Publication document thumbnail

An tAontas Eorpach in 2019 [Updated 10/03/06 15:03]

Sa Tuarascáil Ghinearálta tugtar eolas faoin méid a rinne an tAontas Eorpach in 2019.

Sa Tuarascáil Ghinearálta ar Ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh tugtar an t-eolas is déanaí faoin gcaoi ar éirigh leis an Aontas na deich dtosaíocht a bhí leagtha síos ag Coimisiún Juncker a bhaint amach.

Anuas ar thorthaí na dtoghchán Eorpach, tugtar eolas faoi na hathruithe a tháinig ar bharr institiúidí an Aontais, na chéad ghníomhaíochtaí a rinne an Coimisiún Eorpach nua a tháinig in oifig i mí na Nollag ina measc.

Tá eolas faoin méid sin agus faoi cheisteanna eile le fáil san fhoilseachán An tAontas Eorpach in 2019.

An tAontas Eorpach in 2019 ar fáil ina iomláine i bhfoirm Tuarascála Ginearálta agus mar leagan achomair sna formáidí seo a leanas:

  HTML PDF EPUB PRINT
An tAontas Eorpach in 2019 – An Tuarascáil Ghinearálta HTML PDF General Report EPUB General Report Paper General Report
An tAontas Eorpach in 2019 – Buaicphointí PDF Highlights EPUB Highlights Paper Highlights

Réamhrá

Ursula von der Leyen agus í ag labhairt ón bpóidiam

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh.

 

Is mór an chúis áthais dom an tuarascáil seo faoi ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh in 2019 a chur i láthair. An 1 Nollaig 2019 a insealbhaíodh mar Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh mé agus ba mhaith liom, mar sin, ómós a thabhairt don té a raibh an cúram sin air romham, Jean-Claude Juncker, óir is le linn a réimis-sean a cuireadh i gcrích an chuid is mó dá dtráchtar air sa tuarascáil seo.

Sna toghcháin Eorpacha mí na Bealtaine seo caite, chuir muintir na hEorpa in iúl dúinn go glinn go bhfuil siad ag iarraidh go mbeadh an tAontas ar thús cadhnaíochta agus go ndéanfadh sé bearta dáiríre. Sin an fáth ar mhol mé, sula raibh an bhliain istigh fiú, go mbeadh an Comhaontú Glas don Eoraip ar an gcéad tionscnamh a chuirfeadh an Coimisiún nua roimhe. Is é ár ngealltanas é go mbeidh an Eoraip, faoi 2050, ar an gcéad mhór-roinn le bheith neodrach ó thaobh na haeráide de. Le leas na ndaoine, an phláinéid agus an gheilleagair é sin.

Tá súil agam go mbainfidh tú, faoi mar a bhainim féin, misneach as mórán dá bhfuil sa tuarascáil seo. Is léir ar fhairsinge mhór na ngníomhaíochtaí agus na dtionscnamh inti, murar léir cheana, an méid is féidir linn a bhaint amach i gcomhar le chéile.

Gura fada a mhairfidh an Eoraip.

Ursula von der Leyen

An tAontas Eorpach in 2019: bliain lán athruithe

Christine Lagarde, David Sassoli, Ursula von der Leyen agus Charles Michel agus iad ag seasamh ag bun staighre

Ceannairí nua an Aontais. Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh, David Sassoli, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus iad ag freastal ar shearmanas chun comóradh a dhéanamh ar thús an Choimisiúin Eorpaigh nua agus ar chothrom 10 mbliana Chonradh Liospóin ag Áras Stair na hEorpa, an Bhruiséil, an Bheilg, 1 Nollaig 2019.

In 2019 tháinig deireadh le Coimisiún Juncker, agus leis sin cuireadh an clabhsúr ar thimthriall 5 bliana inar tháinig feabhas nach beag ar gheilleagar na hEorpa, ina ndearnadh bearta chun cloí le gealltanais an Aontais faoi Chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide, inar díríodh ar neartú an daonlathais agus na trédhearcachta, agus ina raibh dúshlán tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas le réiteach. Reáchtáladh na toghcháin Eorpacha i mí na Bealtaine agus chonacthas an ráta vótála is airde le 25 bliana nuair a tháinig os cionn 200 milliún duine amach le vóta a chaitheamh sa ghníomhaíocht daonlathais thrasnáisiúnta is mó ar domhain.

Rinneadh Uachtarán ar Pharlaimint na hEorpa do David Sassoli an 3 Iúil 2019, tháinig Charles Michel i gcomharbacht ar Donald Tusk mar Uachtarán na Comhairle Eorpaí an 1 Nollaig agus ghlac Ursula von der Leyen uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh an lá céanna.

Ursula von der Leyen agus Jean-Claude Juncker, aoibh an gháire ar an mbeirt acu agus iad ag nochtadh phortráid Juncker le chéile

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus a réamhtheachtaí, Jean-Claude Juncker, agus iad ag nochtadh phortráid Juncker i nGailearaí na nUachtarán i gceannáras an Choimisiúin Eorpaigh, foirgneamh an Berlaymont, an Bhruiséil, an Bheilg, 3 Nollaig 2019.

Na toghcháin Eorpacha

Idir an 23 agus an 26 Bealtaine 2019, reáchtáladh toghcháin i ngach ceann de 28 mBallstát an Aontais chun ionadaithe an phobail i bParlaimint na hEorpa a roghnú. Toghadh 751 fheisire ar an iomlán chuig an bParlaimint, agus bhí athrú le sonrú ar rogha lucht vótála, rud a d’fhág a rian ar dháileadh na suíochán ó thaobh na polaitíochta de.

Den chéad uair le blianta fada, tháinig formhór na vótálaithe incháilithe san Aontas amach le vóta a chaitheamh. Ba é an chéad uair é ó bhí 1979 ann (tráth a reáchtáladh na toghcháin Eorpacha den chéad uair) a tháinig méadú ar an ráta vótála foriomlán, ó 42.6 % in 2014 go 50.7 %. Lena chois sin, bhí na daoine óga an-ghníomhach. Tháinig méadú 14 % ar líon na ndaoine a chaith vóta san aoisghrúpa 16 nó 18 go 24, agus méadú 12 % ar líon na ndaoine idir 25 agus 39 a chaith vóta.

Léirigh an suirbhé Eorabharaiméadair a rinneadh tar éis na dtoghchán gurb iad an geilleagar agus an t-athrú aeráide na rudaí is mó a spreag daoine le teacht amach.

D’oibrigh Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach i ndlúthchomhar le chéile roimh na toghcháin, ar leibhéal an Aontais agus ar an láthair sna Ballstáit araon, chun na saoránaigh a spreagadh le teacht amach agus chun é a chur ar a gcumas cinntí eolacha a dhéanamh faoi thodhchaí na hEorpa. De thoradh an eispéiris sin, an 5 Nollaig shínigh an dá institiúid comhaontú maidir le cumarsáid chomhpháirteach ar son na saoránach agus an daonlathais le gur threise an comhar eatarthu tar éis na dtoghchán.

Físeán a bhaineann le feachtas vótála Pharlaimint na hEorpa

‘An uair seo beidh mé ag vótáil’, feachtas a sheol Parlaimint na hEorpa i gcomhar le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais. Is feachtas é a spreagann an pobal todhchaí an Aontais a ghlacadh orthu féin.© Parlaimint na hEorpa, 2019

Feictear sa léaráid seo an líon daoine a chaith vóta sna toghcháin Eorpacha de réir na bliana ó bhí 2004 ann.

Is é seo a leanas an líon daoine a chaith vóta le ceithre thoghchán anuas: 45.5 faoin gcéad in 2004, 43 faoin gcéad in 2009, 42.6 faoin gcéad in 2014 agus 50.7 faoin gcéad in 2019. Foinse: Parlaimint na hEorpa i gcomhar le Kantar.

Parlaimint na hEorpa 2019-2024

Choinnigh Páirtí an Phobail Eorpaigh a stádas mar an grúpa is mó sa Pharlaimint (182 shuíochán aige as 751), agus Aontas Forchéimnitheach na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe sna sála aige (154 shuíochán). Cé go bhfuil siad fós ar na grúpaí is mó, chaill siad araon vótaí do ghrúpaí níos faide amach ar dheis agus ar chlé. Tháinig méadú nach beag ar an tacaíocht do Renew Europe, do Ghrúpa na nGlasach/na Saor-Chomhghuaillíochta Eorpaí agus do Ghrúpa na Féiniúlachta agus an Daonlathais i gcomparáid leis na toghcháin Eorpacha roimhe seo. Mná iad 40.4 % de na feisirí sa Pharlaimint anois, an leibhéal is airde ó cuireadh tús le toghcháin Eorpacha in 1979.

An 1 Iúil, bhí an seisiún deiridh dá hochtú téarma ag an bParlaimint amach, agus tionóladh an Pharlaimint nua den chéad uair in Strasbourg na Fraince an lá dár gcionn.

Le linn an chéad seisiúin iomlánaigh den Pharlaimint nua, thogh na feisirí uachtarán nua agus leas-uachtaráin. An 3 Iúil, ba é an tIodálach David Sassoli, duine atá ina fheisire le fada an lá, a toghadh mar uachtarán. Toghadh na 14 leas-uachtarán an lá céanna. As sé ghrúpa pholaitiúla éagsúla a roghnaíodh iad, agus is as 10 mBallstát éagsúla dóibh.

Feictear sa léaráid seo leithdháileadh na suíochán i measc ghrúpaí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa tar éis na dtoghchán in 2019.

In 2019, is 751 Fheisire a bhí i bParlaimint na hEorpa agus iad ina mball de 7 bpáirtí polaitiúla éagsúla. Is iad seo a leanas na páirtithe, ón eite chlé go dtí an eite dheis: an Grúpa Cónasctha den Chlé Aontaithe Eorpach‒ agus den Chlé Ghlas Nordach, le 41 shuíochán; Aontas Forchéimnitheach na Sóisialaithe agus na nDaonlathaithe, le 154 shuíochán; na Glasaigh/an tSaor-Chomhghuaillíocht Eorpach, le 74 shuíochán; Renew Europe, le 108 suíochán; Páirtí an Phobail Eorpaigh, le 182 shuíochán; Coimeádaigh agus Leasaitheoirí na hEorpa, le 62 shuíochán; agus Grúpa na Féiniúlachta agus an Daonlathais, le 73 shuíochán. Bhí 57 suíochán ag feisirí neamhcheangailte freisin. Foinse: Parlaimint na hEorpa Cóipcheart: an tAontas Eorpach

Tá sé d’aidhm againn a chinntiú go réitíonn an geilleagar lenár bpláinéad agus go réitíonn ár nósanna táirgeachta agus tomhaltais lenár bpláinéad agus a chinntiú gur chun leas na ndaoine i gcoitinne iad na nósanna sin.

David Sassoli, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa.

An Chomhairle Eorpach

An 1 Nollaig 2014 a toghadh Donald Tusk mar uachtarán ar an gComhairle Eorpach den chéad uair, agus tháinig deireadh leis an dara téarma aige sa ról sin 5 bliana níos déanaí. An 2 Iúil 2019, thogh ceannairí an Aontais Eorpaigh Charles Michel le teacht i gcomharbacht air. Chuaigh an tUasal Michel i mbun oifige an 1 Nollaig.

Portráid Charles Michel

Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí.

An Coimisiún Eorpach

I mí an Mheithimh, chuir ceannairí an Aontais Ursula von der Leyen chun tosaigh mar iarrthóir le haghaidh uachtaránacht an Choimisiúin Eorpaigh. An mhí dár gcionn, chuir sí i láthair a cuid tosaíochtaí polaitiúla a threoródh obair an Choimisiúin sna 5 bliana le teacht.

COLÁISTE NA gCOIMISINÉIRÍ 2019-2024
Portráidí agus réimse cúraimí Chomhaltaí aonair Choláiste na gCoimisinéirí idir 2019 go 2024.

Is é seo a leanas comhdhéanamh Choláiste na gCoimisinéirí le haghaidh na tréimhse 2019 go 2024. Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh; Frans Timmermans, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Chomhaontú Glas don Eoraip; Margrethe Vestager, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach; Valdis Dombrovskis, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Gheilleagar a Fhóireann do Dhaoine; Josep Borrell Fontelles, an tArd-Ionadaí/an Leas-Uachtarán um Eoraip níos láidre sa Domhan; Maroš Šefčovič, an Leas-Uachtarán um Chaidreamh Idirinstitiúideach agus um Fhadbhreathnaitheacht; Věra Jourová, an Leas-Uachtarán um Luachanna agus um Trédhearcacht; Dubravka Šuica, an Leas-Uachtarán um Dhaonlathas agus um Dhéimeagrafaíocht; Margaritis Schinas, an Leas-Uachtarán um Ár nDóigh Bheatha Eorpach a chur chun cinn; Johannes Hahn, an Coimisinéir um Buiséad agus um Riarachán; Phil Hogan, an Coimisinéir um Thrádáil; Mariya Gabriel, an Coimisinéir um Nuálaíocht, um Thaighde, um Chultúr, um Oideachas agus um an Óige; Nicolas Schmit, an Coimisinéir um Poist agus um Chearta Sóisialta; Paolo Gentiloni, an Coimisinéir um an nGeilleagar; Janusz Wojciechowski, an Coimisinéir um Thalmhaíocht; Thierry Breton, an Coimisinéir um an Margadh Inmheánach; Elisa Ferreira, an Coimisinéir um Chomhtháthú agus um Athchóiriúcháin; Stella Kyriakides, an Coimisinéir um Shláinte agus um Shábháilteacht Bia; Didier Reynders, an Coimisinéir um Cheartas; Helena Dalli, an Coimisinéir um Chomhionannas; Ylva Johansson, an Coimisinéir um Ghnóthaí Baile; Janez Lenarčič, an Coimisinéir um Bainistiú Géarchéime; Adina Vălean, an Coimisinéir um Iompar; Olivér Várhelyi, an Coimisinéir um an gComharsanacht agus um Méadú; Jutta Urpilainen, an Coimisinéir um Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta; Kadri Simson, an Coimisinéir um Fhuinneamh; Virginijus Sinkevičius, an Coimisinéir um an gComhshaol, um na hAigéin agus um an Iascach. Foinse: an Coimisiún Eorpach Cóipcheart: an tAontas Eorpach

Portráidí agus réimse cúraimí Chomhaltaí aonair Choláiste na gCoimisinéirí idir 2019 go 2024.

Is é seo a leanas comhdhéanamh Choláiste na gCoimisinéirí le haghaidh na tréimhse 2019 go 2024. Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh; Frans Timmermans, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Chomhaontú Glas don Eoraip; Margrethe Vestager, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach; Valdis Dombrovskis, an Leas-Uachtarán Feidhmiúcháin um Gheilleagar a Fhóireann do Dhaoine; Josep Borrell Fontelles, an tArd-Ionadaí/an Leas-Uachtarán um Eoraip níos láidre sa Domhan; Maroš Šefčovič, an Leas-Uachtarán um Chaidreamh Idirinstitiúideach agus um Fhadbhreathnaitheacht; Věra Jourová, an Leas-Uachtarán um Luachanna agus um Trédhearcacht; Dubravka Šuica, an Leas-Uachtarán um Dhaonlathas agus um Dhéimeagrafaíocht; Margaritis Schinas, an Leas-Uachtarán um Ár nDóigh Bheatha Eorpach a chur chun cinn; Johannes Hahn, an Coimisinéir um Buiséad agus um Riarachán; Phil Hogan, an Coimisinéir um Thrádáil; Mariya Gabriel, an Coimisinéir um Nuálaíocht, um Thaighde, um Chultúr, um Oideachas agus um an Óige; Nicolas Schmit, an Coimisinéir um Poist agus um Chearta Sóisialta; Paolo Gentiloni, an Coimisinéir um an nGeilleagar; Janusz Wojciechowski, an Coimisinéir um Thalmhaíocht; Thierry Breton, an Coimisinéir um an Margadh Inmheánach; Elisa Ferreira, an Coimisinéir um Chomhtháthú agus um Athchóiriúcháin; Stella Kyriakides, an Coimisinéir um Shláinte agus um Shábháilteacht Bia; Didier Reynders, an Coimisinéir um Cheartas; Helena Dalli, an Coimisinéir um Chomhionannas; Ylva Johansson, an Coimisinéir um Ghnóthaí Baile; Janez Lenarčič, an Coimisinéir um Bainistiú Géarchéime; Adina Vălean, an Coimisinéir um Iompar; Olivér Várhelyi, an Coimisinéir um an gComharsanacht agus um Méadú; Jutta Urpilainen, an Coimisinéir um Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta; Kadri Simson, an Coimisinéir um Fhuinneamh; Virginijus Sinkevičius, an Coimisinéir um an gComhshaol, um na hAigéin agus um an Iascach. Foinse: an Coimisiún Eorpach Cóipcheart: an tAontas Eorpach

An 16 Iúil, thogh Parlaimint na hEorpa Ursula von der Leyen mar Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, an chéad uair a roghnaíodh bean don phost sin riamh. I gcomhairle leis na ceannairí náisiúnta, chuir sí le chéile Coláiste de Choimisinéirí a bhí ainmnithe ag 26 Bhallstát. Tá béim mhór ar an gcothromaíocht idir fir agus mná sa Choláiste céanna. Tá 12 bean ann, von der Leyen féin san áireamh.

Tar éis na n-éisteachtaí le haghaidh na gCoimisinéirí ainmnithe ar fad agus díospóireacht pharlaiminteach, rinne an Pharlaimint an Coláiste Coimisinéirí a bhí roghnaithe ag von der Leyen a fhaomhadh i vóta iomlánach an 27 Samhain. Chuaigh an Coimisiún nua i mbun oifige an 1 Nollaig.

David Sassoli agus Ursula von der Leyen agus doiciméad oifigiúil acu

David Sassoli, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, agus Ursula von der Leyen, Uachtarán toghaí an Choimisiúin Eorpaigh ag seisiún iomlánach de Pharlaimint na hEorpa, Strasbourg, an Fhrainc, 16 Iúil 2019.

Banc Ceannais Eorpach

An 31 Deireadh Fómhair 2019, chríochnaigh Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh, Mario Draghi, amach a théarma oifige 8 mbliana. Tháinig iar-Stiúrthóir an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, Christine Lagarde, i gcomharbacht air an 1 Samhain. Tá sí ar an gcéad bhean le bheith ina ceannaire ar an mbanc.

Portráid Christine Lagarde

Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

An chéad Phríomh-Ionchúisitheoir Eorpach

I mí Mheán Fómhair, cheap Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh Laura Codruţa Kövesi mar Phríomh-Ionchúisitheoir Eorpach. Is í an chéad duine riamh í chun an cúram sin a ghlacadh. Is í atá i gceannas feasta ar Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, oifig neamhspleách a dhéanann airgead an cháiníocóirí a chosaint trí imscrúduithe a dhéanamh i ndáil leis an gcalaois agus cionta coiriúla eile in aghaidh bhuiséad an Aontais.

Portráid Laura Codruța Kövesi

Laura Codruţa Kövesi, an chéad Phríomh-Ionchúisitheoir Eorpach.

An chaoi a n-oibreoidh an Coimisiún Eorpach nua

sé thosaíocht le haghaidh 2019 go 2024 leagtha amach ag an gCoimisiún Eorpach nua:

Cheap an tUachtarán von der Leyen ocht leas-uachtarán ar an gColáiste, agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, Josep Borrell Fontelles, san áireamh. Beidh triúr acu ina leas-uachtaráin fheidhmeacha freisin, is é sin go mbeidh gach duine acu i bhfeighil ceann de na trí phríomhthreoirlíne pholaitiúla i gclár oibre an Uachtaráin, chomh maith lena gcúram féin.

Is é an Leas-Uachtarán Frans Timmermans atá i mbun an chomhordaithe ar obair an Choimisiúin Eorpaigh ar an gComhaontú Glas don Eoraip, óir is é Gníomhú ar son na hAeráide an cúram a sannadh dó. Chomh maith leis an gcúram atá uirthi mar an Coimisinéir le haghaidh na hIomaíochta, tá an Leas-Uachtarán Margrethe Vestager i bhfeighil na tosaíochta “Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach”. Tá an Leas-Uachtarán Valdis Dombrovskis ceaptha mar Choimisinéir le haghaidh Seirbhísí Airgeadais agus is é atá i bhfeighil na tosaíochta “Geilleagar a fhóireann do dhaoine” a bhaint amach.

De bhreis ar a bheith ag obair ar na sé thosaíocht, tá sé ráite ag an Uachtarán von der Leyen go mbeidh a Coláiste díograiseach, go mbeidh tuiscint aige ar an Eoraip agus go n-éistfidh sé le mianta mhuintir na hEorpa. Príomhsprioc de chuid an Choimisiúin nua is ea an saol a dhéanamh níos fusa do dhaoine agus do ghnólachtaí. Nuair a dhéanfaidh an Coimisiún dlíthe agus rialacháin nua, cloífidh sé leis an gcur chuige “isteach le ceann, amach le ceann” chun an maorlathas a laghdú le haghaidh na saoránach.

Comhaontú Glas don Eoraip

Ursula von der Leyen agus í os comhair balla a bhfuil brandáil Chomhdháil na Náisiún Aontaithe, COP25, air

Tá sé d'aidhm againn a chinntiú go réitíonn an geilleagar lenár bpláinéad agus go réitíonn ár nósanna táirgeachta agus tomhaltais lenár bpláinéad agus a chinntiú gur chun leas na ndaoine i gcoitinne iad na nósanna sin. Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, an Bhruiséil, an Bheilg, 11 Nollaig 2019.

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, an Bhruiséil, an Bheilg, an 11 Nollaig 2019.

An 11 Nollaig 2019, níos lú ná coicís tar éis don Choimisiún nua dul i mbun oifige, chuir an tUachtarán von der Leyen an chéad cheann agus an ceann is tábhachtaí de na sé thosaíocht i láthair, is é sin an Comhaontú Glas don Eoraip. Beartas suaitheanta is ea é a bhfuil sé mar aidhm leis go mbeidh an Eoraip, faoi 2050, ar an gcéad mhór-roinn le bheith neodrach ó thaobh na haeráide de. Cuimsíonn sé bearta atá an-uaillmhianach ar fad agus a chuirfeadh ar a gcumas do shaoránaigh agus do ghnólachtaí na hEorpa tairbhe a bhaint as an aistriú glas inbhuanaithe.

Freagra cuimsitheach ar an ngéarchéim aeráide atá ag bagairt ar an bpláinéad faoi láthair is ea an Comhaontú Glas don Eoraip. Ina theannta sin, deis uathúil don Aontas is ea é ar bheith ar thús cadhnaíochta ar an leibhéal domhanda maidir leis an aistriú glas. Ní chiallaíonn an glasú go gcaithfear an fás a thabhairt suas, áfach. Féachann an Comhaontú Glas don Eoraip chuige go mbeidh geilleagar an Aontais slán i bhfad na haimsire d’ainneoin ídiú acmhainní, agus leagtar amach ann an chaoi a mbainfidh an tAontas sprioc na neodrachta aeráide amach — fad is a bheidh fostaíocht á cruthú, sláinte agus caighdeán beatha na ndaoine á bhfeabhsú, an dúlra á chaomhnú agus nach mbeidh duine ar bith á fhágáil chun deiridh.

Tiomantas don athrú

Fágfaidh an chéad dlí Eorpach riamh maidir leis an aeráid nach mbeidh aon dul siar ar an aistriú seo. Daingneoidh sé sa reachtaíocht mian pholaitiúil na hEorpa mar atá a bheith ar an gcéad mhór-roinn le bheith neodrach ó thaobh na haeráide de. Beidh an Comhaontú Glas don Eoraip mar bhonn agus mar thaca ag beartais uile an Aontais amach anseo, agus cinnteoidh sé go bhfanfaidh an tAontas chun tosaigh i ndáil le gníomhartha na hEorpa agus an domhain ar son na hinbhuanaitheachta.

Feictear sa ghraf seo an gaol inbhéartach idir astaíochtaí atá ag laghdú agus fás eacnamaíoch san Aontas.

Idir 1990 agus 2018, tháinig laghdú 23 faoin gcéad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa, cé gur tháinig fás 61 faoin gcéad ar an ngeilleagar.

Tugtar cur síos sa léaráid seo ar thiomantas an Aontais don ghníomhú ar son na haeráide.

Tá gealltanas tugtha ag an Aontas Eorpach go mbeidh sé neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050, go laghdóidh sé an truailliú d'fhonn beatha an duine a chosaint, mar aon le beatha na n-ainmhithe agus na bplandaí, go gcuideoidh sé le cuideachtaí a bheith ina gceannródaithe domhanda in earnáil na dtáirgí agus na dteicneolaíochtaí glana, agus aistriú cóir agus cuimsitheach a áirithiú san am céanna. Is é an Comhaontú Glas don Eoraip an straitéis fáis nua atá againn, arsa Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh. Cuideoidh sé linn astaíochtaí a laghdú agus poist a chruthú san am céanna. Molaimid aistriú glas agus cuimsitheach chun feabhas a chur ar fholláine na ndaoine agus pláinéad folláin a chinntiú le haghaidh na nglún atá le teacht, arsa Frans Timmermans, Leas Uachtarán Feidhmiúcháin de chuid an Choimisiúin Eorpaigh. Tá an gealltanas seo le feiceáil freisin sa chreideamh láidir atá ag an gcuid is mó shaoránaigh an Aontais; Dar le 93 faoin gcéad díobh is fadhb thromchúiseach é an t-athrú aeráide agus tá ar a laghad rud amháin athraithe acu féin chun dul i ngleic leis. Is dóigh le 79 faoin gcéad de na daoine go n-eascróidh nuálaíocht as gníomhaíochtaí chun dul i ngleic leis an athrú aeráide. Foinse: an Coimisiún Eorpach

Beidh tionchar ag an gComhaontú ar gach réimse de gheilleagar an Aontais, lena n-áirítear na hearnálacha is mó astaíochtaí — an t-iompar, an fhoirgníocht, an fuinneamh agus an talmhaíocht mar shampla; chomh maith le tionscail eile — cruach, stroighin, teicneolaíocht faisnéise, teicstílí agus ceimiceáin mar shampla.

Toisc go bhfuil sé cuimsitheach is féidir béim a chur ar theacht roimh fhadhbanna, seachas ar réiteach fadhbanna amháin. Na beartais atá i bhfeidhm cheana féin, tionchar na tionsclaíochta a laghdú tríd an athchúrsáil mar shampla, déanfar iad a neartú le beartais eile a laghdóidh an diomailt nó an díobháil a tharlaíonn roimhe sin, ag tosú leis an próiseas monaraíochta.

Ní hamháin go laghdóidh an Comhaontú Glas don Eoraip astaíochtaí, straitéis nua fáis don Eoraip a bheidh ann freisin. Cruthóidh sé fostaíocht a bhuí le straitéis tionsclaíochta nua an Aontais a chuirfidh ar a gcumas do ghnólachtaí na hEorpa a bheith nuálach agus teicneolaíochtaí nua a fhorbairt.

Tugtar achoimre sa léaráid ar phlean an Aontais i dtreo neodracht ó thaobh na haeráide de.

In 2050 beidh an tAontas neodrach ó thaobh na haeráide de. Molfaidh an Coimisiún dlí maidir le haeráid na hEorpa, dlí a dhéanfaidh oibleagáid dhlíthiúil de ghealltanas polaitiúil, agus dlí a spreagfaidh infheistíocht. Beidh gá le gníomhaíocht ó gach earnáil den gheilleagar chun an sprioc seo a bhaint amach. Déanfar dícharbónú ar earnáil an fhuinnimh ó tharla gurb í an earnáil sin is cúis le níos mó ná 75 faoin gcéad d'astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais faoi láthair. Déanfar athchóiriú ar fhoirgnimh chun cabhrú le daoine a mbillí fuinnimh agus a gcaiteachas fuinnimh a laghdú, ó tharla gur sna foirgnimh ina mairimid a chaithfimid 40 faoin gcéad den fhuinneamh a bhíonn uainn. An t-ábhar a úsáidtear sa tionsclaíocht san Eoraip faoi láthair, ní ábhar athchúrsáilte ach 12 faoin gcéad de, agus mar sin spreagfar an tionsclaíocht le bheith nuálach agus le bheith ina ceannródaí domhanda ar an ngeilleagar glas. Is í earnáil an iompair is cúis le 25 faoin gcéad d'astaíochtaí an Aontais. Tosófar ag baint úsáid as modhanna iompair príobháideacha agus poiblí atá níos glaine, níos saoire agus níos fearr don chomhshaol. Foinse: an Coimisiún Eorpach

Infheistiú san aistriú glas

Beidh infheistíocht nach beag ag teastáil chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. Ní foláir an maoiniú a theacht ón earnáil phríobháideach agus ón earnáil phoiblí araon — beidh an Coimisiún Eorpach ar thosach an tslua agus Plean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe aige a chuideoidh chun na riachtanais infheistíochta a shásamh. Ba cheart 25 % ar a laghad de bhuiséad fadtéarmach an Aontais a chur i leataobh don ghníomhú ar son na haeráide, agus cuirfidh Banc Infheistíochta na hEorpa tuilleadh tacaíochta ar fáil. 

Cé gur iarracht chomhpháirteach í an troid i gcoinne an athraithe aeráide, níl gach réigiún ná gach Ballstát ag tosú san áit amháin. Beidh Sásra um Aistriú Cóir ann chun tacaíocht a thabhairt do na réigiúin atá ag brath go mór ar ghníomhaíochtaí a astaíonn mórán carbóin, agus tabharfaidh an sásra céanna tacaíocht do na saoránaigh is leochailí le linn an aistrithe, trí rochtain ar chláir athoiliúna a sholáthar chomh maith le deiseanna fostaíochta in earnálacha eacnamaíocha nua.

Achoimre ar an gComhaontú Glas don Eoraip.

Tá sé d'aidhm ag an gComhaontú Glas don Eoraip claochlú a dhéanamh ar gheilleagar an Aontais chun todhchaí inbhuanaithe a chinntiú. Chun an t-aistriú seo a mhaoiniú, ardófar uaillmhian aeráide an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2030 agus le haghaidh 2050, soláthrófar fuinneamh glan, inacmhainne agus sábháilte, spreagfar tionscal chun geilleagar glan ciorclach a bhunú, agus déanfar tógáil agus athchóiriú ar bhealach a bheidh tíosach ó thaobh ídiú fuinnimh agus acmhainní de. Áiritheofar gur rud cóir a bheidh san aistriú agus nach bhfágfar duine ar bith ar lár trí thaighde a spreagadh agus an nuálaíocht a chothú. Is ionann sin agus uaillmhian saor ó thruailliú le haghaidh comhshaol saor ó thocsain, éiceachórais agus bithéagsúlacht a chaomhnú agus a athbhunú agus cur chuige nua ‘feirm, fómhar agus forc’ le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach ar an gcomhshaol. Ina theannta sin, cuirfear dlús leis an aistriú chun soghluaisteacht a bheidh cliste inbhuanaithe. Ar deireadh, beidh an tAontas ina cheannródaí domhanda i dtaobh le saincheisteanna a bhaineann leis an aeráid, agus oibreoidh sé chun Comhaontú Aeráide don Eoraip a áirithiú. Foinse: an Coimisiún Eorpach Cóipcheart: an tAontas Eorpach

Cuid de na céimeanna láithreacha atá le tógáil chun Comhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach.

Is iad seo a leanas na chéad chéimeanna eile chun an taidhleoireacht agus an cheannródaíocht a dhéanann Comhaontú Glas an Aontais go domhanda i dtaobh le saincheisteanna aeráide a bhaint amach: dlí maidir le haeráid na hEorpa a mholadh agus straitéisí tionsclaíocha agus don gheilleagar ciorclach a thabhairt isteach i mí an Mhárta 2020, agus spriocanna aeráide reatha 2030 an Aontais Eorpaigh a ardú go 50 faoin gcéad ar a laghad i samhradh na bliana 2020. Foinse: an Coimisiún Eorpach

Todhchaí na hEorpa

In Sibiu na Rómáine, an 9 Bealtaine, rinne ceannairí AE-27 (ceannairí na mBallstát ar fad cé is moite den Ríocht Aontaithe) a machnamh ar an gcéad Chlár Oibre Straitéiseach eile, clár ina leagtar síos tosaíochtaí agus a bheidh mar threoir d’obair an Aontais Eorpaigh sa tréimhse 2019-2024. Ghlac na ceannairí Dearbhú Sibiu freisin, dearbhú a chuir i dtábhacht an aontacht idir na Ballstáit tamall roimh na toghcháin Eorpacha. Ag an gcruinniú in Sibiu rinneadh deireadh an phróisis machnaimh faoi thodhchaí na hEorpa a chomóradh le tiomantas athnuaite d’Aontas Eorpach a dhéanfaidh beart sna réimsí sin atá fíorthábhachtach do na saoránaigh.

Glacadh na chéad chéimeanna ar an “mbóthar go Sibiu” i mí Mheán Fómhair 2016, nuair a d’fhógair an tUachtarán Juncker clár oibre dearfach don Eoraip, rud a chur tús leis an bpróiseas machnaimh faoi thodhchaí na hEorpa agus 27 mBallstát inti. Ina dhiaidh sin, ghlac ceannairí an Aontais dhá dhearbhú thábhachtacha faoin mbealach chun cinn: ceann i mBratasláiv na Slóvaice, i mí Mheán Fómhair 2016 agus ceann i Róimh na hIodáile, i mí an Mhárta 2017.

I mí an Mhárta 2017, roimh an gcomóradh 60 bliain ar Chonradh na Róimhe, d’fhoilsigh an Coimisiún an Páipéar Bán maidir le Todhchaí na hEorpa. Leagadh amach ann cúig chás féideartha le haghaidh thodhchaí an Aontais Eorpaigh agus 27 mBallstát ann. Túsphointe a bhí ann le haghaidh díospóireacht fhairsing faoi thodhchaí na hEorpa, díospóireacht as ar eascair na príomhthosaíochtaí beartais sa Chlár Oibre Straitéiseach. Chuir an Coimisiún rannpháirtíocht an ghnáthdhuine chun cinn go mór, chruthaigh sé formáidí nua don chomhphlé agus don chomhairle leis na saoránaigh, chuir sé cruth níos réidhe níos idirghníomhaí ar an díospóireacht, chuir sé ar líne í agus d’fhreastail sé ar phobal níos leithne níos ilchineálaí. Ghlac na céadta mílte daoine de náisiúntachtaí, aoiseanna, reiligiúin agus tuairimí polaitiúla éagsúla páirt i mbeagnach 1 800 díospóireacht phoiblí i hallaí cathrach, ollscoileanna agus áiteanna eile ar fud an Aontais. D’fhreagair os cionn 80 000 duine an ceistneoir ar líne faoi thodhchaí na hEorpa, ceistneoir a chuir painéal de 96 saoránach Eorpach i dtoll a chéile.

Ina theannta sin, d’fhoilsigh an Coimisiún roinnt páipéir mhachnaimh a rinne iniúchadh grinn ar shaincheisteanna sonracha chun an díospóireacht a chothú a thuilleadh. Foilsíodh an ceann deireanach de na páipéir mhachnaimh sin, faoin bhforbairt inbhuanaithe, an 30 Eanáir 2019. Le hullmhú i gcomhair Sibiu, d’fhoilsigh an Coimisiún a chuid moltaí beartais féin maidir le Clár Oibre Straitéiseach an Aontais, moltaí a bhí dírithe ar chúig théama: Eoraip a thugann cosaint, Eoraip atá iomaíoch, Eoraip atá cóir, Eoraip atá inbhuanaithe agus Eoraip a imríonn tionchar. Le linn an phróisis machnaimh, tháinig ceannairí an Aontais le chéile go rialta chun na ceisteanna reatha ba phráinní a phlé, na ceisteanna a bhaineann le leas mhuintir na hEorpa.

Tar éis dúinn éisteacht le tuairimí na saoránach agus leis na rudaí a dhéanann imní dóibh, tá Clár Oibre Straitéiseach an Aontais tógtha ar an dul chun cinn atá déanta ag ár nAontas le blianta beaga anuas. Ghlac na ceannairí go foirmiúil é ag an gComhairle Eorpach i mí an Mheithimh 2019, agus is ar cheithre phríomhthosaíocht a dhíríonn sé: saoránaigh agus saoirsí a chosaint; bonn eacnamaíoch láidir bríomhar a fhorbairt; Eoraip atá sóisialta, cóir, glas agus neodrach ó thaobh na haeráide de a thógáil; agus leasanna agus luachanna na hEorpa a chur chun cinn ar an leibhéal domhanda. Freagra an Aontais Eorpaigh is ea an clár oibre ar cheisteanna na saoránach faoin gcaoi le dul i ngleic leis na dúshláin atá romhainn agus leis na deiseanna atá ag teacht inár dtreo a thapú feasta.

D’fhógair Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen Comhdháil ar Thodhchaí na hEorpa chun cead cainte a thabhairt do mhuintir na hEorpa maidir leis an gcaoi ar cheart an tAontas a rith agus maidir leis na nithe ba cheart dó a chur i gcrích. Cuirfear tús léi in 2020 agus mairfidh sí 2 bhliain. Tabharfar le chéile inti daoine de gach aois ó gach cearn den Aontas Eorpach chomh maith le hionadaithe ón tsochaí shibhialta, ó na Ballstáit agus ó na hInstitiúidí Eorpacha.

Caibidil 1

Borradh arís faoi chruthú na bpost, faoin bhfás, agus faoin infheistíocht

© Fotolia

In 2019, tháinig fás ar gheilleagar na hEorpa den seachtú bliain as a chéile, agus bhíothas ag tuar go leanfaí den fhás sin in 2020 agus 2021. Bhí na margaí saothair fós láidir: b’airde ná riamh an ráta fostaíochta agus tháinig laghdú 6.3 % ar an ráta dífhostaíochta san am céanna — an ráta ab ísle a bhí ann ó thús an chéid. Den chúigiú bliain as a chéile, tháinig laghdú ar an bhfiachas poiblí, rud a chuaigh chun tairbhe do na rialtais mar gheall ar na rátaí ísle úis a bhí ann agus ba chosúil go dtiocfadh laghdú eile fós ar an bhfiachas sin níos faide anonn.

Níorbh amhlaidh an scéal é i gcás an gheilleagair dhomhanda áfach ach a mhalairt a bhí ann, agus rinneadh an-dochar d’earnáil na monaraíochta de dheasca mhéid na neamhchinnteachta a bhí ann i leith beartas i roinnt Ballstát. Dá bharr sin, na féidearthachtaí a bhí ann roimhe sin ó thaobh geilleagar na hEorpa a chur ag fás, is i laige a chuaigh na féidearthachtaí sin agus bhíothas ag súil le tréimhse fhada nach mbeadh mórán fáis ná boilscithe ann lena linn.

Ba léir go raibh fócas an Aontais Eorpaigh ar an bhfás eacnamaíoch, ar chruthú post agus ar an infheistíocht le linn na bliana agus bhí a thionchar sin le feiceáil ar a réimse iomlán gníomhaíochtaí, go háirithe sa Seimeastar Eorpach, timthriall bliantúil de chomhordú beartas eacnamaíoch an Aontais, agus sa mhonatóireacht a rinneadh ar an airgead poiblí.

Bhain an tAontas an leas ba mhó ab fhéidir as a bhuiséad chun an infheistíocht a spreagadh trí chláir nuálacha ar nós an Phlean Infheistíochta don Eoraip. Faoi mhí Dheireadh Fómhair, bhí beagnach milliún fiontar beag agus meánmhéide ann a ndeachaigh an plean chun tairbhe dóibh ó uair a sheolta agus bhí os cionn €439.4 billiún d’infheistíocht curtha ar fáil san iomlán.

Infheistíocht le haghaidh post agus fáis

An Plean Infheistíochta don Eoraip

Is aidhm don Phlean Infheistíochta na bacainní atá ar infheistíocht a chur as an mbealach, idir shofheictheacht agus chúnamh teicniúil a sholáthar do thionscnaimh infheistíochta, agus úsáid níos críonna a bhaint as acmhainní airgeadais. Léirítear le torthaí 2019 an dea-thionchar maicreacnamaíoch a d’imir sé, anuas ar an tairbhe fhollasach atá ann do dhaoine agus do ghnólachtaí dá bharr.

Feictear sa léaráid seo tionchar maicreacnamaíoch Phlean Juncker.

Bhí tionchar maicreacnamaíoch Phlean Juncker ar cheann d'éachtaí suntasacha na tréimhse idir 2014 go 2019. Faoi 2019, a bhuí le hinfheistíochtaí faoi Phlean Juncker, tháinig méadú 0.9 faoin gcéad ar an olltáirgeacht intíre agus cruthaíodh 1.1 milliún post. Faoi 2022, a bhuí le hinfheistíochtaí faoi Phlean Juncker, beidh méadú de 1.8 faoin gcéad ar an olltáirgeacht intíre agus cruthófar 1.7 milliún post. An leibhéal infheistíochta atá anois san Aontas, tá sé cothrom leis an leibhéal a bhí ann roimh an ngéarchéim agus tá sí ag méadú léi go mín. Bhí ról rílárnach ag Plean Juncker le borradh a chur faoi chruthú na bpost agus faoin bhfás ar fud an Aontais, agus táthar ag súil leis anois go mbainfidh breis agus 1 milliún gnólacht nuathionscanta agus gnólacht bheaga tairbhe as rochtain fheabhsaithe ar mhaoiniú. Ó mhí Dheireadh Fómhair 2019, spreagfaidh Plean Juncker infheistíochtaí breise luach 439.4 billiún euro ar fud an Aontais. Foinse: an Coimisiún Eorpach

Feictear sa léaráid seo an tionchar atá ag Plean Juncker ar ár saol ó lá go lá

Is iad seo a leanas torthaí Phlean Juncker: tógadh nó rinneadh athchóiriú ar 531 000 árasán ar phraghas réasúnta; tá rochtain úr nua anois ag 1 039 000 gnólacht nuathionscanta agus gnólacht bheag ar mhaoiniú; suiteáladh 28.3 milliún méadar cliste fuinnimh; cuireadh 8 milliún líne leathanbhanda fíor-ardluais i ngníomh; cuireadh feabhas ar phróiseas cóireála dramhaíola le haghaidh 33.3 milliún duine; agus tá rochtain ag 10.4 milliún teaghlach anois ar fhuinneamh inathnuaite. Foinse: an Coimisiún Eorpach

Ó thús thréimhse oifige an Choimisiúin, bhí an tsochaí ina tosaíocht ag Coimisiún Juncker (Samhain 2014-Samhain 2019) agus ba í an tsochaí chéanna a bhí i gcroílár na díospóireachta maidir le todhchaí na hEorpa. Tá an-dul chun cinn déanta: tá os cionn 241 mhilliún duine ag obair faoi láthair, sin thart ar 14 mhilliún níos mó daoine ag obair ná mar a bhí in 2014, is airde an ráta fostaíochta anois ná riamh (73.9 %) agus is ísle an ráta dífhostaíochta ná aon ráta eile dá raibh ann ón mbliain 2000 i leith. Cé go bhfuil an ráta dífhostaíochta i measc na hóige ró-ard freisin, tá laghdú suntasach tagtha air, ó 24.1 % in 2013 go 14.3 % i mí na Samhna 2019.

Feictear sa léaráid seo na bealaí ar bhain earnálacha straitéiseacha i ngach Ballstát tairbhe as Plean Juncker

Is do chuideachtaí beaga a cuireadh an sciar ba mhó de chistí infheistíochta (30 faoin gcéad) ar fáil, agus ina dhiaidh sin cuireadh 26 faoin gcéad ar fáil do thaighde, forbairt agus nuálaíocht, 18 faoin gcéad d'earnáil an fhuinnimh, 11 faoin gcéad don earnáil dhigiteach, 7 faoin gcéad d'earnáil an iompair, 4 faoin gcéad don bhonneagar sóisialta agus 4 faoin gcéad eile don chomhshaol agus d'éifeachtúlacht acmhainní. 439.4 billiún euro an méid iomlán formheasta a infheistíodh ón gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha. Mar chuid den mhéid sin, tá 81 billiún euro de mhaoiniú formheasta ón gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (is é sin 58.8 billiún euro formheasta ag an mBanc Eorpach Infheistíochta agus 22.2 billiún euro formheasta ag an gCiste Eorpach Infheistíochta), agus aontaíodh 62.6 billiún euro den mhéid sin cheana. 500 billiún euro an sprioc iomlán le haghaidh na bliana 2020. A mhéid a bhaineann le hinfheistíochtaí ón gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha maidir le holltáirgeacht intíre, is sa Bhulgáire, san Eastóin, sa Ghréig, sa Spáinn, sa Liotuáin, sa Pholainn agus sa Phortaingéil a bhí leibhéil infheistíochta arda. Bhí Éire, an Fhrainc, an Iodáil, an Laitvia, an Ungáir, an Fhionlainn agus an tSualainn sa dara sraith.Ina ndiaidh sin le níos lú infheistíochtaí, tháinig an Bheilg, an tSeicia, Éire, an Chróit, an Ísiltír, an Rómáin agus an tSlóivéin. Ar deireadh, tá an Danmhairg, an Ghearmáin, an Chipir, Málta, an Ostair, an tSlóvaic agus an Ríocht Aontaithe mar chuid den bhanda deireanach. Is ar oibríochtaí formheasta atá na figiúirí ar fad bunaithe, figiúirí mar a bhí an 15 Deireadh Fómhair 2019. A bhuí leis na hinfheistíochtaí sin, tógadh agus athchóiríodh ar 531 000 árasán ar phraghas réasúnta, cuireadh feabhas ar chóireáil dramhaíola le haghaidh 33.3 milliún duine, agus tá rochtain ag 10.4 milliún teaghlach ar fhuinneamh inathnuaite. Foinse: An Banc Eorpach Infheistíochta, an Ciste Eorpach Infheistíochta, an Coimisiún Eorpach

Tugtar cur síos sa léaráid seo ar staid an gheilleagair go foriomlán san Aontas agus sa limistéar euro

Le blianta beaga anuas, tuairim is 2 faoin gcéad an ráta fáis san Aontas Eorpach agus sa limistéar euro agus tá fás orthu araon le 25 ráithe as a chéile. Tá tuairim dhearfach ag 49 faoin gcéad de mhuintir na hEorpa i leith staid reatha an gheilleagair san Eoraip. Tháinig laghdú ar an easnamh poiblí san Aontas ó 6.6 faoin gcéad in 2009 go 0.7 faoin gcéad in 2018, agus tháinig laghdú ar chóimheas an fhiachais rialtais san Aontas ó 88.3 faoin gcéad in 2014 go 81.9 faoin gcéad in 2018. Foinse: an Coimisiún Eorpach

Feictear sna léaráidí seo rátaí fostaíochta agus dífhostaíochta san Aontas don tréimhse 2014 go 2019

Ó bhí 2014 ann, tá fás seasmhach ar an ráta fostaíochta ar fud an Aontais. Bhí 226.8 milliún duine fostaithe ann in 2014, 229.3 milliún duine in 2015, 232.2 milliún duine in 2016, 235.9 milliún duine in 2017, 239.9 milliún duine in 2018 agus 241.3 milliún duine sa dara ráithe de 2019. Ó 2014, cuireadh 14 milliún post de bhreis ann. Foinse: Eurostat, na cuntais náisiúnta, Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais. San am céanna, thit an ráta dífhostaíochta chomh mín céanna ó bheagán ní ba mhó ná 10 faoin gcéad in 2014 go beagán ní ba mhó ná 6 faoin gcéad faoi mhí Mheán Fómhair 2019. Foinse: Suirbhé ar an bhFórsa Saothair de chuid Eurostat.

An beartas eacnamaíoch agus fioscach

An Seimeastar Eorpach

Is éard atá sa An Seimeastar Eorpach timthriall bliantúil i chomhordú na mbeartas eacnamaíoch agus sóisialta idir na Ballstáit ar mhaithe le borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch agus cruthú na bpost. Mar chuid den phróiseas sin, cuireann an Coimisiún Eorpach tacar moltaí atá dírithe ar na Ballstáit faoi bhráid na Comhairle gach bliain. Den chéad uair, agus tar éis don Ghréig imeacht óna clár coigeartaithe eacnamaíoch i mí Lúnasa 2018, cuireadh na moltaí faoi bhráid na 28 mBallstát uile.

Ba é an cuspóir ba mhó a bhí ag moltaí an Choimisiúin i mbliana spreagadh a thabhairt do na Ballstáit a n-acmhainn chun fáis a mhéadú trína ngeilleagar a nuachóiriú agus a n-athléimneacht a threisiú. Mar gheall go bhfuil ag éirí go maith leis an ngeilleagar faoi láthair agus go bhfuil neamhchinnteacht ann ar an leibhéal domhanda, iarradh ar na Ballstáit tús áite a thabhairt do na hathchóirithe sin lena gcuirfí an fás inbhuanaithe chun cinn, athchóirithe a rachadh chun tairbhe do chách, agus iarradh orthu freisin tosaíocht a dhéanamh de straitéisí infheistíochta agus de bheartais stuama fhioscacha san am céanna. Ghlac an Chomhairle na moltaí i mí Iúil.

An t-ábhar atá sna moltaí sin, tá léargas ann ar na tosaíochtaí foriomlána a leagtar amach sa An Suirbhé Bliantúil Fáis, sin agus ar an moladh i leith an bheartais eacnamaíoch le haghaidh an limistéar an Euro. Leis na moltaí sin baintear leas as an anailís mhionsonraithe ar thuarascálacha na dtíortha a foilsíodh i mí Feabhra 2019 agus as an measúnú a rinneadh ar na cláir náisiúnta, measúnú a cuireadh i láthair i mí Aibreáin. Rinne an Tuarascáil maidir leis an Sásra Foláirimh, 13 Bhallstát a roghnú le hathbhreithniú cuimsitheach a dhéanmanh orthu, athbhreithniú a thabharfadh le fios an bhfuilmíchothromaíochtaí ag cur as dóibh nó an bhfuil an baol sin ann. Ba é a fuarthas sna hathbhreithnithe go raibh míchothromaíochtaí ann i 10 gcinn de na Ballstáit agus go raibh míchothromaíochtaí móra ann i dtrí cinn díobh.

Sna moltaí tírshonracha a rinneadh, bhí fócas níos láidre ar na riachtanais infheistíochta a shainaithint agus an infheistíocht sin a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta agus ar aird speisialta a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí idir na réigiúin agus na críocha. Tá sé sin i gcomhréir leis an anailís dhian a rinneadh ar na riachtanais infheistíochta agus na scroigeanna a sainaithníodh i leith gach Ballstáit sna tuarascálacha agus ba cheart, dá réir sin, go mbeadh tús áite tugtha dóibh sa chéad bhuiséad fadtéarmach eile de chuid an Aontais (2021-2027).

Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá anois ann agus ar na dúshláin a bheidh ann amach anseo, aithnítear sna moltaí, i dtaobh na ngeilleagar seo againn atá ag éirí níos digitithe agus níos domhanda lá i ndiaidh lae, aithnítear iontu go bhfuil gá le hinfheistíochtaí níos cliste a dhéanamh san infreastruchtúr, sa nuálaíocht agus san oideachas agus scileanna, agus beidh gá ann freisin le bearta breise a dhéanamh chun córais leasa shóisialta a bheidh inbhuanaithe cuimsitheach a sholáthar don daonra atá ag dul in aois.

Chomh maith leis sin, léiríodh prionsabail le linn an tSeimeastair a chumhdaítear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta: comhionannas deiseanna agus rochtain ar an margadh saothair; dálaí oibre cothroma; agus cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta. Fuair na Ballstáit go léir moladh maidir le scileanna agus fuair roinnt mhór acu moltaí maidir le hathchóirithe sa mhargadh saothair a chur chun feidhme. Bhí tuilleadh moltaí fós ann ina raibh béim ar an ngá atá ann grúpaí atá faoi mhíbhuntáiste a chumhachtú le beartais, mar shampla, grúpaí ar nós oibrithe ar bheagán oiliúna, cuir i gcás, iad sin nó daoine óga, seandaoine, daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a chuaigh ar a dteitheadh óna dtír féin. Cé go bhfuil feabhas ag teacht ar chórais chosanta shóisialta, tá bearnaí ann go fóill agus bíonn constaicí rochtana ann.

An tAirgead Poiblí

Is gá go mbeidh dea-bhail ar an airgead poiblí chun go mbeidh cobhsaíocht eacnamaíoch agus fás inbhuanaithe ann. Is tábhachtach fiachas agus easnaimh a laghdú chun a chinntiú go mbeidh cúlchiste airgeadais ann chun déileáil le cibé cén tionchar a bheadh ag géarchéim. Agus laghdú fós ag teacht ar an bhfiachas poiblí san Aontas, tá an dul chun cinn atá déanta go dtí seo míchothrom agus tá na leibhéil fós ró-ard i roinnt Ballstát.

Caithfear cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch a bheith ann sula mbeidh fás ann agus dá bhrí sin, tá rialacha agus nósanna imeachta ag an Aontas Eorpach chun fiachas agus easnaimh a bhrath agus chun bac a chur orthu cur isteach ar an bhfás sna Ballstáit. Maolaíodh ar mhíchothromaíochtaí sa limistéar euro in 2019, ach tá gá le tuilleadh beart chuige sin. I mí Feabhra, léiríodh in anailís an Choimisiúin go raibh míchothromaíochtaí ag cur isteach ar 10 gcinn de na Ballstáit agus gur measadh gurbh iomarcach na míchothromaíochtaí a bhí sa Ghréig, san Iodáil agus sa Chipir.

Sna moltaí tírshonracha a rinne sé le haghaidh gach Ballstáit, leag an Coimisiún spriocanna síos chun cabhrú leo a gcuid cuspóirí buiséadacha meántéarmacha a bhaint amach. Na Ballstáit arb acmhainn dóibh é, ba cheart dóibh beartais fhioscacha agus struchtúrtha a úsáid chun an infheistíocht phoiblí a mhéadú, go háirithe sna réimsí sin ina bhféadfaí cur leis an bhfás eacnamaíoch mar gheall air; réimse an oideachais agus na scileanna, cuir i gcás, nó réimse an infreastruchtúir nó na nuálaíochta.

I mí an Mheithimh, mhol an Coimisiún don Chomhairle deireadh a chur le Nós Imeachta um Easnamh Iomarcach na Spáinne, rud a d’fhág gur laghdaíodh easnamh na tíre sin go dtí faoi bhun 3 % dá holltáirgeacht intíre (OTI) ar bhealach marthanach. De thoradh air sin, níor fágadh aon cheann de na Ballstáit i gcuid cheartaitheach rialacha easnaimh an Aontais, murab ionann agus na 24 Bhallstát sin ar tharla sin dóibh in 2011.

San am céanna, bhreathnaigh an Coimisiún ar an gcaoi a raibh roinnt de na Ballstáit ag comhlíonadh rialacha an Aontais maidir le fiachas agus easnamh poiblí chun a fháil amach an raibh gá leis an Nós Imeachta um Easnamh Iomarcach a oscailt. Is é an chonclúid a bhí ag an gCoimisiún go raibh comhlíonadh ann i gcás na Beilge, na Fraince agus na Cipire ach go mbeadh gá le Nós Imeachta um Easnamh Iomarcach i gcás na hIodáile. Leis an iarracht fhioscach bhreise áfach a d’fhógair údaráis na hIodáile i mí Iúil, chinn an Coimisiún nach raibh gá ann níos mó le nós imeachta den saghas sin a oscailt.

Thug an Coimisiún rabhadh don Ungáir agus don Rómáin freisin, á rá go raibh siad imithe rófhada óna gcuid spriocanna buiséadacha meántéarmacha agus mhol sé dóibh beart a dhéanamh chun iad a bhaint amach. Ar an taobh eile de, measadh go raibh tús réasúnta curtha ag an nGréig lena cuid athchóirithe iarchláir, cé gur cosúil go raibh moill ar chuid acu a chur chun feidhme agus go raibh an baol ann nach gcomhlíonfaí gealltanais áirithe dá dheasca.

Leis an tseachaint cánach, laghdaítear ar an ioncam náisiúnta, cuirtear isteach ar an iomaíocht chothrom agus bíonn tionchar diúltach aici ar an bhfás. Is éard atá i gceist leis an Seimeastar Eorpach beartais náisiúnta a chomhordú chun cóineasú agus neart agus iomaíochas na hEorpa a chinntiú, agus mar gheall air sin, is rud riachtanach é an phleanáil ionsaitheach cánach a chomhrac agus a bheith ag obair i dtreo comhordú cánach chun saoránaigh na hEorpa agus iomaíochas na hEorpa féin a chosaint. De thoradh air sin, d’eisigh an Coimisiún moltaí tírshonracha do roinnt Ballstát agus don limistéar euro ina iomláine chun aghaidh a thabhairt ar an bpleanáil ionsaitheach cánach.

