ISSN 1831-5380
Léarcsáil an tsuímh | Fógra dlíthiúil | Fianáin | Ceisteanna coitianta | Teagmháil | Priontáil

10.1. An phoncaíocht

10.1.1. An lánstad

De ghnáth ní úsáidtear lánstad i gceannteidil. Is lánstad amháin a leanann ‘etc.’ nuair a thagann sé ag deireadh abairte. Cuirtear lánstad i ndiaidh focal giorraithe, e.g. Co., An tUas., ach i gcás coimriúchán, ní scríobhtar lánstad, e.g. An (an) Dr.

Is é an cleachtas faoi láthair, áfach, lánstad a chur i ndiaidh lch. (leathanach) agus lgh. (leathanaigh).

Féach freisin Pointe 10.7 thíos, Iarscríbhinn A3 agus Iarscríbhinn A4.

Cuirtear lánstad i gcónaí ag deireadh fonóta.

Ní chuirtear lánstad ag deireadh ceannteidil.

10.1.2. An leathstad

Má bhíonn míreanna fada agus casta agus iad i sraith nó má bhíonn poncaíocht inmheánach á húsáid freisin, ar mhaithe le soiléireacht, úsáidtear leathstadanna chun na míreanna a dheighilt óna chéile:

Is mar a leanas a bhí comhaltas an choimisiúin idirnáisiúnta: an Fhrainc, 4; an Ghearmáin, 5; an Iodáil, 3; an Ríocht Aontaithe, 1; na Stáit Aontaithe, 7.

10.1.3. An t-idirstad

Ní úsáidtear idirstadanna ag deireadh ceannteidil nó chun tábla nó graf atá curtha i dtéacs a chur i láthair. Is féidir idirstad a úsáid chun abairt a roinnt ina dhá chuid a dhéanann codarsnacht le chéile nó a chothromaíonn a chéile. Is gá abairt iomlán a bheith ann sa chuid a thagann roimh an idirstad: ní gá gurb amhlaidh don dara cuid.

Clóitear leathstadanna agus idirstadanna go díreach i ndiaidh na litreach nó an fhigiúir roimhe i.e. gan aon spás eatarthu.

10.1.4. Lúibíní cruinne

De bharr lúibíní is féidir ábhar nach bhfuil riachtanach ó thaobh na brí de a chur isteach sa téacs:

Beidh an comhlacht a aithneofar faoi Airteagal 14 den Rialachán (‘an comhlacht’) bunaithe laistigh den Chomhphobal.

Ní thagann camóg riamh roimh an lúibín tosaigh. Má bhíonn abairt iomlán laistigh de na lúibíní, caithfear an lánstad a chur roimh an lúibín deiridh.

Seachnaítear lúibíní cruinne a úsáid nuair a bhíonn rogha idir inscní nó idir iolra agus uatha á léiriú. Mar shampla, is slachtmhaire ‘sé/sí’ nó ‘carr/carranna’ a úsáid san áit a mbeadh ‘s(h)e’ nó ‘car(s)’ sa Bhéarla. Is tábhachtaí é seo fós i gcás aidiachtaí, e.g. ‘bád mór/báid mhóra’.

10.1.5. Lúibíní cearnacha

Úsáidtear iad chun ráiteas seachas ráiteas ón mbunúdar a idirshuí:

‘D’éirigh siad [na Lupracháin] agus iad mar a bheadh aon neach amháin ann.’

Sampla i leabhar Gaeilge:

16.45 Is minic nach dtugtar ach an fhaisnéis mar fhreagra ar cheisteanna dar tús cé:
Cé hé an bhean sin? [Is í] Cáit Ní Chathasaigh [í].
Cé hé thusa? [Is mé] Cáit Ní Chathasaigh.
Cé hé mise? [Is tú] Seán Ó Sé.
(Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí (An Gúm))

Is féidir lúibíní cearnacha a úsáid freisin agus dréachtú riaracháin ar siúl chun léiriú a dhéanamh ar shleachta roghnacha nó ar na sleachta sin atá fós á bplé.

Ní gnáthnós é lúibíní cearnacha a úsáid chun téacs a iniamh agus an téacs sin cheana i lúibíní. Is leor lúibíní dúbailte.

10.1.6. Comharthaí athfhriotail

Comharthaí singile athfhriotail is gnách a úsáid, ach úsáidtear comharthaí dúbailte athfhriotail le haghaidh athfhriotal laistigh d’athfhriotal. I gcás ina mbíonn athfhriotal eile laistigh den dara hathfhriotal is gá casadh ar ais ar na comharthaí singile a úsáid. (Féach freisin Pointe 4.2.3.)

