IS MINIC A DEIRTEAR SA NUACHT GUR CHINN ‘AN BHRUISÉIL’’ RUD ÉIGIN. CAD IS CIALL LEIS SIN, GO DÍREACH? CAD É ‘AN BHRUISÉIL’ SEO GO DÍREACH? SA CHAIBIDIL SEO, GHEOBHAIDH TÚ FORBHREATHNÚ GEARR AR STRUCHTÚR AN AONTAIS EORPAIGH. FOGHLAIMEOIDH TÚ FAOI PHRÍOMHINSTITIÚIDÍ AN AONTAIS EORPAIGH, FAOINA bhFREAGRACHTAÍ AGUS FAOINA gCEADAÍTEAR DÓIBH A DHÉANAMH. FOGHLAIMEOIDH TÚ FREISIN CONAS IS FÉIDIR LEATSA TIONCHAR A IMIRT AR A gCUID OIBRE.
Nuair a bhíonn daoine ag labhairt faoin bpolaitíocht, is minic a luaitear ainm daoine ar leith: príomh-aire do thíre, mar shampla, nó ceannaire an fhreasúra. Luaitear ainm na ndaoine sin toisc gur daoine a dhéanann cinntí agus a mhúnlaíonn beartais. Is é an dála céanna ag an Aontas Eorpach é.
Níl sna hinstitiúidí Eorpacha ach áiteanna inar féidir le polaiteoirí ó gach tír den Aontas Eorpach teacht le chéile d’fhonn obair a dhéanamh chun torthaí praiticiúla a bhaint amach. Caithimis súil anois ar na hinstitiúidí ina ndéantar formhór na gcinntí.
Is í Parlaimint na hEorpa guth coiteann na ndaoine, ós í an t‑aon institiúid amháin de chuid an Aontais í a dtoghann saoránaigh a n‑ionadaithe go díreach chuici. Toghann saoránaigh Eorpacha feisirí na Parlaiminte gach 5 bliana. Tá aon duine a bhfuil saoránacht Aontais aige nó aici i dteideal vóta a chaitheamh sna toghcháin sin. I roinnt Ballstát inar féidir uaireanta le daoine nach saoránaigh iad vóta a chaitheamh i dtoghcháin fhonáisiúnta, is féidir le daoine a chomhlíonann coinníollacha eile cónaitheachta (amhail daoine nach saoránaigh iad ach a chónaíonn go dleathach sa tír) vóta a chaitheamh i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa freisin.
Reáchtáladh na toghcháin Eorpacha deireanacha in 2019. Reáchtálfar na chéad toghcháin eile in 2024. I ngach tír den Aontas Eorpach, nach mór, tá sé de cheart ag saoránaigh vóta a chaitheamh a luaithe a bhainfidh siad 18 mbliana d’aois amach. Os a choinne sin, tá sé cheart ag saoránaigh den Ostair agus de Mhálta vóta a chaitheamh agus iad 16 bliana d’aois agus ag saoránaigh den Ghréig agus iad 17 mbliana d’aois. Tá roinnt tíortha ann, ar nós na Beilge agus na Gearmáine, a d’ísligh an aois vótála go 16 bliana le haghaidh toghcháin áirithe ar nós na dtoghchán Eorpach.
Is iad na daoine óga — an dream idir 15 bliana agus 30 bliain d’aois — an ghlúin is mó atá i bhfabhar na hEorpa. Dúirt níos mó ná 70 % díobh in 2019 go bhfuil dearcadh dearfach acu i leith an Aontais Eorpaigh.
Foinse: Eorabharaiméadar Laom 478.
Cuirtear príomhchruinnithe Pharlaimint na hEorpa, ar a dtugtar ‘seisiúin iomlánacha’, ar siúl 12 uair in aghaidh na bliana in Strasbourg na Fraince, agus suas le 6 huaire in aghaidh na bliana sa Bhruiséil, sa Bheilg.
Tá 705 fheisire ag Parlaimint na hEorpa, a thagann ó gach tír den Aontas Eorpach. Tugtar FPEnna orthu sin freisin. Ní mar a chéile an líon feisirí as gach tír: Tá níos mó feisirí ag na tíortha a bhfuil daonra mór iontu ná mar atá ag na tíortha beaga nach bhfuil an oiread sin daoine iontu. Bíonn feisirí ar fud an Aontais a bhfuil tuairimí polaitiúla comhchosúla acu ag obair le chéile i ngrúpaí polaitiúla, faoi mar a dhéantar i bparlaimintí náisiúnta, seachas a bheith ag cruthú grúpaí de réir náisiúntachta.
