1. Struchtúr na hIrise Oifigiúla
1.1. Struchtúr ginearálta
Trí shraith atá in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh:
Foilsítear sraith L agus sraith C go laethúil (ó Luan go hAoine ar bhonn rialta, agus ar an Satharn, ar an Domhnach agus ar laethanta saoire poiblí i gcásanna práinneacha amháin).
Ina theannta sin, foilsítear eagráin ar leithligh ag brath ar mhéid, ar phráinn agus ar thábhacht an ábhair.
Sraith L
Bíonn na ceannteidil seo a leanas i sraith L:
Féach freisin Pointe 1.2 (sraith L).
Chomh maith le sraith L, tá sraith L … I ann do ghníomhartha práinneacha.
Sraith C
Bíonn na ceannteidil seo a leanas i sraith C:
Féach freisin Pointe 1.3 (sraith C).
Forlíontar sraith C le C … A, le C … E (scortha an 1 Aibreán 2014) agus leis an tsraith C … I. Is ionann an focalbhá agus uimhir eagráin laethúil shraith C an lae chéanna.
Tá an tsraith seo tiomnaithe d’fhoilsiú comórtas oscailte, fógraí folúntas agus comhchatalóg (cineálacha speiceas talmhaíochta, etc.).
Tiomnaíodh an tsraith seo d’fhoilsiú téacsanna áirithe amhail seasaimh ón gComhairle faoin ngnáthnós imeachta reachtach nó miontuairiscí agus téacsanna a ghlac Parlaimint na hEorpa. Tá siad ar fáil ar láithreán gréasáin EUR-Lex (agus ar an DVD míosúil a eisíodh ina dhiaidh sin).
IO C 137, 27.5.2010
IO C 137 A, 27.5.2010
IO C 137 E, 27.5.2010
IO C 119 I, 5.4.2018
Ós rud é go bhfoilsítear líon mór gníomhartha éagsúla i sraith C, tá éagsúlacht níos mó foirme inti (leagan amach clóghrafach) ná mar atá i sraith L, ach is comhionann na rialacha a chaithfear a chomhlíonadh sa dá shraith.
Sraith S
Tá sraith S (S = supplement (forlíonadh)) tiomnaithe d’fhoilsiú cuirí chun tairisceana le haghaidh conarthaí poiblí, fógraí ón gCiste Eorpach Forbraíochta agus ó institiúidí eile, ó chomhlachtaí, ó oifigí agus ó ghníomhaireachtaí de chuid an Aontais Eorpaigh. Tá sí ar fáil ar an idirlíon (bunachar sonraí TED) agus ar DVD.