Ní foláir an phoncaíocht a chur isteach de réir bhrí na habairte; más cuid den athfhriotal an phoncaíocht, cuirtear isteach í, murab ea, ní chuirtear isteach í.

Ní chuirtear teidil leabhar, nuachtán ná nathanna cainte iasachta laistigh de chomharthaí athfhriotail mar de ghnáth is i gcló iodálach a bhíonn siad. Ní gá comharthaí athfhriotail a úsáid chomh maith le cló trom nó cló iodálach a úsáid. (Féach Pointe 5.5.4 maidir le húsáid cló iodálaigh agus le húsáid comharthaí athfhriotail i leabharliostaí.)

10.1.7. An dais

Bí cúramach idirdhealú a dhéanamh idir an dais agus an fleiscín, atá níos lú ná í, agus comhartha an dealaithe, atá idir an dá cheann acu. Is trí spás a fhágáil ag gach taobh den dais a dhéantar an t-idirdhealú. I lámhscríbhinní leictreonacha clóbhuail dhá fhleiscín le chéile chun an dais a dhéanamh (féach Pointe 6.4) nó is féidir ‘ctrl’ + ‘alt’ + ‘-’ (comhartha an dealaithe ar mhéarchlár na n-uimhreacha) a úsáid.

Is féidir an dais a chur in ionad camóg nó lúibíní i dtéacs reatha. Chomh maith leis sin is áis bhreise í chun abairtí casta a shoiléiriú.

Is féidir an dais a úsáid i liostaí freisin (féach Pointe 5.7).

10.1.8. An comhartha focalbhá

Ní bhíonn riamh níos mó ná trí phonc sa chomhartha focalbhá. Léiríonn sé easnamh sa téacs. Má chuirtear comhartha focalbhá ag deireadh abairte ní chuirtear lánstad ina dhiaidh.

Is féidir é a úsáid fosta chun bheith in ionad líne, abairte nó míre den téacs (féach Pointe 5.10).
Nuair a chuirtear é ag tús téacs, tagann gnáthspás ina dhiaidh.
Nuair a chuirtear é in ionad focail amháin nó níos mó ná focal amháin i lár abairte, bíonn gnáthspás roimhe agus ina dhiaidh.
Nuair a chuirtear é ag deireadh abairte, ní bhíonn ach gnáthspás roimhe.

Is cleachtas na mór-roinne é an comhartha focalbhá a úsáid ar an dóigh chéanna is a úsáidtear an focal ‘etc.’ sa Ghaeilge. Seachnaítear an cleachtas sin.

10.1.9. An tulslais

Úsáidtear an tulslais le haghaidh malairte (agus/nó), chun ‘per’ (km/lá) agus codáin (19/100) a chur in iúl.
Blianta margaíochta, blianta airgeadais, etc. nach mbíonn comhthráthach le blianta féilire, cuirtear in iúl iad le soladas, e.g. 1991/92, ar tréimhse 12 mhí í, seachas le fleiscín, e.g. 1991-92, a chuireann tréimhse 2 bhliain in iúl.

10.1.10. An fleiscín

Úsáidtear an fleiscín:

idir t agus guta nuair a bhíonn focal á scríobh i gcás íochtair:
e.g. an t-ainm, an t-úll
idir n agus guta nuair a bhíonn focal á scríobh i gcás íochtair:
e.g. ceol na n-éan, lena n-áirítear

Úsáidtear fleiscín crua i ndiaidh t agus n. Is féidir é seo a dhéanamh trí na heochracha ‘ctrl’ + ‘shift’ + fleiscín a bhualadh ar mhéarchlár an ríomhaire nó trí cibé dóigh a gceadaíonn do ríomhaire féin duit sin a dhéanamh.

i gcomhfhocail:

idir dhá ghuta:

e.g. do-ite, so-aitheanta

idir comhchonsain:

e.g. lag-ghlórach

idir dhá réimír de ghnáth:

e.g. iar-bhunscoil, sin-seanmháthair
i gcásanna ina mbeadh baol an comhfhocal a bheith do-aitheanta gan an fleiscín, e.g. idir na réimíreanna do-, fo-, so- agus focail dar tús bha (bhla, bhra), dha, gha (ghla, ghra), mha:
e.g. do-bhailithe, so-ghlactha
i ndiaidh an (réimír threise) agus i ndiaidh dea:
e.g. an-deas, dea-mhéin
i dteidil dhílse:
e.g. an Príomh-Bhreitheamh, an tArd-Rúnaí

Tabhair faoi deara, i gcásanna ina mbíonn dhá réimír i dteideal dílis, e.g. an Ghaeilge ar the Deputy First Minister:

De réir Foclóir Parlaiminte: an LeasChéad-Aire
De réir Rannóg an Aistriúcháin: an LeasChéad-Aire
De réir an Choiste Téarmaíochta: an LeasChéad-Aire
De réir an Choiste Chomhairligh Gaeilge ó thuaidh: an Leas-ChéadAire

Tabhair ar aird gurb é ‘Ardrúnaí’ agus ‘Ardionadaí’ (d’uireasa an fleiscín) atá sna Conarthaí.