Déanann Parlaimint na hEorpa cinntí maidir le dlíthe an Aontais in éineacht le Comhairle an Aontais Eorpaigh. Mura bhfuil an Pharlaimint agus an Chomhairle in ann teacht ar chomhaontú maidir le píosa reachtaíochta, ní thabharfar aon dlí nua isteach. Is í an Pharlaimint a thoghann Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus tá an ceart aici an Coimisiún Eorpach ina iomláine a fhormheas nó a dhífhostú. Is í an Pharlaimint freisin a dhéanann buiséad an Aontais Eorpaigh a fhormheas.
Reáchtálfar na chéad toghcháin eile le haghaidh Pharlaimint na hEorpa in 2024. D’fhéadfadh sé go mbeifeá i dteideal vóta a chaitheamh faoin am sin. Is i ngrúpaí polaitiúla a oibríonn d’ionadaithe le Feisirí eile Pharlaimint na hEorpa. Tá 23 fheisire ag teastáil chun grúpa polaitiúil a chruthú. Ní mór ionadaíocht a bheith á déanamh d’aon cheathrú ar a laghad de na 27 mBallstát laistigh den ghrúpa sin. Tá seacht ngrúpa pholaitiúla sa Pharlaimint faoi láthair. Ní fhéadfaidh feisirí páirt a ghlacadh i níos mó ná grúpa polaitiúil amháin ag an am céanna. Tá feisirí eile ann nach nglacann páirt i ngrúpa polaitiúil ar bith. Tugtar feisirí neamhcheangailte orthu sin.
Agus tú ag obair mar chuid de ghrúpa beag, caith súil ar an léarscáil ag an nasc seo a leanas chun a fháil amach cé na páirtithe ó do thír féin ar éirigh leo sna toghcháin Eorpacha is déanaí agus cé na grúpaí a nglacann siad páirt iontu: europa.eu/!Mfdquc
Feicfidh tú anseo cá bhfuil na feisirí ina suí sa seisiún iomlánach: europa.eu/!xCDX3r
An aithníonn tú aon duine de na feisirí ó do thír féin?
www.consilium.europa.eu/ga/council-eu
Tugann an Chomhairle Eorpach ceannairí tofa na mBallstát le chéile, i.e. na ceannairí stáit nó rialtais. Buaileann na ceannairí sin le chéile ceithre huaire ar a laghad in aghaidh na bliana. Is minic a thugtar ‘cruinnithe mullaigh Eorpacha’ ar a gcuid cruinnithe. Is í an Chomhairle Eorpach a leagann síos príomhthosaíochtaí polaitiúla an Aontais Eorpaigh agus an treo foriomlán beartais a leanfaidh sé. Tá sí faoi chathaoirleacht ag uachtarán, a thoghtar gach 2½ bliain.
Ní ritheann an Chomhairle Eorpach dlíthe an Aontais Eorpaigh. Is faoi Pharlaimint na hEorpa agus faoi Chomhairle an Aontais Eorpaigh atá sé dlíthe a rith — ná measc suas iad!
Tá fíor cartúin ann do gach duine de cheannairí na 27 mBallstát. Tá bratach a thíre féin os comhair gach duine díobh. Tá 3 fhíor ann freisin a bhfuil bratach an Aontais os a gcomhair agus is d’Uachtarán na Comhairle agus do 2 cheannaire eile de chuid an Aontais a sheasann siad sin. Tá na rannpháirtithe leagtha amach ina gciorcal, faoi mar a tharlaíonn i gcás gach cruinnithe mullaigh.
An Chomhairle Eorpach
Ceannairí an Aontais agus ceannairí náisiúnta i láthair ag Cruinniú Mullaigh Eorpach, faoi chathaoirleacht Uachtarán na Comhairle Eorpaí.
