Fáilte chuig eagrán 2023 de Thaisteal san Eoraip!

Is í an nuacht mhór do thaistealaithe i mbliana ná gur tháinig an Chróit chun bheith an 27 dtír de limistéar Schengen an 1 Eanáir. Ciallaíonn sé seo go bhfuil deireadh curtha le seiceálacha ar dhaoine a thrasnaíonn na teorainneacha idir an Chróit agus na tíortha eile i limistéar Schengen — an crios saorthaistil is mó ar domhan. Tá an euro glactha ag an gCróit freisin, rud a chiallaíonn go mbaineann thart ar 347 milliún saoránach san Aontas úsáid as an airgeadra céanna anois.

Má tá cuairt á tabhairt agat ar an nGréig, ar an Ungáir nó ar an Rómáin, ná déan dearmad féachaint ar Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa i mbliana. Agus má tá tú sa Chipir nó sa Spáinn, cén fáth nach bhfiosrófá faoi Phríomhchathracha Eorpacha na Turasóireachta Cliste?

Cibé áit a bhfuil tú ag taisteal san Eoraip, coinnigh slán agus bíodh spraoi agat!

Gheobhaidh tú tuilleadh eolais, leideanna úsáideacha agus léarscáil den Eoraip san fhoilseachán seo.
Ordaigh nó íoslódáil an bhileog seo ag an seoladh seo a leanas: https://data.europa.eu/doi/10.2775/878893

Tá na mílte bliain den stair ag baint leis an Eoraip, tá oidhreacht shaibhir chultúrtha aici, mar aon le radhairc a bhainfeadh an anáil díot, agus is anseo atá cuid de na háiteanna saoire is mó a bhfuil tóir orthu ar domhan.

Tagann na milliúin ón gcoigríoch ar cuairt go dtí an Eoraip, ach chomh maith leis sin, is breá le muintir na hEorpa féin cuairt a thabhairt ar na cathracha agus ar na tíortha atá ar leac an dorais acu.

Tá sé chomh furasta céanna do mhuintir na hEorpa taisteal timpeall an Aontais agus atá sé taisteal laistigh dá dtír féin. Tá sé i bhfad níos éasca taisteal anois ó tharla go bhfuil deireadh curtha le formhór na seiceálacha a bhain le pasanna agus go bhfuil an t-aon airgeadra amháin — an euro — in úsáid i bhfiche tír den Aontas. Tagann saorghluaiseacht daoine, earraí, seirbhísí agus airgid leis an margadh aonair, agus tá rogha níos leithne agus praghsanna níos ísle ar fáil ó cuireadh an margadh aonair sin ar bun.

Tá níos mó agus níos mó Eorpaigh óga ag cur aithne níos fearr ar a mór-roinn féin a bhuí leis an bpas taistil DiscoverEU.

NA DOICIMÉID A ThEASTÓIDH UAIT

SAORÁNAIGH DEN AONTAS

Pas nó cárta aitheantais

De bharr Chomhaontú Schengen, tá deireadh curtha ag formhór na dtíortha san Aontas le seiceálacha ag a dteorainneacha.

Tá an Eilvéis, an Iorua, an Íoslainn agus Lichtinstéin i limistéar Schengen, cé nach baill den Aontas Eorpach iad. Fágann sé sin, mar shampla, gur féidir leat dul ag sciáil san Eilvéis gan do phas a thaispeáint agus tú ag trasnú na teorann ón Aontas.

Is féidir rialuithe teorann laistigh de limistéar Schengen a thabhairt isteach go heisceachtúil ar feadh tréimhse teoranta má tá bagairt thromchúiseach ar shábháilteacht nó ar shlándáil an phobail.

Agus tú ag taisteal chuig tíortha an Aontais nach tíortha de chuid limistéar Schengen iad, nó ag filleadh ó na tíortha sin, beidh ort pas bailí nó cárta aitheantais bailí a thaispeáint. Tá gach duine a thrasnaíonn teorainneacha seachtracha an Aontais, Saoránaigh de chuid an Aontais san áireamh, faoi réir seiceálacha córasacha in aghaidh bunachair sonraí ábhartha.

Fiú mura bhfuil pas de dhíth ort le haghaidh seiceálacha teorainn laistigh de Limistéar Schengen, beidh ort cáipéis taistil bhailí a bhreith leat (do phas nó cárta aitheantais) agus tú ag taisteal san Aontas toisc go bhféadfadh sé a bheith de dhíth chun críocha aitheantais nó slándála. Ní mór do pháistí a bpas nó a gcárta aitheantais féin a bheith acu. Tabhair do d’aire gurb é an cárta aitheantais a fhaightear ó d’údarás náisiúnta an t-aon chineál aitheantais amháin atá bailí.

Sula dtabharfaidh tú cuairt ar thír nach tír den Aontas í, seiceáil roimh ré cé na doiciméid a theastaíonn ón tír sin a bhfuil sé beartaithe agat cuairt a thabhairt uirthi.

Víosa

Ní theastóidh víosa uait nuair a bhíonn tú ag taisteal laistigh den Aontas Eorpach.
https://europa.eu/!uC67MV

DAOINE NACH SAORÁNAIGH DEN AONTAS IAD

Tabhair do d’aire go gcaitear le saoránaigh den Eilvéis, den Iorua, den Íoslainn agus de Lichtinstéin mar shaoránaigh den Aontas chun críocha taistil, sin agus nuair a théann siad isteach i dtíortha den Aontas ó tharla go bhfuil na ceithre thír sin páirteach i limistéar Schengen.

Pas

Teastóidh pas bailí uait.

