ISSN 1831-5380
Léarcsáil an tsuímh | Fógra dlíthiúil | Fianáin | Ceisteanna coitianta | Teagmháil | Priontáil

3.2.2. Conas tagairt do ghníomhartha eile

(a)

Sa teideal

I dteideal gnímh, ní thugtar teideal iomlán gnímh eile riamh. Ní bhíonn tagairt i bhfonóta riamh do theideal an ghnímh eile.

Dáta

De ghnáth ní thugtar dáta an ghnímh a luaitear:

Rialachán (AE) Uimh. 1234/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (gan dáta) (Rialachán CEM Aonair) maidir leis an gcabhair a dheonaítear faoi chuimsiú Mhonaplacht Alcóil na Gearmáine

Ní scríobhtar an dáta ach amháin i gcás nár tugadh uimhir don ghníomh:

Cinneadh 2008/182/Euratom ón gComhairle an 25 Feabhra 2008 lena leasaítear Cinneadh ón gComhairle an 16 Nollaig 1980 lena mbunaítear an Coiste Comhairleach ar an gClár i leith Comhleá ()
Cinneadh 2005/769/CE ón gCoimisiún an 27 Meán Fómhair 2005 lena leagtar síos rialacha i dtaobh cabhair bhia a cheannach ag ENRanna údaraithe ag an gCoimisiún chun táirgí a cheannach agus a úsáid a sholáthrófar faoi Rialachán (CE) Uimh. 1292/96 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh an 3 Meán Fómhair 1998 ()
An t-údar

Sna teangacha eile, seachas an Ghaeilge, ní luaitear údar (institiúid) an ghnímh dá dtagraítear ach amháin más údar (institiúid) éagsúil a bhíonn i gceist. (Maidir le cás na Gaeilge, féach Pointe 3.5.2)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/281 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 lena gcuirtear Iarscríbhinní eile in ionad Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II de Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus tráchtála
NB:
D’fhonn foirmeacha casta míshoiléire a sheachaint nuair a luaitear mórán gníomhartha ó údair éagsúla, déantar tagairt i gcónaí do gach údar faoi seach.
Rialachán (AE) Uimh. 912/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2010 lena mbunaítear an Ghníomhaireacht Eorpach GNSS, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1321/2004 ón gComhairle maidir le struchtúir bhainistíochta a bhunú do na cláir Eorpacha um loingseoireacht satailíte agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 683/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
An t-ábhar

Is féidir ábhar an ghnímh a ghiorrú nó é a fhágáil ar lár:

Rialachán (AE) 2015/1525 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir na Ballstáit agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm i gceart (luaitear an t-ábhar iomlán)
Rialachán (CE) Uimh. 1392/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2007 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2223/96 i ndáil le tarchur sonraí cuntas náisiúnta () (ní luaitear an t-ábhar iomlán)
Rialachán (AE) 2015/847 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1781/2006 (fágtar an t-ábhar iomlán ar lár)

Agus na focail ‘lena leasaítear […]’ agus ‘lena n-aisghairtear […]’ fágtha ar lár sa ghníomh dá dtagraítear:

Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar

Mar achoimre, nuair a luaitear gníomh laistigh de theideal gnímh eile, ní thugtar an dáta (seachas i roinnt cásanna eisceachtúla), ach scríobhtar ainm an údair más údar éagsúil atá i gceist. Is féidir an t-ábhar iomlán nó cuid den ábhar a chur isteach, nó gan an t-ábhar a chur isteach, de réir riachtanais an údair.

(b)

Sna luanna

Luaitear gníomhartha príomha gan tagairt a thabhairt i bhfonóta. Is féidir comhaontuithe idirnáisiúnta a lua ina bhfoirm ghearr agus/nó tagairt i bhfonóta ag gabháil leo (féach Pointe 2.2(a)).

Ach más gníomh tánaisteach é, tugtar an teideal iomlán i gcónaí agus tagairt ina dhiaidh sin d’fhonóta ina luaitear an Iris Oifigiúil inar foilsíodh an gníomh:

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta (1), agus go háirithe Airteagal 89 de,

[…]

(1)
IO L 166, 30.4.2004, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2004/883/oj.
NB:
Maidir leis na Rialacháin Foirne, luaitear an phríomhchuid den ábhar agus cuirtear uimhir an rialacháin agus ainm na hinstitiúide ina dhiaidh:

Ag féachaint do Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha fostaíochta sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (1), ()

[…]

(1)
IO L 56, 4.3.1968, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/1968/259(1)/oj.
(c)

In aithrisí, airteagail agus iarscríbhinní

Is iondúil, in aithrisí, airteagail agus iarscríbhinní, nach luaitear ach gearrtheideal an ghnímh:

Má luaitear gníomh den chéad uair, tugtar ainm an údair leis an ngearrtheideal. Bíonn tagairt ina dhiaidh d’fhonóta ina luaitear teideal iomlán an ghnímh agus an Iris Oifigiúil inar foilsíodh é:
(5)
I gcás ina bhfuil gá le bearta cosanta trádála, ba cheart iad a ghlacadh i gcomhréir leis na forálacha ginearálta a leagtar síos i Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6) […]
(6)
Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí (IO L 83, 27.3.2015, lch. 16, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/478/oj).

Is gnách nach ndéantar tagairtí sna téarmaí achtúcháin do ghníomhartha nár luadh cheana sna luanna ná sna haithrisí.

I gcás inar luadh cheana an gníomh sna luanna nó in áit eile sa téacs (seachas sa teideal), ní luafar ainm an údair sa ghearrtheideal agus ní thagann tagairt ina dhiaidh d’fhonóta:
2.  Chun críocha Airteagail 5 go 8 den Rialachán seo, déanfaidh an Coiste um Choimircí a bunaíodh le hAirteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2015/478 cúnamh a thabhairt don Choimisiún.

Is féidir eisceachtaí áirithe a dhéanamh ón riail seo, go háirithe i gcás iarscríbhinní ina bhfuil foirmeacha nó doiciméid eile a d’fhéadfaí a úsáid astu féin, rud a d’fhágfadh gur ghá an teideal iomlán agus foinse na hIrise Oifigiúla a lua iontu cé gur luadh an gníomh cheana féin.

Ar mhaithe le héascaíocht léimh, i gcás liostaí fada gníomhartha, is ceadmhach na teidil iomlána a thabhairt i gcorp an téacs agus foinsí na hIrise Oifigiúla amháin a chur sna fonótaí.

Nuashonraithe: 6.2.2024
barr an leathanaigh
leathanach roimhe seoan chéad leathanach eile