ISSN 1831-5380
Léarcsáil an tsuímh | Fógra dlíthiúil | Fianáin | Ceisteanna coitianta | Teagmháil | Priontáil

Iarscríbhinn A5 Liosta tíortha,
críoch agus airgeadraí

(Staid ag 3.5.2024)

Ní léiríonn an liosta seo seasamh oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir le stádas dlíthiúil na n-eintiteas atá luaite nó beartas na n-eintiteas sin. Is achoimre é ar liostaí agus cleachtais nach bhfuil ag teacht le chéile go minic.

Leasuithe ar eagrán 2011
3.5.2024 athraítear ‘Angaíle’ go ‘Anguilla’; athraítear ‘Daon-Phoblacht Dhaonlathach Laos’ go ‘Daon-Phoblacht Dhaonlathach Laoch’; athraítear ‘Vailís agus Futúna’ go ‘Wallis agus Futuna’; athraítear ‘Críoch Oileáin Vailís agus Futúna’ go ‘Oileáin Wallis agus Futuna’
3.1.2024 Neipeal, ainm fada: athraítear ‘Poblacht Chónaidhme Dhaonlathach Neipeal’ go ‘Neipeal’
1.1.2023 an Chróit, airgeadra ‘kuna’ go ‘euro’
19.12.2022 Siarra Leon, cód airgeadra ‘SLL’ go ‘SLE’
25.11.2022 athraítear ‘Cathair na Vatacáine’ go ‘Stát Chathair na Vatacáine’
10.10.2022 an Chasacstáin, príomhchathair: athraítear ‘Nur-Sultan’ go ‘Astana’
27.2.2020 Cabo Verde, ainm gearr: athraítear ‘Rinn Verde’ go ‘Cabo Verde’; ainm fada: athraítear ‘Poblacht Rinn Verde’ go ‘Poblacht Cabo Verde’; déamainm: athraítear ‘duine ó/as Rinn Verde’ go ‘duine ó/as Cabo Verde’; aidiacht: athraítear ‘ó/as Rinn Verde’ go ‘ó/as Cabo Verde’; airgeadra: athraítear ‘escudo Rinn Verde’ go ‘escudo Cabo Verde’
4.9.2019 Antigua agus Barbúda, príomhchathair: athraítear ‘St. John’s’ go ‘St John’s’
29.5.2019 an Bhurúin, príomhchathair: athraítear ‘Bujumbura’ go ‘Gítéigea’
24.5.2019 an Chasacstáin, príomhchathair: athraítear ‘Astana’ go ‘Nur-Sultan’
15.2.2019 an Mhacadóin Thuaidh (ainmniú nua)
30.10.2018 an Sahára Thiar, príomhchathair/lárionad riaracháin: athraítear ‘Al aaiun’ go ‘Laayoune’
9.10.2018 an tSuasalainn, ainm fada: athraítear ‘Ríocht na Suasalainne’ go ‘Ríocht Eswatini’; ainm gearr: athraítear ‘an tSuasalainn’ go ‘Eswatini’
18.9.2018 an tSeicia, ainm gearr: athraítear ‘Poblacht na Seice’ go ‘an tSeicia’
20.8.2018 Veiniséala, airgeadra (VES, nua; VEF, tarraingthe siar)
1.7.2018 an Mháratáin, airgeadra (MRO, tarraingthe siar)
  São Tomé agus Príncipe, airgeadra (STD, tarraingthe siar)
11.5.2018 Vailís agus Futúna, ainm fada: athraítear ‘Vailís agus Futúna’ go ‘Críoch Oileáin Vailís agus Futúna’
15.1.2018 an Libia, ainm fada: athraítear ‘an Libia’ go ‘Stát na Libia’
1.1.2018 an Mháratáin, airgeadra (MRU, nua)
  São Tomé agus Príncipe, airgeadra (STN, nua)
1.1.2017 an Bhealarúis, airgeadra (BYR, tarraingthe siar)
21.10.2016 Buircíne Fasó: ainm an tsaoránaigh (‘duine ó/as Bhuircíne Fasó’ go ‘duine ó Bhuircíne Fasó/as Buircíne Fasó’) agus aidiacht (‘ó/as Bhuircíne Fasó’ go ‘ó Bhuircíne Fasó/as Buircíne Fasó’)
  Cúrasó: ainm an tsaoránaigh (‘duine ó/as Cúrasó’ go ‘duine ó Chúrasó/as Cúrasó’) agus aidiacht (‘ó/as Cúrasó’ go ‘ó Chúrasó/as Cúrasó’)
8.8.2016 Arúba, Cúrasó, Sint Maarten, airgeadra: athraítear ‘guilder’ go ‘gildear’ (gildear Aintillí na hÍsiltíre, gildear Arúba)
  an Bhealarúis, an Rúis, airgeadra: athraítear ‘rouble’ go ‘rúbal’ (rúbal na Bealarúise, rúbal na Rúise)
  an Chéinia, an tSomáil, an Tansáin, Uganda, airgeadra: athraítear ‘schilling’ go ‘scilling’ (scilling na Céinia, scilling na Somáile, scilling na Tansáine, scilling Uganda)
  Iosrael, airgeadra: athraítear ‘shekel’ go ‘seiceal’
  an Éigipt, an Liobáin, an tSiria, an tSúdáin, an tSúdáin Theas , fo-aonad airgeadra: athraítear ‘piastre’ go ‘piastar’
3.8.2016 athraítear ‘Anguilla’ go ‘Angaíle’
  an Bholaiv, ainm fada: athraítear ‘Stát Ilnáisiún na Bolaive’ go ‘Stát Ilnáisiúnach na Bolaive’
  athraítear ‘Curaçao’ go ‘Cúrasó’
  Hong Cong, ainm fada: athraítear ‘Sainréigiún Riaracháin Hong Cong i nDaonphoblacht na Síne’ go ‘Sainréigiún Riaracháin Hong Cong, Daonphoblacht na Síne’
  athraítear ‘Manainn’ go ‘Oileán Mhanann’
1.7.2016 an Bhealarúis, airgeadra (BYN, nua)
3.6.2016 an Chambóid, fo-aonad airgeadra (leasú)
20.4.2016 Oileáin Fháclainne, fo-aonad airgeadra: athraítear ‘pingin nua’ go ‘pingin’
25.2.2016 Peiriú, airgeadra: athraítear ‘nuevo sol’ go ‘sol’
23.2.2016 an Íoslainn, ainm fada: athraítear ‘Poblacht na hÍoslainne’ go ‘an Íoslainn’
16.2.2016 Samó Mheiriceá, príomhchathair (an nóta)
24.7.2015 Oileáin Cayman, príomhchathair: athraítear ‘Georgetown’ go ‘George Town’
10.6.2015 Neipeal, ainm fada: athraítear ‘Neipeal’ go ‘Poblacht Chónaidhme Dhaonlathach Neipeal’
1.1.2015 an Liotuáin, airgeadra: athraítear ‘litas’ go ‘euro’
24.9.2014 an Téaváin, ainm fada: athraítear ‘Poblacht na Síne, an Téaváin’ go ‘an Téaváin’; an nóta (leasú)
19.9.2014 Srí Lanca, príomhchathair: athraítear ‘Sri Jayawardenapura Kotte’ go ‘Sri Jayawardenapura-Kotte’ + nóta
17.9.2014 airgeadra: athraítear ‘rupee’ go ‘rúipí’ (rúipí na hIndia, rúipí Neipeal, rúipí Oileán Mhuirís, rúipí na Pacastáine, rúipí na Séiséal, rúipí Shrí Lanca)
1.1.2014 an Laitvia, airgeadra: athraítear ‘lats’ go ‘euro’
25.7.2013 an tSomáil, ainm fada: athraítear ‘Poblacht na Somáile’ go ‘Poblacht Chónaidhme na Somáile’; an nóta (scriosadh é)
4.6.2013 an Iordáin, fo-aonad airgeadra: athraítear ‘100 qirsh, 1 000 fils’ go ‘100 qirsh, [1 000 fils]’
21.5.2013 Srí Lanca, príomhchathair: athraítear ‘Colombo’ go ‘Sri Jayawardenapura Kotte’
25.4.2013 athraítear ‘Burma/Maenmar’ go ‘Maenmar/Burma’
18.4.2013 San Héilin, Oileán na Deascabhála agus Tristan da Cunha, airgeadra: athraítear ‘punt San Héilin’ go ‘punt San Héilin (San Héilin agus Oileán na Deascabhála); punt steirling (Oileán na Deascabhála agus Tristan da Cunha)’
15.4.2013 an Indinéis, airgeadra: athraítear ‘rupiah na hIndinéise’ go ‘rupiah’
12.3.2013 San Héilin, Oileán na Deascabhála agus Tristan da Cunha: ainm gearr (‘San Héilin’ go ‘San Héilin, Oileán na Deascabhála agus Tristan da Cunha’), ainm an tsaoránaigh (‘duine ó Shan Héilin’ go ‘duine ó Shan Héilin, Oileán na Deascabhála agus Tristan da Cunha’) agus aidiacht (‘ó Shan Héilin’ go ‘ó Shan Héilin, Oileán na Deascabhála agus Tristan da Cunha’)
1.1.2013 an tSaimbia, airgeadra: athraítear ‘ZMK’ go ‘ZMW’
4.12.2012 Arúba, Curaçao agus Sint Marten: nótaí
1.9.2012 Veiniséala, airgeadra: athraítear ‘bolívar fuerte’ go ‘bolívar’

Le haghaidh na leasuithe roimhe seo, féach ar ‘Na leasuithe’.
