ISSN 1831-5380
Léarcsáil an tsuímh | Fógra dlíthiúil | Fianáin | Ceisteanna coitianta | Teagmháil | Priontáil

7.3. Airgeadraí

7.3.1. An euro agus an cent

Foinsí eile faisnéise maidir leis an euro

An euro

euro

De réir chonclúidí na Comhairle Eorpaí i Maidrid i Nollaig 1995, is é an euro an t-airgeadra aonair (fo-aonad: an cent; siombail: ; cód ISO: EUR).

An limistéar euro

Is é an téarma “an limistéar euro” téarma oifigiúil do ghrúpa na dtíortha a ghlac an euro mar a n-airgeadra aonair. Seachnaítear gach téarma eile.

Euro agus ECU

An 1 Eanáir 1999, cuireadh an euro in ionad an ECU ag an ráta aon ar aon (Rialachán (CE) Uimh. 1103/97 ón gComhairle (IO L 162, 19.6.1997, lch. 1 (en)); féach freisin Rialachán (CE) Uimh. 974/98 (IO L 139, 11.5.1998, lch. 1 (en))). Ní mór an giorrúchán ECU a úsáid do thagairtí staire don ECU (i.e. na tagairtí roimh 1999).

An cent

cent

Mar phrionsabal, úsáidtear an téarma “cent” i ngach teanga oifigiúil san AE. É sin ráite, ní chuireann an prionsabal sin cosc ar théarmaí eile a úsáid a úsáidtear go coitianta sna Ballstáit (i gcomhréir le haithris 2 de Rialachán (CE) Uimh. 974/98 an 3 Bealtaine 1998 (en)).

Úsáidtear an téarma “cent” i dtéacsanna institiúidí agus chomhlachtaí an AE (tá sé éigeantach an téarma “cent” a úsáid i ngach téacs dlíthiúil).

Féach freisin Pointe 7.3.3, “Rialacha maidir le haonaid airgeadaíochta a chur in iúl”:
Nuashonraithe: 10.4.2018
barr an leathanaigh
leathanach roimhe seoan chéad leathanach eile