ISSN 1831-5380
Léarcsáil an tsuímh | Fógra dlíthiúil | Fianáin | Ceisteanna coitianta | Teagmháil | Priontáil

7.2.4. Rialacha maidir leis na teangacha sna hinstitiúidí

De réir Airteagal 290 de Chonradh CE (atá anois mar Airteagal 342 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh) agus de réir Airteagal 190 de Chonradh Euratom, tá an Chomhairle, ag gníomhú di d’aontoil, freagrach as na rialacha maidir leis na teangacha in institiúidí an Chomhphobail a chinneadh, ‘gan dochar d’fhorálacha Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh’.

Ag gníomhú di ar an mbonn sin, ghlac an Chomhairle, an 15 Aibreán 1958, Rialachán Uimh. 1 lena gcinntear na teangacha a úsáidfear i gComhphobal Eacnamaíochta na hEorpa. Leasaíodh an Rialachán sin i gcomhréir leis na hionstraimí aontachais éagsúla.

Faoi láthair tá 24 theanga a bhfuil stádas oifigiúil agus stádas oibre acu in institiúidí an AE (féach Pointe 7.2.1).

An Ghaeilge

Go dtí an 31 Nollaig 2006, ní raibh an Ghaeilge ar cheann de theangacha oifigiúla oibre institiúidí an AE. Tháinig Éire agus an Comhphobal ar chomhaontú in 1971 nach ndeanfaí ach an reachtaíocht phríomha a aistriú go Gaeilge.

An 1 Eanáir 2007, aithníodh an Ghaeilge mar theanga lánoifigiúil de chuid an AE ach deonaíodh maolú ar feadh tréimhse inathnuaite 5 bliana (féach Rialachán (CE) Uimh. 920/2005 ón gComhairle an 13 Meitheamh 2005 (IO L 156, 18.6.2005, lch. 3 (en))). Sa Rialachán sin deirtear ‘nach mbeidh d’oibleagáid ar institiúidí an Aontais Eorpaigh gach gníomh a dhréachtú i nGaeilge agus gach gníomh a fhoilsiú sa teanga sin in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh’ ach amháin na rialacháin sin a ghlacann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go comhpháirteach. Cuireadh síneadh leis an maolú sin go dtí an 31 Nollaig 2016 le Rialachán (AE) Uimh. 1257/2010 ón gComhairle (IO L 343, 29.12.2010, lch. 5). Cuireadh síneadh leis arís le Rialachán (AE, Euratom) 2015/2264 ón gComhairle (IO L 322, 8.12.2015, lch. 1). Scoir an maolú maidir leis an nGaeilge d’fheidhm a bheith aige amhail ón 1 Eanáir 2022.

An Mháltais

An 1 Bealtaine 2004, ghlac an Chomhairle maolú sealadach maidir leis an oibleagáid gníomhartha a dhréachtú sa Mháltais agus iad a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Bhí an maolú sin le cur i bhfeidhm go ceann 3 bliana agus bhí sé in-athnuaite ar feadh bliana. Bhain an maolú sin le gach gníomh ach amháin na rialacháin sin a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go comhpháirteach (féach Rialachán (CE) Uimh. 930/2004 ón gComhairle an 1 Bealtaine 2004 (IO L 169, 1.5.2004, lch. 1 (en))). Sa bhliain 2007 chuir an Chomhairle deireadh leis an maolú sin tar éis na chéad tréimhse 3 bliana.

Nuashonraithe: 25.1.2022
barr an leathanaigh
leathanach roimhe seoan chéad leathanach eile