Déanann Comhairle an Aontais Eorpaigh — nó ‘an Chomhairle’ mar a thugtar freisin uirthi — ionadaíocht ar rialtais thíortha an Aontais. Buaileann airí ó gach Ballstát le chéile sa Chomhairle chun cúrsaí a bhaineann leis an Aontas a phlé agus chun cinntí a dhéanamh ar bheartais agus ar dhlíthe an Aontais. Beidh airí éagsúla i láthair ag brath ar an topaic a bheidh le plé. Má bhaineann an cruinniú le truailliú an aeir, mar shampla, is iad airí comhshaoil na mBallstát a thiocfaidh le chéile. Má bhaineann an cruinniú leis an dífhostaíocht, is iad na hairí atá freagrach as an bhfostaíocht agus as gnóthaí sóisialta a fhreastalóidh air.
Tá an Chomhairle ar cheann den dá chomhlacht reachtóireachta atá ag an Aontas Eorpach. Ní fhéadfaí aon rud a chur i gcrích san Aontas Eorpach mar sin gan airí na mBallstát uile.
Is iad na Ballstáit a chinneann rialacha vótála na Comhairle. Is trí vóta tromlaigh a dhéanann an Chomhairle an chuid is mó dá cuid cinntí. I gcásanna áirithe, is d’aon toil a dhéanann sí cinntí. Sna cásanna inar chomhaontaigh na Ballstáit nach mór cinntí a dhéanamh d’aon toil — i gcás saincheisteanna cánachais nó slándála, mar shampla — ciallaíonn sin nach mór do na hairí uile bheith ar aon intinn sula bhféadfar cinneadh a dhéanamh.
Is trí vóta tromlaigh a dhéanann na hairí cinntí ina lán réimsí eile, nuair a ritheann siad dlí de chuid an Aontais a bhaineann le cearta tomhaltóirí, mar shampla, nó i gcás saincheisteanna amhail an téarnamh eacnamaíoch ó phaindéim COVID‑19 nó saincheisteanna comhshaoil amhail conas dramhaíl uirbeach a chóiriú.
Gach 6 mhí bíonn Ballstát difriúil i mbun uachtaránacht na Comhairle. Tar éis don tSualainn agus don Spáinn a bheith i mbun na huachtaránachta in 2023, beidh sí ag an mBeilg agus ag an Ungáir in 2024, agus ag an bPolainn agus ag an Danmhairg in 2025.
Caitheann an Chomhairle vóta d’aon toil ar na rudaí seo a leanas:
Faoin vótáil d’aon toil, ní fhágann an staonadh ón vótáil nach féidir cinneadh a dhéanamh.
Faigh amach tuilleadh faoin gComhairle sa ghearrscannán faisnéise seo: europa.eu/!Xm48xu
I gcruinnithe na Comhairle, is trí vóta tromlaigh cháilithe a chinntear thart ar 80 % de na tograí dlí. Tugtar ‘tromlach dúbailte’ air sin freisin. Faoin vótáil trí thromlach cáilithe, caitheann gach aire vóta amháin i bhfabhar togra nó ina aghaidh nó, mar mhalairt air sin, staonann an t‑aire ón vótáil. De bharr go bhfuil an líon daoine a ndéanann gach aire ionadaíocht dóibh ag brath ar dhaonra na tíre féin, tá gá le ‘tromlach dúbailte’ chun cinneadh a ghlacadh go cóir. Ní mór do 55 % ar a laghad de na Ballstáit (15 as 27) a dhéanann ionadaíocht do 65 % ar a laghad de dhaonra iomlán an Aontais Eorpaigh (thart ar 447 milliún) vótáil i bhfabhar dlí chun go rithfear í.
Féach anseo chun tuilleadh eolais a fháil: europa.eu/!cWRuHR
Bain triail as an áireamhán vótála leis an gcleachtadh thíos ar shuíomh gréasáin na Comhairle chun a fháil amach conas a oibríonn an córas sin: europa.eu/!3UNGgn
Samhlaigh gur bhailigh do rang airgead le haghaidh turas scoile agus gur gá teacht ar chomhaontú faoi cheann scríbe an turais sin anois. Molann duine éigin go gcuirfí an ceann scríbe atá beartaithe chun vóta trí thromlach cáilithe. An bhfuil an rang ar fad ar aon intinn, nó an gá vóta trí thromlach cáilithe a chaitheamh ina thaobh?
