Réamhrá

Ursula von der Leyen

Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh

Is cinnte gurb éard is dóigh le go leor díbh gur bhliain í 2020 ab fhearr a dhearmad láithreach, ach bliain a mbeidh cuimhne uirthi go brách.

A dearmad láithreach de dheasca na paindéime ar ndóigh.

Níl teach ná áras san Aontas nach ndeachaigh géarchéim an choróinvíris i gcion air, ná tír, ná cúinne dá laghad dá bhfuil ann. Déanaim comhbhrón ó chroí le cách dá bhfuair duine muinteartha leo bás, agus leo siúd a raibh tinneas orthu féin.

Ach ba bhliain 2020 arbh fhiú cuimhneamh uirthi.

Mar i gceartlár an chatha in aghaidh an namhad dhofheicthe seo, tá laochra ghairm an leighis ag obair, laochra a chuir a mbeatha féin i mbaol le beatha daoine eile a shábháil. Ba mhaith liom ómós a thabhairt do gach uile dhuine díobh sin, agus do na hoibreoirí ar fad a bhí i mbéal an chatha, daoine a chuidigh linn féin agus leis an ngeilleagar in am an ghátair ionas gur fhéadamar leanúint ar aghaidh go fóill.

Ba bhliain í a mbeidh cuimhne uirthi, mar nuair a bhí tragóid mhór an tsaoil ag dul in olcas mórthimpeall orainn, chuir an Eoraip cos i dtaca, agus an slógadh comhpháirteach a rinne sí, ní raibh a leithéid ann riamh i stair an Aontais seo. Bhí tíortha ann, cathracha agus réigiúin ann a chuir lámh i ndáileadh an trealaimh leighis chuig na háiteanna a raibh sé de dhíth. Chuaigh eitleáin na hEorpa ar fud an domhain chuig na pobail ba leochailí leis na mílte tonaí a chur ar fáil dóibh den ábhar a raibh sábháil na beatha ann. Chomh maith leis sin, tugadh os cionn 600 000 saoránach a bhí sáinnithe thar lear abhaile.

Bhí cuideachtaí ann a chuir a gcuid línte táirgeachta in oiriúint don éileamh ar ábhar dífhabhtaithe, ar mhaisc aghaidhe, agus ar threalamh leighis. Chuaigh daoine i bpáirt le chéile ar fud an domhain, agus le tréan díchill i dtiomsú an airgid, b’fhiú beagnach EUR 16 bhilliún an méid a gheall siad, rud a d’fhág go bhfuil vacsaíní sábháilte éifeachtacha ar fáil do chách – is eol dúinn nach slán duine ach más slán cách.

Cuirfidh na vacsaíní ar ár gcumas filleadh ar an saol ba ghnách linn. Ach na vacsaíní céanna ní hiad is réiteach ar an aimhleas a rinne COVID-19 don gheilleagar ná don chontúirt don phláinéad atá san athrú aeráide. Sin é an fáth ar chuireamar romhainn gníomh eile a dhéanamh go misniúil i dtreo na neodrachta aeráide. Is ionann sin agus a rá gur géire an ciorrú a bheidh á dhéanamh ar astaíochtaí, gur infheistíocht ollmhór a bheidh á déanamh sna teicneolaíochtaí glasa, agus go mbeifear ag ligean scóid le poitéinseal digiteach na hEorpa ina iomláine.

Is mór mo dhóchas go n-éireoidh linn sin a dhéanamh. An chéad chiste téarnaimh eile atá againn, ciste luach EUR 750 billiún, is ciste é atá i gcroílár an bhuiséid fhadtéarmaigh is mó i stair an Aontais, agus is fiú EUR 1.8 trilliún an chumhacht airgeadais atá ann. Tá deis ar leith againn anois le hinfheistíocht a dhéanamh i dtodhchaí ní b’fhearr i gcomhair ár gclainne féin agus clann ár gclainne amach anseo; todhchaí ina mbeidh an Eoraip féin níos folláine, níos glaise, agus níos cliste, áit a mbeidh saol sócúlach i ndán dóibh, togha na ndeiseanna oibre, mar aon le rath agus biseach.

Is doiligh an bhliain a bhí ann, ach leis an bhfreagairt a rinneamar don phaindéim, is cinnte go mbeimid níos láidre, níos athléimní agus níos aontaithe dá bharr. Seachas uair ar bith eile i mo shaol, tá bród orm inniu gur Eorpach atá ionam, agus is inniu is daingne a chreidim i bhfiúntas na ngníomhartha atáimid a dhéanamh i gcomhar le chéile in éadan na ndúshlán mór atá romhainn.

Anuas air sin, d’fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach in 2020. Géillim don chinneadh a rinne muintir na Ríochta Aontaithe, agus beidh fáilte rompu go brách ar theaghlach na náisiún san Eoraip. Is mithid dúinn féin Brexit a chur i leataobh feasta. Is leis an Eoraip an todhchaí.

In 2020, taispeánadh dúinn a fheabhas atá an cine daonna. Tapaímis an deis chun cur leis an méid sin. Tá gníomh molta againn leis an gciníochas, an fuath, an leatrom agus an t-idirdhealú a chomhrac pé áit a bhfuil siad. Is féidir léamh faoi na tionscnaimh sin agus faoin obair ar fad atá ar siúl ag an Aontas le linn na paindéime ar na leathanaigh seo a leanas.

Seo anois muid ar an gcéad chéim i dtreo an téarnaimh, agus tá ár gcroí lán le dóchas agus le diongbháilteacht. Tá na daoine againn san Eoraip le rath a chur ar an téarnamh, tá an fhís againn, an plean agus na hacmhainní.

Fad saoil don Eoraip!

Ursula von der Leyen

Comhaltaí an Choimisiúin Eorpaigh

Ó chlé anall:

Sa chéad sraith: Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh.

Sa dara sraith: an Leas Uachtarán Feidhmiúcháin Valdis Dombrovskis, Geilleagar a Fhóireann do Dhaoine, an Leas Uachtarán Feidhmiúcháin Frans Timmermans, Comhaontú Glas don Eoraip, an Leas Uachtarán Feidhmiúcháin Margrethe Vestager, Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach, an tArd Ionadaí/an Leas Uachtarán Josep Borrell, Eoraip níos láidre ar Domhan;

Sa tríú sraith: an Leas Uachtarán Margaritis Schinas, Ár nDóigh Bheatha Eorpach a chur chun cinn, an Leas Uachtarán Věra Jourová, Luachanna agus Trédhearcacht, an Leas Uachtarán Maroš Šefčovič, Caidreamh Idirinstitiúideach agus Fadbhreathnaitheacht, an Leas Uachtarán Dubravka Šuica, Daonlathas agus Déimeagrafaíocht, an Coimisinéir Johannes Hahn, Buiséad agus Riarachán;

Sa cheathrú sraith: an Coimisinéir Janusz Wojciechowski, Talmhaíocht, an Coimisinéir Nicolas Schmit, Poist agus Cearta Sóisialta, an Coimisinéir Elisa Ferreira, Comhtháthú agus Athchóiriú, an Coimisinéir Mariya Gabriel, Nuálaíocht, Taighde, Cultúr, Oideachas agus an Óige, an Coimisinéir Paolo Gentiloni, Geilleagar, an Coimisinéir Ylva Johansson, Gnóthaí Baile, an Coimisinéir Thierry Breton, Margadh Inmheánach;

Sa chúigiú sraith: an Coimisinéir Helena Dalli, Comhionannas, an Coimisinéir Stella Kyriakides, Sláinte agus Sábháilteacht Bia, an Coimisinéir Adina Vălean, Iompar, an Coimisinéir Janez Lenarčič, Bainistíocht Géarchéimeanna, an Coimisinéir Didier Reynders, Ceartas, an Coimisinéir Olivér Várhelyi, Méadú agus Beartas Comharsanachta;

Sa séú sraith: an Coimisinéir Jutta Urpilainen, Comhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta, an Coimisinéir Virginijus Sinkevičius, Comhshaol, Aigéin agus Iascach, an Coimisinéir Kadri Simson, Fuinneamh, an Coimisinéir Mairead McGuinness, Cobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil.

Boscaí a bhfuil branda rescEU orthu á ndíluchtú ó eitleán lastais beag ag beirt oibrithe géarchéime atá ag caitheamh masc.

Freagairt chomhbheartaithe ar COVID-19

Réamhrá

Is é an toradh a bhí ar phaindéim COVID-19 san Eoraip tragóid do na daoine, gaibhniú agus dianghlasáil, agus moilliú eacnamaíoch nach bhfacthas a leithéid riamh. Níorbh fhada gur thug an tAontas cruthúnas maidir leis an dlúthpháirtíocht is dual dó. Ba chosaint an tAontas do bheatha agus do shlí bheatha na ndaoine, mar dhírigh sé ar ghníomhaíochtaí a thug freagairt éifeachtach ar an ngéarchéim le teann práinne. In 2020, glacadh breis agus 1 350 beart chun an ghéarchéim a mhaolú, bearta lena n-áirítear beagnach 400 cinneadh maidir le státchabhair a thugann fóirithint do chuideachtaí san Eoraip.

Go ceann laethanta agus seachtainí beaga tar éis don phaindéim an Eoraip a bhualadh, neartaíodh na córais cúraim sláinte ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, agus chuir na hospidéil ar fud an Aontais cóir leighis ar othair ó thíortha eile. Cuireadh foirne soghluaiste leighis chun bóthair le freagairt do na riachtanais ba phráinní. Tugadh abhaile os cionn 600 000 saoránach de chuid an Aontais a bhí sáinnithe thar lear, agus cuireadh infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha ar fáil chun vacsaíní sábháilte éifeachtacha a fhorbairt do chách ar fud an domhain.

Ba chúnamh do na Ballstáit “Teach Imréitigh” an Choimisiúin chun ganntanais i dtrealamh leighis a shárú.

Chuir an tAontas agus na Ballstáit EUR 4.2 trilliún ar fáil chun éifeachtaí na géarchéime a mhaolú, rud arb ionann le níos mó ná 30 % d’olltáirgeacht intíre an Aontais.

Léaráid achomair: maoiniú an Aontais Eorpaigh do théarnamh an gheilleagair in 2020.

As 4.2 trilliún euro san iomlán, leithdháileadh 575 bhilliún euro ar bhearta náisiúnta a rinneadh faoi sholúbthacht rialacha buiséadacha an Aontais Eorpaigh (an clásal ginearálta éalaithe), 100 billiún euro ar chúnamh airgeadais Sure an Aontais Eorpaigh le haghaidh scéimeanna oibre gearr-ama, 70 billiún euro ar thacaíocht dhíreach ón Aontas, lena n‑áirítear an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas, 3045 bhilliún euro ar bhearta leachtachta náisiúnta, lena n‑áirítear scéimeanna a formheasadh faoi rialacha Státchabhrach sealadacha solúbtha an Aontais, 240 billiún ar an Sásra Cobhsaíochta Eorpach, tacaíocht do na Ballstáit i ngeall ar ghéarchéim na paindéime agus 200 billiún euro ar mhaoiniú do ghnólachtaí ó Ghrúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta.

Baineadh leas iomlán as buiséad an Aontais freisin chun tacaíocht dhíreach airgeadais a chur ar fáil do na Ballstáit a bhí i lúba an ghátair. I dtús aimsir na géarchéime, chuir an Coimisiún na Tionscnaimh Infheistíochta Freagartha don Choróinvíreas i láthair, rud a chuir ar a gcumas do na Ballstát leas a bhaint as cistiú comhtháthaithe chun tacú leis na hearnálacha ba leochailí sa gheilleagar. Cuireadh an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála i ngníomh chun tacaíocht dhíreach airgeadais a sholáthar do riachtanais straitéiseacha ar an leibhéal Eorpach, agus sheol an Coimisiún an Tacaíocht do Rioscaí Dífhostaíochta i mBaol Éigeandála (SURE) i dtionscnamh Éigeandála (SURE) chun cabhrú le caomhnú na bpost agus le tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh.

Bhain paindéim an choróinvíris suaitheadh mór as geilleagar an Aontais agus geilleagar an domhain mhóir, agus is tromchúiseach na hiarmhairtí socheacnamaíocha a bhí uirthi. Ainneoin freagairt bheartais a bhí cuimsitheach mear ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon, is gearr gur tuigeadh go raibh cúlú eacnamaíochta mór stairiúil i ndán do gheilleagar an Aontais in 2020.

Dá bhrí sin, an damáiste eacnamaíoch agus sóisialta a rinne an phaindéim, ba ghá freagairt ní b’fhearr lena leigheas. Is é EUR 1.8 trilliún an buiséad fadtéarmach atreisithe i gcomhair 2021-2027 i dteannta leis an gcéad leagan eile den phlean téarnaimh, agus sin é an pacáiste spreagtha is mó a maoiníodh riamh le buiséad an Aontais. Cuideoidh na cistí leis an Aontas Eorpach agus iad ag tacú leis na saoránaigh, le cuideachtaí agus leis na réigiúin, agus go háirithe leo siúd is troime a bualadh. Cuideoidh an pacáiste leis an Eoraip iar-COVID-19 a atógáil ionas go mbeidh sí níos glaise, níos digití agus níos athléimní.

Mar chuid de straitéis vacsaíní an Aontais, thug an Coimisiún comhaontuithe i gcrích le sé chuideachta (AstraZeneca, BioNTech/Pfizer, CureVac, Johnson & Johnson, Moderna agus Sanofi/GlaxoSmithKline) chun raon leathan vacsaíní COVID-19 atá sábháilte agus éifeachtach a chinntiú do dhaoine a bhfuil cónaí orthu san Aontas.

Dáileadh an chéad vacsaín san Aontas roimh dheireadh na bliana gan an tsábháilteacht ná an éifeachtacht a chur i mbaol. Ar an 21 Nollaig, thug an Coimisiún Eorpach údarú margaíochta coinníollach don vacsaín COVID-19 a d’fhorbair BioNTech/Pfizer, an chéad vacsaín dá leithéid a údaraíodh san Aontas. Is le linn Laethanta Vacsaínithe na hEorpa a rinneadh na chéad vacsaínithe sna Ballstáit, is é sin ón 27 go dtí an 29 Nollaig.

Ag féachaint siar ar 2020 dúinn, is follas gur daor a d’íocamar as paindéim COVID-19. Cúig mhilliún déag, sin é líon na ndaoine san Aontas Eorpach a ndearna COVID-19 ionfhabhtú orthu. Is tubaisteach le rá é, ach fuair os cionn 350 000 duine bás. In 2021, táthar ag leanúint den chomhrac in aghaidh COVID-19.

An fhreagairt ba mhó riamh do riachtanais phráinneacha

Faoi mar ba shainordú ón gComhairle Eorpach, rinne an Coimisiún Eorpach comhordú ar an bhfreagairt choiteann Eorpach ar ráig COVID-19, agus rinne siad gníomh chun earnálacha na sláinte poiblí a neartú agus chun tionchar socheacnamaíoch na paindéime a mhaolú. Gach uile acmhainn dá raibh ann, chuir an tAontas ar fáil iad chun cabhrú leis na Ballstáit a bhfreagairt náisiúnta a chomhordú, agus chuir sé faisnéis oibiachtúil ar fáil faoi scaipeadh COVID-19 maille le heolas faoi iarrachtaí éifeachtacha chun srian a chur léi.

Is pras a ghníomhaigh an tAontas chun dul i ngleic leis na dúshláin ba thoradh ar an bpaindéim. Ar an 28 Eanáir, cuireadh Meicníocht an Aontais um Chosaint Shibhialta i ngníomh chun cuid de shaoránaigh an Aontais a bhí sáinnithe thar lear a thabhairt ar ais (thart ar 408 n-eitilt a chabhraigh le 90 000 saoránach ón Aontas filleadh abhaile faoi dheireadh na bliana).

An 13 Márta, d’iarr an Coimisiún freagra eacnamaíoch comhordaithe ar ghéarchéim an choróinvíris, agus an 16 Márta, chuir sé painéal comhairleach saineolaithe ar bun a raibh an tUachtarán Ursula von der Leyen agus an Coimisinéir um Shláinte agus um Shábháilteacht Bia Stella Kyriakides ina gcathaoirligh air chun comhairle agus treoir a thabhairt don Aontas san fhreagairt don ghéarchéim. Rinneadh obair an phainéil agus an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú a chomhlánú ina dhiaidh sin le hArdán nua Chomhairle Eolaíoch an Aontais maidir le COVID-19. Is comhairleoirí eolaíocha ó na Ballstáit faoi COVID-19 atá i mbaill an ardáin, agus is é is aidhm dó comhairle na n-eolaithe a chomhordú ar bhealach níos fearr agus dea-chleachtas a roinnt maidir le bearta náisiúnta sláinte poiblí COVID-19.

Oibrí deonach ag úsáid meaisín fuála ina teach féin.
In Msida, baile atá gar do Vaileite, rinne grúpa oibrithe deonacha ón bhfondúireacht Grandparents Malta maisc aghaidhe agus sheachaid siad iad saor in aisce do dhaoine aosta agus do dhaoine leochaileacha, Msida, Málta, an 19 Samhain 2020.

Tacaíocht éigeandála

Bhain an Coimisiún leas as na hacmhainní uile laistigh de bhuiséad an Aontais chun freagairt a thabhairt ar na riachtanais phráinneacha arbh é an comhoibriú straitéiseach comhordaithe ar an leibhéal Eorpach an bealach ab fhearr le freastal orthu. Maoiníodh raon leathan gníomhaíochtaí faoin Ionstraim Tacaíochta Éigeandála de luach EUR 2.7 billiún, agus caitheadh cuid mhór den bhuiséad sin ar an tionscnamh vacsaíní a bhfuil na 27 mBallstát ar fad páirteach ann. Cheannaigh an Coimisiún 10 milliún masc d’oibrithe cúram sláinte, agus dáileadh na maisc sin ar na Ballstáit. Cuireadh maoiniú ar fáil freisin don oiliúint i dtástáil agus i ndianchúram, do cheannach róbat ultraivialait chun na hospidéil a dhífhabhtú, agus don tacú le trialacha cliniciúla teiripe COVID-19.

Meaisín ag dul isteach i seomra ospidéil agus oibrí cúraim sláinte á rialú go cianda sa chúlra.
Táthar ag baint leas as róbait UVD chun ospidéil a dhífhabhtú le solas ultraivialait. An róbat seo atá in Ospidéal Ollscoile Odense, tá sé in ann gnáthsheomra othair a dhífhabhtú agus gan uaidh ach 15 nóiméad leis an mbeart a dhéanamh, agus cuidíonn sé dá bhrí sin le scaipeadh COVID-19 a chosc agus a laghdú. Dáilfidh an Coimisiún Eorpach 200 de na róbait seo ar ospidéil ar fud na hEorpa mar chuid d’Ionstraim Tacaíochta Éigeandála an Aontais Eorpaigh, Odense, an Danmhairg, an 18 Samhain 2020.

Is rud ríthábhachtach é an tástáil chun moill a chur ar leathadh COVID-19. An 28 Deireadh Fómhair, ghlac an Coimisiún moladh maidir le straitéisí tástála COVID-19, moladh lena n-áirítear úsáid na mearthástálacha antaiginí, agus ar an 18 Samhain glacadh moladh sonrach ón gCoimisiún maidir le mearthástálacha antaiginí. Chomh maith leis sin, rinne an Coimisiún togra an 18 Nollaig le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le comhchreat le haghaidh tástálacha antaiginí agus aitheantas frithpháirteach thorthaí tástála COVID-19. Chuir an Coimisiún EUR 100 milliún ar fáil faoin ionstraim chun mearthástálacha antaiginí a cheannach go díreach agus chun iad a chur ar fáil do na Ballstáit. Ar an 18 Nollaig, shínigh an Coimisiún creatchonradh le Abbott and Roche lenar ceadaíodh ceannach 20 milliún mearthástáil antaiginí, rud a maoiníodh faoin ionstraim. Bhí na tástálacha sin le cur ar fáil do na Ballstáit ó thús na bliana 2021 mar chuid de thacaíocht an Aontais do thástáil COVID-19.

rescEU – cúltaca coiteann de sholáthairtí leighis

Ar an 19 Márta, chuir an Coimisiún an dlúthpháirtíocht i ngníomh trí chúlchiste leighis rescEU a bhunú, an chéad stoc-charn coiteann Eorpach de threalamh leighis éigeandála, lena n-áirítear maisc agus aerálaithe aghaidhe, chun cabhrú leis na Ballstáit atá ag tabhairt aghaidh ar ghanntanas trealaimh. Is sna Ballstáit atá rescEU óstáilte. Chuir sé tuairim agus 3 mhilliún masc cosanta ar ardchaighdeán ar fáil do na chéad fhreagróirí, daoine lena n-áirítear oibrithe leighis agus cosanta sibhialta, sa Spáinn, sa Chróit, san Iodáil, sa Liotuáin, i Montainéagró, sa Mhacadóin Thuaidh, sa tSeirbia agus sa Chosaiv (is ainmniú gan dochar atá ansin do sheasaimh maidir le stádas, agus tá sé ag teacht le UNSCR 1244/1999 agus le Tuairim CBI maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive).

Maidir leis an Meicníocht um Chosaint Shibhialta, sheol siad gléasanna aerálaithe, éadach cosanta agus díghalrán chuig tíortha a raibh sin de dhíth orthu, agus chuir siad foirne leighis éigeandála ar fáil dóibh. Chuidigh dochtúirí Ioruacha, Polannacha agus Rómánacha cóir leighis a chur ar othair san Iodáil agus sa Liotuáin, agus thug foirne leighis Gearmánacha, Iodálacha agus Liotuánacha tacaíocht dá gcomhghleacaithe san Airméin agus san Asarbaiseáin. Bhí pacáiste soghluaisteachta ann a chuidigh le maoiniú iompar na n-othar, iompar foirne leighis agus iompar soláthairtí riachtanacha leighis.

Infhaighteacht soláthairtí leighis agus bia a áirithiú

Ó thús aimsir na ráige, thacaigh an tAontas leis na príomhdhéantóirí chun a chinntiú go mbeadh cógais leighis agus trealamh leighis riachtanach ar fáil. Rinne an Coimisiún beart chun na dálaí cearta a chruthú ionas go bhféadfadh an tionscal an táirgeadh a mhéadú nó a dhéanamh le huirlisí eile. D’iarr sé ar na hEagraíochtaí Eorpacha um Chaighdeánú caighdeáin a chur ar fáil gan bhac do na páirtithe leasmhara uile le haghaidh na masc agus an trealaimh chosanta eile. Is iomaí cuideachta ar fud na hEorpa a mhéadaigh an táirgeadh agus a thug uirlisí eile i gceist le freastal ar an éileamh ar threalamh cosanta pearsanta, ar na dífhabhtáin agus ar fheistí leighis.

I mí Aibreáin, rinne an Coimisiún iarrataí ó Bhallstáit uile an Aontais agus ón Ríocht Aontaithe a fhormheas, iarrataí le dleachtanna custaim agus CBL ar allmhairiú feistí leighis, agus trealamh cosanta a tharscaoileadh go sealadach, is é sin feistí agus trealamh tíortha nach Ballstáit den Aontas iad.

Beirt chomhraiceoirí dóiteáin ag iniúchadh aerálaí ar dhuga luchtaithe.
Seachadadh trealaimh leighis ó chúltaisce rescEU i bPrág, an tSeicia, an 24 Deireadh Fómhair 2020.

Thug an Coimisiún Eorpach aird láithreach bonn ar an imní faoi ghanntanas bia a d’fhéadfadh a bheith ann, agus is trí bhearta éigeandála a rinne sé sin, bearta a glacadh i mí Aibreáin chun níos mó solúbthachta a chur ar fáil maidir leis an gcaoi a bhféadfaí rochtain a fháil ar airgead ón gComhbheartas Talmhaíochta agus ón gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh, agus bearta a chur chun feidhme chun margaí agraibhia a chobhsú.

Úsáid a bhaint as solúbthacht iomlán na rialacha fioscacha agus státchabhrach

I mí an Mhárta, mar chuid den straitéis chun freagairt go tapa agus go bríomhar don phaindéim, rinne an Coimisiún clásal éalaithe ginearálta an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a chur i ngníomh, rud nach ndearnadh riamh cheana. Tar éis don Chomhairle sin a fhormhuiniú, bhí ar a gcumas ag na Ballstáit bearta a dhéanamh chun déileáil go leordhóthanach leis an ngéarchéim leis na huirlisí beartais eacnamaíoch uile atá ar fáil dóibh, agus ag an am céanna gan géilleadh do ghnáthrialacha buiséadacha an chreata fhioscaigh Eorpaigh.

