ISSN 1831-5380
Léarcsáil an tsuímh | Fógra dlíthiúil | Fianáin | Ceisteanna coitianta | Teagmháil | Priontáil

2.2. An brollach (luanna agus aithrisí)

Ciallaíonn an brollach gach uile rud idir an teideal agus téarmaí achtúcháin an ghnímh.

(a)

Luanna

Luaitear an méid seo a leanas sna luanna, san ord seo a leanas:

1.
an bunús dlí atá le gníomh:
(a)
gníomhartha príomha (conarthaí, ionstraimí aontachais, prótacail atá i gceangal leis na conarthaí) agus comhaontuithe ‘idirnáisiúnta’ (comhaontuithe, prótacail atá i gceangal le comhaontuithe, coinbhinsiúin) arb é atá iontu an bunús ginearálta atá leis an téacs atá i gceist.

Ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach [agus go háirithe Airteagal/Airteagail … de],

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh [agus go háirithe Airteagal/Airteagail … de],

Ag féachaint don Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach [agus go háirithe Airteagal/Airteagail … de],

Ag féachaint d’Ionstraim Aontachais na hOstaire, na Fionlainne agus na Sualainne, ()

Ní luaitear giorrúchán an Chonartha/na gConarthaí.

Má dhéantar tagairtí do níos mó ná aon chonradh amháin, bíonn gach ceann acu ar líne ar leith agus iad san ord seo a leanas: an Conradh ar an Aontas Eorpach, an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach.

Luaitear na gníomhartha príomha gan tagairt a thabhairt i bhfonóta. Is féidir comhaontuithe idirnáisiúnta agus prótacail a ghabhann le comhaontuithe idirnáisiúnta a lua ina bhfoirm ghearr agus tagairt a thabhairt i bhfonóta.

(b)
i gcás inarb infheidhme é, gníomhartha tánaisteacha, arb é atá iontu an bunús sonrach atá leis an téacs. Luaitear teideal iomlán an ghnímh agus bíonn fonóta ag gabháil leis a dhéanann tagairt don Iris Oifigiúil inar foilsíodh é:

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta (1), agus go háirithe Airteagal 89 de,

[…]

(1)
IO L 166, 30.4.2004, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2010/30/oj.
2.
na gníomhartha ullmhúcháin (e.g. tograí, tionscnaimh, iarratais, moltaí, toilithe agus tuairimí dá bhforáiltear sna Conarthaí). D’fhéadfadh fonóta a bheith ina dteannta:

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),

Ag gníomhú dó/di/dóibh i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

[…]

(1)
Tuairim an 5 Bealtaine 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2)
Tuairim an 17 Feabhra 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).

I gcás ina n-éilítear leis an gConradh dul i gcomhairle le hinstitiúid nó le comhlacht agus, mar thoradh ar an gcomhairliúchán sin, go dtugtar tuairim, is é seo a leanas a bheidh sa lua a fhreagraíonn don tuairim sin: ‘Ag féachaint don tuairim ó …,’ agus beidh fonóta ina dhiaidh ina mbeidh an tagairt don fhoilseachán san Iris Oifigiúil nó ina uireasa sin, cuirfear an tagairt seo a leanas isteach: ‘Tuairim an [dáta] (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil)’.

I gcás ina n-éilítear leis an gConradh dul i gcomhairle le hinstitiúid nó le comhlacht, ach nach dtugtar tuairim mar thoradh ar an gcomhairliúchán sin, is é seo a leanas a bheidh sa lua: ‘Tar éis dul i gcomhairle le …,’ (gan tagairt a thabhairt i bhfonóta agus gan eolas eile).

3.
maidir leis na gníomhartha reachtacha:
(a)
gur cuireadh an dréachtghníomh reachtach chuig na parlaimintí náisiúnta:
Tar éis dó/di/dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
(b)
an nós imeachta a leantar:
(i)
an gnáthnós imeachta reachtach:

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (1),

[…]

(1)
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Deireadh Fómhair 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 17 Samhain 2010.
(ii)
an gnáthnós imeachta reachtach leis an gCoiste Idir-réitigh:

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, i bhfianaise an téacs chomhpháirtigh a d’fhormheas an Coiste Idir-réitigh an 24 Eanáir 2011 (2),

[…]

(2)
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2009 (IO C 184 E, 8.7.2010, lch. 312.), seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh an 11 Márta 2010 (IO C 122 E, 11.5.2010, lch. 1.), seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Iúil 2010 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil), cinneadh ón gComhairle an 31 Eanáir 2011 agus rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Feabhra 2011 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(iii)
nós imeachta reachtach speisialta:

Ag gníomhú dó/di/dóibh i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,

Cuirtear ceannlitir ag tús na luanna agus cuirtear camóg ag an deireadh.