   Ainm gearr Ainm fada Cód tíre (1) Príomhchathair/ lárionad riaracháin Déamainm Aidiacht (a) Airgeadra (2) Cód airgeadra (3) Fo-aonad airgeadra (4)
  an Aetóip Poblacht Dhaonlathach Chónaidhme na hAetóipe ET Addis Ababa Aetópach Aetópach birr ETB cent
  an Afganastáin Poblacht Ioslamach na hAfganastáine AF Cabúl Afganastánach Afganastánach afghani AFN pul
  an Afraic Theas Poblacht na hAfraice Theas ZA Pretoria (ZA1) duine ón Afraic Theas ón Afraic Theas rand ZAR cent
  an Ailgéir Daon-Phoblacht Dhaonlathach na hAilgéire DZ Cathair na hAilgéire Ailgéarach Ailgéarach dinar na hAilgéire DZD centime
  an Airgintín Poblacht na hAirgintíne AR Buenos Aires Airgintíneach Airgintíneach peso na hAirgintíne ARS centavo
  an Airméin Poblacht na hAirméine AM Eireaván Airméanach Airméanach dram AMD luma
  an Albáin Poblacht na hAlbáine AL Tiorána Albánach Albánach lek ALL [quindar]
  Andóra Prionsacht Andóra AD Andorra la Vella Andórach Andórach euro EUR cent
  Angóla Poblacht Angóla AO Luanda Angólach Angólach kwanza AOA cêntimo
  Anguilla (AI1) Anguilla AI The Valley duine ó/as Anguilla ó/as Anguilla dollar na Cairibe Thoir XCD cent
  Antartaice Antartaice AQ Antartach
  Antigua agus Barbúda Antigua agus Barbúda AG St John’s duine ó/as Antigua agus Barbúda ó/as Antigua agus Barbúda dollar na Cairibe Thoir XCD cent
  Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha AE Abú Daibí duine ó/as Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha ó/as Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha dirham AEA AED fils
  an Araib Shádach Ríocht na hAraibe Sádaí SA Riyadh duine ón Araib Shádach ón Araib Shádach riyal na hAraibe Sádaí SAR halala
  Arúba (AW1) Arúba AW Oranjestad duine ó/as Arúba ó/as Arúba gildear Arúba AWG cent
  an Asarbaiseáin Poblacht na hAsarbaiseáine AZ Baki Asarbaiseánach Asarbaiseánach manat na hAsarbaiseáine AZN kepik
  an Astráil Comhlathas na hAstráile AU Canberra Astrálach Astrálach dollar na hAstráile AUD cent
  na Bahámaí Comhlathas na mBahámaí BS Nassau Bahámaíoch Bahámaíoch dollar na mBahámaí BSD cent
  Bairéin Ríocht Bhairéin BH Al-Manāmah Bairéanach Bairéanach dinar Bhairéin BHD fils
  Barbadós Barbadós BB Bridgetown Barbadach Barbadach dollar Bharbadós BBD cent
  Beinin Poblacht Bheinin BJ Porto-Novo (BJ1) Beinineach Beinineach franc CFA (BCEAO) XOF centime
  Beirmiúda (BM1) Beirmiúda BM Hamilton Beirmiúdach Beirmiúdach dollar Bheirmiúda BMD cent
  an Bhanglaidéis Daon-Phoblacht na Banglaidéise BD Dhaka Banglaidéiseach Banglaidéiseach taka BDT poisha
  an Bhealarúis Poblacht na Bealarúise BY Mionsc Bealarúiseach Bealarúiseach rúbal na Bealarúise BYN kopek
  an Bheilg Ríocht na Beilge BE an Bhruiséil Beilgeach Beilgeach euro EUR cent
  an Bheilís an Bheilís BZ Belmopan Beilíseach Beilíseach dollar na Beilíse BZD cent
  an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin BA Sairéavó duine ón mBoisnia agus an Heirseagaivéin ón mBoisnia agus an Heirseagaivéin marg in-chomhshóite BAM fening
  an Bholaiv Stát Ilnáisiúnach na Bolaive BO Sucre (BO1) Bolavach Bolavach boliviano BOB centavo
  an Bhotsuáin Poblacht na Botsuáine BW Gaborone Botsuánach Botsuánach pula BWP thebe
  an Bhrasaíl Poblacht Chónaidhmitheach na Brasaíle BR Brasília Brasaíleach Brasaíleach real na Brasaíle BRL centavo
  an Bhulgáir Poblacht na Bulgáire BG Sóifia Bulgárach Bulgárach lev BGN stotinka
  an Bhurúin Poblacht na Burúine BI Gítéigea (BI1) Burúnach Burúnach franc na Burúine BIF centime
  an Bhútáin Ríocht na Bútáine BT Thimphu Bútánach Bútánach ngultrum BTN chhetrum
rúipí na hIndia INR paisa
  Brúiné Brúiné Darasalám BN Bandar Seri Begawan Brúinéach Brúinéach dollar Bhrúiné BND sen
  Buircíne Fasó Buircíne Fasó BF Ouagadougou duine ó Bhuircíne Fasó/as Buircíne Fasó ó Bhuircíne Fasó/as Buircíne Fasó franc CFA (BCEAO) XOF centime
   Burma: féach Maenmar/Burma
  Cabo Verde Poblacht Cabo Verde CV Praia duine ó/as Cabo Verde ó/as Cabo Verde escudo Cabo Verde CVE centavo
  Camarún Poblacht Chamarún CM Yaoundé Camarúnach Camarúnach franc CFA (BEAC) XAF centime
  Catar Stát Chatar QA Doha Catarach Catarach riyal Chatar QAR dirham
  Ceanada Ceanada CA Ottawa Ceanadach Ceanadach dollar Cheanada CAD cent
  an Chambóid Ríocht na Cambóide KH Phnom Penh Cambódach Cambódach riel KHR [kak (10)]
[sen (100)]
  an Chasacstáin Poblacht na Casacstáine KZ Astana Casacstánach Casacstánach tenge KZT tiyn
  an Chéinia Poblacht na Céinia KE Nairobi Céiniach Céiniach scilling na Céinia KES cent
  an Chipir Poblacht na Cipire CY an Niocóis Cipireach Cipireach euro EUR cent
  an Chirgeastáin Poblacht na Cirgise KG Bishkek Cirgeasach Cirgeasach som KGS tyiyn
  an Chóiré Theas Poblacht na Cóiré KR Súl duine ón gCóiré Theas ón gCóiré Theas won na Cóiré Theas KRW [chun]
  an Chóiré Thuaidh Daon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré KP Pyongyang duine ón gCóiré Thuaidh ón gCóiré Thuaidh won na Cóiré Thuaidh KPW chun
  an Cholóim Poblacht na Colóime CO Bogotá Colómach Colómach peso na Colóime COP centavo
  an Chróit Poblacht na Cróite HR Ságrab Crótach Crótach kuna (HR1) HRK lipa
euro (HR1) EUR cent
  Cireabaití Poblacht Chireabaití KI Tarawa Cireabaitíoch Cireabaitíoch dollar na hAstráile AUD cent
  Clipperton (CP1) Oileán Clipperton CP (CP2) ó/as Clipperton
  an Congó Poblacht an Chongó CG Brazzaville Congólach Congólach franc CFA (BEAC) XAF centime
  an Cósta Eabhair Poblacht an Chósta Eabhair CI Yamoussoukro (CI1) duine ón gCósta Eabhair ón gCósta Eabhair franc CFA (BCEAO) XOF centime
  Cósta Ríce Poblacht Chósta Ríce CR San José Cósta Ríceach Cósta Ríceach colón Chósta Ríce CRC céntimo
  Críoch Aigéan Indiach na Breataine (IO1) Críoch Aigéan Indiach na Breataine IO ó/as Chríoch Aigéan Indiach na Breataine dollar na Stát Aontaithe USD cent
  Críocha an Deiscirt agus an Antartaigh de chuid na Fraince (TF1) Críocha an Deiscirt agus an Antartaigh de chuid na Fraince TF (TF2) ó/as Chríocha an Deiscirt agus an Antartaigh de chuid na Fraince euro EUR cent
  Cuáit Stát Chuáit KW Cathair Chuáit Cuátach Cuátach dinar Chuáit KWD fils
  Cúba Poblacht Chúba CU Havana Cúbach Cúbach peso Chúba CUP centavo
peso in-chomhshóite CUC centavo
  Cúrasó (CW1) Cúrasó CW Willemstad duine ó Chúrasó/as Cúrasó ó Chúrasó/as Cúrasó gildear Aintillí na hÍsiltíre (CW1) ANG cent