Seachtain ar éigean tar éis don Eagraíocht Dhomhanda Sláinte a fhógairt gur san Eoraip a bhí ceann de lárionaid phaindéim COVID-19, ghlac an Coimisiún Creat Sealadach Státchabhrach le cur ar a gcumas do na mBallstát leas a bhaint as an tsolúbthacht iomlán atá sna rialacha maidir le státchabhair chun tacú le cuideachtaí atá i lúba na géarchéime. Sa chomhthéacs sin, na bearta cabhrach ar thug gach Ballstát mar aon leis an Ríocht Aontaithe fógra fúthu, is bearta iad atá formheasta ag an gCoimisiún. Le linn 2020, rinne an Coimisiún beagnach 400 cinneadh lenar formheasadh 500 beart náisiúnta dar luach EUR 3 thrilliún ina n-iomláine.

Tionscnaimh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas

An Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas, tionscnamh a seoladh i Márta 2020, ba de na chéad bhearta é a sheol an tAontas chun tacaíocht airgeadais a thabhairt do na Ballstáit ag freagairt dóibh don ghéarchéim. Cuireadh airgead ar fáil, airgead a bhí gan chaitheamh agus é leithdháilte ar Bhallstáit AE cheana féin, tionscnamh a chuir borradh leachtachta faoi bhuiséid na mBallstát agus na réigiún láithreach bonn, tionscnamh a chuidigh leo freisin maoiniú an bheartais chomhtháthaithe a úsáid chun caiteachas ar chúram sláinte agus scéimeanna oibre gearrthéarmacha a mhaoiniú, agus chun tacaíocht caipitil oibre a chur ar fáil d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide. Leathnaíodh raon feidhme Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh freisin chun an éigeandáil mhór i sláinte an phobail a chumhdach, rud a chuir ar a gcumas do na Ballstáit tacaíocht a fháil ón gciste sin chun dul i ngleic le géarchéim COVID-19.

Ó mhí Aibreáin amach, d’fhág an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas Plus gurbh fhusa agus gur shimplí Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a úsáid, cistí a bhí ann cheana le haghaidh bearta i gcoinne géarchéimeanna, agus mhéadaigh sé rannchuidiú an Aontais i gcláir bheartais chomhtháthaithe suas le 100 % i gcás iarratais ar íocaíocht a cuireadh isteach idir an 1 Iúil 2020 agus an 30 Meitheamh 2021.

I mí na Nollag, d’fhógair an Coimisiún torthaí 2020 an dá thionscnamh. Ó thús aimsir na géarchéime i leith, tá maoiniú mór curtha ar fáil ag an Aontas chun éifeachtaí na paindéime a chomhrac. An maoiniú a bhí ar fáil, bhí luach os cionn EUR 10 mbilliún leis, agus is iad na fiontair bheaga agus mheánmhéide is mó a ndeachaigh sé chun tairbhe dóibh, rud a chuidigh le gnólachtaí fanacht ar snámh. Cuireadh EUR 3 bhilliún ar fáil do dhaoine, lena n-áirítear seirbhísí sóisialta do ghrúpaí leochaileacha agus scéimeanna fostaíochta sealadacha d’oibrithe. Ar an dul síos deiridh, cuireadh EUR 6.6 billiún ar fáil chun tacú leis an earnáil sláinte, sin sa bhreis ar an EUR 10.2 billiún ó bhuiséad an Aontais a bhí leithdháilte cheana ar an réimse sin le haghaidh 2014-2020 (tugtar faoi deara go bhfuil forluí ann idir na grúpaí tairbhithe).

Leasaíodh 82 % de na cláir bheartais chomhtháthaithe in 25 mBallstát agus sa Ríocht Aontaithe, agus cuireadh EUR 3.2 billiún de mhaoiniú breise ar fáil do na buiséid náisiúnta toisc gur féidir leo ráta cómhaoinithe 100 % an Aontais a úsáid.

Léaráid ar a liostaítear roinnt de thionscnaimh na scéime. Seo é is teideal don léaráid: “Tacaíocht chun Rioscaí Dífhostaíochta le linn Éigeandála a mhaolú”. Seo cabhair do na Ballstáit i gcosaint na n‑oibrithe agus na bpost.

I measc na dtionscnamh atá san áireamh faoin scéim, tá cosaint na bpost, tacaíocht airgid shealadach, acmhainní a chur ar fáil go tapa, comhlánú na bhfeachtas náisiúnta, agus dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit.

Tacú le cosaint na bpost agus na slite beatha

I mí Aibreáin 2020, chruthaigh an Coimisiún Tacaíocht do Rioscaí Dífhostaíochta i gCás Éigeandála (SURE), scéim tacaíochta fostaíochta ghearrthéarmach chun cuidiú le cosaint na bpost agus na n-oibrithe a bhfuil tionchar ag an bpaindéim orthu. Faoi dheireadh 2020, bhí EUR 90.3 billiún de thacaíocht airgeadais ceadaithe chun cabhrú le 18 mBallstát faoi SURE, agus faoin am sin bhí EUR 39.5 billiún íoctha le 15 Bhallstát díobh sin: An Bheilg, an Ghréig, an Spáinn, an Chróit, an Iodáil, an Chipir, an Laitvia, an Liotuáin, an Ungáir, Málta, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSlóivéin agus an tSlóvaic. Féadfaidh na Ballstáit iarrataí ar thacaíocht a chur chuig SURE fós. Tá cumhacht airgeadais suas le EUR 100 billiún ag SURE.

An cúnamh airgeadais atá ann faoi SURE, is ina iasachtaí a chuirtear ar fáil é, iasachtaí atá ar iasacht ag an Aontas ó na margaí thar ceann na mBallstát. I gcás fhormhór na mBallstát, is fabhraí na téarmaí atá leis an iasacht ná na téarmaí a gheobhaidís ó na margaí ar a gconlán féin. Cuidíonn na hiasachtaí sin leis na Ballstáit déileáil le méaduithe tobanna ar chaiteachas poiblí chun fostaíocht a chaomhnú. Go sonrach, cuidíonn siad leis na Ballstáit na costais a bhaineann go díreach le cruthú nó síneadh scéimeanna oibre gearrthéarmacha náisiúnta a chumhdach, agus bearta eile dá sórt atá curtha ar bun acu le haghaidh daoine féinfhostaithe mar fhreagairt ar an bpaindéim.

Léaráid faoin dáileadh atá ar chistí Sure ar fud na mBallstát.

Faoi dheireadh 2020, faoi chiste Sure dar luach 90.3 billiún euro, leithdháileadh 7.8 billiún euro ar an mBeilg, 511 mhilliún euro ar an mBulgáir, 2 bhilliún euro ar an tSeicia, 2.5 billiún euro ar Éirinn, 2.7 billiún euro ar an nGréig, 21.3 billiún euro ar an Spáinn, 1 bhilliún euro ar an gCróit, 27.4 billiún euro ar an Iodáil, 479 milliún euro ar an gCipir, 192 mhilliún euro ar an Laitvia, 602 mhilliún euro ar an Liotuáin, 504 mhilliún euro ar an Ungáir, 244 mhilliún euro ar Mhálta, 11.2 billiún euro ar an bPolainn, 5.9 billiún euro ar an bPortaingéil, 4.1 billiún euro ar an Rómáin, 1.1 billiún euro ar an tSlóivéin, 631 mhilliún euro ar an tSlóvaic. Slánaítear na suimeanna aníos nó anuas.

Thar ceann an Aontais, chuaigh an Coimisiún chuig na margaí trí huaire in 2020 chun bannaí a eisiúint faoi SURE. Bhí léibhéal ró-iarratais 10 n-oiread ar gach eisiúint, rud a léiríonn muinín as an Aontas mar eisitheoir agus mar iasachtaí, agus mar ghníomhaí domhanda tábhachtach ar na margaí airgeadais. Na bannaí a d’eisigh an Coimisiún faoi SURE, is bannaí iad a bhaineann leas as lipéad bannaí sóisialta. Dá bhrí sin, daoine a rinne infheistiú sna bannaí sin, beidh siad muiníneach go bhfuil na cistí a cuireadh ar fáil ag freastal ar chuspóir maith sóisialta.

Straitéis an Aontais um Vacsaíní

Ar an 17 Meitheamh, thíolaic an Coimisiún Straitéis an Aontais um Vacsaíní chun dlús a chur le forbairt, le monarú agus le húsáid vacsaíní in aghaidh COVID-19. Is é is aidhm don straitéis rochtain chothrom agus inacmhainne ar vacsaíní sábháilte éifeachtacha a chinntiú do chách san Aontas a thúisce is féidir. Sin agus an feachtas domhanda dlúthpháirtíochta a threorú chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach duine ar vacsaín inacmhainne. Is d’aidhmeanna na straitéise freisin a chinntiú go ndéanfar ullmhúcháin sna Ballstáit chun vacsaíní a dháileadh, chun pleanáil a dhéanamh i gcomhair an iompair agus an imscartha, agus chun grúpaí tosaíochta a shainaithint ar cheart iad a vacsaíniú i dtús ama.

Le vacsaíní COVID-19 atá sábháilte agus éifeachtach a fhorbairt chomh tapa sin, b’éigean trialacha cliniciúla a reáchtáil i gcomhthráth le hinfheistiú san acmhainn táirgeachta is gá chun na milliúin, nó fiú na billiúin, dáileog de vacsaín rathúil a tháirgeadh. Maidir le comhaontuithe réamhcheannaithe, is cuidiú iad sin le riosca na n-infheistíochtaí a dhéanann na monaróirí a laghdú agus le vacsaíní féideartha a fhorbairt, agus ar an dóigh sin an dóchúlacht a uasmhéadú go ndéanfar vacsaíní sábháilte éifeachtacha a fhorbairt, a mhonarú agus a dháileadh go tapa agus chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag saoránaigh an Aontais ar na vacsaíní sin. Rinne an Coimisiún caibidlíocht le cuideachtaí cógaisíochta thar ceann Bhallstáit an Aontais, rud ar tharla síniú tosaigh sé chomhaontú dá bharr. In 2020, tharla cur agus cúiteamh leis na monaróirí faoi bhreis vacsaíní, agus beartaíodh an scéal a phlé arís go luath in 2021.

Léaráid achomair: an ceannach vacsaíní COVID‑19 a rinne an Coimisiún Eorpach.

Faoin am seo, tá beagnach 2.3 billiún dáileog cinntithe ag an gCoimisiún: suas le 405 mhilliún dáileog ó Cure Vac, suas le 400 milliún dáileog ó Astra Zeneca, suas le 400 milliún dáileog (más rud é gur vacsaín aon stealladh amháin atá ann) ó Johnson and Johnson, suas le 160 milliún dáileog den vacsaín Moderna, suas le 600 dáileog ó Bio N Tech‑Pfizer agus suas le 300 milliún dáileog ó Sanofi-GSK.

Is ón teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Eanáir 2021 a tógadh na figiúirí sin: Seasamh le chéile chun COVID 19 a chloí.

D’fhonn cuidiú leis na Ballstáit in ullmhú a gcuid straitéisí vacsaínithe, d’fhoilsigh an Coimisiún, an 15 Deireadh Fómhair agus an 2 Nollaig, na príomhghnéithe atá le cur san áireamh, i gcomhréir leis na hinniúlachtaí atá leagtha amach i gconarthaí AE. Áirítear orthu sin an cumas atá sna seirbhísí vacsaínithe an soláthar vacsaíní COVID-19 a chinntiú; rochtain éasca ar vacsaíní do na spriocphobail; dáileadh na vacsaíní a bhfuil saintréithe éagsúla acu mar aon le riachtanais éagsúla stórála agus iompair; agus cumarsáid shoiléir chun muinín an phobail a chothú.

Ba é BioNTech/Pfizer a tháirg an chéad vacsaín ar tugadh údarú margaíochta coinníollach dó an 21 Nollaig. Cuireadh tús leis an dáileadh laethanta beaga dar gcionn, agus bhíothas in am chun Laethanta Vacsaínithe an Aontais a sheoladh an 27, 28 agus 29 Nollaig. Is údarú é seo atá de réir moladh eolaíoch dearfach atá bunaithe ar mheasúnú críochnúil ar shábháilteacht, éifeachtacht agus cáilíocht na vacsaíne a rinne an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, agus tá sé formhuinithe ag na Ballstáit.

Ag an am céanna, léirigh an Coimisiún dlúthpháirtíocht leis na comhpháirtithe domhanda trí rannchuidiú leis an tSaoráid um Rochtain Dhomhanda ar Vacsaíní in aghaidh COVID-19 (COVAX), leis an tionscnamh domhanda chun rochtain chothrom ar vacsaíní COVID-19 inacmhainne a áirithiú, le EUR 500 milliún ó chistí an Aontais (EUR 100 milliún ina dheontais agus ina iasachtaí luach EUR 400 milliún le tacaíocht ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Forbartha Inbhuanaithe). Faoi mhí na Nollag, bhí os cionn EUR 850 milliún leithdháilte ag Foireann na hEorpa – an Coimisiún Eorpach agus Ballstáit an Aontais – ar COVAX, rud a fhágann gurb é an tAontas Eorpach ina iomláine an deontóir is mó a bhí ag COVAX i dtús ama. Is ríthábhachtach an tacaíocht a bheidh ansin do COVAX agus is é atá de chuspóir acu 1.3 billiún dáileog vacsaíne a sholáthar do thíortha ísealioncaim agus an mheánioncaim faoi dheireadh 2021.

Seat gar-amhairc d’fhear i bhfeisteas cosanta ag oscailt bosca atá ar bharr carn boscaí a bhfuil fiala leighis istigh iontu, faoi mhaoirseacht comhghleacaí atá i bhfeisteas cosanta. © Lusa 2020.
Teicneoirí ag oscailt bosca ina bhfuil fiala de vacsaín COVID-19, Montemor-o-Velho, an Phortaingéil, an 26 Nollaig 2020.
Oibrí leighis i gculaith mháinliachta agus masc uirthi ag fáil vacsaín ó chomhghleacaí, agus oibrithe leighis eile á vacsaíniú sa chúlra. © Ospidéal Ollscoile Heilsincí, 2020.
Foireann ó Cheantar Ospidéil Heilsincí agus Uusimaa, an Fhionlainn, á vacsaíniú in aghaidh COVID-19, an 27 Nollaig 2020.
© Ospidéal Ollscoile Heilsincí, 2020
Bean aosta, masc uirthi agus í ag fáil vacsaín ó oibrí cúraim sláinte atá i bhfeisteas lánchosanta. © fotobpb, 2020.
Cónaitheoir in Los Olmos, teach altranais le haghaidh daoine aosta, agus í á vacsaíniú in aghaidh COVID-19, Guadalajara, an Spáinn, an 27 Nollaig 2020.
© fotobpb, 2020

Is éard is COVAX ann colún sa Rochtain ar an Luasaire Uirlisí COVID-19, is é sin comhar domhanda chun dlús a chur le forbairt, táirgeadh agus rochtain chothrom ar thástálacha COVID-19, ar chóireálacha agus ar vacsaíní. Tá na rialtais, na heolaithe, na gnólachtaí, an tsochaí shibhialta, lucht daonchairdis agus na heagrais sláinte domhanda ar fad páirteach sa chomhar seo, ina measc an Bill & Melinda Gates Foundation, an Chomhghuaillíocht um Nuálaíochtaí maidir le hUllmhacht d'Eipidéimí, an Fhondúireacht um Dhiagnóisic Nua Nuálaíoch, Gavi, an Ciste Domhanda, Unitaid, Wellcome, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, an Banc Domhanda agus an tSaoráid Mhaoiniúcháin Dhomhanda.

Blúirí físeáin de na chéad vacsaíní á dtabhairt i mBallstáit éagsúla fud fad an Aontais Eorpaigh.
Físeán: Na chéad vacsaínithe in aghaidh COVID-19 i mBallstáit an Aontais.

Pobal an domhain a thabhairt le chéile

An 4 Bealtaine 2020, sheol an tUachtarán von der Leyen an Fhreagairt Dhomhanda ar an gCoróinvíreas, an ghníomhaíocht dhomhanda maidir le rochtain uilíoch ar vacsaíniú, cóireáil agus tástáil inacmhainne ar an gcoróinvíreas. Sin é freagairt an Choimisiúin in aghaidh na paindéime ar an nglao domhanda ar ghníomhaíocht a rinne an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte an 24 Aibreán. Chomh maith leis sin, bhí sé d’aidhm ag an gComhghuaillíocht Dhomhanda na córais sláinte a neartú i ngach áit agus tacú leis an téarnamh eacnamaíoch sna réigiúin agus i measc na bpobal is leochailí ar domhan.

Seat scáileáin den fhíschomhdháil “Global Goal” ina bhfuil lógó agus cainteoirí éagsúla, an tUachtarán Ursula von der Leyen ina measc.
An 27 Meitheamh 2020, reáchtáladh “Global Goal: Unite for our Future”, comhdháil gealltanas arna heagrú ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Global Citizen.

An cruinniú mullaigh gealltanais agus an cheolchoirm Global Goal: Aontas ar son na todhchaí” ócáid a d’óstáil an Coimisiún agus An Saoránach Domhanda an 27 Meitheamh, ba chloch mhíle é i bhfeachtas domhanda an choróinvíris, agus sampla den scoth d’institiúidí an Aontais, sa chás seo ba iad an Chomhairle agus an Coimisiún a bhí ag gníomhú ar fud an domhain le comhpháirtithe agus saoránaigh rannpháirteacha.

Mar gheall ar an dá thionscnamh gealltanais, faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2020, bhí EUR 15.9 billiún geallta don Fhreagairt Dhomhanda ar an gCoróinvíreas, lena n-áirítear EUR 1.4 billiún a gheall an Coimisiún Eorpach (EUR 1 bhilliún ina dheontais agus EUR 400 milliún ina ráthaíochtaí iasachtaí).

Plean téarnaimh na hEorpa

Ar an 27 Bealtaine, mhol an Coimisiún an pacáiste maoinithe ba mó riamh i stair an Aontais chun tacú le téarnamh na hEorpa i ndiaidh na paindéime, sin breis agus EUR 4.2 trilliún a chuir an tAontas agus na Ballstáit ar fáil. Ag an gcruinniú a bhí ag an gComhairle i mí Iúil, tháinig sí ar chomhaontú d’aon ghuth maidir le maoiniú iomlán dar luach EUR 1.8 trilliún, lena gcomhcheanglófar ionstraim nua EUR 750 billiún an Aontais don chéad ghlúin eile agus buiséad leasaithe an Aontais don tréimhse 2021-2027 dar luach EUR 1.074 trilliún. Cuideoidh an pacáiste leis na daoine, leis na cuideachtaí agus leis na réigiúin is troime ar bhuail an ghéarchéim iad, agus san am céanna cuideoidh sé le tógáil mór-roinn is glaise, is digití agus is athléimní.

Ar an 10 Samhain, tháinig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhaontú polaitiúil maidir leis an bpacáiste sin, pacáiste lenar áiríodh athneartú EUR 15 bhilliún ar roinnt príomhchlár, Fís Eorpach, Erasmus+ agus EU4 Health, mar shampla.

Ó chlé go deas, Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, agus David Sassoli, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, iad ag caitheamh masc taobh istigh de Pharlaimint na hEorpa agus ag beannú dá chéile leis na huillinneacha seachas lámh a chroitheadh le chéile.
An 23 Iúil 2020, labhair Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag seisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa maidir leis na conclúidí ón gcruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach (17-20 Iúil), agus ba é príomhábhar an chruinnithe sin buiséad an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2021-2027. A bhuí le forbairt NextGenerationEU, ar uirlis téarnaimh eacnamaíoch í, cruinníodh EUR 750 billiún chun dul i ngleic leis an ngéarchéim eacnamaíoch a bhaineann le paindéim an choróinvíris (COVID-19). Ó chlé go deas: Ursula von der Leyen, Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, agus David Sassoli, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa.

Chun an téarnamh agus an maoiniú NextGenerationEU a mhaoiniú, gheobhaidh an Coimisiún iasacht ar na margaí caipitil thar ceann an Aontais. Ar an gcaoi sin, ní bheidh ar na Ballstáit ranníocaíochtaí náisiúnta breise a dhéanamh láithreach bonn le NextGenerationEU. Na cistí a cruinníodh, is san fhadtéarma a dhéanfar a n-aisíoc, as seo go 2058. Ionas gur fusa an t-aisíoc ar an maoiniú margaidh a cruinníodh, molfaidh an Coimisiún foinsí nua ioncaim do bhuiséad an Aontais. An chéad acmhainn dhílis nua, acmhainn a thabharfar isteach in 2021, is ar dhramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte a bheidh sí bunaithe, agus cuirfear le cuspóirí beartais an Chomhaontú Ghlais don Eoraip é (féach Neodracht ó thaobh díobháil aeráide de a chruthú don Eoraip ionas go mbeidh sí oiriúnach don ré dhigiteach). I lár na bliana 2021, tíolacfaidh an Coimisiún tuilleadh tograí le haghaidh acmhainní dílse nua atá bunaithe ar shásra coigeartaithe teorainneacha carbóin, ar an tobhach digiteach agus ar Chóras athbhreithnithe AE maidir le Trádáil Astaíochtaí.

D’fhonn rannchuidiú leis an téarnamh digiteach glas, déanfar an maoiniú ón mbuiséad fadtéarmach agus ó NextGenerationEU a leithdháileadh i gcomhréir leis an dá chuspóir beartais sin. Caithfear ar a laghad 30 % de na cistí i ngleic leis an athrú aeráide, rud a chiallaíonn gurb iad buiséad 2021-2027 mar aon le Next GenerationEU an pacáiste infheistíochta glas is mó dá bhfacthas ar domhan riamh.

Cuirfear breis agus 50 % de na cistí i dtreo tosaíochtaí nua. Áirítear ar na cláir sin an taighde agus an nuálaíocht (Fís Eorpach), aistrithe aeráide agus aistrithe digiteacha a bheidh cothrom agus cóir (an Ciste Comhaistrithe agus an Eoraip Dhigiteach), an ullmhacht, téarnamh agus athléimneacht (tríd an tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht), RescEU agus an clár nua EU4Health. Is rudaí iad sin sa bhreis ar na beartais chomhtháthaithe agus talmhaíochta, dhá réimse beartais a bhfuil nuachóiriú déanta orthu.

Tá an tSaoráid um Théarnamh agus um Athléimneacht i gcroílár NextGenerationEU. Cuideoidh sé leis an Aontas a theacht aniar go láidir as an ngéarchéim atá ann faoi láthair trí iasachtaí agus deontais luach EUR 672.5 billiún a thairiscint do na Ballstáit sna chéad bhlianta téarnaimh, blianta atá ríthábhachtach.

Léaráid ar a bhfuil scagadh ar an tacaíocht airgid d’infheistíochtaí poiblí agus d’athchóirithe poiblí.

Maoiniú Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh ar luach 750 billiún euro ar an iomlán roinnte sa tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht (672.5 billiún euro, lena n‑áirítear 360 billiún euro in iasachtaí agus 312.5 billiún euro i ndeontais), Cúnamh Téarnaimh don Chomhtháthú agus do Chríocha na hEorpa (47.5 billiún euro), an Ciste um Aistriú Cóir (10 mbilliún euro), Forbairt tuaithe (7.5 billiún euro), Fís Eorpach (5 bhilliún euro), resc-EU (1.9 billiún euro) agus InvestEU (5.6 billiún euro).

Iarradh ar gach Ballstát plean téarnaimh agus athléimneachta a thíolacadh, plean ina leagfar amach an clár oibre náisiúnta don infheistíocht agus don athchóiriú atá acu, mar aon leis na dúshláin maidir leis an mbeartas eacnamaíoch a leagadh amach sna moltaí tírshonracha le déanaí, go háirithe na moltaí a tugadh in 2019 agus in 2020. De bharr na bpleananna atá ann, is dóigh go bhféadfaidh na Ballstáit an acmhainn fáis eacnamaíoch atá iontu a fheabhsú, sin agus cruthú na bpost a fheabhsú, mar aon leis an athléimneacht eacnamaíoch agus shóisialta, agus cuspóirí na n-aistrithe glasa agus digiteacha a thabhairt i gcrích chomh maith.