Víosa

Tá víosa de dhíth ar Shaoránaigh ó bhreis agus 100 tír le cuairt a thabhairt ar an Aontas. Tá difríochtaí beaga idir an liosta de thíortha a dteastaíonn víosaí óna gcuid saoránach chun taisteal go hÉirinn agus an liosta de thíortha a dteastaíonn víosaí óna gcuid saoránach chun taisteal go tíortha eile de chuid an Aontais.

Is féidir iarratas ar víosa a dhéanamh ag consalacht nó ag ambasáid na tíre ar mian leat cuairt a thabhairt uirthi (nó ag consalacht nó ambasáid na tíre is ceann scríbe príomha duit). Is féidir leat taisteal chuig na tíortha go léir i limistéar Schengen má tá víosa Schengen agat. Má tá víosa fadfhanachta bailí nó cead cónaithe bailí agat a d’eisigh tír atá i limistéar Schengen, is ceadmhach duit fanacht ar feadh tréimhse suas le 90 lá i dtíortha eile i limistéar Schengen. D’fhéadfadh sé go dteastódh víosa náisiúnta uait chun cuairt a thabhairt ar thíortha den Aontas nach bhfuil i limistéar Schengen.
https://europa.eu/!7wTtqr
https://europa.eu/!fVBjgW

Tá breis agus 60 tír agus críoch ann nach dteastaíonn víosa óna gcuid saoránach chun cuairt a thabhairt ar an Aontas ar feadh tréimhse nach mó ná 90 lá. In 2024 beidh sé riachtanach ar chuairteoirí ó na tíortha seo iarratas a dhéanamh ar údarú taistil ETIAS. Beidh sé ag teastáil do dhaoine a bheidh ag taisteal chuig aon cheann de na tíortha atá i limistéar Schengen nó nach bhfuil atá liostaithe sa tábla thuas, seachas Éire. Déanfaidh an córas nua slándáil a mhéadú agus moilleanna ag an teorainn a sheachaint do thaistealaithe.
https://europa.eu/!4yXy4b

AIRGEAD

AIRGEAD

An euro

Faoi láthair, úsáideann níos mó ná trí cheathrú de shaoránaigh an Aontais an euro (€) gach lá, sin timpeall 347 milliún duine in 20 tír den Aontas: An Ostair, an Bheilg, an Chróit, an Chipir, an Eastóin, an Fhionlainn, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Ghréig, Éire, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Lucsamburg, Málta, an Ísiltír, an Phortaingéil, an tSlóvaic, an tSlóivéin, agus an Spáinn. Úsáideann Andóra, Cathair na Vatacáine, Monacó agus San Mairíne an euro mar airgeadra náisiúnta le comhaontú an Aontais. Úsáideann roinnt tíortha agus críoch, amhail an Chosaiv (*) agus Montainéagró, an euro mar airgeadra de facto freisin.

(*) Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

Cártaí agus airgead tirim

Sa lá atá inniu ann, cosnaíonn íocaíochtaí trasteorann euro, lena n-áirítear aistarraingtí meaisín bainc agus íocaíochtaí cárta, an méid céanna is a chosnaíonn siad sa bhaile do shaoránaigh den Aontas , cé go bhféadfadh sé go ngearrfaí táillí aistrithe airgeadra ort má tá tú i do chónaí lasmuigh den limistéar euro. Is féidir leat anois muirir comhshó airgeadra a sheiceáil agus iad a chur i gcomparáid le chéile go furasta aon uair a bheidh tú ag íoc le do chárta nó a bheidh tú ag aistarraingt airgead tirim thar lear.

Is cóir glao gutháin a chur ar an eisitheoir chun bac láithreach a chur ar aon chártaí bainc a chailltear nó a ghoidtear. Sula dtéann tú ag taisteal, breac síos an uimhir a mbeadh ort glao gutháin a chur uirthi.

Má thagann tú isteach san Aontas nó má fhágann tú é agus níos mó ná €10 000 in airgead tirim leat (*) (nó a chomhionann in airgeadraí eile), ní mór duit an t-airgead sin a fhógairt do na húdaráis chustaim.

(*) Is ionann airgead tirim agus nótaí bainc, boinn, ionstraimí soshannta iompróra agus cineálacha áirithe óir.

SIOPADÓIREACHT

LAISTIGH DEN AONTAS EORPACH

Níl aon teorainn leis an méid is ceadmhach duit a cheannach agus a thabhairt leat agus tú ag taisteal idir tíortha an Aontais fad is gur le haghaidh d’úsáide pearsanta féin é agus nach bhfuil sé le hathdhíol. Tá cánacha (cáin bhreisluacha agus dleachtanna máil) san áireamh sa phraghas a íocann tú agus ní féidir aon íocaíocht eile a éileamh ort in aon tír eile den Aontas.

Tá rialacha speisialta i bhfeidhm, áfach, i gcás earraí a bhfuil dleacht mháil le híoc orthu, amhail táirgí alcóil agus tobac. Is féidir le gach tír tairseacha a shocrú chun a chinneadh cé acu an le haghaidh úsáid phearsanta atáthar ag ceannach tobac agus alcóil nó nach ea. Má bhíonn líon mór de na hearraí sin á iompar agat, d’fhéadfadh sé go gceisteofaí thú chun a chinntiú nach bhfuil aon rún tráchtála agat. Mar sin féin, ní féidir le tíortha a dtreoirleibhéil a shocrú ag leibhéal níos ísle ná na méideanna sa tábla thíos.



TEACHT ISTEACH SAN AONTAS EORPACH

Má thagann tú isteach san Aontas ó thír nach tír den Aontas í, is féidir leat earraí le haghaidh úsáid phearsanta a thabhairt isteach leat saor ó cháin bhreisluacha (CBL) agus ó dhleachtanna máil de réir na dteorainneacha atá leagtha amach thíos. Is é an dála céanna é má thagann tú isteach ó chríocha eile nach bhfuil rialacha an Aontais maidir le CBL agus dleachtanna máil i bhfeidhm iontu.

