9.1.5. Seoltaí sna Ballstáit: tréithe sonracha
Cóid phoist, Eircode agus cóid tíre
Déantar cur síos beacht sa tábla seo thíos ar struchtúr na gcód poist i ngach Ballstát.
Tír | Cód Poist Eircode (1) |
Cód Tíre | Tráchtaí |
---|---|---|---|
An Bheilg | 4 fhigiúr | ||
An Bhulgáir | 4 fhigiúr | ||
An tSeicia | 5 fhigiúr | Tá spás idir an tríú figiúr agus an ceathrú figiúr. Tá dhá spás idir an cód poist agus ainm an bhaile. | |
An Danmhairg | 4 fhigiúr | ||
An Ghearmáin | 5 fhigiúr | Ní chuirtear cód tíre (D- nó DE-) roimh an gcód poist riamh. Má dhéantar amhlaidh, d’fhéadfadh an t-inneall moill a chur ar shórtáil an phoist. | |
An Eastóin | 5 fhigiúr | ||
Éire | 7 gcarachtar alfa-uimhriúla (Eircode) | Tugtar, más féidir, cód an cheantair i gcás Bhaile Átha Cliath. Ní foláir an Eircode a chur ar líne ar leith os cionn ainm na tíre. |
|
An Ghréig | 5 fhigiúr | Tá spás idir an tríú figiúr agus an ceathrú figiúr. | |
An Spáinn | 5 fhigiúr | Cuirtear isteach ainm an chúige i ndiaidh ainm an bhaile ar líne nua — féach an liosta ar láithreán gréasáin an Aontais Poist Uilechoitinn (EN). | |
An Fhrainc | 5 fhigiúr | ||
An Chróit | 5 fhigiúr | HR | Ní foláir ‘HR-’ a chur roimh an gcód poist. |
An Iodáil | 5 fhigiúr | Cuirtear isteach giorrúchán an chúige i ndiaidh ainm an bhaile — féach an liosta ar láithreán gréasáin an Aontais Poist Uilechoitinn (EN). | |
An Chipir | 4 fhigiúr | CY | Ní foláir ‘CY-’ a chur roimh an gcód poist. |
An Laitvia | 4 fhigiúr (ar dheis) |
LV | Ní foláir ‘LV-’ a chur roimh an gcód poist. Cuirtear ar dheis ó ainm an bhaile é, agus camóg eatarthu. |
An Liotuáin | 5 fhigiúr | LT | Ní foláir ‘LT-’ a chur roimh an gcód poist. |
Lucsamburg | 4 fhigiúr | L | Ní foláir ‘L-’ a chur roimh an gcód poist. |
An Ungáir | 4 fhigiúr | Ní foláir ainm na sráide a chur faoi ainm an bhaile. Ní foláir an cód poist a chur ar líne faoi leith, idir ainm an bhaile agus ainm na tíre. | |
Málta | 3 litir + 4 fhigiúr |
Ní foláir an cód poist a chur faoi ainm an bhaile agus spás a chur idir na litreacha agus na figiúirí. | |
An Ísiltír | 4 fhigiúr + 2 litir |
Tá spás idir na figiúirí agus na litreacha. Tá dhá spás idir an cód poist agus ainm an bhaile. | |
An Ostair | 4 fhigiúr | ||
An Pholainn | 5 fhigiúr | Tá dais idir an tríú figiúr agus an ceathrú figiúr. | |
An Phortaingéil | 7 bhfigiúr | Tá dais idir an ceathrú figiúr agus an cúigiú figiúr. | |
An Rómáin | 6 fhigiúr | ||
An tSlóivéin | 4 fhigiúr | ||
An tSlóvaic | 5 fhigiúr | Tá spás idir an tríú figiúr agus an ceathrú figiúr. | |
An Fhionlainn | 5 fhigiúr | FI | Ní foláir ‘FI-’ a chur roimh an gcód poist (nó ‘AX-’ do na hOileáin Åland). |
An tSualainn | 5 fhigiúr | SE | Ní foláir ‘SE-’ a chur roimh an gcód poist. Tá spás ann idir an tríú figiúr agus an ceathrú figiúr. |
(1)
Ach amháin má thugtar a mhalairt le fios, bíonn an cód poist ar thaobh na láimhe chlé d’ainm an bhaile. Úsáidtear Eircode chun grúpa seoltaí a shainmhíniú. Tugadh Eircode isteach in Éirinn i mí Iúil 2015, is cód uathúil é atá sainithe do gach gnólacht agus seoladh cónaithe.
NB:
Ar chúiseanna praiticiúla (ar mhaithe le sionoptachas sna leaganacha teanga ar fad), is in ord prótacail a rinneadh an liosta.
|
Barúlacha eile
Tá dhá theanga oifigiúla nó níos mó ag roinnt Ballstát (an Bheilg, Éire, Málta agus an Fhionlainn) a úsáidtear mar theangacha oibre sna hinstitiúidí Eorpacha. (Cé go bhfuil an Ghréigis agus an Tuircis ina dteangacha oifigiúla ag an gCipir, is í an Ghréigis amháin a úsáidtear mar theanga oibre sna hinstitiúidí Eorpacha). Tugtar faoi deara i gcás na Beilge, ag teacht as comhaontú le húdaráis na Beilge, nach n-áirítear an leagan Gearmáinise den seoladh i bhformáid ilteangach an tseolta. Le haghaidh gach ceann de na Ballstáit seo a leanas, úsáidtear dhá theanga oifigiúla agus seoltaí á scríobh: an Fhraincis agus an Ollainnis i gcás na Beilge; an Ghaeilge agus an Béarla i gcás na hÉireann; an Mháltais agus an Béarla i gcás Mhálta; agus an Fhionlainnis agus an tSualainnis i gcás na Fionlainne.
Ní foláir aibítrí faoi leith a chur san áireamh i gcás roinnt tíortha (an Bhulgáir, an Ghréig/an Chipir).
Braitheann an chaoi ina scríobhtar seoltaí ar phost a bhfuil a cheann scríbe in aon cheann de thíortha an dá ghrúpa seo ar theanga nó ar theangacha an fhoilseacháin agus cé acu an foilseachán aonteangach nó foilseachán ilteangach é.
Seoltaí ar phost a bhfuil a cheann scríbe sa Bheilg, in Éirinn, i Málta nó san Fhionlainn
Foilseacháin aonteangacha
Foilseacháin ilteangacha
Tugtar seoltaí in dhá theanga oifigiúla na tíre is ceann scríbe.
Seoltaí ar phost a bhfuil a cheann scríbe sa Bhulgáir, sa Ghréig nó sa Chipir
Foilseacháin aonteangacha
Foilseacháin ilteangacha
Tugtar seoltaí sa Bhulgáiris nó sa Ghréigis agus cuirtear leo ainm an bhaile agus ainm na tíre i mBéarla. Tugtar an seoladh iomlán i gcarachtair rómhánacha freisin (traslitriú Béarla).