I mí na Nollag, rinne na hidirbheartaithe comhaontú sealadach le chéile, comhaontú a fhágann go bhféadfar an tsaoráid a chur i bhfeidhm go luath in 2021. Chuir an Coimisiún treoir ar fáil do na Ballstáit agus iad ag ullmhú pleananna téarnaimh agus athléimneachta, agus mhol sé go láidir dóibh infheistíocht agus athchóirithe a chur sna pleananna sin i seacht réimse shuaitheanta, mar aon leis an téarnamh glas agus digiteach a chur chun cinn, infheistíocht a dhéanamh sa chaipiteal daonna.

Is ionstraim eile é REACT-EU (Cúnamh Aisghabhála le haghaidh Comhtháthú agus Críocha na hEorpa) faoi NextGenerationEU. Tá leanúnachas leis na rialacha eisceachtúla solúbthachta faoi scáth an Tionscnaimh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas, agus cuireann sé EUR 47.5 billiún breise ar fáil ina chistiú beartais chomhtháthaithe go dtí 2023 i réimsí an cúraim sláinte agus na bpost cuir i gcás. Ullmhóidh sé an t-aistriú chuig an Eoraip dhigiteach ghlas chomh maith, agus feidhmeoidh sé mar a bheadh dhroichead idir réitigh éigeandála agus réitigh mheántéarmacha. Mar aon leis sin, cuirfidh NextGenerationEU breis acmhainní ar fáil do thionscnaimh AE éagsúla, ina measc sin an Ciste um Aistriú Cóir, InvestEU, sásra an Aontais um chosaint shibhialta RescEU, agus Fís Eorpach.

Srianta taistil agus cinntiú na saorghluaiseachta san Eoraip

Chun moill a chur ar leathadh COVID-19 agus chun sláinte agus folláine na ndaoine a chosaint, ghlac na Ballstáit bearta éagsúla a raibh tionchar ag cuid acu ar cheart na saoránach ar ghluaiseacht gan bhac ar fud an Aontais. Is minic i measc na mbeart sin srianta ar dhul isteach i mBallstát eile, nó ceanglais shonracha nach iad (seal faoi choraintín, mar shampla), ceanglais is infheidhme maidir le taistealaithe trasteorann, lena n-áirítear daoine bhíonn ag taisteal ar chúiseanna oibre. Rinne an Coimisiún Eorpach beart chun saorghluaiseacht a chinntiú do na saoránaigh, d’earraí agus do sheirbhísí, rud nár dhochar don urraim a thugtar do bearta sláinte agus sábháilteachta ina n-iomláine.

Ag freagairt dó don ghlao ón gComhairle Eorpach an 26 Márta, i gcomhar le hUachtarán na Comhairle Eorpaí, chuir an Coimisiún treochlár Eorpach chun cinn le deireadh a chur leis na bearta gaibhniúcháin agus dianghlasála atá i bhfeidhm i gcoinne an choróinvíris.

Ar an 13 Deireadh Fómhair, ghlac an Chomhairle moladh go ndéanfaí comhordú ar an gcur chuige maidir le srian a chur ar an tsaorghluaiseacht mar fhreagairt ar an bpaindéim, moladh a bhí bunaithe ar an togra ón gCoimisiún an 4 Meán Fómhair. Is é an comhaontú a rinne na Ballstáit le chéile ná a gcuid díchill a chomhordú i gceithre phríomhréimse:

  • critéir choiteanna i gcomhair na mBallstát nuair a bheidh machnamh á dhéanamh acu ar cheart nó nár cheart srianta taistil a chur i bhfeidhm;
  • léarscáil choiteann a thaispeánann na leibhéil riosca ar fud réigiúin an Aontais agus sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch trí chóras na soilse tráchta;
  • cur chuige coiteann i leith taistealaithe atá ag teacht ó limistéir riosca (tástáil agus féinleithlisiú);
  • faisnéis a chur ar fáil don phobal a bheidh soiléir tráthúil.

Ar an 17 Márta, is cinneadh a rinne Ballstáit an Aontais srian a chur leis an taisteal neamhriachtanach chuig an Aontas, cinneadh a rinneadh ar bhonn an mholta ón gCoimisiún chun sláinte na ndaoine san Aontas a chosaint maille le cosc a chur ar leathadh breise an víris ón Aontas go dtí tíortha eile agus vice versa. Cuireadh síneadh leis na rialacha athuair agus arís, de réir mar a bhí staid eipidéimeolaíoch ag éabhlóid leis. Liosta na dtíortha nach den Aontas iad, is liosta é a bunaíodh ar shraith critéar a bhí trédhearcach, rinneadh athbhreithniú ar an liosta go rialta, agus is ar an 17 Nollaig a leasaíodh é go deireanach.

De bhonn togra ón gCoimisiún an 30 Meitheamh, ghlac an Chomhairle moladh leis na srianta sealadacha a scaoileadh diaidh ar ndiaidh. Ar na nithe a bhí san áireamh ann, bhí liosta na dtíortha nach den Aontas iad, tíortha a raibh díolúine ag a gcuid cónaitheoirí ó na srianta sin. Mar aon leis sin, bhí liosta ann de chatagóirí na dtaistealaithe a raibh feidhm riachtanach leo nó gá faoi leith, taistealaithe a raibh cead isteach san Aontas acu pé ar bith áit tionscnaimh a bhí acu féin. Ar an 28 Deireadh Fómhair, d’fhoilsigh an Coimisiún treoir chun cabhrú leis na Ballstáit cur chun feidhme comhsheasmhach an mholta sin ón gComhairle a áirithiú. Mar aon leis sin, chuir an Coimisiún treoir ar fáil do na Ballstáit lena áirithiú go ndéanfaí dea-chomhordú na n-oibríochtaí víosa thar lear a atosú le deireadh a chur leis na srianta taistil diaidh ar ndiaidh.

Is cúnamh atá sna gníomhaíochtaí sin le srian a chur le leathadh an choróinvíris, sin agus le rianú níos éasca a dhéanamh ar a leathadh, mar aon le breis éifeachta a chur i bhfreagairt choiteann an Aontais. Is rud é an ghéarchéim sláinte seo a léirigh dúinn an gá atá le comhordú méadaithe ar chúrsaí sláinte agus sinn ag dul i dtreo Aontas Sláinte na hEorpa (féach "Cosaint na ndaoine, cosaint a gcuid saoirsí" freisin).

Tháinig mhéadú tapa ar líon na gcásanna COVID-19 in áiteanna sa Ríocht Aontaithe i ndeireadh 2020, agus is malairt ar an víreas ba chúis le sciar mór díobh, agus dá bhrí sin ghlac an Coimisiún moladh an 22 Nollaig maidir le cur chuige comhordaithe i dtaobh le bearta taistil agus iompair, rud a rinneadh chun leathadh na malairtí nua a theorannú.

Cúnamh abhaile do shaoránaigh de chuid an Aontais Eorpaigh a bhí i sáinn

Is iomaí saoránach de chuid an Aontais a bhí sáinnithe i bhfad ó bhaile nuair a cuireadh a gcuid eitiltí ar athló agus tús le dúnadh na dteorainneacha. Idir an méid a rinne an tAontas agus na Ballstáit, tugadh os cionn 600 000 duine abhaile. Rinne Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta idir éascú agus chómhaoiniú ar 408 n-eitilt chun breis agus 100 300 duine a thabhairt ar ais ar an dúchas, ina measc sin 90 000 saoránach de chuid an Aontais a bhí sáinnithe in áit eile.

Ba mhaith an teist ar dhlúthpháirtíocht na mBallstát a bhí in eagrú an iompair, agus is é ba chúis le náisiúnaigh ó Bhallstáit eile agus saoránaigh dá gcuid féin a thabhairt abhaile. Paisinéir as gach triúr a tugadh abhaile, ba shaoránach de chuid an Aontais é nárbh ionann náisiúntacht dó agus don tír a d’eagraigh an eitilt. Mar shampla, rinne an Fhrainc saoránaigh as 26 Bhallstát den Aontas a thabhairt ar ais ar an dúchas. Bhí 64 shaoránach de chuid na Fraince agus 135 shaoránach de chuid Ballstát eile ar eitilt ó Wuhan, an tSín, i dtús mhí Feabhra.

Saorghluaiseacht earraí a chinntiú agus cabhrú le hoibrithe dul thar teorainn

Chuir an phaindéim cúrsaí taistil agus cúrsaí iompair as a riocht go mór san Eoraip. Mar gheall ar na srianta sláinte éagsúla a thug na Ballstáit isteach i mí an Mhárta agus i mí Aibreáin, dúnadh na teorainneacha, cuireadh dianseiceálacha i bhfeidhm, agus chuaigh na mílte leoraithe i ngreim sna scuainí fada. Ionas go bhféadfaí an sreabhadh earraí thar theorainneacha inmheánacha an Aontais a chaomhnú, sin agus na slabhraí riachtanacha soláthair a choimirciú, mar aon leis na hoibrithe iompair a chosaint, d’oibrigh an Coimisiún go haibéil in éineacht leis na Ballstáit chun “lánaí glasa” a roghnú ar feadh an ghréasáin thras-Eorpaigh iompair le nach mbeadh na leoraithe ach ceathrú uaire ar a mhéad ag dul trasna na teorann. Copernicus agus Galileo, clár faire agus clár loingseoireachta na Cruinne faoi seach, is leo a aimsíodh scrogaill sna bóithre, agus is dá bharr sin a coinníodh an ghluaiseacht i dtrácht an iompair. I mí Dheireadh Fómhair, thug an Coimisiún trácht an iompair ilmhódaigh faoi scáth na “lánaí glasa”, trácht lena n-áirítear an lastas ar iarnród, an lasta ar uisce, maille le haerlasta, agus chuir sé i dtábhacht gur ghá a chinntiú go mbeadh nascacht riachtanach ar fáil do phaisinéirí.

Ón gcéad lá den phaindéim amach, bhí an Coimisiún ag obair go dlúth leis na Ballstáit chun cur chuige comhordaithe a chinntiú maidir le saincheisteanna teorann, sin agus an tsaorghluaiseacht a chur i réim arís diaidh ar ndiaidh. Ghlac an tAontas treoirlínte chun cabhrú le fostóirí agus le hoibrithe dul i mbun a gcuid oibre athuair i dtimpeallacht a bheadh sábháilte folláin, mar aon le treoirlínte chun cosaint na n-oibrithe séasúracha a fheabhsú. Mar aon leis sin, nuashonraíodh dlí an Aontais chun rioscaí nua san ionad oibre a chur san áireamh agus chun cosaint bhreise a chur ar fáil do gach uile oibrí, go háirithe dóibh siúd a bhíonn faoi anáil an choróinvíris. Eisíodh comhairle phraiticiúil bhreise lena chinntiú go bhféadfadh oibrithe riachtanacha teorainneacha an Aontais a thrasnú chun dul chuig a n-ionad oibre, chun bia a choinneáil leis na daoine san Aontas, agus féachaint lena gcoinneáil slán sábháilte.

I mí an Mhárta, d’eisigh an Coimisiún treoirlínte maidir le bearta leis na teorainneacha a bhainistiú chun an tsláinte a chosaint agus chun soláthairtí earraí agus seirbhísí riachtanacha a chinntiú, orthu sin cógais agus trealamh leighis le haghaidh pearsanra leighis a bhí i mbéal an chatha. Ina dhiaidh sin aniar i mí Bhealtaine, eisíodh treoirlínte agus moltaí chun cabhrú leis na Ballstáit na rialuithe sealadacha teorann agus na srianta taistil a scaoileadh diaidh ar ndiaidh, agus na bearta sábháilteachta uile a chur i bhfeidhm de réir mar ba ghá.

Rothaí na turasóireachta a choinneáil ag casadh san Eoraip

Leis na daoine a choinneáil ar an eolas faoi gach athrú is tobainne ná a chéile ar staid na paindéime, sheol an Coimisiún an suíomh gréasáin Re-open EU i mí an Mheithimh, áit a bhfuil faisnéis fíor-ama atá soiléir iontaofa faoi na féidearthachtaí taistil agus na srianta sláinte agus sábháilteachta sna Ballstáit ar fad. Le linn an tsamhraidh féin, bhain beagnach 8 milliún duine úsáid as.

Ó d’éirigh chomh geal sin leis, rinneadh ionad ilfhreastail de Re-open EU i mí Dheireadh Fómhair, is é sin ionad faisnéise faoi staid na paindéime, faoi bhearta sláinte poiblí, sin agus srianta taistil agus seirbhísí turasóireachta. Ar an 14 Nollaig, cuireadh Re-open EU ar fáil saor in aisce ina aip ar Android agus ar iOS.

Léaráid maidir le tábhacht na turasóireachta san Aontas Eorpach.

Tábhacht na turasóireachta san Aontas Eorpach. Táirgtear 0.56 euro ina bhreisluach le haghaidh gach euro dá ngineann an turasóireacht. Tacaíonn an turasóireacht le 2.4 milliún gnólacht, a bhfuil os cionn 90% díobh ina bhfiontair bheaga agus mheánmhéide. Is ceannaire domhanda é an tAontas Eorpach i réimse na turasóireachta, agus bhí 40% de na cuairteanna idirnáisiúnta luaite leis. Is san Aontas Eorpach a chaitheann 85% de mhuintir na hEorpa saoire an tsamhraidh.

Leis na daoine a choinneáil ar an eolas faoi gach athrú is tobainne ná a chéile ar staid na paindéime, sheol an Coimisiún an suíomh gréasáin Re-open EU i mí an Mheithimh, áit a bhfuil faisnéis fíor-ama atá soiléir iontaofa faoi na féidearthachtaí taistil agus na srianta sláinte agus sábháilteachta sna Ballstáit ar fad. Le linn an tsamhraidh féin, bhain beagnach 8 milliún duine úsáid as. Ó d’éirigh chomh geal sin leis, rinneadh ionad ilfhreastail de Re-open EU i mí Dheireadh Fómhair, is é sin ionad faisnéise faoi staid na paindéime, faoi bhearta sláinte poiblí, sin agus srianta taistil agus seirbhísí turasóireachta. Ar an 14 Nollaig, cuireadh Re-open EU ar fáil saor in aisce ina aip ar Android agus ar iOS.

Réitigh dhigiteacha chun dul i ngleic leis an bpaindéim

Bhí ról lárnach ag réitigh dhigiteacha sa dul i ngleic le dúshláin go leor a tháinig chun cinn go tobann nuair a bhí an phaindéim ag leathadh léi. Is ríthábhachtach an ról atá ag na haipeanna rianaithe teagmhála agus na haipeanna foláirimh, mar is comhlánú iad ar an rianú teagmhála de láimh atá ann cheana chun cuidiú le bac a chur ar shlabhra tarchurtha an víris, agus is cúnamh iad daoine a shábháil ón mbás.

Chuidigh an tAontas Eorpach le cur chuige comhordaithe a chinntiú idir na Ballstáit a sheol aipeanna rianaithe teagmhála agus aipeanna foláirimh, i gcomhréir le rialacha cosanta sonraí agus príobháideachais. Maoiníodh forbairt agus cur i bhfeidhm le buiséad an Aontais ar réiteach Eorpach maidir le hidir-inoibritheacht na aipeanna rianaithe atá bunaithe ar ailtireacht atá díláraithe, rud a bhaineann le beagnach gach aip náisiúnta a forbraíodh san Aontas Eorpach. D’fhág sin gurbh fhusa aipeanna soghluaiste rianaithe teagmhála agus aipeanna soghluaiste foláirimh a thabhairt chun foirfeachta fiú sa chás a mbítear ag dul thar teorainn.

Le tacaíocht an Choimisiúin, rinne na Ballstáit na bearta ba ghá chun a gcuid aipeanna náisiúnta a dhéanamh idir-inoibritheach, agus i mí Dheireadh Fómhair, sheol an Coimisiún Seirbhís Tairsí Eorpach chun na haipeanna sin a nascadh le chéile. Táthar ag cur le líon na n-aipeanna náisiúnta atá nasctha de réir mar a ullmhaítear iad.

I mí Aibreáin, seoladh an tArdán Sonraí Eorpach maidir le COVID-19 chun sonraí taighde a bhailiú agus a roinnt, agus cuireadh líon suntasach sonraí le chéile go tapa, lena n-áirítear breis agus 25 000 seicheamh víreasach, agus os cionn 100 000 foilseachán eolaíoch. Fuair an t-ardán breis agus 2.9 milliún iarratas ar shonraí ó níos mó ná 92 000 úsáideoir uathúil i mbreis agus 170 tír.

Rinne an intleacht shaorga agus na róbait a gcion féin den obair ar láthair na n-ospidéal. Uirlis intleachta saorga dá raibh maoinithe ag an gCoimisiún, is cúnamh a bhí inti do na dochtúirí i ndiagnóisiú COVID-19 ó scanachán CT, agus tá an uirlis sin ar fáil cheana ar fud an Aontais. Cuireadh róbait dífhabhtaithe ultravialait ar fáil sna hospidéil chun na seomraí a ghlanadh go tapa le leathadh an choróinvíris a laghdú. Bhain sin an t-ualach oibre den fhoireann mar aon le riosca an ionfhabhtaithe.

Is mór a rannchuidigh Clár Spáis an Aontais Eorpaigh leis an obair, go háirithe trí bhíthin eilimint fhaire na Cruinne aige, trí Copernicus, agus tríd an gcóras loingseoireachta satailíte atá aige. Ó thús aimsir na géarchéime, rinne satailítí an Aontais monatóireacht ar an mbrú tráchta san áit a dtéitear thar teorainn idir dhá Ballstát agus rinne siad monatóireacht ar shaoráidí leighis, ar ospidéil agus ar infreastruchtúr criticiúil eile atá mapáilte. Úsáideadh sonraí a bhailítear ó na satailítí, i dteannta leis an intleacht shaorga, chun samhlacha a dhéanamh do na húdaráis phoiblí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta chun tuiscint ní b’fhearr a fháil ar an éigeandáil agus chun dul i ngleic léi ar bhealach ní b’éifeachtúla.

Ar an 5 Meitheamh, sheol an Coimisiún an uirlis Gníomhaíochta Gasta ar an gCoróinvíreas trí Fhaire na Cruinne i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach Spáis. Úsáideann an uirlis sin sonraí satailíte chun an tionchar a bhíonn ag an ngaibhniú a thomhas, agus chun faire ar théarnamh iarghlasála ag úsáid sonraí eacnamaíocha agus comhshaoil.

Comhrac na bréagaisnéise COVID-19

Bean, masc uirthi agus í ag léamh ar a fón, feachtas faisnéise maidir le COVID-19 á thaispeáint ar phóstaer sráide taobh thiar di.
Tá na teicneolaíochtaí digiteacha níos tábhachtaí ná riamh chun muid a choinneáil ar an eolas agus i dteagmháil le chéile le linn na paindéime. Tá an tAontas ag obair chun cur i gcoinne na bréagaisnéise chun gur féidir le saoránaigh muinín a bheith acu as eolas a bhaineann le COVID-19.

An saol atá ann faoi láthair is maith an gort é le haghaidh na dteoiricí comhcheilge a chreimeann bonn daingean na heolaíochta agus iontaofacht na bhfíricí maidir leis an mbunús atá le COVID-19, an chaoi a scaipeann sé agus an chóireáil ab fhearr ina choinne. Tá níos mó fuathchainte agus ionsaithe ciníocha agus frith-Sheimíteacha ann mar thoradh ar an bpaindéim freisin, agus tá méadú tagtha ar na trádálaithe bradacha a dhíolann táirgí bréagacha ar líne, trádálaithe a mhaíonn gur ag cosc nó ag leigheas an víris atá siad.

D’oibrigh an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí go dlúth le cheile ar an tsaincheist sin le hinstitiúidí eile an Aontais agus leis na Ballstáit, sin agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta ó G7 agus ó ECAT. Ar an 10 Meitheamh, thíolaic an Coimisiún agus Josep Borrell, an tArdionadaí do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus Leas-Uachtarán an Choimisiúin, sraith gníomhaíochtaí chun dul i ngleic le mífhaisnéis COVID-19. Orthu sin tá neartú na cumarsáide agus na taidhleoireachta poiblí i gcóngar an Aontais agus ar fud an domhain, mar aon le tacaíocht do na meáin neamhspleácha agus d’iriseoirí neamhspleácha. D’áitigh an Coimisiún ar na gníomhaithe uile, na margaí ar líne agus na meáin shóisialta san áireamh, lámh a chur sa chomhrac in aghaidh bréagaisnéis faoin gcoróinvíreas. Faoi dheireadh na bliana, foilsíodh ceithre shraith tuarascálacha mar gheall ar na gníomhartha a rinneadh.

Mar fhreagairt dó sin, baineadh anuas na milliúin fógraí míthreoracha agus liostaí táirgí, sin nó rinneadh blocáil orthu. Aimsíodh breis agus 700 scéal bréagfhaisnéise faoin gcoróinvíreas, foilsíodh iad agus tugadh cothrom le dáta iad ar shuíomh gréasáin EUvsDisinfo in 2020.

Cuireann na gníomhaíochtaí sin le hobair bhreise an Aontais ar an mbréagaisnéis, go háirithe an Plean Gníomhaíochta Eorpach um Dhaonlathas agus an Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha. Tá an Coimisiún úsáid na n-uirlisí ar fad atá ar aghaidh a bhoise, agus tá taighde á mhaoiniú aige chun cabhrú leis an gcomhrac i gcoinne na bréagaisnéise agus na mífhaisnéise faoi COVID-19.

Tacú le taighde i dtaca le diagnóisic, cóireáil agus vacsaíní

Léaráid ina bhfuil scagadh ar an maoiniú a thugann an tAontas Eorpach do thionscadail Covid‑19 Fhís 2020.

Leithdháileadh cistiú ón gCoimisiún dar luach 1 bhilliún euro ar fud tionscadail éagsúla taighde agus nuálaíochta in 2020 chun Covid‑19 a chomhrac, cuir i gcás, 400.1 milliún euro le haghaidh saoráidí airgeadais, 235.8 milliún euro le haghaidh glaonna ar thograí Fhís 2020, 165.6 milliún euro le haghaidh Luasaire na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí, 100 milliún euro le haghaidh na Chomhghuaillíochta um Nuálaíochtaí maidir le hUllmhacht d’Eipidéimí, 72 mhilliún euro le haghaidh an tionscnaimh um leigheasra nuálacha, 25.3 milliún euro le haghaidh na Comhpháirtíochta maidir le Trialacha Cliniciúla idir Tíortha Eorpacha agus Tíortha i mBéal Forbartha, 15 mhilliún euro le haghaidh Ardáin Sonraí Eorpaigh maidir le Covid‑19, 6 mhilliún euro le haghaidh na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht agus 3.5 milliún le haghaidh teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide san earnáil cúraim sláinte. Slánaítear na suimeanna aníos nó anuas.

An chaoi ar leithdháil an tAontas an EUR1 bhilliún a infheistíodh i dtaighde agus nuálaíocht in 2020 chun COVID 19 a chomhrac (méideanna curtha ar fáil agus geallta).

Nuair a bhris an phaindéim thar an Eoraip, gheall an Coimisiún Eorpach beagán le cois ar EUR 1 bhilliún ó Fhís 2020 le dul i ngleic le COVID-19 , is é sin ó chlár an Aontais um thaighde agus um nuálaíocht (2014–2020). Chomh maith le taighde agus nuálaíocht a bhfuil géarghá leis a mhaoiniú trí Fís 2020, chuidigh an Coimisiún le hiarrachtaí eolaíocha a chomhordú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon. I mí Eanáir féin, cuireadh maoiniú luach EUR 48 milliún ar fáil chun tacú le 18 dtionscadal nua taighde. I mí an Mheithimh, tháinig an Coimisiún agus na Ballstáit ar chomhaontú le chéile maidir le plean gníomhaíochta 10 mbeart taighde agus nuálaíochta ghearrthéarmacha chun dul i ngleic le COVID-19.

I rith na bliana, rinneadh EUR 602.3 milliún a dhámhachtain ina thacaíocht do thionscadail taighde agus nuálaíochta le dul i ngleic le gnéithe go leor den phaindéim. Maidir leis na tionscadail sin, is faoina scáth atá forbairt na nithe seo a leanas á déanamh: diagnóisic, córacha éagsúla leighis, vacsaíní, an eipidéimeolaíocht, an ullmhacht agus an fhreagairt i gcásanna ráigeanna galar, teicneolaíochtaí táirgeachta agus digiteacha, mar aon leis an infreastruchtúr agus foinsí faisnéise a fhágann gur féidir an taighde seo a dhéanamh. Beidh EUR 21.4 milliún eile á dhámhachtain ina dheontais.