Úsáidtear an dá fhleiscín i bhfocail mar an focal seo a leanas:

iar-nua-aimseartha
ach is iondúil gur fleiscín amháin a bhíonn i gcomhfhocail ilchodacha (in FGB) ‘in-bhithdhíghrádaithe’, agus an fleiscín i ndiaidh an chéad réimíre.

Ní úsáidtear an fleiscín:

más ceannlitir a thagann i ndiaidh tn:
e.g. an tAthair, na nÉireannach
idir h agus guta, cuma an cás íochtair nó cás uachtair atá i gceist:
e.g. a hiníon, na haibhneacha, na hÉireann, na hAlban
roimh an iarmhír threise, seachas i gcás comhchonsan:
e.g. mo leabharsa, dósan, a gcomhaidsean, mo chos-sa
i ndiaidh na réamhfhocal ar (= tar éis), faoi, i, le, ó, trí nuair a chuirtear n agus a, ár (aidiachtaí sealbhacha) nó a, ar, arbh (forainmneacha coibhneasta) leo:
e.g. arna shíniú, faoina láimh, ónarbh fhéidir, lenar leasaíodh
NB:
Ní tháthaítear an t-alt iolra leis an réamhfhocal:
e.g. ar na cailíní, trí na fuinneoga, faoi na táblaí
i ndiaidh i + n roimh ghuta:
in éineacht, in airde, in iúl

10.1.11. Comhartha ceiste

Cuirtear comhartha ceiste i ndiaidh gach ceiste a mbítear ag súil le freagra uirthi. Tosaítear an focal a thagann ina diaidh le ceannlitir.

Úsáidtear comhartha ceiste i ndiaidh ráitis ag tús abairte a chuireann in iúl go bhfuil freagra ag teacht i ndiaidh an ráitis, agus fosta, i ndiaidh ceiste atá ‘geall le bheith indíreach’:

Ba chóir dúinn an cheist a chur orainn féin: an mbeidh tionchar aige seo ar thrádáil (an) Chomhphobail? An féidir an tionchar a thomhas?

Ní bhaintear úsáid as an gcomhartha ceiste i gcaint indíreach, áfach:

Ba chóir dúinn a fhiafraí an mbeidh tionchar aige ar thrádáil (an) Chomhphobail.

10.1.12. Comhartha uaillbhreasa

Baintear úsáid as comhartha uaillbhreasa i ndiaidh focail nó frása uaillbhreasaigh nó abairte uaillbhreasaí. Is féidir é a úsáid fosta laistigh de lúibíní cearnacha, i ndiaidh athfhriotail, chun cúis gháire, easaontais nó iontais an eagarthóra a chur in iúl.

I dtéacsanna matamaitice agus staidrimh, sonraíonn an comhartha uaillbhreasa iolrán:

6! = 6 x 5 x 4 x 3 x 2 x 1

10.1.13. An uaschamóg

Úsáidtear an uaschamóg:

i ndiaidh de (réamhfhocal):
e.g. rinneadh d’adhmad é, ag obair d’oíche agus de lá
i ndiaidh do (réamhfhocal, aidiacht shealbhach, mír bhriathartha):
e.g. thug mé d’Eoin/d’fhear maith é, le d’aintín, i d’fhochair, do d’aimsiú, d’ól sé
i ndiaidh mo (aidiacht shealbhach):
e.g. m’árasánsa, m’fhillteán, do m’aistriú
i ndiaidh ba nuair nach clásal coibhneasta atá ann:
e.g. B’ionadh liom …, Dá mb’fhéidir leis …, Má b’eol di …

Tabhair ar aird nach ligtear an guta ar lár i gcás ‘ba ea’, ‘ba í’, ‘ba ann’, ‘ba ar’, ‘ba as’, ‘ba ó’, etc.

Ní úsáidtear an uaschamóg sna cásanna seo:

dá muintir, dár ngaolta, le do thoil

Is iad na rialacha maidir leis an uaschamóg, mar atá siad leagtha amach in Gramadach na Gaeilge agus Litriú na Gaeilge, an Caighdeán Oifigiúil (Oifig an tSoláthair) na rialacha a leantar.

Nuashonraithe: 17.7.2023
barr an leathanaigh
leathanach roimhe seoan chéad leathanach eile