Iarscríbhinn A1 Treoir ghrafaice maidir leis an ionchomhartha Eorpach
Comhairle na hEorpa • An Coimisiún Eorpach
Bratach na hEorpa
Ní siombail den Aontas Eorpach amháin í bratach na hEorpa ach siombail d’aontacht agus d’fhéiniúlacht na hEorpa sa chiall is leithne freisin. Seasann an ciorcal de réaltaí órga don dlúthpháirtíocht agus don chomhtheacht idir pobail na hEorpa.
Ní bhaineann líon na réaltaí le líon na mBallstát. Dhá réalta dhéag atá ann mar is í uimhir a dó dhéag siombail na foirfeachta, na hiomláine agus na haontachta go traidisiúnta. Dá bhrí sin ní thugann méadú ar líon na mBallstát aon athrú ar an mbratach.
Stair na brataí
Ón uair a bunaíodh Comhairle na hEorpa in 1949, b’eol di gur ghá siombail a bheith ag an Eoraip a samhlódh a muintir leo féin í. Chinn an Tionól Parlaiminteach d’aon ghuth an 25 Deireadh Fómhair 1955 ciorcal de 12 réalta órga ar chúlra gorm a ghlacadh mar ionchomhartha. Ghlac Coiste na nAirí é sin mar bhratach na hEorpa an 8 Nollaig 1955.
Chuir Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa in iúl arís is arís eile gur mhian leis go nglacfadh institiúidí Eorpacha eile an tsiombail chéanna chun treise a chur le hidé na dlúthpháirtíochta idir na heagraíochtaí éagsúla laistigh d’Eoraip aontaithe daonlathach.
Ba í Parlaimint na hEorpa a chur tús leis an bpróiseas bratach a ghlacadh le haghaidh an Chomhphobail Eorpaigh. Tíolacadh dréachtrún in 1979, go gairid i ndiaidh an chéad toghcháin Eorpaigh a reáchtáladh trí vótáil chomhchoiteann. I rún a glacadh i mí Aibreáin 1983, d’fhoraithin an Pharlaimint gurbh í an bhratach a ghlac Comhairle na hEorpa in 1955 bratach an Chomhphobail. Nuair a tháinig an Chomhairle Eorpach le chéile in Fontainebleau i mí an Mheithimh 1984, leagadh béim ar an tábhacht a bhaineann le híomhá agus féiniúlacht Eorpach a chothú in aigne na saoránach agus in aigne an domhain chomh maith. Ansin, in Milano i mí an Mheithimh 1985, d’fhaomh an Chomhairle moladh an Choiste um Eoraip an Phobail (Coiste Adonnino) gur cheart don Chomhphobal bratach a ghlacadh. D’aontaigh Comhairle na hEorpa go n-úsáidfeadh an Comhphobal an bhratach a ghlac sí in 1955 agus tá an bhratach sin in úsáid ag institiúidí an Chomhphobail ó thús 1986.
Dá bhrí sin, seasann bratach na hEorpa agus an t-ionchomhartha Eorpach do Chomhairle na hEorpa agus don Aontas Eorpach araon. Siombail thar aon siombail eile í a sheasann d’Eoraip aontaithe agus d’fhéiniúlacht Eorpach atá sa bhratach anois.
Tá a sásamh léirithe ag Comhairle na hEorpa agus ag institiúidí an Aontais Eorpaigh go bhfuil feasacht ag méadú i measc shaoránaigh na hEorpa ar bhratach na hEorpa agus ar an ionchomhartha Eorpach. Tá sé de dhualgas ar an gCoimisiún Eorpach agus ar Chomhairle na hEorpa a áirithiú go n-urramaítear dínit bhratach na hEorpa agus an ionchomhartha Eorpaigh aon uair a úsáidtear an tsiombail sin. Tá sé de dhualgas orthu freisin cibé beart is gá a dhéanamh chun cosc a chur ar a mí-úsáid.
Réamhrá
Is chun cabhrú le húsáideoirí chun ionchomhartha na hEorpa a atáirgeadh i gceart an treoir ghrafaice seo. Tá treoracha ann faoin gcaoi a ndéantar an t-ionchomhartha a chruthú chomh maith le sainiú ar na dathanna caighdeánacha.
Cur síos siombalach
Ar chúlra na spéire goirme, tá ciorcal 12 réalta órga, a léiríonn aontacht na bpobal Eorpach. Tá líon na réaltaí socair, óir is é a dó dhéag siombail na foirfeachta is na haontachta.
Cur síos araltach
Ar ghort gormghlas cioral de 12 mhilléad órga, gan a bpointí ag tadhall.