Chomh maith leis sin, chuir an Coimisiún EUR 400 milliún ar fáil ó uirlis airgeadais InnivFin de chuid Fhís 2020. Rinneadh EUR 178.5 milliún de seo a leithdháileadh le forbairt vacsaíní a thapú (ina measc sin vacsaíní BioNTech agus CureVac), mar aon le hidirghabháil i gcásanna nach é, sin agus drugaí, trealamh leighis agus diagnóisice, taighde nua den chineál is tábhachtaí, agus infreastruchtúir nuálaíochta, áiseanna táirgeachta ina measc. Beidh EUR 221.6 milliún eile á dhámhachtain ó Shaoráid Airgeadais na nGalar Tógálach.

Freagairt an Aontais Eorpaigh ar fud an domhain

Chuir an tAontas EUR 38.5 billiún ar fáil chun dul i ngleic le COVID-19 ar scála domhanda. Is é an cur chuige atá ag Team Europe a lean an tAontas sa chás seo agus é ag freagairt don ghéarchéim, rud a d’fhág go raibh acmhainní ann ón Aontas féin, ó na Ballstáit, agus ó institiúidí airgeadais, go háirithe ón mBanc Eorpach Infheistíochta agus ón mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, chun tacú le gach tír chomhpháirtíochta agus chun an tionchar ar láthair na háite a mhéadú. Baineadh úsáid as na cistí le haghaidh freagairt éigeandála agus chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais dhaonnúla phráinneacha; neartú na gcóras sláinte, na gcóras uisce/sláintíochta agus na gcóras cothaithe; agus tionchar eacnamaíoch agus sóisialta phaindéim an choróinvíris a mhaolú ar fud an domhain. Tá an tAontas agus na Ballstáit fós ar cheann de na ranníocóirí airgeadais is mó atá ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte ar an bpríomh-chomhpháirtí sa chomhrac i gcoinne na paindéime agus an sliocht atá uirthi.

Léaráid ina bhfuil scagadh ar an maoiniú a thugann an tAontas Eorpach do thionscadail Covid‑19 Fhís 2020.

Leithdháileadh cistiú ón gCoimisiún dar luach 1 bhilliún euro ar fud tionscadail éagsúla taighde agus nuálaíochta in 2020 chun Covid‑19 a chomhrac, cuir i gcás, 400.1 milliún euro le haghaidh saoráidí airgeadais, 235.8 milliún euro le haghaidh glaonna ar thograí Fhís 2020, 165.6 milliún euro le haghaidh Luasaire na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí, 100 milliún euro le haghaidh na Chomhghuaillíochta um Nuálaíochtaí maidir le hUllmhacht d’Eipidéimí, 72 mhilliún euro le haghaidh an tionscnaimh um leigheasra nuálacha, 25.3 milliún euro le haghaidh na Comhpháirtíochta maidir le Trialacha Cliniciúla idir Tíortha Eorpacha agus Tíortha i mBéal Forbartha, 15 mhilliún euro le haghaidh Ardáin Sonraí Eorpaigh maidir le Covid‑19, 6 mhilliún euro le haghaidh na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht agus 3.5 milliún le haghaidh teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide san earnáil cúraim sláinte. Slánaítear na suimeanna aníos nó anuas.

Tá dúshláin mhóra lóistíochta curtha ag an bpaindéim ar an bpobal daonnúil. Mar gheall ar as easpa eitiltí tráchtála, tharla go raibh riaráiste ann i seachadadh na cabhrach ba phráinní, agus bhí méadú as cuimse ann i réimsí go leor. Is é freagairt a bhí ag an Aontas air sin Aerdhroichead Daonnúil AE a chur ar bun i mí Bhealtaine, is é sin tionscnamh sealadach chun cabhair dhaonnúil agus soláthairtí riachtanacha leighis a chur ar fáil. Rinne na heitiltí aerdhroichid trealamh leighis riachtanach a iompar, mar aon le lasta daonnúil agus foireann, agus bhí lámh acu san aisdúichiú saoránach a rinne cuid de Bhallstáit an Aontais. Is é an tAontas a mhaoinigh na heitiltí ar fad, agus is i gcomhar leis na Ballstáit, leis na heagraíochtaí daonnúla agus leis na stáit ghlactha a eagraíodh iad. Faoi dheireadh na bliana, bhí dáileadh déanta ag 67 n-eitilt aerdhroichid ar 1 150 tona de threalamh agus soláthairtí leighis, mar aon le beagnach 1 700 duine sna foirne leighis agus daonnúla, chuig limistéir san Afraic, san Áise agus i Meiriceá Laidineach a raibh géarghá acu le cabhair.

Oibrí agus é ag faire ar sholáthairtí masc cosanta á luchtú ar eitleán.
Lastas masc cosanta á luchtú ar eitleán ó Lyon (an Fhrainc) go Bangui (Poblacht na hAfraice Láir) mar chuid d’Aerdhroichead Daonnúil an Aontais Eorpaigh, an 7 Bealtaine 2020.

Lena chinntiú nach iad na daoine ba leochailí is measa a ghoillfeadh an phaindéim orthu, d’eisigh an Coimisiún an chéad treoir i mí na Bealtaine maidir leis an gcaoi a bhféadfaí cabhair dhaonnúil a bhaineann leis an gcoróinvíreas a sheoladh chuig tíortha agus limistéir atá faoi smachtbhannaí AE chun cabhrú leis na daoine a bhí i lúba an ghátair pé áit a raibh siad. Chomh maith leis sin, le linn na géarchéime chuidigh an Coimisiún le caomhnú na trádála le tíortha nach bhfuil san Aontas, is é sin an trádáil i dtáirgí íocshláinte agus i dtrealamh cosanta pearsanta, agus mhol sé comhaontú iltaobhach trádála le haghaidh earraí sláinte ag an Eagraíocht Dhomhanda Trádála.

Ón gcéad lá, chuaigh an phaindéim i gcion ar an gcaoi a gcuireann na Ballstáit rialacha an Aontais maidir le tearmann agus filleadh chun feidhme, agus chuir sé sin as go mór d’athlonnú na ndaoine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu. D’eisigh an Coimisiún treoir maidir le leanúnachas i nósanna imeachta den sórt sin, mar aon le treoir lena chinntiú go gcosnófaí sláinte agus cearta bunúsacha na ndaoine.

Chabhraigh bearta tacaíochta an Aontais leis na 79.5 milliún duine arna n-easáitiú de láimh láidir ar fud an domhain: is iomaí duine díobh sin atá sáinnithe idir cogadh agus paindéim.

Daoine óga ag déanamh agóide ar son na haeráide i Vársá, an Pholainn. © Piotr Lapinski / NurPhoto / NurPhoto via AFP

Neodracht ó thaobh díobháil aeráide de a chruthú don Eoraip ionas go mbeidh
sí oiriúnach don ré dhigiteach

Is í an ghéarchéim aeráide dúshlán cinniúnach ár linne i gcónaí. Mura dtéitear i ngleic leis an ngéarchéim, beidh iarmhairtí níos mó fós ag bagairt ar ár gcomhshaol, ar ár sláinte agus ar ár slite beatha ná mar atá de dheasca phaindéim an choróinvíris. Ba iad 2010-2019 na 10 mbliana ba theo ó thosaigh na taifid. Le héifeachtaí millteacha an athraithe aeráide ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain, leagtar béim ar a phráinní atá sé dlús a chur leis an aistriú glas. Beidh an teicneolaíocht dhigiteach, teicneolaíocht nach bhféadfaí déanamh dá héagmais le linn na paindéime, ríthábhachtach chun é sin a dhéanamh. Le chéile, cuirfidh an Comhaontú Glas don Eoraip agus an digitiú borradh faoin bhfostaíocht agus faoin bhfás san Eoraip, cuirfidh siad feabhas ar ár gcomhshaol agus déanfaidh siad ár sochaithe níos athléimní.

‘“Luath nó mall, tiocfaidh ár n-eolaithe agus ár dtaighdeoirí ar vacsaín in aghaidh an choróinvíris. Níl aon vacsaín ann, áfach, in aghaidh an athraithe aeráide. Sin é an fáth nach mór don Eoraip infheistíocht a dhéanamh anois i dtodhchaí ghlan.”

An Comhaontú Glas don Eoraip

Tá an tAontas ag obair cheana féin chun a chinntiú go mbeidh an Eoraip ar an gcéad mhór-roinn a bheidh neodrach ó thaobh díobháil aeráide de faoi 2050. Déanfar an sprioc sin, atá i gcroílár an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, a bhaint amach go príomha trí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, trí infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí glasa agus tríd an gcomhshaol nádúrtha a chosaint.

Grafaic faisnéise ar chruth ciorcail ina dtaispeántar na réimsí agus na gníomhaíochtaí éagsúla beartais faoin gComhaontú Glas don Eoraip.

Seo a leanas beartais agus gníomhaíochtaí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip: Comhshocrú aeráide agus dlí aeráide; Infheistíocht in iompar níos cliste agus níos inbhuanaithe; Ár ndícheall a dhéanamh ar son tionsclaíocht níos glaise; Deireadh a chur le truailliú; Aistriú cothrom a chinntiú do chách; Tionscadail ghlasa a mhaoiniú; Tithe a dhéanamh níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de; Ceannródaíocht ar an athrú glas go domhanda; Ón bhFeirm go dtí an Forc; Cosaint an dúlra; An fuinneamh glan a chur chun cinn.

Chun an sprioc sin a bhaint amach, is gá geilleagar glan ciorclach a chruthú, an bhithéagsúlacht a athbhunú agus truailliú a laghdú. Chuige sin, ní mór gníomhaíocht ó gach earnáil den gheilleagar, na hearnálacha tionsclaíochta, fuinnimh, iompair, táirgthe bia, talmhaíochta agus tógála san áireamh. Tá an tAontas ag obair freisin le comhpháirtithe ar fud an domhain chun spriocanna aeráide a bhaint amach agus chun caighdeáin chomhshaoil dhomhanda a fheabhsú.

Chun cuspóir an Aontais a bheith do-athraithe agus chun go leanfar ar aghaidh leis gan athrú i dtreo todhchaí níos inbhuanaithe, mhol an Coimisiún an Dlí Aeráide Eorpach i mí an Mhárta 2020. Is é is aidhm don togra dlí a dhéanamh den sprioc a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip: go mbeidh geilleagar agus sochaí an Aontais neodrach ó thaobh díobháil aeráide de faoi 2050. Is é is aidhm don dlí go gcuirfidh gach beartas den Aontas le baint amach na sprice sin agus go ndéanfaidh gach earnáil den gheilleagar agus den tsochaí a gcion féin. Cuirfidh sé an intuarthacht is gá ar fáil d’infheisteoirí agus do ghnólachtaí chun infheistíocht a dhéanamh chun a gcuid gníomhaíochtaí a ghlasú agus a dtionchar ar an gcomhshaol a laghdú.

Uaillmhian aeráide níos airde don Eoraip agus don domhan

I mí na Nollag, d’fhormheas ceannairí an Aontais sprioc níos uaillmhianaí maidir le glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoi 55 % ar a laghad faoin mbliain 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990. Mhol an Coimisiún an sprioc sin i mí Mheán Fómhair, mar chéim riachtanach chun an tAontas a chur ar bhealach cothrom i dtreo neodracht ó thaobh díobháil aeráide de faoi 2050. Sna deich mbliana amach romhainn, leanfaidh an tAontas de bheith ag tógáil ar an dea-cháil atá air maidir le gníomhú ar son na haeráide agus le fás eacnamaíoch comhthreomhar: faoi 2019, bhí laghdú 24 % tagtha ar astaíochtaí an Aontais i gcomparáid le 1990, agus tháinig fás de bhreis agus 60 % ar an ngeilleagar le linn na tréimhse céanna.

Barrachairt ina léirítear laghduithe astaíochtaí an Aontais Eorpaigh idir 1990 agus 2019 agus spriocanna aeráide le haghaidh 2030 agus 2050.

Idir 1990 agus 2019, tháinig laghdú 24% ar astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais Eorpaigh. Is é an sprioc a bhí ann le haghaidh 2030 astaíochtaí gás ceaptha teasa a ghearradh 40% ar a laghad i gcomparáid le leibhéil 1990. Is é an sprioc nua atá ann na glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55% ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990. Is é straitéis fhadtéarmach an Aontais Eorpaigh glanastaíochtaí neodracha a bhaint amach faoi 2050.

Chun sampla an Aontais a leanúint, rinne rialtais ar fud an domhain roinnt fógraí tábhachtacha chun dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide. Chuir an tUachtarán von der Leyen sprioc nua an Aontais i láthair do cheannairí domhanda eile, in éineacht le Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, agus ceannairí Eorpacha eile ag an gCruinniú Mullaigh maidir leis an uaillmhian aeráide. Eagraíodh an ócáid seo chun comóradh a dhéanamh ar chothrom 5 bliana ó glacadh Comhaontú Pháras agus de bharr Comhdháil 2021 na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide ar COP26 i nGlaschú a bheith ag teannadh linn.

Grafaic faisnéise ina léirítear na buntáistí a bhaineann leis an sprioc nua laghdaithe astaíochtaí le haghaidh 2030.

Seo a leanas buntáistí do na saoránaigh maidir leis an sprioc nua le haghaidh 2030: fuinneamh níos glaine; laghdú 60% ar thruailliú aeir faoi 2030; billí fuinnimh níos ísle; ualach laghdaithe chun gníomhú do na glúnta atá le teacht; 1 mhilliún pointe luchtaithe leictreachais ar fud an Aontais; geilleagar an Aontais atá nua-aimseartha seasmhach; poist nua atá áitiúil agus glas; feabhas a chur ar dhálaí maireachtála agus sláinte níos fearr lena sábhálfar 110 billiún euro i gcostais chúraim sláinte faoi 2030; iompar poiblí glan agus níos lú truaillithe; slándáil fuinnimh níos fearr agus 100 billiún euro sábháilte faoi 2030 ó allmhairí laghdaithe.

Is iad buntáistí na sprice nua glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a ghearradh 55 % ar a laghad faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990.

Gníomhaíocht an Aontais chun Comhaontú Pháras a chur chun feidhme

Le Comhaontú Pháras, a ghlac 195 thír in 2015, leagtar amach creat domhanda chun an t-athrú aeráide contúirteach a sheachaint. Is iad na páirtithe uile i gComhaontú Pháras a chinneann a n-iarrachtaí féin chun na comhchuspóirí a bhaint amach. An 18 Nollaig, thíolaic an tAontas agus na Ballstáit rannchuidiú comhpháirteach nuashonraithe arna chinneadh go náisiúnta — a bplean gníomhaíochta chun teorainn a chur le hastaíochtaí gás ceaptha teasa. Bhí ceann de na spriocanna is uaillmhianaí ar domhan ag an Aontas cheana féin ós rud é gur thug sé gealltanas astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 40 % ar a laghad faoin mbliain 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990. Léiríonn an sprioc uaillmhianach nua maidir le hastaíochtaí a laghdú 55 % tiomantas an Aontais i ndáil le ceannaireacht dhomhanda i dtaobh na haeráide.

Is iad an tAontas agus na Ballstáit le chéile an soláthraí is mó ar domhan de mhaoiniú poiblí don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, agus ranníoc siad €21.9 billiún in 2019 – sin méadú 7.4 % i gcomparáid le 2018. Ó 2013 i leith, tá an tAontas ag cur go leanúnach lena ranníocaíocht bhliantúil idirnáisiúnta don chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide chun tacú le tíortha atá i mbéal forbartha a gcuid astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus déileáil le tionchair an athraithe aeráide.

David Sossoli ina fhear an tí ar dhíospóireacht ar líne.
David Sossoli, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, ina fhear an tí ar dhíospóireacht ar líne: “An í an Eoraip a bheidh ina hinneall mar chuid de chlaochlú atá glas agus cothrom ó thaobh cúrsaí sóisialta de?” An Bhruiséil, an Bheilg, an 23 Meán Fómhair 2020.

Téarnamh glas

Cabhróidh an sprioc uaillmhianach nua aeráide le haghaidh 2030 le téarnamh eacnamaíoch an Aontais ón bpaindéim a dhíriú agus beidh gá le hinfheistíochtaí glasa suntasacha chun a chinntiú go mbeidh an téarnamh inbhuanaithe. Ba cheart go mbeadh caiteachas an Aontais i gcomhréir le haidhmeanna Chomhaontú Pháras agus le prionsabal “na neamhdhíobhála” a bhaineann leis an gComhaontú Glas nár cheart airgead a infheistiú ar bhealaí a thagann salach ar spriocanna aeráide an Aontais.

Chun béim a leagan ar ghealltanas an Aontais, ba cheart ar a laghad 30 % den EUR 1.8 trilliún a comhaontaíodh faoin mbuiséad fadtéarmach don tréimhse 2021-2027 agus NextGenerationEU a chaitheamh ar bheartais agus ar chláir a bhaineann leis an aeráid. Ní mór an maoiniú a bheith i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras. Is é seo an pacáiste infheistíochta glaise is mó atá feicthe riamh. Chun go dtarlóidh sé sin, beidh ar na Ballstáit gealltanas a thabhairt infheistíochtaí glasa de 37 % ar a laghad a dhéanamh ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta, rud a thabharfaidh rochtain dóibh ar an gcuid is mó de na cistí faoi NextGenerationEU (féach “Freagairt chomhbheartaithe ar COVID 19” freisin).

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún 30 % de na cistí a chruinniú faoi NextGenerationEU trí bhannaí glasa a eisiúint, ar bannaí iad atá ag éirí níos coitianta de réir mar a lorgaíonn infheisteoirí bealaí chun cabhrú leis an aistriú chuig geilleagar atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a mhaoiniú. Dá réir sin, beidh siad ríthábhachtach chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach. Beidh ról níos mó fós ag bannaí glasa chun teacht ar acmhainneacht na hearnála príobháidí aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus téarnamh eacnamaíoch inbhuanaithe a chothú tar éis na paindéime.

Tá ról ag gach duine sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide. Is é is aidhm don Chomhaontú Aeráide don Eoraip, a seoladh i mí na Nollag, cabhrú le hathrú nósanna a bhaint amach, ón duine aonair go dtí na comhlachtaí ilnáisiúnta is mó. Tugann sé ról do gach saoránach atá ag comhrac i gcoinne an athraithe aeráide, agus go háirithe do dhaoine óga, maidir le gníomhaíochtaí nua ar son na haeráide a cheapadh, eolas a roinnt agus tacú le gníomhaíochtaí agus réitigh atá nua nó atá ann cheana.

Físeán a thugann achoimre ar an ngá le dul i ngleic le bagairt an athraithe aeráide.
FÍSEÁN Comhaontú Aeráide don Eoraip.

Taighde agus nuálaíocht a chuidíonn le Comhaontú Glas don Eoraip a chur i gcrích

Grafaic faisnéise chiorclach ina léirítear réimsí éagsúla teicneolaíochta.

An Ciste don Nuálaíocht: lena gcuirtear teicneolaíochtaí ísealcharbóin mar seo a leanas chun cinn le haghaidh an mhargaidh: gabháil, úsáid agus stóráil an charbóin; stóráil fuinnimh; tionscail dianfhuinnimh; fuinneamh in‑athnuaite.

Tá an Ciste don Nuálaíocht ar cheann de na cláir mhaoiniúcháin is mó ar domhan chun teicneolaíochtaí nuálacha ísealcharbóin a léiriú. Ní clár taighde é; ach tá sé mar aidhm aige teicneolaíochtaí atá thar a bheith nuálach a thabhairt chuig an margadh. Tiocfaidh ioncam an chiste ó 450 milliún lamháltas faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais a dhíol ar ceant idir 2020 agus 2030. D’fhéadfadh thart ar EUR 10 mbilliún a bheith sa chiste, ag brath ar phraghas an charbóin. In 2020, sa chéad ghlao a rinne an Ciste don Nuálaíocht ar thograí le haghaidh tionscadail ar mhórscála, tairgeadh breis agus EUR 1 bhilliún do thionscadail ghlanteicneolaíochta. An 1 Nollaig, cuireadh tús le glao eile ar thionscadail ar mhionscála, arbh fhiú EUR 100 milliún é, le haghaidh teicneolaíochtaí ceannródaíocha don fhuinneamh in-athnuaite, do thionscail dianfhuinnimh, do stóráil fuinnimh agus do ghabháil, úsáid agus stóráil carbóin.

Sa ghlao deireanach, arb é an glao is mó é faoin gclár Fís 2020, infheisteofar EUR 1 bhilliún i dtionscadail a chuidíonn leis an gComhaontú Glas don Eoraip a chur ar fáil, a thabharfaidh cosaint níos mó do bhithéagsúlacht agus do ghnáthóga na hEorpa agus a chuirfidh dlús le téarnamh inbhuanaithe.

An t-aistriú inbhuanaithe a mhaoiniú

Chun a bheith neodrach ó thaobh díobháil aeráide de faoi 2050, tá gá le hinfheistíocht phoiblí ollmhór agus le hiarrachtaí breise chun caipiteal príobháideach a dhíriú ar an aeráid agus ar an ngníomhaíocht ar son an chomhshaoil. Chun caipiteal príobháideach a atreorú chuig infheistíochtaí níos inbhuanaithe, ní mór athmhachnamh cuimsitheach a dhéanamh ar an gcaoi a n-oibríonn ár gcóras airgeadais. Tá gá leis sin chun fás eacnamaíoch níos inbhuanaithe a fhorbairt, cobhsaíocht an chórais airgeadais a chinntiú agus níos mó trédhearcachta agus fadtéarmachais a chothú sa gheilleagar. Tá an smaoineamh sin i gcroílár thionscadal an Aontais maidir le hAontas na Margaí Caipitil.

I mí Eanáir, d’fhógair an Coimisiún Plean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, lena gcuirfear infheistíocht phoiblí ar fáil agus lena gcabhrófar cistí príobháideacha a scaoileadh trí thacaíocht airgeadais ón Aontas, rud a fhágfaidh ar a laghad EUR 1 trilliún d’infheistíocht inbhuanaithe thar thréimhse 10 mbliana.

Tá an plean bunaithe ar thrí ghné. Ar an gcéad dul síos, maidir leis an maoiniú, beidh baint ag an maoiniú príobháideach le sciar níos mó ná riamh den chaiteachas ar son na haeráide agus an chomhshaoil ó bhuiséad an Aontais, agus beidh ról lárnach ag an mBanc Eorpach Infheistíochta. Sa bhreis ar mhaoiniú, cuirfidh an plean dreasachtaí ar fáil chun infheistíocht phoiblí agus phríobháideach a sholáthar agus a atreorú.

Ar an dara dul síos, maidir le “cumasú”, cuirfidh an tAontas uirlisí ar fáil d’infheisteoirí trí mhaoiniú inbhuanaithe a chur i gcroílár an chórais airgeadais, agus éascóidh sé infheistíocht inbhuanaithe ó na húdaráis phoiblí trí bhuiséadú glas agus soláthar glas a spreagadh, agus trí bhealaí a cheapadh chun nósanna imeachta a éascú chun státchabhair a fhormheas do na réigiúin um aistriú cóir. Ar an tríú dul síos, cuirfidh an Coimisiún tacaíocht phraiticiúil ar fáil d’údaráis phoiblí agus do thionscnóirí tionscadail chun tionscadail inbhuanaithe a phleanáil, a dhearadh agus a chur i bhfeidhm.

Cé go mbeidh maoiniú de dhíth ar gach réigiún, agus go ndéantar freastal ar an méid sin le Plean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, cuirfear tacaíocht spriocdhírithe ar fáil sa Sásra um Aistriú Cóir chun cuidiú le EUR 100 billiún ar a laghad d’infheistíocht a chur ar fáil thar an tréimhse 2021-2027, chun cuidiú leis na réigiúin, na tionscail agus na hoibrithe sin a mbeidh na dúshláin is mó rompu agus iad ag aistriú go geilleagar a bheidh neodrach ó thaobh díobháil aeráide de. Tá an Coimisiún Eorpach ag tacú leis na Ballstáit agus na pleananna críochacha um aistriú cóir á n-ullmhú acu, pleananna nach mór a tharraingt suas chun rochtain a fháil ar an maoiniú ábhartha.

A bhuí le reachtaíocht nua (an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht), tá obair á déanamh chun an chéad chóras aicmithe domhanda a chruthú le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe. Is athrú mór millteach é sin, ós rud é go gciallaíonn sé go mbeidh sainmhíniú coiteann ar cad is “glas” ann ag infheisteoirí agus ag an tionscal, rud a chuirfidh borradh mór faoi infheistíochtaí i dtionscadail ghlasa agus inbhuanaithe.

