1.3. Sraith C
1.3.1. Rangú na ndoiciméad
Foilsítear réimse mór doiciméad i sraith C. Seo liosta (nach liosta cuimsitheach é) de na gníomhartha a fhoilsítear faoi na ceannteidil éagsúla i sraith C den IO (tá liosta níos cuimsithí le fáil in Visual guide — Official Journal typographical rules).
An Iris Oifigiúil — Sraith C
C I — Rúin, moltaí agus tuairimí
—
Rúin
—
Moltaí
—
Tuairimí
C II — Faisnéis
—
Comhaontuithe idirinstitiúideacha
—
Dearbhuithe comhpháirteacha
—
Faisnéis ó institiúidí, ó chomhlachtaí, ó oifigí, agus ó ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh
C III — Gníomhartha ullmhúcháin
—
Tionscnaimh ó na Ballstáit
—
Parlaimint na hEorpa
—
An Chomhairle
—
An Coimisiún Eorpach
—
Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh
—
An Banc Ceannais Eorpach
—
An Chúirt Iniúchóirí
—
Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála
—
Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa
—
Coiste na Réigiún
—
An Banc Eorpach Infheistíochta
—
Oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh
C IV — Fógraí
—
Fógraí ó institiúidí, ó chomhlachtaí, ó oifigí, agus ó ghníomhaireachtaí an Aontais Eorpaigh
—
Fógraí ó Bhallstáit
—
Fógraí a bhaineann leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (cuirtear fógraí ó na hinstitiúidí ar dtús agus ansin fógraí ó na Ballstáit ina ndiaidh)
—
Fógraí ó thríú tíortha
C V — Fógairtí
—
Nósanna imeachta riaracháin
—
Imeachtaí cúirte
—
Nósanna imeachta a bhaineann leis an gcomhbheartas tráchtála a chur chun feidhme
—
Nósanna imeachta a bhaineann leis an mbeartas iomaíochta a chur chun feidhme
—
Gníomhartha eile