2.5. Abairtí deiridh (áit, dáta agus síniú)
Is mar a leanas a bhíonn críoch an ghnímh:
Áit agus dáta
Sa reachtaíocht thánaisteach, cuirtear an áit agus an dáta in iúl mar a leanas:
Arna dhéanamh i Lucsamburg an 5 Iúil 2006.
Is é an dáta an dáta ar síníodh an gníomh (gníomhartha a ghlacann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go comhpháirteach) nó ar glacadh an gníomh (i gcásanna eile).
I gconarthaí, i gcomhaontuithe idirnáisiúnta etc. scríobhtar an dáta i bhfocail:
Arna dhéanamh i Lucsamburg an cúigiú lá is fiche d’Aibreán sa bhliain dhá mhíle is a cúig.
Tig leis an áit ina shínítear gníomhartha na n-institiúidí a bheith sa Bhruiséil (go coitianta), i Lucsamburg (ag cruinnithe na Comhairle i mí Aibreáin, mí Iúil, agus mí Dheireadh Fómhair), in Strasbourg (go sonrach do Pharlaimint na hEorpa, ina n-áirítear nuair a shuíonn sí leis an gComhairle) nó in Frankfurt am Main (do fhormhór na ngníomhartha ón mBanc Ceannais Eorpach).
Sínitheoirí (ní liosta cuimsitheach é seo)
Parlaimint na hEorpa An Chomhairle Eorpach An Chomhairle Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
…
(iniseal(acha) agus sloinne iomlán)
Thar ceann na Comhairle Eorpaí
An tUachtarán
…
(iniseal(acha) agus sloinne iomlán)
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
…
(iniseal(acha) agus sloinne iomlán)
An Coimisiún Rialacháin, treoracha, cinntí nach luaitear iontu cé chuige a bhfuil siad dírithe Cinntí ina sonraítear cé chuige a bhfuil siad dírithe Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
…
(ainm iomlán)
nó
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
…
(ainm iomlán)
Leas-Uachtarán an Choimisiúin
nó
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
…
(ainm iomlán)
Comhalta den Choimisiún
nó
Thar ceann an Choimisiúin,
Ar son an Uachtaráin,
…
(ainm iomlán)
An tArd-Stiúrthóir
Ard-Stiúrthóireacht …
Thar ceann an Choimisiúin
…
(ainm iomlán)
Leas-Uachtarán an Choimisiúin
ou
Thar ceann an Choimisiúin
…
(ainm iomlán)
Comhalta den Choimisiún
Comhchoiste an LEE An Banc Ceannais Eorpach Rialacháin, Treoirlínte Cinntí, moltaí Thar ceann Chomhchoiste an LEE
An tUachtarán
…
(ainm iomlán)
Thar ceann Chomhairle Rialaithe an BCE
Uachtarán an BCE
…
(ainm iomlán)
nó
Thar ceann Bhord Feidhmiúcháin an BCE
Uachtarán an BCE
…
(ainm iomlán)
Uachtarán an BCE
…
(ainm iomlán)
Comhaontuithe, prótacail, coinbhinsiúin Thar ceann an Aontais Eorpaigh
(síniú)
Thar ceann na mBallstát
(síniú)
Comhaontuithe i bhfoirm malartú litreacha Thar ceann Chomhairle an Aontais Eorpaigh
Thar ceann an Aontais Eorpaigh