  an Danmhairg Ríocht na Danmhairge DK Cóbanhávan Danmhargach Danmhargach krone na Danmhairge DKK øre
  Djibouti Poblacht Djibouti DJ Djibouti duine ó/as Djibouti ó/as Djibouti franc Djibouti DJF
  Doiminice Comhlathas Dhoiminice DM Roseau Doiminiceach Doiminiceach dollar na Cairibe Thoir XCD cent
  Eacuadór Poblacht Eacuadór EC Quito Eacuadórach Eacuadórach dollar na Stát Aontaithe USD cent
  an Eastóin Poblacht na hEastóine EE Taillinn Eastónach Eastónach euro EUR cent
  an Éigipt Poblacht Arabach na hÉigipte EG Caireo Éigipteach Éigipteach punt na hÉigipte EGP piastar
  an Eilvéis Cónaidhm na hEilvéise CH Beirn Eilvéiseach Eilvéiseach franc na hEilvéise CHF centime
  Éimin Poblacht Éimin YE Sana Éimineach Éimineach rial Éimin YER fils
  Éire Éire (IE1) IE Baile Átha Cliath Éireannach Éireannach euro EUR cent
  an Eiritré Stát na hEiritré ER Asmara Eiritréach Eiritréach nakfa ERN cent
  Eswatini Ríocht Eswatini SZ Mbabane Suasach Suasach lilangeni SZL cent
  an Fhionlainn Poblacht na Fionlainne FI Heilsincí Fionlannach Fionlannach euro EUR cent
  an Fhrainc Poblacht na Fraince FR Páras Francach Francach euro EUR cent
  Fidsí Poblacht Fhidsí FJ Suva Fidsíoch Fidsíoch dollar Fhidsí FJD cent
  Gána Poblacht Ghána GH Accra Gánach Gánach cedi Ghána GHS pesewa
  Geansaí (GG1) Báillcheantar Gheansaí GG St Peter Port duine ó/as Gheansaí ó/as Gheansaí punt Gheansaí (GG2) GGP (GG2) pingin
punt steirling GBP pingin
  Geirsí (JE1) Báillcheantar Gheirsí JE St Helier duine ó/as Gheirsí ó/as Gheirsí punt Gheirsí (JE2) JEP (JE2) pingin
punt steirling GBP pingin
  an Ghabúin Poblacht na Gabúine GA Libreville Gabúnach Gabúnach franc CFA (BEAC) XAF centime
  an Ghaimbia Poblacht na Gaimbia GM Banjul Gaimbiach Gaimbiach dalasi GMD butut
  an Ghearmáin Poblacht Chónaidhme na Gearmáine DE Beirlín Gearmánach Gearmánach euro EUR cent
  an Ghraonlainn (GL1) an Ghraonlainn GL Nuuk Graonlannach Graonlannach krone na Danmhairge DKK øre
  an Ghréig an Phoblacht Heilléanach EL an Aithin Gréagach Gréagach euro EUR cent
  an Ghuáin Comharphoblacht na Guáine GY Georgetown Guánach Guánach dollar na Guáine GYD cent
  an Ghuine Poblacht na Guine GN Conacraí Guineach Guineach franc na Guine GNF
  an Ghuine Mheánchiorclach Poblacht na Guine Meánchiorclaí GQ Malabo duine ón nGuine Mheánchiorclach ón nGuine Mheánchiorclach franc CFA (BEAC) XAF centime
  Giobráltar (GI1) Giobráltar GI Giobráltar duine ó/as Ghiobráltar ó/as Ghiobráltar punt Ghiobráltar GIP pingin
  Greanáda Greanáda GD St George’s Greanádach Greanádach dollar na Cairibe Thoir XCD cent
  Guadalúip (GP1) Guadalúip GP Basse-Terre Guadalúpach Guadalúpach euro EUR cent
  Guáin na Fraince (GF1) Guáin na Fraince GF Cayenne Guánach Guánach euro EUR cent
  Guam (GU1) Críoch Guam GU Agaña Guamach Guamach dollar na Stát Aontaithe USD cent
  Guatamala Poblacht Ghuatamala GT Cathair Ghuatamala Guatamalach Guatamalach quetzal GTQ centavo
  Guine Bissau Poblacht Ghuine Bissau GW Bissau duine ó/as Ghuine Bissau ó/as Ghuine Bissau franc CFA (BCEAO) XOF centime
  Háítí Poblacht Háítí HT Port-au-Prince Háítíoch Háítíoch gourde HTG centime
dollar na Stát Aontaithe USD cent
  Hondúras Poblacht Hondúras HN Tegucigalpa Hondúrach Hondúrach lempira HNL centavo
  Hong Cong (HK1) Sainréigiún Riaracháin Hong Cong, Daonphoblacht na Síne (HK2) HK (HK3) Síneach ó/as Hong Cong ó/as Hong Cong dollar Hong Cong HKD cent
  Iamáice Iamáice JM Kingston Iamácach Iamácach dollar na hIamáice JMD cent
  an Iaráic Poblacht na hIaráice IQ Bagdad Iarácach Iarácach dinar na hIaráice IQD fils
  an Iaráin Poblacht Ioslamach na hIaráine IR Tehran Iaránach Iaránach rial na hIaráine IRR [dinar] (IR1)
  an India Poblacht na hIndia IN Deilí Nua Indiach Indiach rúipí na hIndia INR paisa
  an Indinéis Poblacht na hIndinéise ID Iacárta Indinéiseach Indinéiseach rupiah IDR sen
  an Iodáil Poblacht na hIodáile IT an Róimh Iodálach Iodálach euro EUR cent
  an Iordáin Ríocht Haisimíteach na hIordáine JO Amman Iordánach Iordánach dinar na hIordáine JOD qirsh (100)
[fils (1 000)]
  an Iorua Ríocht na hIorua NO Osló Ioruach Ioruach krone na hIorua NOK øre
  an Íoslainn an Íoslainn (IS1) IS Réicivíc Íoslannach Íoslannach króna ISK
  Iosrael Stát Iosrael IL (IL1) Iosraelach Iosraelach seiceal ILS agora
  an Ísiltír (NL1) Ríocht na hÍsiltíre NL Amstardam (NL2) Ísiltíreach Ísiltíreach euro EUR cent
  La Réunion (RE1) La Réunion RE Saint-Denis duine ó/as La Réunion ó/as La Réunion euro EUR cent
  an Laitvia Poblacht na Laitvia LV Ríge Laitviach Laitviach euro EUR cent
  Laos Daon-Phoblacht Dhaonlathach Laoch LA Vientiane Laoch, Laosach Laoch, Laosach kip LAK [at]
  Leosóta Ríocht Leosóta LS Maseru Leosótach Leosótach loti LSL sente
rand ZAR cent
  an Libéir Poblacht na Libéire LR Monrovia Libéarach Libéarach dollar na Libéire LRD cent
  an Libia Stát na Libia LY Tripilí Libiach Libiach dinar na Libia LYD dirham
  Lichtinstéin Prionsacht Lichtinstéin LI Vadús Lichtinstéanach Lichtinstéanach franc na hEilvéise CHF centime
  an Liobáin Poblacht na Liobáine LB Béiriút Liobánach Liobánach punt na Liobáine LBP [piastar]
  an Liotuáin Poblacht na Liotuáine LT Vilnias Liotuánach Liotuánach euro EUR cent
  Lucsamburg Ard-Diúcacht Lucsamburg LU Lucsamburg Lucsamburgach Lucsamburgach euro EUR cent
  Macao (MO1) Sainréigiún Riaracháin Macao de Dhaon-Phoblacht na Síne (MO2) MO Macao (MO3) duine ó/as Macao ó/as Macao pataca MOP avo
  Madagascar Poblacht Mhadagascar MG Antananairíveo Malagásach Malagásach ariary MGA iraimbilanja
  Maenmar/Burma Maenmar/Burma (MM1) MM Néipíadá duine ó/as Maenmar/Burma ó/asMaenmar/Burma kyat MMK pya
  Mailí Poblacht Mhailí ML Bamako Mailíoch Mailíoch franc CFA (BCEAO) XOF centime
  Málta Poblacht Mhálta MT Vaileite Máltach Máltach euro EUR cent
  Maracó Ríocht Mharacó MA Rabat Maracach Maracach dirham Mharacó MAD centime
  Martinique (MQ1) Martinique MQ Fort-de-France duine ó/as Martinique ó/as Martinique euro EUR cent
  Mayotte (YT1) Mayotte YT Mamoudzou duine ó/as Mayotte ó/as Mayotte euro EUR cent
  Meicsiceo Stáit Aontaithe Mheicsiceo MX Cathair Mheicsiceo Meicsiceach Meicsiceach peso Mheicsiceo MXN centavo
