ISSN 1831-5380
Léarcsáil an tsuímh | Fógra dlíthiúil | Fianáin | Ceisteanna coitianta | Teagmháil | Priontáil

2.6. Na hiarscríbhínní

Is éard atá in iarscríbhinn a ghabhann le gníomh, rialacha nó sonraí teicniúla nach mbíonn sna téarmaí achtúcháin, ar chúiseanna praiticiúla. Is minic a bhíonn na sonraí i bhfoirm liosta nó táblaí.

Sna téarmaí achtúcháin, ní mór an nasc idir forálacha na dtéarmaí agus an iarscríbhinn a thaispeáint go soiléir trí thagairt a dhéanamh (mar shampla ‘a liostaítear in Iarscríbhinn I’, ‘atá in Iarscríbhinn I’, ‘a leagtar amach san Iarscríbhinn’).

Cé nach bhfuil rialacha dochta ann maidir le hiarscríbhinní a leagan amach, de ghnáth, déantar iad a fhoroinnt ina bpointí arna sainaithint le huimhreacha Arabacha agus ponc ina ndiaidh ar gach leibhéal (e.g. ‘10.2.3.’).

Nuashonraithe: 6.2.2024
barr an leathanaigh
leathanach roimhe seoan chéad leathanach eile