Roghnaigh duine amháin díbh chun ionadaíocht a dhéanamh don Choimisiún Eorpach — beidh 1 nóiméad ag an duine sin argóint a dhéanamh i bhfabhar ceann scríbe ar leith. Roghnaigh dalta eile chun dul i bhfeighil áireamhán vótála na Comhairle. Déan ról mar aire ó gach ceann de na 27 mBallstát a shannadh do na daltaí eile.
Ba cheart do gach ‘aire’ vóta a chaitheamh ansin i bhfabhar an chinn scríbe nó ina aghaidh — nó féadfaidh siad staonadh ón vótáil.
Seiceáil an toradh ar áireamhán na Comhairle. Cén toradh a bhí ann? An raibh an rang in ann teacht ar chomhaontú maidir leis an gceann scríbe atá beartaithe? Déan plé ar do chuid smaointe faoina leithéid de phróiseas vótála leis an ngrúpa.
Tá an Coimisiún Eorpach comhdhéanta de 27 gCoimisinéir — ceann amháin in aghaidh an Bhallstáit. Is iad na Coimisinéirí, in éineacht le hUachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, a chuimsíonn brainse feidhmiúcháin an Aontais Eorpaigh atá freagrach as an Aontas a reáchtáil ó lá go lá. Maireann a sainordú 5 bliana.
Faigh amach tuilleadh faoin gCoimisiún san fhíseán gearr seo: europa.eu/!hh6BrN
Is iad na Ballstáit, tríd an gComhairle Eorpach, a ainmníonn uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh. Is í Parlaimint na hEorpa a cheapann an t‑uachtarán go foirmiúil. Maidir leis na Coimisinéirí eile, is é rialtas a dtíre féin a mholann iad agus is í Parlaimint na hEorpa a fhormheasann iad. Ní dhéanann na coimisinéirí ionadaíocht do thuairimí a dtíre dúchais. Ina ionad sin, is chun leas coiteann an Aontais Eorpaigh a ghníomhaíonn siad. Leagann an t‑uachtarán cúram ar gach comhalta den Choimisiún as réimse beartais ar leith, cuir i gcás fuinneamh, an geilleagar nó an comhshaol.
Molann an Coimisiún Eorpach dlíthe agus cláir nua ar chun leas ginearálta an Aontais Eorpaigh iad. Sula ndéanfaidh sé togra, iarrann an Chomhairle a dtuairim ar pharlaimintí náisiúnta, rialtais, grúpaí leasa, saineolaithe agus an pobal i gcoitinne. Tugtar cuireadh dóibh a dtuairimí a chur in iúl ar líne.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi conas is féidir leat cluas éisteachta a fháil i gceapadh beartas an Aontais Eorpaigh, féach an roinn Do thuairim a chur chun tosaigh i gceapadh beartas an Aontais Eorpaigh.
Déanann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle grinnscrúdú ar na tograí ón gCoimisiún. Is iad an dá institiúid sin a dhéanann an cinneadh deiridh maidir le gach dlí ón Aontas Eorpach. Féadfaidh siad tograí a leasú nó diúltú go hiomlán dóibh. Bainistíonn an Coimisiún Eorpach beartais agus buiséad an Aontais Eorpaigh freisin agus cinntíonn sé go mbíonn dlí an Aontais á chur i bhfeidhm i gceart ag na Ballstáit.
Is faoi chúram an Choimisiúin Eorpaigh atá sé buiséad an Aontais a bhainistiú, monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus dlíthe an Aontais a dhréachtú.
Is iad baill foirne riaracháin, saineolaithe, aistritheoirí, ateangairí agus cúntóirí an Choimisiúin a chuireann obair laethúil an Choimisiúin i gcrích. Faoi mar a dhéantar i gcás ball foirne in institiúidí eile an Aontais Eorpaigh, is tríd an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne a earcaítear oifigigh an Choimisiúin (epso.europa.eu)
Is saoránaigh de Bhallstáit an Aontais iad na hoifigigh sin agus roghnaítear iad trí chomórtais earcaíochta. Oibríonn thart ar 32 000 duine don Choimisiún. Cé gur cosúil gur líon ollmhór daoine é sin, tá sé níos ísle ná an líon foirne atá fostaithe ag formhór na mórchomhairlí cathrach san Aontas Eorpach.
Más spéis leat an ghairm sin, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar thréimhse oiliúna AE le haon cheann d’institiúidí an Aontais Eorpaigh.
