7.3.3. Rialacha maidir le haonaid airgeadaíochta a chur in iúl
Cathain a úsáidtear an t-ainm
Más ag tagairt d’aonad airgeadaíochta ar shlí ghinearálta agus nach luaiter suim leis, litrítear é, ach amháin i dtáblaí (féach “Cathain a úsáidtear an cód ISO”):
suim in euro
suim i bpunt steirling
Cathain a úsáidtear an cód ISO
I dtéacs
Nuair atá suim ag dul leis an aonad airgeadaíochta, úsáidtear an cód ISO “EUR” le spás crua (spás cosanta) agus an tsuim i bhfigiúirí ina dhiaidh:
Is í EUR 12 500 an tsuim atá ag teastáil.
Tugtar faoi deara go raibh difríocht EUR 1 500 ann.
I dtáblaí
Nuair atá aonad amháin i gceist do thábla iomlán, cuirtear an cód ISO agus aon iolraitheoir idir lúibíní os cionn an tábla ar an taobh dheis. Úsáidtear cló iodálach:
(EUR)
(milliún EUR)
(billiún EUR)
I dtéacsanna Gaeilge a fhoilsítear san Iris Oifigiúil, ní mór an cód ISO “EUR” a úsáid agus suimeanna a chur i bhfigiúirí:
EUR 10 000
EUR 1 000 000 (ní cheadaítear EUR 1 mhilliún)
Maidir le hairgeadraí eile a luaitear i dtéacsanna Gaeilge, nuair a ghabhann suim leis an aonad airgeadaíochta, úsáidtear an cód ISO atá ábhartha don airgeadra agus cuirtear spás crua (spás cosanta) agus an tsuim i bhfigiúirí ina dhiaidh:
Fuarthas suim GBP 300 agus caitear suim GBP 250.
I dtéacsanna don Chúirt Iniúchóirí, cuirtear na suimeanna i ndiaidh an airgeadra agus litrítear é:
caiteachas 15 000 euro
Cathain a úsáidtear an comhartha euro (€)
Úsáidtear an comhartha euro i ngrafaicí amháin. Is féidir é a úsáid, áfach, i dtéacsanna móréilimh agus i bhfoilseacháin fógraíochta (e.g. catalóga díolachán) agus i bpreaseisiúintí chomh maith. I gcórais próiseála focal, is féidir an comhartha euro a fháil nuair a bhrúitear eochair Alt na láimhe clé agus 0128 ag an am céanna. Is féidir na sonraíochtaí teicniúla maidir le comhartha an euro a íoslódáil ó shuíomh gréasáin euro an Choimisiúin (https://ec.europa.eu/info/about-european-commission/euro/history-euro/design-euro_en#constructing-the-euro-symbol-for-professionals).
Suíomh an chóid ISO (EUR) i suimeanna
Cuirtear spás crua (spás cosanta) agus an tsuim i ndiaidh an chóid ISO “EUR”:
suim EUR 30
une somme de 30 EUR
Suíomh an chomhartha euro (€) i suimeanna
Cuirtear an tsuim i ndiaidh an chomhartha euro gan aon spás crua (spás cosanta) eatarthu:
suim €30
une somme de 30 €
Leis na téarmaí “milliún” agus “billiún”
Is féidir na foirmeacha seo a leanas a úsáid nuair a dhéantar tagairt do mhilliúin nó billiúin:
EUR 10 000 000
EUR 10 milliún
EUR 25 bhilliún
milliún EUR, billiún GBP
m EUR, bn GBP
10 milliún EUR, 10 mbilliún GBP
10 m EUR, 10 bn GBP
Na téarmaí “milliún” agus “billiún” le deachúlacha
Nuair a phléitear le sonraí buiséadacha, moltar duit na foirmeacha seo a leanas a úsáid:
1.326 billiún (ní scríobhtar 1 326 mhilliún)
1 326.1 mhilliún (ní scríobhtar 1.3261 billiún)
Tá sé níos éasca, mar sin, na huimhreacha a léamh agus comparáid a dhéanamh eatarthu.