Tá uasteorainn nó íosteorainn leis an méid tobac is ceadmhach duit a thabhairt isteach san Aontas ag brath ar an tír, agus ba cheart duit, dá bhrí sin, rialacha custaim an Bhallstáit a bhfuil tú ag triall air a sheiceáil.

(*) Is éard atá sa mhéid, i ngach cás ná 100 % den lamháltas iomlán le haghaidh táirgí tobac. Féadfaidh tú aon cheann díobh seo a chur le chéile ach a chinntiú nach sáróidh tú an teorainn iomlán. Mar shampla: 100 toitín (50 % den lamháltas) + 50 todóigín (50 % den lamháltas) = 100 % den lamháltas iomlán.

(**) I gcás biotáille agus fíon treisithe nó fíon súilíneach, is é gach méid díobh seo 100 % den lamháltas iomlán, agus is féidir leat an lamháltas sin a roinnt. Mar shampla, is ceadmhach duit leathlítear biotáille agus 1 lítear d’fhíon treisithe a thabhairt leat — is ionann iad sin agus leath an lamháltais.

Ní ceadmhach do thaistealaithe atá faoi bhun 17 mbliana d’aois úsáid a bhaint as na lamháltais alcóil agus tobac sin.

Má bhíonn tú ag taisteal ó Bhallstát go Ballstát eile trí thír nach Ballstát í (e.g. an Eilvéis), beidh ort rialacha custaim na tíre sin a sheiceáil.

Earraí eile, lena n-áirítear cumhrán:

  • luach suas le €430 do thaistealaithe aeir agus farraige
  • luach suas le €300 do thaistealaithe eile.

Cuireann roinnt tíortha de chuid an Aontais Eorpaigh íosteorainn i bhfeidhm maidir le taistealaithe faoi bhun 15 bliana d’aois, ach ní féidir léi a bheith níos ísle ná €150.
https://europa.eu/!Rn93gu

Bia

Ná déan dearmad mála athúsáidte a thabhairt leat agus tú ag dul ag siopadóireacht. De bharr rialacha an Aontais, tá laghdú ag teacht ar úsáid málaí plaisteacha, earraí a thruaillíonn an comhshaol agus a dhéanann damáiste dó. I bhformhór na dtíortha san Aontas anois bíonn ar thomhaltóirí íoc as gach mála a thugtar dóibh i siopa.

Níl aon srianta ginearálta i bhfeidhm maidir le táirgí feola nó déiríochta a iompar agus tú ag taisteal laistigh den Aontas. Mar sin féin, déan cinnte de nach dtabharfaidh tú earraí bia ina bhfuil feoil nó bainne, nó táirgí feola nó bainne, isteach san Aontas ó thíortha nach bhfuil san Aontas mar d’fhéadfadh sé go mbeadh pataiginí contúirteacha iontu a bhíonn mar chúis le trúig bhreoiteachta do bheostoc san Aontas, an galar crúb is béil agus fiabhras Afracach na muc mar shampla. Níl aon eisceacht ann seachas do dhaoine atá ag taisteal agus cainníochtaí beaga ar iompar acu le haghaidh úsáid phearsanta, taistealaithe as Andóra, as an Eilvéis, as an nGraonlainn, as an Iorua, as an Íoslainn, as Lichtinstéin, as Oileáin Fharó agus as San Mairíne.
https://europa.eu/!7Vg3Dc

CUIDIÚ DO THOMHALTÓIRÍ

CUIDIÚ DO THOMHALTÓIRÍ

Mar thomhaltóir, ráthaítear go gcaithfear go cóir leat, go mbeidh táirgí ar chaighdeán inghlactha ar fáil duit agus go mbeidh ceart chun cúitimh agat má théann rudaí ó rath, pé áit san Aontas ina bhfuil tú.

Bíodh a fhios agat cad atá tú a ithe

Is féidir leat a bheith cinnte de go mbeidh na caighdeáin sábháilteachta bia is airde i bhfeidhm a bhuí le dlíthe diana a bhaineann le bia a tháirgeadh, a phróiseáil agus a dhíol. Fágann rialacha maidir le lipéadú bia go gcuirtear faisnéis shoiléir chuimsitheach chruinn ar fáil faoi chomhábhar an bhia.

Bíodh a fhios agat cad atá tú a cheannach

Tá cosaint agat ar réimse leathan de chleachtais tráchtála éagóracha ar líne agus i siopaí. Tá cosc ar bhoscaí ar cuireadh tic leo roimh ré ar shuíomhanna gréasáin ionas nach n-íocfaidh tú as árachas taistil i ngan fhios duit féin agus tú ag ceannach ticéad eitleáin ar líne, mar shampla.

Déan comparáid idir praghsanna

Ní mór an praghas iomlán, CBL san áireamh, atá ar na hearraí ar fad atá ar díol a thaispeáint go soiléir agus an praghas in aghaidh an aonaid — an praghas in aghaidh an chileagraim nó in aghaidh an lítir. Nuair a bhíonn lóistín nó eitilt á gcur in áirithe ar líne, ní mór an praghas iomlán, lena n-áirítear muirir agus cánacha, a bheith le feiceáil ó thús an phróisis áirithinte.

Réitigh aon fhadhbanna

Tugann Líonra na Lárionad Eorpach do Thomhaltóirí faisnéis phraiticiúil maidir le cearta tomhaltóirí san Aontas Eorpach chomh maith le comhairle agus cúnamh saor in aisce i dtaca le gearáin nó díospóidí trasteorann a réiteach. Do chúnamh praiticiúil agus eolas agus tú ag taisteal, íoslódáil an aip (atá ar fáil i 25 teanga):
https://www.europe-consommateurs.eu/en/publications/ecc-net-travel-app/

Bí ag faire amach don lipéad

Is féidir le hÉicilipéad an Aontais cuidiú leat freisin óstáin, brúnna óige agus ionaid champála atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a aithint.