  an Mhacadóin Thuaidh (MK*)Poblacht na Macadóine Thuaidh (MK*) MK Scóipé Macadónach/saoránach de Phoblacht na Macadóine Thuaidh (MK1) (ó/as/de chuid) P(h)oblacht na Macadóine Thuaidh, ó/as an Macadóin Thuaidh/(de chuid) na Macadóine Thuaidh (MK2) denar MKD deni
Macadónach (MK2)
  an Mhalaeisia an Mhalaeisia MY Kuala Lumpur (MY1) Malaeisiach Malaeisiach ringgit MYR sen
  an Mhaláiv Poblacht na Maláive MW Lilongwe Malávach Malávach kwacha na Maláive MWK tambala
  an Mháratáin Poblacht Ioslamach na Máratáine MR Nuacsat Máratánach Máratánach ouguiya MRU khoum
  an Mhicrinéis Stáit Chónaidhme na Micrinéise FM Palikir Micrinéiseach Micrinéiseach dollar na Stát Aontaithe USD cent
  an Mholdóiv Poblacht na Moldóive MD Císineá Moldóvach Moldóvach leu na Moldóive MDL ban
  an Mhongóil an Mhongóil MN Ulan Bator Mongólach Mongólach tugrik MNT möngö
  Monacó Prionsacht Mhonacó MC Monacó Monacach Monacach euro EUR cent
  Montainéagró Montainéagró ME Podgairítse Montainéagróch Montainéagróch euro EUR cent
  Montsarat (MS1) Montsarat MS Plymouth (MS2) duine ó/as Mhontsarat ó/as Mhontsarat dollar na Cairibe Thoir XCD cent
  Mósaimbíc Poblacht Mhósaimbíc MZ Mapútó Mósaimbíceach Mósaimbíceach metical MZN centavo
  an Namaib Poblacht na Namaibe NA Windhoek Namabach Namabach dollar na Namaibe NAD cent
rand ZAR cent
  Nárú Poblacht Nárú NR Yaren Nárúch Nárúch dollar na hAstráile AUD cent
  Neipeal Neipeal NP Kathmandu Neipealach Neipealach rúipí Neipeal NPR paisa
  Nicearagua Poblacht Nicearagua NI Managua Nicearaguach Nicearaguach córdoba oro NIO centavo
  an Nigéir Poblacht Chónaidhme na Nigéire NG Abuja Nigéarach Nigéarach naira NGN kobo
  an Nígir Poblacht na Nígire NE Niamey Nígireach Nígireach franc CFA (BCEAO) XOF centime
  Niue (NU1) Niue NU Alofi duine ó/as Niue ó/as Niue dollar na Nua-Shéalainne NZD cent
  an Nua-Chaladóin (NC1) an Nua-Chaladóin NC Nouméa Nua Chaladónach Nua Chaladónach franc CFP XPF centime
  Nua-Ghuine Phapua Stát Neamhspléach Nua-Ghuine Phapua PG Port Moresby duine ó/as Nua-Ghuine Phapua ó/as Nua-Ghuine Phapua kina PGK toea
  an Nua-Shéalainn an Nua-Shéalainn NZ Wellington Nua-Shéalannach Nua-Shéalannach dollar na Nua-Shéalainne NZD cent
  Oileáin Åland (AX1) Oileáin Åland AX Mariehamn duine ó/as Oileáin Åland ó/as Oileáin Åland euro EUR cent
  Oileáin Bheaga Fhorimeallacha na Stát Aontaithe (UM1) Oileáin Bheaga Fhorimeallacha na Stát Aontaithe UM ó/as Oileáin Bheaga Fhorimeallacha na Stát Aontaithe dollar na Stát Aontaithe USD cent
  Oileáin Bhriotanacha na Maighdean (VG1) Oileáin Bhriotanacha na Maighdean VG Road Town duine ó/as Oileáin Bhriotanacha na Maighdean ó/as Oileáin Bhriotanacha na Maighdean dollar na Stát Aontaithe USD cent
  Oileáin Cayman (KY1) Oileáin Cayman KY George Town duine ó/as Oileáin Cayman ó/as Oileáin Cayman dollar Oileáin Cayman KYD cent
  Oileáin Chomóra Aontas Oileáin Chomóra KM Moroni Comórach Comórach franc Oileáin Chomóra KMF
  Oileáin Cocos (Keeling) (CC1) Críoch Oileáin Cocos (Keeling) CC West Island duine ó/as Oileáin Cocos (Keeling) ó/as Oileáin Cocos (Keeling) dollar na hAstráile AUD cent
  Oileáin Cook (CK1) Oileáin Cook CK Avarua duine ó/as Oileáin Cook ó/as Oileáin Cook dollar na Nua-Shéalainne NZD cent
  Oileáin Fháclainne (FK1) Oileáin Fháclainne FK Stanley duine ó/as Oileáin Fháclainne ó/as Oileáin Fháclainne punt Oileáin Fháclainne FKP pingin
  Oileáin Fharó (FO1) Oileáin Fharó FO Torshavn Faróch Faróch krone na Danmhairge DKK øre
  na hOileáin Fhilipíneacha Poblacht na nOileán Filipíneach PH Mainile Filipíneach Filipíneach peso na nOileán Filipíneach PHP centavo
  Oileáin Marshall Poblacht Oileáin Marshall MH Majuro duine ó/as Oileáin Marshall ó/as Oileáin Marshall dollar na Stát Aontaithe USD cent
  Oileáin Mhaildíve Poblacht Oileáin Mhaildíve MV Malé Maildíveach Maildíveach rufiyaa MVR laari
  na hOileáin Mháirianacha Thuaidh (MP1) Comhlathas na nOileán Máirianach Thuaidh MP Saipan duine ó/as Oileáin Mháirianacha Thuaidh ó/as Oileáin Mháirianacha Thuaidh dollar na Stát Aontaithe USD cent
  Oileán Mhanann (IM1) Oileán Mhanann IM Douglas Manannach Manannach punt Mhanann (IM2) IMP (IM2) pingin
punt steirling GBP pingin
  Oileáin Mheiriceánacha na Maighdean (VI1) Oileáin Mhaighdean na Stát Aontaithe VI Charlotte Amalie duine ó/as Oileáin Mheiriceánacha na Maighdean ó/as Oileáin Mheiriceánacha na Maighdean dollar na Stát Aontaithe USD cent
  Oileáin na dTurcach agus Caicos (TC1) Oileáin na dTurcach agus Caicos TC Cockburn Town duine ó/as Oileáin na dTurcach agus Caicos ó/as Oileáin na dTurcach agus Caicos dollar na Stát Aontaithe USD cent
  Oileáin Palau Poblacht Oileáin Palau PW Melekeok duine ó/as Oileáin Palau ó/as Oileáin Palau dollar na Stát Aontaithe USD cent
  Oileáin Pitcairn (PN1) Oileáin Pitcairn PN Adamstown duine ó/as Oileáin Pitcairn ó/as Oileáin Pitcairn dollar na Nua-Shéalainne NZD cent
  Oileáin Sholomón Oileáin Sholomón SB Hóiniára duine ó/as Oileáin Sholomón ó/as Oileáin Sholomón dollar Oileáin Sholomón SBD cent
  Oileán Bouvet (BV1) Oileán Bouvet BV ó/as Oileán Bouvet
  Oileán Heard agus Oileáin McDonald (HM1) Críoch Oileán Heard agus Oileáin McDonald HM ó/as Oileán Heard agus Oileáin McDonald
  Oileán Mhuirís Poblacht Oileán Mhuirís MU Port Louis Muiríseach Muiríseach rúipí Oileán Mhuirís MUR cent
  Oileán na Nollag (CX1) Críoch Oileán na Nollag CX Flying Fish Cove duine ó/as Oileán na Nollag ó/as Oileán na Nollag dollar na hAstráile AUD cent
  Oileán na Tríonóide agus Tobága Poblacht Oileán na Tríonóide agus Tobága TT Port of Spain duine ó/as Oileán na Tríonóide agus Tobága ó/as Oileán na Tríonóide agus Tobága dollar Oileán na Tríonóide agus Tobága TTD cent
  Oileán Norfolk (NF1) Críoch Oileán Norfolk NF Kingston duine ó/as Oileán Norfolk ó/as Oileán Norfolk dollar na hAstráile AUD cent
  Óman Sabhdánacht Óman OM Muscat Ómanach Ómanach rial Óman OMR baiza
  an Ostair Poblacht na hOstaire AT Vín Ostarach Ostarach euro EUR cent
  Panama Poblacht Phanama PA Panama Panamach Panamach balboa PAB centésimo
dollar na Stát Aontaithe USD cent
  Paragua Poblacht Pharagua PY Asunción Paraguach Paraguach guaraní PYG céntimo
  Peiriú Poblacht Pheiriú PE Líoma Peiriúch Peiriúch sol PEN céntimo
  an Phacastáin Poblacht Ioslamach na Pacastáine PK Islamabad Pacastánach Pacastánach rúipí na Pacastáine PKR paisa
