ISSN 1831-5380
Léarcsáil an tsuímh | Fógra dlíthiúil | Fianáin | Ceisteanna coitianta | Teagmháil | Priontáil

1.3.3. Inneachar

C I — Rúin, moltaí agus tuairimí

Cumhdaítear an méid seo a leanas leis an gceannteideal seo:

rúin (e.g. rúin (neamhreachtacha) ó Pharlaimint na hEorpa, rúin ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát i dtionól na Comhairle, rúin ón gComhairle, rúin ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, rúin ó Choiste Eorpach na Réigiún),
moltaí (e.g. moltaí ó Pharlaimint na hEorpa chuig an gComhairle, moltaí ón gComhairle, moltaí ón gCoimisiún, moltaí ón mBanc Ceannais Eorpach),
tuairimí nach bhfuil sé éigeantach iad a iarraidh (e.g. tuairim ón gComhairle, tuairim ón gCoimisiún, tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach, tuairim ón gCúirt Iniúchóirí, tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún, tuairim ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí).

C II — Faisnéis

Cumhdaítear an méid seo a leanas leis an gceannteideal seo:

comhaontuithe idirinstitiúideacha (na cinntí lena leasaítear na comhaontuithe san áireamh); cinneann na hinstitiúidí iad a fhoilsiú i sraith L nó i sraith C ag brath ar a gcomhthéacs, a raon feidhme agus a n-éifeachtaí,
dearbhuithe comhpháirteacha,
faisnéis ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh e.g. cinntí áirithe ó Pharlaimint na hEorpa, faisnéis ón gComhairle, cinntí áirithe ón gCoimisiún, teachtaireachtaí ón gCoimisiún, catalóg choiteann de speicis ghlasraí, nótaí míniúcháin a ghabhann leis an ainmníocht chomhcheangailte, cur i bhfeidhm aonfhoirmeach na hainmníochta comhcheangailte, neamhagóidí i leith comhchruinnithe ar tugadh fógra ina leith, réamhfhógra faoi chomhchruinniú, údarú maidir le státchabhair, cinntí ó eintitis bhainistíochta agus nósanna imeachta rannpháirtíochta.

C III — Gníomhartha ullmhúcháin

Cumhdaítear an méid seo a leanas leis an gceannteideal seo:

tionscnaimh ó na Ballstáit,
gníomhartha ullmhúcháin ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh, rúin reachtacha, seasaimh agus rúin ó Pharlaimint na hEorpa, seasaimh ón gComhairle, tuairimí éigeantacha agus moltaí ón mBanc Ceannais Eorpach, tuairimí éigeantacha ón gCúirt Iniúchóirí, tuairimí éigeantacha ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, tuairimí éigeantacha ó Choiste Eorpach na Réigiún, etc.

C IV — Fógraí

Cumhdaítear an méid seo a leanas leis an gceannteideal seo:

fógraí ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh. Mar shampla: ráitis ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, gníomhartha ón gComhairle, cinntí ón gComhairle, tuarascálacha bliantúla ón gComhairle, tuarascálacha maidir le rialú buiséadach agus airgeadais ó na hinstitiúidí agus ó na comhlachtaí éagsúla, miontuairiscí pháirtseisiúin Pharlaimint na hEorpa, cinntí ó Pharlaimint na hEorpa, cinntí ón gCoimisiún, teachtaireachtaí ón gCoimisiún maidir le comhaltaí a ainmniú, rátaí malairte an euro, achoimrí ar chinntí an Aontais Eorpaigh maidir le húdaruithe margaíochta, ainmniúchán bhreithiúna na Cúirte Breithiúnais, tuarascálacha bliantúla na Cúirte Iniúchóirí, tuarascálacha ón gCúirt Iniúchóirí, rátaí úis arna socrú ag an mBanc Ceannais Eorpach, cinntí ón gCoimisiún Riaracháin um Chomhordú na gCóras Slándála Sóisialta, gníomhartha ó oifigí agus ó ghníomhaireachtaí, rialacha nós imeachta ó oifigí agus ó ghníomhaireachtaí,
fógraí ó na Ballstáit (e.g. faisnéis ó na Ballstáit maidir le státchabhair údaraithe, oibleagáidí seirbhíse poiblí, sleachta ó bhreitheanna na gcúirteanna breithiúnais náisiúnta, measúnuithe ar stoic i dtaca le táirgí de chuid an Aontais Eorpaigh, nósanna imeachta náisiúnta éagsúla, liostaí táirgí, etc.),
fógraí a bhaineann leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (faisnéis ó na hinstitiúidí (Comhchoiste LEE, Údarás Faireacháin CSTE, Buanchoiste Stáit CSTE) ar dtús agus fógraí ó Bhallstáit LEE agus CSTE ina ndiaidh),
fógraí ó thríú tíortha.

C V — Fógairtí

Cumhdaítear an méid seo a leanas leis an gceannteideal seo:

nósanna imeachta riaracháin (e.g. fógraí faoi chomórtais oscailte, faoi earcaíocht, faoi fholúntais, iarratais ar thograí, cuirí ar léirithe spéise, fógraí maidir le glaonna ar thairscintí, treoracha maidir le comórtais oscailte, painéil, etc.),
imeachtaí cúirte (e.g. fógairtí ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, fógairtí ó Chúirt CSTE, etc.),
nósanna imeachta maidir le cur chun feidhme an chomhbheartais tráchtála (e.g. tuairimí maidir le nósanna imeachta frithdhumpála, gearáin a bhfuil sé beartaithe clabhsúr a chur leo, fógraí faoi chaingean frith-fhóirdheontais a chur ar aghaidh, fógraí faoi na bearta frithchúitimh atá i bhfeidhm),
nósanna imeachta maidir leis an mbeartas iomaíochta a chur chun feidhme (e.g. státchabhair, réamhfhógraí faoi chomhchruinniú, barúlacha ó rialtais na mBallstát, admháil maidir le fógra a fháil faoi ghearán),
gníomhartha eile (e.g. fógraí do dhaoine, do ghrúpaí agus d’eintitis atá ar liostaí, iarratais ar fhoilsiú, foilsiú achoimre ar shonraíochtaí, teachtaireachtaí maidir le comhairliúcháin phoiblí, fógraí maidir le cuirí chun tairisceana, fógraí maidir le hiarraidh atá dírithe ar Bhallstát).

Ceartúcháin

D’fhéadfadh sé nach mbeadh na ceartúcháin le feiceáil ach amháin i leaganacha teangeolaíocha áirithe agus d’fhéadfaidís a bheith difriúil ó thaobh faid agus ábhair de ó leagan teanga amháin go ceann eile.

Ní shanntar uimhir fógra do cheartúcháin. Faigheann siad uimhir na hIrise Oifigiúla, áfach, uimhir C/BBBB/9UUUU, agus tosaíonn an uimhir sheicheamhach 5 dhigit le 9 i gcónaí.

NB:
Foilsítear Conarthaí nach bhfuil daingnithe fós agus na Conarthaí comhdhlúite agus na ceartúcháin a ghabhann leis na Conarthaí i sraith C, gan cheannteideal.
Nuashonraithe: 23.4.2024
barr an leathanaigh
leathanach roimhe seoan chéad leathanach eile