Gheobhaidh tú tuilleadh eolais ina thaobh anseo: europa.eu/!VV37tD
Is féidir leat cuairt a thabhairt ar na hinstitiúidí eorpacha!
Tabhair cuairt ar Pharlaimint na hEorpa, ar an gComhairle, ar an gComhairle Eorpach nó ar an gCoimisiún Eorpach bíodh tú i láthair go pearsanta nó ar líne.
Is iomaí dlí ón Aontas Eorpach atá dréachtaithe ag na Ballstáit le 70 bliain anuas. Cinntíonn an Chúirt Bhreithiúnais go ndéantar na dlíthe sin a léiriú agus a chur i bhfeidhm go haonfhoirmeach. Mura bhfuil cúirt náisiúnta cinnte faoin dóigh ar cheart aon cheann de na dlíthe sin a léiriú, féadfaidh sí iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais soiléiriú a thabhairt. Ní chuireann Ballstáit aonair dlíthe ón Aontas i bhfeidhm ina n‑iomláine i gcónaí. Má tharlaíonn sé sin, féadfaidh an Coimisiún nó Ballstát eile an t‑ábhar a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais. Tá an Chúirt lonnaithe i Lucsamburg agus breitheamh amháin ó gach Ballstát uirthi.
Chun tuilleadh eolais a fháil, féach: curia.europa.eu
Tá tú tar éis cuid mhór faisnéise a fháil cheana! Mar sin féin, tá sé tábhachtach go dtuigfeá go cruinn a bhfuil i gceist leis ‘an mBruiséil’ agus cé na cúraimí atá ar institiúidí éagsúla an Aontais Eorpaigh. Déan an triail thíos chun a fháil amach cá mhéad eolas a thug tú leat. Cuir cros i mbosca na hinstitiúide/na n‑institiúidí lena mbaineann an cur síos.
Cé acu díobh seo? | Parlaimint na hEorpa | An Chomhairle Eorpach | Comhairle an Aontais Eorpaigh | An Coimisiún Eorpach | Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh |
---|---|---|---|---|---|
1.is í an institiúid seo a dhéanann tograí le haghaidh dhlíthe an Aontais Eorpaigh | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL |
2. is í an institiúid seo a fhormheasann dlíthe an Aontais Eorpaigh | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL |
3. is í an institiúid seo an ceann ina bhfuil ionadaí/comhalta amháin ó gach Ballstát | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL |
4.is í an institiúid seo a dtoghtar a feisirí go díreach | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL |
5. is í an institiúid seo a bhainistíonn an buiséad | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL |
6. is í an institiúid seo a dhéanann ionadaíocht ar leasanna na ndaoine | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL |
7.is í an institiúid seo a dhéanann ionadaíocht ar leasanna na mBallstát/leasanna rialtais na mBallstát | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL |
8.is í an institiúid seo a dhéanann ionadaíocht ar leasanna an Aontais Eorpaigh ina iomláine | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL |
9.is í an institiúid seo a dhéanann cinneadh faoi léiriú dhlíthe an Aontais Eorpaigh | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL |
10. is í an institiúid seo a shainíonn treo polaitiúil ginearálta an Aontais Eorpaigh | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL | TÁ / NÍL |
Taobh amuigh de na hinstitiúidí a phléitear anseo, tá seans ann gur chuala tú faoi na comhlachtaí agus na hinstitiúidí eile seo de chuid an Aontais Eorpaigh:
Tugtar an ‘gnáthnós imeachta reachtach’ ar an nós imeachta is coitianta trína ndéantar dlíthe san Aontas Eorpach. Tríd an nós imeachta sin, déantar scrúdú ar thograí le haghaidh dlí nua trí huaire ar a mhéad (in imeachtaí ar a dtugtar léamha). Mura féidir teacht ar aon chomhaontú ina leith, tarraingeofar an togra siar.
Sonraítear le conarthaí an Aontais cé a fhéadann dlíthe a dhéanamh agus cé na réimsí inar féidir amhlaidh a dhéanamh: an tAontas, rialtais náisiúnta nó iad araon. Tá na Ballstáit freagrach as a gcuid cinntí agus dlíthe féin a dhéanamh i réimsí áirithe den bheartas náisiúnta, mar thionscal, sláinte agus oideachas. Tacaíonn an tAontas Eorpach le rialtais náisiúnta sna réimsí sin ach sin an méid. I réimsí ina bhféadann an tAontas nó rialtais náisiúnta gníomhú, ní fhéadfaidh an tAontas gníomhú ach amháin nuair a fhéadann sé déanamh amhlaidh níos éifeachtaí.