  an Phoblacht Dhoiminiceach an Phoblacht Dhoiminiceach DO Santo Domingo Doiminiceach Doiminiceach peso na Poblachta Doiminicí DOP centavo
  an Pholainn Poblacht na Polainne PL Vársá Polannach Polannach zloty PLN grosz
  an Phortaingéil Poblacht na Portaingéile PT Liospóin Portaingéalach Portaingéalach euro EUR cent
  Poblacht Dhaonlathach an Chongó Poblacht Dhaonlathach an Chongó CD Kinshasa duine ó/as Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (CD1) ó/as Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (CD1) franc an Chongó CDF centime
  Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine: féach an Mhacadóin Thuaidh
  Poblacht na hAfraice Láir Poblacht na hAfraice Láir CF Bangui duine ó/as Phoblacht na hAfraice Láir ó/as Phoblacht na hAfraice Láir franc CFA (BEAC) XAF centime
  Polainéis na Fraince (PF1) Polainéis na Fraince PF Papeete Polainéiseach Polainéiseach franc CFP XPF centime
  Pórtó Ríce (PR1) Comhlathas Phórtó Ríce PR San Juan Pórtó Ríceach Pórtó Ríceach dollar na Stát Aontaithe USD cent
  an Ríocht Aontaithe (UK1) Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann UK Londain Briotanach Briotanach punt steirling GBP pingin
  an Rómáin an Rómáin RO Búcairist Rómánach Rómánach leu na Rómáine RON ban
  Ruanda Poblacht Ruanda RW Kigali Ruandach Ruandach franc Ruanda RWF centime
  an Rúis Cónaidhm na Rúise RU Moscó Rúiseach Rúiseach rúbal na Rúise RUB kopek
  an Sahára Thiar (EH1) an Sahára Thiar EH Laayoune duine ón Sahára Thiar ón Sahára Thiar dirham Mharacó MAD centime
  an tSaimbia Poblacht na Saimbia ZM Lusaka Saimbiach Saimbiach kwacha na Saimbia ZMW ngwee
  Saint-Barthélemy (BL1) Comhroinn Saint-Barthélemy BL Gustavia duine ó/as Saint-Barthélemy ó/as Saint-Barthélemy euro EUR cent
  Saint Lucia Saint Lucia LC Castries duine ó/as Saint Lucia ó/as Saint Lucia dollar na Cairibe Thoir XCD cent
  Saint-Martin (MF1) Comhroinn Saint-Martin MF Marigot duine ó/as Saint-Martin ó/as Saint-Martin euro EUR cent
  an tSalvadóir Poblacht na Salvadóire SV San Salvador Salvadórach Salvadórach colón na Salvadóire (SV1) SVC centavo
dollar na Stát Aontaithe USD cent
  Samó Stát Neamhspleách Shamó WS Apia Samóch Samóch tala WST sene
  Samó Mheiriceá (AS1) Críoch Shamó Mheiriceá AS Pago Pago (AS2) Samóch Meiriceánach Samóch Meiriceánach dollar na Stát Aontaithe USD cent
  San Críostóir-Nimheas Cónaidhm San Críostóir-Nimheas KN Basseterre duine ó/as Shan Críostóir-Nimheas ó/as Shan Críostóir-Nimheas dollar na Cairibe Thoir XCD cent
  San Héilin, Oileán na Deascabhála agus Tristan da Cunha (SH1) San Héilin, Oileán na Deascabhála agus Tristan da Cunha SH Jamestown duine ó/as Shan Héilin, Oileán na Deascabhála agus Tristan da Cunha ó/as Shan Héilin, Oileán na Deascabhála agus Tristan da Cunha punt San Héilin (San Héilin agus Oileán na Deascabhála) SHP pingin
punt steirling (Oileán na Deascabhála agus Tristan da Cunha) GBP pingin
  San Mairíne Poblacht San Mairíne SM San Mairíne San Mairíneach San Mairíneach euro EUR cent
  San Pierre agus Miquelon (PM1) Comhroinn Chríochach San Pierre agus Miquelon PM San Pierre duine ó/as Shan Pierre agus Miquelon ó/as Shan Pierre agus Miquelon euro EUR cent
  San Uinseann agus na Greanáidíní San Uinseann agus na Greanáidíní VC Kingstown duine ó/as Shan Uinseann agus na Greanáidíní ó/as Shan Uinseann agus na Greanáidíní dollar na Cairibe Thoir XCD cent
  São Tomé agus Príncipe Poblacht Dhaonlathach São Tomé agus Príncipe ST São Tomé duine ó/as São Tomé agus Príncipe ó/as São Tomé agus Príncipe dobra STN cêntimo
  Sead Poblacht Shead TD N’Djamena Seadach Seadach franc CFA (BEAC) XAF centime
  an tSeapáin an tSeapáin JP Tóiceo Seapánach Seapánach yen JPY [sen] (JP1)
  an tSeicia Poblacht na Seice CZ Prág Seiceach Seiceach koruna Phoblacht na Seice CZK halér
  an tSeineagáil Poblacht na Seineagáile SN Dacár Seineagálach Seineagálach franc CFA (BCEAO) XOF centime
  an tSeirbia Poblacht na Seirbia RS Béalgrád Seirbiach Seirbiach dinar na Seirbia RSD para
  na Séiséil Poblacht na Séiséal SC Victoria Séiséalach Séiséalach rúipí na Séiséal SCR cent
  an tSeoirsia an tSeoirsia GE Tbilisi Seoirseach Seoirseach lari GEL tetri
  an tSeoirsia Theas agus Oileáin Sandwich Theas (GS1) an tSeoirsia Theas agus Oileáin Sandwich Theas GS King Edward Point (Grytviken) ó/as Sheoirsia Theas agus Oileáin Sandwich Theas
  Siarra Leon Poblacht Shiarra Leon SL Freetown Siarra Leonach Sierra Leonach leone SLL (SL1) cent
leone SLE (SL1) cent
  an tSile Poblacht na Sile CL Santiago Sileach Sileach peso na Sile CLP centavo
  an tSín Daon-Phoblacht na Síne CN Béising Síneach Síneach renminbi-yuan CNY jiao (10)
fen (100)
  Singeapór Poblacht Shingeapór SG Singeapór Singeapórach Singeapórach dollar Shingeapór SGD cent
  Sint Maarten (SX1) Sint Maarten SX Philipsburg duine ó/as Sint Maarten ó/as Sint Maarten gildear Aintillí na hÍsiltíre (SX1) ANG cent
  an tSiombáib Poblacht na Siombáibe ZW Harare Siombábach Siombábach dollar na Siombáibe ZWL cent
  an tSiria Poblacht Arabach na Siria SY an Damaisc Siriach Siriach punt na Siria SYP piastar
  an tSlóivéin Poblacht na Slóivéine SI Liúibleána Slóivéanach Slóivéanach euro EUR cent
  an tSlóvaic Poblacht na Slóvaice SK an Bhratasláiv Slóvacach Slóvacach euro EUR cent
  an tSomáil Poblacht Chónaidhme na Somáile SO Mogaidisiú Somálach Somálach scilling na Somáile SOS cent
  an Spáinn Ríocht na Spáinne ES Maidrid Spáinneach Spáinneach euro EUR cent
  Srí Lanca Poblacht Dhaonlathach Shóisialach Shrí Lanca LK Sri Jayawardenapura-Kotte (LK1) Srí Lancach Srí Lancach rúipí Shrí Lanca LKR cent
  na Stáit Aontaithe Stáit Aontaithe Mheiriceá US Washington Meiriceánach Meiriceánach dollar na Stát Aontaithe USD cent
  Stát Chathair na Vatacáine: féach an Suí Naofa/Stát Chathair na Vatacáine
  an tSualainn Ríocht na Sualainne SE Stócólm Sualannach Sualannach krona na Sualainne SEK öre
  an tSuasalainn: féach Eswatini
  an tSúdáin Poblacht na Súdáine SD Cartúm Súdánach Súdánach punt na Súdáine SDG piastar
  an tSúdáin Theas Poblacht na Súdáine Theas SS Juba duine ón tSúdáin Theas ón tSúdáin Theas punt na Súdáine Theas SSP piastar
  an Suí Naofa/Stát Chathair na Vatacáine (VA1) an Suí Naofa/Stát Chathair na Vatacáine VA —/Stát Chathair na Vatacáine duine ón Suí Naofa/duine ó Stát Chathair na Vatacáine ón Suí Naofa/ó Stát Chathair na Vatacáine euro EUR cent