Cuideoidh an lógó seo leat teacht ar tháirgí orgánacha.

CONAS DUL ANN

TAISTEAL DE BHÓTHAR

Ceadúnas tiomána

Aon cheadúnas tiomána bailí a eisítear i dtír den Aontas, tugtar aitheantas dó ar fud an Aontais, agus san Eilvéis, san Iorua, san Íoslainn agus i Lichtinstéin.

Déantar gach ceadúnas nua a eisítear a phriontáil ar chárta plaisteach le formáid chaighdeánach Eorpach. I bhformhór na dtíortha, ní mór duit deimhniú clárúcháin d’fheithicle a bheith agat chomh maith le ceadúnas tiomána bailí a bheith ar iompar agat.

Ba cheart do thiománaithe nach as an Aontas dóibh a dheimhniú an bhfuil ceadúnas tiomána idirnáisiúnta ag teastáil uathu chun tiomáint sna tíortha den Aontas a bhfuil siad ag triall orthu, go háirithe más mian leo cuairt a thabhairt ar an gCipir, ar Éirinn, ar Mhálta agus ar an Spáinn.

Árachas gluaisteáin

Pé áit a bhfuil tú ag taisteal san Aontas, cuirfidh do pholasaí árachais éigeantach do ghluaisteáin clúdach ar fáil duit go huathoibríoch i dtaca le haon damáiste a dhéantar do thríú páirtí i dtimpiste bóthair (dliteanas tríú páirtí). Má tá árachas gluaisteáin cuimsitheach agat i do thír bhaile, d’fhéadfaí go gclúdaítear leis taisteal chuig tíortha eile. Mar sin féin, is ceart na tíortha lena mbaineann sé agus an tréimhse bhailíochta a sheiceáil sula n-imíonn tú.

Is doiciméad caighdeánach é an ráiteas Eorpach ar thimpistí atá le fáil i dteangacha éagsúla agus is féidir é a fháil ó d’árachóir nó ar líne. Leis an bhfoirm sin, is fusa dearbhú a dhéanamh ar an láthair má bhaineann timpiste duit i dtír eile.

Nuair a thaistealaíonn tú laistigh den Aontas le polasaí árachais dliteanais tríú páirtí arna eisiúint i dtír nach bhfuil san Aontas, d’fhéadfadh go mbeadh cárta glas ag teastáil uait, nó b’fhéidir go mbeadh ort árachas teorann a ghlacadh. Féadfaidh rialacha a bheith difriúil ag brath ar an tír ina n-eisítear an polasaí, mar sin seiceáil roimh ré.

Dolaí agus greamdhearbháin

Is le dolaí (bunaithe ar fhad slí) nó ‘greamdhearbháin’ (bunaithe ar am) a ghearrann mórán tíortha táillí as úsáid a gcuid bóithre. Déanann an tAontas Eorpach faireachán ar na scéimeanna muirearaithe sin lena chinntiú go bhfuil siad comhréireach agus nach ndéanann siad leatrom ar neamhchónaitheoirí ná ar úsáideoirí ócáideacha.

Tiomáint go sábháilte

I ngach tír san Aontas, ní mór criosanna sábhála a chaitheamh sna feithiclí go léir ina bhfuil siad feistithe. Ní mór srianta sábháilteachta cuí a bheith ann do pháistí.

Má úsáideann duine fón póca agus é ag tiomáint, is mó an baol atá ann go mbainfidh timpiste dó. Tá toirmeasc air sin i ngach tír den Aontas Eorpach agus san Eilvéis, san Iorua, san Íoslainn agus i Lichtinstéin, mura bhfuil gléas lámhshaor in úsáid ag an duine.

Cad iad na teorainneacha luais sa Spáinn? An gá dom clogad a chaitheamh agus mé ag rothaíocht sa tSualainn? Is féidir na rialacha tábhachtacha go léir maidir le sábháilteacht ar bhóithre a aimsiú ach an aip saor in aisce Going Abroad a íoslódáil:

https://europa.eu/!QnyRQp

De réir na tíre atá i gceist, is idir 0 mg/ml agus 0.8 mg/ml an t-uasleibhéal alcóil a cheadaítear san fhuil. Is féidir tiománaithe atá ag tiomáint ar róluas nó faoi thionchar an óil a aimsiú de bharr malartú trasteorann faisnéise níos fearr.

Ná dearmad gur ar thaobh na láimhe clé den bhóthar is ceart tiomáint sa Chipir, in Éirinn, agus i Málta agus nach mór duit de ghnáth géilleadh do thrácht ó thaobh na láimhe deise i dtíortha áirithe — sa Bheilg, sa Fhrainc, san Ísiltír agus sa Phortaingéil, mar shampla.


Carranna leictreacha

Úsáidtear an phlocóid chaighdeánaithe chéanna ar fud na mór-roinne ionas gur féidir le tiománaithe feithiclí leictreacha a gcarr a luchtú aon áit san Aontas díreach mar a dhéanann siad sa bhaile.

Féach léarscáil na stáisiún breoslaí malartacha:
https://europa.eu/!QrGqGg

Busanna agus cóistí

Bíonn an tAontas ag cur feabhais i gcónaí ar chaighdeáin sábháilteachta le haghaidh paisinéirí busanna agus cóistí; mar shampla, tamall ó shin tugadh isteach rialacha níos déine maidir le húsáid ábhar tinedhíonach i bhfeithiclí. I gcás criosanna sábhála a bheith suiteáilte i mbusanna agus i gcóistí, is éigeantach iad a chaitheamh ar fud an Aontais.