Geilleagar atá neodrach ó thaobh díobháil aeráide de a chumhachtú

Chun a spriocanna aeráide 2050 a bhaint amach, ní mór don Eoraip a córas fuinnimh a athrú ó bhonn, córas arb ionann é agus 75 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa an Aontais. Le linn na bliana sheol an Coimisiún roinnt tionscnamh chun an earnáil fuinnimh a dhícharbónú.

Agus é á aithint aige go bhfuil córas fuinnimh an Aontais ródhocht agus ródhiomailteach, i mí Iúil d’fhoilsigh an Coimisiún Straitéis maidir le Comhtháthú Córais Fuinnimh. Sa straitéis sin dírítear ar thrí phríomhcholún: leictriú ar mhórscála, breis ciorclaíochta agus gáis agus breoslaí glasa (cuir i gcás hidrigin) a fhorbairt.

Leis na céimeanna sin, méadófar solúbthacht an chórais, cuirfear ar chumas earnálacha dúshlánacha dícharbónú a dhéanamh agus cabhrófar chun méid méadaitheach an fhuinnimh in-athnuaite a rachaidh isteach san eangach sna blianta amach romhainn a chomhtháthú. Beidh an córas nasctha solúbtha seo níos éifeachtúla, agus laghdóidh sé costais don tsochaí. Mar shampla, d’fhéadfadh sé gur as na painéil ghréine ar thithe a thiocfadh leictreachas chun gluaisteáin na hEorpa a bhreoslú.

Ag an am céanna, sheol an Coimisiún straitéis chun forbairt hidrigine in-athnuaite a spreagadh, a mbeidh ról tábhachtach aici i mbaint amach sprioc 2050 maidir le neodracht ó thaobh díobháil aeráide de, go háirithe in earnálacha eacnamaíocha ina bhfuil an leictriú níos deacra, mar shampla an tionscal trom agus roinnt réimsí iompair.

Tointeálaí paisinéirí á thiomáint le cumhacht hidrigine.
Is é Hydroville an chéad tointeálaí paisinéirí deimhnithe a úsáideann hidrigin chun inneall díosail a chumhachtú. Úsáidtear é den chuid is mó mar ardán chun teicneolaíocht hidrigine le haghaidh soithí tráchtála farraige a thástáil agus, de bhreis air sin, chun comaitéirí a thabhairt ó Kruibeke go hAntuairp le linn an bhuaicthrátha thráchta d’fhonn tranglam tráchta a sheachaint, Antuairp, an Bheilg, an 19 Meitheamh 2020.

Chomh maith leis sin, sheol an Coimisiún an Chomhghuaillíocht Eorpach don Hidrigin Ghlan chun infheistíochtaí a threorú chuig táirgeadh hidrigine glaine, rud a thugann lucht tionscail, údaráis phoiblí, an tsochaí shibhialta agus páirtithe leasmhara eile le chéile.

Ár bhfoirgnimh a dhéanamh níos inbhuanaithe

Seoladh an straitéis Rabharta Athchóirithe i mí Dheireadh Fómhair chun feidhmíocht fuinnimh foirgneamh a fheabhsú, arb ionann é agus 40 % d’úsáid fuinnimh an Aontais agus 36 % d’astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2) a bhaineann le fuinneamh. Má dhéantar na rátaí athchóirithe a dhúbailt sna 10 mbliana amach romhainn, laghdófar astaíochtaí go suntasach, cruthófar poist agus cuirfear borradh faoin bhfás, rud a fhágaidh go mbeidh an Rabhartha Athchóirithe ar cheann de thionscnaimh shuaitheanta an phacáiste théarnaimh. Cuirfidh sé feabhas ar cháilíocht saoil daoine a bhfuil cónaí orthu sna foirgnimh agus a bhaineann úsáid astu, agus cuirfidh sé an digitiú chun cinn agus cuirfidh sé borradh faoi athúsáid agus athchúrsáil ábhar. Faoi 2030, d’fhéadfaí 35 mhilliún foirgneamh a athchóiriú agus d’fhéadfaí suas le 160 000 post glas breise a chruthú in earnáil na tógála.

Is é is aidhm don mholadh ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair maidir leis an mbochtaineacht fuinnimh cuidiú le 34 mhilliún duine san Aontas nach bhfuil go leor airgid acu a dtithe a théamh. Beidh an Bauhaus Nua Eorpach ina cheann feadhna chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur i bhfeidhm. Fóram, saotharlann turgnamhaíochta agus mol líonra a bheidh ann ina mbuailfidh dearthóirí, ailtirí, ealaíontóirí, eolaithe, innealtóirí agus mic léinn le chéile chun smaointe maidir le maireachtáil inbhuanaithe a phlé.

Físeán faoi fhuinneamh á shábháil i bhfoirgnimh na hEorpa.
FÍSEÁN Rabharta Athchóirithe don Eoraip.

Fuinneamh in-athnuaite

Ina mheasúnuithe ar phleananna fuinnimh agus aeráide na mBallstát, a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair, leag an Coimisiún béim ar an ngá atá le huaillmhian níos mó chun spriocanna an Aontais a bhaint amach. Tá dícharbónú earnáil na cumhachta trí fhuinneamh in-athnuaite ar cheann de phríomhghnéithe an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.

Léarscáil ina léirítear samplaí de thionscadail fuinnimh in‑athnuaite amach ó chósta na hEorpa.

Samplaí de thionscadail agus láithreáin táirgthe (deiseal): feirm ghaoithe Kårehamn Offshore. Í daingnithe. 48 meigeavata; táirgeadh algaí le haghaidh bithbhreoslaí, Macro Fuels, ullmhacht don mhargadh atá beartaithe le haghaidh 2030; suíomhanna monaraíochta, tiontairí cumhachta, moil agus seaftaí; Fuinneamh na dtonn, ISWEC, 50 cileavata; gaoth shnámhach, Wind Float Atlantic, 25 mheigeavata; taoide, Hydroquest Ocean, 1000 cileavata; grian fótavoltach ar snámh amach ón gcósta, Oceans of Energy, 17 gcileavata (tá súil le 50 cileavata faoi dheireadh 2020); amach ón gcósta atá daingnithe, Horns Rev 3, 406.7 meigeavata.

Tá fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta i measc na dteicneolaíochtaí a bhfuil an acmhainneacht is mó iontu maidir le méadú, i bhfianaise líon mór agus éagsúlacht na n-imchuach farraige san Aontas agus na costais a bhaineann le suiteálacha nua a bheith ag laghdú de réir a chéile. I Straitéis an Aontais maidir le fuinneamh in-athnuaite amach ón gCósta, a foilsíodh i mí na Samhna, déantar measúnú ar acmhainneacht na hearnála agus moltar bealaí chun tacú lena forbairt fhadtéarmach. Tá sé d’aidhm ag an straitéis 300 gigeavata d’fhuinneamh gaoithe amach ón gcósta agus 40 gigeavata d’fhuinneamh aigéin, mar shampla tonn agus taoide, a bhaint amach faoi 2050. Trí fhuinneamh flúirseach, nádúrtha agus glan amach ón gcósta a fhorbairt, léireofar gur féidir an geilleagar gorm a neartú agus an dúlra muirí a chosaint ag an am céanna.

Le 10 mbliana anuas, tá feabhas curtha ag an Aontas ar bhonneagar fuinnimh trasteorann a bhuí leis na gréasáin fuinnimh thras-Eorpacha. Fuair cúig thionscadal bonneagair fuinnimh is nócha (ar a dtugtar tionscadail leasa choitinn) EUR 4.7 billiún de mhaoiniú ón tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. Leis an togra ón gCoimisiún i mí na Nollag 2020, cuirtear a rialacha maidir leis an ngréasán fuinnimh i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip. Cuideoidh an rialachán nua atá beartaithe leis an Aontas a sprioc maidir le hastaíochtaí a laghdú a bhaint amach trí fhoinsí in-athnuaite agus teicneolaíochtaí nua fuinnimh ghlain a chomhtháthú sa chóras fuinnimh.

D’fhógair an tAontas infheistíochtaí de bheagnach EUR 1 bhilliún i 10 dtionscadal bonneagair fuinnimh, faoin tSaoráid um Chónascadh na hEorpa. Caithfear an chuid is mó den mhaoiniú ar an Nasc Harmony a thógáil, arb é atá ann cábla cumhachta a nascfaidh an Liotuáin agus an Pholainn tríd an Muir Bhailt agus a laghdóidh róspleáchas an réigiúin ar fhoinse aonair allmhairithe fuinnimh trína nascadh leis an gcuid eile den Aontas Eorpach.

Táirgeadh agus tomhaltas inbhuanaithe

Plean Gníomhaíochta Nua don Gheilleagar Ciorclach

Ní bhaineann an Comhaontú Glas don Eoraip le hastaíochtaí a laghdú, agus leis sin amháin, tá baint aige freisin lenár ngeilleagair, ár sochaithe agus ár dtionscail a nuachóiriú agus domhan níos láidre agus níos inbhuanaithe a thógáil. I mí an Mhárta, mar chuid den phacáiste um Straitéis Thionsclaíoch Eorpach, d’fhoilsigh an Coimisiún Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach chun geilleagar an Aontais a chur in oiriúint don todhchaí ghlas; a iomaíochas a neartú agus an comhshaol á chosaint ag an am céanna; agus cearta nua a thabhairt do thomhaltóirí. Tugtar aghaidh ann ar shaolré iomlán na dtáirgí, idir dhearadh agus mhonarú, agus tomhaltas, deisiú, athúsáid, athchúrsáil agus acmhainní a thabhairt ar ais sa gheilleagar.

Grafaic faisnéise ina bhfuil samplaí de ghníomhaíochtaí atá á ndéanamh ag an Aontas chun na tomhaltóirí a chumhachtú.

Bia agus pacáistiú: Pointe diúltach – in 2017 shroich dramhaíl ó phacáistíocht san Eoraip 174 chileagram in aghaidh an áitritheora; Pointe dearfach – tabharfar isteach tionscnamh nua reachtach chun ionadú a dhéanamh ar phacáistíocht aon-úsáide. Plaistigh: Pointe diúltach – meastar go ndúblóidh an tomhaltas plaisteach as seo go ceann 20 bliain; Pointe dearfach – cuirfear deireadh de réir a chéile le táirgí aon-úsáide agus cuirfear táirgí marthanacha ilúsáide ina n‑áit. Teicstílí: Pointe diúltach – cuirtear trucail de theicstílí chuig loscadh nó líonadh talún gach soicind ar fud an domhain; Pointe dearfach – agus samhlacha gnó á gcur chun cinn, cuirfear borradh faoi shórtáil, athúsáid agus athchúrsáil teicstílí agus beidh na tomhaltóirí in ann teicstílí inbhuanaithe a roghnú. Dramhaíl: Pointe diúltach – cruthaíonn gach duine beagnach leath‑thona de dhramhaíl chathrach gach bliain ar an meán; Pointe dearfach – tabharfar isteach bearta chun dramhaíl a chosc agus a laghdú.

Cinntear suas le 80 % de thionchar comhshaoil táirge ag céim an deartha. Dá bhrí sin, ba cheart táirgí a dhíoltar san Aontas a dhearadh sa chaoi is go mairfidh siad níos faide, go mbeadh sé níos éasca iad a athúsáid, a dheisiú agus a athchúrsáil agus go n-ionchorprófaí a oiread agus is féidir d’ábhar athchúrsáilte. Díríonn an plean gníomhaíochta ar réimsí ina bhfuil an acmhainneacht is mó maidir le ciorclaíocht, mar shampla leictreonaic, cadhnraí agus feithiclí, pacáistíocht, plaistigh, teicstílí, tógáil agus bia. I mí na Nollag, agus a chéad tionscnamh á sheoladh aige i measc na ngníomhaíochtaí mhol an Coimisiún ceanglais éigeantacha chun gach cadhnra a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos sábháilte ar feadh a saolré iomláine. Tá sé d’aidhm ag an bPlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach freisin a áirithiú go bhfuil faisnéis ag tomhaltóirí faoi indeisitheacht agus faoi mharthanacht táirgí, mar aon le ceart chun deisithe.

Léaráid ina léirítear an fáth a bhfuil gá le ceallraí inbhuanaithe.

Cén fáth a bhfuil gá le ceallraí inbhuanaithe? Tá méadú le teacht ar an éileamh domhanda ar cheallraí faoi 14 faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 2018. Is é an t‑iompar leictreach is mó is cúis leis an méadú. D’fhéadfadh an tAontas a bheith freagrach as 17% den éileamh domhanda faoi 2030, an dara héileamh is airde ar domhan. Beidh an tAontas ar an dara margadh domhanda is mó a bheidh ann do cheallraí, lena n‑áirítear i dtéarmaí táirgeadh ceallraí.

In 2020 freisin, seoladh an Ciste Eorpach um Bithgheilleagar Ciorclach, lenar bailíodh EUR 175 mhilliún chun nuálaíochtaí inbhuanaithe a chothú chun tacú leis an gComhaontú Glas don Eoraip. Is é an chéad chiste infheistíochta é atá dírithe go heisiach ar an mbithgheilleagar ciorclach san Aontas Eorpach, agus is tionscnamh de chuid an Choimisiúin agus an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta é, tionscnamh a bhfuil an Coimisiún ag cur EUR 100 milliún de mhaoiniú ó Fhís 2020. leis.

Rochtain ar amhábhair chriticiúla a chinntiú

Tá rochtain iontaofa ar amhábhair ríthábhachtach chun go mbeidh rath ar na haistrithe glasa agus digiteacha. Mar thoradh air sin, tiocfaidh méadú as cuimse ar an éileamh a bheidh ann san Aontas Eorpach ar go leor cineálacha amhábhar. Mar shampla, d’fhéadfadh méadú faoi sheasca teacht ar an éileamh ar litiam – atá ríthábhachtach don fheithicil leictreach agus do chadhnraí gutháin – faoi 2050 agus d’fhéadfadh méadú faoi dheich teacht ar an éileamh ar mhaighnéid tearc-chré a úsáidtear i bhfeithiclí leictreacha, sa teicneolaíocht dhigiteach agus i ngineadóirí gaoithe. Le seoladh an Phlean Gníomhaíochta maidir le hAmhábhair Chriticiúla, agus le Comhghuaillíocht Amhábhar an Aontais, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún spleáchas ar thíortha lasmuigh den Aontas a laghdú, foinsí soláthair a éagsúlú agus éifeachtúlacht acmhainní a fheabhsú, agus foinsiú freagrach a chur chun cinn ar fud an domhain.

Léarscáil ina léirítear na soláthróirí is mó d’amhábhair chriticiúla don Aontas Eorpach.

Léarscáil de na soláthróirí is mó d’amhábhair chriticiúla don Aontas Eorpach, ó chlé go deas. * = Sciar den táirgeadh domhanda. : Na Stáit Aontaithe: Beirilliam 88%; Meicsiceo: Fluairít 25%; An Bhrasaíl: Niaibiam 85%; An tSile: Litiam 78%: An Iorua: Miotal sileacain 30%; An Ghearmáin: Gailliam 35%; An Fhrainc: Haifniam 84%, Indiam 28%; An Spáinn: Strointiam 100%; Maracó: Carraig fosfáite 24%; An Ghuine: Báicsít 64 faon gcéad; Poblacht Dhaonlathach an Chongó: Cóbalt 68%, Tantalam 36%; An Afraic Theas: Iridiam 92%, Platanam 71%, Róidiam 80%, Ruitéiniam 93%; An Fhionlainn: Gearmáiniam 51 faon gcéad; An Tuirc: Antamón 62%, Bóráití 98%; An Chasacstáin: Fosfar 71%; An Indinéis: Rubar nádúrtha 31%; An Astráil: Gual cóic 24%; An Rúis: Pallaidiam* 40%; An tSín: Bairít 38%, Biosmat 49%, Maignéisiam 93%, Graifít nádúrtha 47%, Scaindiam 66%, Tíotáiniam 45%, Tungstan 45%, Vanaidiam 39%, dúile tearc-chré éadroma 99%, dúile tearc-chré troma 98%.

Soláthróirí is mó na n-amhábhar riachtanach don Aontas Eorpach (foinse: Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hathléimneacht amhábhar criticiúil, 3 Meán Fómhair 2020).

Bia agus talmhaíocht inbhuanaithe

Is é is aidhm don Straitéis “Ón bhFeirm go dtí an Forc” a moladh i mí na Bealtaine, córais bhia an Aontais a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos athléimní faoi 2030 agus a chinntiú go gcuirfidh an talmhaíocht, an t-iascach agus an dobharshaothrú go hiomchuí le spriocanna aeráide an Aontais. Is é is aidhm dó luach saothair a thabhairt do na feirmeoirí, na hiascairí agus na hoibreoirí eile sin sa bhiashlabhra a d’aistrigh chuig cleachtais inbhuanaithe cheana féin. Is mian leis freisin an t-aistriú a chur ar chumas daoine eile agus deiseanna breise a chruthú dá ngnólachtaí.

Grafaic faisnéise ina liostaítear aidhmeanna éagsúla na Straitéise Ón bhFeirm go dtí an Forc.

I dtreo córas bia AE atá níos sláintiúla agus níos inbhuanaithe, rud atá ina bhunchloch faoi Chomhaontú Glas don Eoraip. Déanfar an méid seo a leanas sa straitéis Ón bhFeirm go dtí an Forc: a chinntiú go mbeidh bia sláintiúil, inacmhainne agus inbhuanaithe ar fáil do mhuintir na hEorpa; dul i ngleic leis an athrú aeráide; an comhshaol a chosaint agus an bhithéagsúlacht a chaomhnú; toradh cóir eacnamaíoch sa slabhra soláthair a chinntiú; agus an fheirmeoireacht orgánach a mhéadú.

Trí spriocanna uaillmhianacha a leagan síos do réimsí tosaíochta ar fud an bhiashlabhra, tá sé d’aidhm ag an Aontas an bealach a threorú i dtreo domhan níos folláine agus níos inbhuanaithe. Cuirtear bearta san áireamh sa straitéis chun faisnéis níos fearr a chur ar fáil do thomhaltóirí agus chun an tionscal a spreagadh ionas go mbeidh teacht níos mó ar bhia cothaitheach inbhuanaithe agus go mbeidh sé níos saoire.

Is é is aidhm don straitéis úsáid lotnaidicídí agus na rioscaí a bhaineann leo, mar aon le hídiú na gcothaitheach, a laghdú 50 % faoi 2030. Tá sé d’aidhm aige freisin díolacháin ábhar frithmhiocróbach le haghaidh ainmhithe feirme agus i ndobharshaothrú a laghdú 50 %, agus 25 % den talamh talmhaíochta a úsáid le haghaidh na feirmeoireachta orgánaí. I measc na n-uaillmhianta eile, tá feabhas a chur ar leas ainmhithe agus lorg comhshaoil an Aontais a laghdú. Infheisteofar EUR 10 mbilliún faoin gclár Fís Eorpach i dtaighde agus nuálaíocht a bhaineann le bia, an bithgheilleagar, acmhainní nádúrtha, talmhaíocht, iascach, dobharshaothrú agus an comhshaol.

Ní hé CO2 an t-aon astaíocht gás ceaptha teasa gur gá dúinn a laghdú. Tá an meatán sa dara háit i ndiaidh CO2 maidir le tionchar a bheith aige ar an athrú aeráide, agus mar sin tá Straitéis nua Meatáin ríthábhachtach chun sprioc an Aontais a bhaint amach maidir le hastaíochtaí a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030. Díríonn an straitéis ar astaíochtaí meatáin a laghdú in earnálacha na talmhaíochta, na dramhaíola agus an fhuinnimh. Déanfar gníomhaíochtaí trasearnálacha agus gníomhaíochtaí earnáilsonracha a chomhcheangal laistigh den Aontas agus go hidirnáisiúnta.

An comhshaol agus an bhithéagsúlacht a chosaint

An Bhithéagsúlacht

Leis an Straitéis Bhithéagsúlachta uaillmhianach a moladh i mí na Bealtaine, téitear i ngleic leis na príomhchúiseanna a bhíonn leis an gcailliúint, mar shampla úsáid neamh-inbhuanaithe talún agus mara, róshaothrú acmhainní nádúrtha, truailliú agus speicis choimhthíocha ionracha.

Grafaic faisnéise ina léirítear an méid a bhainfear amach leis an Straitéis Bhithéagsúlachta.

Leis an Straitéis Bhithéagsúlachta uile-Aontais nua: bunófar limistéir faoi chosaint ar a laghad do 30% den talamh san Aontas Eorpach agus ar a laghad 30% d’fharraigí an Aontais Eorpaigh, le cosaint níos déine do na foraoisí príomhúla agus cianaosta atá fágtha san Aontas trí spriocanna ceangailteacha ó thaobh an dlí de maidir le hathchóiriú an dúlra faoi 2021; agus tabharfar ar ais éiceachórais talún agus mhuirí atá díghrádaithe ar fud na hEorpa trí fheirmeoireacht orgánach agus gnéithe aiceanta is bithéagsúla ar an talamh talmhaíochta a mhéadú, stop a chur le laghdú na bpailneoirí agus an treocht sin a thiontú droim ar ais, ar a laghad 25,000 ciliméadar d’aibhneacha an Aontais a chur ag sreabhadh gan bhac arís, úsáid agus riosca na lotnaidicídí a laghdú 50% faoi 2030, 3 bhilliún crann a chur faoi 2030.

Moltar sa straitéis spriocanna ceangailteacha a leagan síos chun éiceachórais agus aibhneacha damáistithe a athchóiriú, feabhas a chur ar shláinte ghnáthóg agus speiceas an Aontais atá faoi chosaint, pailneoirí a thabhairt ar ais chuig talamh talmhaíochta, truailliú a laghdú, ár gcathracha a ghlasú, an fheirmeoireacht orgánach agus sláinte fhoraoisí na hEorpa a fheabhsú. Tá sé d’aidhm aige bithéagsúlacht na hEorpa a chur ar bhóthar an téarnaimh faoi 2030, lena n-áirítear ar a laghad 30 % den talamh agus den fharraige san Aontas a iompú ina limistéir faoi chosaint a ndéantar bainistiú éifeachtach orthu agus 10 % ar a laghad den limistéar talmhaíochta a thabhairt ar ais faoi ghnéithe tírdhreacha ard-éagsúlachta.

Iolar atá ar tí eitilt.
Is é is aidhm don tionscadal Pannon Eagle LIFE iolar impiriúil an oirthir a chosaint tríd an mbásmhaireacht de dheasca daoine a laghdú i Réigiún Pannon. Déantar gníomhaíochtaí caomhnaithe éagsúla faoin tionscadal san Ostair, sa tSeicia, san Ungáir, sa tSeirbia agus sa tSlóvaic. Sa ghrianghraf, tá iolar ag dul i gcleachtadh ar bheith ag eitilt le gléas comharthaíochta ar a dhroim, Jászberény, an Ungáir, an 14 Deireadh Fómhair 2020.

I mí an Mhárta, sheol an Coimisiún an Chomhghuaillíocht Dhomhanda um Bithéagsúlacht. Tá na céadta páirceanna náisiúnta, uisceadán, gairdíní luibheolaíochta, zúnna agus iarsmalann, idir iarsmalanna eolaíochta agus iarsmalanna stair an dúlra, ag teacht le chéile chun feasacht an phobail ar an ngéarchéim sa domhan nádúrtha a mhéadú. Ag Cruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht i mí Mheán Fómhair, d’fhormhuinigh breis is 70 Ceann Stáit nó Rialtais agus an tUachtarán von der Leyen Gealltanas na gCeannairí maidir leis an dúlra, agus iad ag gealladh 10 mbeart deimhne chun aghaidh a thabhairt ar éigeandáil an dúlra.

Físeán faoi straitéis nua an Aontais um cheimiceáin.
FÍSEÁN Straitéis Ceimiceán le haghaidh na hInbhuanaitheachta.

Comhshaol atá saor ó thocsainí

Chun cosaint níos fearr a thabhairt do dhaoine agus don chomhshaol, agus chun borradh a chur faoin nuálaíocht i ndáil le ceimiceáin shábháilte inbhuanaithe, thíolaic an Coimisiún Straitéis Ceimiceán i dtaobh na hInbhuanaitheachta i mí Dheireadh Fómhair. Tá ceimiceáin riachtanach don saol nua-aimseartha agus tá siad in úsáid in go leor earnálacha, lena n-áirítear earnálacha na sláinte, an fhuinnimh, an iompair agus na tithíochta. Mar sin féin, is féidir le cuid acu dochar a dhéanamh don chomhshaol agus do shláinte an duine. Tá dlíthe casta maidir le ceimiceáin i bhfeidhm cheana san Aontas, ach tuartar go dtiocfaidh méadú faoi dhó ar an táirgeadh domhanda faoi 2030 agus go dtiocfaidh méadú freisin ar a n-úsáid i dtáirgí tomhaltais. Is í an straitéis an chéad chéim i dtreo uaillmhian maidir le truailliú nialasach agus comhshaol saor ó thocsainí, mar a fógraíodh sa Chomhaontú Glas don Eoraip.

Soghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste

Tá ról ríthábhachtach ag an iompar agus ag an tsoghluaisteacht i saol na ndaoine agus i ngeilleagar an Aontais, ach bíonn tionchar diúltach acu ar an tsochaí. Déanann éifeachtaí diúltacha – cuir i gcás astaíochtaí gás ceaptha teasa, truailliú aeir agus uisce, timpistí, brú tráchta, torann agus cailliúint na bithéagsúlachta – difear don tsláinte agus don fholláine. Sa lá atá inniu ann, is é an t-iompar is cúis leis an gceathrú cuid d’astaíochtaí gás ceaptha teasa iomlán an Aontais. D’fhonn sprioc an Aontais maidir le neodracht ó thaobh díobháil aeráide de a bhaint amach, ní mór na hastaíochtaí sin a laghdú 90 % faoin mbliain 2050. Chuige sin, beidh athrú ag teastáil ar an gcaoi a ngluaiseann daoine agus earraí san Eoraip. Beidh ról lárnach ag an nuálaíocht agus ag an digitiú chun an méid sin a bhaint amach.

I Straitéis an Choimisiúin um Shoghluaisteacht Inbhuanaithe Chliste, a foilsíodh i mí na Nollag, leagtar amach bealach chun córas iompair glas digiteach athléimneach a chruthú do na glúnta atá le teacht. Leagtar amach sa straitéis freisin athchóirithe, beartais agus gníomhaíochtaí a bhfuil géarghá leo chun tacú le téarnaimh na hearnála iompair, a bhí i measc na n-earnálacha is measa buailte de dheasca na paindéime. Le garspriocanna praiticiúla, coinneofar córas iompair na hEorpa ar an mbóthar ceart i dtreo todhchaí chliste agus inbhuanaithe.

Grafaic faisnéise faoin gcaoi ar féidir leis an Aontas astaíochtaí gás ceaptha teasa in earnáil an iompair a ghearradh 90 % faoi 2050.

Ní mór don Aontas laghdú 90% a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa in earnáil an iompair faoi 2050. Is mar a leanas a dhéanfar an méid sin: A chuid spleáchais ar bhreoslaí iontaise a laghdú: faoi 2030, beidh ar a laghad 30 milliún gluaisteán astaíochtaí nialasacha agus 80,000 leoraí astaíochtaí nialasacha ar na bóithre; faoi 2030, beidh ar a laghad céad cathair san Eoraip atá neodrach ó thaobh díobháil aeráide de; ba cheart don taisteal slua sceidealta faoi bhun 500 ciliméadar a bheith neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2030 laistigh den Aontas; beidh aerárthaí móra astaíochtaí nialasacha faoi réir le dul ar an margadh faoi 2035. Roghanna malartacha a chur ar fáil: cuirfidh cathracha móra agus meánmhéide uile a gcuid pleananna soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe féin i bhfeidhm faoi 2030; tiocfaidh dúbailt ar an trácht ardluasa iarnróid faoi 2030; faoi 2050, tiocfaidh dúbailt ar an trácht lasta iarnróid; tiocfaidh méadú 25% faoi 2030 ar iompar d’uiscebhealaí intíre agus ar loingseoireacht ghearrthurais. Praghsáil chun an tionchar ar an gcomhshaol a léiriú: Áiritheoidh inmheánú na gcostas seachtrach iompair faoi 2050 ar a dhéanaí gurb iad na daoine a úsáid na deiseanna iompair a íocfaidh as na costais iomlána seachas é a fhágáil faoin tsochaí féin íoc astu.

Soghluaisteacht inbhuanaithe: céard atá i ndán dúinn san am atá romhainn?

Feithiclí níos glaine agus níos sábháilte

Tháinig rialacha níos déine i bhfeidhm i mí Eanáir maidir leis an méid CO2 is ceadmhach do ghluaisteáin nua paisinéirí agus veaineanna nua a astú. Is iad na feithiclí sin a tháirgeann thart ar 12 % agus 2.5 %, faoi seach, d’astaíochtaí iomlána CO2 an Aontais. Ar na tairbhí a bhfuiltear ag súil leo faoi 2030 tá laghdú 23 % ar astaíochtaí ó iompar de bhóthar i gcomparáid le 2005, chomh maith le 60 000 post nua (suas le 80 000 má tháirgtear ceallraí san Aontas Eorpach). Fógraíodh togra le haghaidh 2021 i dtaca le caighdeáin níos déine maidir le hastaíochtaí CO2, i gcomhréir leis an uaillmhian níos airde le haghaidh laghduithe foriomlána faoi 2030. Chomh maith leis sin, tá an Coimisiún ag obair i dtreo caighdeáin uaillmhianacha nua d’astaíochtaí truailleán ó ghluaisteáin, a fógraíodh le haghaidh 2021.

Le rialacha nua atá i bhfeidhm ó mhí Eanáir, ní mór cineálacha nua gluaisteán a fheistiú le hardghnéithe teicneolaíochta ó mhí Iúil 2022 ar aghaidh chun an tsábháilteacht a fheabhsú agus tionóiscí a laghdú. Ina theannta sin, tá rialacha nua i bhfeidhm ó Mheán Fómhair 2020 chun a chinntiú go gcomhlíonann gach gluaisteán na ceanglais sábháilteachta, chomhshaoil agus táirgthe sula gcuirtear ar an margadh iad. I measc na rialacha sin tá tuilleadh seiceálacha ar ghluaisteáin atá ar an margadh cheana féin agus maoirseacht ar an Aontas Eorpach a thabhairt isteach, lena n-áirítear cead a thabhairt don Choimisiún aisghairmeacha uile-Aontais a ordú agus smachtbhannaí a fhorchur ar mhonaróirí gluaisteán a bhriseann an dlí, agus fíneálacha suas le EUR 30 000 in aghaidh an ghluaisteáin a ghearradh orthu.

Claochlú digiteach an Aontais

Gruagaire le linn ceann de na seisiúin bhiongó a dhéanann sí a reáchtáil ar líne dá cliaint.
Úinéir siopa gruagaire gar do Bhaile Átha Cliath, Éire, nuair a dúnadh an siopa mar gheall ar shrianta dianghlasála de dheasca an choróinvíris thosaigh sí ag reáchtáil seisiúin bhiongó ar líne dá pobal, chun dul i ngleic leis an leadrán i measc daoine aonair den chuid is mó, an 13 Samhain 2020.

Is tábhachtaí ná riamh an teicneolaíocht dhigiteach inár saol. Le linn ghéarchéim COVID-19, bhí sí ríluachmhar chun daoine a choinneáil nasctha agus gnólachtaí a choinneáil ag obair, agus is cor cinniúnach an chaoi a n-úsáidtear an teicneolaíocht san oideachas agus san oiliúint anois. Tá sár-ríomhairí ag cabhrú le héabhlóid na paindéime a thuar, agus féadfaidh aipeanna rianaithe teagmhála agus aipeanna rabhaidh ról a imirt chun cur isteach ar shlabhra tarchurtha an víris.

Leag an phaindéim béim freisin ar a thábhachtaí atá sé scileanna digiteacha shaoránaigh uile an Aontais a fhorbairt agus feabhas a chur ar an rochtain ar idirlíon ardluais do thithe, do ghnólachtaí agus do sheirbhísí poiblí. Is féidir le gnólachtaí nuathionscanta Eorpacha atá bunaithe ar an teicneolaíocht dhigiteach réitigh nuálacha a chur ar fáil d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide eile agus do thionscail mhóra, réitigh a bhfuil gá leo le haghaidh an chlaochlaithe sin. Tá teicneolaíochtaí digiteacha ríthábhachtach freisin chun cuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach, lena n-áirítear trí chórais chliste fuinnimh, an fheirmeoireacht bheacht agus an tsoghluaisteacht chliste.

Mac léinn ollscoile i mbun rang ar líne a thabhairt do mhac léinn meánscoile.
Chuir mic léinn ollscoile sa Ghearmáin an Choróinscoil ar bun chun cúrsaí ar líne a chur ar fáil ar bhonn deonach do pháistí meánscoile a chaill roinnt míonna scoile sa chéad leath de 2020. Sa ghrianghraf seo, tá duine de na hoibrithe deonacha ag cabhrú le mac léinn lena hobair bhaile Laidine, Beirlín, an Ghearmáin, an 16 Samhain 2020.

An Straitéis Eorpach Dhigiteach

Tá an réamhobair le haghaidh an athraithe dhigitigh leagtha amach cheana féin, agus tá dul chun cinn seasta déanta sa Mhargadh Aonair Digiteach, rud a fhágann go bhfuil fíorthairbhí ann do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin. Tá an Coimisiún diongbháilte Deich mBliana Digiteacha na hEorpa a dhéanamh de na 2020idí. Ina haitheasc ar Staid an Aontais, d’iarr an tUachtarán von der Leyen go mbeadh an tAontas ar thús cadhnaíochta sa nuálaíocht dhigiteach le plean coiteann agus spriocanna atá sainithe go soiléir le haghaidh 2030, maidir le nascacht, scileanna agus seirbhísí poiblí digiteacha, cuir i gcás. Faoi ionstraim théarnaimh an Aontais, NextGenerationEU, iarrtar ar na Ballstáit 20 % dá dtacaíocht airgeadais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneacht a infheistiú sa chlaochlú digiteach (féach “Freagairt chomhbheartaithe ar COVID 19” freisin).

In 2020, sheol an Coimisiún an Straitéis Eorpach Dhigiteach – Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú. Fógraítear ann beartais agus tionscnaimh nua lena chinntiú go mbainfidh an tAontas leas as na tairbhí a fhéadfaidh an teicneolaíocht a chur ar fáil do dhaoine, don gheilleagar agus don tsochaí, agus ár sócmhainní is luachmhaire á gcaomhnú ag an am céanna: an daonlathas, an chothroime, an chuimsitheacht agus an múnla sóisialta Eorpach.

Leagtar béim sa straitéis ar an gcaoi a bhféadfadh réitigh dhigiteacha cuspóirí inbhuanaitheachta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chur chun cinn, agus réitítear an bealach chun go mbeidh an tAontas ina eiseamláir dhomhanda don gheilleagar digiteach. Cuirfidh na gníomhaíochtaí sin deiseanna nua ar fáil do ghnólachtaí agus béim á cur, ag an am céanna, ar theicneolaíocht a fhorbairt ar bhealaí a léiríonn meas ar chearta daoine agus a thuilleann muinín na ndaoine.

Grafaic faisnéise ina léirítear samplaí den chaoi a gcuideoidh teicneolaíochtaí digiteacha le hAontas Eorpach atá neodrach ó thaobh díobháil aeráide de a bhaint amach.

Tá teicneolaíochtaí digiteacha ríthábhachtach chun go mbeidh an tAontas neodrach ó thaobh díobháil aeráide de faoi 2050, an sprioc a leagadh síos sa Chomhaontú Glas don Eoraip, mar shampla: líonraí fuinnimh, feirmeoireacht ardchruinnis, soghluaisteacht agus iompar, foirgnimh chliste, spásanna sonraí glasa agus cumhacht na sonraí.

Beidh rath chlaochlú digiteach an Aontais ag brath ar chreataí éifeachtacha a bhunú chun teicneolaíochtaí iontaofa a chinntiú, agus chun muinín agus modhanna a thabhairt do ghnólachtaí digitiú a dhéanamh. Is iad an Straitéis Sonraí agus an Páipéar Bán maidir leis an Intleacht Shaorga na chéad cholúin den Straitéis Eorpach Dhigiteach nua. Díríonn siad ar an ngá tús áite a thabhairt do dhaoine i bhforbairt na teicneolaíochta, agus ar an ngá atá ann luachanna agus cearta na hEorpa a chosaint agus a chur chun cinn maidir leis an tslí a ndéanaimid an teicneolaíocht a dhearadh, a dhéanamh agus a úsáid.

Rialacha idirlín an Aontais a chur in oiriúint don ré dhigiteach

Fear ag féachaint ar scáileán a fhóin chliste.

I mí na Nollag, mhol an Coimisiún athchóiriú uaillmhianach ar an spás digiteach – tacar cuimsitheach rialacha nua le haghaidh na seirbhísí digiteacha uile, lena n-áirítear na meáin shóisialta, margaí ar líne agus ardáin eile ar líne a oibríonn san Aontas: an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha agus an Gníomh um Margaí Digiteacha. Faoin Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha, beidh feidhm ag oibleagáidí ceangailteacha uile-Aontais maidir le gach seirbhís dhigiteach a nascann tomhaltóirí le hearraí, le seirbhísí nó le hábhar, lena n-áirítear nósanna imeachta nua chun ábhar neamhdhleathach a bhaint níos tapúla agus cosaint chuimsitheach a thabhairt do chearta bunúsacha úsáideoirí ar líne. Leis an gcreat nua, déanfar cearta agus freagrachtaí na n-úsáideoirí, na n-ardán idirmheánach agus na n-údarás poiblí a athchothromú. Cuirfear saoránaigh an Aontais i lár an aonaigh agus tá an creat bunaithe ar luachanna an Aontais, lena n-áirítear meas ar chearta an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas agus ar an smacht reachta. Comhlánaítear an togra leis an bPlean Gníomhaíochta Eorpach um an Daonlathas, arb é is aidhm dó daonlathais a dhéanamh níos athléimní.

Tugann Gníomh na Margaí Digiteacha aghaidh ar na hiarmhairtí diúltacha a eascraíonn as iompar áirithe na n-ardán a fheidhmíonn mar mhaoir gheata dhigiteacha ar an Margadh Aonair. Bíonn tionchar mór ag na hardáin sin ar an Margadh Aonair, is tairseach thábhachtach iad d’úsáideoirí gnó le go mbeidh siad in ann teagmháil a dhéanamh lena gcustaiméirí agus seasamh daingean a bheith acu. Dá bharr sin, féadfar an chumhacht a thabhairt dóibh gníomhú mar dhéantóirí príobháideacha rialacha agus feidhmiú mar scrogaill idir gnólachtaí agus tomhaltóirí. Trí bhíthin Ghníomh na Margaí Digiteacha, sainmhíneofar agus toirmeascfar le rialacha nua na cleachtais éagóracha a dhéanann na maoir gheata. Is é is aidhm dó cothrom iomaíochta a chruthú d’ardáin mhóra ar líne agus deis a thabhairt do ghnólachtaí nuathionscanta an Aontais a fhás, a mhéadú agus iomaíocht a dhéanamh, agus dá thoradh sin praghsanna, cáilíocht, rogha agus nuálaíocht níos fearr a chinntiú d’úsáideoirí.

Ina theannta sin, ghlac an Coimisiún Plean Gníomhaíochta Meán agus Closamhairc i mí na Nollag, chun tacú le téarnamh agus le claochlú digiteach mheáin an Aontais. Comhlánóidh sé na gníomhaíochtaí atá ann cheana chun tacú le saoirse na meán agus le cultúr na meán agus an cultúr digiteach.

Le linn na bliana, tháinig roinnt píosaí reachtaíochta tábhachtacha i bhfeidhm ar fud an Aontais. Orthu sin tá an chéad tacar rialacha riamh le haghaidh gnólachtaí beaga agus trádálaithe ar líne, agus rialacha lena rialaítear comhordú uile-Aontais na reachtaíochta náisiúnta maidir leis na meáin chlosamhairc uile agus maidir le hinrochtaineacht suíomhanna gréasáin de chuid comhlachtaí san earnáil phoiblí. Tháinig reachtaíocht i bhfeidhm freisin lena mbunaítear tacar soiléir rialacha maidir le seirbhísí teileachumarsáide, lena dtairgtear cosaint bhreise do thomhaltóirí agus lena gcothaítear infheistíochtaí i nglúin nua líonraí.

An chibearshlándáil agus cosaint sonraí

Cúrsóir luchóige in aice le leis an bhfocal Béarla “security” ar scáileán. © Pixabay

Agus cibearbhagairtí ag dul i méid le linn na paindéime, mhol an tAontas bearta ar roinnt réimsí. I mí Feabhra, ghlac an Coimisiún a theachtaireacht maidir le todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú, teachtaireacht lenar cuireadh ardleibhéal cibearshlándála i gcroílár chlaochlú digiteach an Aontais, agus an 16 Nollaig d’fhógair sé Straitéis Chibearshlándála nua an Aontais.

Sa Straitéis Chibearshlándála le haghaidh Dheich mBliana Digiteacha na hEorpa, déantar cur síos ar an gcaoi ar féidir leis an Aontas leas a bhaint as na huirlisí agus na hacmhainní ar fad atá aige agus iad a neartú chun a bheith ceannasach ó thaobh na teicneolaíochta de agus dlús a chur lena chomhar le comhpháirtithe ar fud an domhain. Iarrtar sa staitéis go ndéanfar an chibearshlándáil a chomhtháthú sna hinfheistíochtaí digiteacha ar fad a bheartaítear le linn na tréimhse buiséid 2021-2027, mar aon le tionscnaimh i dtrí réimse de ghníomhaíocht an Aontais: an athléimneacht, an cheannasacht theicneolaíoch agus an cheannaireacht a chur chun cinn; acmhainn oibríochtúil a fhorbairt chun cibearbhagairtí a chosc, a dhíspreagadh agus a fhreagairt; agus cibearspás oscailte domhanda a chur chun cinn. Ar na tionscnaimh sin, tá an Cibearaonad Comhpháirteach, “Cibear-Sciath” d’ionaid oibríochtaí slándála nasctha chun luathchomharthaí ionsaithe a bhrath, agus dlús a chur leis an gceannaireacht chun idirlíon domhanda oscailte a chinntiú.

Ina theannta sin, d’fhógair an tUachtarán von der Leyen togra maidir le Cibearaonad Comhpháirteach chun tuilleadh comhordaithe a dhéanamh ar acmhainní oibríochtúla cibearshlándála ar fud an Aontais. Sa Straitéis Eorpach Dhigiteach tá athbhreithniú ar an Rialachán maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart freisin, inar tugadh comhairliúcháin phoiblí oscailte chun críche in 2020. Bhí an t-athbhreithniú ar an Treoir maidir le Slándáil Líonra agus Faisnéise, an chéad phíosa reachtaíochta uile-Aontais maidir leis an gcibearshlándáil, ag gabháil leis an straitéis.

Tá smachtbhannaí ar cheann de na roghanna atá ar fáil i mbosca uirlisí cibearthaidhleoireachta an Aontais chun cibirghníomhaíochtaí mailíseacha atá dírithe ar an Aontas nó ar na Ballstáit a chosc, a dhíspreagadh agus freagairt a thabhairt orthu. I mí Iúil, chuir an Chomhairle smachtbhannaí i bhfeidhm den chéad uair i gcoinne seisear duine agus trí eintiteas as cibirionsaithe éagsúla. Ar na smachtbhannaí, tá toirmeasc taistil agus reo sócmhainní. Ina theannta sin, tá cosc ar dhaoine agus ar eintitis de chuid an Aontais cistí a chur ar fáil dóibh siúd atá ar an liosta.

Fuarthas amach i dtuarascáil an Choimisiúin maidir leis an gcéad 2 bhliain den Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí gur chomhlíon sé an chuid is mó dá aidhmeanna, go háirithe trí thacar láidir de chearta in-fhorfheidhmithe a thairiscint do shaoránaigh agus trí chóras rialachais agus forfheidhmithe nua de chuid an Aontais a chruthú.

Leas a bhaint as cumhacht na sonraí

Cuireann na sonraí acmhainn riachtanach ar fáil don iomaíochas, do chruthú post agus chun an tsochaí i gcoitinne a fheabhsú. Beidh tairbhe ollmhór ag baint leis an nuálaíocht shonraíbhunaithe do shaoránaigh, mar shampla trí leigheas pearsantaithe feabhsaithe, soghluaisteacht chliste agus a rannchuidiú chun sprioc an Aontais maidir le neodracht ó thaobh díobháil aeráide de a bhaint amach faoi 2050.

Ní bheidh ann don nuálaíocht ná don fhás eacnamaíoch gan a bheith in ann teacht ar shonraí agus iad a úsáid, sonraí atá de shíor ag dul i méid. Is é is aidhm don Straitéis Eorpach maidir le Sonraí fíorspás Eorpach sonraí a chruthú, margadh aonair inar féidir le sonraí sreabhadh gan bhac laistigh den Aontas agus thar earnálacha. Le Spásanna Coiteanna Sonraí Eorpacha, cinnteofar in earnálacha éagsúla, cuir i gcás an tsláinte, an comhshaol agus an tslándáil, go gcuirfear níos mó sonraí ar fáil le húsáid sa gheilleagar agus sa tsochaí, agus srian á choinneáil ar na comhlachtaí agus ar na daoine aonair sin a ghineann na sonraí. Cuirfidh sé sin le ceannasacht theicneolaíoch an Aontais in eochairtheicneolaíochtaí cumasúcháin agus príomhbhonneagar don gheilleagar sonraí, agus ag an am céanna cuirfidh sé le forbairt feidhmchláir iontaofa intleachta saorga. Chun an méid sin a bhaint amach, i mí na Samhna mhol an tAontas creat rialála maidir le rialachas sonraí, rochtain agus athúsáid idir gnólachtaí aonair, idir gnólachtaí agus rialtais, agus laistigh de lucht riaracháin.

An intleacht shaorga agus sár-ríomhairí

Ursula von der Leyen agus róbat in éineacht léi.
Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, ag tabhairt cuairt ar an AI Experience Center ag Vrije Universiteit Brussel, an Bhruiséil, an Bheilg, an 18 Feabhra 2020.

Spreagann sonraí teicneolaíochtaí nua, an intleacht shaorga san áireamh, ar féidir leo feabhas a chur ar ár saol, mar shampla trí fháthmheas níos cruinne, éifeachtúlacht na feirmeoireachta a mhéadú agus monaraíocht níos éifeachtúla. Tá an intleacht shaorga ag forbairt go tapa, sin an fáth nach mór don Aontas ní hamháin an leibhéal infheistíochta atá aici a choinneáil ach é a mhéadú freisin. Ag an am céanna, baineann rioscaí féideartha léi ar gá aghaidh a thabhairt orthu chun a áirithiú go n-úsáidfear í ar bhealach a thuilleann muinín na ndaoine. Mar a leagtar amach sa Pháipéar Bán maidir leis an ábhar sin, beidh an tAontas Eorpach ar thús cadhnaíochta agus an intleacht shaorga á forbairt aige bunaithe ar bharr feabhais agus ar mhuinín. Tacaíonn an Coimisiún le cur chuige rialála agus infheistíochta a bhfuil sé mar aidhm aige glacadh na hintleachta saorga a chur chun cinn agus aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le húsáidí áirithe na teicneolaíochta nua sin. Chun na cuspóirí sin a bhaint amach, agus bunaithe ar thorthaí comhairliúcháin phoiblí, tíolacfar togra reachtach agus plean nuashonraithe chun iarrachtaí a chomhordú i gcomhar leis na Ballstáit in 2021.

Idir chuidiú a thabhairt chun éabhlóid na paindéime a thuar, chomh maith le teacht ar chóireáil in aghaidh COVID-19, agus tuiscint níos fearr a fháil ar neamhoird néareolaíocha nó éifeachtaí an téimh dhomhanda a thuar agus monatóireacht a dhéanamh orthu, tá ról tábhachtach ag na sár-ríomhairí inár saol. Mar chuid den Chlár Oibre Digiteach don Eoraip, d’fhoilsigh an Coimisiún togra i mí Mheán Fómhair chun cabhrú leis an Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta i dteicneolaíocht na sár-ríomhaireachta, agus infheistíocht EUR 8 mbilliún i sár-ríomhairí na chéad ghlúine eile san áireamh.

Grafaic faisnéise ina bhfuil roinnt figiúirí faoin intleacht shaorga agus faoin Aontas Eorpach.