Aontas na Margaí Caipitil

Is riachtanach an rud é margaí caipitil atá cobhsaí éifeachtúil a bheith ann chun fás a spreagadh, chun poist a chruthú agus chun infheistíocht a mhealladh. Is é atá in Aontas na Margaí Caipitil meascán d’athchóirithe rialála agus neamhrialála chun airgead i dtaisce a cheangal le hinfheistíocht ar bhealach níos fearr agus is cuid lárnach de straitéis an Aontais é chun na réimsí sin a chur chun cinn.

Tá sé de chuspóir ag Aontas na Margaí Caipitil córas airgeadais an Aontais Eorpaigh a neartú trí fhoinsí eile maoiniúcháin agus deiseanna eile a sholáthar d’infheisteoirí miondíola agus d’infheisteoirí institiúideacha. Fágann sin go mbeidh tuilleadh deiseanna maoiniúcháin ann (ar nós caipiteal fiontair agus margaí caipitil) do chuideachtaí, go háirithe FBManna agus cuideachtaí nuathionscanta. Is gá Aontas na Margaí Caipitil a bheith láidir chun comhlánú a dhéanamh ar an Aontas Baincéireachta freisin, rud atá riachtanach chun an tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus ról idirnáisiúnta an euro a neartú.

Tá béim mhór ar an infheistíocht inbhuanaithe, agus tá sin amhlaidh de bhrí go bhfuil níos mó infheisteoirí ar cás leo an inbhuanaitheacht ag lorg cabhair ón earnáil airgeadais chun tionscadail agus cuideachtaí oiriúnacha a roghnú. Is cúnamh é Aontas na Margaí Caipitil le hinfheistíocht a threorú chuig na tionscadail inbhuanaithe sin, rud a chuireann le clár fuinnimh, aeráide agus comhshaoil an Aontais Eorpaigh.

Anois gur thángthas ar chomhaontú i dtaca le 11 mholadh as 13 cinn, is cosúil go mbeidh Aontas na Margaí Caipitil ag spreagadh cuid mhór infheistíochta amach anseo, agus foinsí breise maoiniúcháin á soláthar aige do chuideachtaí AE chomh maith le deiseanna do shaoránaigh airgead a chur i dtaisce don todhchaí. Bainfear lántairbhe as an Margadh Aonair le sé cinn de na moltaí: beidh táirgí, lipéid agus pasanna nua Eorpacha ann; simpleofar na rialacha do chuideachtaí agus d’infheisteoirí a bhuí le cúig cinn de na moltaí eile, rud a chiallaíonn go mbeidh siad níos comhréirí feasta; agus cuirfear feabhas ar an maoirseacht a dhéanfar ar na margaí caipitil a bhuí le dhá mholadh eile.

I mí Aibreáin, tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú maidir le leasuithe spriocdhírithe a dhéanfar ar dhá chuid de reachtaíocht na seirbhísí airgeadais: an Rialachán maidir le Drochúsáid Mhargaidh agus an Rialachán Réamheolaire. A bhuí leis an leasuithe ar na rialacha maidir le drochúsáid mhargaidh, is fearr an chothromaíocht a bheidh ann idir an maorlathas a laghdú do ghnólachtaí beaga agus sláine an mhargaidh agus cosaint infheisteoirí a chosaint.

Na leasuithe a mholtar ar an Rialachán Réamheolaire, tabharfar rochtain d’eisitheoirí in FBManna ar mhargaí fáis chun réamheolaire níos éadroime a sholáthar nuair a bheidh siad ag aistriú chuig margadh rialaithe (i.e. stocmhalartán príomha), rud a chiallaíonn go bhféadfadh gnólachtaí den chineál sin atá ag fás anchuid airgid a shábháil orthu féin.

Éacht eile a bhain le bunú Aontas na Margaí Caipitil ab ea tabhairt isteach an Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpaigh (PEPP), scéim shaorálach le haghaidh airgead a chur i dtaisce don phinsean, scéim a bheidh á tairiscint ag réimse leathan soláthraithe airgeadais ar fud an Aontais. Is comhlánú a bheidh ann ar na scéimeanna pinsin poiblí agus gairme atá ann cheana féin, chomh maith leis na scéimeanna pinsin príobháideacha náisiúnta atá ann cheana féin. Glacadh an rialachán an 14 Meitheamh agus tiocfaidh sé ina rialachán infheidhme i gceann dhá bhliain, nuair a thiocfaidh na chéad táirgí den saghas sin ar an margadh.

Leis PEPP, beidh tuilleadh roghanna ag tomhaltóirí, beidh siad in ann tairbhe a bhaint as iomaíocht is fearr, beidh trédhearcacht is fearr ann agus beidh solúbthacht ann ó thaobh rogha na dtáirgí. Beidh saoránaigh shoghluaiste in ann leanúint de chur leis an táirge céanna, gan beann ar an áit a bhfuil cónaí orthu san Aontas Eorpach.

Amhail ón 31 Iúil, tháinig rialacha nua i bhfeidhm chun dáileadh trasteorann cistí infheistíochta a thabhairt isteach. Leis an gcreat nuashonraithe, tá an dáileadh sin níos simplí, níos sciobtha agus níos saoire anois agus ar deireadh, cuirfear leis an iomaíocht idir cistí infheistíochta dá bharr. Beidh níos mó roghanna ann d’infheisteoirí, gheobhaidh siad luach níos fearr ar a gcuid airgid agus anuas air sin, beidh níos mó cosanta ann dóibh.

Thángthas ar chomhaontú eile freisin maidir le treoir lena ndéanfaí athstruchtúrú éifeachtúil ar chuideachtaí inmharthana a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu agus lena gcuirfí ar a gcumas d’fhiontraithe macánta an dara hiarracht a dhéanamh dul i mbun gnó tar éis dóibh teacht as an bhféimheacht.

Ina theannta sin, i mí an Mhárta chomhaontaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle rialacha nua, rialacha a fhágann go mbeidh sé níos fusa gnólachtaí beaga a mhaoiniú trí mhargaí caipitil. A bhuí leis na rialacha sin, is lú an méid maorlathais a bheidh ann do ghnólachtaí agus iad ag féachaint le rochtain a fháil ar na “margaí fáis do FBManna”, arb ionad trádála nua é atá dírithe ar eisitheoirí beaga agus ar chur chuige níos comhréirí a thabhairt isteach chun tacú lena ngnó.

Borradh a chur faoi thaighde, nuálaíocht agus teicneolaíocht

Barr feabhais na heolaíochta agus an nuálaíocht cheannródaíoch

In 2019, cuireadh €11 bhilliún ar fáil tríd an gclár Fís 2020 de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú le taighde agus nuálaíocht.

Ó tharla méadú ar an tábhacht eacnamaíoch atá le ceannródaíocht agus le suaitheadh agus gur rud í atá ag éirí níos tábhachtaí lá i ndiaidh lae, agus bunaithe ar an rath a bhí ar scéim phíolótach na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí, déanfar dul chun cinn suntasach sa dá bhliain eile atá fágtha. Formheasadh os cionn €2 bhilliún le haghaidh 2019-2020, méid a chlúdaíonn an slabhra nuálaíochta ina iomláine: idir thionscadail “treo-aimsitheora” agus ardteicneolaíochtaí tacaíochta, idir thaighde neamhghnách agus maoiniú “luasaire” chun cabhrú le gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna smaointí nuálacha a fhorbairt agus a mhéadú go dtí mbeifear i riocht infheistíocht phríobháideach a mhealladh.

Mionscagadh ar bhuiséad an chláir Fís 2020 de chuid an Aontais, clár a dhéanann infheistíocht sa taighde agus sa nuálaíocht

Is é 77 billiún euro luach bhuiséad an chláir Fís 2020 le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020 agus seoladh cláir dar luach 11 billiún euro den bhuiséad iomlán in 2019. Seo roinnt samplaí de mhaoiniú an Aontais faoin gclár seo: 206 milliún euro chun earnálacha dianfhuinnimh a chlaochlú ina dtionscail iomaíocha ciorclacha is íseal i gcarbón, agus a lorg ar an gcomhshaol á laghdú dá bharr; 132 milliún euro chun tús áite na hEorpa maidir leis an gcéad ghlúin eile de chadhnraí a chur chun cinn, ag tacú le todhchaí athléimneachta is íseal i gcarbón; 135 milliún euro le haghaidh gníomhaíochtaí a chuireann le straitéis an Aontais um plaistigh ar bhealaí éagsúla; 396 milliún euro chun an intleacht shaorga a chur chun cinn, rud atá i gcroílár na gcéimeanna is mó a bhfuil gealladh fúthu inniu; agus 116 milliún euro chun cumais nua a fhorbairt chun an chibearchoireacht a chosc agus a chomhrac.

Fáinne solais ar chúlra dorcha

An chéad ghrianghraf riamh a tógadh de dhúpholl, grianghraf a d'fhoilsigh Event Horizon Telescope, foireann dhomhanda ar a bhfuil taighdeoirí atá maoinithe ag an Aontas, an 10 Aibreán 2019.

An tAontas Eorpach sa spás

Ionas gur ceannródaí sa teicneolaíocht spáis a bheidh san Aontas Eorpach fós san am atá le teacht, agus le tionscal spáis a bheadh iomaíoch a chur chun cinn san Eoraip, in 2019 rinne Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais comhaontú sealadach neamhiomlán eatarthu i dtaobh clár spáis an Aontais i gcomhair 2021-2027.

Feictear sa léaráid seo méadú ar an infheistíocht a dhéanann an tAontas sa spás

Ba é 4.6 billiún euro luach infheistíocht an Aontais sa spás ó 2007 go 2013, 11.1 billiún euro ó 2014 go 2020, agus tá sé beartaithe 16 billiún euro a chaitheamh ann i rith na tréimhse 2021 go 2027. Is ina bpraghsanna reatha atá na figiúirí sin. Foinse: an Coimisiún Eorpach Cóipcheart: an tAontas Eorpach

Is €16 bhilliún atá sa bhuiséad atá beartaithe, thabharfaí an tacaíocht ar fad a thugann an tAontas don spás faoin aon díon amháin, agus chuirfí trian sa bhreis leis na leibhéil mhaoinithe atá ann faoi láthair. Dhéanfadh sé fothú ar riachtanais nua agus ar theicneolaíochtaí atá ar fáil cheana, neartódh sé an rochtain atá ag an Eoraip ar an spás, agus sheolfadh sé cur chuige Eorpach i leith tacú le tionscal spáis a bheidh nuálach iomaíoch.

Galileo, an córas radaloingseoireachta satailíte domhanda atá ag an Eoraip, is é an córas satnav domhanda is cruinne é dá bhfuil ann. I mí Mheán Fómhair, meastar gur 1 bhilliún duine a bhí ag úsáid Galileo ar fud an domhain, orthu sin lucht úsáidte fón cliste nó táibléad a bhí i gcumas ar Galileo. Maidir leis an Clár Copernicus, an soláthraí faisnéise is mó ar domhan i sonraí a bhaineann le breathnóireacht an domhain, is cúnamh atá ann sa mhonatóireacht ar athrú na haeráide agus i mbainistiú shlándáil na dteorainneacha, sin agus tubaistí móra ar fud an domhain. Seolann Copernicus 12 thírghiotán sonraí in aghaidh an lae, sonraí atá ar fáil go hoscailte gan srian gan chostas le haghaidh daoine agus gnólachtaí araon, rud a bhfuil luach thar na bearta ann i gcomhair phróiseáil na n-ollsonraí agus phróiseáil néalríomhaireachta. Ó 2019 i leith, tá feabhas ar an aistriú sonraí agus faisnéise, go mór mór an t-aistriú íomhánna, a bhuíochas sin le Copernicus, agus tig leis na húsáideoirí feasta teacht ar an bhfaisnéis, í a íoslódáil agus a phróiseáil ar bhealach atá níos éasca, mar gheall ar uasghrádú nua ar na Seirbhísí Rochtana Sonraí agus Faisnéise.

Tionsclaíocht an Aontais agus cosaint an Aontais

Ba mhaith le triúr as gach ceathrar saoránach san Aontas níos mó slándála a bheith ann (Eorabharaiméadar, Samhain 2018). Dá bhrí sin, is uaillmhianaí agus is tiomanta feasta atá an tAontas ag obair i dtreo Aontas Cosanta. Is i mí na Nollag 2017 a cuireadh an Buanchomhar Struchtúrtha i bhfearas, buanchomhar a bhfuil 25 Bhallstát páirteach ann, Ballstáit atá toilteanach gealltanais níos ceangailtí a thabhairt orthu féin le hobair as lámh a chéile i réimse na slándála agus na cosanta, agus le bheith páirteach sna misin is dúshlánaí. Seoladh 34 thionscadal go nuige seo, orthu sin tionscadail i réimse na soghluaisteachta míleata, na feitheoireachta muirí, agus na cibearshlándála. Is faire a dhéanann an Coimisiún le linn dó a bheith rannpháirteach, agus is iad na Ballstáit rannpháirteacha a thugann cuireadh dó.

An dá chlár phíolótacha atá ag an gCiste Cosanta Eorpach, tugadh i gcrích iad faoi mar a bhí beartaithe bliain roimh dheireadh na tréimhse Gníomhaíocht Ullmhaithe ar an Taighde Cosanta 2017-2019, agus is comhbhuiséad luach €590 milliún a bhí i gceist leo. Is é an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta (2019-2020) a dhéanann cómhaoiniú ar chomhfhorbairt na gcumas cosanta; leagadh síos an clár oibre i mí an Mhárta, agus is i mí Aibreáin a foilsíodh na glaonna ar thograí.

Infheistiú i réigiúin, i gcathracha, agus i gceantair thuaithe

I rith 2019, is tacaíocht do chruthú na bpost a bhí sa bheartas comhtháthaithe, agus tacaíocht don fhás, beartas faoina ndearnadh na mílte infheistíochtaí ar fud an Aontais idir bheag agus mhór. Le 5 bliana anuas, tugadh tacaíocht do 1 mhilliún gnólacht, rud ba chúis le cruthú na mílte poist nua. Fuair na milliúin daoine cúnamh oiliúna, cúnamh oideachais, nó cúnamh in aimsiú poist, cuireadh feabhas ar an nasc leathanbhanda atá acu sa bhaile, agus chuaigh an feabhas ar an infreastruchtúr iompair chun tairbhe dóibh, sin agus an nuálaíocht in earnáil na sláinte.

Seo áiteanna eile a fuair tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa aistriú tionsclaíoch in dhá Bhallstát agus 10 réigiún AE: an Liotuáin, an tSlóivéin, Tuaisceart agus Oirthear na Fionlainne (an Fhionlainn), Norra Mellansverige (an tSualainn), Manchain mhór (an Ríocht Aontaithe), Sachsen (an Ghearmáin), Wallonie (an Bheilg), Piemonte (an Iodáil), Cantabria (an Spáinn), agus Hauts-de-France, Centre-Val de Loire agus an Grand Est (an Fhrainc). Tabharfar deontas AE luach €300 000 an ceann den 12 scéim phíolótacha sin ar fad, deontas a chuideoidh leis an aistriú tionsclaíoch, agus le dearadh na straitéisí forbartha, rud a bheidh bunaithe ar na réimsí is mó neart atá acu, nó na sócmhainní speisialtóireachta faoi mar a deirtear freisin.

Daoine bailithe le chéile le héisteacht le cainteoir ag comhdháil

Seisiún plé le linn Sheachtain Eorpach na Réigiún agus na gCathracha, an Bhruiséil, an Bheilg, 9 Deireadh Fómhair 2019.

Tá airgead ó chiste an Bheartais Chomhtháthaithe á infheistiú i ngnólachtaí nuathionscanta nuálacha freisin. Mar shampla, de thairbhe €32.5 milliún ón gCiste Eorpach Infheistíochta, rud a fógraíodh i mí Aibreáin, beidh an Ciste um Chaipiteal Fiontair sa Chróit ag infheistiú i dtionscadail nua sa tír a bhfuil gealladh mór fúthu ó thaobh fáis de. Is éard is dóigh go mbeidh buntáiste do líon is mó ná 100 gnólacht nuathionscanta ar rochtain níos fearr ar mhaoiniú.

Ar scála is mó ná sin, an mhí cheannann chéanna d’fhógair an Coimisiún maoiniú luach €4 bhilliún ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ón gCiste Comhtháthaithe le haghaidh 25 thionscal mhóra infreastruchtúir i 10 mBallstát. Is iomaí téama faoi scáth na dtionscadal, mar atá na píblínte gáis trasteorann idir an Bhulgáir agus an Ghréig, bainistiú an uisce i Málta, áiseanna taighde in ollscoil sa Ghearmáin, agus nuachóiriú ar chuid de na hiarnróid i dtuaisceart na Portaingéile. €8 mbilliún is luach d’iomlán na hinfheistíochta sna tionscadail sin ach an cómhaoiniú náisiúnta a chur san áireamh ann freisin.

An talmhaíocht agus forbairt na tuaithe

Lean an Comhbheartas Talmhaíochta air ag cothú fáis agus infheistíochta, rud a rinneadh tríd an tacaíocht a tugadh don táirgeadh inmharthana bia, don bhainistiú inmharthana ar acmhainní nádúrtha, don nuachóiriú ar infreastruchtúr na tuaithe, agus don chuimsiú sóisialta. Faoi dheireadh an tríú ráithe in 2019, bhí tacaíocht curtha ar fáil ag An Ciste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt na Tuaithe (CETFT) do Chláir i bhForbairt na Tuaithe 2014-2020 dar luach €8 mbilliún. Is ar fheabhsú inmharthanacht na bhfeirmeacha a caitheadh an maoiniú, ar an iomaíochas i ngach cineál talmhaíochta, agus ar chur chun cinn na dteicneolaíochtaí feirmeoireachta nuálacha, agus ar bhainistiú inbhuanaithe na gcoillte.

Is aidhm freisin do bheartas forbartha na tuaithe an comhshaol a chosaint, faoi mar is aidhm dó athrú na haeráide a mhaolú, sin agus an dul in oiriúint d’athrú na haeráide a thapú. Bíonn tacaíocht airgid ann d’fheirmeoirí ach iad a bheith páirteach i scéimeanna chun cleachtais bainistithe feirme atá gan díobháil don chomhshaol a fhorbairt, chun cúinsí fabhracha don bhithéagsúlacht a shaothrú, nó chun athbhogach agus seascann a dhéanamh den talamh draenáilte ar mhaithe le carbón a stóráil san ithir. An tacaíocht a thug CETFT don atógáil, don chaomhnú agus don fheabhsú ar éiceachórais i réimse na talmhaíochta agus na coillteoireachta, is tacaíocht í a raibh luach €27 mbilliún ann ina hiomláine nach mór. Caitheadh €2 bhilliún eile leis an éifeachtúlacht acmhainní a chur chun cinn, mar aon leis an aistriú i dtreo geilleagar is íseal i gcarbón agus is seasmhach in aghaidh na haeráide in earnáil na talmhaíochta, in earnáil an bhia, agus in earnáil an coillteoireachta. Chomh maith leis sin, chuir an CETFT beagnach €5 bhilliún ar fáil leis an gcuimsiú sóisialta a chur chun cinn, sin agus idir laghdú na bochtaineachta agus fhorbairt na heacnamaíochta i gceantair thuaithe.

Ionas gur fearr a fhéadfaidh na feirmeoirí daingne a chur ina seasamh féin nuair atá earnáil an agraibhia ag díriú go mór ar na margaí, tá an Coimisiún ag obair i dtreo slabhra soláthair bia a bheidh níos cothroime. Tháinig Rialacha nua faoi chleachtais trádála atá míchothrom i bhfeidhm i mí Aibreáin, agus is aidhm dó na feirmeoirí agus na cuideachtaí agraibhia a chosaint ar nósanna oibre atá míchothrom. Ní mór do na Ballstáit na rialacha a chur lena gcuid reachtaíochta náisiúnta féin faoi mhí na Bealtaine 2021. Glacadh le togra um méadú ar an trédhearcacht i margadh an agraibhia freisin; fágfaidh sin gur mó faisnéis a bheidh ar fáil do na hoibreoirí margaidh ar fad ar feadh an tslabhra soláthair bia.

An Geilleagar Gorm

Feictear sna graif seo tionchar eacnamaíoch gheilleagar gorm an Aontais Eorpaigh

D'fhan rannaíocht an gheilleagair ghoirm le geilleagar iomlán an Aontais i dtéarmaí Oll-bhreisluacha a bheith sách cobhsaí agus é ag timpeall 1.5 faoin gcéad idir 2009 agus 2017 le treocht laghdaithe bheag ó bhí 2011 ann. Le linn na tréimhse céanna, b'fhiú idir 1.5 faoin gcéad agus 2 faoin gcéad d'fhostaíocht an geilleagar gorm le geilleagar iomlán an Aontais, agus faoi mar is léir is tréimhse fáis a bhí ann ó bhí 2015 ann. Is sonraí sealadacha atá ann le haghaidh 2017. Foinse: Eurostat (Staidreamh Struchtúrach Gnó), an Creat um Bailiú Sonraí, Ard-Stiúrthóireacht na nGnóthaí Muirí agus na hIascaireachta agus ríomhanna an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde. Maidir leis an bhfás ar olltáirgeacht intíre i dtéarmaí réadacha, i gcás ina bhfuil olltáirgeacht intíre ar chostas fachtóra agus ar chomh-mhéid le hOll-bhreisluach dá bhrí sin, bhí an ráta fáis suas agus anuas idir 2004 agus luath in 2020. Tar éis an fháis ar olltáirgeacht intíre go breis agus 3 faoin gcéad idir 2004 agus 2006, tháinig laghdú tobann air go ‒ 5 faoin gcéad in 2009 mar gheall ar an ngéarchéim airgeadais in 2008. De thoradh ar mhéadú a bhí chomh mór céanna, bhí fás ar olltáirgeacht intíre sa gheilleagar gorm ar ais ag 2 faoin gcéad in 2010, ach tháinig laghdú air arís in 2012 go dtí díreach faoi 0 faoin gcéad. Ó 2012 go 2014, is cobhsaí an ráta fáis a bhí ann agus de thoradh air sin, sheas na luachanna ag timpeall 2 faoin gcéad, agus is ag an leibhéal sin a d'fhan siad, gan ach luaineacht bheag orthu, go dtí tús 2020. Réamhaisnéis atá sna sonraí le haghaidh 2019-2020. Foinse: an Coimisiún Eorpach.

An Geilleagar Gorm atá ag an Aontas Eorpach, rud a chuimsíonn na gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar fad a bhaineann leis na haigéin, na farraigí, agus na limistéir cois cósta, is geilleagar é atá ag fás leis i dtólamh. De réir an dara Tuarascáil an Aontais maidir leis an nGeilleagar Gorm, rud a foilsíodh i mí na Bealtaine, bhí brabús comhlán luach €74.3 billiún san earnáil in 2017, agus bhí os cionn 4 mhilliún duine fostaithe ann. De réir na bhfigiúirí is deireanaí, tá rátaí arda fáis ann san earnáil thraidisiúnta agus in earnáil an Gheilleagair Ghoirm araon. Is é is aidhm don tuarascáil a chion féin den spreagadh a thabhairt don fhás breise, rud a éireoidh leis ach feabhas a chur ar na sonraí, ar an anailís, agus ar an eolas a bhíonn sé a sholáthar faoi chúrsaí farraige.

Iascaire ar bhád iascaigh agus é ag crochadh gliomaigh ar rugadh air

Iascaire ag breith ar ghliomach spíonach, Guilvinec, an Fhrainc, 20 Lúnasa 2019.

Is i mí Lúnasa a foilsíodh an Tuarascáil eacnamaíoch bhliantúil 2019 ar flít iascaireachta an Aontais, agus léiríonn sé gur maith a chruthaigh an earnáil in 2017 arís. Thar aon ní, is modhanna iascaireachta inbhuanaithe ba chúis leis sin, mar aon le hardú ar mheánphraghsanna an éisc, praghsanna ísle breosla nár tháinig ardú orthu, agus an feabhas a bhí ar stádas cuid de na stoic is tábhachtaí. Meastar nach bhfuil deireadh fós leis an bhfeabhas sin.

An Eoraip a nascadh le chéile leis an ngréasán iompair

In 2019, roghnaíodh 108 dtionscadal i gcomhar deontas luach €538 milliún ón Áis Chónasctha na hEorpa (CEF), tionscadail a fhéachfaidh leis an infreastruchtúr iompair a thabhairt i sábháilteacht, i gclisteacht, agus i nglaise. Tá 39 dtionscadal ina measc sin (luach €117 milliún) a laghdóidh an fothram a bhíonn ag traenacha lasta, chomh maith le naisc iarnróid trasteorann a thabhairt chun cinn, sin agus feabhas a chur ar an gcuid is tábhachtaí den infreastruchtúr sna calafoirt. Caithfear €109 milliún eile ina thacaíocht d’ardáin ilmhódacha lóistíochta, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann lastas a aistriú ó mhodh iompair amháin go modh iompair eile. Bhí tús áite ann do dhá ní a bhaineann le Córas Cliste Iompair le haghaidh na mbóithre (maoiniú luach €80 milliún), leis an nuálaíocht agus leis na teicneolaíochtaí nua (€71 mhilliún).

I mí an Mhárta, rinne an Coimisiún Eorpach i bpáirt le Banc Infheistíochta na hEorpa rud a sheoladh An tSaoráid Chumaisc Iompair (SCE) ionstraim airgeadais nuálach le tacú le tionscadail a chuireann comaoin ar inmharthanacht an chomhshaoil agus le héifeachtúlacht na hearnála iompair san Eoraip. Is buiséad €200 milliún a bhí ag an ionstraim i dtosach, buiséad lena maoineofar infheistíocht faoi scáth na hionstraime sa Chóras Eorpach um Bainistiú Tráchta Iarnróid, sin agus in infreastruchtúr na mbreoslaí malartacha. Chuaigh an dá eagraíocht i gcomhar le chéile chomh maith le tacú leis an infheistíocht i sábháilteacht an iompair: maidir leis an Ardán um Shábháilteacht Iompair, is rud é a fhágfaidh go mbeidh comhairle theicniúil agus comhairle faoi chúrsaí airgeadais le fáil go héasca, go háirithe i dtaobh na mbóithre.

Infheistiú i ngnólachtaí

Is FBManna atá i 99 % de na gnólachtaí ar fad san Eoraip, agus is cuid ríthábhachtach de gheilleagar na hEorpa atá iontu. Tacaíonn an tAontas leo mar a leanas: féachann sé le feabhas a chur ar thimpeallacht an ghnó ionas gur fusa a bhíonn rochtain ar mhaoiniú; déanann sé seirbhísí éagsúla a thairiscint ionas gur fusa dóibh a bheith ag dul i méid laistigh den Aontas Eorpach agus lastall de.

Trí clár um iomaíochas na bhfiontar beag agus meánmhéide (COSME) go háirithe, in 2018 a bhí baint ag an Aontas le €10 mbilliún de mhaoiniú a fháil le haghaidh 140 000 fiontar den chineál sin trí raon uirlisí airgeadais, an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha san áireamh (CEIS).

Infheistiú sna daoine féin

I bhformhór na mBallstát, is tosaíocht atá san athchóiriú ar na córais oideachais agus oiliúna, agus bhí an tosaíocht sin ina cuid lárnach de Sheimeastar Eorpach 2019 freisin. An infheistíocht san oideachas agus i scileanna na ndaoine, is rud bunúsach í leis an nuálaíocht agus le fás na táirgiúlachta a chaomhnú, go háirithe nuair atá saol na hoibre ag athrú leis go mear, agus easpa scileanna ag dul chun suntais. An mhíchothromaíocht sa toradh a bhíonn ar an oideachas, is bagairt atá ann don chomhtháthú sóisialta agus do rathúnas na hEorpa go fadtéarmach. An rochtain chothrom ar oideachas den scoth, is rud é atá thar a bheith tábhachtach do ghrúpaí daoine atá faoi mhíbhuntáiste chomh maith, agus ó tharla go bhfuil saol na hoibre ag athrú go tapa, ní mór ugach a thabhairt do níos mó daoine fásta lena gcuid scileanna a fheabhsú go leanúnach agus leis an bhfoghlaim a ghlacadh chucu féin go fonnmhar ar feadh a saoil. Tugadh moladh sonrach do gach uile Bhallstát faoi seach i réimse an oideachais agus na hoiliúna.

I mí na Bealtaine, mar chuid den obair atá á déanamh le Limistéar Oideachais Eorpach a chur ar bun faoi 2025, ghlac an Chomhairle Moladh faoi oideachas páistí óga, faoi chúram páistí óga, faoi theagasc agus fhoghlaim na dteangacha. An mhí dár gcionn, faoi scáth chlár Erasmus+, d’fhógair an Coimisiún na chéad 17 gcomhghuaillíocht idir Ollscoileanna, rud a bhfuil 114 institiúid ardoideachais páirteach ann i 24 Bhallstát. Maidir leis na comhghuaillíochtaí sin, cuirfidh siad tuilleadh feabhais ar an bhfiúntas agus ar an tarraingteacht atá ag roinnt leis an ardoideachas, agus cuirfidh siad biseach ar an gcomhoibriú idir na hinstitiúidí maille lena gcuid mac léinn agus an fhoireann.

Lean an tAontas den infheistíocht a dhéanann sé san oiliúint. Tacaíocht agus cómhaoiniú ón gclár Erasmus i gcomhair Fiontraithe Óga EYE, is rud é a thugann deis don fhiontraí nach bhfuil ach i dtús fiontraíochta oiliúint a chur air féin i bhfochair duine ar mhórán taithí atá i mbun FMB i dtír eile. Ghlac 1 300 fiontraí nua páirt ann anuraidh, ar fud na hEorpa agus lastall di, agus tá 120 fiontraí nua ann atá á lua le EYE Global, clár píolótach a bhfuil Iosrael agus Singeapór páirteach ann, agus péire de stáit SAM, sin iad Nua Eabhrac agus Pennsylvania.

Achoimre ar Ráthaíocht a chur i bhfeidhm le haghaidh an Aosa Óig

Is éard atá i Ráthaíocht le hAghaidh an Aosa Óig, gealltanas polaitiúil a rinne na Ballstáit i mí Aibreáin 2013 chun tairiscint ardcháilíochta ar phost, ar bhreisoideachas, ar phrintíseacht nó ar thréimhse oiliúna a thabhairt do gach duine faoi bhun 25 bliana faoi cheann 4 mhí tar éis dó a phost a chailleadh nó tar éis dó éirí as an gcóras oideachais foirmiúil. Ó sheol an Coimisiún an ráthaíocht, is cuidiú a bhí inti le dífhostaíocht na n-óg a laghdú. Ó bhí 2013 ann, tá laghdú de 2.5 milliún ar líon na ndaoine óga atá dífhostaithe agus laghdú de 2 mhilliún ar líon na ndaoine óga nach bhfuil fostaithe, i mbun oideachais ná faoi oiliúint. Ó bhí 2014 ann, chláraigh níos mó ná 25 milliún leis an Ráthaíocht, agus ghlac níos mó ná 18 milliún duine óg le tairiscint ar phost, ar oideachas, ar thréimhse oiliúna, nó ar phrintíseacht. Foinse: an Coimisiún Eorpach Cóipcheart: an tAontas Eorpach

Rud os cionn €3.2 billiún is luach do bhuiséad an Clár Erasmus+ le haghaidh an oideachais, le haghaidh na hoiliúna, le haghaidh na hóige, agus le haghaidh an spóirt, airgead a chuir deiseanna ar fáil do 650 000 duine óg nó mar sin, agus do 237 000 d’fhoireann na n-institiúidí oideachais agus na n-eagraíochtaí óga. Chuir an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg €350 milliún ar fáil do dhaoine óga atá ina gcónaí i réigiúin ina bhfuil dífhostaíocht mhór i measc an aosa óig.

Na daoine a nascadh le chéile

Bhí deis ag tuairim agus 35 000 duine óg an Eoraip a shiúl le Ticéad DiscoverEU, chláraigh os cionn 90 000 duine leis an Cór Dlúthpháirtíochta na hEorpa, ghlac 12 000 díobh sin páirt in imeachtaí dlúthpháirtíochta ar fud na hEorpa in 2019.

Taistealaithe DiscoverEU i mbun plé ar inbhuanaitheacht ag an gcéad teacht le chéile riamh de DiscoverEU, Nijmegen, an Ísiltír, 12 Iúil 2019.

Taistealaithe DiscoverEU i mbun plé ar inbhuanaitheacht ag an gcéad teacht le chéile riamh de DiscoverEU, Nijmegen, an Ísiltír, 12 Iúil 2019.

Feabhas ar shláinte na nEorpach

Chuaigh an Coimisiún i bpáirt leis an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, agus leis an Ionad Faire Eorpach um Chórais Sláinte agus Beartais Sláinte, le grinnstaidéar a dhéanamh ar chórais sláinte san Aontas Eorpach. Sa tuarascáil Staid na Sláinte san Aontas Eorpach agus ina Leath-thuarascáil, tá 30 próifíl de chórais náisiúnta, agus in 2019 bhí béim sa dá thuarascáil sin ar chúig théama chothrománacha: an drogall roimh vacsaíniú; an t-aistriú digiteach i gcothú na sláinte agus i gcosc na ngalar; bearnaí san éascaíocht rochtana ar an gcóras sláinte; malartú na gcúram i measc oibrithe sláinte; rochtain na n-othar ar chóir leighis.

Jean-Claude Juncker agus an Dr. Tedros Adhanom Ghebreyesus agus iad ag taispeáint t-léine a bhfuil ‘vaccines work’ scríofa air

Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus é ag crochadh t-léine #VaccinesWork in éineacht leis an Dr. Tedros Adhanom Ghebreyesus, Ard-Stiúrthóir na hEagraíochta Domhanda Sláinte le linn an chéad Chruinnithe Mullaigh Dhomhanda maidir le Vacsaíniú, an Bhruiséil, an Bheilg, 12 Meán Fómhair 2019.

I mí Feabhra, rinne an tAontas gníomh le deimhin a dhéanamh de gur cóir leighis gan bhaol do na hothair atá sa chóir leighis atá ar díol sna Ballstáit, agus is an fíorú agus tréithe slándála nua i leith cóir leighis a dháiltear ar oideas a bhí sa ghníomh sin. Ó shin i leith, ní mór don mhonaróir barrachód 2D a chur ar bhosca cóir leighis ar oideas, sin agus gléas a choinneoidh slán ó útamáil é. Maidir leis na cógaslanna agus na hospidéil, ní mór dóibhsean deimhin a dhéanamh de gur barántúil an chóir leighis atá ann sula roinneann siad ar na hothair í. Seo í an chéim dheiridh i gcur chun feidhme an treoir maidir le cógais leighis atá falsaithe, 2011 rud dar sprioc áirithiú a dhéanamh ar shábháilteacht agus ar cháilíocht an leighis a dhíoltar san Aontas.

Daoine óga agus iad ag imirt ar pháirc rugbaí a cuireadh isteach taobh amuigh d'fhoirgneamh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh

Daoine óga ag imirt cluiche rugbaí a eagraíodh ag ceannáras an Choimisiúin Eorpaigh, an Berlaymont, mar chuid de Sheachtain Eorpach an Spóirt, an Bhruiséil, an Bheilg, 23 Meán Fómhair 2019.

Buiséad an Aontais a bheadh dírithe ar thorthaí agus ar an leanúnachas

Is neartú ar an neart atá in eacnamaíocht na hEorpa a bhí i mbuiséad an Aontais Eorpaigh, agus is neartú ar an daingne atá ann, agus neartú ar an dlúthpháirtíocht agus ar an tslándáil laistigh de theorainneacha an Aontais agus lastall díobh araon.

Forálacha le tacú leis an bhfás eacnamaíoch, agus forálacha leis na bearnaí eacnamaíocha idir réigiúin a laghdú; is ar na forálacha sin a caitheadh beagnach leath airgead na gcistí (€80 billiún). B’fhiú €12.2 billiún an t-airgead a chaith an tAontas ar an taighde agus an nuálaíocht faoi Horizon 2020, An Comhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach nua ar rud amháin. Mhéadaigh buiséad an oideachais agus na hoiliúna (de 17.8 % i gcás Erasmus+ le linn 2018), agus mhéadaigh buiséad an iompair agus an infreastruchtúir dhigitigh chomh maith (de 37.0 % i gcás an Chreata Chomhchoitinn Thagartha Eorpaigh (CCTE). Níor tháinig méadú ná laghdú ar an tacaíocht don talmhaíocht agus do limistéir thuaithe, luach €60 billiún nó mar sin, rud a chuir comaoin ar an gcomhrac in aghaidh athrú na haeráide agus ar chothú fáis inbhuanaithe. Bhí an tsolúbthacht ba riachtanach i mbuiséad na bliana 2019 le gnéithe inmheánacha na himirce a chur i bhfáth, agus síneadh €386.3 milliún chuig na Ballstáit via cláir oibríochtúla náisiúnta, airgead a baineadh as ciste tacaíochta iomlán €1.2 billiún an Chiste Eorpaigh Imirce, Tearmainn agus Lánpháirtíochta, maille le €442.7 milliún le haghaidh bhainistiú na dteorainneacha, agus €92.7 milliún i gcomhair na slándála ón gCiste Slándála Inmheánach. Cuireadh €5 mhilliún i leataobh san iomlán le hoifig nua a chruthú, Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, le hionchúiseamh a dhéanamh i gcás coireanna in aghaidh bhuiséad an Aontais, ar na coireanna sin an chalaois, sciúradh airgid, agus an t-éilliú.

Caibidil 2

Margadh Aonair Digiteach atá nasctha

© Fotolia

Ba bhliain thábhachtach eile 2019, bliain inar leanadh ar aghaidh le haistriú digiteach an gheilleagair agus na sochaí. Is chun tairbhe tomhaltóirí agus gnólachtaí ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin an t-aistriú sin cheana féin. Is é cur chuige comhbheartaithe AE a d’éascaigh é seo.

I mí na Bealtaine cuireadh rialacha nua chun feidhme a chiallaíonn gur saoire anois glaonna a chur ó línte talún agus téacsteachtaireacht a sheoladh ó fhóin phóca idir na Ballstáit óir socraíonn na rialacha sin an t-uasphraghas orthu. Tháinig méadú ar an líon ball te WiFi saor in aisce ar fud na hEorpa a bhuí le scéim a chuireann airgead ar fáil do bhailte agus do chathracha chun na costais suiteála a chlúdach, scéim atá á maoiniú ag an Aontas.

Is trí fhorbairtí eile a leagadh síos an bhunobair do thodhchaí dhigiteach na hEorpa. Is forleithne ná riamh na táirgí agus na seirbhísí a úsáideann an intleacht shaorga (AI) agus cuirfidh treoirlínte nua an Aontais ina luí ar shaoránaigh nach dtiocfaidh an teicneolaíocht ina n-ionad ach go gcabhróidh sé leo.

Cuireadh borradh faoi uaillmhian na hEorpa a bheith ina cheannródaí sár-ríomhaireachta nuair a seoladh ocht suíomh óstála sár-ríomhaireachta nua. Tugadh aghaidh ar bhuaireamh agus imní maidir le slándáil príomhlíonraí cumarsáide agus na sonraí atá orthu. Áirítear ina measc sin tograí nua maidir le cibearshlándáil líonraí 5G a neartú, ról i bhfad níos mó do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil, agus na rialacha uile-Aontais maidir le deimhniú cibearshlándála táirgí, próiseas agus seirbhísí, chomh maith le gealltanas líonraí slándála candaim lánsábháilte a fhorbairt.

Mar gheall ar rialacha nua maidir le cóipcheart, beidh luach saothair agus cosaint níos cothroime ar obair iriseoirí agus cruthaitheoirí atá ar fáil ar líne.

Nascacht níos sábháilte, níos saoire agus níos fearr

Is fadhb mhór a bhí sa nascacht fós don Aontas in 2019. De réir mar a éiríonn an geilleagar agus an tsochaí níos digití agus de réir mar a bhaintear níos mó úsáide as táirgí agus seirbhísí ar líne, is tábhachtaí ná riamh an nascacht shábháilte iontaofa a bheadh ar phraghas réasúnta.

Físeán a bhaineann le teacht chun cinn an Mhargaidh Aonair Dhigitigh

Margadh Aonair Digiteach: glaonna níos saoire ar thíortha eile AE. © An tAontas Eorpach, 2019

Is iomaí difríocht a bhí ar an gcostas le glaonna a chur agus téacsteachtaireachtaí a sheoladh idir na Ballstáit agus áiteanna eile san Eoraip. Ar an meán, bhí gnáthphraghas glao ó líne talún nó ó fhón póca ar uimhir i dtír eile trí oiread chomh hard le gnáthphraghas glao intíre, agus bhí gnáthphraghas téacsteachtaireachta níos mó ná dhá oiread chomh costasach. Socraíonn uasteorainneacha praghsála a tugadh isteach i mí na Bealtaine uaschostas nach mó ná €0.19 + cáin bhreisluacha (CBL) in aghaidh an nóiméid ar ghlaonna ó línte talún nó ó fhóin phóca. Faoin am seo ní chosnaíonn téacsteachtaireachtaí níos mó ná €0.06 + CBL. Ba é leas na dtomhaltóirí agus na ngnólachtaí go soiléir agus go pras deireadh na dtáillí fánaíochta in 2017 nuair a cuireadh uasteorainn ar ghlaonna idirnáisiúnta san Eoraip.

Feictear sa léaráid seo an laghdú ar bhacainní digiteacha chun tairbhe tomhaltóirí agus gnólachtaí

Is ríthábhachtach bacainní digiteacha a bhriseadh as a chéile le haghaidh tomhaltóirí agus gnólachtaí. Ní ann fós i gceart do cheithre shaoirse an Aontais Eorpaigh — saorghluaiseacht earraí, caipitil, seirbhísí agus oibrithe — sa saol ar líne. Ar an gcúis sin, chuaigh Coimisiún Juncker i ngleic leis na fadhbanna sin. Roimh 2014 ní fhéadfadh muintir na hEorpa a gcuid síntiús ar líne a úsáid fad a bhí siad ag taisteal, agus an-seans go mbíodh bac ar shruthú na gclár teilifíse is fearr leo agus iad ar an gcoigríoch. B'éigean dóibh táillí fánaíochta arda a íoc freisin le fón a úsáid ar an gcoigríoch san Eoraip; costas breis agus 0.50 euro sa nóiméad ar ghlao agus costas breis agus 0.28 euro ar théacsteachtaireacht in 2007. Níor cuireadh cearta an tomhaltóra in oiriúint don aois dhigiteach agus bhí tomhaltóirí geobhlocáilte ó rochtain a fháil ar earraí agus seirbhísí ar líne i dtíortha eile; mar shampla níorbh fholáir dóibh íoc le cárta dochair nó cárta creidmheasa ó thír shonrach. Ó bhí Aibreán 2018 ann, is féidir le muintir na hEorpa rochtain a fháil ar a síntiúis ar líne le scannáin, imeachtaí spóirt, ríomhleabhair, físchluichí nó seirbhísí ceoil le linn dóibh a bheith ag taisteal i mBallstát eile. Ní íocann siad táillí fánaíochta fad is a bhíonn siad ag taisteal san Aontas, agus dar le 70 faoin gcéad de mhuintir na hEorpa, is beartas é seo a bhfuiltear ag baint tairbhe as cheana. Thairis sin, mar gheall ar rialacha cosanta tomhaltóirí nuashonruithe agus rialacha nua maidir le conarthaí digiteacha, beidh níos mó ceart ag tomhaltóirí sa saol ar líne agus beidh níos mó muiníne ag tomhaltóirí agus earraí á gceannach acu ar líne agus ó Bhallstáit éagsúla. Ó bhí an 3 Nollaig 2018 ann, cinntítear leis na rialacha nua maidir le geobhlocáil gan údar gur féidir le tomhaltóirí rochtain a fháil ar earraí agus seirbhísí ar líne gan a bheith buartha faoi idirdhealú ná srianta geografacha. Foinse: an Coimisiún Eorpach

Achoimre ar an scéim WiFi4EU

Ní mór do líonraí atá maoinithe ag WiFi4EU a bheith saor in aisce, saor ó fhógraíocht agus saor ó athúsáid tráchtála sonraí. Ina theannta sin, ní mór do na spásanna poiblí ainmnithe sainaitheantas físe WiFi4EU a thaispeáint agus a léiriú go bhfuil siad cómhaoinithe ag an Aontas Eorpach. Foinse: an Coimisiún Eorpach

Is ríléir na buntáistí a d’eascair as scéim a seoladh chun údaráis áitiúla a chumasú baill te WiFi saor in aisce a shuiteáil. Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh WiFi4EU feabhas a chur ar nascacht suas le 8 000 pobal ar fud an Aontais. Tá deontais dar luach €15 000 ar fáil d’údaráis áitiúla ón Aontas chun suiteáil na mball te a mhaoiniú. Fógraíodh dhá ghlao ar iarratais agus bhain níos mó ná 5 000 pobal tairbhe as an scéim anuas ar an 2 800 pobal ar cuireadh maoiniú ar fáil dóibh in 2018. Tá 18 mí ag gach pobal an maoiniú a infheistiú sa trealamh is gá chun na baill te WiFi poiblí a chur ar fáil.

Cuireadh borradh faoi nascacht i gceantair thuaithe le linn na bliana freisin. Níl rochtain ach ag 53 % de na daoine a bhfuil cónaí orthu i gceantair iargúlta agus thuaithe ar idirlíon tapa i gcomparáid le 82 % san Aontas trí chéile. Is príomhthosaíocht é an folús digiteach seo a líonadh. Tháinig fás nach beag ar Líonra na nOifigí um Inniúlachtaí Leathanbhanda in 2019 agus anois tá 116 oifig náisiúnta agus réigiúnacha ag comhordú na n-iarrachtaí chun clúdach leathanbhanda a leathnú amach chuig na háiteanna is iargúlta san Aontas. Feabhsóidh clúdach leathanbhanda atá níos fearr agus níos tapúla an rochtain atá ag daoine ar oideachas, sláinte, seirbhísí rialtais agus gnólachtaí. Ina theannta sin, éascóidh sé poist agus infheistíocht agus tacóidh sé le pobail sna ceantair sin.

Forleathnaíodh an líonra agus i mí Aibreáin gheall na Ballstáit go n-oibreoidís as lámha a chéile chun ligean le féidearthachtaí na dteicneolaíochtaí digiteacha. A bhuí leis an gcomhoibriú seo, is féidir aghaidh a thabhairt ar na dúshláin thábhachtacha phráinneacha a mbíonn ar gheilleagar na tuaithe i gcoitinne dul i ngleic leo, cosúil le dúshláin eacnamaíochta, shóisialta, aeráide agus chomhshaoil. Áirítear na dúshláin in earnáil bia agus feirmeoireachta AE ina measc freisin.

Sa tréimhse roimh na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa i mí na Bealtaine, reáchtáladh feachtas ardaithe feasachta dar teideal #DigitalRespect4Her i dtaobh foréigean ar líne i gcoinne na mban. Na fadhbanna sonracha a bhíonn ag mná ar na meáin shóisialta agus ar shuíomhanna eile arlíne, is iad na teistiméireachtaí ó pharlaiminteoirí, saineolaithe agus iriseoirí ban a bhí mar chuid den fheachtas a chuir i dtábhacht iad.

Tá an digitiú ag cuidiú freisin le bonn a chur leis an obair níos ginearálta atáthar a dhéanmah chun deireadh a chur le constaicí laistigh de Mhargadh Aonair an Aontais, 0agus sampla nithiúil de sin ba ea Malartú Leictreonach Faisnéise Slándála Sóisialta#/a

Ar an dóigh chéanna, agus mar thoradh ar rialacha nua a comhaontaíodh i mí an Mhárta, tiocfaidh feabhas ar an gcaoi a mbailítear CBL ó dhíoltóirí ar líne. A bhuí leis na rialacha seo, beidh sé ar chumas gnólachtaí arlíne clárú aon uair amháin chun críche CBL in ionad clárú i ngach mBallstát ina dhíolann siad earraí. Leis sin, tiocfaidh laghdú nach beag ar an gcur amú airgid agus ama ar ghnólachtaí beaga a dhéanann gnó trasna na dteorainneacha ar líne. Cuideoidh na rialacha nua le húdaráis náisiúnta chánach fiacha CBL a bhailiú ar bhealach níos éasca ó ghnólachtaí nach gnólachtaí AE iad ach a dhíolann earraí le thomhaltóirí AE sa mhargadh ar líne. Cuideoidh na rialacha freisin an t-ioncam dar luach €5 bhilliún ó chánacha a chailltear san earnáil gach bliain a fháil ar ais.

Cearta a chosaint sa ré dhigiteach

Dearadh agus tugadh isteach tionscadail eile chun cearta tomhaltóirí agus gnólachtaí a chosaint ar líne, a bhfuil >a target="_blank" href="https://www.consilium.europa.eu/ga/press/press-releases/2019/04/15/eu-adopts-new-rules-on-sales-contracts-for-goods-and-digital-content/"#rialacha nua maidir le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar agus conarthaí chun earraí a dhíol mar chuid dóibh, rud a fhágann go bhfuil sé níos soiléire agus níos éasca gnó a dhéanamh ar líne. Le haon tacar rialacha amháin a bheidh infheidhme ar fud an Aontais, beidh tuiscint níos fearr ag gnólachtaí ar na hoibleagáidí atá orthu agus beidh réitigh shoiléire do thomhaltóirí má bhíonn ábhar digiteach, seirbhísí agus earraí digiteacha, táirgí lena mbaineann gné dhigiteach (e.g. cuisneoirí cliste) fabhtach.

Aontaíodh ar rialacha nua an Aontais chun na rialacháin chasta maidir le cóipcheart a thabhairt cothrom le dáta don domhan digiteach. Is príomhthairseacha iad seirbhísí sruthaithe ceoil, ardáin “físeáin ar éileamh”, comhbhailitheoirí nuachta agus ardáin ábhair a uaslódáileann úsáideoirí anois chun rochtain a fháil ar shaothair chruthaitheacha agus ar ailt nuachta. Cinntíonn na rialacha nua luach saothair cothrom do chruthaitheoirí, cearta níos láidre d’úsáideoirí, agus cintíonn siad go bhfuil freagrachtaí na n-ardán níos soiléire. Is d’aidhmeanna na rialacha feabhas a chur ar rochtain trasna na dteorainneacha ar ábhar faoi chóipcheart ar líne, rialacha nua a leagadh síos d’ardáin dhigiteacha a bhfuil saothair faoi chóipcheart ar fáil orthu, preas agus iriseoireacht ar líne a spreagadh agus luach saothair iriseoirí a fheabhsú, agus úsáid ábhar faoi chóipcheart chun críche oideachais agus taighde a éascú.

Lean an Eoraip ar aghaidh ag gníomhú go cinnte chun dul i ngleic le cleachtais gnólachta mhíchothroma sa gheilleagar digiteach. I mí an Mhárta gearradh fíneáil dar luach €1.49 billiún ar Google as srianta conartha frithiomaíocha a chur ar shuíomhanna gréasáin tríú páirtí. Chuir na srianta cosc nó díspreag siad iomaitheoirí a bhfógraí cuardaigh a chur orthu. I mí an Mheithimh cuireadh imscrúdú foirmiúil ar bun maidir le cleachtais Broadcom, ceannródaí domhanda do pháirteanna le haghaidh gléasanna cumarsáide sreangaithe cuir i gcás móideimí agus boscaí bairr teilifíse, féachaint ar eisigh siad iomaitheoirí ón margadh go mídhleathach. I mí Dheireadh Fómhair bheartaigh an Coimisiún bearta idirlinne a fhorchur d’fhonn a chinntiú nach ndearnadh dochar tromchúiseach doleasaithe le linn an imscrúdaithe ar fhírinne cleachtas eisiaimh ar leith a cuireadh i leith an chuideachta. I mí Iúil gearradh fíneáil luach €242 mhilliún ar Qualcomm as foirne slise a nascann fóin phóca chliste agus táibléid le líonraí ceallach a dhíol faoi bhun costais agus é d’aidhm aige a phríomhiomaitheoir a fhágáil as an áireamh sa mhargadh. Cuireadh imscrúdú ar bun freisin maidir leis an gcaoi a n-úsáideann Amazon sonraí ó cheannaithe eile a úsáideann a suíomhanna gréasáin chun earraí a dhíol.

Tháinig rialacha nua i bhfeidhm i mí Iúil maidir le caidrimh idir ardáin agus gnólachtaí digiteacha, rialacha a leagann síos creat comhchuibhithe le haghaidh trédhearcacht íosta agus cearta sásaimh. Cosnaíonn na rialacha seo cuideachtaí a bhíonn ag brath ar ardáin dhigiteacha chun teacht ar thomhaltóirí, agus cosnaíonn siad freisin nuálaíocht fhéideartha na n-ardán; gabhann an Fhaireachlann maidir le Geilleagar na nArdán Digiteach leo.

Líonraí a dhéanamh níos sábháilte

Bhí rialacha nua ann ón Aontas freisin maidir le cibearshlándáil na líonraí ina n-iomláine. Cuimsíonn sin moltaí i dtaca le slándáil líonraí 5G na chéad ghlúine eile, ó tharla go bhfuiltear ag súil leis go dtiocfaidh borradh nua faoi líon agus raon na dtáirgí agus na seirbhísí digiteacha mar gheall ar an ardinniúlacht feidhmíochta, agus go mbeidh ioncam measta de €225 bhilliún ann in 2025. Idir mí an Mhárta agus mí an Mheithimh, rinne na Ballstáit measúnuithe forleathana ar a n-infreastruchtúr líonra 5G, agus neartaigh siad a rialacha chun feabhas a chur ar shlándáil na líonraí poiblí.

Tháinig an tAcht Cibearshlándála i bhfeidhm i mí Bhealtaine, acht ina leagtar amach gach atá i ndán do bheartas cibearshlándála an Aontais. Cuimsíonn sin obair a thosú ar chreat nua a fhorbairt i dtaca le deimhniú cibearshlándála le haghaidh táirgí, seirbhísí agus próiseas digiteach, agus ról níos láidre le haghaidh Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil. Chomh maith le ról lárnach a bheith aige i dtaca leis an gcreat deimhnithe a bhunú agus a choinneáil ar bun, tá sainordú ag an ngníomhaireacht comhar oibríochtúil a mhéadú ar leibhéal an Aontais agus chuige sin cuidiú leis na Ballstáit a iarrann é teagmhais chibearshlándála a láimhseáil agus tacú le comhordú an Aontais i gcás teagmhais agus géarchéimeanna mórscála trasteorann a bhaineann le cibearshlándáil.

Thug seacht mBallstát gealltanas an mhí chéanna (an Bheilg, an Ghearmáin, an Spáinn, an Iodáil, Lucsamburg, Málta agus an Ísiltír) chun dlús a chur le líonraí candaim fíorshlána a fhorbairt d’fhonn borradh a chur faoi inniúlachtaí na hEorpa i dtaca le teicneolaíochtaí candaim agus cibearshlándáil agus sábháilteacht agus slándáil líonraí na todhchaí. De réir a dtograí uaillmhianacha, ba cheart tús a chur le hinfreastruchtúr nua cumarsáide candaim lena bhféadfaí faisnéis agus sonraí a chur ar aghaidh agus a stóráil go slán lánsábháilte agus a nascfadh fáltais ar fud an Aontais. Dhéanfadh sé teicneolaíochtaí agus córais chandaim a chomhtháthú i ngnáthinfreastruchtúir chumarsáide agus bheadh dhá ghné i gceist leis: cuid bunaithe ar an talamh a bhainfeadh úsáid as líonraí cumarsáide snáithíní atá ann cheana agus a nascann suímh straitéiseacha ag leibhéil náisiúnta agus trasteorann, agus cuid bunaithe sa spás a chlúdódh achair fhada ar fud na hEorpa agus mór-ranna eile.

Trí úsáid a bhaint as an líonra sin le haghaidh infreastruchtúr criticiúil agus córas criptiúcháin, tabharfar cosaint d’eangacha cliste fuinnimh, rialú na haerthráchta, bainc, saoráidí cúram sláinte agus eile ón haiceáil. Cuirfidh sé ar a gcumas do lárionaid sonraí faisnéis a stóráil agus a mhalartú go sábháilte agus caomhnóidh sé príobháideachas fad-téarmach sonraí rialtais.

I mí na Bealtaine, leag an Chomhairle creat síos a chuireann ar chumas an Aontais bearta sriantacha atá dírithe ar sprioc ar leith a chur chun tosaigh chun cibearionsaithe atá ina mbagairt sheachtrach don Aontas gona Bhallstáit a dhíspreagadh agus freagairt dóibh. Cuimsíonn sin cibearionsaithe i gcoinne tíortha nach bhfuil san Aontas nó i gcoinne eagraíochtaí idirnáisiúnta ina meastar gur rud riachtanach atá sna bearta sriantacha chun cuspóirí Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála a chomhlíonadh.

Teicneolaíochtaí na todhchaí a ullmhú

An intleacht shaorga

Agus súil á caitheamh ar an am atá le teacht, teastaíonn ón Eoraip lántairbhe a bhaint as na feabhsuithe féideartha iomadúla a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an intleacht shaorga, agus le blianta beaga anuas tá go leor infheistíochta déanta aige chun a hinniúlacht i dtaca leis an intleacht shaorga a neartú. I gcomhthéacs na himní maidir le forbairt na hintleachta saorga áfach, in 2019 thosaigh grúpa ardleibhéil saineolaithe ag forbairt treoirlínte maidir le forbairt eiticiúil na teicneolaíochta chun a chinntiú go leanfaidh sé den fhreastal ar an tsochaí seachas díobháil a dhéanamh di. Is saineolaithe ó gach cearn den Aontas a scríobh na treoirlínte eiticiúla le haghaidh na hintleachta saorga iontaofa, agus táthar ag súil leis go mbeidh na treoirlínte sin ina gcuid de thograí a bheidh ann amach anseo i dtaca leis an intleacht shaorga daonlárnaithe atá beartaithe le haghaidh thús 2020. Cuimsíonn siad saincheisteanna atá an-éagsúil óna chéile, mar atá conas idirdhealú a sheachaint i gcás fhorbairt na gcóras intleachta saorga, agus conas a chinntiú go bhfuil siad inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don chomhshaol.

An tSár-ríomhaireacht

Tá méideanna móra ríomhchumhachta de dhíth le haghaidh an líon sonraí atá ag teastáil chun tacú le forbairt na hintleachta saorga, agus riamh anall bhí an Eoraip chun deireadh ar an gcuid eile den domhan i ndáil leis sin. I mí an Mheithimh, roghnaíodh ocht suíomh ar fud na mór-roinne chun sár-ríomhairí nua Eorpacha a óstáil, a bhuí do mhaoiniú de €840 milliún ón Aontas agus ó na Ballstáit. Déanfaidh na suímh i Sóifia (an Bhulgáir), Ostrava (an tSeicia), Barcelona (an Spáinn), Bologna (an Iodáil), Bissen (Lucsamburg), Minho (an Phortaingéil), Maribor (an tSlóivéin) agus Kajaani (an Fhionlainn) sár-ríomhairí nua a óstáil faoi dheireadh, ríomhairí a d’fhéadfadh inniúlacht sár-ríomhaireachta na hEorpa a mhéadú faoi cheathair nó faoi chúig, agus é mar aidhm ceannródaí domhanda a dhéanamh den Eoraip sa réimse seo. D’fhéadfaí na sár-ríomhairí a úsáid chun cuidiú le leigheasanna pearsanaithe a fhorbairt, feabhas a chur ar dhearadh drugaí, agus ábhar agus teicnící nua bithinnealtóireachta a fhorbairt, chomh maith leis an aimsir a thuar agus samhaltú na haeráide a dhéanamh.

Súil chun cinn: Margadh Aonair Digiteach a chur i gcrích

Chuideodh Margadh Aonair Digiteach leis an Aontas an cheannaireacht dhomhanda sa gheilleagar digiteach a choimeád. Ón uair a seoladh an straitéis in 2015, tá 30 togra dlí éagsúil curtha chun cinn agus, faoi dheireadh 2019, bhí 28 acu sin comhaontaithe, is é sin cúig cinn bhreise le hais na cinn ag deireadh na bliana roimhe sin. Maidir leis an dá thogra atá fágtha, an chéad cheann a chlúdaíonn an príobháideachas ar líne agus an dara ceann a chlúdaíonn an Lárionad Eorpach um Thionsclaíocht, Teicneolaíocht agus Taighde Cibearshlándála agus Líonra na Lárionad Náisiúnta Comhordúcháin, táthar ag súil go ndéanfar comhaontú ina dtaobh in 2020. Tá tosaíocht tugtha ag an gCoimisiún Eorpach do roinnt saincheisteanna digiteacha, mar shampla, tógáil ar na treoirlínte eiticiúla chun reachtaíocht a chur chun cinn le haghaidh cur chuige comhordaithe Eorpach maidir leis na himpleachtaí daonna agus eiticiúla a théann leis an intleacht shaorga, agus Acht nua um Sheirbhísí Digiteacha a rith chun dliteanas a thabhairt cothrom le dáta agus rialacha sábháilteachta i dtaca le hardáin dhigiteacha, seirbhísí agus táirgí.

Caibidil 3

Aontas Fuinnimh Buanseasmhach gona Bheartas Réamhbhreathnaitheach i leith Athrú na hAeráide

© Fotolia

D’fhan an ghéarchéim aeráide ag barr an chláir oibre pholaitiúil in 2019, fad a bhí méadú ar iarrataí le haghaidh gníomhú domhanda níos uaillmhianaí agus tionchar an athraithe aeráide fós le brath tríd an Eoraip agus an domhan.

Trí reachtaíocht a chur ar bun ní hamháin chun a chuid gealltanas maidir le Comhaontú Pháras a chomhlíonadh ach chun cur leo agus trí straitéis fhadtéarmach a ghlacadh chun go mbeidh an Eoraip ar an gcéad mhór-roinn neodrach ó thaobh na haeráide de ar domhan faoi 2050, tá cruthaithe ag an Aontas gur ceannródaí domhanda é ó thaobh na haeráide de. I mí na Nollag, céim mhór chun cinn le haghaidh na huaillmhéine sin ab ea nochtadh an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, príomhchlár beartais Choimisiún von der Leyen. Cuideoidh an comhaontú linn táirgeadh, gluaiseacht, tomhailt agus maireachtáil ar bhealach atá níos freagraí ó thaobh an chomhshaoil de, gan duine ná réigiún ar bith a fhágáil chun deiridh.

Dheimhnigh tabhairt chun críche an Aontais Fuinnimh staid na hEorpa mar cheannródaí domhanda maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus teicneolaíocht inathnuaite fuinnimh, agus beidh sí ina crann taca san athrú chuig fuinneamh glan i ngach earnáil den gheilleagar. Chuir Ballstáit an chéad dréacht dá bpleananna fuinnimh agus aeráide faoi bhráid an Choimisiúin le haghaidh measúnaithe faoi rialacha nua rialachais.

Tá dlús á chur ag an Aontas leis an athrú i dtreo geilleagar ciorclach, agus gach ceann de na 54 bheart ó Phlean Gníomhaíochta an Gheilleagair Chiorclaigh déanta faoin am seo. Tháinig rialacha nua AE i bhfeidhm chun cosc a chur ar phlaistigh nach féidir úsáid a bhaint astu ach an t-aon uair amháin i mí Iúil agus ba cheart do na Ballstáit iad a chur isteach i reachtaíocht náisiúnta anois.

Lean an tAontas dá iarrachtaí ar mhaoiniú a neartú chun teicneolaíocht nuálach is íseal i gcarbón a thabhairt chun an mhargaidh, agus trí bhearta tábhachtacha a ghlacadh chun astaíochtaí CO2 ó fheithiclí bóthair agus ó loingeas a laghdú rinneadh dul chun cinn maith maidir le dícharbónú na hearnála iompair.

An Eoraip neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050

Bagairt ar an mbeatha san Eoraip agus sa domhan mór is ea an t-athrú aeráide agus an díghrádú comhshaoil. Chun an dúshlán sin a shárú, teastaíonn múnla nua fáis ón Eoraip lena gclaochlófar an tAontas Eorpach go geilleagar nua-aimseartha iomaíoch tíosach ar acmhainní, áit nach mbeidh ann do ghlan-astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2050, áit a mbeidh fás eacnamaíoch scartha le húsáid acmhainní agus nach bhfágfar aon duine ná aon réigiún taobh thiar.

In 2018, chuir an Coimisiún a fhís d’Aontas neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050 i láthair, arna bunú ar sheacht gcéim: éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú; úsáid athnuaiteán a mhéadú; córas soghluaisteachta a bheidh glan nasctha; tionscal geilleagair ciorclaigh a bheidh iomaíoch; bonneagair nasctha d’ardchaighdeán; borradh faoin mbithgheilleagar agus faoi linnte charbóin nádúrtha; agus úsáid a bhaint as gabháil agus stóráil charbóin. Tar éis díospóireacht fhairsing idir geallsealbhóirí, agus i bhfianaise an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chuir an tUachtarán von der Leyen i láthair, thacaigh an Chomhairle Eorpach leis an gcuspóir sin i mí na Nollag 2019.

Tá cáil mhaith ar an Aontas cheana maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú fad a choinníonn sé fás eacnamaíoch ar bun: bhí astaíochtaí 23 % níos ísle in 2018 ná in 1990, fad a d’fhás an geilleagar 61 % sa tréimhse chéanna. Ní mór a thuilleadh a dhéanamh, áfach. Mar gheall ar a thaithí fhairsing, tá an tAontas ar thús cadhnaíochta i dtaca le geilleagar glas cuimsitheach a chruthú leis an gComhaontú Glas don Eoraip, príomhchlár beartais Choimisiún von der Leyen a cuireadh i láthair i mí na Nollag. I gcroílár an Chomhaontaithe Ghlais tá gealltanas go mbeidh an Eoraip ar an gcéad mhór-roinn neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050.

Leis an gcomhaontú rinneadh dul chun cinn as cuimse maidir lena fhíorú. Is leis a athdhéantar gealltanas an Choimisiúin dul i ngleic le dúshláin chomhshaoil agus aeráide agus a leagtar amach cosán le haghaidh gnímh sna míonna agus sna blianta amach romhainn. Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach an roinn “An tAontas in 2019: bliain athraithe”.

Chun gealltanas an Aontais a chur i dtábhacht, déanfar cuspóir neodrachta 2050 a chumhdach sa reachtaíocht leis an gcéad dlí maidir le haeráid na hEorpa. Thar aon ní eile, leis an gComhaontú Glas leagtar amach cosán le haghaidh athraithe a bheidh ceart agus cóir go sóisialta. Dearadh é ar bhealach nach bhfágfar aon duine ná aon réigiún taobh thiar tar éis an chlaochlaithe atá le teacht.

Is é an tAontas Eorpach an chéad gheilleagar mór le dlíthe ceangailteacha a dhéanamh dá ghealltanais faoi Chomhaontú Pháras agus tá sé tar éis dul thar a sprioc maidir le hastaíochtaí a laghdú faoi 20 % faoi 2020 cheana. Má chuirtear na bearta ar fad ar thángthas ar chomhaontú fúthu chun feidhme, rachadh sé thar a sprioc iad a laghdú faoi 40 % faoi 2030. Teastaíonn spriocanna níos uaillmhianaí fós, áfach, agus leis an gComhaontú Glas ardófar an sprioc sin go 50 % ar a laghad (agus i dtreo 55 %) i gcomparáid le leibhéal 1990.

Tá an tAontas tar éis tosú ar an ngeilleagar a nuachóiriú agus a chlaochlú cheana. In 2019, lean an gníomhú ar son na haeráide i ngach réimse: ónár bhfeithiclí agus ár n-aer a dhéanamh níos glaine agus infheistíocht a dhéanamh i réitigh theicneolaíochta go dtí beart a dhéanamh chun ár bhforaoisí a chosaint agus daoine a chumhachtú chun a gcuid féin den obair a dhéanamh.

Rannpháirtí ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide, COP25, agus é ag siúl i dtreo limistéar an Aontais Eorpaigh ag an gcomhdháil

Pailliún an Aontais ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide, COP25, Maidrid, an Spáinn, 3 Nollaig 2019.

I gcomhréir le rialacha nua maidir le rialachas an Aontais Fuinnimh, d’fhorbair na Ballstáit dréachtphleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide den chéad uair. Taispeánadh le measúnú a rinne an Coimisiún ar na dréachtphleananna, measúnú a foilsíodh i mí an Mheithimh, go dteastaíonn a thuilleadh uaillmhéine sna pleananna deiridh atá na Ballstáit le cur isteach faoi dheireadh na bliana chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach.

Feictear sa ghraf seo an laghdú ar gháis ceaptha teasa ó bhí 1990 ann agus spriocanna i leith astaíochtaí suas le 2030

Tá an ród réitithe le haghaidh sprioc 2030 chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú le 40 faoin gcéád. Idir an tréimhse 1990 go 2018, d'éirigh leis an Aontas astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú de 23 faoin gcéad, laghdú, rud a mhó ná an sprioc 20 faoin gcéád a leagadh síos le haghaidh 2020. De réir na meastachán, táthar ag súil le laghdú iomlán de 45 faoin gcéad faoi 2030, méadú de 5 phointe céatadáin ar an mbunsprioc a leagadh síos le haghaidh na bliana sin (40 faoin gcéad). Foinse: Comhairle an Aontais Eorpaigh

Ag obair go hidirnáisiúnta chun an t-athrú aeráide a chomhrac

Agus gan ach thart ar 9 % d’astaíochtaí an domhain ag teacht ón Aontas, is léir nach féidir leis an Eoraip dul i ngleic leis an athrú aeráide ina aonar agus go mbeidh ar gach tír a bheith ag obair le chéile chun teacht ar réiteach. Reáchtáladh Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir le Gníomhú ar son na hAeráide i Nua Eabhrac i mí Mheán Fómhair, rud a thug deis don Aontas plé a bheith aige lena chuid comhpháirtithe conas a bheith níos uaillmhianaí maidir le Comhaontú Pháras a chur chun feidhme agus conas dlús a chur le bearta chun na sprice sin. Chun ullmhú le haghaidh Chruinniú na Náisiún Aontaithe, ghlac an Coimisiún Gealltanas a d’athdhearbhaigh tiomantas an Aontais do bheart a dhéanamh ar mhaithe leis an aeráid agus an beart sin a dhéanamh gan mhoill.

I mí na Nollag, d’fhreastail idirbheartaithe ón Aontas ar Chomhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide i Maidrid (COP25). Sholáthair comhaontuithe rathúla maidir leis an dara athbhreithniú ar Shásra Idirnáisiúnta Vársá agus cruthú Plean Gníomhaíochta Inscne dea-scéala.

In ainneoin iarrachtaí thoscaireacht an Aontais ar theacht ar chomhdhearcadh maidir lesaincheist namargaí idirnáisiúnta carbóin, níor éirigh le COP25 an toradh uaillmhianach atá de dhíth ar an domhan agus ag teastáil ón iomaí duine a bhaint amach. Ach déanann sin athneartú ar an ngá atá le ceannaireacht na hEorpa maidir leis an gComhaontú Glas agus lena teagmhail le comhpháirtithe idirnáisiúnta, feicfear méadú ar uaillmhianta aeráide domhanda in 2020: faoin gComhdháil maidir leis an Athrú Aeráide i nGlaschú i mí na Samhna (COP26), ní mór do chomhpháirtithe an rannchuidiú arna chinneadh go náisiúnta dá gcuid a nuashonrú agus a gcuid straitéisí fadtéarmacha a chur isteach i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras. Tá an tAontas réidh chuige sin.

Maidir le húsáid hidreafluaracarbón, gáis dhíobhálacha ceaptha teasa a úsáidtear go coitianta i dtrealamh téimh agus i dtrealamh fuaraithe, cuireadh tús le hiarracht dhomhanda an 1 Eanáir 2019 a n-úsáid a laghdú céim ar chéim. Meastar go mbeidh tionchar mór ag an mbeart, maidir lena bhfuil an tAontas ar thús cadhnaíochta, ar chuspóir Chomhaontú Pháras ardú teochta domhanda a choimeád go maith faoi 2 °C.

Le linn na bliana, lean an tAontas dá fhor-rochtain idirnáisiúnta agus den chomhar maidir le saincheisteanna aeráide. I mí an Mheithimh, rinne an Coimisiún, Ceanada agus an tSín comh-óstáil ar chruinniú aeráide mór idirnáisiúnta sa Bhruiséil; thug an tríú Cruinniú Aireachta ar an nGníomhú ar Son na hAeráide ionadaithe ardleibhéil ó níos mó ná 30 tír le chéile, airí ón G20 ina measc.

Is láidir an tiomantas atá san Aontas go fóill maidir le tacaíocht a thabhairt do bhearta aeráide i dtíortha i mbéal forbartha. In éineacht leis na Ballstáit leanann sé de bheith ar an soláthraí is mó maoinithe poiblí ar son na haeráide, agus €21.7 billiún á thabhairt aige do thíortha i mbéal forbartha in 2018, méadú ar €20.4 billiún in 2017.

Grúpa daoine óga agus iad ag crochadh bratach a bhfuil ‘European Union Beach Clean-up’ scríofa air

Baill foirne de chuid an Aontais i dteannta pobail áitiúla agus iad ag obair le chéile chun bruscar muirí a ghlanadh mar chuid den fheachtas domhanda #EUBeachCleanUp, Koh Sak, an Téalainn, 13 Meán Fómhair 2019.

Aontas Fuinnimh nua-aimseartha uaillmhianach a thabhairt i gcrích

Arna seoladh in 2015, is é an aidhm a leagadh amach le haghaidh straitéis an Aontais Fuinnimh fuinneamh slán inbhuanaithe iomaíoch a sholáthar do theaghlaigh agus gnólachtaí Eorpacha ar phraghas réasúnta. Taispeánadh sa Cheathrú tuarascáil ar staid an Aontais Fuinnimh gur chomhlíon an Coimisiún a fhís le haghaidh na straitéise go hiomlán. Bhí tabhairt chun críche an phacáiste reachtaigh “Fuinneamh Glan do gach Eorpach” i mí na Bealtaine ar na nithe príomha a baineadh amach, pacáiste a raibh ocht bpíosa reachtaíochta ann. Déanfaidh sé sin córas fuinnimh na hEorpa a athrú ó bhonn, á dhéanamh neamhdhíobhálach don aeráid agus á chur chun tairbhe do thomhaltóirí agus do gheilleagar agus iomaíochas na hEorpa.

Tá spriocanna nua uaillmhianacha le haghaidh 2030 sa phacáiste: méadú 32.5 % ar a laghad ar éifeachtúlacht fuinnimh agus sciar 32 % ar a laghad ó athnuaiteáin in úsáid fuinnimh. Athchóireofar margaí leictreachais ó bhonn leis chun cuidiú le hathnuaiteáin a chomhtháthú isteach san eangach agus cinnteoidh sé go mbeidh gach duine ábalta ar rannpháirtiú san athrú fuinnimh trí thomhaltóirí agus pobail a chumhachtú chun a gcuid leictreachais féin a ghiniúint. Thar aon ní eile, cuirfidh na rialacha nua deireadh le fóirdheontais le haghaidh na stáisiún is mó truailliúchán.

Achoimre ar ghníomhaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh san Aontas Eorpach

Leag an tAontas Eorpach síos sprioc nua éifeachtúlachta fuinnimh nach lú ná 32.5 faoin gcéad faoi 2030. Ina theannta sin, cuidíonn rialacha lipéadaithe maidir le héifeachtúlacht fuinnimh atá níos soiléire agus níos simplí le teaghlaigh beagnach 150 euro sa bhliain a shábháil, agus leithdháileadh 18 billiún euro ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa ar éifeachtúlacht fuinnimh le haghaidh na tréimhse 2014 go 2020. Tá 900 000 duine fostaithe in earnáil na héifeachtúlachta fuinnimh san Eoraip faoi láthair. Foinse: an Coimisiún Eorpach

Ghlac an tAontas sraith nua lipéad fuinnimh freisin atá níos soiléire agus níos simplí agus a chuideoidh le tomhaltóirí fuinneamh (ar aon mhéid le hídiú bliantúil fuinnimh na Danmhairge) agus airgead (€150 sa bhliain ar an teaghlach ar an meán) a shábháil faoi 2030. Ina theannta sin, i mí Dheireadh Fómhair, ghlac an Coimisiún bearta nua chun fearas teaghlaigh a dhéanamh níos inbhuanaithe, cuisneoirí, meaisíní níocháin, miasniteoirí agus teilifíseáin mar shampla. Den chéad uair áirítear riachtanais indeisitheachta agus athchúrsáilteachta leis sin, rud a chuirfidh leis an ngeilleagar ciorclach.

I mí na Samhna, chuir an Coimisiún na chéad torthaí ar thionscnamh a seoladh in 2018 i láthair, tionscnamh chun cuidiú le 10 réigiún de chuid an Aontais agus le dhá Bhallstát i mbéal athrú tionsclaíoch eacnamaíocht is íseal i gcarbón a chruthú. Leis sin seoladh 12 scéim phiolótacha chun bacainní sonracha a shárú, gach scéim acu ag fáil deontas €300 000 ón Aontas. Lean an tAontas dá iarrachtaí tacú le réigiúin ghuail i mbun athraithe chun “athrú cóir” a chothú i dtreo nach bhfágfar aon réigiún taobh thiar.

I mí Feabhra, chuir 26 oileán Eorpacha tús lena n-athrú chuig fuinneamh glan. Foilseoidh siad a gclár oibre faoi lár 2020. 

An soláthar fuinnimh a bheith slán agus dlúthpháirtíocht

Is cuid fhíor-riachtanach den Aontas Fuinnimh í slándáil an tsoláthair fuinnimh le haghaidh thomhaltóirí an Aontais. Mar chuid den iarracht sin, thángthas ar chomhaontú chun a chinntiú go bhfuil reachtaíocht fuinnimh an Aontais á comhlíonadh ag gach píblíne gháis a théann go tíortha nach Ballstáit den Aontas iad agus a thagann astu.

Chun slándáil an tsoláthair a neartú sna Stáit Bhaltacha, shínigh an Coimisiún agus an Eastóin, an Laitvia, an Liotuáin agus an Pholainn treochlár polaitiúil a chuir margaí leictreachais ar a mbealach le sioncronú a dhéanamh le líonra mhór-roinn na hEorpa tríd an bPolainn. Bhronn an tAontas deontas €323 mhilliún chun tacú leis an tionscadal.

Lean an tAontas den infheistiú sa bhonneagar fuinnimh sábháilte inbhuanaithe tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena n-áirítear €800 milliún ar bhonneagar tosaíochta fuinnimh agus €750 milliún ar thionscadail le tairbhí móra trasteorann. Bronnadh €214.9 milliún eile ar thionscadal bhonneagar gáis an Phíopa Bhaltaigh a nascann an Pholainn agus an Danmhairg leis an Iorua.

Achoimre ar ghníomhaíochtaí um shlándáil fuinnimh san Aontas Eorpach

Cuireadh breis agus 30 tionscadal leasa choitinn chun feidhme i réimse na slándála fuinnimh, agus cuirfear 75 thionscadal eile chun feidhme faoi 2022. Fuair an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa maoiniú fuinnimh 3.4 billiún euro ó 2014 agus leithdháileadh 1.3 billiún euro breise ón gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha ar shlándáil fuinnimh. Ghiaráil maoiniú poiblí an Aontais Eorpaigh san infreastruchtúr fuinnimh thart ar 50 billiún euro san iomlán ina infheistíochtaí.

Tá sé iompaithe ina phríomhthosaíocht dul i ngleic le saincheisteanna cibearshlándála, toisc go bhfuil gach Eorpach ag brath ar theacht a bheith aige ar fhuinneamh. Chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann, ghlac an tAontas moladh lena soláthraítear treoir maidir le conas aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shonracha chibearshlándála.

Lean an tAontas de bheith ag obair ar shlite leis an eolaíocht núicléach agus an teicneolaíocht a chur i bhfeidhm go slán sábháilte nuálach ar chúiseanna seachas fuinneamh núicléach a ghiniúint. Comhar le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad chun a chinntiú gur lean an leibhéal is airde sábháilteachta núicléiche le linn 2019.

An geilleagar a dhícharbónú

Lean Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais de dhea-thorthaí a thuairisciú, le titim 4.1 % in astaíochtaí ó shuiteálacha in 2018 i gcomparáid le 2017.

Chun aghaidh a thabhairt ar bharrachas na lamháltas atá sa chóras faoi láthair, cuireadh tús le cúlchiste cobhsaíochta margaidh i mí Eanáir. Cuirfidh sé sin feabhas ar athléimneacht an chórais i gcoinne aon tuinseamh mór trí sholáthar na lamháltas atá le cur ar ceant a choigeartú. Mhéadaigh an tAontas an dreasacht le haghaidh gnólachtaí a gcuid astaíochtaí a laghdú trí nach mór 400 milliún lamháltas ón gcóras a chur sa chúlchiste idir mí Mheán Fómhair 2019 agus mí Lúnasa 2020, praghas na n-astaíochtaí á mhéadú agus an teicneolaíocht ghlan á déanamh níos éifeachtaí ó thaobh costais de ar an gcaoi sin. Le thart ar €14 bhilliún tugtha isteach — níos mó ná dhá oiread an mhéid in 2017 — thuill na Ballstáit méid ioncaim níos airde ná riamh in 2018 mar thoradh ar phraghsanna níos airde i margaí carbóin na hEorpa.

I mí na Nollag, chuir an tAontas agus an Eilvéis deireadh le próiseas lena ligfear dóibh a gcóras trádála astaíochtaí a nascadh. Ó 2020, is féidir lamháltais ón dá chóras a úsáid le haghaidh comhlíontachta chun astaíochtaí a tharlaíonn i gceachtar den dá chóras a chúiteamh. An chéad cheann dá chineál is ea an Comhaontú Nasctha sin agus léiríonn sé go bhféadfadh córais mar é an bealach a réiteach chuig margaí idirnáisiúnta carbóin níos leithne. Nuair a baineadh bacainní rialála anuas níos luaithe sa bhliain, cuireadh ar chumas na hÍoslainne, Lichtinstéin agus na hIorua rannpháirtíocht iomlán a ghlacadh ar ardán ceantála an Aontais maidir le lamháltais astaíochtaí trádála.

Chun dlús a chur le dul chun cinn idirnáisiúnta maidir le creat láidir idirnáisiúnta a chruthú le haghaidh margaí carbóin, rinne an Coimisiún roinnt comhdhálacha a óstáil chun réitigh fhéideartha ar chonstaicí a shainaithint agus córais trádála astaíochtaí iontaofa idirnáisiúnta á gcur ar bun.

Iompar glan inbhuanaithe

Tá sé riachtanach dlús a chur leis an aistriú chuig iompar glan inbhuanaithe chun saol agus caighdeán maireachtála mhuintir na hEorpa a fheabhsú, rannchuidiú le cuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach agus chun borradh a chur faoi iomaíochas an tionscail. I mí an Mhárta, chuir an Coimisiún treochlár gníomhaíochtaí i láthair chun dlús a chur leis an aistriú chuig feithiclí glana. I measc na n-éachtaí móra in 2019 faoi chlár oibre an Aontais maidir le soghluaisteacht ghlan, shlán agus nasctha bhí glacadh na chéad spriocanna ar fud an Aontais i leith astaíochtaí CO2 le haghaidh trucailí, caighdeáin astaíochtaí CO2 nua le haghaidh gluaisteán agus veaineanna, agus rialacha nua chun údaráis phoiblí a spreagadh chun iompar neamhdhíobhálach don chomhshaol a úsáid.

Eolaí agus é ag úsáid a chuid trealaimh i saotharlann

Eolaí ón Airmheán Comhpháirteach Taighde ag déanamh monatóireacht ar thruailleáin aeir, mar a cheanglaítear le reachtaíocht AE, Faireachlann Atmaisféarach an Choimisiúin Eorpaigh, Ispra, an Iodáil, 1 Bealtaine 2019.

Tar éis scannal Dieselgate, ba mhór an daingniú a rinne an tAontas ar rialacha chun nósanna imeachta tástála níos iontaofa agus níos neamhspleáiche d’fheithiclí a chinntiú. I mí Eanáir, tháinig Nós Imeachta Tástála Comhchuibhithe Domhanda d’Fheithiclí Éadroma agus rialacha nua maidir le hAstaíochtaí Fíorthiomána i bhfeidhm. Ó mhí Mheán Fómhair, tá tomhais NOx (ocsaídí nítrigine) de réir rialacha maidir le hAstaíochtaí Fíorthiomána éigeantach i gcás gach gluaisteáin nua a dhíoltar san Eoraip.

Rinneadh dul chun cinn freisin maidir le dul i ngleic le hastaíochtaí ó iompar muirí trí thogra a ghlacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar scéim an Aontais maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú astaíochtaí CO2 ó longa, chomh maith leis na sonraí sin a fhoilsiú den chéad uair riamh. Is céim thábhachtach chun cinn é sin chun a chinntiú go ndéanfaidh an loingseoireacht idirnáisiúnta a cion féin chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú go domhanda.

Ceallraí

Tá ceallraí ríthábhachtach le haghaidh an aistrithe chuig fuinneamh glan agus le haghaidh na leictrea-soghluaisteachta. Tá an Coimisiún ag obair leis na Ballstáit agus geallsealbhóirí tionscail chun éiceachóras iomaíoch, inbhuanaithe agus nuálach a thógáil san Eoraip maidir le ceallraí. Is é seo príomhchuspóir Chomhghuaillíocht Ceallraí an Aontais, tionscnamh atá faoi cheannas lucht tionscail a bhfuil 260 eagraíochtaí tionsclaíochta agus nuálaíochta ann agus a bhfuil an fhéidearthacht tionscadail thrasteorann a bheith ann á meas acu faoi láthair. I mí Aibreáin, thuairiscigh an Coimisiún ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta Straitéiseach an Choimisiúin maidir le ceallraí. I mí an Mheithimh, sheol an Coimisiún clár Eorpach teicneolaíochta agus nuálaíochta maidir le ceallraí chun borradh a chur faoi thacaíocht le taighde agus nuálaíocht. Chuir an tAontas €132 mhilliún ar fáil chomh maith in 2019 le haghaidh tionscadail a bhaineann le ceallraí faoin gclár Fís 2020.

Feictear sa léaráid seo réamhaisnéis an tsoláthair agus an éilimh le haghaidh teicneolaíochtaí fuinnimh inbhuanaithe

In 2018 bhí níos mó ná 4 mhilliún feithicil leictreacha ar an mbóthar; Faoi 2028, meastar go mbeidh idir 50 milliún agus 200 milliún feithicil leictreacha ar an mbóthar, ag méadú go 900 milliún feithicil leictreacha ar bhóithre na hEorpa faoi 2040. In 2018, ba ionann an líon ceallraí ian litiam a díoladh agus méid níos mó ná 77 ngigea-vatuair agus táthar ag súil leis go n-ardóidh an méid sin le bheith idir 250 agus 1 100 gigea-vatuair faoi 2028 agus idir 600 agus 4 000 gigea-vatuair faoi 2040. Táthar ag súil leis go n-ardóidh sciar na hEorpa de mhonarú domhanda na gceall ó 3 faoin gcéad in 2018 le bheith idir 7 faoin gcéad agus 25 faoin gcéad in 2028, agus ardú seasmhach air sin go dtí 2040. Foinse: an tAirmheán Comhphairteach Taighde

I dtreo geilleagar ciorclach

Cé go bhfuil sé fíor-riachtanach an chaoi a dtáirgimid fuinneamh agus a n-úsáidimid é a chlaochlú le dul i ngleic leis an athrú aeráide, níl ann sin ach cuid den réiteach. Tá an geilleagar ciorclach ina ghné lárnach de straitéis tionscail agus eacnamaíoch an Aontais faoin tráth seo cheana féin agus is é a spreagann gníomhaíocht an Aontais maidir le cur amú bia a chosc, dearadh níos fearr ó thaobh táirgí de agus rátaí níos airde athchúrsála. Tá gach ceann de 54 ghníomhaíocht faoi Phlean Gníomhaíochta le haghaidh Geilleagar Ciorclach an Choimisiúin curtha i gcrích nó á gcur chun feidhme, agus leagtar síos dúshraith do thuilleadh forbartha.

Ba phríomhthosaíocht é dul i ngleic le plaistigh, mar gheall go dtáirgtear, go n-úsáidtear agus go gcaitear amach rómhinic iad ar bhealach a ndéanann dochar don chomhshaol agus nach mbaineann leas as tairbhí eacnamaíocha cur chuige níos “ciorclaí”. Leis na milliúin tona de phlaisteach a chaitear sna haigéin gach bliain tugtar léargas sofheicthe scáfar dúinn ar an bhfadhb seo.

I mí Iúil, tháinig rialacha nua de chuid an Aontais i bhfeidhm chun dul i ngleic le bruscar muirí as measc na 10 dtáirge is mó a fhaightear agus tránna na hEorpa á dtruailliú acu, mar shampla trí chosc a chur faoi 2021 ar na hearraí plaisteacha seo a leanas nach féidir úsáid a bhaint astu ach an t-aon uair amháin: plátaí, sceanra, sifíní, cipíní balúin agus cipíní cadáis. Tháinig na Ballstáit ar chomhaontú maidir le sprioc bhailithe, is é sin go mbeadh 90 % de na buidéil phlaisteacha á mbailiú faoi 2029 agus beidh riachtanas á chomhlíonadh acu chomh maith, is é sin go mbeidh 25 % ar a laghad d’ábhar gach buidéil phlaistigh ina ábhar athchúrsáilte faoin mbliain 2025 agus beidh ardú suas go dtí 30 % air sin faoin mbliain 2030. Tá an ghníomhaíocht seo mar chuid den chéad Straitéis uile-Eorpach maidir le plaistigh riamh a seoladh in 2018 agus mar chuid de tá an fhís go mbeidh gach pacáistíocht phlaisteach a chuirtear ar mhargadh an Aontais in-athúsáide nó in-athchúrsáilte faoi 2030.

Oibrí monarchan agus é ag úsáid innealra

Oibrí monarchan ag déanamh málaí agus sceo inmhúirínithe as ábhair inathnuaite, Herent, an Bheilg, 28 Deireadh Fómhair 2019.

Cé gur tháinig méadú faoi dhó ar ráta athchúrsáilte phacáistíocht phlaisteach na hEorpa ó 2005 i leith, níl ann sin go fóill ach níos lú ná 30 % de 25 mhilliún tonna dramhaíola plaistí a chaitheann muintir na hEorpa amach gach bliain. Mar chuid de na hiarrachtaí borradh a chur n athchúrsáil agus faoin athúsáid ábhair phlaistigh, i nDeireadh Fómhair, gheall 170 comhpháirtithe poiblí agus príobháideacha ó thionscal na bplaisteach go n-úsáidfidís 10 milliún tonna de phlaisteach athchúrsáilte i dtáirgí nua faoi 2025. Tháinig an tionscnamh ó Chomhghuaillíocht na bPlaisteach Ciorclach, comhghuaillíocht a raibh a céad chruinniú aici i mí Feabhra.

Tar éis rioscaí sláinte agus comhshaoil a mheasúnú, ba é conclúid na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán i mí Eanáir go mbeadh údar le srian a chur le micreaphlaistigh a chur i dtáirgí an Aontais d’aon ghnó.

Achoimre ar thionscal plaistigh na hEorpa

Tá beagnach 1.5 milliún duine fostaithe i dtionscal plaistigh na hEorpa, tionscal a bhfuil láimhdeachas bliantúil 350 billiún euro aige. Is ionann an méid sin agus 18 faoin gcéad de tháirgeadh domhanda na bplaisteach in aghaidh na bliana. Tá sé ráite ag fiontair bheaga agus mheánmhéide go bhfuil beart déanta acu chun éifeachtúlacht acmhainne a fheabhsú trí dhramhaíl a íoslaghdú (65 faoin gcéad) nó fuinneamh a shábháil (63 faoin gcéad). Measann 41 faoin gcéad d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide gur tháinig laghdú ar chostais táirgeachta a bhuí le bearta éifeachtúlachta acmhainne. Foinse: Eorabharaiméadar, 2018.

Maoiniú le haghaidh gníomhaíocht ar son na haeráide agus nuatheicneolaíochtaí nua

In 2019, leis an bPlean Infheistíochta don Eoraip tugadh cúnamh do thuilleadh saoránaigh Eorpacha a bhfuinneamh a fháil ó fhoinsí in-athnuaite, rud a fhágann gur 7.4 milliún an líon iomlán teaghlach a fuair cúnamh ón bplean. Tá an Ciste Nuálaíochta nua ina ionstraim thábhachtach le haghaidh gealltanais an Aontais faoi Chomhaontú Pháras a chur i gcrích ar fud an gheilleagair agus le tacú le fís straitéiseach an Choimisiúin go mbeidh an Eoraip neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050. I mí Feabhra, d’fhógair an Coimisiún infheistíocht ar luach €10 billiún le haghaidh teicneolaíochtaí i roinnt earnálacha atá íseal i gcarbón chun borradh a chur faoina n-iomaíochas domhanda tríd an gciste. Tiocfaidh an t-ioncam ó 450 milliún lamháltas faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais a dhíol ar ceant idir 2020 agus 2030. Tá na tionscnaimh a mhaoinítear faoin gclár Fís 2020 ina rannchuidiú tábhachtach le teicneolaíochtaí nua a chur ar an margadh.

Ní leor airgead poiblí amháin chun an t-athrú aeráide a chomhrac, mar sin, tá an tAontas á dhéanamh níos éasca d’infheisteoirí deiseanna infheistíochta glasa a shainaithint agus a thapú ar fud an domhain. I mí Dheireadh Fómhair, sheol sé an tArdán Idirnáisiúnta maidir le maoiniú inbhuanaithe in éineacht le húdaráis ábhartha ón Airgintín, Ceanada, an Chéinia, an India, an tSile, Maracó, agus an tSín.

Achoimre ar an gCiste don Nuálaíocht de chuid an Aontais Eorpaigh

Spreagfaidh an chéad ghlao ar thionscadail de chuid an Chiste don Nuálaíocht in 2020 infheistíochtaí dar luach 10 billiún euro i dtodhchaí neodracht aeráide an Aontais Eorpaigh faoi 2030, trí astaíochtaí a sheachaint agus borradh a chur faoin iomaíochas go príomha. A bhuí le maoiniú ó Scéim an Aontais Eorpaigh i ndáil le Trádáil Astaíochtaí, tacóidh sí freisin le nuálaíocht i dtionscadail dianfhuinnimh, foinsí inathnuaite fuinnimh agus stóráil fuinnimh, chomh maith le gabháil charbóin, agus le húsáid agus stóráil charbóin. Foinse: an Coimisiún Eorpach

Fáinne sochair an mhaoinithe inbhuanaithe

Tá infheistíochtaí móra príobháideacha agus poiblí ag teastáil chun geilleagar an Aontais Eorpaigh a athrú le go mbainfí amach spriocanna inbhuanaitheachta aeráide, comhshaoil agus sóisialta, ina measc sin Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe. Gné den chinnteoireacht airgeadais is ea cúinsí inbhuanaitheachta de bharr maoiniú inbhuanaithe. Is ionann sin agus níos mó tionscadal atá aeráidneodrach, éifeachtach ó thaobh fuinnimh de, tíosach ar acmhainní agus ciorclach. Tá maoiniú inbhuanaithe ag teastáil chun straitéis an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach a chur chun feidhme. Ar deireadh, de bharr comhtháthú cúinsí inbhuanaitheachta laghdóidh ar thionchar na dtubaistí nádúrtha agus na saincheisteanna inbhuanaitheachta sóisialta agus comhshaoil a bhfuil a dtarlódh dóibh difear a dhéanamh don gheilleagar agus do mhargaí an airgeadais. Má úsáideann infheisteoirí a gcuid caipitil le haghaidh infheistíochtaí inbhuanaithe, pláinéad folláin le laghdú ar an díobháil eacnamaíoch atá mar thoradh ar mhéadú ar an díobháil a dhéanann an drochaimsir, agus dea-thoradh ar an infheistíocht tosaigh. Ina theannta sin, is é a eascróidh ó infheistíochtaí inbhuanaithe seasmhacha aird bhreise a bheith ar thosaíochtaí inbhuanaitheachta na n-infheisteoirí sa todhchaí. Foinse: an Coimisiún Eorpach

Daoine agus iad suite i mbun plé, ag bord lán le doiciméid, os comhair scáileán a bhfuil eolas faoin tSeachtain Ghlas le feiceáil air

Rannpháirtithe i mbun plé grúpa ag comhdháil le linn Sheachtain Ghlas AE, an Bhruiséil, an Bheilg, 16 Bealtaine 2019.

I mí an Mheithimh, d’fhoilsigh an Coimisiún treoirlínte nua maidir le tuairisciú corparáideach ar fhaisnéis a bhaineann leis an aeráid mar chuid dá Phlean Gníomhaíochta maidir le Maoiniú Inbhuanaithe. Leis sin, tugtar moltaí praiticiúla do thart ar 6 000 cuideachta, banc agus gnólacht árachais atá liostaithe san Aontas, moltaí praiticiúla ar an gcaoi le tuairisc níos fearr a dhéanamh ar thionchar a gcuid gníomhaíochtaí ar an aeráid chomh maith le tionchar an athraithe aeráide ar a gcuid gnó.

An comhshaol a chosaint

I mí Aibreáin, d’fhoilsigh an Coimisiún an dara hAthbhreithniú ar Chur Chun Feidhme an Bheartais Comhshaoil, mar chuid dá thionscnamh in 2016 chun feabhas a chur ar chur chun feidhme bheartas comhshaoil an Aontais agus rialacha a comhaontaíodh i ngach Ballstát. Is riachtanach é sin a dhéanamh ionas go mbeidh comhshaol folláin ann, ach cruthaítear deiseanna nua leis chomh maith, deiseanna maidir le fás eacnamaíoch inbhuanaithe, nuálaíocht agus poist. Dá gcuirfí reachtaíocht den sórt sin chun feidhme go hiomlán, d’fhéadfaí timpeall €55 bhilliún a shábháil i ngeilleagar an Aontais gach bliain ó thaobh costais sláinte de agus costais a bhaineann go díreach leis an gcomhshaol. Mar chuid den phacáiste tá teachtaireacht ghinearálta ann agus tá 28 dtuarascáil tíre lena léirítear staid reatha chur chun feidhme dhlí comhshaoil an Aontais chomh maith le deiseanna feabhais i ngach Ballstát.

Ba é an chonclúid a bhí ann in athbhreithniú meántéarma straitéis foraoise an Aontais ná go bhfuil dul chun cinn nach beag déanta chun a chuspóirí 2020 a bhaint amach. Ón uair a glacadh é, éascaíodh comhordú gach réimse beartais de chuid an Aontais a bhaineann le foraoisí agus an earnáil fhoraoisbhunaithe, agus cuirtear chun cinn cur chuige comhsheasmhach i mbeartais náisiúnta agus idirnáisiúnta. I mí Iúil, leag an Coimisiún amach creat nua gníomhaíochta chun foraoisí an domhain a chosaint agus a athbhunú. Is sna foraoisí atá 80 % den bhithéagsúlacht ar an talamh, tá an ceathrú cuid de dhaonra an domhain ag brath orthu dá slí bheatha agus tá an-tábhacht ag baint le foraoisí sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide.

Tá an tAontas ar thús cadhnaíochta maidir leis an gcomhar idirnáisiúnta le go ndéanfar aigéin san Eoraip agus ar fud an domhain níos sábháilte, níos sláine, níos glaine agus le go ndéanfaí iad a bhainistiú go hinbhuanaithe. I mí an Mhárta, d’fhoilsigh sé tuarascáil chomhpháirteach inar leagadh amach clár oibre um rialachas idirnáisiúnta aigéan an Aontais. Go dtí seo, cuireadh 50 gníomhaíocht nithiúil chun feidhme, an iascaireacht neamhdhleathach a chomhrac agus reachtaíocht i gcoinne an truaillithe mhuirí, cuir i gcás.

An buiséad fadtéarmach a bheidh ag an Aontas

In 2019, lean an Coimisiún de bheith ag obair leis an bParlaimint agus leis na Ballstáit i dtreo comhaontú maidir leis an mbuiséad fadtéarmach a bheidh ag an Aontas le haghaidh na tréimhse 2021-2027.

I mí Bealtaine 2018, mhol an Coimisiún a thogra le haghaidh na tréimhse sin, tréimhse ar lena linn a bheadh buiséad an Aontais cóir, cothrom agus nua-aimseartha. Tháinig ann don mhéid sin de thoradh ar an bplé oscailte cuimsitheach a bhí ann leis an bParlaimint, na Ballstáit, tairbhithe mhaoiniú an Aontais agus páirtithe leasmhara eile. Bhí sé mar aidhm aige go mbeadh acmhainní leordhóthanacha ag an Eoraip chun a cuid tosaíochtaí a bhaint amach, aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá amach romhainn agus ar éilimh na saoránach.

Is ionann an buiséad atá á bheartú agus 1.114 % d’ollioncam náisiúnta (OIN) AE-27 — nó rachmas náisiúnta. Lena ais sin, is ionann buiséid náisiúnta agus 47.1 % ar an meán d’ollioncam náisiúnta na 27 mBallstát (meán OIN don tréimhse 2014-2020).

Tar éis an chreat-togra lean dréachtreachtaíocht le haghaidh 37 gclár earnála ar cuid den bhuiséad fadtéarmach a bheidh ann sa todhchaí iad. Sin iad na rialacha lena sainítear, cuir i gcás, conas a gheobhaidh feirmeoirí a bhfóirdheontais nó conas a bheidh daoine óga in ann iarratas a dhéanamh ar an gcéad ghlúin eile de dheontais faoi Erasmus+.

In 2019 díríodh ar dhianchaibidlíocht. Rinne an Pharlaimint, an Coimisiún agus na Ballstáit dul chun cinn i dtreo comhaontuithe maidir leis an gcreat foriomlán agus na tograí earnála.

I dtaca leis an gcreat foriomlán, rinneadh dul chun cinn leordhóthanach sna pléití faoi mhí an Mheithimh go ndearna ceannaire de chuid an Aontais trácht ar an ábhar den chéad uair ó rinneadh an togra. Ag cruinniú na Comhairle Eorpaí i mí na Nollag, chinn siad go luífeadh Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, isteach ar an gcaibidlíocht, chun teacht ar chomhaontú go luath in 2020. A luaithe a thiocfaidh na Ballstáit ar chomhthoil eatarthu féin, beidh cead ón bParlaimint ag teastáil don socrú deiridh.

San am céanna, leanadh den chaibidlíocht maidir leis na cláir earnála. D’éirigh leis an bParlaimint agus na Ballstáit teacht ar réamh-chomhaontuithe maidir leis na cláir a chlúdaíonn tosaíochtaí, taighde, cosaint, infheistíocht agus an t-aistriú digiteach, cuir i gcás. A luaithe a chomhaontófar é sin, beifear in ann an méid seo a leanas a bhaint amach:

  • beidh na mílte duine in ann dul thar lear ag staidéar, ag traenáil, ag teagasc, ag obair ar luach saothair, nó ag obair go deonach a bhuí le clár soghluaisteachta óige na hEorpa, Erasmus+;
  • infheistíochtaí ar fiú na céadta billiún euro a nochtadh faoin gClár InvestEU, agus ar an tslí sin deiseanna gnó agus poist a chruthú;
  • aistriú digiteach na hEorpa a éascú trí infheistíochtaí i sár-ríomhaireacht, an intleacht shaorga, an chibearshlándáil agus iontaoibh, agus cinnte a dhéanamh de go bhfuil na scileanna digiteacha oiriúnacha don aois dhigiteach ag muintir na hEorpa.

Sin cuid de na tairbhí #/a

A bhuí leis an mbuiséad, baineann na Ballstáit >a target="_blank" href="https://op.europa.eu/ga/publication-detail/-/publication/153c4e27-f934-11e9-8c1f-01aa75ed71a1"#tairbhe as ballraíocht sa Mhargadh Aonair agus a bheith in ann dul i ngleic le dúshláin ar nós na himirce, agus na sceimhlitheoireachta agus an athraithe aeráide agus na dúshláin sin a chomhrac le chéile. Is féidir leo leas a bhaint as na deiseanna a chruthaítear trí bheartas comhtháthaithe — príomhbheartas infheistíochta an Aontais — le haghaidh gnólachtaí ar fud an Aontais.

Cuireann an tAontas go mór le geilleagar a chuid Ballstát. De réir sonraí a thiomsaigh an Coimisiún, ranníocann Ballstáit tuairim agus 0.9 % dá OIN le buiséad an Aontais agus táirgtear 5.92 % dá OIN a bhuí leis an Margadh Aonair. Fágann sé sin go n-íocann Ballstáit €1 leis an mbuiséad, ach san am céanna faigheann siad €6 a bhuí leis an Margadh Aonair.

Caibidil 4

Margadh inmheánach níos doimhne agus níos cothroime a bhfuil bonn tionsclaíoch níos láidre faoi

© Fotolia

Tá an margadh inmheánach, a dtugtar an Margadh Aonair air freisin, ar cheann de na rudaí is mó atá bainte amach ag an Aontas Eorpach. Cuireann sé feabhas ar an saol laethúil agus tugann sé deis do chuideachtaí dul i mbun nuálaíochta agus leathnú trasna teorainneacha. Is le linn na bliana 2019 freisin a rinneadh comóradh 25 bliana ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), comhaontú faoina dtugtar cearta ballraíochta den mhargadh don Iorua, don Íoslainn agus do Lichtinstéin freisin.

Bíonn an tAontas de shíor ag obair chun an Margadh Aonair a dhaingniú agus chun na tairbhí a bhaineann leis a mhéadú. In 2019, chuir an Coimisiún na moltaí deiridh a bhí aige le bailchríoch a chur ar na bearta uaillmhianacha a leagtar amach sa Straitéis maidir leis an Margadh Aonair, in Aontas na Margaí Caipitil agus sa straitéis maidir leis an Margadh Aonair Digiteach i láthair, fad a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Comhairle tograí eile a bhí ar na bacáin.

Mar thoradh air sin, is féidir le muintir na hEorpa tairbhe a bhaint as sábháilteacht níos fearr a bheith ag baint le táirgí a fhaightear ar mhargadh an Aontais, lena n-áirítear gluaisteáin níos glaine agus níos sábháilte, breis cosanta ar cheimiceáin dhíobhálacha agus faisnéis níos cuimsithí maidir le táirgí bia.

Rinne an tAontas nósanna imeachta riaracháin a shimpliú tuilleadh chun go mbeadh gnólachtaí in ann oibriú ar fud na mór-roinne, agus iad ag cinntiú san am céanna go bhforfheidhmeofaí na rialacha agus go léireofaí urraim dóibh. Rinne an tAontas níos simplí é freisin idirbhearta in euro a dhéanamh ar fud an Aontais ar fad, chomh maith lena dhéanamh níos éasca ar údaráis calaois cánach breisluacha (CBL) a bhrath. Cabhróidh Údarás Eorpach Saothair nua le saoránaigh agus le gnólachtaí trí chomhairle a chur ar fáil maidir le deiseanna chun cónaí, chun obair a fháil nó chun oibriú i mBallstát eile.

Rinne an Coimisiún roinnt cinntí ardphróifíle i ndáil le hiomaíocht chun cothrom na hiomaíochta a chinntiú do chuideachtaí agus chun an Margadh Aonair a choimeád ag feidhmiú mar is ceart. Tá an tAontas ag obair le lucht tionsclaíochta agus le húdaráis náisiúnta freisin chun a chinntiú go rachaidh ár gcuid tionscal in oiriúint don nuálaíocht sa todhchaí agus do dhúshláin na hinbhuanaitheachta agus go leanfaidh siad de bheith iomaíoch ar an leibhéal domhanda.

Ceiliúradh 25 bliana ar an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

Doiciméad oifigiúil a bhfuil séala dearg air

Ag cur inisealacha leis an gcomhaontú maidir leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch idir Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa agus Comhlachas Saorthrádála na hEorpa, 14 Aibreán 1992.

Tar éis 25 bliana de Mhargadh Aonair an Aontais Eorpaigh in 2018, rinneadh comóradh tábhachtach eile an bhliain dár gcionn: 25 bliana ó bunaíodh an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Is sa bhliain 1992 a síníodh an Comhaontú LEE agus is in 1994 a tháinig sé i bhfeidhm, agus faoin gcomhaontú sin tugtar ceithre shaoirse an Mhargaidh Aonair agus beartais ghaolmhara don Iorua, don Íoslainn agus do Lichtinstéin freisin. Anois tá daoine, earraí, seirbhísí agus caipiteal in ann gluaiseacht timpeall an 31 tír den LEE ar bhonn chomh saor céanna, nach mór, agus dá mbeidís uile in aon tír amháin. Is féidir le saoránaigh LEE staidéar, cónaí nó siopadóireacht a dhéanamh, dul i mbun oibre nó dul ar scor in aon cheann de thíortha an limistéir. Tá deireadh curtha leis na céadta bac teicniúil, dlíthiúil agus maorlathach ar an tsaorthrádáil agus ar an tsaorghluaiseacht idir na tíortha sin. Dá bharr sin, is féidir le cuideachtaí cur lena gcuid oibríochtaí agus mar gheall ar an iomaíocht tá praghsanna níos ísle agus tá rogha níos fearr ag tomhaltóirí.

Cuid de na buntáistí a bhaineann leis an Limistéar Eorpach Eacnamaíoch

Baineann muintir an Aontais Eorpaigh agus muintir an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíche tairbhe as an bpáirt a ghlacann siad sa chlár Erasmus+. A bhuí leis an gCárta Eorpach um Árachas Sláinte, bíonn rochtain ag daoine ar chúram sláinte atá riachtanach ó thaobh leighis de le linn dóibh a bheith seal i dtír ar bith sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch. Ina theannta sin, ó cuireadh deireadh le táillí fánaíochta, is féidir glaonna a dhéanamh, téacsteachtaireachtaí a sheoladh agus sonraí móibíleacha a úsáid i dtír ar bith sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch faoi mar a dhéanfadh duine sa bhaile, agus is féidir le custaiméirí cúiteamh a éileamh ar aerlíne má bhíonn os cionn 3 uair an chloig moille orthu ag ceann scríbe.

Feidhmiú an Mhargaidh Aonair a fheabhsú ar son daoine agus gnólachtaí

Bíonn an tAontas de shíor ag obair chun an Margadh Aonair a dhaingniú agus a neartú chun a chinntiú go mbeidh sé in ann freagairt do dhúshláin nua agus tairbhí a chur ar fáil dár saoránaigh agus dár ngnólachtaí.

Mar chuid de na hiarrachtaí sin, i mí an Mheithimh tháinig an tAontas ar chomhaontú faoi rialacha nua chun a chinntiú go gcomhlíonfaí reachtaíocht de chuid an Mhargaidh Aonair maidir le táirgí neamhbhia ar bhealach níos fearr. Beidh na rialacha sin infheidhme ón mbliain 2021 agus neartóidh siad seiceálacha de chuid na n-údarás náisiúnta agus na n-oifigeach custaim agus feabhsóidh siad seiceálacha ar tháirgí ar mhargadh an Aontais. Cuirfidh siad dlús le comhar idir údaráis agus éascóidh siad gníomhaíocht ghasta i gcoinne táirgí mídhleathacha.

Ina theannta sin, ghlac an tAontas rialachán nua lena neartaítear cur i bhfeidhm an phrionsabail maidir le haitheantas frithpháirteach i ndáil le táirgí nach gclúdaítear le reachtaíocht atá i bhfeidhm ar fud an Aontais. Dá bharr sin, beidh breis deiseanna ar fáil do chuideachtaí chun leathnú trasna theorainneacha an Aontais. Ó mhí Aibreáin 2020, beidh cuideachtaí in ann teacht go tapa ar fhaisnéis fheabhsaithe maidir le rialacha náisiúnta theicniúla infheidhme i mBallstát eile agus úsáid a bhaint as nósanna imeachta simplithe chun léiriú go gcomhlíonann a dtáirge riachtanais náisiúnta ábhartha.

Ina theannta sin, an caighdeán nua maidir le ríomhshonrascadh a tháinig i bhfeidhm i mí Aibreáin, cabhróidh sé le húdaráis phoiblí gach íocaíocht ó chuideachtaí a phróiseáil go huathoibríoch agus go pras.

Bonn tionsclaíoch atá láidir agus nuálach

Is ceannródaithe domhanda iad tionscail na hEorpa in go leor réimsí ach ní mór dóibh dul in oiriúint do dhúshláin nua, amhail teicneolaíochtaí mearfhorbartha, an t-athrú aeráide agus comhthéacs geopholaitiúil domhanda atá ag athrú. Chun fís nua do thionsclaíocht na hEorpa a chur ar fáil, bhunaigh an Coimisiún an Cruinniú Comhchéime Ardleibhéil “Tionsclaíocht 2030” agus d’fhoilsigh sé a chuid moltaí i mí an Mheithimh. Díríonn siad sin ar an tslí ar cheart do thionsclaíocht na hEorpa a bhuntáiste iomaíoch a fhorbairt trí bhíthin teicneolaíochtaí ceannródaíocha, trí mheas a léiriú ar an gcomhshaol agus ar an mbithéagsúlacht, trí infheistíocht a dhéanamh i ndaoine agus trí chomhaontais chliste Eorpacha agus dhomhanda.

Ní mór don Eoraip a cuid láidreachtaí agus a cuid sócmhainní a neartú chun a bonn tionsclaíoch a fhorbairt. Ar na réimsí straitéiseacha atá dírithe ar an todhchaí, tá réimse na hintleachta saorga, réimse na gceallraí agus réimse na cibearshlándála agus is réimsí iad sin ar fad ina bhféadfaí, trí bhorradh a chur faoi bhuntáiste iomaíoch na hEorpa, an fás a spreagadh. Chun réimsí a aithint a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo, bhunaigh an Coimisiún Fóram Straitéiseach na mBallstát agus na n-ionadaithe tionsclaíocha, agus ina thuarascáil a foilsíodh i mí na Samhna, aithníodh sé réimse tosaíochta, cuireadh moltaí ar fáil maidir le gníomhaíocht beartais san am atá le teacht agus rinneadh infheistíochtaí trasnáisiúnta a chomhordú.

Is gá do thionscail láidre dul in oiriúint don nuálaíocht agus a bheith nuálach iad féin i gcónaí. Léiríodh i dtuarascáil 2019 de chuid an Scórchláir Eorpaigh Nuálaíochta go bhfuil feabhas leanúnach ar siúl san Aontas, agus go bhfuil méadú le feidhmíocht na nuálaíochta i 24 Bhallstát. Ba í an tSualainn ceannaire na nuálaíochta san Aontas agus ag teacht ina diaidh, bhí an Fhionlainn, an Danmhairg agus an Ísiltír. Ba iad na nuálaithe ba mhó fás an Liotuáin, an Ghréig, an Laitvia, Málta, an Ríocht Aontaithe, an Eastóin agus an Ísiltír. Rud den tábhacht is ea gur sháraigh feidhmíocht nuálaíochta an Aontais feidhmíocht nuálaíochta Stáit Aontaithe Mheiriceá den chéad uair riamh agus tá sí chun tosaigh go suntasach ar fheidhmíocht nuálaíochta na Brasaíle, na hIndia, na Rúise agus na hAfraice Theas.

Sé réimse straitéiseacha i gcomhair Thionsclaíocht na hEorpa

Seo a leanas na sé réimse straitéiseacha i gcomhair Thionsclaíocht na hEorpa: feithiclí a bheidh glan ceangailte uathrialaitheach; an tsláinte chliste; tionsclaíocht astaíochtaí ísle dé-ocsaíd charbóin; teicneolaíochtaí agus córais hidrigine; Idirlíon tionsclaíoch na Rudaí Nithiúla; agus an chibearshlándáil.

Ballstáit den Aontas Eorpach a rangú de réir na feidhmíochta nuálaíochta a bhí acu in 2019

Feictear ar an Scórchlár Nuálaíochta Eorpach le haghaidh 2019 gurb iad an Danmhairg, an Ísiltír, an Fhionlainn agus an tSualainn ceannródaithe na nuálaíochta san Eoraip. De réir an scórchláir, is nuálaithe láidre iad an Bheilg, an Ghearmáin, Éire, an Fhrainc, Lucsamburg, an Ostair, an tSlóivéin agus an Ríocht Aontaithe. Is nuálaithe measartha láidir iad an tSeicia, an Eastóin, an Ghréig, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, an Ungáir, Málta, an Pholainn, an Phortaingéil agus an tSlóvaic agus is nuálaithe malla iad an Bhulgáir agus an Rómáin. Foinse: an Coimisiún Eorpach

Cothrom iomaíochta sa Mhargadh Aonair a chinntiú

Tá sé d’aidhm ag beartas iomaíochta an Aontais tacú le fás, le hinfheistíocht agus le cruthú post trí bhíthin cosaint a thabhairt do thomhaltóirí agus do chuideachtaí atá géilliúil don dlí ar iompraíocht ghnó atá frithiomaíoch agus mídhleathach. Agus cuideachtaí ag dul in iomaíocht le chéile chun praghsanna níos ísle agus rogha níos leithne táirgí nuálacha a thairiscint, tá tomhaltóirí níos fearr as agus éiríonn geilleagar na hEorpa níos láidre, níos iomaíche agus níos tarraingtí d’infheisteoirí.

Sa bhliain 2019, ghlac an Coimisiún 362 chinneadh maidir le cumaisc, 10 gcinneadh in aghaidh trustaí, cúig chinneadh maidir le cairtéil agus 248 gcinneadh maidir le Státchabhair. San iomlán, chuir an Coimisiún breis agus €4 bhilliún d’fhíneálacha ar chuideachtaí ar cinneadh ina leith gur sháraigh siad rialacha iomaíochta an Aontais agus d’ordaigh sé do na Ballstáit lenar bhain na cásanna sin tuairim agus €65 mhilliún de chabhair mhídhleathach neamhréireach a thug siad a fháil ar ais ó na cuideachtaí a fuair í.

Úsáideann an Coimisiún rialú cumasc chun a chinntiú go mbaineann an Margadh Aonair a acmhainneacht amach trí rioscaí don iomaíocht a chosc. Glantar an chuid is mó de na cumaisc a chuirtear faoi bhráid an Choimisiúin. Go dtí seo, níor toirmeascadh ach 10 gcinn, trí cinn acu sa bhliain 2019. Áirítear leo sin éadáil Siemens ar Alstom sa tionscal iarnróid agus éadáil Wieland ar Aurubis Rolled Products agus Schwermetall, an dá cheann acu i mí Feabhra, agus an comhfhiontar idir na hollchuideachtaí cruach Tata Steel agus ThyssenKrupp i mí an Mheithimh. Sna cásanna sin, theip ar na cuideachtaí leigheasanna a mholadh chun tomhaltóirí a chosaint ar rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann. I gcásanna ardphróifile eile, amhail Praxair/Linde agus GSK/Pfizer, thairg na comhpháirtithe cumaisc leigheasanna oiriúnacha agus ansin bhí an Coimisiún in ann na hidirbhearta a imréiteach.

Tugtar míniú sa léaráid seo ar an gcinneadh ón gCoimisiún maidir le cónascadh idir Siemens agus Alstom

Chuir an Coimisiún toirmeasc ar chónascadh idir Siemens agus Alstle hoibreoirí agus paisinéirí iarnróid a chosaint. Is rud ríthábhachtach córais chomharthaíochta iarnróid le himbhualadh idir traenacha a chosc agus le paisinéirí traenach agus metro a choinneáil slán, agus is rud tábhachtach traenacha ardluais don aistriú i dtreo iompar atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Dá ndéanfaí Siemens agus Alstom a chónascadh, ní bheadh iomaíocht eatarthu feasta, rud a chuirfeadh ardú ar na praghsanna, sin agus laghdú ar an rogha a bheadh ag oibreoirí iarnróid agus ar an nuálaíocht a d'fhéadfaidís a dhéanamh.

Gníomhaíonn an Coimisiún, freisin, in aghaidh cuideachtaí a dhéanann iarracht buntáiste iomaíoch éagórach a ghnóthú. I mí Eanáir, cuireadh fíneáil €570 milliún ar Mastercard as ucht srianta trasteorann a fhorchur maidir le cártaí íocaíochta a úsáid. I mí na Bealtaine, gearradh fíneáil €200 milliún ar AB InBev, an grúdaire beorach is mó ar domhan, as mí-úsáid a bhaint as a cheannasacht i margadh beorach na Beilge. Ghearr an Coimisiún fíneáil ar chuideachtaí eile as srian a chur ar dhíolacháin trasteorann táirgí marsantaithe de chuid roinnt de na clubanna peile is rathúla san Eoraip agus táirgí marsantaithe ar a bhfuil Hello Kitty atá faoi úinéireacht Sanrio. I gcásanna a bhain le roinnt mórstiúideonna scannán Hollywood, gheall na stiúideonna sin deireadh a chur le srianta a chuir cosc ar iomaíocht trasteorann idir craoltóirí teilifíse íoctha agus thairg siad gealltanais, agus i mí an Mhárta chuir an Coimisiún na gealltanais sin de cheangal orthu le dlí.

Lean an Coimisiún de chairtéil a bhriseadh agus d’fhíneálacha móra a chur ar na cuideachtaí lena mbaineann. I mí an Mhárta, cuireadh smachtbhannaí ar thrí chuideachta a bhí ag soláthar criosanna sábháilte agus trealamh sábháilteachta eile do mhonaróirí gluaisteán na hEorpa trí bhíthin fíneálacha €368 milliún a ghearradh orthu agus, 2 mhí níos déanaí, rinne cúig bhanc mhóra — Barclays, RBS, Citigroup, JPMorgan agus MUFG — réiteach arbh fiú os cionn €1 bhilliún é as ucht páirt a ghlacadh i gcairtéal spottrádála airgeadra eachtraigh.

Ina theannta sin, cinntíonn an Coimisiún nach dtugann tacaíocht na mBallstát buntáiste éagórach do chuideachtaí áirithe thar a chéile. I mí Aibreáin, ghlac an Coimisiún cinneadh maidir le Státchabhair lenar ordaíodh don Ríocht Aontaithe aisghabháil a dhéanamh ar na buntáistí cánach roghnaíocha a dheonaigh údaráis do chuideachtaí ilnáisiúnta mar thoradh ar tharscaoiltí le forálacha a ceapadh chun seachaint cánach corparáide a chomhrac.

Tá míniú sa léaráid seo ar thorthaí an Choimisiúin maidir le cuid de scéim chánach na Ríochta Aontaithe

D'aistrigh an comhlacht ilnáisiúnta ‘X’, comhlacht atá lonnaithe sa Ríocht Aontaithe, caipiteal chuig ceann dá fhochomhlachtaí lastall den limistéar cánach. Ina dhiaidh sin, thug an fochomhlacht iasacht do chuideachta grúpa eachtrach den chomhlacht ilnáisiúnta ‘X’ céanna. An t-ús a ghin an iasacht ar son an fhochomhlachta, is ús é a bhí lastall den limistéar cánach neamh-inchánaithe faoi riarachán cánach na Ríochta Aontaithe de bhua an díolúine i gcás maoiniú grúpaí, rud a chruthaigh buntáiste neamhdhleathach cánach.

Féadfaidh beartas iomaíochta cabhrú leis an Aontas tabhairt faoi bheartas tionsclaíochta nua-aoiseach, mar a léiríodh leis an €3.2 billiún de thacaíocht phoiblí a thairg seacht mBallstát agus a d’fhaomh an Coimisiún le haghaidh Tionscadal Tábhachtach ar Mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI) maidir le taighde agus nuálaíocht i dtáirgeadh ceallraí. Is é sin an dara hinfheistíocht mhór IPCEI a faomhadh anuas ar an gceann micrileictreonaice arbh fhiú €1.7 billiún é agus a bhain leis an nGearmáin, leis an bhFrainc, leis an Iodáil agus leis an Ríocht Aontaithe agus a glanadh i mí na Nollag 2018.

Deireadh a chur le bacainní ar shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí

D’oibrigh an tAontas ar neartú na rialacha in earnálacha ar leith chun díol earraí agus seirbhísí thar theorainneacha a éascú do ghnólachtaí agus chun sábháilteacht táirgí a fheabhsú ar mhargadh an Aontais Eorpaigh.

Feabhas a chur ar rialacha in earnáil na gceimiceán agus in earnáil na cógaisíochta

I mí an Mheithimh, d’fhoilsigh an Coimisiún athbhreithniú ar reachtaíocht ceimiceán an Aontais freisin. Fuarthas amach ann gur chuir comhchuibhiú agus comhchaighdeáin le neart agus le héifeachtúlacht an mhargaidh aonair i gceimiceáin, agus san am céanna, go gcuireann siad an leibhéal is airde cosanta ar domhan ar fáil do shláinte an duine agus don chomhshaol. Rinne an tAontas Eorpach sraith beart freisin chun oibrithe agus tomhaltóirí a chosaint ar cheimiceáin dhíobhálacha, lena n-áirítear 29 gcinneadh maidir le húdarú faoin Rialachán REACH lenar socraíodh coinníollacha úsáide le haghaidh ceimiceáin áirithe, diúltú amháin ar údarú agus srian amháin ar aimplitheoir snáithín dópáilte le túiliam, substaint is cúis le fadhbanna riospráide nuair a úsáidtear í i spraeanna. Ina theannta sin, tugadh an treoir maidir le carcanaiginí agus só-ghineacha cothrom le dáta nuair a cuireadh cúig shubstaint leis an liosta de cheimiceáin aitheanta is cúis le hailse sa láthair oibre. Ciallaíonn sé sin go gcumhdaítear 27 gceimiceán den sórt sin leis an Treoir.

Ghlac an tAontas Eorpach rialacha nua freisin chun feabhas a chur ar chothrom na hiomaíochta in earnáil na cógaisíochta. Fágfaidh na rialacha sin go mbeidh sé níos éasca cógais chineálacha agus bhithshamhlacha a easpórtáil chuig tíortha nach bhfuil san Aontas agus ina bhfuil cosaint maoine intleachtúla imithe in éag nó nárbh ann di riamh, agus déanfar na cearta láidre atá laistigh den Aontas Eorpach cheana a chaomhnú chun nuálaíocht agus taighde a spreagadh.

Margadh Aonair le haghaidh soláthar poiblí

Tá an margadh soláthair oscailte is mó ar domhan ag an Aontas ar luach measta €2 thrilliún in aghaidh na bliana. Ós rud é go bhfuil soláthar poiblí ag éirí níos domhandaithe de réir a chéile, tá cur chuige straitéiseach á ghlacadh ag an Aontas Eorpach le cinntiú go gcomhlíonann na tairgeoirí ar fad, idir thairgeoirí intíre agus tairgeoirí coigríche, rialacha AE. Chun na críche sin, d’fhoilsigh an Coimisiún treoraíocht i mí Iúil maidir le rannpháirtíocht tairgeoirí coigríche i margadh an Aontais Eorpaigh.

Seirbhísí airgeadais níos fearr

Mar chuid de na hiarrachtaí Aontas Margaí Caipitil níos láidre agus níos comhtháite san Eoraip, ghlac an tAontas Eorpach rialachán athbhreithnithe maidir le híocaíochtaí trasteorann, rud a chinntigh go mbeadh muirir ar íocaíochtaí trasteorann euro laistigh den Aontas i gcomhréir le muirir ar íocaíochtaí comhfhreagracha náisiúnta a dhéantar in airgeadra an Bhallstáit ina bhfuil soláthraí seirbhísí íocaíochta an úsáideora lonnaithe. Cuireann sé sin ar chumas na dtomhaltóirí agus na ngnólachtaí i dtíortha nach bhfuil sa limistéar euro leas a bhaint as idirbhearta ísealchostais in euro trasna teorainneacha, díreach faoi mar a dhéanfaidís laistigh den limistéar euro. Mar thoradh air sin, mar shampla, meastar go dtiocfaidh laghdú ó shuim idir €15 agus €24 go €1 ar an bpraghas in euro ar idirbheart laistigh den Aontas ón mBulgáir chuig an bhFionlainn. Cinnteofar leis an rialachán go mbeidh muirir ar chomhshó airgeadra trédhearcach agus inchomparáide ag UMB nó ag díolphointe, rud a chuirfidh de chumas ar chustaiméirí airgead a shábháil ar chostais chomhshó nuair a bhíonn siad ag taisteal nó ag siopadóireacht ar an gcoigríoch. Ina theannta sin, chuir an tAontas Eorpach dlús lena iarrachtaí tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt agus d’infhaighteacht íocaíochtaí treasteorann ar an toirt.

Feictear sa léaráid seo na hathruithe ar chostais aistrithe euro laistigh den limistéar euro, agus idir an limistéar euro agus áiteanna lasmuigh den limistéar euro

Roimh an 15 Nollaig 2019, ghearrtaí táillí nialasacha/ísle ar sheoltóir airgid ó áit taobh istigh den limistéar euro go háit lasmuigh de ach táillí arda ar fhaighteoir an airgid. Bhain táillí arda le hairgead a sheoladh ó áit lasmuigh den limistéar euro go háit eile lasmuigh de nó áit laistigh de. Ní ghearrtaí táillí nialasacha/ísle ar an dá pháirtí ach le haghaidh aistrithe laistigh den limistéar euro. Ó bhí 15 Nollaig 2019 ann, ní bhaineann ach táillí nialasacha/ísle le haistrithe in euro, bídís laistigh den limistéar euro nó lasmuigh de.

Córas cánach cothrom a chinntiú

Tá sé d’aidhm ag beartas cánach an Aontais Eorpaigh tacú le hiomaíochas an Aontais agus infheistíocht, fás agus fiontraíocht a spreagadh laistigh den Mhargadh Aonair. Trí na córais chánach a dhéanamh níos simplí, ba chóir gurbh fhusa do ghnólachtaí a bheith ag feidhmiú agus do shaoránaigh a bheith ag obair trasna na dteorainneacha. Thairis sin, tá an tAontas dírithe ar chánacha atá cothrom agus cóir go sóisialta, go háirithe trí mhí-úsáid cánach a chomhrac ar leibhéal an Aontais Eorpaigh agus ar leibhéal idirnáisiúnta agus trí iomaíocht éagórach cánach a laghdú sa Mhargadh Aonair agus níos faide i gcéin.

Chun calaois chánach a chomhrac agus chun comhar riaracháin a éascú i mbailiú ioncaim AE agus náisiúnta, sheol an Coimisiún an uirlis le haghaidh Anailís ar Ghréasáin Idirbheart, uirlis lena soláthraítear rochtain thapa éasca ar fhaisnéis faoi idirbhearta trasteorann do líonra saineolaithe frithchalaoise an Aontais Eorpaigh, agus beidh gníomhú tapa comhordaithe mar thoradh nuair a aithnítear calaois CBL. I mí Mheán Fómhair, tionóladh an chéad Chruinniú Mullaigh AE maidir le Riarachán Cánach, líonra comhair do cheannairí na riarachán cánach sna Ballstáit agus don Choimisiún.

I mí Iúil, ghlac an Coimisiún bearta cur chun feidhme a thacaíonn le huathmhalartú faisnéise maidir le custam agus clárúchán feithiclí idir údaráis náisiúnta chun dul i ngleic le calaois CBL a bhaineann le gluaisteáin nua agus gluaisteáin athláimhe. An liosta de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach atá ag an Aontas, liosta ar uirlis choiteann é do na Ballstáit chun dul i ngleic leis na rioscaí seachtracha a bhaineann le mí-úsáid cánach agus iomaíocht éagórach cánach, glacadh i mí an Mhárta é. D’fhoilsigh an Coimisiún meastóireachtaí ar dhá threoir i mí Mheán Fómhair: is iad sin an Graph Treoir maidir le comhar riaracháin i réimse na cánach agus an Treoir maidir le cánachas fuinnimh.

I dtreo soghluaisteacht chothrom don lucht saothair

Tá an tAontas Eorpach ag obair chun soghluaisteacht an lucht saothair a neartú trí rialacha soiléire cothroma a bhunú, rud a dhéanann comhar idir na Ballstáit a éascú agus cúiseanna míúsáide a chomhrac. Mar chuid de sin, bunaíodh an tÚdarás Eorpach Saothair i mí Iúil, agus cuireadh tús lena chéad ghníomhaíochtaí i mí Dheireadh Fómhair. Is é an ról atá aige cabhrú chun rialacha maidir le soghluaisteacht an lucht saothair ó Bhallstát go chéile a fhorfheidhmiú. Déanfaidh sé é sin tríd an soláthar faisnéise do shaoránaigh agus do ghnólachtaí faoina gcearta agus faoina ndualgais maidir le deiseanna a bheith ag maireachtáil, ag obair nó ag feidhmiú i dtír eile, trí chomhar idir údaráis na mBallstát a neartú agus trí idirghabháil i ndíospóidí trasteorann. Is i mBratasláiv na Slóvaice a bheidh an t-údarás lonnaithe agus táthar ag súil go mbainfidh sé cumas iomlán amach faoi 2024.

Achoimre ar ról an Údaráis Eorpaigh Saothair

Na rialacha Aontais Eorpaigh um shaorghluaiseacht an lucht saothair, is simplí éifeachtach cóir a chuirfidh an tÚdarás Eorpach Saothair na rialacha sin i bhfeidhm. Tá sé d'aidhm aige na bacainní atá ar shaorghluaiseacht an lucht saothair a shárú, bacainní mar easpa tacaíochta don duine aonair agus do ghnólachtaí, deacrachtaí a bhíonn ag na húdaráis náisiúnta agus iad ag stiúradh na comhoibre trasteorann, easpa comhghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin trasteorann a bheadh rialta agus easpa idirghabhála idir na Ballstáit i gcás díospóidí trasteorann. Cuirfidh sé dlús freisin le saorghluaiseacht an lucht saothair trí rochtain ar fhaisnéis a fheabhsú maidir le cearta agus oibleagáidí i réimse na soghluaisteachta trasteorann, comhordúchán idir Ballstáit a neartú chun dlí an Aontais Eorpaigh a fhorfheidhmiú trasteorann, comhoibriú idir Ballstáit a fheabhsú agus iad ag plé le hobair neamhdhearbhaithe, agus cúnamh a thabhairt d'údaráis na mBallstáit nuair atá díospóidí trasteorann le réiteach acu. Foinse: Comhairle an Aontais Eorpaigh. Cóipcheart: an tAontas Eorpach

Dul chun cinn i dtreo na soghluaisteachta sábháilte glaine nasctha

Tá ról nach beag ag an tsoghluaisteacht chun an Margadh Aonair a nascadh agus a chomhtháthú. Tá an tAontas Eorpach ag obair chun nuachóiriú a dhéanamh ar chórais iompair na hEorpa le go mbeidh tairbhe ag daoine ar thrácht níos sábháilte, ar fheithiclí níos glaine agus ar réitigh theicneolaíocha níos fearr, agus tacóidh sé le hiomaíochas an tionscail iompair.

I mí an Mhárta, tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú maidir leis an rialachán athbhreithnithe maidir le sábháilteacht ghinearálta, rialachán a bhfuil sé d’aidhm aige teicneolaíochtaí sábháilteachta éigeantacha a thabhairt isteach do gach feithicil a dhíoltar, a chláraítear nó a chuirtear i mbun seirbhíse faoin mbliain 2022. Cuirfidh sé sin feabhas ar chosaint shaoránaigh AE agus cuideoidh sé chun líon na dtimpistí ar na bóithre a laghdú agus chun feabhas a chur ar an gcreat dlíthiúil chun feithiclí uathoibrithe agus nasctha a fhaomhadh. I mí Feabhra, d’ullmhaigh an Coimisiún treoirlínte maidir le faomhadh na bhfeithiclí uathoibrithe agus, i mí an Mheithimh, sheol an Coimisiún ardán AE chun comhordú a dhéanamh ar thurgnaimh a bhaineann le feithiclí uathoibrithe agus nasctha.

Ní ba luaithe sa bhliain, rinne an tAontas bearta chun measúnuithe ar shábháilteacht bonneagair a chinntiú ar phríomhbhóithre, chun díriú ar bhealach níos fearr ar infheistíochtaí agus chun an bealach a réiteach don tiomáint uathrialaitheach ar fud an Aontais Eorpaigh. Ghlac an Coimisiún rialacha comhchuibhithe nua freisin maidir le trácht ladrann chun dul i ngleic leis an méadú ar líon na ladrann ar fud na hEorpa.

Feictear sa léaráid seo an chaoi a sábhálfar am le doiciméid dhigiteacha i gcomhair an iompair

Sábhálfaidh gníomhaithe a bhfuil baint acu le hearraí a láimhseáil san Eoraip go leor ama má úsáideann siad doiciméid dhigiteacha. Faoi láthair, caitear timpeall 390 milliún uair an chloig oibre sa bhliain ar phróiseáil faisnéise maidir le hiompar lastais . Sa todhchaí, sábhálfaidh malartú digiteach na faisnéise sin idir 75 milliún agus 102 milliún uair an chloig oibre ar an earnáil ghnó. Foinse: an Coimisiún Eorpach

Glacadh roinnt beart freisin chun an t-ualach riaracháin san earnáil iompair a laghdú. I mí an Mheithimh, sheol Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh an chéad údarú feithicle Eorpach, agus tá sé bailí in iliomad tíortha ar fud na mór-roinne. Thángthas ar chomhaontú freisin faoi thogra maidir le faisnéis leictreonach faoi iompar lastais, rud a chuideoidh chun na milliúin uaireanta an chloig a shábháil a bhíodh á gcaitheamh ag bainistiú doiciméid pháipéir.

I mí na Bealtaine, ghlac an Coimisiún tacar beart chun aghaidh a thabhairt ar idir-inoibritheacht iarnróid, inrochtaineacht traenacha agus torann iarnróid chun feabhas a chur ar idir-inoibritheacht na gcóras iompair. Tháinig an treoir maidir le córais ríomhbhailiúcháin dolaí i bhfeidhm agus leis sin déanfar idirinoibritheacht na ndolaí leictreonacha a fheabhsú, gnásanna riaracháin a shimpliú agus calaois a laghdú.

Caibidil 5

Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta níos doimhne agus níos cothroime

Amharcann an tAontas Eorpach ar Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA) níos doimhne mar thosaíocht toisc gur uirlis chumhachtach é chun an méid a leanas a bhaint amach; tuilleadh post, fás níos láidre, infheistíocht níos mó agus cothromaíocht shóisialta níos fearr mar aon le cobhsaíocht agus athléimneacht mhaicreacnamaíoch fheabhsaithe.

I mí an Mheithimh, tháinig na Ballstáit ar chomhaontú ginearálta maidir le roinnt céimeanna tábhachtacha, lenar áiríodh ionstraim bhuiséadach a chruthú ar mhaithe le cóineasú agus iomaíochas sa limistéar euro.

An leasú a moladh i leith an chonartha lena mbunaítear an Sásra Cobhsaíochta Eorpach, is leasú é a chuirfeadh ar chumas an chiste tarrthála cúlstop airgeadais a chur ar fáil don Chiste Réitigh Aonair, Ciste a théann i ngleic le bainc a bhfuil ag cliseadh orthu.

Cuideoidh reachtaíocht nua i mí Aibreáin le laghdú na rioscaí in earnáil na baincéireachta agus le neartú an Aontais Bhaincéireachta. Leanadh ar aghaidh freisin le pleananna chun comhscéim árachais taiscí a chruthú do bhainc an limistéir euro, agus rinne an Coimisiún beart chun iomaíocht chóir a chinntiú san earnáil.

Ba chúnamh é Colún Eorpach na gCeart Sóisialta le béim a chur ar chothroime in AEA, trí bhíthin reachtaíocht chun feabhas a chur ar dhálaí oibre a glacadh i mí an Mheithimh agus trí bhíthin dlí nua chun cothromaíocht oibre is saoil a chur chun cinn agus teacht i bhfeidhm saoire cothrom ó thaobh inscne de do thuismitheoirí i mí Lúnasa.

Rinne an tAontas beart chun teacht ar chórais cosanta sóisialta a mhéadú agus chun fiontraíocht a spreagadh.

An tAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a dhoimhniú

Is tosaíocht é Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta níos doimhne don Aontas Eorpach ós rud é go neartóidh sé a chobhsaíocht eacnamaíoch, an athléimneacht atá ann, agus an acmhainn fáis atá ann.

I mí an Mheithimh, ghlac Ballstáit an limistéir euro céim eile i dtreo an chuspóra sin nuair a chomhaontaigh siad na príomhghnéithe d’ionstraim bhuiséadach le haghaidh an limistéir. Tugtar an Ionstraim Bhuiséadach um Chóineasú agus um Iomaíochas uirthi, agus tá sí in ainm agus tacú le hathchóirithe struchtúracha agus le hinfheistíocht darb aidhm fás a threisiú agus feabhas a chur ar theacht aniar an limistéir euro ó thaobh na heacnamaíochta de, mar aon lena chumas athléimneach nuair a bhaintear suaitheadh aisti. I mí Dheireadh Fómhair, glacadh tuilleadh cinntí chun sonraí a shocrú faoin dóigh a n-oibreodh an ionstraim. Déanfar comhaontú maidir leis an méid a bheidh ann i gcomhthéacs plé faoin gcéad bhuiséad fadtéarmach eile a bheidh ag an Aontas Eorpach.

Chomhaontaigh Ballstáit an limistéir euro freisin ligean don Sásra Cobhsaíochta Eorpach cúlstop airgeadais a chur ar fáil nach ndéanfaí a ghníomhachtú ach amháin mar árachas ghreim an fhir bháite i gcás réiteach bainc. Bheadh líne chreidmheasa nó ráthaíochtaí ón gCiste Réitigh Aonair i gceist leis ionas nach mbeadh ar cháiníocóirí íoc as réiteach le haghaidh bainc a bhfuil ag cliseadh orthu. Is trí ranníocaíochtaí ó earnáil bhaincéireachta na hEorpa a dhéanfaí an cúlstop a aisíoc sa deireadh thiar.

Achoimre ar bhearta a bhfuil sé d'aidhm acu ról idirnáisiúnta an euro a neartú

Na bearta atá ann le ról idirnáisiúnta an euro a neartú, is bearta iad is féidir a roinnt ina gceithre réimse. Ar an gcéad cheann díobh, tá comhlánú ar an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, ar an Aontas Baincéireachta, agus ar Aontas na Margaí Caipitil. Mar chuid den dara réimse, tá bearta chun earnáil dhomhain airgeadais a chothú don Eoraip, an neartú ar an leachtacht mar shampla, agus ar an athléimneacht atá in infreastruchtúr na margaí atá san Eoraip; deimhin a dhéanamh de go mbeidh creat iontaofa ann le tagarmharc iontaofa a leagan síos i gcomhair rátaí úis; tacú le ‘córas íocaíochta ar an toirt’ san Aontas, córas a mbeadh lán-chomhtháthú déanta air; agus dul i gcomhairle maidir le leachtacht an euro i margaí na n-airgeadraí eachtracha. Baineann an tríú réimse le tionscnaimh atá nasctha leis an earnáil idirnáisiúnta airgeadais, tionscnaimh, an tacú le comhoibriú na mbanc ceannais mar shampla, agus an chosaint don chobhsaíocht airgeadais go domhanda; méadú a chur ar sciar na bhfiach atá ainmnithe ina euro ag comhlachtaí Eorpacha; an taidhleoireacht eacnamaíoch a chothú chun úsáid an euro a chur chun cinn agus íocaíochtaí á ndéanamh, sin agus ina airgeadra taca; agus tacaíocht theicniúil a thabhairt le feabhas a chur ar rochtain na dtíortha atá i mbéal forbartha ar chóras íocaíochta euro. Baineann an ceathrú réimse le húsáid an euro a chur chun cinn sna príomhearnálacha straitéiseacha mar earnáil an fhuinnimh, le moltaí chun forleathnú a dhéanamh ar úsáid an euro i gcomhaontuithe idirnáisiúnta faoi chúrsaí fuinnimh, agus i ndéanamh na n-idirbheart idirnáisiúnta, agus comhairliúcháin maidir le cur le húsáid an euro i ndíol agus i gceannach ola, táirgí scagtha, agus gáis. Cuimsíonn sé freisin comhairliúcháin maidir le méadú a chur ar an euro i dtrádáil amhábhar agus earraí bia, agus le cur le húsáid an euro in obair na monaróirí in earnáil an iompair (aerárthaí, iompar ar muir, na hiarnróid). Foinse: an Coimisiún Eorpach Cóipcheart: an tAontas Eorpach

Tá dul chun cinn mór déanta ag an Aontas Eorpach AEA a dhoimhniú ó bhí an ghéarchéim airgeadais ann in 2008. I mí an Mheithimh, i dteachtaireacht ón gCoimisiún, cuirtear tuairim in iúl maidir leis an dul chun cinn atá déanta ag an Aontas Eorpach ón gcéad uair a leagadh amach an fhís go mbeadh AEA ní ba dhoimhne ann i dTuarascáil an Chúigear Uachtarán in 2015. De réir na teachtaireachta, rinneadh dul chun cinn faoi leith sa chreat rialachais eacnamaíoch agus i bhfeidhmiú na rialacha fioscacha, rialacha ar cuireadh feabhas orthu. Cuireadh tuilleadh béime ar thosaíochtaí sóisialta, mar shampla tuilleadh deiseanna plé le haghaidh comhpháirtithe sóisialta ar gach leibhéal. Ina theannta sin, tá an Bord Fioscach Eorpach (arna bhunú in 2015) ina chuid dhílis de chreat fioscach an Aontais Eorpaigh, ag déanamh measúnuithe neamhspleácha agus ag tabhairt comhairle don Choimisiún.

Na príomhghnéithe le haghaidh Aontas Baincéireachta agus Aontas na Margaí Caipitil (AMC), mar shampla pacáiste baincéireachta, is gnéithe iad a bunaíodh chun teacht aniar agus inréiteacht bhainc an Aontais Eorpaigh a neartú, agus bunaíodh togra le haghaidh Scéim Eorpach Árachais Taiscí freisin. Rinne an Coimisiún na tograí reachtacha uile atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta maidir le hAontas na Margaí Caipitil agus san athbhreithniú meántéarma a chur síos chun príomhbhloic thógála Aontas na Margaí Caipitil a chur i bhfeidhm. Mhol an Coimisiún sé bheart reachtacha chun rialacha nua uile-Aontais a thabhairt isteach le haghaidh táirgí, lipéad agus pasanna, mar aon le cúig bheart reachtacha chun rialacha níos simplí, níos soiléire agus níos comhréirí a chur ar fáil d’fhiontraithe, do ghnóthaí agus d’institiúidí airgeadais (féach Caibidil 1).

Mhol sé dhá bheart reachtacha freisin lena áirithiú go mbeadh faireachán níos comhtháite agus níos éifeachtúla ar na margaí caipitil, rud atá ina chuid lárnach d’aontas na margaí caipitil agus é riachtanach le go mbeadh tuilleadh comhtháthaithe airgeadais agus tuilleadh comhroinnte riosca san earnáil phríobháideach. Ina theannta sin ghlac an Coimisiún trí thogra reachtacha le cur ar chumas na hearnála airgeadais an bealach a threorú i dtreo geilleagar ciorclach a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de, tíosach ó thaobh úsáid acmhainní de agus teacht aniar ann má bhaintear siar as.

Tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil maidir le beagnach gach uile cheann de na tograí sin; fós féin, tá tuilleadh le déanamh. I dtuarascáil mhí an Mheithimh de chuid an Choimisiúin, éilíodh tuilleadh feabhsuithe ar thrédhearcacht agus ar éifeachtacht chreat comhordaithe beartais an Aontais agus ar an ngné shóisialta a ghabhann leis. D’fhéadfaí athruithe institiúideacha a dhéanamh freisin chun cuntasacht dhaonlathach san Aontas Eorpach agus cinnteoireacht eacnamaíoch sa limistéar euro a neartú, agus chun an Sásra Cobhsaíochta Eorpach a chur faoi scáth chreat dlí an Aontais. Bheadh sásraí chun an limistéar euro a chobhsú i gcás suaite tairbhiúil freisin, agus d’fhéadfadh Feidhm Cobhsaíochta Infheistíochta agus comhscéim ath-árachais dífhostaíochta a bheith san áireamh iontu.

Bailchríoch a chur ar an Aontas Baincéireachta

Is gnéithe ríthábhachtacha den aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta iad margaí baincéireachta agus caipitil an Aontais. I dteannta a chéile, cuireann siad comhtháiteacht agus cobhsaíocht chun cinn i gcóras airgeadais an Aontais Eorpaigh. Treisíonn siad teacht aniar AEA i gcoinne suaitheadh díobhálach trí chomhroinnt riosca san earnáil phríobháideach trasna teorainneacha a éascú, agus san am céanna an gá le comhroinnt riosca san earnáil phoiblí a laghdú. Leanadh den obair ar an dá thionscadal i rith na bliana.

Thar aon ní, rinneadh dul chun cinn mór maidir le rioscaí san Aontas Baincéireachta a laghdú. Baineadh amach cloch mhíle thábhachtach i neartú earnáil na baincéireachta san Aontas Eorpach nuair a glacadh an pacáiste baincéireachta i mí Aibreáin. Leagtar amach sa phacáiste sraith chuimsitheach athchóirithe a chuirfidh le teacht aniar agus inréiteacht na mbanc, lena n-áirítear togra le haghaidh Scéim Eorpach Árachais Taiscí. Cuireann sé sraith caighdeán idirnáisiúnta tábhachtach i bhfeidhm agus tá sé mar aidhm aige rannchuidiú le cur i gcrích an chláir oibre rialála iar-ghéarchéime.

Tá an Coimisiún ag obair, i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann, chun aghaidh a thabhairt ar an ardleibhéal iasachtaí neamhthuillmheacha (NPLanna), agus leanfar ar aghaidh ar an dóigh sin ar feadh an tSeimeastair Eorpaigh, agus beidh siad ag obair freisin chun teacht ar réitigh chuimsitheacha chun déileáil le drochiasachtaí i gcomhréir le rialacha státchabhrach. Rinne maoirseoirí agus bainc na mBallstát an-dul chun cinn freisin chun a leibhéil fiachais a laghdú, ag cur feabhas le cáilíocht a bpunanna iasachtaí agus ag méadú leachtachta ó bhí an ghéarchéim ann.

Léirítear sa tuarascáil is déanaí ar dhul chun cinn ón gCoimisiún gur tháinig laghdú leanúnach ar chóimheas na n-iasachtaí neamhthuillmheacha le haghaidh bhainc uile an Aontais i dtreo leibhéil réamhghéarchéime agus go raibh sé tite go 3.3 % sa tríú ráithe de 2018. In 2019, d’aontaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar rialacha nua chun ceanglais chaipitil a chur i bhfeidhm i leith na mbanc ag a bhfuil iasachtaí neamhthuillmheacha ar a gcláir chomhardaithe. Is é is aidhm don athchóiriú a áirithiú go gcuirfidh na bainc acmhainní dílse leordhóthanacha ar leataobh de réir mar a éiríonn iasachtaí nua neamhthuillmheach agus chun dreasachtaí iomchuí a chruthú chun carnadh iasachtaí neamhthuillmheacha a sheachaint.

Céim thábhachtach eile san Aontas Baincéireachta agus i ndoimhniú an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta is ea dul chun cinn a dhéanamh maidir le comhscéim árachais taiscí don limistéar euro.

Ról idirnáisiúnta an euro

Tá iarrachtaí an Aontais Eorpaigh úsáid an euro a chur chun cinn go hidirnáisiúnta dlúthbhainteach le doimhniú AEA. Chuirfeadh earnáil airgeadais agus AEA níos doimhne agus níos láidre le tarraingteacht an euro mar airgeadra idirnáisiúnta, agus chuirfeadh euro a bheadh níos tábhachtaí ar fud an domhain neart le córas airgeadais an limistéir euro.

Bheadh go leor tairbhe agus buntáiste ann le haghaidh gnóthaí, tomhaltóirí agus rialtais an limistéir euro dá n-úsáidfí an euro níos minice go hidirnáisiúnta, mar shampla; costais trádála níos ísle, rátaí úis níos ísle, teacht níos fusa ar mhaoiniú, féinriail dlí ar dhóigh níb fhearr agus córas airgeadais níos athléimní nach mbeadh chomh leochaileach céanna roimh shuaitheadh na stocmhalartán.

Balúin a bhfuil bratach an Aontais Eorpaigh agus an comhartha euro orthu agus iad á ligean go caithréimeach

An tAontas Eorpach ag déanamh ceiliúradh ar #EUROat20 in 2019. Sa ghrianghraf seo, ligtear le balúin os comhar na Comhairle Eorpaí tar éis ócáid ina ndearnadh comóradh ar shocrú bunaidh na rátaí malairte idir an euro agus airgeadraí Bhallstáit an limistéir euro, an Bhruiséil, an Bheilg, 31 Nollaig 1998.

In 2019, chuaigh an Coimisiún Eorpach i gcomhairle go forleathan le hionadaithe na margaí malairte eachtraí agus leis na hearnálacha fuinnimh, amhábhar, talmhaíochta agus iompair. Dearbhaíodh sna comhairliúcháin sin go bhfuil tacaíocht leathan ann le haghaidh úsáid an euro ar bhealach níos idirnáisiúnta, agus dearbhaíodh go bhfuil sé ar an aon rogha mhalartach inmharthana amháin mar airgeadra idirnáisiúnta seachas dollar na Stát Aontaithe. Cách a ndeachthas i gcomhairle leo, d’aontaigh siad go raibh féidearthacht ann tuilleadh idirbheart a ainmniú ina euro, go háirithe sna margaí tráchtearraí fuinnimh agus gáis nádúrtha, agus d’aontaigh an Coimisiún obair i gcoinne aon chonstaicí a d’aithneofaí.

Feictear sa léaráid seo úsáid an euro ar fud an domhain

Is iomaí buntáiste atá in úsáid an euro don gheilleagar,an chobhsaíocht praghsanna atá luaite leis mar shampla, rud a bhfuil a cháil tuillte go maith aige, sin agus an timpeallacht ghnó atá ag dul leis, ós timpeallacht é is furasta a thuar. Freisin, tá an euro ar an dara hairgeadra is mó úsáid ar domhan. Tá 60 tír agus críoch ann lasmuigh den Aontas (175 milliún duine san iomlán) a bhfuil a n-airgeadra pionnáilte go díreach nó go hindíreach leis an euro. Foinse: an Coimisiún Eorpach

Rinne an tAontas Eorpach dul chun cinn freisin ar bhearta chun tacú le húsáid an euro, lena n-áirítear leasuithe rialála chun teacht aniar agus leachtacht bhonneagair na margaí airgeadais a mhéadú, iontaofacht tagmharcanna rátaí úis a fheabhsú agus úsáid íocaíochtaí láithreacha a chur chun cinn.

Comhdheiseanna agus iomaíocht chóir

Le go mbeadh AEA domhain agus cóir ann ní mór comhdheiseanna agus iomaíocht chóir a bheith ann. D’fhonn an chéad cheann a fheabhsú, ghlac an tAontas Eorpach an treoir maidir le hathstruchtúrú agus an dara deis i mí an Mheithimh le gur féidir gnólachtaí inmharthana atá in anacair a tharrtháil agus an dara deis a thabhairt do dhaoine atá ionraic agus féimheach.

Cuideoidh an treoir nua le cuideachtaí inmharthana a bhfuil deacrachtaí airgeadais acu teacht ar chreataí um athstruchtúrú coisctheach ag céim luath ionas gur féidir leo dócmhainneacht a sheachaint, leanúint dá ngníomhaíocht agus poist a chaomhnú.

De réir na rialacha nua, tabharfaidh an tAontas Eorpach an dara deis d’fhiontraithe creidiúnacha féimheacha, ag ligean dóibh a bheith urscaoilte go hiomlán i dtaobh a gcuid fiachais tar éis uastréimhse 3 bliana, ach amháin i gcás eisceachtaí a mbeidh bonn cirt leo chun mí-úsáid a chosc.

Cuirfidh na rialacha le héifeachtúlacht na nósanna imeachta dócmhainneachta, athstruchtúraithe agus urscaoilte, agus laghdóidh siad an fad iomarcach agus na costais iomarcacha a bhíonn i gceist leis an nós imeachta i roinnt Ballstát.

Rannchuideoidh na rialacha sin le deireadh a chur le bacainní tábhachtacha ar fhorbairt na margaí caipitil trí dheimhneacht dhlíthiúil níos fearr a chur ar fáil d’infheisteoirí trasteorann agus do chuideachtaí trasteorann atá ag feidhmiú ar fud an Aontais.

Bíonn an tAontas Eorpach ar an airdeall i gcónaí chun iomaíocht chóir san earnáil bhaincéireachta a áirithiú agus ní aon eisceacht a bhí in 2019. Cé gur tháinig téarnamh nach beag ar an earnáil tar éis na géarchéime, tá pócaí leochaileachta fós ann, agus bainc i roinnt Ballstát fós faoi ualach ardchomhréir iasachtaí neamhthuillmheacha. Lean an Coimisiún dá ról chun cabhrú leo athstruchtúrú agus déileáil le srianta sealadacha leachtachta nó le fadhbanna struchtúracha gan an iomaíocht a shaobhadh. Mar shampla, thug bainc na Slóivéine an próiseas athstruchtúraithe a thosaigh siad in 2012/2013 chun críche. Rinne an tSlóivéin 75 % de NLB agus 100 % de Abanka a phríobháidiú — dhá iar-iasachtóir a bhí i gcruachás. Ghlac bainc na hIodáile bearta breise chun líon na n-iasachtaí neamhthuillmheacha a laghdú. Bhí sé ríthábhachtach sásra ráthaíochta a chur chun feidhme ina thaobh sin chun na bainc a chumasú chun iasachtaí neamhthuillmheacha a dhíluchtú ar théarmaí margaidh. San Iodáil freisin, d’fhaomhaigh an Coimisiún tacaíocht chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais leachtachta shealadacha suas le €3 bhilliún le haghaidh Carige, banc réigiúnach meánmhéide in iarthuaisceart na tíre.

Míniú ar iasachtaí neamhthuillmheacha agus an tionchar diúltach a leanann iad

Céard iad féin? Deirtear faoi iasacht gur rud neamhthuillmheach é nuair nach ndearna an t-iasachtaí aisíocaíochtaí caipitil nó úis a íoc le 90 lá nó le tréimhse is faide ná sin tar éis an dáta a raibh siad dlite, nó nuair atá an t-iasacht á aisíoc aige ach gan ann ach dóchúlacht íseal go n-éireoidh leis é a ghlanadh. Cén fáth a gcaithfear dul i ngleic leo? Ar na fáthanna seo a leanas: chun laghdú a chur ar na rioscaí atá ann do chobhsaíocht na mbanc agus don chóras airgeadais ina iomláine; chun é a chur ar a gcumas do na bainc tuilleadh airgid a thabhairt ar iasacht do theaghlaigh agus do ghnólachtaí, agus chun maoiniú a chur ar fáil do chuideachtaí inmharthana ar mhaithe le borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch.

Tuilleadh cothroime shóisialta san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta

Tá Colún Eorpach na gCeart Sóisialta ina chuid dhílis den Seimeastar Eorpach, is é sin timthriall bliantúil an Aontais maidir leis an mbeartas eacnamaíoch agus sóisialta a chomhordú. Le cuidiú ón gcolún, cuireadh roinnt beart chun cinn, bearta ó bheartais shóisialta maidir le cothromaíocht idir saol na hoibre agus saol an bhaile, dálaí oibre trédhearcacha intuartha mar shampla, sin agus soghluaisteacht chothrom trasteorann. Cumhdaítear ann sraith de 20 prionsabal maidir le beartas sóisialta atá dírithe ar an todhchaí atá comhaontaithe ag na Ballstáit.

Tús nua chun tacú le cothromaíocht oibre le haghaidh tuismitheoirí agus cúramóirí

Glacadh an treoir maidir le cothromaíocht idir saol na hoibre agus saol an bhaile i mí an Mheithimh agus spreagann sé comhroinnt níos cothroime ar na bhfreagrachtaí cúraim idir na fir agus na mná. Leagann sé síos íoscheanglais do na Ballstáit agus tugann sé an ceart do gach tuismitheoir 4 mhí ar a laghad de shaoire do thuismitheoirí a ghlacadh, saoire nach féidir 2 mhí di a aistriú ó thuismitheoir amháin go tuismitheoir eile, saoire ba cheart a chúiteamh ar leibhéal leordhóthanach atá leagtha síos ag na Ballstáit. Rud eile a thugtar isteach faoin treoir an ceart chun saoire atharthachta 10 lá ar a laghad tar éis breith linbh, saoire a dhéanfar a chúiteamh ar an leibhéal céanna le pá breoiteachta ar a laghad. Faoin reachtaíocht nua, tugtar de cheart do chúramóirí 5 lá a ghlacadh in aghaidh na bliana chun cúram a thabhairt do dhaoine muinteartha leo. Ina theannta sin, tá sé de cheart ag tuismitheoirí a bhíonn ag obair, daoine a bhfuil leanaí acu suas le 8 mbliana d’aois, socruithe solúbtha oibre a iarraidh (uaireanta oibre laghdaithe, uaireanta oibre solúbtha agus solúbthacht ag an láthair oibre). Is é is aidhm do na rialacha nua sin rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair a mhéadú agus an comhionannas idir na fir agus na mná a fheabhsú.

Achoimre ar athruithe dearfacha ar chothromaíocht do thuismitheoirí agus cúramóirí idir saol na hoibre ‒agus saol an bhaile

An treoir nua maidir le cothromaíocht idir saol na hoibre agus saol an bhaile, tabharfaidh sé 10 lá saoire atharthachta ar a laghad do gach athar atá ag obair, san am a bhíonn breith an linbh ann, agus 4 mhí saoire tuismitheora ar a laghad do gach tuismitheoir, agus dhá mhí díobh sin ina saoire nach féidir a aistriú ó thuismitheoir go chéile. Beidh níos mó solúbthachta freisin ag tuismitheoirí lena saoire tuismitheora. Ar deireadh, tá an ceart ag gach oibrí 5 lá saoire cúramóra a fháil sa bhliain. Foinse: an Coimisiún Eorpach

Cearta nua le haghaidh tuilleadh oibrithe

Glacadh an treoir maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha i mí an Mheithimh freisin. Is é is aidhm di leathnú agus nuachóiriú a dhéanamh ar na hoibleagáidí atá ann cheana eolas faoina ndálaí oibre a chur in iúl do gach oibrí, lena n-áirítear daoine ag a mbíonn cineálacha neamhchaighdeánacha fostaíochta. Tugann an treoir roinnt ceart íosta nua isteach, mar shampla teorainn ar fhad na dtréimhsí promhaidh i dtús poist. Beidh go dtí lár 2022 ag na Ballstáit na rialacha nua a thrasuí ina gcuid reachtaíochta náisiúnta féin.

Teacht níos fusa ar chosaint shóisialta le haghaidh gach oibrí

Tá gealltanas tugtha ag na Ballstáit go mbeidh teacht ar chosaint shóisialta ag gach duine atá ag obair gan beann ar an stádas fostaíochta atá acu. Ghlac an Chomhairle moladh i mí na Samhna chun cuidiú leo na bearnaí a líonadh, bearnaí a imríonn tionchar ar oibrithe neamhthipiciúla agus ar oibrithe a bhíonn féinfhostaithe agus chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a eascraíonn as saol oibre digitithe mearluais.

Feictear sa léaráid seo feabhas rochtana ar chosaint shóisialta do na hoibrithe ar fad agus do dhaoine atá féinfhostaithe

Tá athrú ar shaol na hoibre. Is oibrithe neamhchaighdeánacha iad (ní ar chonradh lánaimseartha ná ar chonradh gan foirceann atá siad), sin nó is oibrithe féinfhostaithe iad 40 faoin gcéad de chách atá fostaithe. An gnáthoibrí san Eoraip, is duine é a mbeidh 10 bpost éagsúla aige le linn a shaoil oibre agus tá fás ag teacht ar chineálacha nua oibre. Caithfear na córais slándála sóisialta a chur in oiriúint dó sin; Is minic gan a ndóthain freastail iontu ar dhaoine féinfhostaithe ná ar oibrithe neamhchaighdeánacha, rud a fhágann gann ar chosaint iad. Cuir i gcás, níl sé de cheart ag na hoibrithe ar fad ranníocaíocht a dhéanamh ná a bheith rannpháirteach sna scéimeanna cosanta sóisialta. Seo a leanas cuid de na bacainní ar shochair: níl aon rochtain ar scéimeanna pinsin ag cuid de na hoibrithe neamhchaighdeánacha in 13 Bhallstát, níl aon chlúdach árachais ann i gcás tionóisc a tharlaíonn ar láthair na hoibre in 10 mBallstát, agus íostréimhse oibre i gcomhair daoine féinfhostaithe i 9 mBallstát. Tá treoirlínte nua ón Aontas Eorpach ann atá ag féachaint le feabhas a chur ar an scéal trí shíneadh a chur le clúdach sochar dífhostaíochta, sochar breoiteachta agus cúraim sláinte, sochar máithreachais agus atharthachta, sochar easláine, sochar na seanaoise, agus sochar i gcás tionóiscí a tharlaíonn ar láthair na hoibre nó i gcás na ngalar a bhaineann leis an obair do chách atá fostaithe agus féinfhostaithe. Leis na treoirlínte sin, bainfear bacainní rochtana anuas trí chuidiú le caomhnú, le carnadh, agus/nó le haistriú na dteidlíochta, leordhóthain tacaíochta a chur ar fáil ar leibhéal ard go leor agus faisnéis thrédhearcach a roinnt maidir le teidlíochtaí agus oibleagáidí aonair. Tá bearta á nglacadh ag roinnt Ballstát cheana le síneadh a chur le clúdach. Sa tSlóivéin, tá gach cineál oibre faoi choimirce na gcóras slándála sóisialta feasta, agus sa Danmhairg tá oibrithe neamhchaighdeánacha agus daoine féinfhostaithe á gcomhtháthú sa scéim ghinearálta um árachas dífhostaíochta.

An bhliain i bpictiúir

Jacinda Ardern agus Jean-Claude Juncker ina seasamh os comhair póidiam le linn preasagallaimh

Bhuail Jacinda Ardern, Príomh-Aire na Nua-Shéalainne, le Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, an Bhruiséil, an Bheilg, 25 Eanáir 2019.

Greta Thunberg agus í ar cheann paráide le bratach a bhfuil ‘school strike for the climate’ á chrochadh aici

Greta Thunberg ag glacadh páirt i stailc scoile ar mhaithe leis an aeráid, an Bhruiséil, an Bheilg, 21 Feabhra 2019.

Jean-Claude Juncker, Xi Jinping, Emmanuel Macron agus Angela Merkel

Bhuail Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Xi Jinping, Uachtarán na Síne, Emmanuel Macron, Uachtarán na Fraince, agus Angela Merkel, Seansailéir na Gearmáine, le chéile le linn cruinniú maidir le rialachas domhanda i bPáras na Fraince, 26 Márta 2019.

Paul Kagame agus Jean-Claude agus tóirsí lasta ina lámha acu os comhair dealbh chomórtha

Bhuail Paul Kagame, Uachtarán Ruanda, le Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, chun comóradh a dhéanamh ar chinedhíothú Ruanda, Kigali, Ruanda, 8 Aibreán 2019.

Póstaer le portráidí de dhaoine atá sa tsraith físeán

Póstaer ag cur chun cinn na sraithe físeán ‘Lá i saol duine’ ina mínítear an tslí a bhfeabhsaíonn an tAontas saol daoine óga, mar chuid den fheachtas #EUandMe.

Seanphóstaer ag cur chun cinn thoghcháin Eorpacha 1984

Póstaeir stairiúla á gcrochadh i gceanncheathrú an Choimisiúin Eorpaigh, Foirgneamh an Berlaymont le linn Lá Doirse Oscailte, an Bhruiséil, an Bheilg, 4 Bealtaine 2019.

Saineolaithe an Aontais Eorpaigh agus saineolaithe dóiteáin áitiúla agus iad ag déanamh measúnú ar an damáiste a rinne tine foraoise

Saineolaithe dóiteáin ó Fhoireann Cosanta Sibhialta AE ag cur comhairle ar fhórsaí dóiteáin áitiúla i nGuatamala tráth a d’iarr an tír sin cúnamh trí bhíthin Shásra an Aontais um Chosaint Shibhialta tar éis séasúr fada dóiteán foraoise a bheith ann, Petén, Guatamala, 24 Bealtaine 2019.

Comaitéir agus é ag siúl thar chúr-bhloclitreacha a litríonn ‘vote’ agus bratach an Aontais Eorpach ar cheann acu

Suiteán ealaíne i stáisiún traenach na Bruiséile-Lucsamburg ag cur chun cinn fheachtas an Aontais “An uair seo beidh mé ag vótáil” chun rannpháirtíocht sna toghcháin Eorpacha a spreagadh, an Bhruiséil, an Bheilg, 24 Bealtaine 2019.

Dhá bhrat an Aontais Eorpaigh agus iad crochta ar leathchrann

Bratacha AE á gcrochadh ar leathchrann ag ceanncheathrú an Choimisiúin Eorpaigh, Foirgneamh an Berlaymont tar éis bhás an iarUachtaráin de chuid na Fraince, Jacques Chirac, an Bhruiséil, an Bheilg, 30 Meán Fómhair 2019.

Filippo Grandi agus é ag labhairt ón bpóidiam

Filippo Grandi, Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe le haghaidh Dídeanaithe, ag labhairt ag an gComhdháil Dlúthpháirtíochta Idirnáisiúnta maidir le Géarchéim Dídeanaithe agus Imirceach Veiniséala, an Bhruiséil, an Bheilg, 29 Deireadh Fómhair 2019.

Píosa de Bhalla Bheirlín agus cás gloine timpeall air

Lasmuigh de cheannáras an Choimisiúin Eorpaigh, Foirgneamh an Berlaymont, glacadh grianghraf de phíosa de Bhalla Bheirlín a bhfuil Uachtarán SAM Kennedy le feiceáil air roimh chomóradh 30 bliain leagan an bhalla, an Bhruiséil, an Bheilg, 29 Deireadh Fómhair 2019.

Coláiste nua na gCoimisinéirí agus iad bailithe le chéile ar staighre

An chéad ‘ghrianghraf teaghlaigh’ den Choimisiún Eorpach nua tar éis a bhfaofa ag Parlaimint na hEorpa, an Bhruiséil, an Bheilg, 27 Samhain 2019.

Jean-Claude Juncker agus é ag fágáil slán ón bpóidiam

Jean-Claude Junker ag a phreasagallamh meán lae deiridh agus é ina Uachtarán ar an gCoimisiún Eorpach, an Bhruiséil, an Bheilg, 29 Samhain 2019.

Ursula von der Leyen agus í ag glacadh le lóchrann a bhfuil coinneal ann ó pháiste

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag glacadh le ‘solas síochána’ na Nollag, an Bhruiséil, an Bheilg, 11 Nollaig 2019.

Christine Lagarde, Ursula von der Leyen, Charles Michel agus David Sassoli agus doiciméad oifigiúil ina lámha acu

Ceathrar ceannairí na n-institiúidí. Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh, Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, agus David Sassoli, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, agus iad ag breith ar chóip de Chonradh Liospóin ar chomóradh 10 mbliana theacht i bhfeidhm an chonartha sin, Strasbourg, an Fhrainc, 17 Nollaig 2019.

Jewher Ilham agus pictiúr dá hathair ina láimh aici nuair a bhron David Sassoli an Duais Sakharov air

Jewher Ilham ag glacadh Dhuais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta 2019 thar ceann a hathar, Ilham Tohti, atá sa phríosún, scoláire Uigiúrach a bhíonn ag troid ar son chearta na nUigiúrach, mionlach eitneach de chuid na Síne, Strasbourg, an Fhrainc, 18 Nollaig 2019.

Caibidil 6

Beartas trádála forásach cothrom chun leas a bhaint as an domhandú

© Fotolia

In 2019, rinne an tAontas Eorpach athdhearbhú ar a ionad mar mhórchumhacht trádála, agus é fós ar cheann de na geilleagair is oscailte ar domhan, agus lean sé de bheith ag brú chun cinn le clár uaillmhianach caibidlíochta trádála, clár a bhfuil sé d’aidhm leis margaí a oscailt agus dálaí cothroma iomaíochta a chruthú ar fud an domhain, le haghaidh cuideachtaí Eorpacha. Tá geilleagar na hEorpa ag brath ar an trádáil: le gach €1 bhilliún d’easpórtálacha, tacaítear le 14 000 post san Aontas. A bheith oscailte don domhan agus ardchaighdeáin a bheith againn, is é sin, fós, an bealach is fearr chun leas a bhaint as an domhandú do mhuintir uile na hEorpa.

Mar dhóigh chun bonn a chur faoin rathúnas, tá an tAontas tiomanta do chóras trádála iltaobhach atá bunaithe ar rialacha. Tá príomhról aige i gcónaí san Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) — agus príomhról aige á cosaint — agus tá smaointe curtha i láthair aige chun an eagraíocht sin a athchóiriú. Nuair a sháraíonn stáit eile na rialacha trádála idirnáisiúnta nó nuair a théann siad i mbun cleachtais éagóracha trádála, cosnaíonn an tAontas a ghnólachtaí, oibrithe agus shaoránaigh.

Chosain an tAontas a leasanna in aghaidh claontaí cosantachais agus in aghaidh na mbacainní trádála atá ag teacht chun cinn. Tháinig rialacha níos láidre agus níos éifeachtaí i bhfeidhm i dtaca le cosaint na trádála. Chomh maith leis sin, chuir an tAontas creat nua ar bun lena ndéanfar scagadh ar infheistíochtaí straitéiseacha a thagann ó lasmuigh den Aontas.

Tá comhaontuithe trádála tugtha i gcrích ag an Aontas le 72 thír ar fud an domhain, rud is fiú 40 % d’olltáirge intíre an domhain iomláin. In 2019, tháinig sé ar chomhaontú nua le Mercosur, bloc trádála de chuid Mheiriceá Theas, shínigh sé comhaontú le Vítneam agus tháinig a chomhaontú trádála leis an tSeapáin i bhfeidhm. Tugadh i gcrích comhaontú leis an tSín maidir le cosaint na dtásc geografach. Rinne an tAontas dul chun cinn maith freisin sa chaibidlíocht trádála a bhí aige le tíortha éagsúla, an Astráil, an tSile agus an Nua-Shéalainn mar shampla.

Rialacha iltaobhacha a chaomhnú

Caithfidh an beartas trádála a bheith éifeachtach, trédhearcach agus ní mór é a bhunú ar luachanna. Leanadh den chur chuige céanna in 2019, is é sin treoir a ghlacadh ó na prionsabail bhunúsacha atá in An Straitéis “Trádáil do Chách”, 2015 (“2015 Trade For All Strategy”): a bheith oscailte don domhan agus ardchaighdeáin a bheith againn, is é sin, fós, an bealach is oiriúnaí chun rath a chur faoin domhandú.

Achoimre ar bheartas trádála an Aontais agus an tionchar atá aige ar phoist agus ar an ngeilleagar

Tá 41 chomhaontú trádála le 72 thír mar chuid de bheartas trádála an Aontais, agus 15 de na tíortha sin, tá comhaontuithe trádála acu leis an Aontas, comhaontuithe a tháinig i bhfeidhm ó 2014 i leith. A bhuí leis na comhaontuithe sin, tháinig méadú de 15 faoin gcéad ar easpórtálacha ón Aontas idir 2014 agus 2018. Tacaíonn trádáil le tíortha nach bhfuil san Aontas le 36 mhilliún post san Aontas, 5 mhilliún níos mó ná mar a bhí in 2014. Chuir an trádáil chéanna deiseanna breise easpórtála ar fáil, deiseanna ar luach 6.1 billiún euro, trí bhacainní trádála a bhaint anuas. Ba é 2018 an chéad bhliain iomlán ar cuireadh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Ceanada i bhfeidhm, agus le linn na bliana sin tháinig méadú de 10 faoin gcéad ar easpórtálacha ón Aontas go Ceanada. Foinse: Eurostat.

Na dúshláin a bhí roimh an gcóras trádála iltaobhach atá bunaithe ar rialacha, córas a bhfuil an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte mar fhoras aige, is i méad a chuaigh na dúshláin sin in 2019. Mar gheall ar theacht chun cinn an náisiúnachais agus na caomhnaitheachta, tháinig méadú ar bhearta aontaobhacha agus bhí bagairt ann go mbeadh an córas trádála domhanda bunaithe ar an neart seachas ar an gcothroime. Agus é ag cur lena thionscnaimh ó 2018, rinne an tAontas moltaí leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála chun feabhas a chur ar an trédhearcacht agus chun réiteach níos éifeachtúla a fháil ar ábhair imní na mBallstát maidir le cleachtais trádála ar leith.

D’oibrigh an tAontas i gcomhar le comhpháirtithe trádála móra chun rialacha maidir le fóirdheontais agus le haistrithe éigeantacha teicneolaíochta a neartú. Chun go gcaomhnófar córas na hEagraíochta Domhanda Trádála i dtaca le díospóidí a réiteach, rinne sé moltaí chun díbhlocáil a dhéanamh ar cheapacháin chuig an mBuanchomhlacht Achomhairc agus atá ar feitheamh. Níl córam ag an gcomhlacht a thuilleadh, toisc gur in éag, i mí na Nollag, a chuaigh téarmaí beirt den triúr comhaltaí a bhí fágtha, rud a d’fhág gan chumhacht é chun achomhairc i ndíospóidí a éisteacht. Is éard a rinne an Coimisiún Eorpach dá réir sin, mhol sé leasú a dhéanamh ar rialachán forfheidhmithe an Aontais ionas go mbeadh an tAontas in ann gníomhú go dúthrachtach chun a leasanna a chosaint dá gcuirfeadh comhpháirtithe trádála bac ar réiteach éifeachtach a fháil ar dhíospóidí. Bunaithe ar rialacha na hEagraíochta Trádála Domhanda, tháinig an tAontas ar chomhréiteach faoi shocrú eadrána achomhairc eatramhach le Ceanada agus leis an Iorua chun caomhnú a dhéanamh ar chóras ceangailteach um réiteach díospóidí agus ar an gceart chun achomhairc i ndíospóidí eatarthu de réir mar a thiocfaidh deireadh le feidhmiú an Bhuanchomhlachta Achomhairc agus nuair a thiocfaidh deireadh lena fheidhmiú.

Eoraip a thugann cosaint

Nuair a theipeann ar na hidirghabhálacha taidhleoireachta, ní leasc leis an Aontas tairbhe a bhaint as sásra réitithe díospóidí na hEagraíochta Domhanda Trádála chun a chearta a fhorfheidhmiú agus chun lántairbhe a bhaint as a bhallraíocht ar mhaithe lena ghnólachtaí, lena oibrithe agus lena fheirmeoirí. In 2019, thionscain an tAontas nósanna imeachta i gcoinne na Tuirce maidir le táirgí cógaisíochta, i gcoinne na hIndia mar gheall ar an gcaoi ar chaith sí le táirgí teicneolaíochta faisnéise agus cumarsáide, i gcoinne na Stát Aontaithe mar gheall ar a mbearta fóirdheontais agus a mbearta in aghaidh na dumpála i dtaca le hológa na Spáinne agus i gcoinne na Colóime mar gheall ar a bearta in aghaidh na dumpála maidir le sceallóga reoite ón mBeilg, ón nGearmáin agus ón Ísiltír.

D’úsáid an tAontas a shocruithe déthaobhacha freisin le haghaidh réitigh díospóidí, agus thionscain sé imeachtaí i gcoinne na Cóiré Theas chun bunchaighdeáin oibre a chosaint, i gcoinne na hÚcráine mar gheall ar thoirmeasc ar easpórtáil adhmaid agus i gcoinne shrianta Aontas Custaim Dheisceart na hAfraice mar gheall ar iompórtálacha éanlaithe clóis.

Agus é ag déanamh de réir rialacha na hEagraíochta Trádála Domhanda agus de réir reachtaíocht an Aontais, chuir an tAontas tús le 15 cinn d’imscrúduithe nua faoi chleachtais éagóracha trádála agus d’fhorchuir sé seacht gcinn de bhearta cosanta nua trádála in aghaidh iompórtálacha dumpáilte nó iompórtálacha ar tugadh fóirdheontais ina leith. Bhí rothair leictreacha ón tSín agus bithdhíosal ón Airgintín agus ón Indinéis san áireamh leis sin. Chomh maith leis sin, chuir an tAontas tús le sé cinn d’imscrúduithe athbhreithnithe nua agus rinne sé athnuachan, go ceann tréimhse 5 bliana eile, ar 16 cinn de bhearta a bhí i bhfeidhm cheana.

In 2019, d’fhorchuir an tAontas bearta coimirce cinntitheacha ar iompórtálacha 26 cinn de chatagóirí táirgí cruaiche chun dul i ngleic leis an athrú treo a d’fhéadfadh a bheith faoi thrádáil na cruach chuig an Aontas ó thíortha eile, rud arb iad taraifí breise ó na Stáit Aontaithe ba chúis leis. Rinne an tAontas athbhreithniú orthu i dtreo dheireadh an tsamhraidh chun iad a chur in oiriúint don staid is déanaí.

Chomh maith leis sin, chosain an tAontas a chuid tionscal nuair a chuir tíortha nach bhfuil san Aontas tús le himscrúduithe cosanta trádála in aghaidh a chuid easpórtálacha. Imscrúduithe ar nós imscrúdú na Tuirce i dtaca le hiompórtáil bonn, imscrúdú na hIndia in aghaidh na dumpála maidir le hiompórtálacha páipéir bhrataithe agus bearta na Colóime i dtaca le hiompórtálacha sceallóg reoite.

I mí an Mhárta, dheimhnigh an Eagraíocht Dhomhanda Trádála go mbronnfaí cearta frithbhearta ar an Aontas in 2020 sa díospóid trádála leis na Stáit Aontaithe i ngeall ar fhóirdheontais ar an monaróir aerárthaí Boeing. Níor chomhlíon na Stáit Aontaithe rialuithe a bhí ann roimhe sin maidir leis na fóirdheontais mhídhleathacha a d’íoc siad leis an gcuideachta, rud a rinne dochar mór dá iomaitheoir Eorpach Airbus. I mí Dheireadh Fómhair, i ndíospóid trádála chomhchosúil, bhronn an Eagraíocht Dhomhanda Trádála cearta frithbhearta ar na Stáit Aontaithe sa chás a bhain le Airbus. Thug na Stáit Aontaithe taraifí breise isteach ar réimse táirgí ó na Ballstáit. Tá an tAontas meáite go fóill ar chaibidliú a dhéanamh leis na Stáit Aontaithe chun teacht ar shocrú cothrom i gcás na ndíospóidí.

Chuir an Coimisiún críoch le bheith ag cur a nósanna imeachta cosanta trádála in oiriúint don reachtaíocht nuachóirithe maidir leis an bhfrithdhumpáil agus leis an bhfrithchúiteamh, reachtaíocht a tháinig i bhfeidhm in 2018 agus 2017. Ar an gcaoi chéanna, réitigh sé lúb ar lár ionas go bhféadfadh sé, ó fhómhar 2019 ar aghaidh, bearta cosanta trádála a chur i bhfeidhm ar earraí (mar shampla, píblínte faoi thoinn) a iompórtáiltear chuig scairbh ilchríochach/limistéar eacnamaíoch eisiach na mBallstát. Tá dlús curtha ag an gCoimisiún sa chomhrac in aghaidh imchéimniú na mbeart cosanta trádála agus sheol sé imscrúduithe gaolmhara maidir le heaspórtálacha Síneacha na cruaiche dosmálta, na sárshulfáití agus na n-earraí boird ceirmeacha, agus d’fhorchuir sé bearta ar na hearraí boird.

I mí Aibreáin, tháinig rialachán nua i bhfeidhm maidir leis an gcéad chreat uile-Aontais le haghaidh scagadh infheistíochtaí díreacha coigríche. Ó mhí Dheireadh Fómhair 2020 ar aghaidh, cuirfidh sé ar chumas na mBallstát agus an Choimisiúin ábhair imní i dtaca leis an tslándáil a aithint agus aghaidh a thabhairt orthu, arb ábhair iad a bhaineann le hinfheistíochtaí ar leith ó lasmuigh den Aontas.

-

Tugann uirlisí cosanta trádála an Aontais cosaint do 360 000 post san Eoraip.

Tá cearta maoine intleachtúla tábhachtach i dtaca leis an bhfás eacnamaíoch agus tá siad ríthábhachtach i dtaca le cumas an Aontais nuálaíocht a spreagadh agus leanúint de bheith iomaíoch ar bhonn domhanda. Chuir an tAontas lena iarrachtaí chun cearta den chineál sin a chosaint agus iad a fhorfheidhmiú ar bhonn idirnáisiúnta, trí chláir chomhair a chur chun feidhme leis an tSín, le hoirdheisceart na hÁise agus le Meiriceá Laidineach, cuir i gcás, agus trí thionscadal comhair nua a sheoladh le haghaidh na hAfraice. Bhí idirphlé aige freisin le tíortha tosaíochta ar nós na Síne, na Téalainne, na Tuirce agus na hÚcráine. Mar chuid dá chuid oibre ar Liosta Faire Góchumtha agus Píoráideachta, neartaigh an Coimisiún a chomhar le hOifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (EUROPOL) agus le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil agus bhí idirphlé rialta aige le gnólachtaí an Aontais.

Mar gheall ar mhéadú a bheith ag teacht ar an gcaomhnaitheacht, bhí ar na gnólachtaí sin aghaidh a thabhairt ar líon níos mó agus níos mó bacainní ar an trádáil idirnáisiúnta. Léirigh an Tuarascáil Bhliantúil ar Bhacainní Trádála agus Infheistíochta gur straitéis éifeachtach a bhí i straitéis an Aontais um rochtain ar an margadh chun dul i ngleic leis na bacainní sin.

Achoimre ar bhacainní infheistíochta agus trádála atá le sárú ag  lucht easpórtála san Aontas

Tá 425 bhac trádála le sárú ag lucht easpórtála san Aontas i 59 dtír, agus ba bhacainní nua 45 acu in 2018. Sa bhliain chéanna, cuireadh deireadh le 35 bhac, agus cuireadh deireadh le 123 bhac san iomlán le linn thréimhse Choimisiún Juncker. A bhuí leis na bacainní a baineadh anuas idir 2014 agus 2017, cuireadh 6 bhilliún euro ina easpórtálacha breise le haghaidh cuideachtaí san Aontas in 2018. Foinse: an Coimisiún Eorpach ‘Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le bacainní ar thrádáil agus ar infheistíocht – 1 Eanáir 2018-31 Nollaig 2018’, Meitheamh 2019.

Le linn na bliana, lean an tAontas le cainteanna tríthaobhacha leis an tSeapáin agus leis na Stáit Aontaithe i dtaca le príomhábhair thrádála dhomhanda, ábhair faoi conas cothrom na hiomaíochta a bheith ann do thrádálaithe trí rialacha iltaobhacha a fhorbairt i dtaca le fóirdheontais thionsclaíocha agus aistriú éigeantach teicneolaíochta.

Mar chomhalta bunaidh den Chomhghuaillíocht ar son Trádáil Gan Chéasadh a bunaíodh in 2017, lean an tAontas den fhód a sheasamh in aghaidh earraí a úsáidtear le haghaidh phionós an bháis nó le haghaidh an chéasta. I dtaca leis an ngealltanas a thug an chomhghuaillíocht in 2018, chun rún ó na Náisiúin Aontaithe a éileamh ar an gceist, rith Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe rún i mí an Mheithimh, rún a raibh sé d’aidhm leis deireadh a chur le trádáil an trealaimh a úsáidtear don chéasadh.

Beartas trádála a thugann súil chun cinn

Is é is aidhm do chomhaontuithe trádála an Aontais ní hamháin margaí nua a oscailt ach a chinntiú go mbeidh an trádáil le leas cách freisin. Leis na comhaontaithe caomhnaítear caighdeáin an Aontais i dtaca leis an gcomhshaol, le sábháilteacht bia, agus le cearta na n-oibrithe agus na dtomhaltóirí agus cuidíonn siad le tíortha comhpháirtíochta a gcuid oibleagáidí idirnáisiúnta a chomhlíonadh. Mar shampla, sheol an tAontas cláir fothaithe acmhainneachta agus for-rochtana dar luach €9 milliún chun cuidiú le tíortha atá i mbéal forbartha dul i ngleic le dúshláin oibre agus chomhshaoil ar fud slabhraí soláthair freagracha san Áis agus i Meiriceá Laidineach araon.

Bhí príomhról ag an Aontas sa phlé a rinneadh ag na Náisiúin Aontaithe faoi leasú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaidh infheisteoirí díospóidí le tíortha a réiteach. I mí Eanáir, cuir sé moladh faoi bhráid Choimisiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí Trádála Idirnáisiúnta, moladh chun cúirt iltaobhach a bhunú le díospóidí den chineál sin a réiteach, rud a bheadh an-nuálach sa rialachas domhanda.

I mí Mheán Fómhair, rinne an Coimisiún Eorpach comhdháil ardleibhéil a óstáil sa Bhruiséil i dtaca le mná a chumhachtú leis an trádáil.

Próiseas caibidlíochta trédhearcach cuimsitheach

Dála mar a bhí riamh, tá an trédhearcacht agus an caidreamh leis an bpobal ina gcuid ríthábhachtach de bheartas trádála an Aontais arae tá siad sin riachtanach chun an próiseas daonlathach, muinín an phobail agus an chuntasacht a chinntiú. Caithfidh an méid sin a bheith ann ag gach tráth, is é sin roimh thús na caibidlíochta, lena linn agus ina diaidh, agus ar ndóigh tráth a chuirtear na comhaontuithe chun feidhme.

Feictear ón léaráid seo feabhas trédhearcachta ar an gcaibidlíocht trádála an Aontais ó bhí 2016 ann

In 2019, tionóladh 24 chruinniú leis an tsochaí shibhialta (eagraíochtaí carthanais, eagraíochtaí saoránach, grúpaí gnó, srl.) agus tionóladh 14 chruinniú oifigiúla le Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta Pharlaimint na hEorpa le haghaidh idirphlé i dtaca leis an trádáil. Tháinig ardú ar an líon moltaí le haghaidh téacsanna caibidlíochta ó 11 mholadh in 2016 go 48 moladh in 2017, suas go dtí buaicphointe na 177 moladh in 2018 agus anuas go 42 mholadh in 2019. Tháinig ardú mín tairiseach ar an líon tuarascálacha ar bhabhtaí caibidlíochta a foilsíodh ó 11 thuarascáil in 2016 go 16 thuarascáil in 2017, go 18 dtuarascáil in 2018 agus 19 dtuarascáil in 2019. Tháinig ardú mór ar an líon bileog eolais a foilsíodh ó 6 bhileog eolais in 2016 go 93 bhileog eolais in 2017, suas go dtí buaicphointe na 103 bhileog eolais in 2018 agus anuas go 17 mbileog eolais in 2019.

Lean an Coimisiún de bheith ag foilsiú na dtuarascálacha ar na babhtaí caibidlíochta, ag foilsiú na bpáipéar seasaimh agus ag foilsiú na moltaí i leith théacsanna na gcomhaontuithe faoi chaibidlíocht. Ina theannta sin, d’fhoilsigh sé an tríú Tuarascáil Bhliantúil chuimsitheach dá chuid, tuarascáil ina ndéantar measúnú ar chur chun feidhme chomhaontuithe trádála an Aontais. Chuir sin ar chumas institiúidí eile de chuid an Aontais, agus ar chumas geallsealbhóirí agus na sochaí sibhialta, mionscrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a raibh comhaontuithe á gcur chun feidhme ag an Aontas agus tá ceachtanna ann a mbainfear tairbhe astu le linn caibidlíochtaí atá ar siúl faoi láthair nó a dhéanfar amach anseo.

Feictear sa léaráid seo méid an idirphlé a rinne an tAontas ar chomhaontuithe trádála leis an tsochaí shibhialta

Pléann an Coimisiún le 529 n-eagraíocht chláraithe de chuid na sochaí sibhialta trí chreat buan ar leith le haghaidh Idirphlé leis an tSochaí Shibhialta. In 2019 ghlac breis agus 1 000 saoránach páirt i 24 Chruinniú Idirphlé leis an tSochaí Shibhialta, agus reáchtáil an Coimisinéir um Thrádáil de chuid an Aontais Eorpaigh, Cecilia Malmström, dhá chruinniú Idirphlé leis an tSochaí Shibhialta sna Ballstáit.

In 2019 tháinig an Sainghrúpa Comhairleach maidir le Comhaontuithe le chéile sé huaire chun saincheisteanna cosúil le ríomhthráchtáil, athchóiriú ar an Eagraíocht Dhomhanda Trádála agus cur chun feidhme comhaontuithe trádála a phlé. Ocht n-eagraíocht is fiche atá sa ghrúpa, agus iad ann thar ceann gnólachtaí, ceardchumann, tomhaltóirí agus comhlachtaí comhshaoil, agus is aidhm don ghrúpa idirphlé a chur ar siúl agus tuairimí a bhailiú ó réimse fairsing geallsealbhóirí.

Comhaontú Trádála idir an tAontas agus Mercosur

I mí an Mheithimh, tháinig an tAontas ar chomhaontú polaitiúil maidir le comhaontú cuimsitheach trádála le Mercosur, cómhargadh a bhfuil ballraíocht ag an Airgintín, an Bhrasaíl, Paragua agus Uragua ann.

Achoimre ar an gComhaontú Trádála idir an tAontas agus Mercosur

Baineann tábhacht nach beag leis an gcomhaontú trádála idir an tAontas agus Mercosur sa mhéid is go dtugann an dá thaobh gealltanas go soiléir gur rud oscailte a bheidh sa trádáil, trádáil a bheidh bunaithe ar rialacha. Cuirfidh an comhaontú deireadh le breis agus 4 bhilliún euro ina dleachtanna custaim ar Mercosur, agus beidh feabhas rochtana ag tíortha Mercosur ar mhargadh an Aontais. Daingneoidh sé leasuithe eacnamaíocha inmheánacha i dtíortha Mercosur agus tacóidh sé leis na leasuithe sin fad a fhéachann sé le hardchaighdeáin a bhaint amach i dtaca le sábháilteacht bia agus le cosaint na dtomhaltóirí. Cuireann sé i bhfáth gur de chearta na dtíortha sin na rialacha comhshaoil a bhunú ar phrionsabal an réamhchúraim,agus tá gealltanais ann maidir le cearta saothair agus cosaint i dtimpeallacht na hoibre, gealltanais atá ceangailteach ó thaobh an dlí de, gealltanais lena n-áirítear cur chun feidhme éifeachtach Chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide. Tabharfaidh an Comhaontú Trádála idir an tAontas agus Mercosur cosaint ar an aithris do líon is mó ná 350 sainbhia traidisiúnta Eorpacha. Cuirfidh sé deireadh freisin le taraifí ar earraí an Aontais Eorpaigh a bhíonn á n-iompórtáil, e.g. carranna (an taraif reatha: 35 faoin gcéad), táirgí íocshláinte (suas le 14 faoin gcéad), éadaí (35 faoin gcéad), bróga leathair (35 faoin gcéad), fíon (27 faoin gcéad) agus seacláidí (20 faoin gcéad). Foinse: an Coimisiún Eorpach

Mar chuid de Chomhaontú Comhlachais níos leithne idir an dá bhloc, déanfar an dlúthchaidreamh polaitiúil agus eacnamaíoch atá eatarthu a dhaingniú leis an gcomhaontú nua agus cruthófar margadh de 780 milliún duine leis. Is é an tAontas an comhpháirtí trádála agus infheistíochta is mó dá bhfuil ag Mercosur agus an chéad chomhphairtí dá chuid le comhaontú cuimsitheach trádála a dhéanamh leis.

A luaithe a bheidh sé i bhfeidhm, úsáidfear an comhaontú chun taraifí a chiorrú, tuilleadh deiseanna gnó a chruthú, rogha an tomhaltóra a leathnú, an rómhaorlathas a leasú, cur le fás agus iomaíochas, luachanna coiteanna ar nós na forbartha inbhuanaithe a chur chun cinn, agus poist a chruthú. Cuirfear ardchaighdeáin chomhshaoil agus oibre chun cinn leis freisin. Chomh maith leis sin, tá gealltanas tugtha ag an Aontas agus ag Mercosur Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide a chur chun feidhme go héifeachtach.

An Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche leis an tSeapáin

An 1 Feabhra 2019, tháinig an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an tSeapáin i bhfeidhm, comhaontú a síneadh i mí Iúil 2018 agus lena cruthaíodh limistéar saorthrádála le haghaidh níos mó ná 570 milliún duine. Leis an gcomhaontú, cuirtear deireadh le hiomlán, beagnach, an luach €1 bhilliún de dhleachtanna iompórtála Seapánacha a bhíonn le híoc gach bliain ag cuideachtaí Eorpacha a bhíonn ag easpórtáil chun na Seapáine, agus cuirtear deireadh, freisin, le roinnt bacainní rialála atá ann le fada.

Shinzō Abe, Príomh-Aire na Seapáine, agus Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag an bhFóram maidir le Nascacht idir an tAontas agus an Áise, an Bhruiséil, an Bheilg, an 27 Meán Fómhair 2019.

Shinzō Abe, Príomh-Aire na Seapáine, agus Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag an bhFóram maidir le Nascacht idir an tAontas agus an Áise, an Bhruiséil, an Bheilg, an 27 Meán Fómhair 2019.

Leis an gcomhaontú, cuirtear le líon na n-onnmhairí ón Aontas, cruthaítear deiseanna nua le haghaidh cuideachtaí Eorpacha, trí rochtain ar mhargaí soláthair phoiblí na Seapáine a éascú mar shampla, tugtar roghanna breise do thomhaltóirí agus cabhraítear lena n-iarrachtaí comhpháirteacha rialacha domhanda trádála a mhúnlú. Is é an chéad chomhaontú trádála de chuid an Aontais é ina dtugtar gealltanas ar leith cloí le Comhaontú Pháras. I rith na bliana, lean an tAontas den chaibidlíocht leis an tSeapáin maidir le caighdeáin chosanta infheistíochta agus réiteach díospóidí.

An Áise agus an Astraláise

An 30 Meitheamh, shínigh an tAontas agus Vítneam comhaontuithe maidir le saorthrádáil agus cosaint infheistíochta, comhaontuithe a bhí ina gcéim shuntasach sa chomhchaidreamh eatarthu. Is iad na comhaontuithe is uaillmhianaí ar caibidlíodh riamh iad idir an tAontas agus geilleagar éiritheach. Má dhéantar é a dhaingniú, d’fhéadfadh an comhaontú saorthrádála teacht i bhfeidhm i lár 2020, fad a tháinig an Comhaontú Saorthrádála idir an tAontas agus Singeapór i bhfeidhm an 21 Samhain.

Leis na comhaontuithe leis an dá thír sin déantar rannpháirtíocht an Aontais sa réigiún a neartú a thuilleadh. Chomh maith leis sin, bhí trí cinn de bhabhtaí caibidlíochta aige a bhí dírithe ar chomhaontú trádála a dhéanamh leis an Indinéis. Tionóladh trí cinn de bhabhtaí caibidlíochta leis an Astráil agus ceithre cinn leis an Nua-Shéalainn, caibidlíocht a bhí dírithe ar chomhaontuithe trádála a dhéanamh leo.

Achoimre ar an gcomhaontú trádála idir an tAontas agus Vítneam

Shínigh an tAontas comhaontú saorthrádála agus comhaontú cosanta infheistíochta le Vítneam an 30 Meitheamh 2019. Seo é an comhaontú saorthrádála is uaillmhianaí riamh le tír atá i mbéal forbartha. Cuirfidh sé deireadh le 99 faoin gcéad de na dleachtanna custaim idir an tAontas agus Vítneam. In 2018, ba é 49 billiún euro luach iomlán na n-earraí a trádáladh idir an tAontas agus Vítneam. Easpórtálfaidh an tAontas earraí ardteicneolaíochta agus leictreonacha, innealra agus aerárthaí, agus iompórtálfaidh sé teileafóin, coisbheart, rís agus teicstílí. Uirlis forbartha inbhuanaithe atá sa mhargadh sa mhéid is go bhfuil gealltanais tugtha ag Vítneam bunchaighdeáin oibre idirnáisiúnta a chur chun feidhme, an t-athrú aeráide a chomhrac agus an bhithéagsúlacht a chosaint. Foinse: Comhairle an Aontais Eorpaigh.

Achoimre ar an gcomhaontú saorthrádála idir an tAontas agus Singeapór

Is é Singeapór an chéad chomhpháirtí tráchtála atá ag an Aontas in oirdheisceart na hÁise. Na comhaontuithe trádála agus infheistíochta a cuireadh i gcrích, leagfaidh siad síos tagarmharc i dtaobh le comhoibriú an Aontais le tíortha eile sa réigiún. Is iad seo a leanas na príomhréimsí atá faoi scáth na margaí seo: lipéadú agus tástáil sábháilteachta, an mhaoin intleachtúil, fuinneamh in-athnuaite, cuideachtaí beaga, soláthar poiblí agus comhshaol agus saothar. 58.1 billiún euro luach iomlán na trádála déthaobhaí a ghinfear, agus 21.1 billiún euro d'easpórtálacha san Aontas. Easpórtálfaidh an tAontas carranna agus innealra agus iompórtálfaidh sé ceimiceáin agus táirgí íocshláinte. Maidir le trádáil i seirbhísí, 44.4 billiún euro an luach a bheidh ar an trádáil dhéthaobhach. Tá timpeall 10 000 cuideachta ann san Aontas a bhaineann leas as Singeapór mar mhol réigiúnach cheana. 255.5 billiún euro an luach a bhí ar infheistíochtaí déthaobhacha an Aontais in 2016, le méadú 25 faoin gcéad san infheistíocht iomlán dhéthaobhach idir 2014 agus 2015. Seo a leanas buntáistí eile an chomhaontaithe nua idir an tAontas agus Singeapór: taraifí uile Shingeapóir ar easpórtálacha an Aontais a chur ar ceal, sin agus ar fhormhór tharaifí an Aontais ar tháirgí as Singeapór, chomh maith le deireadh a chur le bacainní neamhtharaifí i réimse na leictreonaice, agus i réimsí ina dtabharfaidh Singeapóir aitheantas do chaighdeáin an Aontais. Cuideoidh an margadh nua freisin cearta an duine ar láthair na hoibre a chosaint agus tabharfaidh sé isteach comhaontú cosanta infheistíochta uile-Aontais. Foinse: Comhairle an Aontais Eorpaigh.

Stáit Aontaithe Mheiriceá

I dtaca le Stáit Aontaithe Mheiriceá, leanadh de bhéim a leagan ar chlár oibre dearfach le haghaidh trádála a fhorbairt, aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann leis an leas coiteann, agus díospóidí trádála a sheachaint. Bhí an méid sin bunaithe ar an gcomhráiteas a d’eisigh Uachtarán an Choimisiúin, Jean-Claude Juncker, agus Uachtarán na Stát Aontaithe, Donald Trump, in 2018, comhráiteas lenar bunaíodh Grúpa Oibre Feidhmiúcháin chun an trádáil a éascú agus chun clár dearfach trasatlantach a fhorbairt le haghaidh trádála.

Achoimre ghearr ar an trádáil idir an tAontas agus Stáit Aontaithe Mheiriceá

Is iad na Stáit Aontaithe an margadh easpórtála is mó atá ag an Aontas le haghaidh a chuid earraí. In 2018 b'ionann luach dó sin agus 407 billiún euro nó 21 faoin gcéad d'earraí uile easpórtála an Aontais. Foinse: Eurostat.

In 2019, leag an grúpa béim ar shaincheisteanna rialála. I mí Aibreáin, shainordaigh an Chomhairle don Choimisiún caibidlíocht a dhéanamh leis na Stáit Aontaithe faoi tharaifí tionsclaíochta agus measúnú comhréireachta.

I mí Iúil, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil ar an dul chun cinn a rinneadh maidir leis an gcomhráiteas a chur chun feidhme, tuarascáil a bhfuil dea-thoradh le feiceáil air, go háirithe in earnálacha cosúil le fuinneamh, pónairí soighe, táirgí íocshláinte, cibearshlándáil agus feistí leighis. In 2019, bhí níos mó allmhairí ná riamh de ghás nádúrtha leachtaithe ag an Aontas ó na Stáit Aontaithe, rud a chiallaigh go raibh soláthar fuinnimh níos éagsúla agus níos buaine aige. Rinneadh tuilleadh oibre lenar leagadh béim ar mheasúnú comhréireachta, ar theicneolaíochtaí nua agus teicneolaíochtaí sa todhchaí, agus ar dhul chun cinn leantach in earnálacha sonracha. Thoiligh an dá thaobh gan taraifí nua a thabhairt i bhfeidhm ina gcuid trádála fad a bheidh an obair sin ag dul ar aghaidh.

I mí Iúil, thoiligh an tAontas sciar na Stát Aontaithe dá chuóta allmhairiúcháin de mhairteoil atá saor ó hormóin a mhéadú. Mar mhalairt air sin, d’aontaigh na Stáit Aontaithe gan gníomh a dhéanamh in aghaidh an Aontais in athuair in imscrúdú Roinn 301 ar bhearta an Aontais lena mbaineann feoil agus táirgí feola. Tháinig an comhaontú um aitheantas frithpháirteach maidir le scrúduithe ar láithreáin mhonaraíochta le haghaidh cógas don duine i bhfeidhm freisin.

An tSín

Bhí roinnt tiomantas comhpháirteach mar thoradh ar an gcruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tSín. Thoiligh an tSín bacainní áirithe trádála a dhíchur agus comhaontú a thabhairt i gcrích chun sonraí geografacha (ainmneacha tháirgí traidisiúnta bia agus dí de chuid na hEorpa) a chosaint agus chun caibidlíocht chuimsitheach faoi infheistiú a thabhairt i gcrích faoi 2020.

Achoimre ar an gcomhaontú um thásca geografacha idir an tAontas agus an tSín

Conradh ceannródaíoch is ea an Comhaontú um Thásca Geografacha idir an tAontas agus an tSín. Is sampla nithiúil é den chomhoibriú idir an dá chomhpháirtí. Léiríonn sé go bhfuil oscailteacht ann, agus léiríonn sé go bhfuiltear ag cloí le rialacha idirnáisiúnta mar bhonn le caidreamh trádála. Tugtar cosaint do 100 tásc de chuid an Aontais sa tSín agus do 100 tásc den tSín san Aontas. Ar liosta na dtásc geografach de chuid an Aontais a dtugtar cosaint dóibh sa tSín, tá earraí cosúil le Mozzarella di Bufala Campana, Languedoc, Elia Kalamatas agus Münchener Bier. I measc na dtáirgí Síneacha atá ar an liosta tá Wuyuan Lü Cha (tae glas Wuyuan), Chaidamu Gou Qi (caor Chaidamu goji), Panjin Da Mi (rís Panjin) agus Wuchuan Yue Bing (cáca gealaí Wuchuan). Margadh ina bhfuil 1.4 billiún tomhaltóirí is ea margadh na Síne, agus is í an tSín an dara ceann scríbe is mó le haghaidh easpórtálacha na dtáirgí agraibhia ón Aontas Eorpach, rud dar luach 13.5 billiún euro ó mhí na Samhna 2018 go mí Dheireadh Fómhair 2019. Is ionann sin agus méadú 27.2 faoin gcéad in aon bhliain amháin. Tá ábhar foráis i margadh na Síne le haghaidh bia agus deochanna Eorpacha, agus borradh ag teacht faoin meánaicme ann a bhfuil dúil acu sna táirgí aitheanta Eorpacha. Tá córas tásc geografach seanbhunaithe dá chuid féin aige, córas ar féidir le tomhaltóirí an Aontais tuilleadh eolais a chur air a bhuí leis an gcomhaontú seo. Nuair a thiocfaidh deireadh leis an gcaibidlíocht, déanfar grinnscrúdú dlíthiúil ar an gcomhaontú. Ar thaobh an Aontais de, iarrfar faomhadh ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle. Meastar go dtiocfaidh an comhaontú i bhfeidhm roimh dheireadh 2020. Ceithre bliana tar éis do raon an chomhaontaithe teacht i bhfeidhm, tiocfaidh leathnú air, rud a fhágfaidh go mbeidh 175 ainm breise faoina scáth, ainmneacha a bhaineann le tásca geografacha ón dá thaobh. Beidh ar na hainmneacha seo cloí leis an nós imeachta cláraithe céanna a bhí ann i dtaca leis an 100 ainm atá faoi scáth an chomhaontaithe cheana. Foinse: Eurostat.

I mí na Samhna, tugadh caibidlíocht faoi na tásca sin a chosaint i gcrích tar éis 9 mbliana. Leis an gcomhaontú sin ba cheart go soláthrófaí leibhéal ard cosanta le haghaidh 200 ainm nuair a thagann sé i bhfeidhm, agus le haghaidh 175 ainm eile laistigh de 4 bliana ón uair sin. Is í an tSín an dara margadh is mó de chuid an Aontais le haghaidh táirgí agraibhia agus is margadh méadaitheach é le haghaidh táirgí le tásc geografach sonrach.

Bhí sé cinn de bhabhtaí caibidlíochta ag an Aontas agus an tSín a bhí dírithe ar chomhaontú infheistíochta agus lean siad de bheith ag obair ar athchóiriú na hEagraíochta Domhanda Trádála.

Achoimre ar an trádáil idir an tAontas agus an tSín

Is é an tAontas an comhpháirtí trádála is mó atá ag an tSín, agus is í an tSín an dara comhpháirtí trádála is mó atá ag an Aontas. In 2018 1.7 billiún Euro in aghaidh an lae luach an trádála earraí idir an tAontas agus an tSín. In 2018 211 billiún Euro luach na n-earraí a easpórtáladh ón Aontas go dtí an tSín agus 395 billiún Euro luach na n-earraí a iompórtáladh isteach san Aontas ón tSín. 51 billiún Euro luach na seirbhísí a d'easpórtáil an tAontas go dtí an tSín, agus 30 billiún Euro luach na seirbhísí a d'easpórtáil an tSín chun an Aontais. Faoi láthair tá comhaontú cuimsitheach maidir le hinfheistíocht á phlé ag an Aontas leis an tSín. Is é an toradh is dóichí ar an gcomhaontú sin go gcruthóidh sé cothrom na hiomaíochta do lucht gnó chomh maith le deiseanna nua margaidh don dá thaobh. Ba cheart freisin go spreagfaidh an comhaontú an tSín chun leasuithe eacnamaíocha a thabhairt chun cinn agus ról níos cinniúnaí a thabhairt don mhargadh. Réiteoidh seo an bealach i gcomhair breis uaillmhéine i réimse na trádála ach a mbeidh na coinníollacha cearta ann. Foinse: Eurostat.

An chomharsanacht theas agus thoir

Rinneadh an Comhaontú Comhlachais idir an tAontas agus Maracó a leasú chun muintir an tSahára Thiar a chur san áireamh, leasú lenar réitíodh an bealach le tús a chur in athuair le caibidlíocht faoin gcomhaontú trádála idir an tAontas agus Maracó a dhéanamh níos doimhne. I mí na Bealtaine, cuireadh an chaibidlíocht faoi Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála leis an Túinéis ar fionraí de dheasca staid pholaitiúil na tíre.

Bhí plé déthaobhach faoin trádáil agus faoin infheistiú ag an Aontas le tíortha Chomhairle Chomhair Stáit Arabacha na Murascaille. Is go luath in 2019 a tháinig feabhsuithe ar scéim na Rialacha Tionscnaimh chun tacú le dídeanaithe ón tSiria a fhostú i bhfeidhm, feabhsuithe ar caibidlíodh leis an Iordáin iad.

Maidir leis an Limistéir Dhomhain Chuimsitheach Saorthrádála leis an tSeoirsia, an Mholdóiv agus an Úcráin, bhí béim an Aontais ar an gcur chun feidhme. Tháinig sé ar chomhaontú leis an Úcráin freisin chun teorainn a chur lena chuid onnmhairí éanlaith chlóis chuig an Aontas. An 6 Iúil, chuir an tAontas inisealacha le Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair Feabhsaithe leis an gCirgeastáin, lena n-áirítear caibidlí trádála tábhachtacha.

Meiriceá Laidineach

In 2019, leanadh de bheith ag obair le Meicsiceo chun an Comhaontú Ginearálta Nuachóirithe a thabhairt i gcrích agus é a shíniú. Bhí trí cinn de bhabhtaí caibidlíochta ag an Aontas agus an tSile a bhí dírithe ar a gcomhaontú trádála ó 2002 a nuashonrú. Tá sé mar aidhm teacht ar chomhaontú uaillmhianach cothrom forchéimnitheach lena ndéanfar an trádáil agus an infheistíocht a léirscaoileadh tuilleadh, luachanna an Aontais a chur chun cinn, agus aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna cosúil leis an trádáil agus inscne. Leis na forálacha lena aghaidh sin, neartófar an chomhthuiscint ar na limistéir agus ar na deiseanna a dtugann mná aghaidh orthu sa trádáil idirnáisiúnta agus roinnfear dea-chleachtais a bhfuil sé mar aidhm acu rannpháirtíocht na mban a éascú.

Seilf in ollmhargadh agus buidéil fíona air

Fíon as an bhFrainc ar díol in ollmhargadh ina ndíoltar táirgí Eorpacha i gCathair Mheicsiceo. Liobrálóidh an Comhaontú Domhanda idir AE agus Meicsiceo 99 % de thrádáil idir an dá pháirtí.

I mí an Mheithimh, mar chuid de chur chun feidhme comhaontuithe trádála, bhí an cúigiú cruinniú dá chuid ag an gCoiste Comhlachais idir an tAontas agus Meiriceá Láir agus, i mí Dheireadh Fómhair, tháinig an comhchoiste um thrádáil lena mbaineann an tAontas agus an Cholóim, Eacuadór agus Peiriú le chéile.

Tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin

Comhaontuithe trádála agus forbartha idir an tAontas agus tíortha nó réigiúin san Afraic, i Muir Chairib nó san Aigéan Ciúin is ea na Comhaontuithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche. Faoi láthair tá siad i bhfeidhm go sealadach le 31 cheann acu. Ní miste dearcadh ar na comhaontuithe mar chéimeanna ionsar limistéar saorthrádála idir-ilchríochach a chruthú san am atá le teacht, rud atá ar cheann d’aidhmeanna fadtéarmacha na comhghuaillíochta nua sin, an Chomhghuaillíocht idir an Afraic agus an Eoraip le haghaidh Infheistíocht agus Poist Inbhuanaithe, agus rud a thacaíonn leis na hiarrachtaí atá ar siúl san Afraic le limistéar saorthrádála a bhaint amach ar an ilchríoch sin. I mí Feabhra, ghlac Oileáin Chomóra ballraíocht i gcomhaontú Oirthear agus Dheisceart na hAfraice agus, i mí Dheireadh Fómhair, chuir an tAontas tús le caibidlíocht leis na cúig thír a bhfuil an comhaontú atá ann faoi láthair á chur chun feidhme acu, caibidlíocht faoin gcomhaontú a leathnú le go mbeadh níos mó i gceist leis ná laghduithe taraifí chun dul i ngleic le bacainní trádála agus infheistíochta agus chun deiseanna a chruthú. Phléigh an tAontas an trádáil agus an infheistíocht freisin mar chuid den chaibidlíocht leanúnach faoi chomhaontú réime le cur in ionad Chomhaontú Cotonou.

Caibidil 7

Limistéar de cheartas agus de chearta bunúsacha atá bunaithe ar an muinín fhrithpháirteach

© Fotolia

Ní bheidh rath ar an daonlathas sa tsochaí seo againn ach má bhíonn cúirteanna neamhspleácha againn a ráthaíonn cosaint na gceart bunúsach agus na saoirsí sibhialta, agus má bhíonn sochaí shibhialta ghníomhach ann lena chois sin chomh maith le meáin chumarsáide a chinntíonn an t-iolrachas. In 2019, chinn an Coimisiún sraith beart a dhéanamh chun an smacht reachta a neartú san Aontas Eorpach chun gur fearr ab fhéidir leis é a chur chun cinn, bagairtí a chosc agus sáruithe a fhreagairt.

Na dlíthe nuachóirithe sin de chuid an Aontais Eorpaigh, daingníonn siad cosaint na dtomhaltóirí trí dhíriú isteach ar chleachtais mhargaíochta mhíthreoracha, trí rialacha pionóis éifeachtacha a thabhairt isteach agus leigheasanna a sholáthar d’íospartaigh na gcleachtas éagothrom.

Na cosaintí nua le haghaidh sceithirí, neartaíonn siad forfheidhmiú dhlíthe an Aontais Eorpaigh i gcás ina ndéanfadh sáruithe díobháil thromchúiseach do leas an phobail. Tá seasamh an-láidir á ghlacadh ag an Aontas Eorpach trí chosaint a thabhairt do na daoine a ghlacann de riosca orthu féin labhairt amach chun sáruithe ar dhlí an Aontais Eorpaigh a thabhairt chun follais. Lena chois sin, déanann na rialacha sin an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus saoirse na meán a chosaint ós foinsí ríthábhachtacha d’iriseoirí iniúchacha iad na sceithirí.

I dtoghcháin 2019 chuig Parlaimint na hEorpa, b’airde an líon vótaí a caitheadh (50.7 %) ná uair ar bith eile ó bhí 1994 ann. An cur chuige comhordaithe a bhí ag na Ballstáit agus ag Institiúidí an Aontais Eorpaigh, mar aon le cur i bhfeidhm phacáiste toghcháin an Choimisiúin, rinne siad a gcion féin chun an dara toghcháin daonlathach is mó ar domhan a chosaint ar thionchar seachtrach.

An smacht reachta a neartú

Tá an smacht reachta (l’état de droit) ar cheann de na luachanna coiteanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach bunaithe; is freagracht chomhroinnte de chuid na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh atá ann an smacht sin a chaomhnú.

Tá sé fíor-riachtanach an smacht reachta a chomhlíonadh ar mhaithe le feidhmiú an Aontais Eorpaigh i ngach aon réimse. Cuimsítear sa mhéid sin mar shampla an margadh inmheánach nó comhar i ngnóthaí ceartais agus gnóthaí baile. An smacht reachta a chaomhnú, ciallaíonn sé freisin i dtaca leis na breithimh náisiúnta, ar breithimh de chuid an Aontais Eorpaigh iad freisin, nár mhór a chinntiú gur féidir leo a ról a chomhlíonadh agus iad ag plé le cúrsaí a bhaineann le dlí an Aontais.

I mí Aibreáin, sheol an Coimisiún measúnú ar na huirlisí atá ar fáil chun monatóireacht agus measúnú a dhéanamh ar an smacht reachta, agus ar a chosaint san Aontas. Sa mheasúnú sin, caitheadh súil siar ar thaithí na mblianta atá caite, agus d’áitigh sé díospóireacht níos leithne a bheith ann faoin gcaoi a bhféadfaí é a neartú. I bhfianaise na taithí sin, léiríodh gur ghá an smacht reachta a chur chun cinn ar dhóigh níos fearr, rioscaí nó sáruithe a chosc go luath agus freagairt éifeachtach a thabhairt orthu nuair a tharlaíonn siad.

I mí Iúil, ghlac an Coimisiún an dara teachtaireacht uaidh inar leagadh amach a chuid moltaí féin sna trí réimse sin, is é sin le rá cur chun cinn, cosc agus freagairt.

Ar feadh a mbaineann leis an gcéad réimse (an cur chun cinn), déanfaidh an Coimisiún an chumarsáid leis an bpobal a neartú i dtaca leis an smacht reachta, an comhar le Comhairle na hEorpa agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile a dhaingniú, agus cistiú a sholáthar do pháirtithe leasmhara a chuireann cultúr coiteann chun cinn maidir leis an smacht reachta, an tsochaí shibhialta san áireamh.

Ó thaobh an dara réimse de (an cosc), bunóidh an Coimisiún timthriall athbhreithnithe bliantúil ar an smacht reachta chun monatóireacht a dhéanamh ar an staid reatha sna Ballstáit. Chun tacú leis an bpróiseas sin, ullmhóidh sé Tuarascáil bhliantúil maidir leis an Smacht Reachta, déanfaidh sé Scórchlár Ceartais AE a fhorbairt tuilleadh agus neartóidh sé an comhphlé le hinstitiúidí eile an Aontais Eorpaigh, leis na Ballstáit agus le páirtithe leasmhara.

Ó thaobh an tríú réimse de (an fhreagairt), déanfaidh an Coimisiún cur chuige straitéiseach a shaothrú i dtaca le nósanna imeachta maidir le sárú, agus é ag cur le forbairt an chásdlí i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

Mínítear san achoimre seo an chaoi a n-oibríonn creat an smachta reachta (État de droit)

Tá sé mar aidhm ag ceart an smachta reachta aghaidh a thabhairt ar bhagairtí sistéamacha ar an smacht reachta trí idirphlé ilchéimneach a spreagadh idir an Coimisiún agus an Ballstát lena mbaineann. Seo mar a oibríonn sé: tosaítear le measúnú ón gCoimisiún, ansin eisítear tuairim agus moladh ón gCoimisiún, agus ar deireadh déantar monatóireacht ar a leanann as moladh ón gCoimisiúin. Beart eisceachtúil mar rogha dheiridh chun sárú tromchúiseach ar an smacht reachta i mBallstát den Aontas a chosc nó a réiteach is ea Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Is iad an Pharlaimint, an Coimisiún nó aon trian de na Ballstáit a chuireann an sásra i ngníomh, rud a leanann as cinneadh ó Chomhairle na hEorpa gur sáraíodh luachanna Airteagal 2. Baineann féidearthacht smachtbhannaí géara leis an gcinneadh sin, cearta vótála sa Chomhairle a chur ar fionraí san áireamh. Tá sé d'aidhm ag nósanna imeachta um shárú deimhin a dhéanamh de go gcuirtear dlí an Aontais chun feidhme i gceart agus go gcloítear leis ar an leibhéal náisiúnta. Próiseas trí-chéimneach is ea an próiseas maidir le nósanna imeachta um shárú idir an Coimisiún agus an Ballstát, próiseas ar ina dheireadh a fhéadfaidh an Coimisiún an t-ábhar a thabhairt faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.

D’iarr an Coimisiún freisin an togra a tíolacadh i gcomhthéacs an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil a ghlacadh go tapa, is é sin an togra maidir le cosaint bhuiséad an Aontais Eorpaigh i gcás ina bhféadfadh riosca a bheith ag baint le heasnaimh ghinearálaithe do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh.

Rinne an Coimisiún roinnt nósanna imeachta a shaothrú a raibh baint acu leis an smacht reachta. An 24 Meitheamh agus an 5 Samhain 2019, d’eisigh an Chúirt Bhreithiúnais rialaithe deiridh i nósanna imeachta maidir le sárú a thionscain an Coimisiún i gcoinne na Polainne, lenar deimhníodh i dtaca leis an reachtaíocht maidir le haois scoir bhreithimh na Cúirte Breithiúnais Uachtaraí a ísliú, gur sárú é ar dhlí an Aontais Eorpaigh maidir leis an neamhspleáchas breithiúnach. Ina theannta sin, an 10 Deireadh Fómhair 2019, chinn an Coimisiún an Pholainn a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais in imeachtaí um shárú a bhaineann le réimeas nua araíonachta na mbreithiúna, arae déanann an réimeas sin dochar don neamhspleáchas breithiúnach de cheal ráthaíochtaí chun breithimh na Polainne a chosaint ar an rialú polaitiúil.

I gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh, agus ar bhonn togra ón gCoimisiún, d’eisigh an Chomhairle moltaí sonracha maidir le feidhmiú an chórais cheartais i leith gach tíre díobh seo a leanas: an Chróit, an Chipir, an Iodáil, Málta, an Phortaingéil, an tSlóvaic agus an Ungáir.

Cearta a chosaint agus comhrac ar an leatrom

Cearta daoine faoi mhíchumas a chinntiú

Glacadh an Ionstraim Eorpach Inrochtaineachta i mí Aibreáin ionstraim ina ndéantar deimhin de go mbeidh rochtain ag daoine faoi mhíchumas ar tháirgí áirithe, mar atá fóin shoghluaiste, ríomhairí, ríomhleabhair, ríomhthráchtáil, seirbhísí iompair agus ar sheirbhísí baincéireachta tomhaltóirí.

Físeán a bhaineann le hinrochtaineacht Vársá

I mí na Nollag, bhuaigh Vársá Gradam don Chathair is Inrochtana 2020, gradam a aithníonn an toilteanas, an cumas agus na hiarrachtaí a dhéanann cathair le bheith níos inrochtana.© An tAontas Eorpach, 2019

I mí na Bealtaine, sheol an Coimisiún feachtas múscailte feasachta, “An dóigh a gcabhraíonn an tAontas Eorpach leis an gcomhrac i gcoinne idirdhealú ar láthair na hoibre”, feachtas a chuireann daoine agus cuideachtaí ar an eolas faoina gcearta agus faoina n-oibleagáidí.

Sceithirí a chosaint

I mí Dheireadh Fómhair, glacadh Caighdeáin ar fud an Aontais chun ardleibhéal cosanta a ráthú do sceithirí a thuairiscíonn sáruithe ar rialacha an Aontais Eorpaigh. Is Treoir í a chlúdaíonn speictream leathan príomhréimsí, mar shampla an soláthar poiblí; sábháilteacht táirgí, bia agus iompair; cosaint an chomhshaoil; an tsláinte phoiblí; agus an tsábháilteacht núicléach. Sna rialacha nua, leagtar síos cainéil nua le tuairisciú a dhéanamh faoi rún, laistigh d’eagraíochtaí príobháideacha, poiblí agus údaráis phoiblí mar a gcéanna, agus déanfaidh siad fostaithe a chosaint ar an mbriseadh as a bpost nó ar dhíoltas nach é.

Bréagaisnéis, coir fuatha agus fuathchaint a chomhrac

I mí Eanáir, an ceathrú meastóireacht ar Chód Iompair an Aontais Eorpaigh maidir le beart a dhéanamh i gcoinne na fuathchainte mídhleathaí ar líne a shínigh mórchuideachtaí TF in 2016, léirigh sé go bhfuil torthaí dearfacha le sonrú go fóill ar an tionscnamh sin. Déanann cuideachtaí TF athbhreithniú ar 89 % den inneachar marcáilte faoi cheann 24 uair an chloig agus baintear amach é in 72 % de na cásanna sin, i gcomparáid le 40 % agus 28 % faoi seach sna blianta eile ó seoladh an cód a chéaduair in 2016. Léirigh an mheastóireacht fós na réimsí inar gá do chuideachtaí feabhas a chur ar an aiseolas a thugann siad d’úsáideoirí.

Roimh na toghcháin Eorpacha, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascálacha míosúla ó Facebook, Google agus Twitter ina léiríodh dul chun cinn áirithe i dtaca leis an ngrinnscrúdú a dhéantar ar fhoilsiú na fógraíochta, trédhearcacht na fógraíochta polaitiúla, cuntais bhréige a dhúnadh agus córais mhargaíochta le haghaidh róbait uathoibrithe. Mar sin féin, níor mhór do na sínitheoirí tuilleadh díchill a dhéanamh, go háirithe i bhforbairt na n-uirlisí chun cur le trédhearcacht agus iontaofacht i dtaca leis na suíomhanna ar a mbíonn na fógraí.

Achoimre ar thionchar chód iompair an Aontais maidir le fuathchaint a bhaint anuas ón Idirlíon

Sa chéad bhabhta monatóireachta a rinneadh i mí na Nollag 2016, seo a leanas an líon fógraí a athbhreithníodh laistigh den chéad 24 uair an chloig: 60 faoin gcéad de na fógraí ar YouTube, 50 faoin gcéad de na fógraí ar Facebook, agus 20 faoin gcéad de na ar Twitter. Sa dara babhta monatóireachta a rinneadh i mí na Bealtaine 2017, seo a leanas an líon fógraí a athbhreithníodh laistigh den chéad 24 uair an chloig: 40 faoin gcéad de na fógraí ar YouTube, beagán faoi bhun 60 faoin gcéad de na fógraí ar Facebook, agus beagán faoi bhun 40 faoin gcéad de na fógraí ar Twitter. Sa tríú babhta monatóireachta a rinneadh i mí na Nollag 2017, seo a leanas an líon fógraí a athbhreithníodh laistigh den chéad 24 uair an chloig: 60 faoin gcéad de na fógraí ar YouTube, beagán faoi bhun 90 faoin gcéad de na fógraí ar Facebook, agus 80 faoin gcéad de na fógraí ar Twitter. Sa cheathrú babhta monatóireachta a rinneadh i mí na Nollag 2018, seo a leanas an líon fógraí a athbhreithníodh laistigh den chéad 24 uair an chloig: 80 faoin gcéad de na fógraí ar YouTube, breis agus 90 faoin gcéad de na fógraí ar Facebook, agus beagán faoi bhun 90 faoin gcéad de na fógraí ar Twitter. Rinneadh monatóireacht ar fhógraí ar Instagram agus ar Google+ den chéad uair sa bhabhta seo agus ón líon fógraí a athbhreithníodh laistigh den chéad 24 uair an chloig, is é beagán faoi bhun 80 faoin gcéad de na fógraí agus 60 faoin gcéad de na fógraí faoi seach an líon fógraí a chláraigh siad. Tá fás leanúnach ar an meán-líon fógraí a athbhreithníodh, ó 40 faoin gcéad de na fógraí i mí na Nollag 2016, 50 faoin gcéad de na fógraí i mí na Bealtaine 2017 agus 80 faoin gcéad de na fógraí i mí na Nollag 2017, go dtí beagnach 90 faoin gcéad d'fhógraí i mí na Nollag 2018.

Forléargas ar chomhphlean gníomhaíochta an Aontais i gcoinne na bréagaisnéise

Tá comhphlean gníomhaíochta ag an Aontas i gcoinne na bréagaisnéise. Cuireadh tús leis an gcomhphlean nuair a seoladh Tascfhórsa Cumarsáide Straitéise Thoir na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí i mí an Mhárta 2015, agus cruthaíodh creat comhpháirteach maidir le cur i gcoinne bagairtí hibrideacha ina dhiaidh sin i mí Aibreáin 2016. San earrach 2018, Teachtaireacht maidir le dul i ngleic leis an mbréagaisnéis: Fíoraíodh cur chuige Eorpach, agus ina dhiaidh sin, tháinig Pacáiste beart lena áirithiú go mbeidh toghcháin Eorpacha saor agus cóir agus An cód cleachtais i gcoinne bréagaisnéise i mí Mheán Fómhair 2018, agus i mí Dheireadh Fómhair na bliana céanna, seoladh an Fhaireachlann um Anailís ar na Meáin Shóisialta. Seoladh plean gníomhaíochta i gcoinne na bréagaisnéise an mhí dár gcionn. I mí Eanáir 2019 tionóladh an chéad chruinniú den líonra Eorpach um chomhar maidir le toghcháin, agus idir an t-am sin agus mí na Bealtaine 2019, chuir na hardáin ar líne próiseas tuairiscithe i gcrích. I mí an Mhárta 2019 reáchtáladh Seachtain Eorpach na hInniúlachta sna Meáin agus bunaíodh an Córas Mear-Rabhaidh. I mí na Bealtaine 2019 bhí ionchur ag an gCoimisiún Eorpach i gcruinniú neamhfhoirmiúil cheannairí an Aontais Eorpaigh-27 (na Ballstáit ar fad cé is moite den Ríocht Aontaithe) in Sibiu.

Cosaint níos díonmhaire ar shonraí pearsanta

Sa chead bhliain tar éis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS) a sheoladh, ba é tosaíocht an Choimisiúin deimhin a dhéanamh de go gcuirfí i bhfeidhm é mar is ceart. I dtuarascáil mhí Iúil, is é conclúid a bhain an Coimisiún as go raibh an creat dlí is gá curtha ar bun ag tromlach na mBallstát agus go ndéanfaidh sé monatóireacht ar an dóigh a gcomhlíontar RGCS agus an dóigh a gcuirtear teorainn le bloghadh an chreata chosanta sonraí.

Tá cultúr na comhlíontachta á fhorbairt ag gnólachtaí, agus san am céanna tá saoránaigh ag tabhairt níos mó suntais don tábhacht atá le cosaint sonraí agus cosaint a gcuid ceart féin, agus is minice feasta na cearta sin i bhfeidhm acu. San am céanna, tá cóineasú á dhéanamh ar an leibhéal idirnáisiúnta chun ardchaighdeáin a bhaint amach i gcosaint na sonraí.

Portráid Wojciech Wiewiórowski

Wojciech Wiewiórowski a ceapadh ina Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i mí na Nollag 2019 ar feadh tréimhse 5 bliana.

Ar shampla den tairbhe a baineadh as an gcóineasú sin, tá an comhshocrú leordhóthanachta idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin a tháinig i bhfeidhm i mí Feabhra, rud a chruthaigh an limistéar is mó ar domhan de shreabha sonraí sábháilte gan chostas. Beidh muintir na hEorpa in ann tairbhe a bhaint as ardchaighdeáin príobháideachais nuair a aistrítear a gcuid sonraí chun na Seapáine agus beidh tairbhe ag cuideachtaí AE ar rochtain phribhléideach a bheith acu ar an margadh Seapánach.

Tá monatóireacht á déanamh ag an gCoimisiún ar thrasuí na Treorach maidir le cosaint sonraí i réimse fhorfheidhmiú an dlí, trasna chuig dlí náisiúnta na mBallstát agus, dá bharr sin, tá roinnt nósanna imeachta maidir le sárú seolta aige in aghaidh Ballstáit áirithe.

Comhionannas

An Treoir nua maidir le cothromaíocht idir saol na hoibre agus saol an bhaile, a glacadh i mí Mheithimh, spreagfaidh sé comhroinnt na bhfreagrachtaí cúraim idir na mná agus na fir. Féach Caibidil 5 le haghaidh tuilleadh eolais.

Lean an Coimisiún leis ag ardú feasachta maidir le cearta daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirinscneacha (LGBTI). Sa tuarascáil bhliantúil is déanaí faoi chomhionannas LGBTI a chur chun cinn, tuarascáil a foilsíodh i mí an Mhárta, tugadh forbhreathnú ar an tacar de bhearta ón gCoimisiún chun an leatrom a chomhrac.

Dathanna bogha báistí agus iad ag taitneamh ar fhoirgneamh

Foirgneamh na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí de chuid an Aontais agus é lasta le dathanna na brataí bogha báistí chun ceiliúradh a dhéanamh ar an Lá Idirnáisiúnta in aghaidh na homafóibe, na trasfhóibe agus na défhóibe, an Bhruiséil, an Bheilg, 16 Bealtaine 2019.

Tá ullmhúchán le haghaidh Creat AE do straitéisí náisiúnta maidir le lánpháirtiú na Romach curtha chun cinn ag an gCoimisiún, rud atá beartaithe tar éis 2020. Tá an creat sin riachtanach le haghaidh fhorbairt an Aontais Eorpaigh, agus forbairt na n-ionstraimí, agus na struchtúr náisiúnta arb é is aidhm leo lánpháirtiú na Romach a chur chun cinn.

Saoránacht den Aontas Eorpach

I mí Eanáir, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil maidir le scéimeanna lena dtugtar saoránacht den Aontas d’infheisteoirí, scéimeanna atá á n-oibriú i mBallstáit áirithe (“an pas órga”). Mar gheall ar na scéimeanna sin maidir le saoránacht agus cónaí an infheisteora, is ceadmhach do dhuine náisiúntacht nó cead cónaithe Ballstáit a fháil trí infheistíocht a dhéanamh, agus sin gan nasc fírinneach a chruthú leis an mBallstát féin. Ní beag na himpleachtaí atá ag an bpas órga don tsaoránacht den Aontas Eorpach. Is nós leis na Ballstáit nasc den sórt sin ina choinníoll acu sula mbronntar an tsaoránacht, agus ghlac siad leis dá réir sin gur saoránach den Aontas Eorpach aon duine atá ina shaoránach de Bhallstát.

D’aithin an tuarascáil ón gCoimisiún na rioscaí a bhaineann le scéimeanna saoránachta agus cónaithe an infheisteora i dtaca leis an Aontas Eorpach, go sonrach i dtaca le slándáil, sciúradh airgid, imghabháil cánach agus éilliú, agus chuir sé in iúl gur chúis imní dó nach leor i gcónaí na bearta a dhéanann na Ballstáit chun na rioscaí sin a mhaolú. Bhunaigh an Coimisiún grúpa saineolaithe ó na Ballstáit chun scrúdú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann leis na scéimeanna, agus thug sé aghaidh ar cheisteanna faoin trédhearcacht agus faoin dea-rialachas, agus leanfaidh siad leo ag déanamh monatóireachta ar na scéimeanna sin ó thaobh comhlíonadh dhlí an Aontais Eorpaigh de. Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh chuig Caibidil 8.

Mar chuid den chosaint mhór ar thoghcháin Eorpacha 2019, thacaigh an Coimisiún leis na Ballstáit chun cruinnithe a bhunú agus a eagrú le haghaidh líonra Eorpach um chomhar le haghaidh na dtoghchán. Sa líonra sin, tugtar le chéile ionadaithe údaráis na mBallstát atá freagrach as gnóthaí toghchánaíochta le go mbeifear in ann tuairimí praiticiúla a mhalartú i dtaca le saincheisteanna atá ábhartha ó thaobh saorthoghcháin chóra de, mar atá cosaint sonraí, cibéarshlándáil, trédhearcacht agus ardú feasachta. Beidh sé fós ag tabhairt aghaidhe ar na rioscaí féideartha, ar shainaithint na réiteach, agus ar chuidiú chun córas daonlathach toghchánaíochta níos buanseasmhaí a thógáil ar fud an Aontais.

Feictear sa léaráid seo bearta slándála méadaithe le haghaidh cártaí aitheantais agus na buntáistí a ghabhann leo

Ionas go mbeidh cártaí aitheantais náisiúnta níos sláine, ní mór iad a dhéanamh as plaisteach soladach seachas as páipéar agus slis éadadhaill a bheith iontu. Ní mór íomhá den aghaidh agus dhá mhéarlorg a bheith sa tslis ard-slándála, sin an bealach is iontaofa chun céannacht an duine agus barántúlacht an doiciméid taistil a fhíorú. Déanfar saoránaigh a chosaint níos fearr ar fhalsú, cóipeáil, calaois agus mí-úsáid a ndoiciméad. A bhuí le seiceáil níos éasca beidh rialuithe teorann, in aerfoirt, mar shampla, níos tapúla agus níos éifeachtúla. Beidh cártaí aitheantais bailí go ceann 10 mbliana ar a fhad chun athruithe ar íomhánna aghaidhe agus na forbairtí slándála a bheidh iontu amach anseo a chur san áireamh. Cártaí aitheantais a eisíodh le haghaidh daoine 70 bliain d'aois nó níos sine, is cártaí iad a fhéadfaidh a bheith bailí ar feadh níos mó ná 10 mbliana. Chun deireadh a chur le bearnaí slándála, beidh gá le cárta aitheantais nua in ionad seanchárta nó cárta reatha nach bhfuil slán go leor .

I mí Mheithimh, mar chuid dá ghníomhaíochtaí leis an gceart a éascú chun gluaiseacht agus cónaí faoi shaoirse laistigh den Aontas a fheidhmiú, ghlac an tAontas Eorpach rialachán maidir le slándáil cártaí aitheantais agus doiciméid chónaithe. Tá sainmhíniú sna rialacha nua ar chaighdeáin íosta choiteanna le haghaidh cártaí aitheantais shaoránaigh an Aontais, agus le haghaidh cártaí cónaithe baill teaghlaigh nach saoránaigh den Aontas iad, chomh maith leis an inneachar íosta le haghaidh doiciméid chónaithe shaoránaigh an Aontais. Fágfaidh an méid sin go mbeidh na doiciméid sin níos sláine agus níos iontaofa agus cuirfidh sé le muinín agus le hinghlacthacht, ionas go mbeidh saoránaigh in ann taisteal go furasta ar fud an Aontais, laghdóidh sé bacainní ar an gceart chun saorghluaiseachta a fheidhmiú agus dúnfaidh sé aon bhearnaí sa dlí a mbeadh fonn ar sceimhlitheoirí agus coirpigh eile teacht i dtír orthu.

D’fhonn ceart shaoránaigh an Aontais Eorpaigh a neartú chun teacht a bheith acu ar chosaint chonsalach i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad agus i gcás nach bhfuil ionadaíocht ag a mBallstát féin, glacadh rialacha nua chun doiciméad nua-aimseartha a chruthú — doiciméad práinne taistil an Aontais Eorpaigh. Cinnteoidh na rialacha sin gur féidir le saoránaigh an Aontais Eorpaigh an doiciméad slán sin a mbeidh glacadh leis go forleathan a fháil in aicearracht, le go mbeidh siad in ann filleadh abhaile go sábháilte.

Tomhaltóirí a chosaint

I mí Iúil, chun feasacht a mhéadú i dtaca le cosaint in aghaidh coinníollacha éagóracha i gconarthaí tomhaltóirí, ar nós teorannú míchuí ar chearta dlí na dtomhaltóirí, d’eisigh an Coimisiún treoraíocht i ndáil le treoir maidir le téarmaí éagóracha conartha a chur chun feidhme.

I mí na Samhna, glacadh an treoir i dtaca le forfheidhmiú agus nuachóiriú níos fearr ar rialacha an Aontais maidir le cosaint na dtomhaltóirí mar chuid de Mhargadh Nua do Thomhaltóirí a mhol an Coimisiún i mí Aibreáin 2018. Cuireann sé cearta tomhaltóirí in oiriúint do theicneolaíochtaí nua trí cheanglais thábhachtacha nua a thabhairt isteach. Cuimsíonn siad sin toirmeasc ar fhógraíocht fholaithe sna torthaí cuardaigh agus ar léirmheasanna bréagacha ó thomhaltóirí; faisnéis a sholáthar i ndáil le céannacht an chontrapháirtí ar ardáin ar líne (tomhaltóir príobháideach nó miondíoltóir gairmiúil); agus faisnéis a sholáthar i ndáil leis na paraiméadair a úsáidtear i rangú agus i bpearsantú na bpraghsanna le cinnteoireacht uathoibrithe.

Socraíonn na rialacha nua fíneálacha díspreagthacha i gcás “sáruithe forleathana” ar chearta tomhaltóirí, rialacha atá faoi réir ag gníomh comhordaithe faoin rialachán maidir le comhar i gcosaint na dtomhaltóirí. Maidir le moladh ar leith le haghaidh córas Eorpach comhshásaimh nuair atá díobháil fulaingthe ag grúpaí tomhaltóirí, sin rud faoi chaibidlíocht go fóill idir an Pharlaimint agus an Chomhairle.

Tar éis na caibidlíochta leis an gComhairle agus leis na húdaráis náisiúnta um chosaint na dtomhaltóirí, thug an t-ardán Airbnb a gcleachtais díolacháin agus a gcoinníollacha i gcomhréir go hiomlán le rialacha cosanta tomhaltóirí an Aontais. Mar shampla, ar leathanaigh na dtorthaí taispeántar an praghas deiridh go soiléir, agus cé acu an duine aonair nó duine gairmiúil atá ag cur an lóistín ar fáil.

I ndiaidh glao ón gCoimisiún agus ó údaráis tomhaltóirí an Aontais, tá cúig cheannaire tionscail — Avis, Europcar, Enterprise, Hertz and Sixt — tar éis athrú a dhéanamh ar an mbealach ina gcuireann siad praghsanna na gcarranna ar cíos i láthair ionas go mbeidh siad go hiomlán trédhearcach do thomhaltóirí.

Tar éis scannal Cambridge Analytica agus tar éis idirphlé fada leis an gCoimisiún agus le húdaráis tomhaltóirí an Aontais, mhodhnaigh Facebook a chuid téarmaí seirbhíse. Is soiléire a mhíníonn siad feasta conas a úsáideann an chuideachta sonraí na n-úsáideoirí chun forbairt a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí próifílithe agus ar fhógraíocht spriocdhírithe mar fhoinse dá hioncam, agus chun freagracht na cuideachta a aithint i gcás sárú a dhéantar d’aon ghnó.

Éascaíonn an tAontas an tsiopadóireacht ar líne trí chur ar chumas tomhaltóirí cinneadh eolach a dhéanamh agus nithe a cheannach go sábháilte. Seoladh an feachtas feasachta #YourEURight in 2019 le meabhrú do thomhaltóirí go bhfuil cearta nach beag acu ag ceannach dóibh ó shiopa ar líne atá ag díol le tomhaltóirí Eorpacha. 

Glacadh rialacha nua chun dul i ngleic ar bhealach níos fearr le décháilíocht na n-earraí tomhaltóirí. I gcomhthráth leis sin, d’fhéach an Coimisiún le soiléiriú a dhéanamh ar cathain is cleachtas tráchtála mídhleathach é díol na dtáirgí décháilíochta (earraí a dhíoltar trasna na hEorpa a bhfuil comhdhéanamh éagsúil iontu agus pacáistíocht chomhionann nó chomhchosúil acu), agus d’fhéach an Coimisiún le modheolaíocht choiteann a fhorbairt agus torthaí a fhoilsiú ar fheachtas tástála ar fud an Aontais i mí an Mheithimh 2019 a rinne comparáid idir roinnt táirgí bia éagsúla ó Bhallstáit éagsúla. Léirigh sin nach bhféadfaí aon phátrún geografach ar leith a aithint cé go raibh suas leis an tríú cuid de na táirgí bia a tástáladh ar aon chuma le chéile a bheag nó a mhór, ainneoin comhdhéanamh éagsúil orthu. Ní raibh conclúid sna torthaí i dtaobh tionchar a bheith ag na difríochtaí ar an gcáilíocht, sin nó an bhaint a bheith acu le cleachtas míthreorach.

Tar éis don Choimisiún treoirlínte a ghlacadh chun cuidiú le húdaráis náisiúnta reachtaíocht tomhaltóirí agus bia an Aontais a chur i bhfeidhm maidir le décháilíocht na dtáirgí bia, cuireadh os cionn €4.5 milliún ar leataobh chun an décháilíocht a theorannú agus eagraíochtaí tomhaltóirí a neartú. Thairis sin, i mí Aibreáin, tháinig treoir maidir le cleachtais éagóracha trádála i slabhra an tsoláthair talmhaíochta agus bia i bhfeidhm.

I mí an Mheithimh, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil dheiridh an Fhóraim Ardleibhéil le hAghaidh Biashlabhra a Fheidhmeoidh Níos Fearr, tuarascáil gona moltaí i dtaca le cleachtais trádála chóra agus éifeachtacha agus i dtaca leis an trédhearcacht. Tá béim sa tuarascáil freisin ar na fadhbanna atá ann de dheasca srian ar sholáthar i gcríocha thar a chéile, rud is bac ar mhiondíoltóirí in aimsiú na dtáirgí san áit ab áil leo. Sheol an Coimisiún tionscadal freisin chun feasacht tomhaltóirí a mhéadú i ngeall ar dháileadh airgid ar feadh an tslabhra soláthar bia.

An ceartas sibhialta

I mí an Mheithimh freisin, ghlac an Chomhairle athbhreithniú ar rialachán na Bruiséile IIa, athbhreithniú a chuireann feabhas ar na rialacha dlí is cosaint do leanaí i ndíospóidí trasteorann a bhaineann le húdarás tuismitheoirí, rialacha na caomhnóireachta, mar shampla, rialacha um chearta rochtana agus fuadach leanaí. Faoi scáth na rialacha nua, is tapúla agus is éifeachtaí a thig leis an gcomhar breithiúnach a chinntiú gur do leas na leanaí a thugtar tús áite.

Dlí cuideachtaí

I mí an Mheithimh freisin tugadh isteach rialacha nua de chuid an Aontais ionas gur fusa d’fhiontraithe a gcuideachtaí a chlárú ar líne agus trasna teorainneacha, brainsí nua a bhunú nó doiciméid a chur faoi bhráid clár gnó. Maidir le tacar comhlántach rialacha dlí de chuid an Aontais a glacadh i mí na Samhna, sin rud a éascaíonn tiontuithe, cumaisc agus deighiltí trasteorann agus san am céanna a chinntíonn cosaint níos fearr ar chearta na bhfostaithe, na scairshealbhóirí mionlaigh agus na gcreidiúnaithe. Cruthaíonn na rialacha nua deimhneacht dhlíthiúil, sábhálann siad airgead, laghdaíonn siad an t-ualach riaracháin agus soláthraíonn siad na cumhachtaí is gá chun aon mhí-úsáid a chosc.

Is é is aidhm do na rialacha nua a glacadh i mí na Samhna, rialacha maidir le rialú cuideachtaí infheistíochta agus luach saothair a mbainistíochta, a bheith i gcomhréir le méid, rioscaí agus gníomhaíochtaí na gcuideachtaí infheistíochta a fhad is a chinntíonn siad maoirseacht iomchuí ar na hinstitiúidí móra uile a dtarlódh riosca sistéamach iontu. Na rialacha maidir le rialú na mbanc agus luach saothair lucht a mbainistíochta, is rialacha iad a tugadh cothrom le dáta i mí na Bealtaine. Thar aon ní eile, neartaigh siad cumhachtaí na n-údarás chun baill de chomhlacht bainistíochta bainc a chur as oifig má tá amhras ann ina leith go raibh lámh acu i sciúradh airgid nó i maoiniú na sceimhlitheoireachta.

Ag dul i ngleic leis an sceimhlitheoireacht agus an sciúradh airgid

In 2019, mhéadaigh an Coimisiún an tacaíocht airgeadais, oibríochtúil agus pholaitiúil a bhí á tabhairt aige do na Ballstáit chun dlús a chur le cur chun feidhme an Aontais Slándála. Faoi dheireadh na bliana, as 22 thionscnamh reachtacha a bhí ag an Aontas Slándála, bhí dlí déanta as 16 díobh. Is é an tAontas a bhí chun tosaigh sa dul i ngleic le hábhar sceimhlitheoireachta ar líne agus bhí rialachán beartaithe aige a chuirfeadh oibleagáid ar ardáin idirlín ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas laistigh de uair an chloig tar éis dóibh an t-ordú a fháil. Ní beag an dul chun cinn a rinne Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar mholadh an Choimisiúin, agus leanfaidh an obair ar aghaidh sa chéad ráithe de 2020.

I gcomhthráth leis sin, mar chuid de fhreagairt dhomhanda ar Ghlao Christchurch ar Ghníomhaíocht, ghlac an Coimisiún, airí gnóthaí baile na mBallstát agus ionadaithe ón earnáil phríobháideach Prótacal Géarchéime de chuid an Aontais maidir le freagairt do chraobhscaoileadh ábhar sceimhlitheoireachta nó ábhar antoisceach foréigneach ar an idirlíon. Leanadh le cur chun feidhme na mbeart faoi Phlean Gníomhaíochta 2017 i ndáil le cosaint na spásanna poiblí, an gníomh i gcoinne bagairtí sceimhlitheoireachta san áireamh.

Lean an tAontas leis an obair ríthábhachtach i dtaca leis na hacmhainní is gá do sceimhlitheoirí a chur de dhíth orthu agus rialacha atá tugtha cothrom le dáta a thabhairt isteach maidir le margaíocht agus rochtain ar cheimiceáin atá in úsáid ag sceimhlitheoirí mar chomhábhair i bpléascáin bhaile agus bearta nua a thabhairt isteach freisin a théann dian ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta. Lean an tAontas leis an gcomhoibriú idirnáisiúnta, trí shonraí a bhaineann le Taifid Ainmneacha Paisinéirí (PNR) a mhalartú leis an Astráil agus leis na Stáit Aontaithe, cuir i gcás, agus trí fhéachaint le bailchríoch a chur ar dhréacht-chomhaontú nua le Ceanada, sin agus Creat na Náisiún Aontaithe ar chomhar frithsceimhlitheoireachta a shíniú.

Ag deireadh na bliana, mhol an Coimisiún tús a chur le caibidlíocht leis an tSeapáin maidir le sonraí PNR a mhalartú agus leis an Nua-Shéalainn maidir le sonraí pearsanta a mhalartú chun críocha forfheidhmithe dlí le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (EUROPOL). Chomh maith leis sin, ghlac an Coimisiún socruithe déthaobhacha le húdaráis na hAlbáine, na Boisnia agus na Heirseagaivéine, na Cosaive (tá an t-ainmniú sin gan dochar do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244 (1999) agus le tuairim CBI maidir le Dearbhú Neamhspleáchais na Cosaive), Mhontainéagró, Phoblacht na Macadóine Thuaidh agus na Seirbia chun an Comhphlean Gníomhaíochta i gcoinne Frithsceimhlitheoireachta sna Balcáin Thiar a chur chun feidhme.

Ghlac an tAontas roinnt beart chun an sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac. In 2019, neartaigh sé ról maoirseachta an Údaráis Bhaincéireachta Eorpaigh. Tabharfar isteach rialacha aonfhoirmeacha ar fud an Aontais chun cur ar a gcumas d’údaráis na mBallstát rochtain a fháil ar chlárlanna láraithe náisiúnta cuntas bainc nó ar chórais aisghabhála sonraí agus feabhas a chur ar an gcomhar idir na húdaráis. Thairis sin, chuir ceithre thuarascáil ón gCoimisiún béim ar an ngá leis an gceathrú agus an cúigiú treoir maidir le frithsciúradh airgid a chur chun feidhme. I mí na Nollag, ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le tosaíochtaí straitéiseacha i dtaca le comhrac in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta. Is uaillmhianach an téacs é a mhéid a bhaineann sé leis an ngá le rialacha níos mionsonraithe agus cúraimí áirithe a leithdháileadh ar chomhlachtaí de chuid an Aontais.

Dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta

Thug an Chomhairle údarú don Choimisiún le comhaontú a chaibidil, thar ceann an Aontais, leis na Stáit Aontaithe maidir le rochtain trasteorann ar fhianaise leictreonach in ábhair choiriúla chomh maith le páirt a ghlacadh sa chaibidlíocht i dtaca leis an dara prótacal breise a ghabhann le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa ar an gCibearchoireacht.

In 2019, d’fhéach an Coimisiún le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a bhunú, oifig a bheidh i mbun oibríochta faoi dheireadh 2020, nó sin é is dóichí. Ceapadh an Pharlaimint agus an Chomhairle Laura Codruţa Kövesi ar an gcéad Phríomh-Ionchúisitheoir Eorpach.

Rinne an tAontas beart le gáinneáil neamhdhleathach ar earraí cultúrtha a chosc. I dtaca leis an rialachán ar earraí den chineál sin a thabhairt isteach agus a iompórtáil chuig an Aontas, rialachán a glacadh i mí Aibreáin, tá sé mar aidhm aige deireadh a chur leis an ngáinneáil aindleathach a thacaíonn leis an sceimhlitheoireacht agus le gníomhaíochtaí coiriúla eile go minic.

RescEU — Córas Eorpach chun dul i ngleic le tubaistí nádúrtha

Ardaíonn héileacaptar oibrí tarrthála ón bhfarraige agus iad taobh thiar de bhád de chuid an Gharda Cósta

OperationShark Bait: léiriú beo ar mhisean tarrthála de chuid an Aontais inar baineadh úsáid as sonraí satailíte Galileo, Oostende, an Bheilg, 26 Meán Fómhair 2019.

Is minice feasta tubaistí nádúrtha ar fud na hEorpa, a tharlaíonn i gcomhthráth uaireanta, agus dá réir sin is deacra do na Ballstáit beart a dhéanamh as lámha a chéile ag freagairt dóibh do na tubaistí sin, agus ós amhlaidh atá, bhunaigh an tAontas rescEU, rud a neartaíonn Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta atá ann cheana féin. In 2019, lean an Coimisiún den obair chun rescEU a chur i mbun oibríochta. Bhí tábhacht as cuimse ag baint le flít iompair rescEU i ndáil le comhrac na dtinte foraoise sa Ghréig i mí Lúnasa 2019.

Achoimre ar shócmhainní flít tosaigh rescEU

Sócmhainní ón nGréig, ón Spáinn, ón Fhrainc, ón gCróit, ón Iodáil agus ón tSualainn a bheidh i bhFlít Tosaigh rescEU (taisce acmhainneachtaí éigeandála don Eoraip), agus beidh naoi n-eitleán dóiteáin agus sé héileacaptar dóiteáin mar chuid de.

Caibidil 8

I dtreo beartas nua maidir leis an imirce

© Fotolia

In 2019, lean an tAontas air ag cur a Chláir Oibre Eorpaigh maidir leis an Imirce chun feidhme, agus is le cur chuige daonnúil cuimsitheach i mbainistiú na himirce a rinne sé sin. Ó 2015 i leith, faoi scéimeanna athlonnaithe arna mhaoiniú ag an Aontas, cuireadh bealaí dleathacha agus sábháilte chun na Eorpa ann do 67 000 de na dídeanaithe is leochailí, agus cuireadh roinnt scéimeanna píolótacha i bhfeidhm i roinnt Ballstáit leasmhara le haghaidh imirce an lucht oibre ó thíortha comhpháirtíochta san Afraic.

Leanadh den obair chun imirce neamhrialta a chosc i gcomhar le tíortha comhpháirtíochta chun líonraí smuigleála sa tSaiheil a chomhrac agus chun ráta fillte éifeachtach na ndaoine gan cheart cónaithe san Aontas a fheabhsú. Feabhsaíodh an ráta sin, a bhuí le comhaontuithe foirmiúla le 23 thír maidir le hathligean isteach, sin nó socruithe praiticiúla a bhaineann le filleadh agus le hathligean isteach.

Faoi dheireadh na bliana, bhí líon na dtrasnuithe teorann neamhrialta 92 % níos ísle ná an líon ab airde i.e. in 2015. Léirigh an tAontas a chuid dlúthpháirtíochta trí bhreis agus €12 bhilliún a chur ar fáil chun cuidiú le dídeanaithe agus le himircigh leochaileacha i dtíortha comharsanachta agus i dtíortha comhpháirtíochta ó 2015 i leith. Ina theannta sin, cuireadh beagnach €11.3 billiún ar fáil do Bhallstáit chun imirce agus teorainneacha a bhainistiú ar bhealach níos fearr.

Bliain chinniúnach ab ea 2019 maidir le bainistiú teorann na hEorpa, rinneadh dlí de rialacha nua lena neartaítear an Gníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i mí na Nollag. Bunófar buanchór leis an rialachán nua uaillmhianach sin, buanchór ina mbeidh 10 000 ball foirne oibríochtúil, baill ag a mbeidh cumhachtaí feidhmiúcháin, sin agus a dtrealamh féin chun idirghabháil a dhéanamh nuair is gá sin ar feadh theorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh, agus i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad.

An Clár Oibre Eorpach maidir leis an Imirce

I mí Mheán Fómhair 2017, rinne na Ballstáit an gealltanas coiteann ba mhó go dtí sin maidir leis an athlonnú, agus gheall siad go ndéanfaidís athlonnú ar breis is 50 000 duine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu. Rinneadh dul chun cinn sa chur chun feidhme sin i rith 2019, agus lean an Coimisiún air ag cabhrú le Ballstáit i gcomhlíonadh a ngealltanas. Agus riachtanais maidir leis an hathlonnú fós ar leibhéal ard go ginearálta, is mór an tábhacht atá leis an dícheall atá an Eoraip a dhéanamh go leanúnach. Faoi mhí na Nollag, bhí 43 800 duine athlonnaithe faoin scéim, is é sin 87 % den líon iomlán a bhí geallta ag na Ballstáit.

Físeán a bhaineann le gníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh maidir le cúrsaí imirce

Mór-roinn na dlúthpháirtíochta: físeán a ghabhann le tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le Cur Chun Feidhme an Chláir Oibre Eorpaigh maidir leis an Imirce’.© An tAontas Eorpach, 2019

Achoimre ar thorthaí chláir athlonnaithe an Aontais

Ó bhí 2015 ann, faoi scáth dhá chlár athlonnaithe de chuid an Aontais, tugadh cúnamh do beagnach 67 000 de na daoine is mó a bhí i mbaol, daoinea raibh cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu, le dídean a fháil san Aontas. Tugtar tacaíocht airgeadais as buiséad an Aontais Eorpaigh do na Ballstáit a athlonnaíonn daoine atá i lúba an ghátair a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu. Faoi scéim athlonnaithe an Aontais (2017-2019), tá an ranníocaíocht sin socraithe ag 10 000 Euro le haghaidh gach duine athlonnaithe.

Bainistiú teorainneacha

I mí na Nollag, rinneadh dlí de rialacha nua lena neartaítear an bealach go ndéanann an tAontas a chuid teorainneacha seachtracha a bhainistiú. A bhuí leis na rialacha sin beidh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i riocht buanchór a bhunú a mbeidh 10 000 ball foirne oibríochtúil ann.

Beidh cumhachtaí feidhmiúcháin agus a dtrealamh féin ag baill an bhuanchóir chun idirghabháil a dhéanamh nuair is gá sin ar feadh theorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh agus i dtíortha nach Ballstáit den Aontas iad atá toilteanach foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta a ghlacadh ar a gcríoch. Ní bheidh ar na Ballstáit a gcuid flaithiúnais a ghéilleadh (ná na tíortha lena mbaineann nach bhfuil san Aontas), agus is leo a fhágfar an fhreagracht maidir le hoibríochtaí teorann agus imeachtaí i ndáil le filleadh. Ceapfar 40 oifigeach cearta le cinntiú go dtabharfaidh baill an bhuanchóir urraim do chearta na náisiúnach ó thíortha nach bhfuil san Aontas, daoine a thrasnaíonn na teorainneacha seachtracha (bíodh an trasnú sin rialta nó ná bíodh) agus náisiúnaigh atá faoi réir oibríochtaí um fhilleadh.

D’éirigh leis an gCoimisiún idirbheartaíocht le cúig thír sna Balcáin Thiar maidir le comhaontuithe stádais a chur i gcrích, rud lena dtugtar cead foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta a chur go láthair na hoibre. Tháinig an comhaontú leis an Albáin i bhfeidhm an 1 Bealtaine 2019, agus 3 seachtaine dár gcionn is ea a cuireadh na foirne go láthair na hoibre. Shínigh an Coimisiún agus Uachtaránacht na Fionlainne ar an gComhairle comhaontú stádais le Montainéagró an 7 Deireadh Fómhair agus leis an tSeirbia an 19 Samhain. Tá bailchríoch fós á cur ar na comhaontuithe leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin agus an Mhacadóin Thuaidh.

Córais faisnéise maidir le slándáil, imirce agus bainistiú teorainneacha

I mí an Mheithimh, tháinig reachtaíocht Eorpach nua i bhfeidhm lena dtugtar cead do chórais éagsúla faisnéise a thacaíonn leis an Limistéar saoirse, slándála agus ceartais sonraí a mhalartú agus faisnéis a chomhroinnt gan rialuithe ag na teorainneacha inmheánacha. A luaithe a bheidh an t-ardán idirnasctha i bhfeidhm (rud a bhfuil coinne leis in 2023), beidh údaráis teorann, imirce, víosaí, bhreithiúnacha agus phóilíneachta in ann cros-seiceáil a dhéanamh ar shonraí céannachta i ngach córas faisnéise de chuid an Aontais ar aon scáileán amháin chun calaois chéannachta a bhrath.

Feictear sa léaráid seo an méadú ar mhaoiniú agus ar phearsanra a leithdháileadh ar Ghníomhaireacht Teorann an Aontais in imeacht na mblianta

Líon méadaithe gardaí teorann an Aontais a chur ag obair ó níos lú ná 300 aonad in 2014 go dtí 1,300 mar atá ann faoi láthair, le 1,500 garda teorann i ndíorma cúltaca a cuireadh leis in 2019 is toradh ar mhéadú ghníomhaireacht teorann an Aontais. Tá infheistíocht leanúnach á déanamh i mbainistiú teorainneacha ó bhí 2006 ann (2.4 billiún euro ó 2006 go 2013, agus 5.6 billiún euro ó 2014 go 2020). 21.3 billiún euro an buiséad a formheasadh le haghaidh na tréimhse 2021-2027, rud atá ina mhéadú mór ar infheistíochtaí. Foinse: An Coimisiún Eorpach.

Tugtar míniú sa léaráid seo ar an gCóras Dul Isteach/Imeachta

Mhol an Coimisiún go mbunófar Córas Dul Isteach/Imeachta chun rannchuidiú nuachóiriú a dhéanamh ar bhainistiú teorainneacha seachtracha trí cháilíocht agus éifeachtúlacht rialú teorainneacha seachtracha limistéar Schengen a fheabhsú. Cuideoidh an córas le Ballstáit déileáil le síormhéadú an líon taistealaithe chuig an Aontas Eorpach ach gan toisc a bheith ann líon na ngardaí teorann a mhéadú. Daingneoidh sé an tslándáil inmheánach agus an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí, agus sainaithneoidh sé daoine nach bhfágann Limistéar Schengen i ndeireadh a dtréimhse fanachta údaraithe.

Leanadh de chur chun feidhme an Chórais Isteach-Amach (EES) agus Córas an Aontais Eorpaigh um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS). Cuirfear an Córas Isteach-Amach in ionad an mhodha reatha lena ndéantar pasanna a stampáil de láimh, agus déanfar sonraí céannachta agus doiciméid taistil chomh maith le dátaí agus áiteanna iontrála agus imeachta a thaifeadadh go leictreonach. Is cúnamh a bheidh ann sin le cinntiú nach bhfanfaidh náisiúnaigh ó thíortha nach bhfuil san Aontas níos faide ná mar a ceadaíodh, cúnamh le feabhas a chur ar cháilíocht agus éifeachtúlacht na rialuithe ag teorainneacha seachtracha, agus cúnamh do na Ballstáit le déileáil leis an méadú ar líon na dtaistealaithe. Cinnteoidh ETIAS gur mó eolas a bheidh ag údaráis náisiúnta i dtaobh riosca don tslándáil nó don imirce neamhrialta a bheith i ndaoine atá ag taistil gan víosa chun na hEorpa roimh theacht dóibh chun na dteorainneacha seachtracha. I gcás inar gá údarú taistil a dhiúltú, d’fhéadfaí sin a dhéanamh.

Físeán a bhaineann leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach

Treisiú an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh. © An tAontas Eorpach, 2019

An imirce a bhainistiú agus daoine a tharrtháil ar muir

Is rannchuidiú a bhí in oibríochtaí agus misin chabhlaigh de chuid an Aontais le breis agus 760 000 duine a tharrtháil ar muir, sin agus rannchuidiú do na Ballstáit le haíocht a sholáthar do dhaoine a bhí ag teacht ón Meánmhuir.

I gcomhréir le Plean Gníomhaíochta an Aontais in aghaidh Smuigleáil Imirceach in 2015, tháinig athbhreithniú ar an rialachán maidir le líonraí oifigeach idirchaidrimh imirce i bhfeidhm i mí Lúnasa. Cinnteofar leis sin comhar agus comhordú níos fearr idir oifigigh idirchaidrimh inimirce a dhéanann Ballstáit, an Coimisiún agus gníomhaireachtaí an Aontais a chur go láthair na hoibre i dtíortha nach bhfuil san Aontas chun inimirce neamhrialta agus coireacht trasteorann ghaolmhar a chosc agus a chomhrac agus freagairt níos fearr di.

Léirítear sa ghraf seo an t-ardú agus an t-ísliú ar thrasnuithe teorann neamhrialta sa Mheánmhuir ó bhí 2014 ann

Idir 2014 agus 2019, bhí an líon trasnuithe teorann neamhrialta suas agus anuas ar na trí phríomhbhealach imirce, is iad sin an Mheánmhuir thoir, an Mheanmhuir láir agus an Mheánmhuir thiar, ach d'fhan an líon sin faoi bhun 50 000 imirceach in aghaidh na míosa den chuid is mó. Is ar bhealach na Meánmhara thoir is airde a bhíonn líonna dtrasnuithe i gcónaí, agus ina dhiaidh sin ar bhealach na Meánmhara láir agus ansin ar bhealach na Meánmhara thiar. Tháinig méadú ar an líon trasnuithe a cláraíodh ó thús 2015 go dtí tús 2016; tháinig méadú níos móar an líon trasnuithe ar bhealach na Meánmhara thoir ná an meán, suas go dtí buaicphointe 200 000 trasnuithe in aghaidh na míosa i mí Dheireadh Fómhair 2015; cláraíodh 10 000 imirceach in aon lá amháin an 20 Deireadh Fómhair. Ó shin i leith tháinig méadú ar an líon trasnuithe teorann neamhrialta ar na trí phríomhbhealach go leibhéil 2014, is é sin i bhfad faoi bhun 50,000 imirceach in aghaidh na míosa. Foinse: Sonraí ón ‘Tuarascáil ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme an Chláir Oibre Eorpaigh maidir leis an Imirce’, COM(2019) 481 final, 16 Deireadh Fómhair 2019. Foinse sonraí: an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta.

Lean an Coimisiún air ag rannchuidiú leis na hiarrachtaí chun cosc a chur ar imircigh dul ar bhealach imirce neamhrialta i dtreo an Aontais mar a mbíonn smuigléirí ag cur beatha na nimirceach i mbaol. Mhaoinigh an Coimisiún ocht bhfeachtas eolais agus ardaithe feasachta, feachtais a dhírigh ar phobail i dtíortha nach bhfuil san Aontas, tíortha a bhféadfadh imircigh neamhrialta a bheith ann, sin agus ar a bpobail iontaofa i ndiaspóra na hEorpa, agus roinneadh eolas trédhearcach ionas go bhféadfadh na himircigh cinneadh eolach a dhéanamh. Chomh maith leis sin, mhéadaigh an Coimisiún an maoiniú le haghaidh Comhpháirtíochtaí Oibríochtúla Coiteanna, Foirne Comhpháirteacha Imscrúdaitheacha mar shampla, mar atá méadú go €22.5 milliún. Sna comhpháirtíochtaí sin idir údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát agus na dtíortha nach bhfuil san Aontas, is ar smuigléirí imirceach in iarthar agus i dtuaisceart na hAfraice a bhítear ag díriú.

Socruithe sealadacha

Léiríonn imeachtaí díbhordála sa Mheánmhuir láir an gá le comhréitigh Eorpacha bunaithe ar an dlúthpháirtíocht, ar ghlacadh na freagrachta, agus urramú na gceart bunúsach. Is gníomhach atá an Coimisiún ag tacú le tabhairt i gcrích na socruithe sealadacha idir na Ballstáit, socruithe a éascaíonn an díbhordáil tar éis oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála sa Mheánmhuir go dtí go mbeidh comhaontú ann maidir le leasú ar chóras inbhuanaithe fadtéarmach i ndáil leis an gcóras Eorpach tearmainn. I dteannta le gníomhaireachtaí an Aontais, agus tar éis do na Ballstáit sin a iarraidh, rinne an Coimisiún comhordú ar an athlonnú deonach i rith 2019, agus is amhlaidh a athlonnaíodh 1 608 nduine.

Filleadh agus athligean isteach

Lean Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle leis an idirbheartaíocht maidir le moladh an Choimisiúin in 2018 chun an Treoir um Fhilleadh a neartú. I measc na n-athruithe ar rialacha comhchoiteanna an Aontais i ndáil le filleadh, tá an simpliú i gcás na ndaoine ar diúltaíodh tearmann dóibh le linn imeachtaí teorann. Dá réir sin, beidh imeachtaí níos soiléire agus níos tapa ann maidir le cinneadh um fhilleadh a eisiúint, agus an riachtanas chun cinneadh um fhilleadh a eisiúint ag an am céanna le haon chinneadh a chuireann deireadh le cónaí dlíthiúil, sin nó é a eisiúint go gairid ina dhiaidh sin.

I mí na Nollag, neartaíodh cumas na Gníomhaíochta Eorpaí um an nGarda Teorann chun tacú le filleadh trí rialachán nua a tháinig i bhfeidhm. Tugann sin ról níos réamhghníomhaí chun tacú leis na Ballstáit, ról atá bunaithe ar na riachtanais atá acu, agus leathnaítear an raon feidhme maidir le cúnamh a d’fhéadfaí a thabhairt ag gach céim den nós imeachta i ndáil le filleadh.

Tá 23 ionstraim maidir leis an athligean isteach tugtha i gcrích ag an gCoimisiún le tíortha nach bhfuil san Aontas. In 2019, leanadh ar aghaidh leis an obair idirbheartaíochta le sé thír eile le haghaidh comhaontuithe nó creat comhair imirce.

Cosaint don duine dearóil

An córas tearmainn a athchóiriú

In ainneoin thréaniarrachtaí Uachtaránacht na Rómáine agus Uachtaránacht na Fionlainne ar an gComhairle, theip ar na Ballstáit teacht ar chomhaontú, agus níl aon dul chun cinn déanta go dtí seo maidir le beartas tearmainn an Aontais. A luaithe a chuaigh siad i mbun dualgais i mí na Nollag, chuaigh an Leas-Uachtarán Margaritas Schinas agus an Coimisinéir Ylva Johansson ar cuairt chuig an Danmhairg, an Ghearmáin, an Ghréig, an Fhrainc, an Iodáil agus an Ungáir, rud a rinne siad le héisteacht a thabhairt do rialtais na dtíortha sin. Bhí díospóireacht struchtúrtha acu beirt le Parlaimint na hEorpa. Is gné thábhachtach de thiomantas an Uachtaráin von der Leyen atá sa dul i gcomhairle chun snaidhm na himirce a scaoileadh, agus beidh sé ina chúnamh i múnlú an Chomhaontaithe Nua maidir le hImirce agus Tearmann, comhaontú a mholfar in 2020.

Teophointí agus tacaíocht le haghaidh na Gréige, na Cipire, Mhálta, na hIodáile agus na Spáinne

Ó 2015 anall, sholáthair an Coimisiún €2.2 billiún ina thacaíocht airgeadais chun cúnamh a thabhairt d’údaráis na Gréige, d’eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus d’eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna) i mbainistiú na himirce. Is faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (AMIF) a soláthraíodh é sin, faoin gCiste Slándála Inmheánaí (ISF) agus faoin Ionstraim Tacaíochta Éigeandála. Chomh maith leis sin, lean an Coimisiún den tacaíocht struchtúrach d’údaráis na Gréige faoin ionadaíocht bhuan atá aige sna hoileáin Aeigéacha.

Ó mhí Mheán Fómhair 2019, tá ionadaíocht bhuan ag an gCoimisiún sa Chipir chun tacú le húdaráis na Cipire i mbainistiú éifeachtúil na himirce. B’fhiú €103.5 milliún don tír sin an maoiniú a fuair sí ón Aontas ó 2014 i leith. Idir 2014 agus deireadh 2019, sholáthair an tAontas tacaíocht luach €112.85 milliún do Mhálta, idir mhaoiniú ón gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus mhaoiniú ón gCiste Slándála Inmheánaí.

Maidir leis an Iodáil, fágann an €59.4 milliún a leithdháileadh uirthisean in 2019 gur €285.2 milliún an luach iomlán a bhí sa chabhair éigeandála. Is comhlánú é sin ar thacaíocht €737.4 milliún a sholáthair an tAontas don Iodáil faoina chláir náisiúnta le haghaidh an Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht agus an Chiste Slándála Inmheánaí idir 2014 agus 2020.

Lean an Coimisiún air ag tacú leis an Spáinn, agus ó 2018 bhronn sé os cionn €52 mhilliún de chabhair éigeandála ina thacaíocht dhaonnúil do na himircigh, chun lárionaid áitiúla chláraithe agus lárionaid réamhghlactha a bhunú, agus chun fórsaí breise Guardia Civil a chur go láthair na tacaíochta.

Maidir le himircigh a bhain teophointí amach sa Ghréig agus san Iodáil, sin agus lárionaid chlárúcháin ar chósta theas na Spáinne, leanadh dá gclárú, dá sainaithint, agus de chlárú a gcuid méarlorg faoi mar is ceart.

Tacaíocht airgeadais le haghaidh bhainistiú éifeachtúil na himirce

Trí mhaoiniú mór a chur ar fáil trí chláir ghníomhaíochta náisiúnta arna mbainistiú ag na Ballstáit, tacaíonn an tAontas le hiarrachtaí náisiúnta i bhfeabhsú na himirce agus i mbainistiú na dteorainneacha. In 2019, sholáthair sé €467 milliún faoin gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, €442.7 milliún faoin gCiste Slándála Inmheánaí (Teorainneacha agus Víosaí) agus €92.7 milliún faoin gCiste Slándála Inmheánaí (Póilíní).

Achoimre ar chistí um bainistiú imirce

Leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, tugtar tacaíocht do na Ballstáit sreabha imirce a bhainistiú, cuir i gcás i réimse an tearmainn, an imeasctha, na himirce dleathaí agus an fhillte. Leis an gCiste Slándála Inmheánaí tugtar tacaíocht d'iarrachtaí na mBallstát cosaint níos fearr a thabhairt do shlándáil shaoránaigh agus teorainneacha seachtracha an Aontais a bhainistiú agus a chosaint níos fearr. Tá dhá ionstraim ann: an Ciste Slándála Inmheánaí (Teorainneacha agus Víosa) agus an Ciste Slándála Inmheánaí (Póilíní). Cóipcheart: an tAontas Eorpach

An Ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc

Leis an Ráiteas ón Aontas Eorpach–Tuirc, lean soláthar na slite malartacha seachas na bealaí contúirteacha, agus de tharrtháil na ndaoine sa Mhuir Aeigéach. Líon na n-imirceach neamhrialta a thrasnaigh an fharraige chun na Gréige ón Tuirc in 2019 (c. 60 000), b’ísle go mór é ná a líon roimh an ráiteas (roimh mhí Dheireadh Fómhair 2015). Bhunaigh na Ballstáit conairí eagraithe sábháilte dleathacha le go dtiocfadh dídeanaithe de chuid na Siria ón Tuirc go dtí an Eoraip, rud a tharla de bharr athlonnú a dhéanamh ar 25 700 díobh nó mar sin (go deireadh 2019). In 2019, tríd an gclár Filleadh Deonach Cuidithe agus Ath-Imeascadh, tharla 3 854 huaire gur fhill daoine go deonach ón nGréig go tíortha nach Ballstáit den Aontas iad, 3 260 duine díobh ón mórthír agus 594 dhuine díobh ó na hoileáin. Ó 2016, le tacaíocht ón gclár, is 17 900 a bhí i líon iomlán na n-imirceach a d’fhill go deonach ó oileáin na Gréige agus ón mórthír araon.

San am céanna, leis an €6 bhilliún a tugadh don Tuirc ó 2016–2019 ó Shaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc, cuireadh ar lean tacaíocht an Aontais le hobair na Tuirce i soláthar tearmainn do na dídeanaithe.

Faoi dheireadh 2019, bhí an buiséad iomlán leithdháilte ar ghníomhaíochtaí éagsúla. Is €4.7 billiún a cuireadh ar conradh, agus bhí €3.2 billiún de íoctha faoin am sin. Tá cúnamh airgid míosúil ag 1.7 milliún imirceach fós, cúnamh ar a dtugtar an Líontán Sábhála Sóisialta Éigeandála, cúnamh i gcomhlíonadh a gcuid bunriachtanas, agus tá rochtain ar oideachas ag níos mó ná 500 000 duine de chlann na ndídeanach.

Fear aosta agus é i mbun comhrá le hoibrí cabhrach

Dídeanaí as Raqqa sa tSiria a bhain tairbhe as an Líontán Sábhála Sóisialta Éigeandála atá maoinithe ag an Aontas agus é ag labhairt le ball foirne ón gClár Domhanda Bia ina theach, Ankara, an Tuirc, 24 Meán Fómhair 2019.

Feabhas a chur ar chonairí sábháilte ordúla dleathacha chun na hEorpa isteach

An beartas víosaí

Lean an tAontas air ag nuashonrú agus ag cuíchóiriú an bheartais víosaí atá aige le haghaidh náisiúnaigh ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad, náisiúnaigh atá ag taisteal chuig limistéar Schengen. Ó mhí Feabhra 2020 amach, úsáidfear an Cód Víosaí athbhreithnithe chun an rómhaorlathas a laghdú agus chun nósanna imeachta maidir le víosaí a éascú, ach ní bheidh laghdú slándála ann dá dheasca sin. Leagtar síos sásra nua sa chód athbhreithnithe, sásra faoina mbeidh coinníollacha níos déine chun víosaí a phróiseáil i gcás nach leor comhoibriú na tíre chomhpháirtíochta um a cuid náisiúnach féin a athligean isteach, náisiúnaigh nach ceadmhach dóibh fanacht san Aontas. I gcás catagóirí áirithe taistealaithe, féadfaidh na Ballstáit moill a chur ar phróiseáil na víosaí, nó bailíocht na víosaí a ghiorrú tar éis a n-eisithe, nó táille an víosa a ardú, chomh maith leis an díolúine ó tháillí dá leithéid a mhodhnú.

Éisiúint víosaí a éascú agus víosaí a chur ar fionraí

I mí an Mheithimh, tugadh chun críche an chaibidlíocht idir an tAontas agus an Bhealarúis faoi Éisiúint Víosaí a Éascú agus faoi Chomhaontuithe um Athligean Isteach, agus cuireadh inisealacha na bPríomh-Idirbheartaithe leis na comhaontuithe. Tá an dá thaobh ag obair anois chun deireadh a chur lena gcuid nósanna imeachta inmheánacha le go bhféadfar na comhaontuithe a shíniú agus a thabhairt i gcrích. Síneofar an dá chomhaontú agus tiocfaidh siad i bhfeidhm go comhuaineach.

In 2017, neartaíodh an Sásra lena dTarscaoiltear Víosaí chun freagairt thapa a éascú i gcásanna práinne. I mí an Mheithimh 2019, is ón Ísiltír a fuair an Coimisiún fógra faoin sásra a bhain leis an Albáin. Tar éis ábhar an fhógra a mheas go cúramach, agus de réir na faisnéise a bhí ar fáil, sin agus de réir na sonraí ábhartha, dar leis an gCoimisiún nár comhlíonadh na cúinsí is gá chun an sásra a ghníomhachtú, agus thug sé gealltanas go ndéanfadh sé monatóireacht ar an gcás.

Cómhalartacht na víosaí

Sa lá atá inniu ann, is féidir le saoránaigh ó thart ar 60 tír as gach cearn den domhan taisteal chuig an Aontas gan víosa. Dá réir sin, ba cheart go mbeadh saoránaigh an Aontais in ann taisteal chuig na tíortha sin. Is cuid lárnach dár gcomhbheartas maidir le víosaí é prionsabal seo na cómhalartachta. Rinneadh dul chun cinn leis na Stáit Aontaithe nuair a d’fhógair rialtas na Stát Aontaithe mí Mheán Fómhair go raibh an Pholainn cáilithe le bheith comhpháirteach sa Chlár Tarscaoilte Víosaí atá acu. Cé gur lean na Stát Aontaithe orthu ag éileamh víosa ar shaoránaigh na Bulgáire, na Cróite, na Cipire agus na Rómáine, is míniú atá sa chéim chun cinn sin cén fáth arb í taidhleoireacht na foighne a chleachtann an Coimisiún i gcás rialtas na Stát Aontaithe.

Léirigh na Stát Aontaithe go bhfuil siad toilteanach na Ballstáit sin a ligean isteach sa Chlár Tarscaoilte Víosaí ach a mbíonn na ceanglais a leagtar amach i reachtaíocht na Stát Aontaithe comhlíonta acu, ceanglas i leith an chomhair shlándála mar shampla, agus i leith laghdú an ráta diúltaithe víosaí.

Pasanna órga agus víosaí órga

I mí Eanáir, rinne an Coimisiún cur i láthair faoi thuarascáil chuimsitheach ar scéimeanna um shaorántacht agus cónaí an infheistitheora, scéimeanna atá i bhfeidhm i roinnt de na Ballstáit. Leis na scéimeanna sin, “pasanna órga” agus “víosaí órga” mar is minic a thugtar orthu faoi seach, ligtear do dhuine náisiúntacht nua nó cead cónaithe a iarraidh agus gan de bhunús leis an iarratas ach infheistiú. Maidir le tíortha a dtig lena gcuid saoránach taisteal chuig an Aontas gan víosa, cuireadh i dtábhacht i dtuarascáil an Choimisiúin nach mór do na tíortha sin seiceálacha slándála agus taighde cúlra a dhéanamh ar iarratasóirí ar scéimeanna um shaorántacht an infheistitheora, agus sin ar na caighdeáin is airde is féidir. Tá monatóireacht á déanamh ag an gCoimisiún ar an méid sin mar chuid den Sásra lena dTarscaoiltear Víosaí. Sa mhéid a bhaineann le tíortha is iarrthóirí agus le hiarrthóirí ionchasacha, déantar monatóireacht ar scéimeanna um shaorántacht i gcomhthéacs phróiseas aontachais an Aontais freisin. Féach Caibidil 7 freisin.

Cothú na himirce atá bunaithe ar riachtanais

In 2019, neartaigh an tAontas an comhar déthaobhach le tíortha tionscnaimh agus idirthurais agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce neamhrialta agus an easáitithe éigeantais, chun feabhas a chur ar bhainistiú na dteorainneacha agus chun tacú le filleadh deonach agus le soghluaisteacht na ndaoine. D’oibrigh an tAontas Eorpach leis an Aontas Afracach agus leis na Náisiúin Aontaithe freisin trína dTascfhórsa comhpháirteach.

Ionas gurbh fhusa daoine a thabhairt chuig an Aontas a bhfuil na scileanna agus na buanna acu atá de dhíth ar mhargadh an tsaothair, lean an Coimisiún den obair i bhforbairt na gconairí dleathacha le haghaidh na himirce dleathaí. San earrach, chuir an Coimisiún meastóireacht fhoriomlán i gcrích, meastóireacht ar rialacha an Aontais maidir leis an imirce dhleathach. Dheimhnigh torthaí an “tseiceála oiriúnachta” sin a thábhachtaí atá beartas imirce éifeachtach dleathach mar ghné lárnach de bheartas cuimsitheach Eorpach i leith na himirce.

Le linn na bliana, lean obair an Choimisiúin i gcomhar leis na Ballstáit ar scéimeanna píolótacha maidir le himirce lucht oibre a eagrú leis na tíortha comhpháirtíochta is mó tábhacht, tíortha san Afraic i dtús báire. Chun na críche sin, sholáthair an Coimisiún tacaíocht airgeadais, tacaíocht a soláthraíodh faoin gCiste Iontaobhais Éigeandála le haghaidh na hAfraice san áireamh.

An lánpháirtiú

Is freagracht náisiúnta é an beartas lánpháirtithe. In 2019, mar sin féin, trí chomhordú na mbeartas, malartú na gcleachtas, monatóireacht agus maoiniú, lean an Coimisiún air ag tacú le dícheall na mBallstát, dícheall na n-údarás áitiúil agus réigiúnach, agus dícheall na ENRanna agus na ngníomhairí eile. Cuireadh na bearta sin i bhfeidhm i gcomhair chomhtháthú na náisiúnach ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad, náisiúnaigh ar bronnadh stádas an dídeanaí orthu. In 2019, mhaoinigh an Coimisiún ocht líonra cathracha agus réigiún, líonraí móra trasnáisiúnta a thug níos mó ná 40 cathair Eorpach agus 10 réigiún le chéile chun oibriú i gcomhar le chéile ar cheisteanna comhtháthaithe. I gcomhthéacs an Líonra um Chomhtháthú na hEorpa, thacaigh an Coimisiún le roinnt gníomhaíochtaí foghlama frithpháirteacha le haghaidh údaráis náisiúnta, ina measc sin clár nuálach tacaíochta idir na Ballstáit chun beartas sonrach nó clár maidir le comhtháthú a chur ar bun nó a fheabhsú.

Caibidil 9

Gníomhaí domhanda níos láidre

I dtréimhse mhí-oird domhanda, nuair a bhíonn ionsaí á dhéanamh ar choincheap an iltaobhachais, tá an tAontas Eorpach chun tosaigh in iarracht dhomhanda aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an lae inniu trí chomhar idirnáisiúnta. In 2019, d’oibrigh an tAontas chun na Náisiúin Aontaithe agus comhaontuithe tábhachtacha iltaobhacha a chosaint agus a neartú, idir an margadh núicléach leis an Iaráin agus Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide agus na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.

Thacaigh an tAontas le cainteanna faoi stiúir na Náisiún Aontaithe lenar bhain an aidhm aghaidh a thabhairt ar na coinbhleachtaí is measa d’ár ré, sa tSiria agus sa Libia mar shampla, agus rannchuidigh sé le Comhaontú Stócólm a bhí faoi stiúir na Náisiún Aontaithe i dtaobh Éimin. Bhí sé i láthair ag caibidlíocht as a dtáinig comhaontú síochána i Mósaimbíc, bhí sé ina fhinné ar a shínithe agus thacaigh sé lena chur chun feidhme.

Chruthaigh an tAontas Grúpa Teagmhála Idirnáisiúnta maidir le Veiniséala i gcomhar le tíortha ón Eoraip agus ó Mheiriceá Laidineach chun cabhrú le réiteach síochánta agus daonlathach a shocrú i dtaobh na géarchéime. D’óstaigh sé Comhdháil Dlúthpháirtíochta Idirnáisiúnta le haghaidh dhídeanaithe agus imircigh Veiniséala. Reáchtáladh príomhchruinnithe mullaigh leis an Úcráin, leis an tSín, leis an tSeapáin agus, den chéad uair, le Léig na Stát Arabach.

Thacaigh an tAontas le hathchóirithe sna Balcáin Thiar agus i gcomharsanachtaí an oirthir agus an deiscirt agus chomhdhlúthaigh sé na comhpháirtíochtaí atá aige leis na tíortha sin.

Chuir an tAontas feabhas lena ról i dtaobh slándála agus cosanta trí infheistíocht a dhéanamh i dtionscal cosanta na hEorpa, i gcumais idir mhíleata agus shibhialtacha agus i dteicneolaíocht na hEorpa. Ghlac an tAontas céim níos gaire chun Ciste Eorpach Cosanta a bhunú agus chun caidreamh níos dlúithe a chruthú le ECAT.

Lean an tAontas ar aghaidh lena mhisean daonnúil trí €1.6 billiún de chabhair a thabhairt do thíortha atá thíos le tubaistí de dhéantús an duine nó tubaistí nádúrtha.

Comharsanacht an Aontais Eorpaigh

An chomharsanacht thoir

In 2019, lean an tAontas de chothú na cobhsaíochta, slándála agus an rathúnais faoin mBeartas Comharsanachta Eorpach agus de thacú leo agus lean sé de chomhpháirtíochtaí láidre a fhorbairt le tíortha comharsanachta san oirthear agus sa deisceart.

I mí na Bealtaine, rinne Cruinniú Aireachtúil agus Comhdháil Ardleibhéil sa Bhruiséil 10 mbliana de Chomhpháirtíocht an Oirthir a cheiliúradh. Rinneadh dul chun cinn ar athchóirithe i ngach réimse den 20 sprioc insoláthartha le haghaidh chlár oibre 2020, go háirithe maidir leis an ngeilleagar agus leis an réimse digiteach, iompair, nascachta, fuinnimh agus soghluaisteachta, cé go bhfuil dúshláin ann go fóill sna réimsí maidir le rialachas agus forbairt institiúide. Tá sé i gceist cuspóirí beartais fadtéarmacha, cuspóirí a bheidh bunaithe ar chomhairliúchán leathan a rinneadh in 2019 maidir le todhchaí na comhpháirtíochta, a thíolacadh sula reáchtálfar Cruinniú Mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir sa chéad leath de 2020.

Grúpa daoine óga agus iad ina suí ar pháirc imeartha

Daoine óga as an Aontas agus as na sé thír de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir (an Airméin, an Asarbaiseáin, an Bhealarúis, an tSeoirsia, an Mholdóiv, agus an Úcráin) agus iad ag freastal ar an tríú campa samhraidh de chuid na Scoile Eorpaí, Tbilisi, an tSeoirsia, 17 Lúnasa 2019.

An caidreamh leis an Úcráin

Ag an gcruinniú mullaigh i gCív i mí Iúil, d’eisigh an tAontas agus an Úcráin comhráiteas agus d’athdhearbhaigh an tAontas a thiomantas do neamhspleáchas, do cheannasacht agus do shláine críche na hÚcráine. Dhearbhaigh an tAontas freisin a thacaíocht do chur chun feidhme chomhaontuithe Mhionsc agus d’obair Fhormáid na Normainne, d’obair an Ghrúpa Teagmhála Thríthaobhaigh i dtaobh na hÚcráine agus d’obair na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) a bhíonn dírithe ar réiteach síochánta agus inbhuanaithe ar an gcoinbhleacht a bhaint amach. Shínigh an Coimisiún agus rialtas na hÚcráine ceithre chlár dar luach €109 milliún ó phacáiste tacaíochta bliantúil 2019 an Choimisiúin don tír. Beidh siad dírithe ar dhí-lárú, ar an gcomhrac i gcoinne an éillithe, ar thacú leis an tsochaí shibhialta, ar chomhar teicniúil i dtaobh na bpríomhathchóirithe agus ar an gComhaontú Comhlachais lena Limistéar Domhain Cuimsitheach Saorthrádála a chur chun feidhme.

An Rúis

Lean an tAontas de chur chuige dériain a chur chun feidhme i leith na Rúise, cur chuige a bhí ina dhúshlán straitéiseach go fóill: smachtbhannaí mar fhreagairt ar sháruithe na Rúise ar cheannasacht agus ar shláine críche na hÚcráine agus rannpháirtíocht roghnaitheach de réir mar ba ghá maidir le saincheisteanna ar díol suime don Aontas iad, malartuithe óige agus cultúrtha, mar shampla, agus comhar oideachasúil idir an tAontas agus an Rúis.

Comharsanacht theas

An cúnamh airgeadais agus teicniúil ón Aontas in 2019, chuidigh sí chun dul i ngleic le príomhdhúshláin an réigiúin: na coinbhleachtaí sa tSiria, i Libia agus idir Iosrael agus an Phalaistín agus tá sé gan dochar do sheasaimh éagsúla na mBallstát ar an gceist sin), brú imirce leanúnach, droch-rialachas agus timpeallacht ghnó lag. Tugadh spreagadh as an nua don chaidreamh idir an tAontas agus Maracó i mí an Mheithimh nuair a rinneadh dearbhú comhpháirteach polaitiúil dírithe ar chomhpháirtíocht a fhorbairt chun rathúnas a bhaint amach don dá thaobh. Bhí baint mhór ag an bPlean Infheistíochta Seachtraí le maoiniú na hearnála príobháidí agus i mborradh a chur faoin bhforbairt eacnamaíoch agus faoi chruthú post i réigiún chomharsanacht an deiscirt agus san Afraic.

Na Balcáin Thiar agus próiseas an mhéadaithe

Lean institiúidí an Aontais de thacaíocht a thabhairt do pheirspictíocht bhallraíocht an Aontais i leith na mBalcán thiar in 2019, i gcomhréir le Straitéis na mBalcán Thiar agus Clár Oibre Tosaíochtaí Shóifia, straitéis atá dírithe ar neartú chlaochlú polaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta an réigiúin. Lean an tAontas de bheith ag tacú leis an gcomhar chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht eacnamaíoch agus shóisialta an réigiúin agus chun an ceann is fearr a fháil ar oidhreacht na staire. D’imigh na Balcáin thiar, mar shampla, i bpáirt le comhaontú fánaíochta réigiúnach a tháinig i bhfeidhm i mí Iúil, rud a d’ísligh táillí fánaíochta go mór sa réigiún agus as a dtiocfaidh cur ar neamhní na gcostas fánaíochta in 2021. Réiteach stairiúil sa réigiún a bhí ann nuair a tháinig Comhaontú Prespa i bhfeidhm idir an Ghréig agus an Mhacadóin Thuaidh.

Reáchtáladh an chéad chruinniú aireachta idir an tAontas agus na Balcáin Thiar maidir le fostaíocht agus gnóthaí sóisialta i Lucsamburg an 12 Meitheamh. Bhuail airí ó Uachtaránacht triúrachta na Comhairle (an Rómáin, an Fhionlainn agus an Chróit), in éineacht leis an gCoimisiún, lena macasamhla de chuid na mBalcán Thiar chun raon saincheisteanna maidir le fostaíocht agus beartas sóisialta a phlé. Táthar ag súil go dtionólfar an cruinniú gach bliain, is é is aidhm don chruinniú tuairimí a mhalartú maidir le dúshláin a bhaineann le fostaíocht agus athchóirithe sóisialta a rachaidh chun tairbhe do gach saoránach sa réigiún.

I mí Dheireadh Fómhair, rinne an Chomhairle Eorpach anailís ar na moltaí ón gCoimisiún chun tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Albáin agus leis an Macadóin Thuaidh agus rinne sí cinneadh filleadh ar cheist an mhéadaithe roimh an gcruinniú mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin thiar in Ságrab i mí na Bealtaine 2020.

An Tuirc

Lean an caidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Tuirc de bheith dúshlánach mar gheall ar an staid chriticiúil maidir le riail an dlí, cearta bunúsacha agus neamhspleáchas na mbreithiúna sa Tuirc, agus mar gheall ar an méadú ar theannas sa Mheánmhuir thoir. Lean an tAontas de chúnamh a thabhairt do dhídeanaithe faoin tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc, saoráid trína mbainisítear €6 bhilliún de mhaoiniú chun cuidiú le breis agus 4 mhilliún dídeanaí atá á n-óstáil sa tír.

Caidreamh idir an Afraic agus an Eoraip

Tá tús curtha le comhpháirtíocht nach bhfacthas a leithéid riamh ag an Aontas leis an Afraic, comhpháirtíocht ina ndéantar infheistíocht i bhfíorchaidreamh polaitiúil idir páirtithe comhionanna. Cuimsíonn an chomhpháirtíocht idir an tAontas agus an Afraic éagsúlacht réimsí, lena n-áirítear forbairt, síocháin agus slándáil, imirce, aeráid, fuinneamh, talmhaíocht, trádáil, infheistíocht inbhuanaithe agus poist, nuálaíocht, oideachas, an óige, daonlathas agus cearta an duine.

In 2019, rinneadh dul chun cinn ar chur chun feidhme Chomhghuaillíocht na hAfraice-na hEorpa um Infheistíocht Inbhuanaithe agus Poist 2018. Tá €3.7 billiún curtha ar fáil cheana féin ag an Aontas faoin bPlean Infheistíochta Seachtraí, a bhfuiltear ag súil go ndéanfaidh sé €37.1 billiún d’infheistíocht a ghiaráil i gComharsanacht an Aontais agus san Afraic fho-Shahárach. Tá an gealltanas chun breis agus €300-350 milliún a thiomnú in aghaidh na bliana idir 2018 agus 2020, chun an timpeallacht ghnó agus infheistíochta a neartú, ag déanamh dul chun cinn de réir sprice freisin, agus €718 milliún infheistithe ag an Aontas sa bhliain 2018.

Ursula von der Leyen agus Gedu Andargachew agus iad i mbun comhrá

Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus Gedu Andargachew, Aire Gnóthaí Eachtracha na hAetóipe, nuair a bhuail siad le chéile in Addis Ababa, an Aetóip, 7 Nollaig 2019.

Maidir le soghluaisteacht, tá gealltanas an Aontais chun tacú le 35 000 mac léinn agus ball foirne faoi 2020 ag déanamh dul chun cinn de réir sprice agus bhí thart ar 25 000 duine ag baint tairbhe as faoi dheireadh 2019. Maidir le comhtháthú eacnamaíoch agus trádáil, tacóidh an tAontas le Limistéar Saorthrádála Mhór-roinn na hAfraice le €62.5 billiún go dtí 2020. Faoi dheoidh, tá rath ar obair na gceithre thascfhórsa a bunaíodh le saineolaithe ón Afraic agus ón Eoraip sna réimsí a leanas; an talmhaíocht, an geilleagar digiteach, fuinneamh agus iompar.

Meiriceá Thuaidh agus Meiriceá Laidineach

Lean an tAontas de bheith ag obair le ceann dá phríomh-chomhpháirtithe, na Stáit Aontaithe. Is samplaí den chomhar sin iad na Balcáin thiar agus an Úcráin, maidir le fuinneamh, frithsceimhlitheoireacht agus cibearshlándáil. Is comhartha í an chomhpháirtíocht neartaithe idir an tAontas agus ECAT ar an spás slándála trasatlantach a bhíonn ag éirí níos idirnasctha.

D’imigh an tAontas i gcomhar le Ceanada chun an t-iltaobhachas mar aon leis an ord domhanda riailbhunaithe a chosaint, lenar n-áiríodh córas trádála idirnáisiúnta atá saor agus cóir. Thug an dá thaobh gealltanas ag a gcruinniú mullaigh in Montreal i mí Iúil an comhaontú saorthrádála idir an tAontas agus Ceanada a chur chun feidhme ina iomláine.

I mí Aibreáin, d’fhoilsigh an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála Leas-Uachtarán an Choimisiúin teachtaireacht chomhpháirteach inar leagadh amach fís le haghaidh comhpháirtíocht níos láidre agus níos nua-aimseartha le Meiriceá Laidineach agus leis an Muir Chairib a bheadh dírithe ar thrádáil, infheistíocht agus comhar earnálach. In 2019, lean an tAontas de bheith chun cinn ag tacú leis an gcomhaontú síochána sa Cholóim, rinne sé an chéim nua dá chaidreamh le Cúba a chomhdhlúthú ag an dara Comhairle Chomhpháirteach ar leibhéal aireachtúil idir an tAontas agus Cúba faoin gComhaontú maidir le hIdirphlé Polaitiúil agus Comhar agus bhunaigh sé an Grúpa Teagmhála Idirnáisiúnta um Veiniséala chun cúnamh a thabhairt an ghéarchéim ansin a réiteach. I mí Dheireadh Fómhair, thug an Chomhdháil Dlúthpháirtíochta Idirnáisiúnta maidir le Géarchéim Dídeanaithe agus Imirceach Veiniséala tíortha an réigiúin, an tAontas, Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe do Dhídeanaithe (UNHCR) agus Gníomhaireacht Imirce na Náisiún Aontaithe (IOM) le chéile chun iarracht a dhéanamh comhordú síochána agus na freagartha daonnúla a fheabhsú.

An Áise agus an tAigéan Ciúin

Tá caidreamh seanbhunaithe idir an tAontas Eorpach agus na cúig thír san Áise Láir — an Chasacstáin, an Chirgeastáin, an Táidsíceastáin, an Tuircméanastáin agus an Úisbéiceastáin — caidreamh atá bunaithe ar leasanna comhchoiteanna láidre. I mí na Bealtaine, leag an tAontas amach a fhís le haghaidh comhpháirtíocht níos láidre leis na tíortha sin, ag díriú ar theacht aniar, rathúnas agus comhar níos fearr.

An tSeapáin

Bhí toradh Chomhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí an Aontais–na Seapáine 2018, arna chur chun feidhme go sealadach ó Fheabhra 2019, agus an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche, comhaontú atá i bhfeidhm ón uair sin freisin, le sonrú den chéad uair in 2019. Reáchtáladh an 26ú cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tSeapáin sa Bhruiséil i mí Aibreáin. An 7 Meán Fómhair, shínigh an tUachtarán Juncker agus an Príomh-Aire Abe Comhpháirtíocht um Nascacht Inbhuanaithe agus Bonneagar den Scoth. Is í an chéad chomhpháirtíocht den chineál sin agus leagtar béim inti ar thábhacht straitéiseach an chaidrimh sin, ar thug an dá pháirtí gealltanas é a neartú.

An tSín

I mí an Mhárta, i gcomhthéacs an fháis ar chumhacht eacnamaíoch agus ar thionchar polaitíochta na Síne, rinne an Coimisiún Eorpach agus an tArdionadaí athbhreithniú ar an gcaidreamh idir an tAontas agus an tSín agus ar na deiseanna agus ar na dúshláin lena mbaineann i dteachtaireacht chomhpháirteach. Leag siad amach 10 ngníomhaíocht nithiúla a phléigh na ceannairí ag an gComhairle Eorpach an 2 Márta.

Thug an tAontas agus an tSín gealltanas ag an gcruinniú mullaigh eatarthu i mí Aibreáin, an chomhpháirtíocht straitéiseach a dhoimhniú agus chun clár oibre nua don chomhar eatarthu don tréimhse ó 2020 amach a ghlacadh faoin gcéad chruinniú mullaigh eile. Chomhaontaigh an dá thaobh conairí iarnróid comhchoiteanna idir an tAontas agus an Áise a shainaithint agus tá siad ag obair ar fhorbairt áitiúil i dtíortha idirthurais. Tá an dá thaobh páirteach ar dhóigh níos mó le slándáil na hÁise, idir chomhar míleata le Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir agus thacaíocht do dhí-armáil núicléach leithinis na Cóiré.

Bhí cur chuige níos straitéisí i leith na hÁise in 2019 mar chuid d’aidhm an Aontais chun cur chuige comhleanúnach a shaothrú i leith nascacht siar na Síne atá á forbairt faoi láthair. Cuirtear le straitéis nascachta an Aontais beartas chun cinn lena n-áirítear tionscadail bhonneagair trína gcruthaítear deiseanna córa eacnamaíocha agus trína gcothaítear nascacht inbhuanaithe.

An Meánoirthear

An Iaráin

In 2019, lean an tAontas de thacaíocht a thabhairt do shocrú núicléach na hIaráine agus dá chur chun feidhme iomlán agus éifeachtach i dtaca le gach gné de. Is oth leis an Aontas gur tharraing na Stáit Aontaithe siar ón bPlean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta agus go ndéarna siad smachtbhannaí a fhorchur athuair agus is cúis mhór imní dó gur thosaigh an Iaráin ag saothrú gníomhaíochtaí nach raibh i gcomhréir lena gealltanais faoin gcomhaontú. I gcomhréir le conclúidí na Comhairle an 4 Feabhra 2019, tá an tAontas ag saothrú cur chuige cuimsitheach leis an Iaráin d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna imní go léir agus chun gnéithe den cháineadh ábhartha a chothromú le hidirphlé cuiditheach ardleibhéil, idirphlé cuiditheach ardleibhéil lena n-áirítear an t-idirphlé polaitiúil faoi stiúir an Aontais leis an Iaráin maidir le saincheisteanna réigiúnacha.

Iosrael, an Phalaistín agus próiseas síochána an Mheánoirthir

Lean an tAontas de phrionsabal an réitigh dhá stát a chosaint agus a chur chun cinn maidir leis an gcoinbhleacht idir Iosrael agus an Phalaistín, réiteach atá bunaithe ar na paraiméadair idirnáisiúnta a comhaontaíodh. Chuir an tAontas beagnach €350 milliún de thacaíocht airgeadais ar fáil do na Palaistínigh, agus cuid mhaith den mhaoiniú dírithe ar iarrachtaí chun bunchlocha an stáit Phalaistínigh a bheidh ann amach anseo a thógáil.

Ambasadóirí Erasmus+ agus iad suite taobh thiar de bhord, ag freagairt ceisteanna ó chomh-mhic léinn

Mic léinn ag seastán eolais Erasmus+ le linn an tseisiúin taispeánta agus líonraithe ag an turas ar champais mar chuid de #EU4YOUth a chuir an tAontas chun cinn i measc an aosa óig, Birzeit, an Phalaistín, 21 Feabhra 2019.

An tSiria

Gheall an tAontas EUR 560 milliún don bhliain 2020 ag Comhdháil na Bruiséile III maidir leis an tSiria i mí an Mhárta, chun tacú le gníomhaíochtaí daonnúla, athléimneachta agus forbartha sa tír agus san Iordáin agus sa Liobáin.

An Libia

Dhírigh rannpháirtíocht an Aontais Eorpaigh in 2019 ar thacaíocht idirnáisiúnta agus ar iarrachtaí réigiúnacha chun teacht ar réiteach inbhuanaithe ar ghéarchéim pholaitiúil i Libia agus chun forbairt eacnamaíoch na tíre a chur chun cinn.

An tSlándáil agus an chosaint

Is féidir le Ballstáit cosaint níos fearr a thabhairt do shaoránaigh anois, infheistíocht a dhéanamh i gcomhoibriú maidir le cosaint, tuilleadh airgid a chaitheamh go héifeachtúil agus teagmháil a dhéanamh le comhpháirtithe agus le comharsana ar dhóigh níos fearr ná riamh.

In 2019, lean an tAontas dá iarrachtaí cur i gcoinne bagairtí hibrideacha. Thuairiscigh an tArdionadaí agus an Coimisiún ar chur chun feidhme chomhchreat 2016 maidir le cur i gcoinne bagairtí hibrideacha agus ar chur chun feidhme theachtaireacht chomhpháirteach 2018 maidir leis an athléimneacht a mhéadú agus inniúlachtaí a threisiú chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí hibrideacha.

Rinne an tAontas na trí Thascfhórsa tiomanta um an gCumarsáid Straitéiseach (an tOirthear, na Balcáin Thiar agus an Deisceart) a neartú tuilleadh. Rinneadh dul chun cinn ar dhul i ngleic le mífhaisnéis ó fhoinsí seachtracha agus inmheánacha. Bhí an Plean Gníomhaíochta i gcoinne na Bréagaisnéise 2018 ina threoir don obair seo, ag díriú ar ghníomhaíochtaí bréagaisnéise a bhrath agus a anailísiú, ag tacú le comhar idir na Ballstáit trí Chóras Mear-rabhaidh a bhunú, ag obair i bpáirt le hardáin na meán sóisialta i gcreat Chód Cleachtais 2018 agus gníomhaíochtaí múscailte feasachta a fheabhsú. Chomhoibrigh an tAontas le comhpháirtithe idirnáisiúnta sa réimse freisin, mar shampla G7 agus ECAT. Féach freisin Caibidil 7.

Rinne an Lárionad Eorpach um Chur i gCoinne Bagairtí Hibrideacha dul chun cinn in 2019, bhí tuilleadh ball aige, clár oibre faofa agus buiséad oibre. Lean an t-ionad de thacaíocht a chur ar fáil i réimsí tábhachtacha ar nós oiliúna agus cleachtaí.

Rinneadh athbhreithniú ar dhul chun cinn na mBallstát i rith na bliana maidir le comhlíonadh a gcuid dualgas faoin mBuanchomhar Struchtúrtha (PESCO). Thug an tAontas faoi deara go ndearna na Ballstáit rannpháirteacha dul chun cinn maidir le buiséid chosanta agus infheistíocht chomhpháirteach ar chosaint a mhéadú, tháinig méadú comhiomlán 3.3 % ar bhuiséid chosanta in 2018 agus méadú 4.6 % orthu in 2019. Bíonn Ballstáit rannpháirteacha ag baint úsáid níos minice as ionstraimí an Aontais chun pleanáil ar chosaint náisiúnta a dhéanamh, an Plean Forbraíochta um Inniúlacht arna leasú agus an tAthbhreithniú Comhordaithe Bliantúil ar Chosaint mar shampla, trínar ndearnadh tionchar ar an gclár oibre don Chlár Eorpach Forbartha Tionscal i Réimse na Cosanta.

Tugtar míniú sa léaráid seo ar bhuntáistí an Chiste Eorpaigh Cosanta

Is iomaí cúis go dteastaíonn an Ciste Eorpach Cosanta ón Aontas. I dtosach báire, meastar go bhfágtar costas bliantúil idir 25 bhilliún euro agus 100 billiún euro ar na Ballstáit i ngeall ar easpa comhair a bheith eatarthu i réimse na cosanta agus na slándála. Chomh maith leis sin, faoi láthair tá thart ar 80 faoin gcéad den soláthar cosanta á reáchtáil ar an leibhéal náisiúnta amháin, rud a fhágann go ndéantar dúbailt chostasach ar acmhainní míleata. Ar deireadh, ó bhí 2010 ann, caitheadh níos lú ná 200 milliún euro gach bliain ar thaighde agus ar theicneolaíocht chomhoibríoch Eorpach i réimse na cosanta.

An chabhair um fhorbairt agus an chabhair dhaonnúil

An Chabhair um Fhorbairt

Lean an tAontas de bheith ar cheann de na fórsaí is mó tionchar ar Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe. Bhuail sé, i Nua-Eabhrac i mí Mheán Fómhair, le ceannairí domhanda don chéad Chruinniú Mullaigh riamh maidir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus thug sé tuairisc ar an dul chun cinn atá déanta sa Tuarascáil Chomhpháirteach Sintéise.

Grúpa daoine óga agus iad bailithe timpeall comhartha a bhfuil ‘Faces to Hearts’ scríofa air

Daoine a ghlac páirt san fheachtas ‘Faces2Hearts’ mar chuid de Laethanta Eorpacha Forbartha 2019. Is feachtas é a phléann le neamhionannais i bhforbairt dhomhanda, an Bhruiséil, an Bheilg, 19 Meitheamh 2019.

Bhí “Éagothromaíochtaí” ina théama de Laethanta Forbraíochta na hEorpa 2019 agus d’eisigh an Coimisiún doiciméad inmheánach oibre faoin gceist sin. Ina theannta sin, thug an tAontas cúnamh chun foréigean inscnebhunaithe a throid trí bhíthin thionscnamh “Spotlight”, é ag dul i bpáirt leis na Náisiúin Aontaithe agus le tíortha comhpháirtíochta eile chun leanúint ar aghaidh lena obair ríthábhachtach ar chláir réigiúnacha, lena n-áirítear comhairliúchán a sheoladh san Aigéan Ciúin maidir le clár dar luach €50 milliún a dhearadh don réigiún.

Lean an tAontas de bheith ag cur lena chomhpháirtíocht leis an Afraic. Rinne an Chomhghuaillíocht idir an Afraic agus an Eoraip le haghaidh Infheistíocht Inbhuanaithe agus Poist dul chun cinn suntasach, go háirithe an ghiaráil a rinneadh go dtí seo ar bhreis agus €40 billiún in infheistíochtaí faoin bPlean Infheistíochta Seachtraí.

Feictear sa ghraf seo an méadú ar chistiú daonnúil ón Aontas le haghaidh oideachais i gcásanna éigeandála ó bhí 2015 ann

Tá méadú ar chistiú daonnúil ón Aontas le haghaidh oideachais i gcásanna éigeandála ó 13 milliún euro in 2015 go 63 milliún euro in 2016 agus 2017, go 91 milliún euro in 2018 agus 164 milliún euro in 2019.

Freagairt do ghéarchéimeanna agus éigeandálaí daonnúla

Tugadh cúnamh trí bhuiséad daonnúil an Aontais a raibh luach €1.6 billiún air do na milliúin daoine ar fud an domhain in 2019. Is do dhídeanaithe agus do dhaoine a bhí easáitithe ina dtír féin mar gheall ar choinbhleachtaí na Siria agus Éimin a tugadh an sciar ba mhó. Caitheadh breis agus 10 % den bhuiséad ar na “géarchéimeanna atá ligthe i ndearmad”, mar shampla an cás le dídeanaithe réigiúnacha sa Bhurúin, an choinbhleacht san Úcráin agus saincheisteanna daonnúla sa Cholóim.

Leithdháil an tAontas 10 % dá bhuiséad daonnúil, an céatadán ba mhó riamh, chun oideachas sábháilte agus ar ardchaighdeán a chur ar fáil do leanaí faoi scáth éigeandálacha. Bhí sé ar cheann de na príomhdheontóirí sa fhreagairt i gcoinne Ebola.

In 2019, chuir an tAontas Eorpach an Sásra um Chosaint Shibhialta atá aige ar obair 17 n-uaire le freagairt do thubaistí gan choinne san Albáin, san Afraic, san Áise agus i Meiriceá Laidineach. Nuair a bhuail Cioclón Idai Mósaimbíc in 2019, cuireadh ocht bhfoireann de speisialtóirí cosanta sibhialta ann maille le trealamh íonaithe uisce, pubaill, fearais sláinteachais agus bia.

Achoimre ar chabhair dhaonnúil ón Aontas in 2019

1.6 billiún euro luach iomlán an bhuiséid le haghaidh cabhair dhaonnúil ón Aontas in 2019. Ón mbuiséad iomlán, leithdháileadh 385 milliún euro ar an Afraic Fho-Shahárach; leithdháileadh 860 milliún euro ar an ngéarchéim sa tSiria, lena gcumhdaítear cistiú don Éigipt, don Iordáin, don Liobáin agus don Tuirc; leithdháileadh 88 milliún euro ar an Iaráic, ar an bPalaistín agus ar Éimin; leithdháileadh 105 milliún euro ar an Áis, ar Mheiriceá Laidineach, ar an Aigéin Ciúin agus ar Mhuir Chairib; agus leithdháileadh 32 milliún euro ar an Afraic thuaidh agus ar Chomhsanacht na hEorpa. Leithdháileadh 174 milliún euro ar chúlchistí agus ar leithdháiltí neamhgheografacha. Foinse: an Coimisiún Eorpach Cóipcheart: an tAontas Eorpach

Cearta an duine agus an daonlathas

Lean an tAontas de bheith bainteach go mór le cur chun cinn agus le cosaint chearta an duine agus an daonlathais ar fud an domhain: idir ghníomhaíochtaí comhpháirteacha leis na Náisiúin Aontaithe, an feachtas suaitheanta AE-Unicef #TheRealChallenge chun comóradh a dhéanamh ar an 30ú comóradh bliana ar Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh mar shampla, agus ar Threoirlínte nua an Aontais maidir leis an gcomhrac in aghaidh an chéasta ar scála domhanda. Bhí an tAontas gníomhach sa seachtú Comhdháil Dhomhanda in aghaidh Phionós an Bháis, chuir sé roinnt misean breathnóireachta toghchán ar fáil agus ghlac sé le conclúidí nua i dtaobh an daonlathais i mí Dheireadh Fómhair.

Tacaíocht ón Aontas le haghaidh iltaobhachais, rialachas domhanda agus córas riailbhunaithe

An caidreamh idir an tAontas agus na Náisiúin Aontaithe

Donald Tusk agus é ag labhairt ón bpóidiam

Labhraíonn Donald Tusk, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, le Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, Nua-Eabhrac, Stáit Aontaithe Mheiriceá, 26 Meán Fómhair 2019.

In amanna nuair a ceistíodh córas na Náisiún Aontaithe, chuir an tAontas lena thiomantas don iltaobhachas agus don eagraíocht idirnáisiúnta. Is é an tAontas is mó a chuireann le misin síochánaíochta na Náisiún Aontaithe agus le buiséad na Náisiún Aontaithe. Thacaigh sé le cainteanna síochána faoi stiúir na Náisiún Aontaithe, ó Shiria go Libia, agus chuir sé tionscnaimh ar bun; an chomhpháirtíocht thríthaobhach idir an tAontas, na Náisiúin Aontaithe agus an tAontas Afracach mar shampla. Léirigh Comhthionól Ginearálta bliantúil na Náisiún Aontaithe doimhneacht na tacaíochta sin.

Comhpháirtíocht níos láidre idir an tAontas Eorpach agus ECAT

Is cuid dhílis é an comhar idir an tAontas agus ECAT d’obair an Aontais chun an tslándáil agus an chosaint Eorpach a neartú. Arna fhoilsiú i mí an Mheithimh, tugadh chun suntais sa cheathrú tuarascáil um dhul chun cinn maidir le sraith chomhchoitinne tograí a d’fhormhuinigh ECAT agus an tAontas in 2016 agus in 2017 a chur chun feidhme, tugadh chun suntais spriocanna insoláthartha i ngach réimse den chomhar agus go háirithe sna príomhréimsí maidir le hidirphlé míleata a neartú, soghluaisteacht mhíleata, cur i gcoinne bagairtí hibrideacha, freachnaimh chomhthreoracha chomhordaithe, chomh maith le cumas cosanta.

An tAontas Eorpach sa G7 agus sa G20

Lee Hsien Loong, Jean-Claude Juncker, Donald Trump, Shinzō Abe agus Xi Jinping agus iad ina suí taobh lena chéile

Tagann ceannródaithe domhanda le chéile, Lee Hsien Loong, Príomh-Aire Shingeapór, Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Donald Trump, Uachtarán na Stát Aontaithe, Shinzō Abe, Príomh-Aire na Seapáine, agus Xi Jinping, Uachtarán na Síne, le haghaidh chruinniú mullaigh G20, Osaka, an tSeapáinn, 28 Meitheamh 2019.

Is ball den G7 agus den G20 é an tAontas Eorpach. Sna fóraim sin, bíonn an tAontas Eorpach ag comhrac leis le cosaint a dhéanamh ar an ord idirnáisiúnta atá bunaithe ar rialacha, ord atá faoi bhrú mór i láthair na huaire ó thaobh na trádála, na slándála, an athraithe aeráide, agus chearta an duine de. Faoi mar a bhí sna blianta roimhe seo, bhí an tAontas ina thacaí láidir de chomhar idirnáisiúnta ar feadh 2019. Bhí baint mhór ag an gcomhordú idir cheannairí na hEorpa ag Cruinniú Mullaigh G20 in Osaka na Seapáine dearbhú deiridh a bhaint amach inar coimeádadh gealltanais a tugadh roimhe seo maidir le Comhaontú Pháras agus Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe a chur chun feidhme agus inar cuireadh brú le haghaidh dul chun cinn uaillmhianach ar athchóiriú na hEagraíochta Domhanda Trádála agus ar réiteach domhanda le haghaidh cánachas digiteach. I mí Lúnasa in Biarritz na Fraince, d’aontaigh ceannairí G7 ar fhógra lena dtugtar aghaidh ar roinnt dúshlán a bhaineann le beartas eachtrach, dúshláin ar nós chás na hIaráine, na hÚcráine, na Libia agus Hong Cong. I gcomhréir lena thosaíochtaí don chomhar leis an Afraic, d’fhormhuinigh an tAontas tionscnaimh nua G7 atá dírithe ar an méid a leanas; na coinníollacha le haghaidh soláthar poiblí a fheabhsú, digitiú a chur chun cinn, teacht ar airgeadas le haghaidh fiontraithe mná san Afraic a mhéadú, comhar sa tSaiheil a atreisiú, galair phaindéimeacha a chomhrac agus tacaíocht a thabhairt do mhná a fhulaingíonn foréigean gnéasach i limistéir choinbhleachta.

Caibidil 10

Aontas Daonlathach, Athrú Daonlathach

Iontaobhas agus Muinín na Saoránach san Tionscadal Eorpach a Athghnóthú, ag sin an rud ba chuspóir don Uachtarán Jean-Claude Juncker le linn na tréimhse dar tús 2014 agus dar deireadh 2019. Chun an cuspóir sin a bhaint amach, thug Coimisiún Juncker gealltanas an tAontas a dhéanamh níos daonlathaí agus níos trédhearcaí.

An cruinniú neamhfhoirmiúil a bhí a g ceannairí an Aontais i Sibiu na Rómáine an 9 Bealtaine, is deis a bhí ann don Aontas chun athnuachan a dhéanamh ar a chuid aontachta féin, sin agus ar na cuspóirí atá aige. Glacadh Dearbhú Sibiu. Ba é an t-am ceart é agus an áit cheart chun léiriú go raibh an rud ba chúis imní do na saoránaigh san áireamh i gClár Oibre Straitéiseach an Aontais. Breis agus 50 % de na saoránaigh a bhí i dteideal vótáil i dtoghcháin Pharlaimint na hEorpa, thapaigh siad an deis vótála mar fhreagairt air sin, sin an líon ba mhó vótálaithe ó bhí 1994 ann.

In 2019, tháinig athrú freisin ar na rialacha maidir le Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ionas gur fusa do shaoránaigh an Eoraip a mhúnlú trí thathant ar an gCoimisiún Eorpach togra reachtach a dhéanamh. De bharr na rialacha leasaithe, beidh an tionscnamh níos inrochtana agus níos soláimhsithe d’úsáideoirí.

Parlaimint na hEorpa

Sna seisiúin dheiridh a bhí sa Pharlaimint roimh na toghcháin i mí na Bealtaine, glacadh reachtaíocht chun cosc a chur ar earraí plaisteacha gan athúsáid agus chun cosaint níos fearr a chinntiú do theorainneacha seachtracha an Aontais. Rinne an Pharlaimint sprioc uaillmhianach a bhrú tríd chun astaíochtaí CO2 ó charranna agus ó veaineanna nua a laghdú faoi 2030. Tháinig sé ar chomhaontú faoi rialacha nua cóipchirt, thug sé a thoiliú do chomhaontú trádála an Aontais leis an tSeapáin, agus thacaigh sé le pleananna chun cáilíocht an uisce óil a fheabhsú. Ina theannta sin, rinne sé nuashonrú ar a chuid rialacha um nósanna imeachta inmheánacha.

Cuireadh tús leis an tréimhse reachtach nua an 2 Iúil tar éis na dtoghchán do Pharlaimint na hEorpa ón 23 go dtí an 26 Bealtaine. Is é 50.7 % líon na vótaí a caitheadh agus b’in an leibhéal ab airde ó bhí 1994 ann, méadú ó 42.6 % in 2014.

An 16 Deireadh Fómhair, ghlac an Pharlaimint a liosta “gnó gan chríochnú”, rud atá ríthábhachtach chun leanúint den chaibidlíocht neamhfhoirmiúil idir institiúidí an Aontais maidir le dréachtrialacha AE nár tugadh chun críche roimh dheireadh théarma oifige na Parlaiminte. An 22 Deireadh Fómhair, rinne Uachtarán an Choimisiúin Juncker ráiteas i láthair Fheisirí na Parlaiminte, ráiteas ina ndearnadh athbhreithniú ar na príomhghníomhaíochtaí agus ar na rudaí is fearr a d’éirigh leis an gCoimisiún le 5 bliana roimhe sin.

An Chomhairle Eorpach

I mí an Mhárta, phléigh an Chomhairle Eorpach saincheisteanna eacnamaíocha, an t-athrú aeráide, cúrsaí bréagaisnéise, agus an caidreamh seachtrach. Ag cruinniú a bhí ag na 27 mBallstát maidir le Brexit, díríodh an plé ar shíneadh a chur le hAirteagal 50 go dtí an 12 Aibreán nó an 22 Bealtaine, dá ndéanfadh an Ríocht Aontaithe daingniú ar an gComhaontú um Tharraingt Siar i rith na seachtaine tar éis an chruinnithe. Níos déanaí i mí Aibreáin, tháinig 27 gCeannairí na mBallstát ar chomhaontú chun síneadh a chur le hAirteagal 50 go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2019.

Bhuail ceannairí an Aontais le chéile go neamhfhoirmiúil i Sibiu na Rómáine an 9 Bealtaine chun machnamh a dhéanamh ar an gClár Oibre Straitéiseach 2019–2024. Tá tuilleadh faisnéise faoin bplé sin sa roinn Todhchaí na hEorpa”.

Ag dinnéar neamhfhoirmiúil amach sa mhí, rinne Comhaltaí na Comhairleach torthaí thoghcháin Pharlaimint na hEorpa a mheas, agus chuir siad tús le próiseas cheannairí nua institiúidí an Aontais.

Donald Tusk agus Charles Michel agus iad ag tabhairt barróg dá chéile

Donald Tusk, iarUachtarán ar an gComhairle Eorpach, agus Charles Michel, Uachtarán reatha na Comhairle Eorpaí ag cruinniú comhchéime de chuid na Comhairle Eorpaí, an Bhruiséil, an Bheilg.

I mí an Mheithimh lean an plé idir na ceannairí maidir le ceapacháin ardleibhéil AE, an Creat Airgeadais Ilbhliantúil, an t-athrú aeráide, an bhréagaisnéis agus bagairtí hibrideacha, méadú an Aontais, an Seimeastar Eorpach agus caidrimh sheachtracha. Ina theannta sin, ghlac siad an Clár Oibre Straitéiseach.

Bhuail ceannairí an Aontais le chéile arís níos déanaí sa mhí chun na hainmniúcháin maidir le ceapacháin ardleibhéil in institiúidí an Aontais a phlé agus chun teacht ar chomhaontú ina dtaobh.

I mí Dheireadh Fómhair, phléigh na ceannairí buiséad an Aontais i gcomhair na tréimhse atá romhainn (2021-2027), agus gach a eascraíonn as an gClár Oibre Straitéiseach, chomh maith leis an athrú aeráide, méadú an Aontais, an Tuirc agus turnamh eitilt 17 Aerlíne Mhalaeisia. Bhí cruinniú ag an gComhairle Eorpach i bhformáid Airteagal 50 le scagadh a dhéanamh ar an gcor ba dhéanaí i mBrexit. Ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair d’aontaigh ceannairí AE-27 (gach Ballstát seachas an Ríocht Aontaithe) síneadh a chur le hAirteagal 50 go dtí 31 Eanáir 2020.

Bhuail na ceannairí le chéile i mí na Nollag ansin leis an athrú aeráide a phlé, agus rinneadh plé arís ar bhuiséad fadtéarmach an Aontais.

Comhairle an Aontais Eorpaigh

Is ag an Rómáin agus ag an bhFionlainn a bhí Uachtaránacht rothlach Chomhairle an Aontais Eorpaigh. I measc na n­-ábhar a dhírigh an Rómáin orthu an chéad leath den bhliain, bhí an imirce agus an tslándáil, an Creat Airgeadais Ilbhliantúil, an geilleagar, agus an Eoraip ina ghníomhaí domhanda. Sa dara leath den bhliain, dhírigh an Fhionlainn ar gníomhú ar son na haeráide agus ar an tslándáil, sin agus ar neartú na luachanna coiteanna, luachanna lena n-áirítear an smacht reachta (l’État de droit), chun an tAontas a dhéanamh níos iomaíche agus níos cuimsithí go sóisialta.

Pictiúr de lucht féachana agus iad ag féachaint ar shearmanas insealbhaithe i halla ceolchoirme

An chéad chruinniú d’Uachtaránacht na Rómáine ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh, Búcairist na Rómáine, 11 Eanáir 2019.

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Coiste Eorpach na Réigiún

Thacaigh Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa le feachtas na Parlaiminte “An uair seo beidh mé ag vótáil” le roinnt gníomhaíochtaí. Ina measc siúd bhí an t-imeacht i mí Feabhra Civil Society for rEUnaissance, ar ghlac Uachtarán an Choimisiúin Jean-Claude Juncker agus gníomhaí aeráide Greta Thunberg, páirt ann.

Is é “an daonlathas inbhuanaithe” an téama a bhí le Laethanta Sochaí Sibhialta 2019, agus is ann a tugadh chun cruinnis gurb iad an t-éilliú agus an nuacht bhréige an dá bhagairt is mó ar dhaonlathas na hEorpa. I mí na Samhna, reáchtáil an coiste comhdháil maidir leis an smacht reachta (l’État de droit), le haghaidh idirphlé struchtúrtha idir rialtais na mBallstát agus an tsochaí shibhialta chun an cúlú atá ag tarlú sa smacht reachta san Eoraip a chur ina cheart.

I mí an Mhárta, chuir sé i láthair “Sibiu agus i nDiaidh Sibiu”, an fhís atá aige i gcomhair na todhchaí ina ndéanfaidh an tAontas ceannaire domhanda di féin i réimse na forbartha inbhuanaithe. I sraith tuairimí a bhí dírithe ar an todhchaí, chuir sé smaointe i láthair maidir le conas an inbhuanaitheacht, an t-aistriú cóir i dtreo geilleagar digiteach agus an cánachas cothrom a bhaint amach.

Ag Cruinniú Mullaigh Eorpach na Réigiún agus na gCathracha i mBúcairist i mí an Mhárta, an t-ochtú cruinniú, ghlac Coiste Eorpach na Réigiún dearbhú maidir le “Tógáil an Aontais ón mbonn aníos gona Réigiúin agus gona Cathracha”. Maíodh gur cheart cinnteoireacht agus beartais an Aontais a dhaingniú ar an leibhéal áitiúil chun muinín na saoránach a athghnóthú, sin agus an maoiniú iomchuí a chur ar fáil. Is láidir a mholann an dearbhú sin an choimhdeacht ghníomhach, agus leagann sé béim ar an tábhacht a bhaineann le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a dhéanamh rannpháirteach i ngach céim de phróiseas cinnteoireachta an Aontais Eorpaigh. In ómós do chomóradh na 25 bliana, reáchtáil an coiste searmanas ag an seisiún iomlánach i mí na Nollag.

I réimse an rialacháin níos fearr, thionscain an coiste líonra na mol réigiúnach (“RegHub”) chun meastóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme reachtaíocht an Aontais ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach. Tá 20 réigiún san áireamh ann, réigiúin a dhéanann tuairisciú ar chur chun feidhme na mbeartas. In 2019 eagraíodh trí chineál meastóireachta: ceann ar sholáthar poiblí, ceann ar cháilíocht an aeir, agus ceann ar chúram sláinte trasteorann.

Le linn na bliana, d’eagraigh an dá choiste gníomhaíochtaí chun a gcuid comhsmaointe a chur chun cinn i ndáil le buanshásra le haghaidh comhairliúchán struchtúrtha agus idirphlé le saoránaigh chomh maith lena rannpháirtíocht sa Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a bhí beartaithe.

Féach freisin an roinn dar teideal “Todhchaí na hEorpa”.

An Clár Oibre maidir le Rialáil Níos Fearr a Chur i gCrích

Ag obair chun an reachtaíocht a shimpliú

Achoimre ar shimpliú rialála agus reachtaíochta i gcaitheamh Choimisiún Juncker

Tá an simpliú rialála agus reachtaíochta ar cheann de phríomhbhearta na tréimhse 2014 go 2019. Le linn Choimisiún Barroso II ba é 130 in aghaidh na bliana líon na bpríomhthionscnamh ar an meán (117 bpríomhthionscnamh sna 11 mhí deireanacha de 2010, 196 in 2012, 108 in 2013, 146 in 2014 agus 79 faoi mhí Dheireadh Fómhair 2015). Le linn Choimisiún Juncker tháinig laghdú 83 faoin gcéad ar an líon príomhthionscnamh. Cuireadh 23 phríomhthionscnamh i láthair in 2015 agus 2016, 21 in 2017, 26 in 2018, agus in 2019, níor cuireadh ach 15 phríomhthionscnamh i láthair. Le linn na tréimhse 2015 go 2019, bhí 142 thogra ann maidir le haistarraingt, 84 dhlí aisghairthe agus 162 thionscnamh le haghaidh simpliú rialála. Foinse: An Coimisiún Eorpach.

Comhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr

In 2016 agus in 2017, tháinig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Eorpach ar chomhaontú ar dhá dhearbhú chomhpháirteachais maidir le tosaíochtaí reachtacha an Aontais. Leag siad béim ar 89 dtionscnamh nár mhór tús áite a thabhairt dóibh sa phróiseas reachtach. B’in léiriú ar dhícheall na dtrí institiúid lena chinntiú go ndéanfar dul chun cinn mór sna tionscnaimh sin, agus más féidir, go ndéanfar iad a chur i gcrích roimh na toghcháin Eorpacha i mí na Bealtaine.

Sula raibh an chéad leath de 2018 caite, bhí na tionscnaimh ar fad a fógraíodh sna dearbhuithe comhpháirteacha glactha ag an gCoimisiún, agus faoin am a bhí na toghcháin Eorpacha ann, bhí comhaontú polaitiúil ann i leith 61 tionscnamh den 89 dtionscnamh a bhí sa dearbhú comhpháirteach, sin nó bhí siad glactha go foirmiúil ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle. Faoi dheireadh na bliana, bhí 22 thionscnamh díobh sin gan réiteach.

In 2019, d’éirigh leis an gCoimisiún Eorpach clabhsúr a chur ar an gcaibidlíocht leis an bParlaimint agus leis an gComhairle maidir le critéir neamhcheangailteacha i ndáil leis an rogha idir gníomhartha cur chun feidhme agus gníomhartha tarmligthe. Maidir leis an rogha sin, is minic caibidlíocht reachtach casta ann mar gheall uirthi, agus na critéir atá ann, ba cheart go gcabhróidís leis an bpróiseas. Is é conclúid a bhí ar an gcaibidlíocht sin Comhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, comhaontú a foilsíodh i mí Iúil. Ina theannta sin, d’aontaigh an comhreachtóir le hailíniú 68 ngníomh reatha le Conradh Liospóin trí bhíthin athrú ar an nós imeachta a úsáidtear um rialúchán. Déantar é seo go grinn géarchúiseach chun smacht a choinneáil ar an mbealach a fheidhmíonn an Coimisiún a chuid cumhachtaí cur chun feidhme maidir le gníomhartha tarmligthe agus gníomhartha cur chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Monatóireacht ar cur chun feidhme dhlí an Aontais

Sa tuarascáil bhliantúil maidir le monatóireacht ar fhorfheidhmiú dhlí an Aontais, tuarascáil a foilsíodh i mí Iúil, leagadh amach an chaoi a ndearna an Coimisiún monatóireacht agus forfheidhmiú ar dhlí an Aontais in 2018.

Mar shampla, is diongbháilte a ghníomhaigh an Coimisiún chun rialacha a fhorfheidhmiú i réimse an chomhshaoil, na soghluaisteachta, agus an iompair, mar aon le réimse an mhargaidh inmheánaigh, réimse na tionsclaíochta, na fiontraíochta agus réimse na bhfiontar beaga agus meánmhéide. Thacaigh sé le húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha chun rialacha maidir le haer agus uisce glan a chur chun feidhme. Rinne sé beart freisin i gcoinne na mBallstát nár chomhlíon a gcuid gealltanas agus nár chuir rialacha an Aontais chun feidhme maidir le taifid ainmneacha paisinéirí, agus maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, sin agus bearta i gcoinne sciúradh airgid. Ina theannta sin, d’úsáid an Coimisiún cumhachtaí forfheidhmiúcháin nuair nár ghníomhaigh Ballstáit áirithe tapa go leor chun an rochtain ar shuíomhanna gréasáin agus ar fheidhmchláir mhóibíleacha eile a fheabhsú ar son daoine faoi mhíchumas. Mura gcuirtear dlí an Aontais i bhfeidhm mar ba cheart ní bheidh saoránaigh nó gnólachtaí in ann na cearta atá acu a fhorfheidhmiú ná sochar a bhaint as na buntáistí a ghabhann leis na dlíthe sin.

Achoimre ar chásanna maidir le sárú ar oscailt agus réitithe ag an gCoimisiún Eorpach idir 2014 agus 2019

Cásanna maidir le sárú gan réiteach idir deireadh 2014 agus an 11 Deireadh Fómhair 2019. In 2014 bhí 1,347 gcás maidir le sárú ar oscailt ag an gCoimisiún Eorpach. Chuaigh Coimisiún Juncker i mbun oifige i mí na Samhna 2014 agus, an bhliain dar gcionn, bhí 1 368 gcás ar oscailt. D'ardaigh an líon sin go 1,657 gcás in 2016 agus laghdaigh sé in 2017 go 1,559 gcás. D'ardaigh sé arís go 1, 571 in 2018, le 1,581 chás maidir le sárú ar oscailt faoin 11 Deireadh Fómhair 2019. In 2014 réitíodh 699 gcás gan iad a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais. Chuaigh Coimisiún Juncker i mbun oifige i mí na Samhna 2014 agus ó shin i leith réitíodh 657 gcás in 2015 gan iad a thabhairt os comhair na Cúirte Breithiúnais, 646 chás in 2016, 772 chás in 2017, 564 chás in 2018 agus 663 chás faoin 11 Deireadh Fómhair 2019. Foinse: An Coimisiún Eorpach.

Rialála Níos Fearr i gcroílár chinnteoireacht an Choimisiúin

Tá an Coimisiún tiomanta do dhéanamh na ngníomh sa chás ina gcuireann an tAontas breisluach agus tairbhí ar fáil do dhaoine agus do ghnólachtaí, agus sa chás sin amháin. Seachnóidh sé costais neamhriachtanacha áfach. Is ar bhunús na fianaise is fearr dá bhfuil ar fáil a dhéanann sé amhlaidh, ag féachaint dó ar thionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil agus ar thionchair shuntasacha eile. Roimh athbhreithniú ar reachtaíocht AE arb ann dó cheana, cuirtear á meas í le tuiscint a fháil ar na codanna di a fheidhmíonn agus na codanna nach bhfeidhmíonn. Cuireann sin feabhas ar fheidhmíocht na reachtaíochta.

Mar chuid den Chlár Oibre um Rialáil Níos Fearr, tá an Coimisiún ag tabhairt airde ar an dearcadh atá ag saoránaigh agus ag na páirtithe leasmhara ionas gur féidir freastal ar a gcuid riachtanas. Ó bhí 2015 ann, eagraíodh breis agus 400 comhairliúchán poiblí, agus chuathas i dteagmháil leis na milliúin de mhuintir na hEorpa. Tá méadú faoina ceathair tagtha ar líon na bhfreagraí ar chomhairliúchán poiblí a fuarthas ó shin.

Is córas “ionad ilfhreastail” é an tairseach nua “Cloisimis uait” chun ligean do mhuintir na hEorpa páirt a ghlacadh i gceapadh na mbeartas ar leibhéal an Aontais. Tugadh cuairt air beagnach 900 000 uair in 2018, agus in 2019 tugadh cuairt air breis agus 1 mhilliún uair. I mí Aibreán, d’eisigh an Coimisiún tuarascáil le staidéar a dhéanamh ar na bearta a tugadh isteach faoi Choimisiún Juncker, bearta chun torthaí níos fearr a bhaint amach ar son na saoránach agus na ngnólachtaí. Is trí cheapadh beartas atá níos trédhearcaí a tharlódh sin, ceapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise. Bhí torthaí soiléire ar an bpróiseas sin: mar thoradh ar rialáil níos fearr, tá feabhas tagtha ar an mbealach a gceaptar na beartais, agus san am atá le teacht ba cheart go gcoinneofaí sin i gceartlár na mhodhanna oibre atá aige. Ba cheart fós feabhas ar a chuid uirlisí, go háirithe obair na for-rochtana, an t-aiseolas ó shaoránaigh agus ó pháirtithe leasmhara, sin agus an anailís a dhéantar ar thionchair agus caighdeán na measúnuithe.

Trédhearcacht agus cuntasacht

An Comhchlár Trédhearcachta

Is cuid d’obair institiúidí an Aontais an teagmháil le páirtithe leasmhara agus leis an tsochaí shibhialta. Ag an am céanna, is ríthábhachtach an dá rud an trédhearcacht agus an cuntasacht chun muinín na saoránach Eorpach a choinneáil i ndlisteanacht na bpróiseas polaitiúil, reachtach agus riaracháin atá ag an Aontas.

Tá tábhacht ar leith le trédhearcacht na hionadaíochta leasanna ionas go bhféadfaidh na saoránaigh súil a choinneáil ar na gníomhaíochtaí a fhéachann le tionchar a imirt ar phróiseas reachtóireachta an Aontais. Sin é an fáth ar chuir an Coimisiún togra síos in 2016 le haghaidh comhaontú idirinstitiúideach nua um Chlár Trédhearcachta de chineál sainordaitheach a chumhdódh Parlaimint na hEorpa, an Coimisiún agus den chéad uair riamh Comhairle an Aontais Eorpaigh freisin. Tá ina chaibidlíocht faoin togra seo i láthair na huaire.

Tá beagnach 12 000 eintitis liostáilte ar an gclár. Tá siad faoi cheangal Cód iompair ina leagtar amach na noirm eiticiúla ar cheart d’ionadaithe cloí leo le linn dóibh a bheith ag idirghníomhú leis na hinstitiúidí Eorpacha.

Cód Iompair nua do Chomhaltaí an Choimisiúin

In 2018 ghlac an Coimisiún Cód Iompair nua do Choimisinéirí ina shocraítear rialacha níos déine agus caighdeáin eitice níos airde, cód ina dtugtar isteach trédhearcacht níos fearr i roinnt réimsí. Gach re mí ó bhí mí Feabhra 2018 ann, foilsíonn an Coimisiún faisnéis maidir le speansais taistil na gCoimisinéirí ar a suíomhanna gréasáin faoi seach.

I mí an Mheithimh 2019, d’fhoilsigh an Coimisiún an chéad tuarascáil bhliantúil maidir le cur i bhfeidhm an Cód Iompair sin. Dheimhnigh sí go bhfuil leibhéal níos fearr fós bainte amach ag an gCoimisiún i ndáil le trédhearcacht in iompar a chuid comhaltaí ó glacadh an cód nuashonraithe sin.

Ina theannta sin, faoin gcód nua, bunaíodh Coiste Eitice Neamhspleách neartaithe ina bhfuil triúr comhaltaí seachtracha ar ardchaighdeán. Is é an sprioc a bhí leis an gcoiste comhairle a thabhairt faoi gach gné de chúrsaí eitice.

Níos túisce sa bhliain, d’fhoilsigh an Coimisiún treoirlínte eiticiúla do Choimisinéirí atá ag glacadh páirt sna toghcháin Eorpacha. Tháinig siad sin tar éis don chód nua cur ar a gcumas dóibh páirt a ghlacadh sna feachtais toghcháin gan iallach a bheith orthu cead neamhláithreachta a iarraidh, faoi mar a bhí an cás roimhe sin.

Chuir an Coimisiún foráil nua den chód i bhfeidhm, is é sin gur tar éis théarma oifige Chomhaltaí an Choimisiúin a fhoilseofar cinntí maidir le gníomhaíochtaí, mar aon le cinntí i dtaobh tuairimí gaolmhara ón gCoiste Eitice Neamhspleách. Is i mí Dheireadh Fómhair a bhí an chéad fhoilseacháin ann, agus bhí foilseacháin eile ann roimh dheireadh na bliana.

Rochtain ar dhoiciméid

I mí Iúil, ghlac an Coimisiún a thuarascáil ar rochtain ar dhoiciméid. Léirítear sa tuarascáil gur mhéadaigh líon na n-iarrataí tosaigh ar rochtain ar dhoiciméid a cuireadh isteach faoina rialachán ábhartha maidir le rochtain phoiblí orthu faoi 9.5 % beagnach (ó 6 716 in 2017 go 7 257 in 2018) agus méadaigh líon na n-iarrataí deimhniúcháin faoi 4.4 % (ó 288 in 2017 go 318 in 2018).

Is é an Coimisiún an institiúid AE is líonmhaire a láimhseálann iarratais ar rochtain fós. Ó bhí 2016 ann, is ag fás leis go tairiseach atá an líon sin. Léiríonn sin go bhfuil saoránaigh an Aontais Eorpaigh agus iarratasóirí eile ag baint úsáid ghníomhach as ceart sin na rochtana ar dhoiciméid.

In 2018, scaoil an Coimisiún leis na doiciméid a iarradh i níos mó ná 80 % de na cásanna, ina n-iomláine nó ina bpáirt, agus deonaíodh rochtain níos leithne nó fiú rochtain iomlán i mbeagnach 41 % de na 288 gcás a athbhreithníodh ag céim an deimhnithe.

San am céanna, lean an Coimisiún air go réamhghníomhach ag foilsiú méid mór doiciméad agus faisnéise ar a chuid leathanach gréasáin, sin agus i gcláir éagsúla phoiblí lena gcumhdaítear gach réimse gníomhaíochta atá ag an Aontais. Deimhníonn na sonraí ní hamháin oscailteacht an Choimisiúin ach an tábhacht atá leis an gceart rochtana ar dhoiciméid freisin, rud atá ina chuid de bheartas foriomlán trédhearcachta na hinstitiúide.

Buiséad an Aontais a rialú

creat rialaithe agus creat feidhmíochta i bhfeidhm chun dearbhú réasúnta a thabhairt gur i gcomhréir leis na rialacha ábhartha a íoctar maoiniú an Aontais, agus go ndéantar bearta chun earráidí a chosc, a bhrath agus a cheartú, rud a chuireann leis an bhfócas ar shaothrú na dtorthaí.

I mí Aibreáin, tar éis do Pharlaimint na hEorpa moladh dearfach a fháil ón gComhairle, thug sí an faomhadh deiridh maidir leis an gcaoi ar chuir an Coimisiún buiséad an Aontais chun feidhme in 2017. Is tríd an nós imeachta um urscaoileadh bliantúil atá sé ar chumas na Parlaiminte agus na Comhairle an Coimisiún a thabhairt chun cuntais go polaitiúil maidir le cur chun feidhme an bhuiséid agus bainistiú airgead na gcáiníocóirí a choimeád faoi smacht an daonlathais.

I mí Iúil, chuir an Coimisiún a Phacáiste le haghaidh Tuairisciú Airgeadais agus Cuntasaíochta Comhtháite i láthair, pacáiste inar tugadh le chéile iomlán na faisnéise a bhí ar fáil maidir le cur chun feidhme, feidhmíocht, torthaí, bainistíocht fhónta airgeadais agus cosaint bhuiséad an Aontais in 2018. Léiríodh sa tuarascáil gur i gcomhréir le tosaíochtaí an Choimisiúin a bhain an buiséad a chuid torthaí amach, agus gur cuireadh chun feidhme i gceart é.

Lean an Coimisiún den obair chun Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a bhunú, oifig a ionchúiseoidh coireacht trasteorann a dhéanann difear do bhuiséad an Aontais, an chalaois, an sciúradh airgid agus an éillitheacht san áireamh, sna 22 Bhallstát rannpháirteacha. Meastar go mbeidh tús oibre déanta ag an Oifig faoi dheireadh 2020.

I mí Dheireadh Fómhair, an 12 bhliain as a chéile, ghlac Cúirt Iniúchóirí na hEorpa gan cheist le cuntais bhliantúla an Aontais, cuntais atá cothrom agus fíor dar leo. Dheimhnigh an Chúirt an tuairim cháilithe atá aici (ní hionann agus tuairim neamhfhabhrach) maidir le rialtacht caiteachais. Ba é 2.6 % ráta foriomlán na hearráide measta, ráta a bhí beagán ní b’airde ná mar a bhí in 2017 (0.2 % níos mó), ach é i bhfad níos ísle ná an ráta a bhí ann sna blianta roimhe. Go deimhin, i gcás thart ar leath de chaiteachas an Aontais, ba é tuairim na Cúirte go raibh an ráta earráide faoi bhun an ráta ar a meastar earráid ábhartha a bheith ann. Níor thángthas ar aon earráid ábhartha ar thaobh an ioncaim den bhuiséad ná den chaiteachas riaracháin.

Na parlaimintí náisiúnta

I mí Iúil, ghlac an Coimisiún le tuarascáil bhliantúil 2018 maidir leis an gcaidreamh a bhíonn aige leis na parlaimintí náisiúnta, chomh maith le cur chun feidhme phrionsabal na coimhdeachta agus phrionsabal na comhréireachta. Tugtar léargas cuimsitheach sa tuarascáil ar an dianchaidreamh torthúil leis na parlaimintí náisiúnta, leis an gCoimisiún, agus le hinstitiúidí eile an Aontais. Chuir parlaimintí náisiúnta 569 dtuairim isteach, rud a bhí ar aon líon le 2017 a bheag nó a mhór. Is éard a léiríonn seo go bhfuil a bhformhór i mbun cumarsáide go gníomhach leis an gCoimisiún maidir leis na tionscnaimh atá aige, agus i dtaca le réimse leathan ábhar.

Ní raibh ach 37 “dtuairim réasúnta” ann i leith imní nach i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a bhí moltaí an Choimisiúin, rud a chiallaíonn go bhfuil na beartais Eorpacha á gcinneadh agus á gcur chun feidhme ar an leibhéal is iomchuí, bíodh sin ar an leibhéal Eorpach, an leibhéal náisiúnta nó an leibhéal réigiúnach. Ba é an Tascfhórsa maidir le Coimhdeacht, Comhréireacht agus “Níos Lú a Dhéanamh ach ar bhealach Níos Éifeachtúla”, tascfhórsa a bhunaigh an tUachtarán Juncker in 2018 a raibh an Chéad Leas-Uachtarán Timmermans ina chathaoirleach air, tascfhórsa a d’fhéach le parlaimintí náisiúnta agus idir údaráis réigiúnacha agus áitiúla a thabhairt faoi scáth na hoibre fós mar atá reachtaíocht agus beartais an Aontais a ullmhú agus a chur ar lean. I measc na mbeart a ghlac an Coimisiúin leis sin a chur i gcrích, tá an freagra iomlán má chuireann líon mór parlaimintí náisiúnta in iúl gur cúis imní dóibh cúrsaí coimhdeachta. Gach cúis imní a cuireadh i gcás, agus seasamh an Choimisiúin ina leith, is in aon doiciméad poiblí amháin a chuirtear i láthair iad.

Gach cuairt a thug Baill an Choimisiúin ar pharlaimintí náisiúnta, agus gach cuairt a thug toscaireachtaí ó pharlaimintí náisiúnta ar an gCoimisiún (55 chuairt in 2019 agus 915 chuairt le linn tréimhse oifige iomlán Choimisiún Juncker), rinneadh treisiú ar an idirphlé idir na páirtithe lena linn.

An tOmbudsman Eorpach

I bhfiosrúcháin an Ombudsman Eorpaigh ar líomhaintí maidir le drochriarachán in institiúidí agus i gcomhlachtaí an Aontais Eorpaigh, clúdaíodh réimse ábhar leo: trédhearcacht an phróisis cinnteoireachta, feiniméan “na ndoirse imrothlacha”, gníomhaíochtaí iar-Choimisinéirí tar éis dóibh éirí as oifig, rochtain ar dhoiciméid, cearta bunúsacha, saincheisteanna eiticiúla, conarthaí, deontais nó ábhair a bhaineann le baill foirne aonair. Ar an meán, comhlíonann an Coimisiún thart ar trí cheathrú de thograí ón Ombudsman (tograí le haghaidh réitigh, moltaí chun feabhais agus moltaí iontu féin), agus ní aimsítear aon drochriarachán i gcás 95 % de na fiosrúcháin nó mar sin.

I mí an Mheithimh, bhronn an tOmbudsman an dara gradam Eorpach sa Dea-Riarachán ar thionscnaimh an Choimisiúin chun an truailliú de dheasca plaistigh a laghdú agus múscailt feasachta a chur chun cinn. Is é is aidhm don ghradam aitheantas a thabhairt do thionscnaimh, do thionscadail agus d’obair eile a dhéanann na ranna éagsúla in institiúidí an Aontais, obair a bhfuil tionchar feiceálach dearfach díreach aici ar shaol na ndaoine san Eoraip agus níos faide i gcéin.

I mí Dheireadh Fómhair, ghlac an Coimisiún le tuairim maidir leis an dréacht-rialachán ó Pharlaimint na hEorpa freisin, tuairim a leagann síos na rialacháin agus na coinníollacha ginearálta lena rialaítear comhlíonadh dhualgais an Ombudsman (an reacht athbhreithnithe ón gCoimisiún).

I mí na Nollag, rinne an Pharlaimint Emily O’Reilly a atoghadh ina Ombudsman Eorpach. Mairfidh a tréimhse oifige 5 bliana.

Tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach

An 29 Márta 2017, thug an Ríocht Aontaithe fógra foirmiúil don Chomhairle Eorpach go raibh rún aici tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach d’Fhuinneamh Adamhach (Euratom) i gcomhréir le hAirteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

Leis an bhfógra sin cuireadh tús le tréimhse 2 bhliain chun comhaontú leis an Ríocht Aontaithe a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích, comhaontú lena leagfaí amach na socruithe maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe agus an creat don chaidreamh a bheidh aici sa todhchaí leis an Aontas á chur san áireamh.

Comhaontú um Tharraingt Siar agus an Dearbhú Polaitiúil maidir leis an gcreat don chaidreamh sa todhchaí a chaibidliú

Is ar an gCoimisiún Eorpach a leagadh an cúram comhaontú um tharraingt siar a chaibidliú leis an Ríocht Aontaithe thar ceann na Comhairle Eorpaí (Airteagal 50, arb é a bhí ann ceannairí na mBallstát uile seachas an Ríocht Aontaithe) agus cheap sé Michel Barnier chun bheith ina Phríomh-Idirbheartaí thar a cheann. Tosaíodh ar an gcaibidlíocht fhoirmiúil an 19 Meitheamh 2017, tar éis olltoghchán na Ríochta Aontaithe.

Tar éis 17 mí de dhianchaibidlíocht, chomhaontaigh idirbheartaithe an Choimisiúin agus na Ríochta Aontaithe an 14 Samhain 2018, an Comhaontú um Tharraingt Siar maidir le téarmaí tharraingt siar dhea-ordúil na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach. An 22 Samhain, chomhaontaigh siad an Dearbhú Polaitiúil lena leagtar amach an creat don chaidreamh sa todhchaí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.

An 25 Samhain 2018, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an Comhaontú um Tharraingt Siar go foirmiúil agus d’fhaomh sí an Dearbhú Polaitiúil.

An 11 Eanáir 2019, ghlac an Chomhairle cinneadh lena n-údaraíodh síniú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus chuir sí an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa chun a toiliú a fháil.

Síntí le hAirteagal 50

In ainneoin gur tugadh soiléiriú i malartú litreacha a bhí ann an 14 Eanáir 2019 idir Theresa May, Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe agus Uachtaráin Tusk agus Juncker, agus in ainneoin chomhaontú breise an 11 Márta 2019 maidir le hIonstraim i dtaca leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, agus Ráiteas Comhpháirteach lena bhforlíontar an Dearbhú Polaitiúil, ní bhfuair rialtas na Ríochta Aontaithe an tacaíocht ba ghá óna Pharlaimint chun leanúint le síniú agus le daingniú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar.

Agus í ag freagairt d’iarraidh a rinne an Ríocht Aontaithe síneadh a chur le sprioc-am an 29 Márta, dheonaigh an Chomhairle Eorpach (Airteagal 50) síneadh a chur leis an sprioc-am go dtí an 12 Aibreán 2019, ar dtús, agus shocraigh an Chomhairle, d’aon intinn, síneadh eile a chur leis go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2019. Is i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe a rinneadh na cinntí sin.

Chuir ceannairí AE-27 i bhfáth go mbeadh ar an Ríocht Aontaithe toghcháin Pharlaimint na hEorpa a dhéanamh idir an 23 agus an 26 Bealtaine 2019 dá mbeadh sí fós ina Ballstát den Aontas. Toghadh 751 Fheisire de Pharlaimint na hEorpa san iomlán, 72 Fheisire den Ríocht Aontaithe ina measc.

Tuilleadh oibre fós ag na gníomhaithe uile i dtaca leis an ullmhacht le haghaidh pé iarmhairtí a bheidh ann

I rith na bliana, dála 2018, lean an tAontas, agus i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, den obair ar an ullmhacht ar gach leibhéal, le haghaidh iarmhairtí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, agus le haghaidh iarmhairtí Brexit gan chomhaontú freisin. I mí Aibreáin, i mí an Mheithimh agus i mí Mheán Fómhair, ghlac an Coimisiún trí theachtaireacht bhreise ina leagtar amach cur chuige comhordaithe an Aontais i dtaca leis an ullmhacht agus na prionsabail is bun léi agus ina gcuirtear i láthair an dul chun cinn a bhí déanta i dtaca leis na hullmhúcháin ar leibhéal an Aontais. Áitíodh ar na gníomhaithe uile lena mbaineann na bearta is gá a dhéanamh chun ullmhú do gach cás a d’fhéadfadh a bheith ann.

Chun na hiarmhairtí is tromchúisí do AE-27 a thiocfadh as tarraingt siar gan chomhaontú a mhaolú, ghlac an Coimisiún roinnt bearta teagmhasachta aontaobhacha, ina measc roinnt tograí reachtaíochta i réimsí éagsúla ar nós chomhordú na slándála sóisialta, Erasmus+, na féidearthachta go bhféadfadh an Ríocht Aontaithe cur le buiséid 2019 agus 2020 an Aontais Eorpaigh, agus údaruithe iascaireachta. Bhí na bearta reachtacha sin á gcomhlánú ag timpeall 60 gníomh neamhreachtach i réimsí éagsúla. Thairis sin, d’fhoilsigh an Coimisiún 102 fhógra chun geallsealbhóirí a chur ar an eolas faoi na hiarmhairtí a thiocfadh as an Ríocht Aontaithe a tharraingt siar gan chomhaontú.

D’oibrigh an Coimisiún go dlúth leis na Ballstáit chun a chinntiú go raibh cur chuige an Aontais comhleanúnach éifeachtach agus eagraíodh líon mór seimineár leis na Ballstáit chun go bhféadfaí plé ar leibhéal earnála agus plé teicniúil a dhéanamh agus chun cuidiú leo ullmhú. Idir mí Eanáir agus mí an Mhárta, thug an Coimisiún cuairt ar na 27 mBallstát uile chun a chinntiú go raibh an phleanáil teagmhais náisiúnta á déanamh mar ba cheart agus chun aon soiléiriú ba ghá a thabhairt ar bhearta ullmhachta agus teagmhais.

Caibidlíocht le rialtas nua na Ríochta Aontaithe

Nuair a d’éirigh Theresa May as a hoifig mar Phríomh-Aire na Ríochta Aontaithe, d’iarr rialtas nua na Ríochta Aontaithe go ndéanfaí modhnuithe ar an bPrótacal maidir le hÉirinn agus le Tuaisceart Éireann a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach (Airteagal 50) an 25 Samhain 2018. Anuas air sin d’iarr rialtas na Ríochta Aontaithe go ndéanfaí leasuithe ar an Dearbhú Polaitiúil chun go léireofaí an leibhéal uaillmhéine nua a bhí aige i dtaca leis an gcaidreamh a bheadh aige leis an Aontas sa todhchaí.

Tar éis caibidlíocht a bheith ann idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe le linn mhí Mheán Fómhair agus mhí Dheireadh Fómhair 2019, thángthas ar chomhaontú i dtaca le téacs athbhreithnithe den Phrótacal agus den Dearbhú Polaitiúil.

An 17 Deireadh Fómhair 2019, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an Comhaontú um Tharraingt Siar leasaithe agus an téacs athbhreithnithe den Dearbhú Polaitiúil.

An 19 Deireadh Fómhair, rinne an Ríocht Aontaithe iarraidh ar shíneadh a chur le sprioc-am an 31 Deireadh Fómhair 2019. D’fhonn tuilleadh ama a thabhairt le daingniú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar a chur i gcrích, ghlac an Chomhairle Eorpach cinneadh chun síneadh a chur leis an tréimhse faoi Airteagal 50 go dtí an 31 Eanáir 2020. Is le comhaontú na Ríochta Aontaithe a rinneadh an cinneadh.

Bhí an Ríocht Aontaithe de bheith fós ina Ballstát a fhad a mhair tréimhse an tsínidh agus bhí na cearta uile aici agus an hoibleagáidí uile uirthi faoi dhlí an Aontais Eorpaigh le linn na tréimhse sin.

An Comhaontú athbhreithnithe um Tharraingt Siar

Leis an bPrótacal maidir le hÉirinn agus le Tuaisceart Éireann déantar foráil maidir le réiteach a fheidhmeoidh de réir dlí chun teorainn chrua ar oileán na hÉireann a sheachaint, chun an geilleagar uile-oileánda agus gach gné de Chomhaontú Aoine an Chéasta (Comhaontú Bhéal Feirste) a chosaint agus chun sláine an Mhargaidh Aonair a chosaint chomh maith. A bhuí leis an réiteach sin tugtar aghaidh ar na cúinsí ar leith a bhaineann le hoileán na hÉireann arb é is aidhm dó an tsíocháin agus an chobhsaíocht a chosaint ann. 

Beidh Tuaisceart Éireann i gcomhréir fós le tacar rialacha teoranta de chuid an Mhargaidh Aonair chun teorainn chrua ar oileán na hÉireann a sheachaint. Leis an bPrótacal athbhreithnithe seachnófar aon teorainn chustaim ar oileán na hÉireann freisin. Fad a bheidh Tuaisceart Éireann ina chuid de chríoch chustaim na Ríochta Aontaithe, cuirfidh údaráis na Ríochta Aontaithe Cód Custaim an Aontais i bhfeidhm maidir leis na hearraí uile a thiocfaidh isteach go Tuaisceart Éireann, agus déanfar foráil leis an bPrótacal maidir le sásraí maoirseachta agus forghníomhaithe cuí an Aontais. Leanfaidh Tionól Thuaisceart Éireann de thionchar tábhachtach a bheith aige i dtaca leis an gcaoi a gcuirfear dlí ábhartha an Aontais i bhfeidhm go fadtéarmach i dTuaisceart Éireann. Murab ionann agus an Prótacal a bhí ann roimhe seo, is prótacal de chineál buan é agus ní chuirfear socruithe malartacha ina ionad.

Na gnéithe eile go léir den Chomhaontú um Tharraingt Siar tá siad gan athrú ó thaobh substaint de, de réir an chomhaontaithe ar thángthas air an 14 Samhain 2018. A bhuí leis an gComhaontú um Tharraingt Siar tá deimhneacht dhlíthiúil ann, murab ionann agus an éiginnteacht a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, i dtaca leis na nithe seo a leanas: cearta na saoránach, an socrú airgeadais, idirthréimhse go deireadh 2020 ar a laghad, rialú, prótacail maidir leis an gCipir agus maidir le Giobráltar agus réimse saincheisteanna eile a bhaineann leis an scaradh.

An Dearbhú Polaitiúil athbhreithnithe

An príomhathrú a rinneadh ar an Dearbhú polaitiúil athbhreithnithe, baineann sé leis an gcaidreamh eacnamaíoch a bheidh ann sa todhchaí idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas ós rud é gur comhaontú saorthrádála a roghnaigh rialtas na Ríochta Aontaithe. Leis an dearbhú, deimhnítear an uaillmhian atá ann comhaontú saorthrádála gan aon taraif ná cuóta a thabhairt i gcrích idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe agus luaitear ann gur cheart go gcinnteofaí iomaíocht oscailte chothrom agus go seachnófaí buntáistí iomaíocha míchothroma trí ghealltanais dhaingne i dtaca le cothromaíocht iomaíochta.

An 22 Deireadh Fómhair 2019, chinn an Coimisiún, ar thionscnamh Ursula von der Leyen, an tUachtarán tofa san am, athstruchtúrú a dhéanamh ar an tascfhórsa atá ann faoi láthair agus tascfhórsa nua a bhunú le haghaidh an chaidrimh leis an Ríocht Aontaithe. Ceapadh Michel Barnier ina cheannaire ar an tascfhórsa, tascfhórsa a chomhordóidh an obair a dhéanfaidh an Coimisiún ar gach gné straitéiseach, oibríochtúil, dhlíthiúil agus airgeadais a bhaineann le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas. Tá an cinneadh i bhfeidhm ó bhí an 16 Samhain 2019 ann.

Na chéad chéimeanna eile

Sula bhféadfadh an Comhaontú um Tharraingt Siar teacht i bhfeidhm, níorbh fholáir don Aontas agus don Ríocht Aontaithe é a dhaingniú.

I bhfianaise an toraidh a bhí ar thoghchán na Ríochta Aontaithe an 12 Nollaig 2019, bhíothas ag súil go mbeadh an Comhaontú um Tharraingt Siar daingnithe agus curtha i gcrích ag an dá thaobh faoi dheireadh mhí Eanáir 2020, rud a d’fhágfadh go mbeadh an Ríocht Aontaithe in ann tarraingt siar ar bhealach ordúil agus go mbeadh sí ina tír nach Ballstát den Aontas í an 1 Feabhra 2020.

Leis an gComhaontú um Tharraingt Siar déantar foráil maidir le hidirthréimhse go dtí an 31 Nollaig 2020. Féadfar síneadh 1 bhliana amháin nó síneadh 2 bhliain a chur leis an idirthréimhse sin, ach ní mór don Aontas agus don Ríocht Aontaithe é a chinneadh d’aon toil faoin 1 Iúil 2020. Le linn na tréimhse sin, leanfaidh dlí an Aontais d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe agus leanfaidh sé d’fheidhm a bheith aige inti freisin. Caithfidh an tAontas leis an Ríocht Aontaithe amhail agus dá mba Bhallstát í, ach amháin nach mbeidh rannpháirtíocht aici in institiúidí ná i struchtúir rialachais an Aontais.

Bhí an tAontas réidh le sainordú caibidlíochta a chur i láthair na Comhairle i dtaca leis an gcaidreamh a bheidh ann leis an Ríocht Aontaithe sa todhchaí a luaithe a bheadh an Ríocht Aontaithe ina tír nach Ballstát den Aontas í. Bhí an Coimisiún ullamh freisin chun tús a chur leis an gcaibidlíocht a luaithe a faomhadh an sainordú.

Teagmháil leis na saoránaigh

Tionscnamh Eorpach na Saoránach

Chláraigh an Coimisiún 16 thionscnamh saoránach nua in 2019 (níos mó ná dhá oiread dár cláraíodh in 2018), an líon ceannann céanna a cláraíodh in 2012 (an chéad bhliain a cuireadh an tionscnamh chun feidhme).

Feachtas cumarsáide tiomanta a cuireadh ar bun i mí Aibreáin 2018 ba chúis le cuid mhaith den mhéadú a tháinig ar an tionscnamh, feachtas arb é ab aidhm dó eolas níos mó a chur ar an bpobal faoin uirlis, rud a rinneadh le poiblíocht ar na meáin chumarsáide agus le himeachtaí spriocdhírithe sna Ballstáit. Chomh maith leis sin, leis an ardán comhoibritheach ar líne a seoladh i mí na Bealtaine 2018, spreagtar dea-chleachtais a mhalartú trí fhóram plé agus soláthraítear comhairle neamhspleách ó shaineolaithe ar ábhair dhlíthiúla nó eagrúcháin.

An 17 Aibreán 2019, tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chomhaontú chun Tionscnamh Eorpach na Saoránach a athchóiriú. Is é is aidhm do na rialacha nua, rialacha a mbeidh feidhm leo ó mhí Eanáir 2020, gur fusa do shaoránaigh tionscnaimh a eagrú agus gur fusa dóibh tacú leo freisin. Ar na nithe a d’eascair as an athchóiriú sin tá nósanna imeachta feabhsaithe, cuidiú níos mó agus eolas níos mó do shaoránaigh, agus uirlisí TF nua. Is príomhriachtanas agus tosaíocht é córas lárnach a bhunú chun ráitis tacaíochta a bhailiú ar líne, córas a bhainisteoidh an Coimisiún.

An 13 Meitheamh 2019 rinneadh rialachán maidir le trédhearcacht agus inbhuanaitheacht mheasúnú riosca an Aontais sa bhiashlabhra a ghlacadh go foirmiúil. Is mar fhreagairt ar Thionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh faoi bheartas an Aontais i dtaca le lotnaidicídí a glacadh an téacs.

Comhphlé leis na Saoránaigh

A bhuíochas leis an gComhphlé leis na Saoránaigh, is soiléire ná riamh gur féidir an pobalachas, na miotais agus an bhréagaisnéis faoin Eoraip a laghdú ach an Eoraip caidreamh níos dlúithe a chothú leis na saoránaigh agus a mhíniú conas a fheidhmíonn sí agus cad go díreach a dhéanann sí. A bhuí leis na comhphléití, bhí an Coimisiún in ann díospóireacht a dhéanamh faoin Eoraip le líon is mó daoine den phobal agus is léir go bhfuil éileamh is mó ar imeachtaí inar féidir le daoine a gcuid tuairimí a chur in iúl.

Tosaíocht amháin a leag Coimisiún Juncker síos ba ea cluas éisteachta a thabhairt do na saoránaigh agus iad a spreagadh le bheith gníomhach agus rannpháirteach chun Aontas an lae amárach a mhúnlú. A bhuí leis an gcaidreamh sin, bhí níos mó ná 1 800 Comhphlé le Saoránaigh i mbreis agus 600 cathair ó bhí mí Eanáir 2015 ann. Breis agus 212 000 duine ó gach aois agus cúlra a ghlac páirt iontu, ina measc Uachtarán agus Leas-Uachtaráin an Choimisiúin, Coimisinéirí, Feisirí Pharlaimint na hEorpa, polaiteoirí náisiúnta agus oifigigh an Aontais.

Is ar nós díospóireachtaí halla baile a eagraíodh an comhphlé, imeachtaí a eagraíodh i gcomhar le comhpháirtithe náisiúnta agus áitiúla go minic. B’fhiúntach iad na comhphléití sin mar bhealach chun labhairt leis na saoránaigh gan maolú gan idirghabhálaí. Na tuairimí a fuarthas ó na saoránaigh le linn na gcomhphléití, cuireadh san áireamh iad sa phróiseas ceaptha beartas agus is mó arís an poitéinseal atá acu chuige sin amach anseo.

Ón gcluas éisteachta go dtí an fhíor-rannpháirtíocht

In imeacht na mblianta tháinig athrú ar an gComhphlé leis na Saoránaigh, comhphlé a bhíonn ar siúl de thoradh ar Pháipéar Bán mhí an Mhárta 2017 i dteannta na ndíospóireachtaí faoi thodhchaí na hEorpa, agus déanann siad comhlánú ar na comhairliúcháin leis na Saoránaigh a dhéantar sna Ballstáit. Cuireadh leis an gcomhphlé chun formáidí nua a chuimsiú, formáidí ar nós ceardlanna rannpháirtíochta ón mbun aníos, plé ar líne agus comhphlé trasnáisiúnta i réigiúin teorann.

Feictear ar an léarscáil seo an dáileadh geografach ar Chomhphléití leis na Saoránaigh don tréimhse idir 2014 agus 2019

Ó thús Choimisiún Juncker, tionóladh Comhphléití leis na Saoránaigh ar fud na hEorpa.

A bhuí leis na díospóireachtaí a rinneadh, léiríodh go bhfuil na saoránaigh ar thús cadhnaíochta san athrú, go bhfuiltear ag súil le cuid mhaith ón ngeilleagar ciorclach agus ón ngeilleagar digiteach agus ó na bealaí nua chun bheith rannpháirteach sa daonlathas. Is éard a bhíonn á éileamh ag na saoránaigh go rachfar i ngleic le ceisteanna ar nós an athraithe aeráide agus chosaint an chomhshaoil, ach anuas air sin, bíonn siad ag súil leis go gcinnteoidh an tAontas go mbeidh siad folláin, agus go gcinnteoidh sé a gcaighdeáin mhaireachtála agus a bpinsin freisin. Dar leis na saoránaigh is é an tAontas an institiúid lena ráthaítear a dtraidisiúin talmhaíochta agus tuaithe, sin agus a bhféiniúlacht, a gcultúr agus a luachanna Eorpacha.

Leanfaidh an Coimisiún dá thiomantas chun dul i dteagmháil leis na saoránaigh agus iad a spreagadh le bheith rannpháirteach, déanfaidh sé amhlaidh trí fhorbairt a dhéanamh ar na huirlisí a úsáidfear chun dul i dteagmháil leo ar bhealach níos dlúithe, agus chun gur fearr a chuirfear a n-ábhair imní agus na nithe a mbeidh siad ag súil leo san áireamh sa cheapadh beartas. An taithí a fuarthas idir 2015 agus 2019, is taithí í a fhéadfar a úsáid mar thúsphointe chun an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a leagan amach, comhdháil a d’fhógair Ursula von der Leyen faoi thosaíocht pholaitiúil an Choimisiúin, mar atá “Ugach nua do dhaonlathas na hEorpa”.

Fóram le haghaidh díospóireachtaí atá ag athrú

Nuair a cuireadh tús leis an gcomhphlé in 2015, an tráth ba mhó a tháinig dídeanaithe agus imircigh isteach san Aontas, bhí an imirce ar na hábhair ba mhó caint. An bhliain dár gcionn, is éard is mó a pléadh sna díospóireachtaí, méadú na sceimhlitheoireachta agus an radacú san Eoraip, sin agus an spéis a léiríodh sna hiarmhairtí a bheadh ann de bharr Brexit agus an caidreamh nua a bheadh ann le rialtas Trump sna Stáit Aontaithe. In 2017 agus 2018, díríodh aird níos mó sa Chomhphlé leis na Saoránaigh ar thodhchaí an Aontais, ábhar a bhí go mór chun cinn in 2019 chomh maith, bhí aird mhór ar ábhair imní a bhí ann i dtaca leis an bpobalachas, leis an eoraisceipteachas, leis an mbréagnuacht agus leis an mbréagaisnéis freisin. Is iomaí díospóireacht a bhí ann de bharr cheist an aistrithe dhigitigh, go háirithe an intleacht shaorga. Anuas air sin, bhí cúrsaí aeráide agus comhshaoil go mór i mbéal an phobail, go háirithe i measc an aosa óig.

Páistí agus iad ag caitheamh éadaí scoile i bpáirc, bratach an Aontais Eorpaigh á gcroitheadh acu

Páistí ag glacadh páirt san imeacht curtha crann a bhí mar chuid den chomhdháil “Ár bhForaoiseacha, Ár dTodhchaí” chun tiomantas an Aontais d’inbhuanaitheacht na hearnála foraoiseachta a léiriú, an Bhruiséil, an Bheilg, 26 Aibreán 2019.

Ag ullmhú don todhchaí

In 2019, reáchtáladh 547 gComhphlé leis na Saoránaigh i 27 mBallstát, rud a thug breis agus 60 000 duine le chéile. A bhuí lena gcuid tuairimí, cuireadh mianta agus aislingí na saoránach do thodhchaí na hEorpa ar a súile do cheannairí AE-27 roimh a gcruinniú neamhfhoirmiúil in Sibiu na Rómáine, i mí na Bealtaine.

Úsáideadh conclúidí a baineadh as an gcomhphlé agus as na comhairliúcháin ar líne a reáchtáladh le linn na bliana chun cur leis an bhfís a chuir an Coimisiún i láthair sa doiciméad “Ag ullmhú le haghaidh Aontas níos aontaithe, níos láidre agus níos daonlathaí i ndomhan atá ag éirí níos éiginnte”. Ba shoiléir an teachtaireacht: tiocfaidh an Eoraip i mbláth, ach na Ballstáit a bheith ag cur le céile.

Cion an Choimisiúin le Clár Oibre Straitéiseach an Aontais le haghaidh na tréimhse 2019 go 2024, is mar sin a cuireadh an doiciméad sin i láthair, doiciméad ar chuir aiseolas agus comhar na saoránach go mór leis, agus a glacadh i mí an Mheithimh. Féach an rannóg dar teideal “Todhchaí na hEorpa” le haghaidh tuilleadh eolais. 

Cumarsáid faoin Eoraip

Is dúshlán ar leith don Aontas é cumarsáid éifeachtach a dhéanamh leis na saoránaigh ar fud aon mhór-roinn amháin. Dhá thaobh den scéal céanna is ea beartas agus an chumarsáid. Chuige sin agus den chéad uair riamh, rinne an Coimisiún, mar chuid dá chion féin le Clár Oibre Straitéiseach an Aontais ag Cruinniú Mullaigh Sibiu an 9 Bealtaine 2019, cúig mholadh i dtaca leis an gcumarsáid a bheadh faoi réir na saoránach agus an daonlathais. Ós rud é go ndéantar an fhreagracht maidir le heolas a thabhairt faoin Aontas a roinnt idir na hinstitiúidí, na Ballstáit agus na rialtais ar gach leibhéal, cuirtear i dtábhacht leis an gcéad mholadh an gá atá ann le cumarsáid a dhéanamh ar bhealach sothuigthe, agus míniú a thabhairt ar an tionchar a bheidh ag beartais ar na saoránaigh agus ar an leas a dhéanfaidh na beartais sin dóibh. Leis an dara moladh, féachtar le cur leis an teagmháil agus leis an bplé a bhíonn ann leis na saoránaigh faoi bheartais agus faoi cheisteanna an Aontais. Is é is aidhm don tríú moladh, a chinntiú gur dlúithe a oibreoidh institiúidí an Aontais le chéile amach anseo i dtaca le feachtais cumarsáide corparáidí an Aontais atá bunaithe ar chomhluachanna Eorpacha. Ina dhiaidh sin, cuireann an Coimisiún i dtábhacht an gá atá ann le bheith ag cur le chéile chun teacht roimh an mbréagaisnéis agus sin a dhéanamh le cumarsáid an Aontais atá bunaithe ar fhíorais. Ar deireadh, molann an Coimisiún go gcuirfí an teagasc agus an fhoghlaim faoin Aontas chun cinn ar gach leibhéal oideachais.

Cúinne na Foghlama, a sheol an Coimisiún Eorpach i mí an Mhárta 2019 agus a chabhraíonn le páistí bunscoile agus meánscoile foghlaim faoin Aontas ar bhealach spraíúil sa seomra ranga agus sa bhaile.

Cúinne na Foghlama, a sheol an Coimisiún Eorpach i mí an Mhárta 2019 agus a chabhraíonn le páistí bunscoile agus meánscoile foghlaim faoin Aontas ar bhealach spraíúil sa seomra ranga agus sa bhaile.

An tAontas i mo réigiún féin

Thug breis agus leathmhilliún saoránach cuairt ar níos mó ná 2 000 tionscadal le linn mhí na Bealtaine a bhuí leis an bhfeachtas “an tAontas i mo réigiún féin”, feachtas lena spreagtar saoránaigh le heolas a chur ar thionscadail atá maoinithe ag an Aontas agus atá gar don bhaile acu. Is iad na réigiúin agus an Coimisiún a chruthaigh an feachtas le chéile agus is iad atá ina bhun freisin.

Ceardlanna pléghrúpa do na saoránaigh: tosaíochtaí beartais ón mbun aníos a fháil ó na saoránaigh

In 2017, chuir an Coimisiún tús le cineál imeachta nua: ceardlanna rannpháirtíochta do na saoránaigh. Le linn na gceardlann sin, phléigh na saoránaigh na hábhair ba chás leo féin, tháinig siad aníos le moltaí faoin todhchaí a bhí uathu don Eoraip agus rinne na smaointe sin a chaibidil le cinnteoir de chuid an Aontais. B’fhiúntach an bealach é chun eolas a chur ar na tuairimí a bhí ag na saoránaigh ar cheisteanna éagsúla le linn dóibh féin a bheith i gceannas ar an bplé. In 2019 eagraíodh ocht gceardlann faoi thodhchaí na hEorpa sa Bheilg, san Iodáil, sa Chipir, san Ungáir, sa Pholainn agus san Fhionlainn. A bhuí leis na ceardlanna sin léiríodh na réimsí a gcreideann na saoránaigh go bhféadfadh gníomhaíocht ar an leibhéal Eorpach difear a dhéanamh dóibh.

Plé ar cheisteanna a bhaineann le toghcháin Pharlaimint na hEorpa

In 2018 agus go luath in 2019, is minic a pléadh toghcháin Pharlaimint na hEorpa le linn na gcomhphléití. Bhí daoine imníoch faoi mhéadú an phobalachais agus an eoraisceipteachais i roinnt Ballstát agus bhí daoine go leor ann a thug le fios go raibh siad buartha faoi úsáid na bréagaisnéise. I measc na n-ábhar gaolmhar a pléadh, bhí na frithbhearta is féidir leis an Eoraip a dhéanamh; an mhíshocracht is féidir le cumhachtaí eachtracha a chothú i dtíortha áirithe trí thionchar a imirt ar thoghcháin thábhachtacha; an tsaoirse tuairimí a nochtadh; agus an chaoi ar féidir le daoine idirdhealú a dhéanamh idir foinsí eolais iontaofa agus foinsí eolais neamhiontaofa.

Bliain de bhearta agus de bhriathar an aosa óig

Thug daoine óga le fios ag comhphléití go leor le linn 2019 go raibh imní orthu faoi staid an smachta reachta i mBallstáit áirithe agus theastaigh ó roinnt rannpháirtithe a fháil amach cad a d’fhéadfadh an tAontas a dhéanamh chun a chinntiú go ndéanfaí é a urramú. Chomh maith leis sin bhí imní mhór ann i roinnt tíortha faoin éillitheacht.

D’iarr rannpháirtithe ar an Aontas agus ar pholaiteoirí náisiúnta araon leanúint de chosaint ghníomhach a thabhairt don chomhshaol, den chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus d’úsáid a bhaint as fuinneamh is glaine ó fhoinsí Eorpacha.

Pictiúir éagsúla de dhaoine agus iad ag éisteacht agus ag glacadh páirt i gcainteanna

An imeacht Comhphlé leis na Saoránaigh Óga le linn chruinniú mullaigh Sibiu, Sibiu na Rómáine, 9 Bealtaine 2019.

Bhí siad ag súil go ndéanfadh an tAontas an t-athrú go sochaí is inbhuanaithe a rialú agus a éascú agus chun athrú iompraíochta a spreagadh i réimsí ar nós an gheilleagair chiorclaigh, cur amú bia agus laghdú ar phlaistigh.

I roinnt mhaith de na Comhphléití leis na Saoránaigh bhí ceisteanna ann faoin mbearna phá atá fós ann idir na hinscní agus faoin ngá atá ann don Aontas bearta a chur chun feidhme chun a chinntiú go mbeidh comhionannas inscne ann i bpoist chinnteoireachta. Bhí éileamh ann chomh maith go mbeadh an Eoraip níos sóisialta, go gcuirfí le buiséad an Aontais chun dul i ngleic le ceisteanna sóisialta agus go laghdófaí na míchothromaíochtaí idir na Ballstáit agus laistigh díobh.

Bhí an Comhphlé leis na Saoránaigh Óga “Múnlaímis todhchaí na hEorpa le chéile!” ar siúl in Sibiu, an 8 Bealtaine. Bhí níos mó ná 300 duine óg, ó 18 go 25 bliana d’aois, as gach cearn den Eoraip ann chun todhchaí na hEorpa a phlé le ceannairí an Aontais roimh chruinniú mullaigh an 9 Bealtaine. Roinn siad smaointe agus phléigh siad ceisteanna i dtaca le cúig phríomhábhar: an rannpháirtíocht, an daonlathas, an chothroime, an Eoraip dhigiteach, an t-athrú aeráide. I dtaca le todhchaí an Aontais, thug siad le fios gurb é a bhí uathu tionchar níos mó a bheith acu ar an gceapadh beartais, go háirithe i bhfianaise an mhéadaithe a tháinig ar an ngníomhaíochas i measc an aosa óig i dtaca leis an ngéarchéim aeráide.

Súil chun cinn

Rinneadh cur síos sa tuarascáil seo ar a bhfuil bainte amach ag an Aontas in 2019 agus ar na dúshláin atá fós romhainn. Chuaigh ceannairí nua i gceannas agus ós rud é gur gníomhaí agus gur rannpháirtí ná riamh na saoránaigh i saol daonlathach na hEorpa, is maith mar a bheidh an tAontas in ann dul i ngleic leis na dúshláin sin le teann muiníne.

Ós rud é gur foilsíodh an tuarascáil in earrach 2020, beidh an tAontas ar a dhícheall beart a dhéanamh de réir an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, an Eoraip a chur in oiriúint don ré dhigiteach, obair a dhéanamh ar son na cothroime agus an rathúnais i ngeilleagar atá le leas gach duine agus an Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa a ullmhú. Níl ann sin ach roinnt den líon mór tosaíochtaí agus tionscnamh a ndéanfar cur síos orthu in eagrán 2020 den Tuarascáil Ghinearálta.

Teagmháil a dhéanamh le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh

Dul ann tú féin

Tá na céadta Ionad Eolais Europe Direct ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil anseo:
https://europa.eu/european-union/contact_ga

Ar an bhfón nó le ríomhphost

Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach: Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:

– ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (d'fhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin);

– ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696; nó

– le ríomhphost, tríd an suíomh: https://europa.eu/european-union/contact_ga

Eolas a fháil faoin Aontas Eorpach

Ar líne

Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa ag: https://europa.eu/european-union/index_ga

Foilseacháin de chuid an Aontais

Is féidir leat foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh, idir cinn saor in aisce agus cinn a bhfuil praghas orthu, a íoslódáil nó a ordú ag: https://op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna de na foilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le d'ionad eolais áitiúil chun é sin a dhéanamh (féach https://europa.eu/european-union/contact_ga).

Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara

Chun teacht ar eolas dlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1952 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex ag: https://eur-lex.europa.eu

Sonraí oscailte ón Aontas Eorpach

Is féidir teacht ar thacair shonraí ón Aontas Eorpach ag Tairseach Sonraí Oscailte an Aontais (https://data.europa.eu/euodp/ga). Is féidir sonraí a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce, ar bhonn tráchtála nó ar bhonn neamhthráchtála.

Eolas faoin bhfoilseachán seo

An tAontas Eorpach in 2019 — An Tuarascáil Ghinearálta ar Ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh

An Coimisiún Eorpach
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Seirbhís eagarthóireachta & Sprioc For-rochtana
1049 An Bhruiséil
AN BHEILG

An tAontas Eorpach in 2019 — An Tuarascáil Ghinearálta ar Ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh a ghlac an Coimisiún Eorpach an 19 Feabhra 2020 faoi uimhir thagartha C(2020) 860.

Aitheantóirí

An Tuarascáil Ghinearálta ar Ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh

Print ISBN 978-92-76-14815-9 ISSN 2443-9533 doi:10.2775/773361 NA-AD-20-001-GA-C
PDF ISBN 978-92-76-14785-5 ISSN 2443-9541 doi:10.2775/888413 NA-AD-20-001-GA-N
EPUB ISBN 978-92-76-14730-5 ISSN 2443-9541 doi:10.2775/680692 NA-AD-20-001-GA-E
HTML ISBN 978-92-76-14770-1 ISSN 2443-9541 doi:10.2775/510845 NA-AD-20-001-GA-Q

Buaicphointí

Print ISBN 978-92-76-14872-2 ISSN 2443-9517 doi:10.2775/72839 NA-AP-20-001-GA-C
PDF ISBN 978-92-76-14865-4 ISSN 2443-9525 doi:10.2775/366553 NA-AP-20-001-GA-N
EPUB ISBN 978-92-76-14844-9 ISSN 2443-9525 doi:10.2775/63648 NA-AP-20-001-GA-E

Níl an Coimisiún Eorpach faoi dhliteanas as aon iarmhairt a eascraíonn as athúsáid an fhoilseacháin seo.

Lucsamburg: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2020
© An tAontas Eorpach, 2020

Déantar beartas athúsáide an Choimisiúin Eorpaigh a chur chun feidhme le Cinneadh 2011/833/AE ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2011 maidir le hathúsáid dhoiciméid an Choimisiúin (IO L 330, 14.12.2011, lch. 39).

Ach amháin má shonraítear a mhalairt, údaraítear an doiciméad seo a athúsáid faoi cheadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0) (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). Ciallaíonn sé sin go gceadaítear an athúsáid ar choinníoll go dtugtar an taitheantas cuí agus go léirítear aon athrú a dhéantar.

Le haghaidh míreanna nach bhfuil faoi úinéireacht an Aontais Eorpaigh a úsáid nó a atáirgeadh, d’fhéadfadh sé gur ghá cead a iarraidh go díreach ar shealbhóirí an chóipchirt.

CREIDIÚNTAÍ
Gach grianghraf © An tAontas Eorpach mura dtugtar a mhalairt le fios.

Ar an gclúdach

  1. Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag cur an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip i láthair ag an gComhairle Eorpach, an Bhruiséil, an Bheilg, an 12 Nollaig 2019. (© An tAontas Eorpach, 2019)
  2. Ceannairí AE-27 roimh chruinniú neamhfhoirmiúil den Chomhairle Eorpach chun todhchaí an Aontais a phlé, Sibiu, an Rómáin, an 9 Bealtaine 2019. (© An tAontas Eorpach, 2019)
  3. Taistealaithe DiscoverEU ag an gcéad teacht le chéile riamh de chuid DiscoverEU, Nijmegen, an Ísiltír, an 12 Iúil 2019. (© An tAontas Eorpach, 2019)
  4. Cluiche rugbaí do dhaoine óga a eagraíodh ag ceannáras an Choimisiúin Eorpaigh, an Berlaymont, mar chuid de Sheachtain Eorpach an Spóirt, an Bhruiséil, an Bheilg, an 23 Meán Fómhair 2019. (© An tAontas Eorpach, 2019)
  5. Na ceithre cheannaire nua ar institiúidí an Aontais Eorpaigh: Christine Lagarde, Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh, David Sassoli, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, an Bhruiséil, an Bheilg, an 1 Nollaig 2019. (© An tAontas Eorpach, 2019)
  6. Suiteán ealaíne i stáisiún traenach na Bruiséile-Lucsamburg ag cur chun cinn fheachtas an Aontais “An uair seo beidh mé ag vótáil” chun rannpháirtíocht sna toghcháin Eorpacha a spreagadh, an Bhruiséil, an Bheilg, an 24 Bealtaine 2019. (© An tAontas Eorpach, 2019)
  7. Páistí ag glacadh páirt san imeacht curtha crann a bhí mar chuid den chomhdháil “Ár bhForaoiseacha, Ár dTodhchaí” chun tiomantas an Aontais d’inbhuanaitheacht na hearnála foraoiseachta a léiriú, an Bhruiséil, an Bheilg, an 26 Aibreán 2019. (© An tAontas Eorpach, 2019)
  8. Antonio Tajani, iar-Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, ag croitheadh láimhe le David Sassoli, Uachtarán reatha Pharlaimint na hEorpa. (© An tAontas Eorpach, 2019)
  9. Charles Michel, Uachtarán reatha na Comhairle Eorpaí, ag croitheadh láimhe le Donald Tusk, iar-Uachtarán na Comhairle Eorpaí. (© An tAontas Eorpach, 2019)
  10. Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, i dteannta Jean-Claude Juncker, an t-iar-Uachtarán, ag nochtadh portráide de féin i nGailearaí na nUachtarán i gceannáras an Choimisiúin Eorpaigh sa Berlaymont, an Bhruiséil, an Bheilg, an 3 Nollaig 2019. (© An tAontas Eorpach, 2019)
  11. Baill foirne de chuid chosaint shibhialta an Aontais Eorpaigh le linn cruinniú oibríochtúil leis na húdaráis áitiúla san Albáin i ndiaidh crith talún ar mhéid 6.4 ar ghabh iarchreathanna leis, Krujë, an Albáin, an 4 Nollaig 2019. (© An tAontas Eorpach, 2019)

An tAontas Eorpach in 2018