5.3. Cúl an leathanaigh theidil
5.3.1. Sonraí ar chúl an leathanaigh theidil
Féach freisin an quick reference guide.
Bíonn na sonraí seo a leanas san ord a leanas ar chúl an leathanaigh theidil:
—
I bhfoilseachán arna chlóbhualadh, na focail “Printed by [clódóir] in [tír]” (i mBéarla agus i gcló iodálach) agus nuair is ábhartha éicilipéad/éicilipéid agus/nó nóta maidir leis an táirge páipéir arna chlóbhualadh (féach Pointe 5.3.2),
—
más infheidhme, na focail “Arna chríochnú i [Mí] [Bliain]”,
—
más infheidhme, na focail “Eagrán athbhreithnithe”, “Eagrán ceartaithe” nó “An nú heagrán”,
—
más infheidhme, aon séanadh a d’fhéadfadh a bheith ann i leith fhreagracht na hinstitiúide (féach Pointe 5.4.3),
—
áit a bhfuil an foilsitheoir lonnaithe (i gcomhréir leis an gconradh, is ionann sin agus ceanncheathrú Oifig na bhFoilseachán), ainm an fhoilsitheora iarbhír agus bliain fhoilsithe an tsaothair (de bhun Chinneadh 2009/496/CE, Euratom an 26 Meitheamh 2009, is í Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh an foilsitheoir),
—
an cóipcheart (agus aon chuntar nó údarú maidir le hatáirgeadh a d’fhéadfadh a bheith ann) (féach freisin Pointe 5.4.1 agus Pointe 5.4.2),
—
an cóipcheart maidir leis na léaráidí mura bhfuil sé sin luaite go díreach rompu nuair is ábhartha (féach Pointe 5.4.4),
—
na haitheantóirí (ISBN, DOI, etc.) (féach freisin Pointe 4.4).
NB:
Is i ndiaidh ainm an fhoilsitheora iarbhír a chuirtear bliain a fhoilsithe ar mhaithe le hidirdhealú soiléir a dhéanamh idir í agus bliain an chóipchirt (féach Pointe 5.4.1(c)).
1. Eolas faoin táirge páipéir arna chlóbhualadh
2. Eolas faoin iarscríbhinn/eagrán
3. Séanadh breise na n‑údarsheirbhísí
4. Lonnú an fhoilsitheora, bliain a fhoilsithe, an t‑eagarthóir
5. Cóipcheart
6. Aitheantóirí
