7.1.2. Ord liostaithe na dtíortha
Ballstáit
An téacs
Liostaítear ainmneacha na mBallstát in ord aibítre a dteanga foinseach (ord prótacail) (féach Pointe 7.1.1).
Táblaí
Scríobhtar ainmneacha na dtíortha i dteanga an fhoilseacháin (Cás A). I roinnt cásanna áfach, ar chúiseanna teicniúla (tábla singil le haghaidh doiciméad ilteangach) féadfaidh ainmneacha na dtíortha a scríobh ina dteanga foinseacha (Cás B). Sa dá chás araon, liostaítear na Ballstáit de réir an oird phrótacail.
Cás A | ||
---|---|---|
Ballstát | Dáta sínithe |
Dáta curtha i bhfeidhm |
An Bheilg | 21.12.1990 | 1.1.1991 |
An Bhulgáir | 1.2.2007 | 15.2.2007 |
An tSeicia | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
An Danmhairg | 10.10.1991 | 1.1.1992 |
An Ghearmáin | 1.9.1990 | 1.1.1991 |
An Eastóin | 1.9.2005 | 1.1.2006 |
Éire | 12.12.1990 | 1.1.1991 |
An Ghréig | 10.10.1990 | 1.1.1991 |
An Spáinn | 3.2.1991 | 1.6.1991 |
An Fhrainc | 3.3.1991 | 1.6.1991 |
An Chróit | 1.1.2013 | 1.7.2013 |
An Iodáil | 10.10.1991 | 1.1.1992 |
An Chipir | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
An Laitvia | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
An Liotuáin | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
Lucsamburg | 10.10.1990 | 1.1.1991 |
An Ungáir | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
Málta | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
An Ísiltír | 11.11.1990 | 1.1.1991 |
An Ostair | 10.12.1990 | 1.1.1991 |
An Pholainn | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
An Phortaingéil | 1.3.1991 | 1.6.1991 |
An Rómáin | 1.2.2007 | 15.2.2007 |
An tSlóivéin | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
An tSlóvaic | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
An Fhionlainn | 1.2.1991 | 1.6.1991 |
An tSualainn | 3.3.1991 | 1.1.1992 |
Cás B | ||
---|---|---|
Ballstát | Dáta sínithe |
Dáta curtha i bhfeidhm |
Belgique/België | 21.12.1990 | 1.1.1991 |
България | 1.2.2007 | 15.2.2007 |
Česko | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
Danmark | 10.10.1991 | 1.1.1992 |
Deutschland | 1.9.1990 | 1.1.1991 |
Eesti | 1.9.2005 | 1.1.2006 |
Éire/Ireland | 12.12.1990 | 1.1.1991 |
Ελλάδα | 10.10.1990 | 1.1.1991 |
España | 3.2.1991 | 1.6.1991 |
France | 3.3.1991 | 1.6.1991 |
Hrvatska | 1.1.2013 | 1.7.2013 |
Italia | 10.10.1991 | 1.1.1992 |
Κύπρος | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
Latvija | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
Lietuva | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
Luxembourg | 10.10.1990 | 1.1.1991 |
Magyarország | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
Malta | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
Nederland | 11.11.1990 | 1.1.1991 |
Österreich | 10.12.1990 | 1.1.1991 |
Polska | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
Portugal | 1.3.1991 | 1.6.1991 |
România | 1.2.2007 | 15.2.2007 |
Slovenija | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
Slovensko | 10.10.2005 | 1.1.2006 |
Suomi/Finland | 1.2.1991 | 1.6.1991 |
Sverige | 3.3.1991 | 1.1.1992 |
Tíortha nach Ballstáit iad agus tíortha nach Ballstáit iad i dteannta le Ballstáit
An téacs
I dtéacs ina bhfuil liosta de thíortha nach Ballstáit iad nó liosta de thíortha nach Ballstáit iad i dteannta le Ballstáit, braitheann ord liostaithe na dtíortha ar theanga an fhoilseacháin. I bhfoilseacháin Ghaeilge úsáidtear ord aibítre na Gaeilge.
An Astráil, an Danmhairg, an Fhionlainn, an Rómáin, an Spáinn, na Stáit Aontaithe
Táblaí
Úsáidtear córas comhionann rangaithe i gcás tábla singil sna doiciméid ilteangacha. Dá bhrí sin liostaítear na tíortha in ord aibítre chóid na dtíortha. Is fearr na cóid seo a chur isteach sa chéad cholún sna táblaí, ionas go bhfuil an rangú soiléir don léitheoir, mar a léirítear thíos.
Cód tíre |
Páirtí conarthach | Táirgeacht (tonnaí) |
Daoine fostaithe (1 000) |
---|---|---|---|
AT | An Ostair | 50 000 | 75 |
AU | An Astráil | 70 000 | 120 |
BE | An Bheilg | 25 500 | 38 |
CH | An Eilvéis | 12 500 | 15 |
CN | An tSín | 750 000 | 1 500 |
DK | An Danmhairg | 22 000 | 40 |
JP | An tSeapáin | 150 000 | 150 |
NL | An Ísiltír | 32 000 | 45 |
NZ | An Nua-Shéalainn | 45 000 | 51 |
SE | An tSualainn | 10 000 | 15 |
US | Na Stáit Aontaithe | 350 000 | 220 |
Má liostaítear Ballstáit an Aontais Eorpaigh le chéile i mbarr an tábla, is de réir an oird phrótacail a liostaítear iad (féach Pointe 7.1.1, an chéad tábla).
Sa dara colún, scríobhtar ainmneacha na dtíortha i gcónaí i dteanga an fhoilseacháin. Mura n-úsáidfear ach na cóid, caithfear iad a mhíniú i ngluais ag tús an fhoilseacháin.