An intleacht shaorga agus an tAontas Eorpach ina bhfigiúirí: Tháinig ardú ar mhaoiniú an Aontais don taighde agus nuálaíocht le haghaidh na hintleachta saorga go 1.5 billiún euro don tréimhse 2018-2020. Níor leor sin áfach. Táthar ag iarraidh níos mó ná 20 billiún euro d’infheistíocht iomlán san intleacht shaorga a mhealladh in aghaidh na bliana san Aontas sna deich mbliana atá romhainn. Is san Eoraip a dhéantar níos mó ná ceathrú de na róbait le haghaidh seirbhísí tionsclaíocha agus pearsanta.

Naisc níos tapúla agus níos fearr le haghaidh daoine san Aontas

Beirt ag cur inneachar i gcomparáid ar a bhfón cliste.

I mí Mheán Fómhair, d’fhoilsigh an Coimisiún moladh ina n-iarrtar ar na Ballstáit borradh a chur faoin infheistíocht i mbonneagar nascachta leathanbhanda fíor-ardacmhainne, 5G san áireamh, arb é an chloch is bunúsaí den chlaochlú digiteach é agus ar colún riachtanach den téarnamh é. Leis an moladh, iarrtar ar na Ballstáit cur chuige comhchoiteann a fhorbairt, i bhfoirm bosca uirlisí dea-chleachtas, faoi dheireadh mhí an Mhárta 2021.

Tá sé ríthábhachtach slándáil líonraí 5G an Aontais a chinntiú. I mí Eanáir, d’fhormhuinigh an tAontas an bosca uirlisí comhpháirteach beart a chomhaontaigh na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar rioscaí slándála a bhaineann le leathadh amach 5G. De réir tuarascáil a foilsíodh i mí na Nollag, tá dul chun cinn maith déanta ag an gcuid is mó de na Ballstáit cheana féin chun na bearta a moladh a chur chun feidhme. Leanfar den obair chomhordaithe maidir le líonraí 5G a dhaingniú ar leibhéal an Aontais.

Scileanna don ré dhigiteach

Bean ag féachaint ar scáileán ríomhaire glúine agus ag breacadh nótaí de láimh.

Is gá scileanna digiteacha a bheith ag an uile dhuine, ní hamháin chun aghaidh a thabhairt ar an bpaindéim atá ann faoi láthair, ach mar gheall ar an éileamh ar an litearthacht dhigiteach san ionad oibre agus sa tsochaí sa lá atá inniu ann chomh maith. Ní éiríonn le duine óg as gach cúigear ar fud an Aontais bunleibhéal scileanna digiteacha a bhaint amach, agus níl rochtain ag cuid mhór teaghlach atá ar ioncam íseal ar ríomhairí. Tá roinnt cuspóirí leagtha síos sa Chlár Oibre Scileanna don Eoraip atá le baint amach faoi 2025, agus is cuspóir amháin gur cheart bunscileanna digiteacha ar a laghad a bheith ag 70 % de dhaoine idir 16–74 bliana d’aois, méadú ó 56 % in 2019.

Bunaithe ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim an choróinvíris, tacóidh an Plean Gníomhaíochta nua don Oideachas Digiteach de chuid an Choimisiúin le daoine, le hinstitiúidí oideachais agus oiliúna agus leis na Ballstáit agus iad ag iarraidh iad féin a chur in oiriúint don aistriú digiteach. (Féach “An Eoraip a thógáil ionas go mbeidh sí sóisialta agus cóir” freisin.)

Tá infheistíocht agus athchóirithe maidir le córais oideachais a chur in oiriúint chun tacú le scileanna digiteacha agus le hoiliúint oideachais agus gairme do gach uile aois i gcroílár na n-iarrachtaí téarnaimh freisin. Tá an Coimisiún ag moladh do na Ballstáit infheistíochtaí agus athchóirithe den chineál sin a áireamh ina bpleananna téarnaimh agus athléimneachta.

An t-airgeadas digiteach

Grafaic faisnéise ina léirítear na buntáistí a bhaineann leis an maoiniú digiteach.

Seo a leanas na buntáistí a bhaineann leis an maoiniú digiteach: táirgí airgeadais níos fearr do na tomhaltóirí agus bealaí nua chun maoiniú a chur ar fáil do ghnólachtaí an Aontais, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide; tacaíonn sé le straitéis téarnaimh eacnamaíoch na hEorpa agus osclaíonn sé bealaí nua chun maoiniú a chur ar fáil chun tacú leis an gComhaontú Glas agus leis an Straitéis Thionsclaíoch Nua don Eoraip; cuirfidh maoiniú digiteach trasteorann feabhas ar chomhtháthú an mhargaidh airgeadais san Aontas Baincéireachta agus in Aontas na Margaí Caipitil; neartaíonn sé cumas na hEorpa an neamhspleáchas straitéiseach oscailte i seirbhísí airgeadais a choinneáil agus a threisiú.

Is minice anois ná riamh a bhíonn tomhaltóirí agus gnólachtaí an Aontais ag baint úsáid as seirbhísí airgeadais digiteacha ar chúiseanna éagsúla – agus níos mó fós le linn na paindéime. Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún borradh a chur faoin nuálaíocht fhreagrach in earnáil airgeadais an Aontais, go háirithe i gcás gnólachtaí nuathionscanta digiteacha atá an-nuálach, agus aon riosca a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaineann le cosaint infheisteoirí, sciúradh airgid agus an chibearchoireacht a mhaolú ag an am céanna.

I mí Mheán Fómhair, ghlac an Coimisiún tacar beart chun seirbhísí airgeadais an Aontais a dhéanamh níos oiriúnaí don digitiú agus chun nuálaíocht agus iomaíocht fhreagrach a spreagadh i measc soláthraithe seirbhísí airgeadais san Aontas. Bhí straitéis maidir le híocaíochtaí miondíola agus tograí reachtacha maidir le criptea-shócmhainní agus athléimneacht oibríochtúil dhigiteach san áireamh leis sin. Is é is aidhm do na bearta sin borradh a chur faoi iomaíochas an Aontais san earnáil airgeadais agus rochtain a thabhairt do dhaoine ar tháirgí nuálacha airgeadais agus ar mhodhanna íocaíochta, agus cosaint tomhaltóirí agus cobhsaíocht airgeadais a chinntiú ag an am céanna. Ag teacht le Straitéis Sonraí níos leithne an Choimisiúin, agus leis an úsáid a bhaintear as feidhmchláir bhlocshlabhra iontaofa le haghaidh na seirbhísí poiblí, is é is aidhm do na bearta sin comhroinnt sonraí agus an t-airgeadas oscailte a chur chun cinn agus caighdeáin an-ard an Aontais maidir leis an bpríobháideachas agus le cosaint sonraí á gcoinneáil ag an am céanna. Beidh na bearta ríthábhachtach do théarnamh geilleagrach an Aontais, toisc go gcuirfidh siad bealaí nua maoinithe ar fáil do ghnólachtaí agus, ag an am céanna, beidh siad ina gcabhair chun an Comhaontú Glas don Eoraip, aistriú digiteach na hEorpa agus an Straitéis Tionsclaíoch nua don Eoraip a chur i gcrích.

Beirt faoi scáth fearthainne a bhfuil bratach an Aontais Eorpaigh air.

Cosaint na ndaoine, cosaint a gcuid saoirsí

Baineadh suaitheadh mór as geilleagar an Aontais de dheasca phaindéim COVID-19. An bhochtaineacht, an t-eisiamh sóisialta agus neamhionannais a dhul i ndéine, sin é an toradh is dócha a bheidh uirthi sin. An tionchar a bhí ag an bpaindéim ar dhaoine go sóisialta, tá sé ag dul i bhfeidhm ar na milliúin san Aontas. Na bearta a rinne an tAontas in 2020, is iad ba thoradh ar chinnteoireacht arb iad na saoránaigh ba chroílár di, agus féachadh chuige go mbeadh téarnamh cuimsitheach cothrom ann do chách, téarnamh ina mbeadh tús áite ag an tsláinte agus an tslándáil. Is iomaí tionscnamh nua a sheol an tAontas le linn na bliana, agus i measc na réimsí lena mbaineann siad, tá an cúram sláinte, an t-imeascadh sóisialta agus an comhrac i gcoinne bagairtí ar an tslándáil.

Aontas Sláinte na hEorpa a thabhairt chun cinn

Is faoi na Ballstáit a mbeartas sláinte féin a shainiú; níl ag an Aontas ach ról tacaíochta, ról a bhaineann le sláinte an phobail a fheabhsú, le dul i ngleic le galair nach bhfuil tógálach, an ailse mar shampla, agus le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte a chomhrac. Léirigh paindéim COVID-19 áfach gur gá cur leis an gcomhordú AE ag na céimeanna éagsúla den ghéarchéim sláinte – i dtús ama, i rith an ama, agus i ndeireadh ama. Gan comhordú ar an gcur chuige, ní fhéadfaidh na Ballstáit an leibhéal cosanta agus cúraim is fearr a thabhairt dá gcuid saoránach nuair atá géarchéim ann.

Léaráid ina ndéantar achoimre ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim Covid‑19.

Ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim Covid‑19, dlús a chur lenár gcomhar agus struchtúir láidre a chruthú ar leibhéal an Aontais, measúnuithe riosca comhchoiteanna a dhéanamh agus oibriú i gcomhar le chéile ar shonraí a chomhthiomsú chun tuilleadh eolais agus acmhainní níos fearr a chur ar fáil maidir le hobair ullmhachta agus freagartha a phleanáil.

Aontas Sláinte na hEorpa a bheith níos láidre, sin tosaíocht a bheidh ann sna blianta atá romhainn, rud a d’fhógair an tUachtarán von der Leyen san aitheasc ar Staid an Aontais Eorpaigh a thug sí i mí Mheán Fómhair. Déanfaidh sin neartú ar ár bhfreagairt ar ghéarchéimeanna, agus ar gach gné de shláinte na saoránach, mar rachaidh an tAontas Sláinte i ngleic leis an ailse trí Phlean na hEorpa chun an Ailse a Chomhrac (le glacadh in 2021), agus déanfaidh sé cúram tríd an Straitéis Chógaisíochta de sholáthar na gcógas agus praghas réasúnta a bheith orthu le ceannach. Aontas Sláinte Eorpach níos láidre a thabhairt ar an bhfód, sin an bealach ab éifeachtaí le leochaileacht ár gcóras sláinte a leigheas.

Ullmhú agus freagairt d’éigeandálaí sláinte

Is i mí na Samhna a glacadh an chéad chéim i dtreo Aontas Sláinte na hEorpa, tráth a chuir an Coimisiún Eorpach tograí i láthair chun cabhrú leis an Aontas ullmhú agus freagairt níos fearr do bhagairtí trasteorann ar an tsláinte. Lá is faide anonn, tharlódh gurb é toradh a bheadh ar éigeandáil a fhógairt ar leibhéal an Aontais go gcuirfí bearta freagartha dlúthchomhordaithe á ndéanamh. Ní feabhas ullmhachta go feabhas faisnéise, go hacmhainní dea-phleanáilte agus go saineolas – sin é an fáth ar mhol an Coimisiún ról níos tábhachtaí a cheapadh do ghníomhaireachtaí sláinte an Aontais: an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún freisin gníomhaireacht thiomnaithe a chur ar bun chun freagairt a thabhairt ar éigeandálaí bithleighis: an tÚdarás um an bhFreagairt don Éigeandáil Sláinte.

An easpa rochtana ar shonraí, agus teorainn leis an acmhainn a bhí ann chun freagairt go sásúil do ráigeanna mórscála, chuir na nithe sin bac ar an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú le linn na paindéime seo. Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach níos láidre, sin í ab fhearr ab fhéidir léi soláthar na gcógas a chinntiú, comhairle a thabhairt maidir le cóireálacha atá ag teacht chun cinn, agus trialacha cliniciúla a chomhordú le linn géarchéime sláinte.

Straitéis Chógaisíochta don Eoraip

Ghlac an Coimisiún a Straitéis Chógaisíochta don Eoraip an 25 Samhain, straitéis atá ann lena chinntiú go mbeidh rochtain ag othair ar chógais nuálacha inacmhainne, agus chun tacú san am céanna le hiomaíochas, le nuálaíocht agus le hinbhuanaitheacht thionscal cógaisíochta an Aontais. Fágfaidh an straitéis sin go mbeidh an tAontas in ann freastal ar a chuid riachtanas cógaisíochta, fiú in aimsir na géarchéime, mar gheall ar shlabhraí daingne soláthair. Is cuid ríthábhachtach d’Aontas Sláinte na hEorpa atá sa straitéis, agus cuideoidh sí freisin le córas cógaisíochta AE a chur ar bun a sheasfaidh an aimsir, córas a bheith buan i mbéal na géarchéime, de bharr gach atá foghlamtha againn ó phaindéim COVID-19 ar rud amháin.

Léaráid ina ndéantar cur síos ar staid reatha thionscal na cógaisíochta san Eoraip in 2020.

An cás ina bhfuilimid: breis agus 15 mhilliún duine a tholg Covid‑19 san Eoraip; tá méadú ag teacht ar bhuiséid chógaisíochta, arbh fhiú idir 20% agus 30% de chaiteachas na n‑ospidéal iad mar a bhí; ní i gcónaí a bhíonn cógais le fáil ná a bhíonn siad ar phraghas réasúnta; áirítear ar na riachtanais atá ann nár comhlíonadh fós frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach (atá freagrach as thart ar 33,000 bás in aghaidh na bliana) agus 95% de ghalair neamhchoitianta gan rogha cóireála.

Léaráid ina ndéantar cur síos ar chumhacht na straitéise cógaisíochta thar saolré cógais ó thús deireadh.

Leis an straitéis cumhdaítear saolré chógais ó thús deireadh: 1. taighde agus nuálaíocht; 2. údarú, measúnú ar theicneolaíochtaí sláinte agus cur ar an margadh; 3. soláthairtí den chógas a áirithiú; agus 4. seachadadh chuig othair.

Ár ndaonlathas a neartú

I ndaonlathas atá folláin agus faoi bhláth, is féidir le saoránaigh a gcuid tuairimí a chur in iúl gan srian, a gceannairí polaitiúla a roghnú agus tionchar a imirt ar a dtodhchaí féin. Ionas gur féidir le rannpháirtíocht na saoránach a bheith fiúntach, ní mór do shaoránaigh a bheith in ann a mbreithiúnas féin a dhéanamh. Ba cheart dóibh a bheith in ann roghanna toghcháin a dhéanamh i dtimpeallacht phoiblí inar féidir an t-iolrachas tuairimí a nochtadh go hoscailte, timpeallacht inar féidir leis na meáin shaora, lucht léinn agus an tsochaí shibhialta páirt a ghlacadh i spreagadh díospóireachta atá saor ó chur isteach mailíseach ón mbaile nó ón gcoigríoch. An daonlathas atá ann san Aontas, is léir le blianta beaga anuas go bhfuiltear ag tabhairt a dhúshláin ar bhealaí éagsúla – tá méadú ag teacht ar an antoisceacht agus an cur isteach ar thoghcháin, tá eolas ionramhálach á scaipeadh, agus rinneadh bagairtí ar iriseoirí.

Leis an bPlean Gníomhaíochta um Dhaonlathas Eorpach, tabharfar cumhacht do shaoránaigh agus neartófar an daonlathas ar fud an Aontais. Is freagra atá sa phlean sin ar na dúshláin atá ann ó thaobh ár gcóras daonlathach de agus ar an deighilt a mheastar a bheith idir polaiteoirí agus an pobal – leagtar bearta amach ann chun toghcháin shaora chothroma a chur chun cinn, chun treisiú le saoirse na meán, agus chun cur in aghaidh na bréagaisnéise. Cabhróidh na bearta céanna le dul i ngleic leis na réimsí is mó baol dár gcórais dhaonlathacha agus dár gcuid saoránach.

Go praiticiúil, fógraítear tograí reachtacha nua sa phlean chun trédhearcacht níos fearr a chinntiú maidir leis an bhfógraíocht pholaitiúil agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha i ndáil le maoiniú na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha, nithe a chabhróidh le hionracas na dtoghchán a chosaint agus leis an rannpháirtíocht dhaonlathach a chur chun cinn. Ina theannta sin, cuirfidh an Coimisiún sásra comhpháirteach ar bun chun cur i gcoinne bagairtí ar na próisis toghcháin, rud a dhéanfaidh sé tríd an líonra Eorpach um chomhar maidir le Toghcháin.

Maidir le saoirse agus iolrachas na meán, eiseoidh an Coimisiún moladh maidir le cur le sábháilteacht iriseoirí, idir an tsábháilteacht ar líne agus an tsábháilteacht fhisiceach, agus béim sa mholadh sin ar bhagairtí nua, bagairtí in aghaidh iriseoirí ban go háirithe. Ina theannta sin, cuirfidh sé tionscnamh i láthair chun iriseoirí agus an tsochaí shibhialta a chosaint ar chásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí.

Tá bearta eile ann freisin maidir le hiolrachas na meán a chur chun cinn, ina measc Monatóir ar Úinéireacht na Meán a chur ar bun, treoir maidir le trédhearcacht úinéireacht na meán, leithdháileadh trédhearcach cothrom a chur chun cinn maidir le fógraíocht stáit, éagsúlacht na meán a chothú, agus cur chuige Eorpach a chur chun feidhme maidir le tús áite a thabhairt do sheirbhísí meán closamhairc ar den leas ginearálta iad. Tacóidh an Coimisiún le comhar idir na dreamanna seo a leanas – comhairlí náisiúnta na meán, rialtóirí neamhspleácha ar na meáin, comhlachtaí féinrialála eile de chuid na meán agus líonraí iriseoirí – agus tacóidh sé freisin le tionscnaimh chun comhpháirtíochtaí agus caighdeáin iriseoireachta a chur chun cinn.

Ar deireadh, cuirfidh an Coimisiún dlús lena chuid iarrachtaí an bhréagaisnéis agus an cur isteach ón gcoigríoch a chomhrac. Leanfaidh obair an Aontais sa réimse sin de bheith fréamhaithe go daingean i luachanna agus i bprionsabail na hEorpa, agus cosnóidh sé go hiomlán ceart na ndaoine tuairimí a chur in iúl agus rochtain a fháil ar ábhar dlí ar líne. Go praiticiúil, stiúrfaidh an Coimisiún an obair chun treisiú leis an gCód Cleachtais maidir le bréagaisnéis atá ann cheana. Eiseoidh sé treoir shoiléir d’ardáin maidir le tuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh in aghaidh na bréagaisnéise agus tabharfaidh sé creat láidir isteach maidir leis an monatóireacht agus an mhaoirseacht. Ina theannta sin, oibreoidh an Coimisiún i gcomhar leis na Ballstáit chun uirlisí an Aontais a fhorbairt agus a neartú maidir leis an tionchar eachtrach agus an cur isteach ón gcoigríoch a chomhrac.

Rannpháirtíocht na saoránach agus sochaí shibhialta ghníomhach, is ar na nithe sin a bhraitheann daonlathas folláin, agus ní in aimsir na dtoghchán amháin a bhíonn gá leo. Sa phlean gníomhaíochta, ó thús deireadh, leagtar béim láidir ar chumhacht a thabhairt do shaoránaigh agus don tsochaí shibhialta. Is iad na bealaí is mó a bhfuiltear ag féachaint le tabhairt faoin gcumhachtú sin an litearthacht sna meáin a fhorbairt chun cabhrú le saoránaigh idir óg is aosta cúrsaí nuachta a thuiscint, agus rannpháirtíocht a spreagadh ar an leibhéal áitiúil, an leibhéal náisiúnta agus leibhéal an Aontais.

Seoladh an Fhaireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha i mí an Mheithimh chun tacú leis an obair a dhéanann seiceálaithe neamhspleácha fíricí agus taighdeoirí acadúla, agus chun comhoibriú le heagraíochtaí meán agus le saineolaithe ar an litearthacht sna meáin ag an am céanna. Is é an aidhm atá ann go mbeidh an fhaireachlann ar an gcéad mhol Eorpach chun an bhréagaisnéis ar líne a chomhrac.

Seat gar-amhairc de réaltaí gorma agus buí scaipthe ar bhosa beirte.

An smacht reachta a choimirciú

I mí Mheán Fómhair, d’fhoilsigh an Coimisiún a chéad tuarascáil bhliantúil maidir leis an smacht reachta. Tá caibidil thírshonrach ann maidir le gach Ballstát, agus déanann sé forbairtí idir dhearfach agus diúltach ar fud an Aontais a mheas. Léiríonn sé go bhfuil ardchaighdeán ann i lear mór Ballstát maidir leis an smacht reachta, ach go bhfuil dúshláin thábhachtacha fós le sárú mar sin féin. Cuirtear san áireamh sa tuarascáil freisin na forbairtí a eascraíonn as na bearta éigeandála a rinne na Ballstáit de bharr ghéarchéim an choróinvíris. Cuimsíonn an tuarascáil ceithre phríomhréimse a bhfuil tionchar láidir acu ar an smacht reachta: córais náisiúnta dlí; creataí frithéillithe; saoirse agus iolrachas na meán; agus saincheisteanna institiúideacha eile a bhaineann leis na srianta agus na ceartúcháin ar cuid ríthábhachtach iad de dhaonlathas feidhmiúil.

Is é is aidhm don Tuarascáil nua maidir leis an Smacht Reachta na bearta de chuid an Aontais atá ann cheana a leathnú trí uirlis choisctheach nua a thabhairt isteach, agus tús a chur le díospóireacht ar fud an Aontais maidir leis an gcultúr atá ann i ndáil leis an smacht reachta. Ba cheart go gcabhródh sé leis na Ballstáit ar fad scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir aghaidh ar thabhairt ar dhúshláin agus ar conas is féidir leo foghlaim ó thaithí a chéile, agus ba cheart go dtaispeánfadh sé conas is féidir an smacht reachta a neartú tuilleadh ar bhealach a thabharfaidh lánurraim do chórais agus traidisiúin bhunreachtúla náisiúnta.

In Eanáir 2020, agus cás ar feitheamh a bhain leis an réimeas araíonachta do bhreithimh na Polainne, d’iarr an Coimisiún ar an gCúirt Bhreithiúnais bearta idirlinne a fhorchur ar an bPolainn. Gníomhaíocht Dhlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí in imeachtaí araíonachta in aghaidh breithúna, d’ordaigh an Coimisiún don Chúirt Bhreithiúnais an ghníomhaíocht sin a chur ar fionraí. Rinneadh an cinneadh sin i bhfianaise réamhrialú na Cúirte Breithiúnais dar dáta an 19 Samhain 2019 maidir le neamhspleáchas an Dlísheomra Araíonachta nua, agus i bhfianaise an rialaithe a rinne Cúirt Uachtarach na Polainne ina dhiaidh sin, i Nollaig 2019, nach gcomhlíonann an Dlísheomra céanna ceanglais dhlí an Aontais maidir leis an neamhspleáchas breithiúnach, agus dá bhrí sin nach cúirt neamhspleách atá inti de réir bhrí dhlí an Aontais. Dá leanfadh an Dlísheomra Araíonachta dá chuid gníomhaíochta in imeachtaí in aghaidh breithiúna, bheadh an baol ann go ndéanfaí díobháil dholeasaithe do bhreithiúna na Polainne agus go mbainfí an bonn de neamhspleáchas bhreithiúnacht na Polainne. Rinne an Chúirt iarraidh an Choimisiúin a dheonú ina cinneadh dar dáta an 8 Aibreán 2020.

Trí litir fógra fhoirmiúil a sheoladh in Aibreán, sheol an Coimisiún imeachtaí um shárú in aghaidh na Polainne maidir leis an dlí i ndáil leis an mbreithiúnacht dar dáta an 20 Nollaig 2019, dlí a tháinig i bhfeidhm an 14 Feabhra 2020. Mheas an Coimisiún go mbaineann an dlí sin an bonn de neamhspleáchas bhreithiúna na Polainne agus go bhfuil sé ag teacht salach ar thosaíocht dhlí an Aontais. Forálacha áirithe de dhlí an Aontais is cosaint don neamhspleáchas breithiúnach, cuireann an dlí nua bac ar chúirteanna na Polainne na forálacha sin a chur i bhfeidhm go díreach, agus réamhrialuithe maidir le ceisteanna den sórt sin a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais. Rinne an Coimisiún anailís ar an bhfreagra a thug rialtas na Polainne ar an litir fógra fhoirmiúil, agus ó tharla nár tugadh aghaidh sa fhreagra sin ar na hábhair a bhí ag déanamh imní dó, chuaigh an Coimisiún ar aghaidh chuig an dara céim sna himeachtaí um shárú, agus sheol sé tuairim réasúnaithe chuig an bPolainn an 30 Deireadh Fómhair 2020.

