9.1. Seoltaí
9.1.1. Seoltaí: prionsabail ghinearálta
Is cúram deacair agus casta é anailís a dhéanamh ar na bealaí a scríobhtar seoltaí de bharr go bhfuil córais éagsúla i bhfeidhm i ngach tír. Chomh maith leis sin, ní hionann leagan amach seoltaí le haghaidh an phoist náisiúnta agus an phoist idirnáisiúnta. De ghnáth, is í an fhormáid idirnáisiúnta a úsáidtear i gcónaí i bhfoilseacháin na n-institiúidí Eorpacha.
Chun mionsonraí ar leagan amach na seoltaí a fháil, féach ar láithreáin ghréasáin éagsúla na seirbhísí náisiúnta poist. Tá naisc chuig na láithreáin seo le fáil ar láithreán gréasáin an Aontais Poist Uilechoitinn (UPU) (https://www.upu.int/en/Postal-Solutions/Programmes-Services/Addressing-Solutionss).
Déanann an tAontas Poist Uilechoiteann roinnt moltaí ginearálta freisin, ach i gcás fhoilseacháin na n-institiúidí Eorpacha tá srian breise le cur san áireamh, is é sin an mbaineann an foilseachán le doiciméid aonteangacha nó le doiciméid ilteangacha.
UPU, córais um sheoltaí (en, fr):
https://www.upu.int/en/Postal-Solutions/Programmes-Services/Addressing-Solutions
UPU, córais um sheoltaí sna Ballstáit (en, fr):
https://www.upu.int/en/Postal-Solutions/Programmes-Services/Addressing-Solutions#scroll-nav_5
UPU, Universal POST*CODE® DataBase (en, fr):
https://www.upu.int/en/Postal-Solutions/Programmes-Services/Addressing-Solutions#scroll-nav_1
Teangacha agus carachtair a úsáidtear
Ní foláir an chuid sin den seoladh a luann an tír is ceann scríbe a scríobh de réir mholtaí na tíre is seoltóir (i dteanga na tíre is seoltóir nó i dteanga atá inaitheanta go hidirnáisiúnta más féidir).
Ní foláir ainm na tíre is ceann scríbe a thabhairt le fios i gceannlitreacha ar an líne dheireanach den seoladh.
De bhrí nach bhfuil na moltaí náisiúnta ag teacht le chéile maidir le húsáid ceannlitreacha ar an líne dheireanach/an dara líne dheireanach/an tríú líne dheireanach, socraítear an leagan amach a chomhchuibhiú: scríobhtar ainm na tíre amháin i gceannlitreacha.
Má úsáideann an tír is ceann scríbe aibítir seachas an aibítir rómhánach, nó mura dtabharfar ainm na tíre is ceann scríbe go soiléir, ní foláir ainm na tíre sin agus ainm an bhaile sin fiú a scríobh arís i dteanga atá inaitheanta go hidirnáisiúnta chun fadhbanna a sheachaint le linn idirthurais trí thíortha eile.
Ní foláir don chuid eile den seoladh a bheith ag teacht le moltaí na tíre is ceann scríbe.
Cóid phoist
Tá na cóid phoist a úsáideadh roimhe seo chun an post idirnáisiúnta a aistriú (cóid shonracha i gcás na hEorpa ag teacht as moladh ó Chomhdháil na Riarachán Poist agus Teileachumarsáide Eorpach sa bhliain 1965, agus cóid ISO 3166 alfa-2 le haghaidh tíortha eile) tarraingthe siar, nó modhnaithe i go leor tíortha.
An 1 Aibreán 2024, níl ann ach seacht mBallstát de chuid an AE a úsáideann cód tíre fós: an Chróit (HR), an Chipir (CY), an Laitvia (LV), an Liotuáin (LT), Lucsamburg (L), an Fhionlainn (FI) agus an tSualainn (SE).
Riga, LV-1073
Níor cheart an cód tíre a úsáideadh roimhe seo a úsáid i gcás na mBallstát eile. Sa Ghearmáin, mar shampla, d’fhéadfadh an t-inneall sórtála poist moill a chur ar phost má tá an cód tíre a úsáideadh roimhe seo luaite air.