  Suranam Poblacht Shuranam SR Paramaribo Suranamach Suranamach dollar Shuranam SRD cent
  Svalbard agus Jan Mayen (SJ1) Svalbard agus Jan Mayen SJ Longyearbyen (Svalbard), Olonkinbyen (Jan Mayen) duine ó/as Svalbard, duine ó/as Jan Mayen ó/as Svalbard, ó/as Jan Mayen krone na hIorua NOK øre
  an Táidsíceastáin Poblacht na Táidsíceastáine TJ Dushanbe Táidsíceastánach Táidsíceastánach somoni TJS diram
  an Tansáin Poblacht Aontaithe na Tansáine TZ Dodoma (TZ1) Tansánach Tansánach scilling na Tansáine TZS cent
  an Téalainn Ríocht na Téalainne TH Bangkok Téalannach Téalannach baht THB satang
  an Téaváin an Téaváin (TW1) TW Taipei duine ón Téaváin ón Téaváin dollar nua na Téaváine TWD fen
  Tíomór Thoir Poblacht Dhaonlathach Thíomór Thoir TL Dili duine ó/as Thíomór Thoir ó/as Thíomór Thoir dollar na Stát Aontaithe USD cent
  Tócalá (TK1) Tócalá TK (TK2) duine ó/as Thócalá ó/as Thócalá dollar na Nua-Shéalainne NZD cent
  Tóga Poblacht Thóga TG Lomé Tógalannach Tógalannach franc CFA (BCEAO) XOF centime
  Tonga Ríocht Thonga TO Nuku’alofa Tongach Tongach pa’anga TOP seniti
  an Túinéis Poblacht na Túinéise TN Túinis Túinéiseach Túinéiseach dinar na Túinéise TND millime
  an Tuirc Poblacht na Tuirce TR Ankara Turcach Turcach lira na Tuirce TRY kurus
  an Tuircméanastáin an Tuircméanastáin TM Ashgabat Tuircméanastánach Tuircméanastánach manat na Tuircméanastáine TMT tenge
  Tuvalu Tuvalu TV Funafuti  duine ó/as Tuvalu ó/as Tuvalu dollar na hAstráile AUD cent
  an Úcráin an Úcráin UA Cív Úcránach Úcránach hryvnia UAH kopiyka
  Uganda Poblacht Uganda UG Kampala Ugandach Ugandach scilling Uganda UGX cent
  an Úisbéiceastáin Poblacht na hÚisbéiceastáine UZ Tashkent Úisbéiceasteánach Úisbéiceasteánach sum UZS tiyin
  an Ungáir an Ungáir HU Búdaipeist Ungárach Ungárach forint HUF [fillér]
  Uragua Poblacht Oirthearach Uragua UY Montevideo Uraguach Uraguach peso Uragua UYU centésimo
  Wallis agus Futuna (WF1) Oileáin Wallis agus Futuna WF Mata-Utu duine ó/as Wallis agus Futuna ó/as Wallis agus Futuna franc CFP XPF centime
  Vanuatú Poblacht Vanuatú VU Port Vila Vanuatúach Vanuatúach vatu VUV
  Veiniséala Poblacht Bholavarach Veiniséala VE Caracas Veiniséalach Veiniséalach bolívar soberano VES (VE1) céntimo
  Vítneam Poblacht Shóisialach Vítneam VN Hanáí Vítneamach Vítneamach dong VND [hào (10)]
[xu (100)]

Nótaí a bhaineann le tíortha, críocha agus airgeadraí

Baineann na nótaí i gcló iodálach leis an leagan Gaeilge amháin.

(a)
Colún ‘Aidiacht’: ní féidir gach cineál aidiachta a liostú anseo, go háirithe áit nach bhfuil aidiacht faoi leith ar fáil (m.sh. ‘Aetópach’ do shaoránach ón Aetóip). Cinneadh, mar sin, eiseamláir amháin a chur isteach.
(1)
Colún ‘Cód tíre’: cóid ISO 3166 alpha 2, cé is moite den Ghréig agus den Ríocht Aontaithe (úsáidtear EL agus UK, in ionad GR agus GB). Féach freisin Pointe 7.1.1 (na giorrúcháin agus na hainmníochtaí a úsáidtear), Pointe 7.1.2 (ord liostaithe na dtíortha) agus Iarscríbhinn A6 (cóid na dtíortha agus na gcríoch).
(2)
Colún ‘Airgeadra’: franc CFA (BCEAO) = franc de la Communauté financière africaine (franc an Chomhphobail Airgeadais Afracaigh) arna eisiúint ag Banc Ceannais Stáit na hAfraice Thiar, franc CFA (BEAC) = franc de la Coopération financière en Afrique centrale (franc an Chomhair Airgeadais san Afraic Láir) arna eisiúint ag Banc Ceannais Stáit na hAfraice Láir.
(3)
Colún ‘Cód airgeadra’: cóid ISO 4217, seachas GGP (Geansaí), IMP (Manainn) agus JEP (Geirsí).
(4)
Colún ‘Fo-aonad airgeadra’: cent is ea fo-aonad an euro. Mar sin féin, de réir théarmaí aithris 2 de Rialachán (CE) Uimh. 974/98 ón gComhairle an 3 Bealtaine 1998, ní chuirfear bac ar leaganacha éagsúla den téarma a úsáid sa ghnáthchaint sna Ballstáit in ainneoin an t-ainm ‘cent’ a bheith sainmhínithe. Sa Ghaeilge, úsáidtear ‘cent’ agus ‘centanna’. I dtéacsanna an Aontais Eorpaigh, is fearr an téarma ‘cent’ a úsáid (atá éigeantach sna téacsanna dlí). Na fo-aonaid airgeadraí atá idir lúibíní cearnacha, ní úsáidtear iad a thuilleadh (ach ní tharraingítear siar iad go hoifigiúil).
* * *
(ZA1)
an Afraic Theas: is é Pretoria (Tshwane) an phríomhchathair riaracháin. Is é Cape Town an phríomhchathair reachtach (suíomh na Parlaiminte) agus is é Bloemfontein an phríomhchathair bhreithiúnach.
(AI1)
Anguilla: críoch thar lear de chuid na Ríochta Aontaithe.
(AW1)
Arúba: eintiteas féinrialaithe de chuid Ríocht na hÍsiltíre.
(BJ1)
Beinin: tá ceanncheathrú an rialtais lonnaithe in Cotonou.
(BM1)
Beirmiúda: críoch thar lear de chuid na Ríochta Aontaithe.
(BO1)
an Bholaiv: is é Sucre an phríomhchathair bhunreachtúil. Tá ceanncheathrú an rialtais lonnaithe in La Paz.
(BI1)
an Bhurúin: is é Gitega an caipiteal polaitiúil agus Bujumbura an caipiteal eacnamaíoch ón 4.2.2019.
(HR1)
an Chróit: the Kuna (HRK) and Euro (EUR) will be used during the parallel circulation period from 1 January 2023 to 14 January 2023 inclusive.
(CP1)
Clipperton: fearann poiblí de chuid na Fraince.
(CP2)
Clipperton: ní cuid de chaighdeán ISO 3166-1 an cód CP mar atá, ach is cód eisceachtúil é a choimeádann ISO.
(CI1)
an Cósta Eabhair: is é Yamoussoukro an phríomhchathair oifigiúil; is é Abidjan an lárionad riaracháin.
(IO1)
Críoch Aigéan Indiach na Breataine: críoch thar lear de chuid na Ríochta Aontaithe.
(TF1)
Críocha an Deiscirt agus an Antartaigh de chuid na Fraince: críoch thar lear de chuid na Fraince a bhfuil stádas ar leith acu.
(TF2)
Críocha an Deiscirt agus an Antartaigh de chuid na Fraince: arna rialú ag Saint-Pierre de la Réunion.
(CW1)
Cúrasó: eintiteas féinrialaithe de chuid Ríocht na hÍsiltíre ó 10.10.2010 (Aintillí na hÍsiltíre díscaoilte). Cé gur díscaoileadh Aintillí na hÍsiltíre an 10 Deireadh Fómhair 2010, choimeád Cúrasó agus Sint Maarten an t-airgeadra, gildear Aintillí na hÍsiltíre (ANG). Cruthófar airgeadra aonair (gildear na Cairibe).
(IE1)
Éire: ní úsáidtear ‘Poblacht na hÉireann’. Cé go n-úsáidtear an leagan sin i ndoiciméid áirithe, níl aon seasamh oifigiúil aige.
(GG1)
Geansaí: spleáchríoch de chuid Choróin na Breataine is ea Geansaí. Ní cuid den Ríocht Aontaithe í ach braitheann sí uirthi i gcúrsaí a bhaineann le caidreamh eachtrach.