Cur síos céimseatúil
Is i bhfoirm bhratach ghorm dhronuilleogach, a bhfuil a leithead an oiread go leith chomh fada leis an ardaitheoir. Dhá réalta órga déag atá ag eatraimh chothroma ó chiorcal dofheicthe, ar lár dó pointe trasnaithe thrasnán na dronuilleoige. Is ionann ga an chiorcail agus trian d’airde an ardaitheora. Tá cúig phointe ag gach réalta atá ar imlíne ciorcail dofheicthe arb ionann a gha agus an 18ú cuid d’airde an ardaitheora. Tá gach réalta ina seasamh — .i., le pointe amháin go hingearach agus dhá phointe i líne dhíreach go dronuilleach don chrann.
Socraítear an ciorcal sa chaoi nach mór do na réaltaí a bheith in ionad na n-uaireanta an chloig ar aghaidh cloig. Tá a líon do-athraitheach.
Dathanna
An t-ionchomhartha
Sna dathanna seo a leanas atá an t-ionchomhartha: Pantone Reflex Blue do dhromchla na dronuilleoige agus Pantone Yellow do na réaltaí. Tá raon idirnáisiúnta Pantone ar fáil go han-fhorleathan agus tá teacht éasca air fiú ag neamhghairmiúlaigh.
.
Próiseas ceithre-dhath
Má úsáidtear an próiseas ceithre-dhath, ní féidir an dá dhath chaighdeánacha a úsáid. Mar sin is gá iad a athchruthú trí úsáid a bhaint as ceithre dhath an phróisis cheithre-dhatha. Faightear Pantone Yellow trí ‘Process Yellow’ 100 % a úsáid. Trí ‘Process Cyan’ 100 % agus ‘Process Magenta’ 80 % a mheascadh faightear dath an-chosúil leis an Pantone Reflex Blue.
Idirlíon
Tá Pantone Reflex Blue ag freagairt do dhath phailéad gréasáin RGB: 0/51/153 (heicsidheachúil: 003399). Tá Patone Yellow ag freagairt do dhath phailéad gréasáin RGB: 255/204/0 (heicsidheachúil: FFCC00).
Próiseas don atáirgeadh aondathach
Mura bhfuil ach dubh ar fáil, imlínítear an dronuilleog i ndath dubh agus priontáiltear na réaltaí i ndath dubh ar chúlra bán.
Mura bhfuil ach gorm ar fáil (Reflex Blue amháin, gan amhras), úsáidtear Reflex Blue ar leibhéal 100 % don dronuilleog agus fágtar na réaltaí i ndath bán.
Atáirgeadh ar chúlra daite
Is fearr gur ar chúlra bán a atáirgfí an t-ionchomhartha. Seachnaítear cúlra ildaite, agus ar aon nós, ceann nach réitíonn le gorm. Mura bhfuil aon slí chun cúlra ildaite a sheachaint, cuirtear imeall bán timpeall na dronuilleoige, le leithead cothrom le 1/25ú d’airde na dronuilleoige.
Samplaí den atáirgeadh mícheart
1. Tá an t-ionchomhartha bun os cionn. | |
2. Níl na réaltaí ina seasamh. | |
3. Tá na réaltaí san ionad mícheart sa chiorcal: ní mór dóibh a bheith in ionad na n-uaireanta an chloig ar aghaidh cloig. |
Úsáid de chuid tríú páirtithe
Tá na prionsabail maidir le húsáid an Ionchomhartha Eorpaigh de chuid tríú páirtithe leagtha amach i gcomhaontú riaracháin le Comhairle na hEorpa. Foilsíodh an comhaontú sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (IO C 271, 8.9.2012, lch. 5).
De réir an chomhaontaithe sin, féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlíthiúil ("úsáideoir tríú páirtí") an tIonchomhartha Eorpach nó aon ghné de a úsáid, ach i gcás na húsáide sin:
Má chomhlíonann úsáid an ionchomhartha Eorpaigh na coinníollacha thuas, ní gá cead i scríbhinn a iarraidh.
Ní thabharfar cead an tIonchomhartha Eorpach a chlárú, ná aithris araltach a dhéanamh air, mar thrádmharc ná mar aon mhaoin intleachtúil eile.
Maidir le ceisteanna a bhaineann le húsáid an Ionchomhartha Eorpaigh, téigh chuig:
https://europa.eu/european-union/abouteuropa/legal_notices_ga#emblem
Iarrataí ó neamh-Bhallstáit an AE
Council of Europe
Directorate of Legal Advice and Public International Law (Dlapil)
67075 Strasbourg Cedex
FRANCE
Teil. +33 388412000
Facs +33 388412052
R-phost: legal.advice@coe.int
Is féidir foilseacháin bhunaidh i gcomhair atáirgthe a íoslódáil ón láithreán gréasáin seo:
http://europa.eu/about-eu/basic-information/symbols/flag/index_ga.htm