Rothaíocht

Cén fáth nach bhféadfá eolas a chur ar an Eoraip ar an rothar? A bhuí le EuroVelo, an líonra Eorpach rotharbhealaí, tá an mhór-roinn ar fad agus cuid de na háiteanna is mó is díol spéise inti nasctha le 17 rotharbhealach mórfhaid, thar 90 000km san iomlán. Ach úsáid a bhaint as do rothar féin nó ceann den iomaí scéimeanna rotharchíosa féinfhreastail, cuid acu a fuair cómhaoiniú ón Aontas Eorpach, féadfaidh tú bailte agus cathracha na hEorpa a bhreathnú ar do shó agus ar do shuaimhneas.
https://en.eurovelo.com/

TAISTEAL AR EITLEÁN

Tá táillí níos saoire agus rogha níos fearr aeriompróirí, bealaí agus seirbhísí ann do phaisinéirí de bharr an mhargaidh aonair Eorpaigh san aeriompar a bunaíodh breis is 30 bliain ó shin.

Tá an Eoraip ar cheann de na háiteanna is sábháilte ar domhan ó thaobh eitlíochta de. Chun an tsábháilteacht a fheabhsú i gcás aerlínte a thagann as áiteanna lasmuigh den Aontas, ní mór do na haerlínte sin údarú a bheith acu á dheimhniú go gcomhlíonann siad caighdeáin sábháilteachta idirnáisiúnta. Ina theannta sin, féadfaidh sé go ndéanfar iniúchadh ar a gcuid aerárthaí agus cuirfear cosc orthu feidhmiú laistigh d’aerspás na hEorpa má mheastar nach bhfuil siad sábháilte nó nach ndéanann a n-údaráis dóthain maoirseachta orthu.

Tá rialacha coiteanna ag an Aontas maidir le seiceálacha slándála ar phaisinéirí, ar bhagáiste cábáin agus ar bhagáiste boilg, agus cuirtear na rialacha sin i bhfeidhm maidir le gach eitilt a imíonn as aerfoirt de chuid an Aontais. Tá srianta i bhfeidhm maidir le leachtanna is ceadmhach a thabhairt isteach sa chábán agus tá liosta coiteann ann de nithe nach ceadmhach sa chábán ná sa bhagáiste boilg.

TAISTEAL AR IARNRÓD

Tá an t-iarnród fós ar cheann de na modhanna taistil is sábháilte agus is mó tóir san Eoraip agus tá ról tábhachtach aige i dtaca le mian an Aontais Eorpaigh a bheith neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050. Tá breis agus 200 000km d’iarnróid san Aontas Eorpach. Tá tuairim agus 9 000km de línte ardluais ar chonairí tábhachtacha ar nós Páras–an Bhruiséil–Amstardam–Cologne, Milano–an Róimh agus Barcelona–Maidrid, agus tá tuilleadh línte á dtógáil. Tá an tAontas ag obair chun seirbhísí iarnróid paisinéirí fadraoin agus seirbhísí iarnróid paisinéirí trasteorann a fheabhsú. Tá sé d’aidhm acu trácht iarnróid ardluais a dhúbailt faoin 2030 agus a mhéadú faoi thrí faoi 2050.
https://europa.eu/!xk7bwg

TAISTEAL AR MUIR

Is iomaí bealach farraige tábhachtach atá idir calafoirt den Aontasagus a gcuirtear seirbhísí den scoth ar fáil go rialta orthu, seirbhísí a d’fhéadfaí a úsáid in ionad taisteal de bhóthar, d’aer nó d’iarnród, nó chomh maith le taisteal den sórt sin. Anuas air sin, tá thart ar 42 000km d’aibhneacha, de chanálacha agus de lochanna inseolta ann.

Léarscáil

Léarscáil

AMCHRIOSANNA

AMCHRIOSANNA

DO CHEARTA

DO CHEARTA

Is é an tAontas Eorpach an t-aon limistéar ar domhan ina ndéantar saoránaigh a chosaint le sraith chuimsitheach de chearta paisinéirí — bíodh sé ag taisteal ar eitleán, ar thraein, ar bhus, ar chóiste nó ar long. Tá sé de cheart ag paisinéirí san Aontas rochtain a bheith acu ar fhaisnéis chruinn, thráthúil agus inrochtana, sin agus cúnamh a fháil i gcás cur isteach i gcúrsaí iompair agus, i gcúinsí áirithe, cúiteamh a fháil i gcás cealuithe nó moilleanna fada.

Íoslódáil an aip ionas gur féidir leat a sheiceáil cé na cearta atá agat agus conas iad a éileamh:
https://europa.eu/!bg39vB

Ina theannta sin, cosnaíonn rialacha an Aontais thú nuair a cheannaíonn tú saoirí pacáiste nó turais ina bhfuil dhá chineál éagsúla seirbhíse taistil ar a laghad (amhail eitilt agus óstán nó carr ar cíos) tríd an suíomh gréasáin áirithintí céanna.

Sula n-imíonn tú: Ní mór duit faisnéis shoiléir a fháil faoi do phacáiste taistil (an ceann/na cinn scríbe, liosta de na seirbhísí atá san áireamh, uimhir éigeandála agus nithe eile nach iad). Ní mór duit a bheith curtha ar an eolas faoi do chearta freisin, mar shampla, is mó na cearta a bhíonn agat i gcás cealuithe nó má théann an t-eagraí as gnó.

Nuair a bheidh tú ann: Má tá tú i gcruachás le linn do chuairte, tá tú i dteideal cúnamh a fháil, ar nós faisnéis maidir le seirbhísí sláinte agus cúnamh consalachta.

https://europa.eu/!pN77RY

Paisinéirí atá faoi mhíchumas nó faoi mhíchumas luaineachta

Paisinéirí atá faoi mhíchumas nó faoi mhíchumas luaineachta, tá siad i dteideal cúnamh saor in aisce a fháil in aerfoirt, i stáisiúin traenach, i gcalafoirt agus i gcríochfoirt cóistí ainmnithe agus ar bord eitleáin, traenach, loinge agus cóiste. Is inmholta fógra a thabhairt don iompróir nó d’oibreoir an chríochfoirt maidir le riachtanais shonracha tráth na háirithinte, más roimh ré a cheannaítear an ticéad, nó 48 uair an chloig ar a laghad roimh thaisteal (36 uair an chloig nuair is ar chóiste atáthar ag taisteal).
https://europa.eu/!rB99XR

Má tá tú ag taisteal le gluaisteán agus má tá cárta páirceála míchumais de chuid an Aontais agat i do thír chónaithe, is ceart go mbeidh tú in ann na háiseanna páirceála do dhaoine faoi mhíchumas a úsáid i dtíortha eile den Aontas. Seiceáil roimh ré cad iad na coinníollacha áitiúla atá i bhfeidhm sa tír ar a bhfuil tú ag tabhairt cuairte uirthi.
https://europa.eu/!mdQwNC

Cúiteamh a lorg

Má bhraitheann tú nár tugadh meas ar do cheart agus tú ag taisteal, agus más mian leat cúiteamh a lorg, ba chóir duit gearán a dhéanamh leis an iompróir nó leis an oibritheoir críochfoirt nó an foras náisiúnta um fhorfheidhmiú don mhodh iompair áirithe a d’úsáid tú. Le haghaidh sonraí den fhoras um fhorfheidhmiú ábhartha, tabhair cuairt ar:
https://europa.eu/!pvGRG9

Cuir glao gutháin ar uimhir shaorghlao Europe Direct 00 800 6 7 8 9 10 11 chun tuilleadh faisnéise a fháil.

AIRE Á TABHAIRT DON tSLÁINTE

AIRE Á TABHAIRT DON tSLÁINTE

Rochtain ar chúram sláinte

Mar Shaoránach den Aontas Eorpach, má éiríonn tú tinn ar chuairt shealadach chuig aon tír de chuid an Aontais Eorpaigh, an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua nó an Eilvéis, tá tú i dteideal cúram sláinte a fháil ar an mbonn céanna is atá na daoine le hárachas ansin (saor in aisce i roinnt tíortha).

Ná déan dearmad do chárta Eorpach um árachas sláinte a bhreith leat agus tú ag taisteal. Is féidir an cárta sin a fháil saor in aisce, ó d’árachóir sláinte náisiúnta de ghnáth, agus is cruthúnas é go bhfuil tú faoi árachas i gceann de na tíortha thuas. Más gá duit íoc as cúram sláinte, coinnigh do chuid billí ar fad, chomh maith le do chuid oideas agus admhálacha ionas gur féidir leat iarratas a dhéanamh, le linn do chuairte nó nuair a thiocfaidh tú abhaile, ar aisíocaíocht sa tír a bhfuil tú ag tabhairt cuairt uirthi.

Conas iarratas a dhéanamh ar chárta: https://europa.eu/!R88Ccj

Árachas taistil

Ní féidir an cárta Eorpach um árachas sláinte a úsáid in ionad árachas taistil mar nach gcumhdaítear leis costais amhail aisdúichiú ná tarrtháil sléibhe in ionaid sciála. Mar sin, b’fhéidir gurbh fhiú duit árachas taistil a fháil chun na rioscaí sin a chumhdach.

Medicamentos

Tá oideas ó do dhochtúir bailí i ngach tír den Aontas Eorpach. Mar sin féin, ba cheart duit a chinntiú go bhfuil an cógas ordaithe údaraithe lena dhíol agus le fáil sa tír a bhfuil tú ag tabhairt cuairt uirthi. Cinntigh go bhfuil an t-eolas ábhartha go léir fút féin, faoin dochtúir a thug an t-oideas agus faoin gcógas liostaithe san oideas.

Le ríomh-oidis, is féidir le taistealaithe anois cógais ordaithe óna ndochtúirí féin go leictreonach a bhailiú ó chógaslann i roinnt tíortha den Aontas Eorpach, agus is féidir le roinnt dochtúirí rochtain a fháil ar fhaisnéis thábhachtach faoi othair ina dteanga féin chomh maith.
Seiceáil an bhfuil na seirbhísí sin ar fáil san áit a bhfuil tú ag dul https://europa.eu/!GPBq7y

Vacsaíniú

Go hiondúil, ní bhíonn aon riachtanais vacsaínithe le comhlíonadh nuair a bhítear ag taisteal san Aontas. Mar sin féin, tá riachtanais agus moltaí ann do chuid de chríocha an Aontais thar lear. Is cóir é sin a dheimhniú le do dhochtúir sula n-imíonn tú.

Uisce snámha

Comhlíonann breis agus 95 % de láithreacha snámha an Aontais Eorpaigh na híoschaighdeáin maidir le cáilíocht an uisce agus comhlíonann beagnach 85 % an leibhéal níos doichte de ‘shármhaith’.

Féach an léarscáil idirghníomhach chun cáilíocht an uisce san áit a bhfuil tusa ag dul a fheiceáil: https://europa.eu/!43mRgX

AN CEANGAL Á CHOINNEÁIL

AN CEANGAL Á CHOINNEÁIL

Fóin phóca

Anois agus iad ag taisteal san Aontas is féidir le síntiúsóirí de chuid an Aontais a bhfón póca a úsáid díreach mar a dhéanfaidís sa bhaile gan aon mhuirear breise a íoc. In 2022 cuireadh síneadh ama leis na rialacha ‘Fánaíocht-ar-tháillí-baile’, atá i bhfeidhm san Íoslann, Lichtinstéin agus an Iorua, go ceann 10 mbliana eile. Má tá sé beartaithe agat fanacht i dtír eile den Aontas ar feadh roinnt míonna, b’fhéidir gurbh fhiú duit súil a chaitheamh ar an mbeartas maidir le húsáid chóir atá ag d’oibreoir.
https://europa.eu/!xb93gf

Is féidir leat taitneamh a bhaint as do shíntiúis ar líne le scannáin, imeachtaí spóirt, ríomhleabhair, físchluichí agus seirbhísí ceoil gan aon mhuirir nó srianta breise.
https://europa.eu/!TW86Cd

Wi-Fi

Tá fáil níos forleithne ar rochtain saor in aisce ar an idirlíon, a bhuí le ball te Wi-Fi poiblí a suiteáladh, le maoiniú ón Aontas, sna mílte pobal áitiúil ar fud na hEorpa. Is féidir rochtain saor in aisce a fháil ar an idirlíon i leabharlanna, i gcearnóga, i bpáirceanna agus in iarsmalanna agus in áiteanna poiblí eile ina bhfuil an tsiombail WiFi4EU le feiceáil.

Seol cárta poist!

Ní féidir stampaí poist a úsáid ach amháin sa tír ina gceannaítear iad.

Plocóidí

Úsáidtear plocóidí dhá phionna i mbeagnach gach tír den Aontas, seachas sa Chipir, in Éirinn agus i Málta, na trí thír ina n-úsáidtear plocóidí trí phionna. Déan cinnte cuibheoir a phacáil nuair a thugann tú cuairt ar na tíortha seo.

RUDAÍ LE DÉANAMH

RUDAÍ LE DÉANAMH

Chun teacht ar smaointe agus ar fhaisnéis faoina bhfuil le feiceáil agus le déanamh, is féidir súil a thabhairt ar an suíomh gréasáin ina dtugtar eolas faoi na cinn scríbe turasóireachta san Eoraip (visiteurope.com) nó dul chuig na suíomhanna gréasáin atá ag na heagraíochtaí turasóireachta náisiúnta i ngach tír den Aontas.

An Ostairaustria.info
An Bheilgvisitflanders.com
visitwallonia.com
An Bhulgáirbulgariatravel.org
An Chipirvisitcyprus.com
An tSeiciavisitczechrepublic.com
An Ghearmáingermany.travel
An Danmhairgvisitdenmark.com
An Spáinn spain.info
An Eastóinvisitestonia.com
An Fhraincfrance.fr/en
An Fhionlainnvisitfinland.com
An Ghréigvisitgreece.gr
An Ungáirvisithungary.com
An Chróitcroatia.hr
An Iodáilitalia.it/en
Éirediscoverireland.ie
Lucsamburgvisitluxembourg.com
An Liotuáinlithuania.travel/en
An Laitvialatvia.travel/en
Máltavisitmalta.com
An Ísiltírholland.com
An Phortaingéilvisitportugal.com
An Pholainnpoland.travel
An Rómáinromania.travel/en
An tSualainnvisitsweden.com
An tSlóvaicslovakia.travel/en
An tSlóivéinslovenia.info

Cuireann an tAontas Eorpach roinnt mhaith tionscadail chultúrtha agus imeachtaí cultúrtha chun cinn ar fud na hEorpa gach bliain. Tacaíonn sé, ach go háirithe le Príomhchathracha Cultúir na hEorpa, tionscadal a dhéanann iarracht aird a tharraingt ar éagsúlacht chultúrtha shaibhir na hEorpa.

ECOC-logo

2023

Elefsina (an Ghréig)
Timișoara (an Rómáin)
Veszprem (an Ungáir)
https://europa.eu/!QRvqpN

Is iad Pafos (an Chipir) agus Sevilla (an Spáinn) Príomhchathracha Eorpacha na Turasóireachta Cliste don bhliain 2023.
https://europa.eu/!gCKYr8

Tacaíonn an Coimisiún Eorpach le tíortha an Aontais Eorpaigh trí aitheantas a thabhairt do spriocanna turasóireachta inbhuanaithe éiritheacha, neamh-thraidisiúnta san Eoraip leis an ghradam EDEN.
https://europa.eu/!twHGjQ

Taistealaithe óga

Ó bhí 2018 ann, tá an tAontas Eorpach ag tabhairt deis d’Eorpaigh 18 mbliana d’aois taisteal saor in aisce ar fud na hEorpa ar feadh suas le mí agus eolas a chur ar oidhreacht shaibhir chultúrtha na mór-roinne. Go dtí seo, tá pas taistil DiscoverEU tugtha do thuairim agus 200 000 Eorpach óg. Cuireann an tionscnamh an deis ar fáil do thaistealaithe óga ceangail lena chéile trí chruinnithe eagraithe agus páirt a ghlacadh i réimse corraitheach d’imeachtaí. Sa bhreis ar a bpas taistil, faigheann gach taistealaí DiscoverEU cárta lascaine agus is féidir leis leas a bhaint as breis agus 40 000 lascaine ar imeachtaí cultúrtha, lóistín, oideachas, seirbhísí agus táirgí in os cionn 30 tír ar fud na hEorpa.
https://youth.europa.eu/discovereu_ga

PEATAÍ

Is furasta taisteal le madra, cat nó firéad má tá pas peata de chuid an Aontais Eorpaigh agat. Is féidir pas peata a fháil ó aon tréidlia. Ní mór pas a bheith ag gach madra, cat agus firéad agus, chun críocha aitheantais, ní mór micrishlis leictreonach a bheith curtha isteach sna peataí nó tatú soléite a bheith acu a cuireadh orthu roimh mhí Iúil 2011. Ní mór iad a bheith vacsaínithe in aghaidh confaidh agus ní mór na sonraí ina leith sin a bheith ar fáil ina bpas peata. Caithfear an vacsaíniú a dhéanamh tar éis an mhicrishlis a chur iontu nó an tatú a chur orthu.