Faigh amach tuilleadh faoi inniúlachtaí an Aontais Eorpaigh: europa.eu/!UftmP7
Baineann na léamha le trí institiúid go príomha: Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach.
Cuir gach institiúid sa bhosca ceart san íomhá.
Tá cuid mhór eolais agat anois ar na hinstitiúidí Eorpacha, ach an aithníonn tú ainm agus aghaidh na ndaoine atá i gceannas orthu? An eol duit cé atá sna róil seo faoi láthair:
Mar shaoránach Eorpach, is féidir leat tionchar a imirt ar bheartais an Aontais Eorpaigh ar roinnt bealaí éagsúla.
Is ollmhór an tionchar a imríonn tú nuair a chaitheann tú vóta ar son d’Fheisire i bParlaimint na hEorpa sa Bhruiséil agus in Strasbourg, agus nuair a chaitheann tú vóta ar son do rialtais náisiúnta freisin. Is amhlaidh sin toisc go n‑imríonn do cheannaire stáit agus do rialtas náisiúnta araon tionchar ar obair an Aontais Eorpaigh.
Is féidir leat do thuairimí a chur in iúl trí pháirt a ghlacadh i gcomhairliúcháin phoiblí ar líne. Iarrann an Coimisiún Eorpach a dtuairimí ar an bpobal mór agus ar an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach sula ndéanann sé tograí le haghaidh dlíthe nua ón Aontas Eorpach agus le linn an phróisis cinnteoireachta ar fad.
Glac páirt anseo: europa.eu/!Pp64Tb
Is féidir leat do thuairimí a chur in iúl faoina bhfuil ag tarlú san Aontas Eorpach le linn iliomad díospóireachtaí a chuirtear ar siúl go fisiciúil agus ar líne ar fud an Aontais.
Is féidir tuilleadh a léamh faoi conas is féidir leat páirt a ghlacadh i gceapadh beartas an Aontais Eorpaigh anseo: europa.eu/!77Utj3. Tabhair sracfhéachaint ar an ardán lecheile.eu más mian leat tacú leis an daonlathas san Eoraip agus cuidiú daoine a spreagadh le vóta a chaitheamh le linn thoghcháin Eorpacha 2024; is ardán é a thugann daoine ar fud na hEorpa le chéile chun aithne a chur ar a chéile, eolas a roinnt agus scileanna nua a fhoghlaim.
Is féidir le saoránaigh den Aontas Eorpach Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh a sheoladh nó tacú leis freisin (europa.eu/citizens-initiative/_ga). Trí na tionscnaimh sin, iarrtar ar an gCoimisiún Eorpach reachtaíocht a mholadh maidir le saincheist ar leith a bhfuil an tAontas Eorpach freagrach aisti, amhail an comhshaol, an talmhaíocht nó an t‑iompar. Is féidir le grúpa ina bhfuil seachtar saoránach ar a laghad den Aontas Eorpach atá ina gcónaí i seacht mBallstát éagsúla tionscnamh a chur ar bun agus sínithe tacaíochta a bhailiú. Nuair a bheidh an tionscnamh sínithe ag milliún duine nó beagán níos mó ná 0.2 % de dhaonra an Aontais, féadfar é a chur faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh lena scrúdú.
Bailíodh 1.6 mhilliún síniú don chéad Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh riamh, ‘Right2Water’ (Ceart ar Uisce). Tháinig togra as le haghaidh rialacha nua maidir le huisce óil.
Tá oifigí beaga (ar a dtugtar ‘ionadaíochtaí’) ag an gCoimisiún Eorpach i ngach Ballstát agus tá foireann iontu a labhraíonn teanga(cha) na tíre sin. Is féidir leat labhairt leo nó faisnéis scríofa faoin Aontas Eorpach a iarradh orthu i do theanga féin. Tá oifigí áitiúla faisnéise de chuid an líonra Europe Direct i ngach Ballstát freisin. Gheobhaidh tú a sonraí teagmhála ag deireadh an leabhráin seo.