3.2. Conas tagairt do ghníomh
3.2.1. Foirmeacha an teidil
Bíonn dhá fhoirm ag teideal an ghnímh: an teideal iomlán agus an gearrtheideal.
Nuair a luaitear gníomh den chéad uair i gcorp gnímh eile, luaitear an teideal iomlán agus tugtar tagairt don Iris Oifigiúil inar foilsíodh é i bhfonóta. Agus lua á dhéanamh, is i gcorp an téacs a thugtar an teideal iomlán; san fhonóta a thugtar é i gcás na n-aithrisí, na n-airteagal agus na n-iarscríbhinní.
I dtagairtí a dhéantar níos faide anonn do ghníomh a luadh cheana, is é an gearrtheideal a úsáidtear, gan an t-údar nó tagairt na hIrise Oifigiúla a lua.
Teideal iomlán
Is éard atá i dteideal iomlán gnímh:
Sa leagan Gaeilge is é an t-ord thuas a úsáidtear. Murab ionann agus roinnt teangacha eile, ní úsáidtear camóga chun na codanna seo a scaradh óna chéile.
Bíonn tagairt don Iris Oifigiúil inar foilsíodh an gníomh ag gabháil leis an teideal iomlán i gcónaí. Sna luanna, tugtar an teideal iomlán i gcorp an téacs agus an tagairt i bhfonóta:
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (1),
(1)IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj.
Nuair a luaitear gníomh den chéad uair in aithris, airteagal nó iarscríbhinn, tugtar a theideal iomlán agus tagairt na hIrise Oifigiúla i bhfonóta:
(14)Maidir le hidirbhearta maoinithe urrús, mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) iad, meastar nach rannchuidíonn siad leis an bpróiseas praghas-aimsithe […](2)Rialachán (AE) 2015/2365 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus maidir le hathúsáid agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh 648/2012 (IO L 337, 23.12.2015, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2015/2365/oj).
An gearrtheideal
Úsáidtear an gearrtheideal in aithrisí, airteagail agus iarscríbhinní. Is iad seo a leanas a chomhpháirteanna:
(45)Ainmhithe pórúcháin folaíochta a iontráiltear i bpórleabhair, ba cheart iad a shainaithint i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).[…]
(2)Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj).
I dtagairtí breise do theideal gnímh atá luaite cheana sna luanna nó sna haithrisí, úsáidtear an gearrtheideal gan an t-údar a lua agus gan fonóta:
(46)I gcás ainmhithe pórúcháin folaíochta den speiceas eachaí, foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 go ndéanfaidh […]
‘(4) […] méid an […] mar a leagtar amach é i Rialachán cur chun feidhme (AE) Uimh. 302/2011, lena ndéanfar allmhairiú ar shiúcra a chur ar fionraí’ (1).
[…] (†)
(1)IO L 161, 21.6.2011, lch. 7.
Mar sin féin, i dtéacs na ngníomhartha tarmligthe nó na ngníomhartha cur chun feidhme, ní luaitear an téarma ‘tarmligthe’ ná ‘cur chun feidhme’ i nathanna amhail ‘ghlac […] an Rialachán seo’, ‘Dírítear an cinneadh seo chuig na Ballstáit’, etc.