(GG2)
Geansaí: úsáidtear malairt den phunt steirling nach bhfuil cód ISO aige. Má tá cód ar leith ag teastáil, úsáidtear an cód GGP de ghnáth.
(JE1)
Geirsí: spleáchríoch de chuid Choróin na Breataine is ea Geirsí. Ní cuid den Ríocht Aontaithe í ach braitheann sí uirthi i gcúrsaí a bhaineann le caidreamh eachtrach.
(JE2)
Geirsí: úsáidtear malairt den phunt steirling nach bhfuil cód ISO aige. Má tá cód ar leith ag teastáil, úsáidtear an cód JEP de ghnáth.
(GL1)
an Ghraonlainn: críoch fhéinrialaithe de chuid na Danmhairge.
(GI1)
Giobráltar: críoch thar lear de chuid na Ríochta Aontaithe.
(GP1)
Guadalúip: roinn agus réigiún thar lear de chuid na Fraince (DOM-ROM = département et région d’outre-mer).
(GF1)
Guáin na Fraince: roinn agus réigiún thar lear de chuid na Fraince (DOM-ROM = département et région d’outre-mer).
(GU1)
Guam: críoch de chuid Stát Aontaithe Mheiriceá.
(HK1)
Hong Cong: úsáidtear an t-ainm ‘Hong Cong, an tSín’ i gcomhthéacsanna áirithe. Deirtear in Airteagal 151 den Dlí Bunúsach go bhféadfaidh Sainréigiún Riaracháin Hong Cong, agus an t-ainm ‘Hong Cong, an tSín’ á úsáid aige, an méid seo a leanas a dhéanamh ar a chonlán féin: caidreamh a chothabháil agus a fhorbairt, comhaontuithe a thabhairt i gcrích agus a chur i bhfeidhm le stáit agus réigiúin choigríche agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha i réimsí iomchuí lena n-áirítear an eacnamaíoch, an trádáil, an t-airgeadas, an airgeadaíocht, an loingseoireacht, an chumarsáid, an turasóireacht, an cultúr agus an spórt.
(HK2)
Hong Cong: is féidir an t-ainm fada a ghiorrú: ‘Sainréigiún Riaracháin Hong Cong’ nó ‘Hong Cong SAR’.
(HK3)
Hong Cong: is é Béising an phríomhchathair oifigiúil. Tá an lárionad riaracháin lonnaithe in Government Hill.
(IR1)
an Iaráin: tá an rial roinnte go hoifigiúil i 100 dinars ach tá a luach chomh híseal sin inniu nach n-úsáidtear na codáin a thuilleadh; ar an taobh eile, úsáideann na hIaránaigh an toman ar fiú 10 rials é.
(IS1)
an Íoslainn: ní úsáidtear ‘Poblacht na hÍoslainne’. Cé go n-úsáidtear an leagan sin i ndoiciméid áirithe, níl aon seasamh oifigiúil aige.
(IL1)
Iosrael: is é Iarúsailéim suíomh an rialtais, na Parlaiminte (Knesset) agus na Cúirte Uachtaraí. Tá ambasáidí Bhallstáit an Aontais Eorpaigh in Tel Aviv.
(NL1)
an Ísiltír: úsáidtear ‘an Ísiltír’ agus ní úsáidtear ‘an Ollainn’. Níl san Ollainn ach cuid den Ísiltír (na cúigí Dheisceart agus Thuaisceart na hOllainne). Ní gá an cás uachtair a úsáid maidir leis an litir ‘a’ den fhocal ‘an’ i.e. ‘an Ísiltír’.
(NL2)
an Ísiltír: is é Amstardam an phríomhchathair bhunreachtúil. Is é an Háig suíomh na cúirte, an rialtais, na Parlaiminte agus na n-ambasáidí.
(RE1)
La Réunion: roinn agus réigiún thar lear de chuid na Fraince (DOM-ROM = département et région d’outre-mer).
(MK*)
an Mhacadóin Thuaidh: ní úsáidtear ‘Tuaisceart na Macadóine’ ná ‘Poblacht Tuaisceart na Macadóine’.
(MK1)
an Mhacadóin Thuaidh: de réir Chomhaontú Prespa, tá an tagairt ‘Macadónach/saoránach de Phoblacht na Macadóine Thuaidh’ le húsáid ina hiomláine.
(MK2)
an Mhacadóin Thuaidh: an tagairt aidiachtúil don Stát, dá fhorais oifigiúla, agus d’eintitis phoiblí eile mar aon le heintitis agus gníomhaithe a bhaineann leis an Stát, a bhunaítear le dlí agus a theachtann tacaíocht airgeadais ón Stát do ghníomhaíochtaí thar lear, beidh an tagairt sin i gcomhréir le hainm oifigiúil an Stáit nó lena ainm gearr, mar shampla ‘(ó/as/de chuid) P(h)oblacht na Macadóine Thuaidh’ nó ‘ó/as an Macadóin Thuaidh/(de chuid) na Macadóine Thuaidh’. Ní fhéadfar tagairtí aidiachtúla eile, lena n-áirítear ‘Macadónach’ a úsáid in aon cheann de na cásanna thuasluaite.
I gcás úsáidí aidiachtúla eile, lena n-áirítear tagairtí d’eintitis phríobháideacha agus do ghníomhaithe príobháideacha nach mbaineann leis an Stát ná le heintitis phoiblí, nach mbunaítear le dlí agus nach dteachtann tacaíocht airgeadais ón Stát do ghníomhaíochtaí thar lear, féadfar an aidiacht ‘Macadónach’ a úsáid. Féadfar an aidiacht ‘Macadónach’ a úsáid freisin do ghníomhaíochtaí. Ní dochar an méid seo don phróiseas a bunaíodh le Comhaontú Prespa maidir le hainmneacha tráchtála, trádmharcanna agus ainmneacha branda ná d'ainmneacha comhshuite na gcathracha sin arb ann dóibh ar dháta sínithe Chomhaontú Prespa.
(MO1)
Macao: úsáidtear an t-ainm ‘Macao, an tSín’ i gcomhthéacsanna áirithe. Deirtear in Airteagal 136 den Dlí Bunúsach go bhféadfaidh Sainréigiún Riaracháin Macao, agus an t-ainm ‘Macao, an tSín’ á úsáid aige, an méid seo a leanas a dhéanamh ar a chonlán féin: caidreamh a chothabháil agus a fhorbairt, comhaontuithe a thabhairt i gcrích agus a chur i bhfeidhm le stáit agus réigiúin choigríche agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha i réimsí iomchuí lena n-áirítear an eacnamaíocht, an trádáil, an t-airgeadas, an airgeadaíocht, an loingseoireacht, an chumarsáid, an turasóireacht, an cultúr, an eolaíocht, an teicneolaíocht agus an spórt.
(MO2)
Macao: is féidir an t-ainm fada a ghiorrú: ‘Sainréigiún Riaracháin Macao’ nó ‘Macao SAR’.
(MO3)
Macao: is é Béising an phríomhchathair oifigiúil. Tá an lárionad riaracháin lonnaithe in Macao.
(MM1)
Maenmar/Burma: úsáideann na Náisiúin Aontaithe na téarmaí ‘Maenmar’ (an gearrtheideal) agus ‘Poblacht Aontas Mhaenmar’ (an teideal fada), ach moltar an fhoirm ‘Maenmar/Burma’ a úsáid i dtéacsanna an AE.
(MQ1)
Martinique: críoch agus roinn thar lear de chuid na Fraince (DOM-ROM = département et région d’outre-mer).
(YT1)
Mayotte: bhíodh sé ina chomhroinn Fhrancach thar lear (COM = collectivité d’outre-mer), leis an ainmníocht speisialta ‘Comhroinn Mayotte’. Is críoch agus roinn thar lear é Mayotte anois ón 31 Márta 2011 (DOM-ROM = département et région d’outre-mer).
(MY1)
an Mhalaeisia: is é Kuala Lumpur an phríomhchathair oifigiúil. Tá ceanncheathrú an rialtais lonnaithe in Putrajaya.
(MS1)
Montsarat: críoch thar lear de chuid na Ríochta Aontaithe.
(MS2)
Montsarat: toisc gur scriosadh a phríomhchathair Plymouth i mbrúchtadh bolcánach, aistríodh institiúidí an rialtais go Brades.
(NU1)
Niue: stát féinrialaithe i saorchomhlachas leis an Nua-Shéalainn.
(NC1)
an Nua-Chaladóin: comhroinn Fhrancach sui generis.
(AX1)
Oileáin Åland: tá stádas féinrialaithe ag na hoileáin sin, faoi cheannasacht na Fionlainne. Tá an caidreamh speisialta idir an tAontas Eorpach agus Oileáin Åland leagtha amach i bPrótacal atá i gceangal leis an Ionstraim Aontachais (Prótacal ina ndearbhaítear anuas air sin stádas speisialta Oileáin Åland sa dlí idirnáisiúnta).
