7.2. Teangacha
7.2.1. Ord leaganacha teanga agus ord na gcód ISO (Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán) (téacsanna ilteangacha)
Riail ghinearálta
Cuirtear na teangacha in ord aibítre a dteideal foirmiúil ina leagan bunaidh scríofa (is iad na cóid ISO 639-1 atá i bhfeidhm, cód alpha-2, na cóid a úsáidtear).
Tá an t-ord seo riachtananch, mar shampla, maidir le teideal foilseacháin ar leathanach cumhdaigh ilteangach, seicheamh teangacha i bhfoilseacháin ilteangach, leathanach baile agus rogha teangacha ar shuíomh greasáin ilteangach, etc.
Teideal sa teanga fhoinseach (1) | Teideal i nGaeilge | Cód ISO (2) |
---|---|---|
Български (*) | Bulgáiris | bg |
español (3) | Spáinnis | es |
čeština | Seicis | cs |
dansk | Danmhairgis | da |
Deutsch | Gearmáinis | de |
eesti keel | Eastóinis | et |
ελληνικά (*) | Gréigis | el |
English | Béarla | en |
français | Fraincis | fr |
Gaeilge | Gaeilge | ga |
hrvatski | Cróitis | hr |
italiano | Iodáilis | it |
latviešu valoda | Laitvis | lv |
lietuvių kalba | Liotuáinis | lt |
magyar | Ungáiris | hu |
Malti | Máltais | mt |
Nederlands | Ollainnis | nl |
polski | Polainnis | pl |
português | Portaingéilis | pt |
română | Rómáinis | ro |
slovenčina (slovenský jazyk) | Slóvaicis | sk |
slovenščina (slovenski jezik) | Slóivéinis | sl |
suomi | Fionlainnis | fi |
svenska | Sualainnis | sv |
(*)
Traslitriú Laidine: български = bulgarski; ελληνικά = elliniká.
(1)
Túslitir i gcás uachtair nó i gcás íochtair: déan aithris ar fhoirm an teidil sa teanga fhoinseach.
(2)
Is i gcás íochtair a scríobhtar litreacha chóid ISO le haghaidh teangacha; mar sin féin, scríobhtar i gceannlitreacha freisin iad ar chúiseanna léirithe chlógrafaigh.
(3)
Sa Spáinnis, de thoradh iarrata ó na húdaráis Spáinneacha, cuirtear an téarma lengua española nó español in ionad an téarma castellano. Is é castellano ainm oifigiúil na teanga, ach is chun an áit a shainiú a úsáidtear an téarma agus chuige sin amháin.
NB:
Seachas ag tús abairte nó i dtáblaí, ní chuirtear
ceannlitir ar an bhfocal “an” i.e. “an Ghaeilge”.
|
Cuirtear an riail seo i bhfeidhm go daingean i leaganacha críochnaitheacha na gConarthaí agus na gcomhaontuithe (ar leathanaigh na sínithe).
Cásanna speisialta
I gcás doiciméad ilteangach a eisítear ar an leibhéal náisiúnta de bhun téacsanna a ghlac an Chomhairle (pas, cárta sláinte Eorpach), is gnách an t-ord a chinneadh le gníomh ón gComhairle ar bhonn gach cás ina aonair. Is do na teangacha is forleithne sna Ballstáit faoi seach a thugtar tús áite, ar an gcaoi seo de ghnáth: