5.10. Athfhriotail
Bíonn na nithe seo thíos i bpíosa athfhriotail:
Sa chlóghrafaíocht, tá rogha idir dhá chur chuige chun athfhriotal a chur in iúl:
Déantar gnáth-athfhriotal (athfhriotal arb é atá ann focail nó frásaí a thógtar go díreach ó dhuine aonair) a chuimsiú sa téacs reatha idir comharthaí athfhriotail.
Úsáidtear comharthaí singile athfhriotail, agus úsáidtear comharthaí dúbailte athfhriotail le haghaidh píosa athfhriotail laistigh de phíosa athfhriotail eile.
‘Xxxxx xxxxxx “xx xxxx xxx” xxx xxxxx.’
Má fhágtar focal nó cuid de phíosa athfhriotail ar lár ón téacs, ba cheart trí phonc (an comhartha focalbhá) a chur ina áit. Bíonn spás crua roimhe agus bíonn gnáthspás nó comhartha poncaíochta ábhartha ina dhiaidh.
‘Xxxxx … xxx.’
Más rud é go bhfuil comhartha focalbhá cheana san ábhar a luaitear ba cheart aon chomhartha focalbhá eagarthóireachta a chur idir lúibíní cearnacha.
‘Xxx xxxxx xxx. […] Xxxxxxx xx x xxx.’
I gcás ina bhfágtar líne nó paragraf ar lár agus ina gcuirtear comhartha focalbhá ina ionad, ba cheart an comhartha focalbhá a chur idir lúibíní cearnacha ar líne ar leithligh.
‘Xxx xxxxx xxx.
[…]
Xxxxxxx xx x xxx.’