5.3.2. Faisnéis maidir leis an táirge páipéir phriontáilte
I bprionsabal, ní mór an fhaisnéis seo a leanas a bheith ar aon táirge páipéir phriontáilte, agus is é an clódóir a chuirfidh isteach í:
Ainm an chlódóra agus tír na priontála
Déantar an nóta maidir le hainm an chlódóra agus tír na priontála a chur i láthair ar an dóigh chéanna i ngach leagan teanga, é i mBéarla agus faoi chló iodálach:
Printed by [clódóir] in [tír]
Éicilipéad
Is i bhfoirm éicilipéid amháin nó i bhfoirm roinnt éicilipéad a chuirtear isteach faisnéis maidir leis an táirge páipéir phriontáilte, mar shampla:
Nóta maidir leis an bpáipéar a úsáideadh
Is féidir nóta maidir leis an bpáipéar a úsáideadh a chur isteach i gceann de na foirmeacha seo a leanas:
ARNA CHLÓBHUALADH AR PHÁIPÉAR BÁN SAOR Ó CHLÓIRÍN EILIMINTEACH (ECF) |
|
ARNA CHLÓBHUALADH AR PHÁIPÉAR BÁN GO hIOMLÁN SAOR Ó CHLÓIRÍN (TCF) |
ARNA CHLÓBHUALADH AR PHÁIPÉAR ATHCHÚRSÁILTE |
|
ARNA CHLÓBHUALADH AR PHÁIPÉAR Ó ATHCHÚRSÁIL SAOR Ó CHLÓIRÍN (PCF) |
I gcás páipéir athchúrsáilte, ní féidir an frása “bán saor ó chlóirín” a úsáid riamh, óir ní féidir áit tionscnaimh an pháipéir go léir a úsáideadh san athchúrsáil a fhionnadh (rud a chiallaíonn nach féidir a ráthú nach bhfuil aon chlóirín ann). Is féidir an próiseas athchúrsála a dhéanamh gan clóirín a úsáid.