2.1. An teideal
Is éard atá i dteideal iomlán gnímh:
—
an saghas gnímh (rialachán, treoir, etc.),
—
an uimhir (i.e. an giorrúchán nó na giorrúcháin is ábhartha (‘AE’, ‘Euratom’, ‘AE, Euratom’, ‘CBES’), an bhliain agus uimhir sheicheamhach an ghnímh),
—
ainm na hinstitiúide (na n-institiúidí) nó an chomhlachta a ghlac an gníomh,
—
dáta a ghlactha (dáta a shínithe i gcás gníomhartha arna nglacadh go comhpháirteach ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle),
—
tuairisc ghearr ar an ábhar,
—
an uimhir a shann an t-údar don ghníomh (féach ‘Uimhriú dúbailte’ faoi Pointe 1.2.2) gníomhartha ina bhfuil uimhriú dúbailte.
I bPointe 3.2. leagtar síos na rialacha maidir le tagairtí do theideal.
Má leasaítear teideal gnímh le gníomh eile nó má dhéantar ceartúchán ar an teideal, is é an teideal leasaithe nó ceartaithe a luaitear i gcónaí ina dhiaidh sin.
NB:
Ar an gcéad leathanach den ghníomh is féidir ‘códú’ nó ‘athmhúnlú’ a lua faoin teideal. Scríobhtar an téarma seo i mionlitreacha agus i gcló trom, faoin teideal, idir lúibíní. Ní luaitear é i dtagairtí don ghníomh atá i gceist.