Ní mór cóireáil shonrach in aghaidh péisteanna ribíneacha, cóireáil ag tréidlia, a chur ar mhadraí sula dtugtar iad chun na Fionlainne, go hÉirinn nó go Málta. Ní mór sonraí na cóireála sin a bheith ar an bpas peata agus ansin, 1 lá agus 5 lá tar éis na cóireála, is féidir an madra a thabhairt chun na tíre eile.
https://europa.eu/!fVBjgW

I gCÁS ÉIGEANDÁLA

I gCÁS ÉIGEANDÁLA

An uimhir aonair éigeandála Eorpach: 112

Chun teagmháil a dhéanamh leis na seirbhísí éigeandála in aon tír de chuid an Aontais ó aon teileafón fosaithe nó soghluaiste, glaoigh ar 112 saor in aisce.

Is cóir aon ghoid a thuairisciú do na póilíní áitiúla. Beidh ort tuairisc na bpóilíní a iniamh má bhíonn éileamh i leith árachais nó cúitimh á dhéanamh agat. Má goideadh do phas nó do chárta aitheantais, déan é sin a thuairisciú do chonsalacht nó ambasáid do thíre agus do na póilíní.

Má tá tú lasmuigh den Aontas agus cabhair de dhíth ort, cuimhnigh gur féidir leat cabhair a iarraidh ó ambasáid nó consalacht aon tíre eile den Aontas mura bhfuil ionadaíocht ag do thír féin sa Bhallstát sin.
https://europa.eu/!VGkXjC

TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LEIS AN AONTAS EORPACH

TEAGMHÁIL A DHÉANAMH LEIS AN AONTAS EORPACH

I bPEARSA

Tá na céadta lárionad Europe Direct ar fud an Aontais. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil ar líne ag:
https://europa.eu/!Fr6PYD.


AR AN bhFÓN NÓ I SCRÍBHINN

Seirbhís lena dtugtar freagra ar do cheisteanna faoin Aontas Eorpach is ea Europe Direct. Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:

  • ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (d’fhéadfadh sé go ngearrfadh oibreoirí áirithe táille as na glaonna sin),
  • ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696,
  • tríd an bhfoirm seo a leanas:
    https://europa.eu/!hqHMjC

EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH

EOLAS A FHÁIL FAOIN AONTAS EORPACH

AR LÍNE

Tá eolas faoin Aontas le fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa:
https://europa.eu/!p6njn9.


FOILSEACHÁIN AN AONTAIS

Is féidir breathnú ar fhoilseacháin an Aontais nó iad a ordú ag https://europa.eu/!KpjhBJ. Is féidir cóipeanna d’fhoilseacháin atá saor in aisce a fháil ach teagmháil a dhéanamh le Europe Direct nó leis an ionad doiciméid atá i do réigiún féin: https://europa.eu/!Fr6PYD.


DLÍ AN AONTAIS EORPAIGH AGUS DOICIMÉID GHAOLMHARA

Chun teacht ar eolas dlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1951 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex:
https://europa.eu/!kcKpjb.

SONRAÍ OSCAILTE ÓN AONTAS EORPACH

Ar an tairseach https://data.europa.eu/ga cuirtear rochtain ar fáil ar thacair sonraí oscailte ó institiúidí, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí an Aontais. Is féidir iad a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce chun críocha tráchtála nó neamhthráchtála. Leis an tairseach soláthraítear rochtain freisin ar neart tacair sonraí shonracha ó thíortha Eorpacha.

Maidir le

An Coimisiún Eorpach
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Seirbhís Eagarthóireacht & For-rochtain Spriocdhírithe
1049 Bruxelles/Brussel
BELGIQUE/BELGIË

Teagmháil: COMM-A2@ec.europa.eu

Lámhscríbhinn arna críochnú i mí Aibreáin 2023.

Níor cheart a bhreithniú go bhfuil an doiciméad seo ionadaíoch ar sheasamh oifigiúil an Choimisiúin Eorpaigh.

Lucsamburg: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2023

© An tAontas Eorpach, 2023

Déantar beartas athúsáide an Choimisiúin Eorpaigh a chur chun feidhme le Cinneadh 2011/833/AE ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2011 maidir le hathúsáid dhoiciméid an Choimisiúin (IO L 330, 14.12.2011, lch. 39).

Ach amháin má shonraítear a mhalairt, údaraítear an doiciméad seo a athúsáid faoi cheadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0) (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). Ciallaíonn sé sin go gceadaítear an athúsáid ar choinníoll go dtugtar an t-aitheantas cuí agus go léirítear aon athrú a dhéantar.

Le haghaidh míreanna nach bhfuil faoi úinéireacht an Aontais Eorpaigh a úsáid nó a atáirgeadh, d’fhéadfadh sé gur ghá cead a iarraidh go díreach ar shealbhóirí an chóipchirt.

Léaráidí: © An tAontas Eorpach, © iStock

Ar bhain tú tairbhe as an bhfoilseachán seo? Cuir scéala chugainn: comm-publi-feedback@ec.europa.eu

Tugtar comhairle bhreise ar an suíomh gréasáin ‘Your Europe’ maidir leis na cearta atá agat agus tú i do chónaí, ag obair agus ag taisteal san Aontas Eorpach: ec.europa.eu/youreurope

AITHEANTÓIRÍ

Print ISBN 978-92-76-55320-5 doi:10.2775/212280 NA-09-22-383-GA-C
PDF ISBN 978-92-76-55477-6 doi:10.2775/878893 NA-09-22-383-GA-N
HTML ISBN 978-92-76-55471-4 doi:10.2775/93736 NA-09-22-383-GA-Q