisiúnta;
(b)
Béarla;
(c)
Fraincis;
(d)
teangacha eile san ord a chuirtear in iúl sa tábla thuas.
EU-27, stát aontach agus tíortha is iarrthóirí (enfr)

Stát aontach/tTíortha is iarrthóirí

Teideal sa teanga fhoinseach Teideal i nGaeilge Cód ISO
bosanski/босански Bosnis bs
crnogorski/црногорски Montainéigris cnr (1)
ქართული (2) Seoirsis ka
македонски (3) Macadóinis mk
română (4) Rómáinis ro
shqip Albáinis sq
srpski/cрпски Seirbis sr
türkçe Tuircis tr
українська мова (5) Úcráinis uk
(1)
Cód ISO 639-2.
(2)
Traslitriú Laidine: ქართული = kartuli.
(3)
Traslitriú Laidine: македонски = makedonski.
(4)
Sonrúchán le húsáid le haghaidh theanga oifigiúil na Moldóive.
(5)
Traslitriú Laidine: українська мова = ukrainska mova.
Nuashonraithe: 27.3.2024
barr an leathanaigh
leathanach roimhe seoan chéad leathanach eile