ISSN 1831-5380
Léarcsáil an tsuímh | Fógra dlíthiúil | Fianáin | Ceisteanna coitianta | Teagmháil | Priontáil
EU-27, stát aontach agus tíortha is iarrthóirí (enfr)

7.1. Tíortha

7.1.1. Ainmniú agus giorrúcháin a úsáidtear

(Féach freisin Iarscríbhinní A5 agus A6.)

Ballstáit

Ní foláir ainmneacha Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a scríobh agus a ghiorrú de réir na rialacha seo a leanas:

úsáidtear an cód ISO (ISO 3166 alpha-2), a bhfuil dhá litir ann, ach amháin maidir leis an nGréig, agus moltar an giorrúchán EL ina leith sin,
tá ord prótacail na mBallstát bunaithe ar ord aibítre a n-ainmneacha tíreolaíocha sa teanga bhunaidh/sna teangacha bunaidh (féach freisin Pointe 7.1.2, “Ord liostaithe na dtíortha”).
Ainm gearr, teanga fhoinseach/teangacha foinseacha (ainm tíreolaíoch) (1) Ainm oifigiúil, teanga fhoinseach/teangacha foinseacha (ainm prótacail) Ainm gearr i nGaeilge (ainm tíreolaíoch) Ainm oifigiúil i nGaeilge (ainm prótacail) Cód tíre (2) Iarghiorrúchán (2)
Belgique/België Royaume de Belgique/
Koninkrijk België
an Bheilg Ríocht na Beilge BE B
България (*) Република България an Bhulgáir Poblacht na Bulgáire BG
Česko Česká republika an tSeicia Poblacht na Seice CZ
Danmark Kongeriget Danmark an Danmhairg Ríocht na Danmhairge DK DK
Deutschland Bundesrepublik Deutschland an Ghearmáin Poblacht Chónaidhme na Gearmáine DE D
Eesti Eesti Vabariik an Eastóin Poblacht na hEastóine EE
Éire/Ireland Éire/Ireland Éire Éire IE IRL
Ελλάδα (*) Ελληνική Δημοκρατία an Ghréig an Phoblacht Heilléanach EL EL
España Reino de España an Spáinn Ríocht na Spáinne ES E
France République française an Fhrainc Poblacht na Fraince FR F
Hrvatska Republika Hrvatska an Chróit Poblacht na Cróite HR
Italia Repubblica italiana an Iodáil Poblacht na hIodáile IT I
Κύπρος (*) Κυπριακή Δημοκρατία an Chipir Poblacht na Cipire CY
Latvija Latvijas Republika an Laitvia Poblacht na Laitvia LV
Lietuva Lietuvos Respublika an Liotuáin Poblacht na Liotuáine LT
Luxembourg Grand-Duché de Luxembourg Lucsamburg Ard-Diúcacht Lucsamburg LU L
Magyarország Magyarország an Ungáir an Ungáir HU
Malta Repubblika ta’ Malta Málta Poblacht Mhálta MT
Nederland Koninkrijk der Nederlanden an Ísiltír Ríocht na hÍsiltíre NL NL
Österreich Republik Österreich an Ostair Poblacht na hOstaire AT A
Polska Rzeczpospolita Polska an Pholainn Poblacht na Polainne PL
Portugal República Portuguesa an Phortaingéil Poblacht na Portaingéile PT P
România România an Rómáin an Rómáin RO
Slovenija Republika Slovenija an tSlóivéin Poblacht na Slóivéine SI
Slovensko Slovenská republika an tSlóvaic Poblacht na Slóvaice SK
Suomi/Finland Suomen tasavalta/
Republiken Finland
an Fhionlainn Poblacht na Fionlainne FI FIN
Sverige Konungariket Sverige an tSualainn Ríocht na Sualainne SE S
(*)
Traslitriú Laidine: България = Bulgaria (an Bhulgáir); Ελλάδα = Elláda (an Ghréig); Κύπρος = Kýpros (an Chipir).
(1)
Is é an t-ainm gearr sa teanga fhoinseach/sna teangacha foinseacha a úsáidtear chun an t-ord prótacail a shocrú agus úsáidtear an t-ainm gearr i ndoiciméid ilteangacha (féach Pointe 7.1.2).
(2)
An giorrúchán a úsáidtear = an cód ISO, ach amháin maidir leis an nGréig, agus moltar an giorrúchán EL ina leith sin (in ionad an chóid ISO: GR). Baineadh úsáid as na hiarghiorrúcháin (a tógadh, den chuid is mó, as an gcód idirnáisiúnta do charranna) go dtí deireadh na bliana 2002.
NB:

Ní úsáidtear “Poblacht na hÉireann”. Cé go n-úsáidtear an leagan sin i ndoiciméid áirithe, níl aon seasamh oifigiúil aige.

Úsáidtear “an Ísiltír” seachas “an Ollainn” toisc nach bhfuil san Ollainn ach cuid den Ísiltír (cúigí Thuaisceart na hOllainne agus Dheisceart na hOllainne).

Tíortha nach Ballstáit iad

Is inmholta é, freisin, an cód ISO (ISO 3166 alpha-2), a bhfuil dhá litir ann, a úsáid maidir leis na tíortha nach Ballstáit iad.

Féach Iarscríbhinní A5 agus A6 le haghaidh an leagan amach a úsáidtear (ainm gearr, teideal oifigiúil, liosta chóid ISO).

Le haghaidh an oird is inmholta, féach Pointe 7.1.2.

EU-27, stát aontach agus tíortha is iarrthóirí (enfr)

Stát aontach/tTíortha is iarrthóirí

Ainm gearr, teanga fhoinseach/teangacha foinseacha (ainm tíreolaíoch) Ainm gearr i nGaeilge (ainm tíreolaíoch) Ainm oifigiúil i nGaeilge (ainm prótacail) Cód tíre
Bosna i Hercegovina/
Боснa и Херцеговинa
an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin BA
Crna Gora/Црна Гора Montainéagró Montainéagró ME
Republica Moldova an Mholdóiv Poblacht na Moldóive MD
Северна Македонија (1) an Mhacadóin Thuaidh Poblacht na Macadóine Thuaidh MK
Shqipëria Albáin Poblacht na hAlbáine AL
Srbija/Сpбија Seirbia Poblacht na Seirbia RS
Türkiye Tuirc Poblacht na Tuirce TR
Україна (2) an Úcráin an Úcráin UA
(1)
Traslitriú Laidine: Северна Македонија = Severna Makedonija.
(2)
Traslitriú Laidine: Україна = Ukraina.

An t-ainm oifigiúil nó an t-ainm gearr?

Ní foláir an leagan fada (an t-ainm oifigiúil) a úsáid nuair is an Stát mar eintiteas dlítheanach atá i gceist:

Dírítear an Cinneadh seo chuig Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann
Údaraítear do Phoblacht na Fraince …
NB:
Má athluaitear ainm an Stáit sa téacs, tá claonadh ann an leagan gearr a roghnú. Is féidir é seo a dhéanamh tríd an bhfrása “dá ngairtear … anseo feasta” a úsáid ar an gcéad ócáid a luaitear an t-ainm.

Úsáidtear an leagan gearr (an t-ainm gearr) nuair a thagraítear don Stát ar bhonn tíreolaíoch nó eacnamaíoch:

Oibrithe a bhfuil cónaí orthu sa Fhrainc
Onnmhairí as an nGréig …
NB:
I gcás roinnt Stát, is mar an gcéanna an leagan fada agus an leagan gearr:
Poblacht na hAfraice Láir
Éire
an Rómáin
Nuashonraithe: 24.1.2023
barr an leathanaigh
leathanach roimhe seoan chéad leathanach eile