(UM1)
Oileáin Bheaga Fhorimeallacha na Stát Aontaithe: críocha de chuid Stát Aontaithe Mheiriceá.
(VG1)
Oileáin Bhriotanacha na Maighdean: críoch thar lear de chuid na Ríochta Aontaithe.
(KY1)
Oileáin Cayman: críoch thar lear de chuid na Ríochta Aontaithe.
(CC1)
Oileáin Cocos (Keeling): críoch de chuid na hAstráile.
(CK1)
Oileáin Cook: stát féinrialaithe i saorchomhlachas leis an Nua-Shéalainn.
(FK1)
Oileáin Fháclainne: críoch thar lear de chuid na Ríochta Aontaithe.
(FO1)
Oileáin Fharó: críoch fhéinrialaithe de chuid na Danmhairge.
(MP1)
na hOileáin Mháirianacha Thuaidh: comhlathas atá in aontas polaitiúil le Stáit Aontaithe Mheiriceá.
(IM1)
Oileán Mhanann: spleáchríoch de chuid Choróin na Breataine is ea Oileán Mhanann. Ní cuid den Ríocht Aontaithe í ach braitheann sí uirthi i gcúrsaí a bhaineann le caidreamh eachtrach.
(IM2)
Oileán Mhanann: úsáidtear malairt den phunt steirling nach bhfuil cód ISO aige. Má tá cód ar leith ag teastáil, úsáidtear an cód IMP de ghnáth.
(VI1)
Oileáin Mheiriceánacha na Maighdean: críoch de chuid Stát Aontaithe Mheiriceá.
(TC1)
Oileáin na dTurcach agus Caicos: críoch thar lear de chuid na Ríochta Aontaithe.
(PN1)
Oileáin Pitcairn: críoch thar lear de chuid na Ríochta Aontaithe.
(BV1)
Oileán Bouvet: críoch neamháitrithe de chuid na hIorua.
(HM1)
Oileán Heard agus Oileáin McDonald: críoch de chuid na hAstráile.
(CX1)
Oileán na Nollag: críoch de chuid na hAstráile (gan é a mheascadh suas le hOileán na Nollag, nó Kiritimati, a bhaineann le Poblacht Chireabaití).
(NF1)
Oileán Norfolk: críoch fhéinrialaithe de chuid na hAstráile.
(CD1)
Poblacht Dhaonlathach an Chongó: is féidir ‘Congólach’ a úsáid chomh maith fad is nach gcuirfeadh sé Poblacht an Chongó i gcuimhne don léitheoir.
(PF1)
Polainéis na Fraince: comhroinn Fhrancach thar lear (COM = collectivité d’outre-mer); tá an t-ainm speisialta ‘Tír Thar Lear Pholainéis na Fraince’ aige chomh maith.
(PR1)
Pórtó Ríce: comhlathas atá in aontas polaitiúil le Stáit Aontaithe Mheiriceá.
(UK1)
an Ríocht Aontaithe: Úsáidtear ‘an Ríocht Aontaithe’, ní úsáidtear ‘an Bhreatain Mhór’, a chuimsíonn Sasana, Albain agus an Bhreatain Bheag. Is iad na 3thír seo, mar aon le Tuaisceart Éireann, comhdhamhnaí ‘na Ríochta Aontaithe’. Níl sa téarma ‘Éire agus an Bhreatain Mhór’ ach téarma tíreolaíoch a chuimsíonn Éire agus na críocha atá spléach ar an gCoróin (Oileán Mhanann agus Oileáin Mhuir nIocht, agus nach páirt den Ríocht Aontaithe iad.
(EH1)
an Sahára Thiar: críoch faoi dhíospóid idir Maracó agus Fronta Polisario. In 1976, d’fhógair Fronta Polisario an Phoblacht Arabach Sahárach Neamhspleách (RASD), ach ní thugann an tAontas Eorpach aitheantas oifigiúil dó. Tá caibidlíocht ar siúl faoi mhaoirsiú na Náisiún Aontaithe.
(BL1)
Saint-Barthélemy: comhroinn Fhrancach thar lear (COM = collectivité d’outre-mer) leis an ainmníocht speisialta ‘Comhroinn Saint-Barthélemy’.
(MF1)
Saint-Martin: comhroinn Fhrancach thar lear (COM = collectivité d’outre-mer) leis an ainmníocht speisialta ‘Comhroinn Saint-Martin’.
(SV1)
an tSalvadóir: cé nach n-úsáidtéar é a thuilleadh ach go fíor annamh, tá stádas airgeadra oifigiúil ag an Colón Salvadorian go fóill.
(AS1)
Samó Mheiriceá: críoch de chuid Stát Aontaithe Mheiriceá.
(AS2)
Samó Mheiriceá: is í Pago Pago an phríomhchathair oifigiúil (Suíomh bunreachtúil an rialtais: Fagatogo).
(SH1)
San Héilin, Oileán na Deascabhála agus Tristan da Cunha: críoch thar lear de chuid na Ríochta Aontaithe.
(PM1)
San Pierre agus Miquelon: comhroinn Fhrancach thar lear (COM = collectivité d’outre-mer) leis an ainmníocht speisialta ‘Comhroinn Chríochach San Pierre agus Miquelon’.
(JP1)
an tSeapáin: ní úsáidtear an sen ach le haghaidh cúiseanna cuntasaíochta amháin.
(GS1)
an tSeoirsia Theas agus Oileáin Sandwich Theas: críoch thar lear de chuid na Ríochta Aontaithe (arna rialú ag na hOileáin Fháclainne).
(SL1)
Siarra Leon: the Sierra Leonean currency has been redenominated by removing three zeros from the denominations. A new currency code (SLE) represents the new valuation. During the transition period, from 1 July 2022 to 31 December 2023, both the old leone and the new leone will be in circulation.
(SX1)
Sint Maarten: eintiteas féinrialaithe de chuid Ríocht na hÍsiltíre ón 10 Deireadh Fómhair 2010 (Aintillí na hÍsiltíre díscaoilte). Cé gur díscaoileadh Aintillí na hÍsiltíre an 10 Deireadh Fómhair 2010, choimeád Cúrasó agus Sint Maarten an t-airgeadra, gildear Aintillí na hÍsiltíre (ANG). Cruthófar airgeadra aonair (gildear na Cairibe).
(LK1)
Srí Lanca: Is é Sri Jayawardenapura-Kotte an phríomhchathair riaracháin agus is é Colomobo an phríomhchathair thráchtála.
(VA1)
an Suí Naofa/Stát Chathair na Vatacáine: is dhá eintiteas ar leith faoin dlí idirnáisiúnta iad an Suí Naofa agus Stát Chathair na Vatacáine (le haghaidh tuilleadh eolais, féach an láithreán oifigiúil: http://www.vatican.va/news_services/press/documentazione/documents/corpo-diplomatico_index_en.html).
Is é an Suí Naofa, agus ní Stát Chathair na Vatacáine atá creidiúnaithe do na hinstitiúidí Eorpacha agus do stáit cheannasacha agus d’eagraíochtaí speisialaithe na Náisiún Aontaithe.
(SJ1)
Svalbard agus Jan Mayen: críocha de chuid na hIorua.
(TZ1)
an Tansáin: tá mórán institiúidí lonnaithe fós in Dar es Salaam.
(TW1)
an Téaváin: na rialtais nach bhfuil caidreamh taidhleoireachta acu níos mó le Taipei de bharr rúin ó na Náisiúin Aontaithe i mí Dheireadh Fómhair 1971, tugann siad ‘an Téaváin’ air mar ainm; tugann údarás Taipei aitheantas do ‘Poblacht na Síne’ mar ainm oifigiúil.
(TK1)
Tócalá: críoch de chuid na Nua-Shéalainne.
(TK2)
Tócalá: níl aon phríomhchathair ann. Tá a lárionad riaracháin féin ag gach ceann de na trí atoll.
(WF1)
Wallis agus Futuna: comhroinn Fhrancach thar lear (COM = collectivité d’outre-mer).
(VE1)
Veiniséala: cuireadh an bolívar soberano (VES) i gcúrsaíocht an 20 Lúnasa 2018, in ionad an bolivar (VEF): 1 VES = 100 000 VEF. Cé gur tarraingíodh siar an iar-bolívar ar an dáta céanna, tá roinnt nótaí ainmnithe VEF arna gcinneadh ag Banc Ceannais Veiniséala fós i gcúrsaíocht, chomh maith leis an airgeadra nua. Cuirfidh an Banc Ceannais in iúl níos déanaí dáta foirceanta na nótaí sin.
barr an leathanaigh
leathanach roimhe seoan chéad leathanach eile