(b)

Aithrisí

Tugann na haithrisí na cúiseanna atá le hábhair théarmaí achtúcháin (i.e. airteagail) an ghnímh.

Úsáidtear an abairt ‘De bharr an mhéid seo a leanas:’ ag tús na n-aithrisí. Uimhrítear iad, cuirtear ceannlitir ag tús gach abairte i ngach aithris agus cuirtear lánstad ag deireadh gach abairte, ach amháin an abairt dheireanach san aithris dheireanach a gcuirtear camóg ag a deireadh, agus cuirtear i láthair iad mar seo a leanas:

De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)
  Is gné shár-riachtanach do sholáthar fuinnimh […].
(2)
  Tá méadú an-tapa tagtha le 10 mbliana anuas ar thomhailt an gháis san Eoraip […].
[…]
 
(50)
  Ba cheart Treoir 2004/67/CE a aisghairm,

Sa téacs, luaitear mar a leanas iad (figiúirí gan lúibíní):

aithris 1, aithris 2, etc.

Mura bhfuil ach aon aithris amháin ann, ní bhíonn aon fhleasc ná aon uimhriú ann. Cuirtear ‘De bharr an mhéid seo a leanas:’ ar líne ar leith. Cuirtear camóg ag deireadh na habairte.

De bharr an mhéid seo a leanas:

Chun na riachtanais maidir le staidreamh a chumhdach maidir leis na topaicí mionsonraithe ábhartha a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) 2019/1700, ba cheart don Choimisiún líon agus teidil na n-athróg a shonrú maidir leis an tacar sonraí i bhfearann úsáid na dteicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide le haghaidh na bliana tagartha 2023,

NB:
Go dtí an 6 Feabhra 2000, chuirtí ceannlitir ag tús gach aithrise agus leathstad ag a deireadh (úsáidtear an struchtúr seo fós i ngníomhartha áirithe de chuid na Comhairle):
De bhrí go bhforáiltear …; (an chéad aithris agus na haithrisí ina dhiaidh sin)
De bhrí gur gá leas a bhaint as …, (an aithris dheireanach)

Ós rud é nár ghnách aithrisí a uimhriú, ba ghnách an chéad aithris, an dara haithris, an tríú haithris, etc. a thabhairt orthu. I roinnt téacsanna (go háirithe iontu siúd a bhaineann le bearta frithdhumpála), chuirtí an frása ‘De bharr an mhéid seo a leanas:’ roimh na haithrisí. D’uimhrítí na haithrisí agus chuirtí ceannlitir ag tús gach aithrise agus lánstad ag a deireadh. (is é sin an gnáthchleachtas anois.)

Bhí idirthréimhse ann ó Nollaig 1998 go dtí an 6 Feabhra 2000 nuair a bhí an dá struchtúr ar aithrisí inghlactha.

Sna rúin ó Pharlaimint na hEorpa maidir le hurscaoileadh i dtaca leis an mbuiséad a chur chun feidhme, a fhoilsítear i sraith L, bíonn fleasc roimh gach lua agus is litir a bhíonn leis na haithrisí seachas uimhir:
ag féachaint do chuntais chríochnaitheacha bhliantúla an Choláiste Eorpaigh Póilíneachta don bhliain airgeadais 2008,
ag féachaint don tuarascáil ón gCúirt Iniúchóirí ar chuntais bhliantúla an Choláiste Eorpaigh Póilíneachta don bhliain airgeadais 2008 […],
ag féachaint don mholadh ón gComhairle […],
[…]
 
A.
De bhrí go […];
B.
De bhrí go […], ()
Nuashonraithe: 6.2.2024
barr an leathanaigh
leathanach roimhe seoan chéad leathanach eile