Lena chois sin, sheol an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil eile chuig an bPolainn mar chuid den nós imeachta um shárú an 3 Nollaig 2020, litir a bhain, inter alia, le cinntí a rinne Dlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí go gairid roimhe sin maidir le díolúine breitheamh a chur ar ceal i gcás imscrúduithe coiriúla.

Teagmháil a dhéanamh leis na saoránaigh

I mí na Nollag, d’aontaigh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Clár Trédhearcachta treisithe, clár a mbeidh na trí institiúid comhpháirteach ann. An idirghníomhaíocht a dhéanann institiúidí an Aontais le hionadaithe grúpaí sainleasa, is trédhearcaí a bheidh sí de bharr an chláir sin, agus is déine a bheidh an grinnscrúdú poiblí uirthi.

An Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa

Is ar thacaíocht agus rannpháirtíocht na saoránach a bhraitheann rath agus teacht aniar an Aontais. Ceann de na tosaíochtaí polaitiúla atá ag an Uachtarán von der Leyen is ea ligean do mhuintir na hEorpa tionchar níos mó a imirt ar mhúnlú thodhchaí an Aontais. In 2020, bhí an tAontas ag ullmhú chun an Chomhdháil maidir le Todhchaí na hEorpa a sheoladh, rud atá sé a dhéanamh ar mhaithe le dul i dteagmháil leis na saoránaigh maidir le beartais an Aontais a mhúnlú. Is i mí Eanáir a leag an Coimisiún a chuid moltaí amach, agus leanadh den ullmhúchán i rith na bliana.

Cuirfidh an chomhdháil ar a gcumas d’Eorpaigh den uile chineál cúlra agus as gach cearn den Aontas a gcuid tuairimí a chur in iúl agus moltaí a dhéanamh faoi thodhchaí na hEorpa. Is é is aidhm don chomhdháil teagmháil a dhéanamh lena oiread daoine san Eoraip agus is féidir, go mór mór le daoine óga agus leo sin nach gcuireann suim i gcúrsaí na hEorpa go hiondúil. Beidh díospóireachtaí ar siúl ar gach leibhéal: an leibhéal áitiúil, an leibhéal réigiúnach, an leibhéal náisiúnta agus leibhéal an Aontais. Tá an tUachtarán von der Leyen tiomanta d’obair leantach a dhéanamh ar an méid a aontófar.

Físeán de shaoránaigh ag cur ceisteanna ar Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus a freagra orthu.
FÍSEÁN: Le “Ceist a chur ar an Uachtarán” tugtar na saoránaigh níos gaire ná riamh don Aontas Eorpach: is féidir le haon duine físeán gearr a thaifeadadh feasta le ceist a chur, agus beidh an seans ann freagra a fháil ón Uachtarán von der Leyen í féin.

An Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

I mí Iúil, rinne an Pharlaimint agus an Chomhairle bearta chun aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí phaindéim COVID-19 ar an gcaoi a n-oibríonn an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Le srianta ar ghluaiseacht a cuireadh i bhfeidhm sna Ballstáit ar chúiseanna sláinte, cuireadh bac ar chumas lucht eagraithe tionscnamh imeachtaí feachtais a reáchtáil agus sínithe a bhailiú ar pháipéar. Faoi na rialacha nua is féidir síneadh a chur le tréimhsí bailiúcháin na dtionscnamh ó na saoránaigh a bhfuil tionchar ag an bpaindéim orthu.

Margadh níos fearr do thomhaltóirí

Sa Chlár Oibre Nua do Thomhaltóirí a ghlac an Coimisiún i mí na Samhna, leagtar amach na gníomhaíochtaí a dhéanfaidh an tAontas mar fhreagairt ar na dúshláin nua is toradh ar COVID-19, ar an aistriú glas agus ar an aistriú digiteach, dúshláin ar nós ábhair imní ó thaobh an chomhshaoil agus na hinbhuanaitheachta, cur chun feidhme éifeachtach maidir le cearta, agus cosaint tomhaltóirí leochaileacha. Is é an toradh a bheidh ar na moltaí sin comhar níos dlúithe idir an tAontas agus údaráis náisiúnta a chur i bhfeidhm agus feabhas a theacht ar rialachas bheartas tomhaltóirí an Aontais. I mí na Samhna, ghlac an Pharlaimint agus an Chomhairle treoir lena gcruthófar córas Eorpach nua le haghaidh an chomhshásaimh, córas a fhágfaidh gur fusa d’eagraíochtaí comhleasanna tomhaltóirí a chosaint trí chaingne a thabhairt os comhair cúirteanna, nó trí oibriú leis na húdaráis lena mbaineann thar ceann tomhaltóirí a ndearnadh díobháil dóibh de bharr sáruithe ar dhlí an Aontais.

Feabhas a chur ar chustaim an Aontais

Léaráid ina léirítear príomhfhigiúirí custaim an Aontais.

Príomhfhíricí faoi chustam an Aontais. In 2019, b’ionann scair an Aontais den trádáil dhomhanda agus 15.3%, le hos cionn 850,000 dearbhuithe custaim á ndéanamh in aghaidh an lae. Déanann na 27 mBallstát earraí a onnmhairiú agus a allmhairiú gach mí ón gcuid eile den domhan agus chuig an gcuid eile den domhan ar luach thart ar 339 mbilliún euro. Mhol an Oifig Eorpach Frith‑Chalaoise os cionn 2.7 billiún euro de dhleachtanna custaim neamhíoctha a aisghabháil le haghaidh earraí faoi bhun a luacha agus 300 milliún euro i gcásanna dleachta frithdhumpála in earnálacha painéal gréine, bithdhíosail agus in earnálacha eile idir 2017 agus 2019. Urghabhadh thart ar 27 milliún airteagal a sháraigh cearta maoine intleachtúla in 2018, a bhfuil luach sráide de bheagnach 740 euro milliún euro acu.

Earraí a choinneáil ag gluaiseacht go réidh sábháilte, agus táirgí neamhshábháilte nó neamhdhleathach a stopadh ó theacht isteach san Aontas, tá ról lárnach ag custaim sa mhéid sin. Ina theannta sin, rannchuidíonn ioncaim chustaim le buiséad an Aontais. I mí Mheán Fómhair, chuir an Coimisiún Plean Gníomhaíochta nua don Aontas Custaim os comhair an tsaoil, plean ina leagtar amach sraith beart chun custaim an Aontais a dhéanamh níos cliste, níos nuálaí agus níos éifeachtúla. Is é is aidhm do na bearta sin cosaint níos fearr a thabhairt do shaoránaigh agus do bhuiséid phoiblí, agus ag an am céanna fáil réidh le hualaigh nach bhfuil gá leo ar ghnólachtaí, ar thrádálaithe agus ar údaráis riaracháin. I mí Dheireadh Fómhair, chuir an Coimisiún an chéad chuid den phlean gníomhaíochta a bhfeicfear toradh praiticiúil uirthi i láthair. Cuirfidh Timpeallacht na Fuinneoige Aonair feabhas ar an idirnasc idir na húdaráis ar fad ag teorainneacha an Aontais, agus fágfaidh sí go mbeidh gnólachtaí in ann na gnásanna foirmiúla a bhaineann leis an teorainn a chur i gcrích trí aon tairseach amháin i mBallstát.

Comhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann

I mí Mheán Fómhair, mhol an Coimisiún Comhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann. Freagraíonn an comhshocrú sin don ghá atá ann le hathchóiriú struchtúrach a dhéanamh ar bheartas imirce an Aontais, rud a dhéanann sé trína chinntiú go bhfuil sé d’acmhainn ag an mbeartas céanna aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá ann faoi láthair agus na dúshláin a bheidh ann amach anseo. Is le lánurraim do luachanna agus cearta bunúsacha na hEorpa a dhéanann sé amhlaidh. Na daoine sin a bhfuil fíorghá acu le cosaint, cinntíonn an comhshocrú go mbeidh an ceart acu sin fanacht, agus go gcaithfidh daoine eile filleadh ar bhealach éifeachtach measúil.

Cuimsítear sa chomhaontú nua na gnéithe go léir is gá chun go mbeidh cur chuige cuimsitheach ag an Aontas i leith na himirce, mar shampla nósanna imeachta níos éifeachtaí maidir le tearmann agus filleadh, bainistiú treisithe teorainneacha, bealaí imirce chuig an Aontas atá dleathach a neartú, lánpháirtiú imirceach sa tsochaí agus comhpháirtíochtaí níos láidre le tíortha nach bhfuil san Aontas. Ina theannta sin, feabhsóidh sé an dlúthpháirtíocht agus comhroinnt chothrom na freagrachta idir na Ballstáit, méadóidh sé an comhar agus an comhordú maidir le cuardach agus tarrtháil, agus cuirfidh sé dhá chóras ar bun – córas freagartha chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna, agus buanchóras monatóireachta imirce. Cinnteoidh an sásra dlúthpháirtíochta atá beartaithe go bhfaighidh na Ballstáit ar fad an chabhair atá de dhíth orthu nuair a bhíonn siad ag dul i ngleic le brú imirce, nó i ndiaidh oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála.

Rud eile is aidhm don chomhaontú is ea cur le comhpháirtíochtaí idir tíortha tionscnaimh agus tíortha idirthurais a théann chun tairbhe don dá thaobh. Is ar mhaithe le cuidiú aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna atáthar ag féachaint leis sin a dhéanamh, dúshláin ar nós tacú le pobail óstacha, dul i ngleic leis na bunchúiseanna atá leis an imirce neamhrialta, smuigleáil imirceach a chomhrac, tacú leis an mbainistiú teorainneacha agus bealaí dlíthiúla a fhorbairt.

Léaráid ar a liostaítear na buntáistí a bhaineann le nósanna imeachta maithe um bhainistiú imirce agus um thearmann.

Le nósanna imeachta comhtháite gasta, déanfar deimhin de fhreagrachtaí níos soiléire, a chuideoidh chun iontaoibh a chothú arís idir na Ballstáit. I measc na mbuntáistí eile a bhaineann le nósanna imeachta maithe um bhainistiú imirce agus um thearmann, tá cinnteacht agus cosaint d’imircigh agus do dhídeanaithe, feidhmiú éifeachtúil an chórais agus cur i bhfeidhm inchreidte na rialacha.

Ina theannta sin, chabhraigh sé le bainistiú teorainneacha an Aontais a threisiú, rud a rinne sé trí chur chun feidhme an Rialacháin maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach (EBCG) a fhorbairt. I measc na mbealaí a rinne sé sin, bhí buanchór an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh a ullmhú dá n-imlonnú an 1 Eanáir 2021, arb é sin an chéad imlonnú acu, agus timthriall an bheartais straitéisigh ilbhliantúil a ullmhú le haghaidh bainistiú teorannacha comhtháite Eorpach.

Tugann an comhaontú nua scagadh isteach ag teorainneacha seachtracha an Aontais agus laistigh de chríoch na mBallstát, scagadh ina ndéantar seiceálacha aitheantais, slándála agus sláinte ar dhaoine nach náisiúnaithe de chuid an Aontais Eorpaigh iad a thrasnaíonn na teorainneacha seachtracha go neamhrialta nó a iarrann cosaint idirnáisiúnta. Chun teorainneacha seachtracha láidre a chinntiú, forálann an comhshocrú freisin do chórais nua fheabhsaithe teicneolaíochta faisnéise a chur chun feidhme (agus le hidir-inoibritheacht na gcóras sin) chun taifead a choinneáil de na daoine atá ag teacht isteach agus de na hiarrthóirí tearmainn, agus chun an tslándáil a fheabhsú. Is tosaíocht i gcónaí é beatha daoine a shábháil ar muir: tugann an comhaontú aghaidh ar na dúshláin a bhaineann le cuardach agus tarrtháil a dhéanamh sa Mheánmhuir, go mór mór daoine a tarrtháiltear ar muir agus a thagann i dtír ar chríoch an Aontais, agus conas na daoine sin a bhainistiú.

Thionóil an Coimisiún Fóram Schengen den chéad uair riamh an 30 Samhain, tráth a bhuail Comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa agus airí gnóthaí baile le chéile d’fhíschomhdháil chun plé a dhéanamh ar conas dul i ngleic leis na dúshláin atá le sárú i limistéar Schengen.

Léaráid faoin gcur chuige Eorpach i leith cuardaigh agus tarrthála ar muir.

Cur chuige Eorpach i leith cuardaigh agus tarrthála ar muir. Is oibleagáid dhlíthiúil agus dualgas morálta an cuardach agus an tarrtháil. Ó bhí 2015 ann, tá tarrtháil déanta ag na Ballstáit agus oibríochtaí faoi stiúir Frontex ar 600,000 duine ar muir. Tá freagrachtaí ar na Ballstáit freisin i dtaobh cuardach agus tarrtháil leanúnach a dhéanann soithí príobháideacha. Is iad na Ballstáit atá cois cósta atá freagrach as cuardach agus tarrtháil, ach is é an tAontas trí chéile atá freagrach as bainistiú na himirce san Eoraip.

Daoine atá i ngátar a chosaint

Déanann an Comhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann roinnt moltaí chun a chinntiú go gcosnófar daoine atá i ngátar, na daoine is leochailí ar fad san áireamh. Is í an chéad chéim a bheidh ann glacadh le tograí na bliana 2016 ón gCoimisiún maidir leis an Treoir maidir le Coinníollacha Glactha, an Rialachán maidir le hAthlonnú agus an Rialachán Cáilitheachta a leasú. Cinntíonn sé freisin go dtugtar tús áite do leas na n-inimirceach linbh i gcomhthéacs nósanna imeachta tearmainn, fillidh agus teorann. An chosaint nua atá ann faoin gcomhshocrú, rinneadh beart dá réir in 2020 nuair a athlonnaíodh 2 209 nduine ón nGréig chuig Ballstáit eile den Aontas. I measc na ndaoine sin bhí leanaí gan tionlacan, teaghlaigh, iarrthóirí tearmainn leochaileacha agus dídeanaithe aitheanta, agus is le tacaíocht an Choimisiúin Eorpaigh a athlonnaíodh iad.

Grúpa déagóirí agus leanaí, maisc orthu, iad ag croitheadh a lámh chun slán a fhágáil roimh dhul ar bord eitleáin.
Dídeanaithe leanaí gan tionlacan ag fágáil na Gréige chun tús a chur le saol sábháilte nua sa Ghearmáin. D’eagraigh agus mhaoinigh an Coimisiún athshocrú leanaí imirceacha atá sáinnithe agus gan tionlacan chuig Ballstáit eile den Aontas, an Aithin, an Ghréig, an 18 Aibreán 2020.

I ndiaidh na dtinte a scrios ionad fáiltithe agus aitheantais Moria i mí Mheán Fómhair, ghníomhaigh an Coimisiún láithreach. Mhaoinigh sé aistriú na 406 mhionaoiseach neamhthionlactha ó Mhoria go dtí an mhórthír, agus ag an am céanna lean sé de mhaoiniú agus comhordú athlonnuithe deonacha ón nGréig chuig 13 Bhallstát, an Íoslainn, an Iorua agus an Eilvéis. Ina theannta sin, rinne an Coimisiún, agus é i gcomhaontú iomlán le húdaráis na Gréige, tascfhórsa tiomnaithe a bhunú chun tacú le bainistiú na himirce sa Ghréig ar bhealach marthanach. Ba é an chéad tosaíocht a bhí aige treoirthionscadal comhpháirteach a chur chun feidhme i gcomhar le húdaráis na Gréige chun saoráid ghlactha nua a thógáil ar Lesbos, rud a chabhróidh le bainistiú éifeachtach imirce a chinntiú.

Charles Michel ag tabhairt preasráitis, iriseoirí thart timpeall air. © Nicolas Economou / NurPhoto / NurPhoto via AFP.
Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, ag labhairt le hiriseoirí le linn dó cuairt a thabhairt ar an gcampa dídeanaithe nua in Kara Tepe ar oileán Lesbos tar éis na tine sa champa in Moria, an Ghréig, an 15 Meán Fómhair 2020.
© Nicolas Economou / NurPhoto / NurPhoto via AFP.

Bealaí sábháilte dleathacha chun na hEorpa

An t-athchóiriú ar an Treoir maidir le Cárta Gorm AE atá go fóill gan chríochnú, leagann an comhaontú béim ar an ngá atá ann lena chur i gcrích ar mhaithe leis an tallann ardchumasach a theastaíonn i ngeilleagair an Aontais a mhealladh. Ina theannta sin, fógraíonn an comhaontú go nglacfar pacáiste scileanna agus tallainne in 2021. Rud eile atá beartaithe ag an gCoimisiún a dhéanamh is ea comhpháirtíochtaí tallainne a sheoladh chun tacú le scéimeanna soghluaisteachta agus imirce le tíortha nach bhfuil san Aontas. Déanfaidh an tAontas na comhpháirtíochtaí a éascú agus a chomhordú trí mhaoiniú agus tacaíocht a chur ar fáil.

Ceithre is tríocha mhilliún duine dá raibh ina gcónaí san Aontas in 2020 (is é sin 8 % den daonra), i dtír lasmuigh den Aontas a rugadh iad. Is dual do chóras folláin cothrom maidir le bainistiú imirce a chinntiú gur féidir le gach duine atá san Aontas go dleathach páirt a ghlacadh i bhfolláine, rath agus aontacht phobail na hEorpa, agus comaoin a chur ar na nithe sin. Cothaíonn córas den sórt sin an comhtháthú sóisialta agus an dinimiceas eacnamaíoch, agus tugann sé samplaí dearfacha de na bealaí ar féidir leis an Aontas tionchar na himirce agus na héagsúlachta a bhainistiú trí phobail oscailte a thógáil a bhfuil teacht aniar iontu.

Cé gur ar na Ballstáit go príomha atá cúram an bheartais lánpháirtithe, tá an Coimisiún ag cur leis an tacaíocht a thugann sé dóibh trí phlean gníomhaíochta nua maidir leis an lánpháirtiú agus an cuimsiú le haghaidh 2021-2027. Is ar chomhairliúchán leathan atá an plean sin bunaithe, agus tugann sé aghaidh ar an lánpháirtiú agus an cuimsiú sóisialta i réimsí ar nós na fostaíochta, an oideachais, na sláinte, na tithíochta, an chomhionannais, an chultúir agus an spóirt.

Léaráid a léiríonn comhpháirtíochtaí idir buanna le haghaidh imirceach agus dídeanaithe mar chonair shábháilte dhlíthiúil chuig an Aontas Eorpach.

Le comhpháirtíochtaí idir buanna, cuirtear deiseanna fostaíochta níos fearr ar fáil sa bhaile mar aon le bealaí dleathacha chuig an Aontas Eorpach. Sna comhpháirtíochtaí idir buanna, tacófar leis an imirce dhleathach le comhpháirtithe tábhachtacha agus cuirfear leis an gcomhar atá ann cheana. Cuirfidh siad scéimeanna soghluaisteachta oibre agus oiliúna ar fáil le maoiniú ón Aontas atá in oiriúint d’fholúntais agus riachtanais scileanna an Aontais. Mar chuid de scéim na gcomhpháirtíochtaí buanna, déanfar fothú acmhainneachta le haghaidh gairmoiliúint d’imircigh atá ag filleadh ar a dtír thionscnaimh agus chun cabhrú lena lánpháirtiú i gcomhar le haireachtaí, fostóirí agus comhpháirtithe sóisialta, oideachas agus an diaspóra.

Físeán de Suaad Alshleh ag labhairt faoina haistear mar dhídeanaí ón tSiria go dtí staidéar an leighis in Éirinn.
FÍSEÁN: Tá Suaad Alshleh ag staidéar i mBaile Átha Cliath, Éire, le bheith ina dochtúir. Ba dhídeanaí ón tSiria í.

Rialacha nua maidir le nósanna imeachta víosaí

Tá Ballstáit an Aontais ar chuid de na háiteanna is mó ar domhan a mbíonn turasóirí ag triall orthu. An líon iarratas ar víosaí a phróiseáiltear, téann sé i méid bliain i ndiaidh bliana, agus is é is dócha go leanfar den mhéadú sin nuair a chuirfear deireadh leis na srianta atá ann ar fud an domhain mar gheall ar COVID-19. Na rialacha nua maidir le víosaí gearrfhanachta a tháinig i bhfeidhm i mí Feabhra, fágann siad gur fusa do thaistealaithe dlisteanacha iarratas a dhéanamh ar víosa chun teacht chuig an Aontas Eorpach, agus ag an am céanna cuireann siad níos mó uirlisí ar fáil chun dul i ngleic leis an imirce neamhrialta. Ina theannta sin, is féidir leis an Aontas cur i bhfeidhm rialacha áirithe a chur in oiriúint anois don chaoi a gcomhoibríonn tír nach bhfuil san Aontas maidir le filleadh agus athligean isteach a cuid náisiúnach atá ag fanacht go neamhrialta san Aontas.

An tslándáil agus an chosaint

I mí Iúil, leag an Coimisiún amach straitéis nua maidir le hAontas Slándála an Aontais le haghaidh 2020-2025, straitéis a dhíríonn ar réimsí inar féidir leis an Aontas tacú ar bhealach níos éifeachtaí leis na Ballstáit chun an tslándáil a chothú ionas gur slán do gach duine atá ina chónaí san Aontas. Leagann an straitéis amach na huirlisí agus na bearta atá le forbairt sna cúig bliana atá romhainn chun an tslándáil a chinntiú do chách sa timpeallacht fhisiceach agus sa timpeallacht dhigiteach araon. Ar na nithe atá san áireamh faoi raon feidhme na straitéise tá an sceimhlitheoireacht agus an choireacht eagraithe a chomhrac, bagairtí hibrideacha a chosc agus a bhrath, cur le hathléimneacht an bhonneagair chriticiúil, an chibearshlándáil a chur chun cinn agus an taighde agus an nuálaíocht a chothú.

Físeán faoi straitéis nua an Aontais um an Aontas Slándála.
FÍSEÁN: Cuireann Aontas Slándála an Aontais Eorpaigh le slándáil gach duine san Eoraip.

An comhrac in aghaidh na coireachta eagraithe agus na coireachta trasteorann

In 2020, chuir an Coimisiún dlús leis an gcomhrac in aghaidh na coireachta eagraithe agus na gcoirpeach idirnáisiúnta, rud a rinne sé trí thionscnaimh a sheoladh i roinnt réimsí éagsúla. Le blianta beaga anuas is leitheadaí i bhfad, i ngach Ballstát, atá na tuairiscí ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne ná mar a bhíodh, rud a thugann le fios go bhfuil an fhadhb dulta in ainnise a thuilleadh fós mar gheall ar an bpaindéim. I mí Iúil, ghlac an Coimisiún Straitéis nua de chuid an Aontais le haghaidh comhrac níos éifeachtaí in aghaidh mí-úsáid ghnéasach leanaí. Díríonn an straitéis ar a chinntiú go bhfuil an creat dlíthiúil ceart i bhfeidhm, ar an bhfreagairt a neartú ó lucht forfheidhmithe an dlí, agus ar fhreagairt chomhordaithe a spreagadh maidir leis an mí-úsáid a chosc, le himscrúdúchán agus le cúnamh d’íospartaigh, freagairt ina mbeidh na gníomhaithe ábhartha ar fad páirteach. Ina theannta sin, i mí Mheán Fómhair mhol an Coimisiún reachtaíocht eatramhach chun a chinntiú go bhféadfaidh soláthraithe seirbhísí cumarsáide ar líne leanúint de bhearta deonacha a chur i bhfeidhm chun mí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne a bhrath agus a thuairisciú agus chun ábhar a bhaineann le mí-úsáid ghnéasach leanaí a bhaint.

Tá an tAontas ag comhordú gníomhaíochta chun dul i ngleic le gáinneáil ar airm thine le roinnt blianta anuas, ach tá bagairtí nua tagtha i gceist agus gá le gníomhaíochtaí nua dá réir. I mí Iúil, ghlac an Coimisiún Plean Gníomhaíochta nua de chuid an Aontais maidir le Gáinneáil ar Airm Thine le haghaidh 2020-2025, plean a dhíríonn ar an rochtain ar mhargadh dubh na n-arm tine a laghdú, agus ar fheabhas a chur ar an gcumas forfheidhmithe dlí agus ar an gcomhar idirnáisiúnta. An méadú atá tagtha ar an ngáinneáil ar dhrugaí agus ar úsáid drugaí aindleathacha san Eoraip, tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún dul i ngleic leis sin trí Chlár Oibre agus Plean Gníomhaíochta nua an Aontais maidir le Drugaí le haghaidh 2021-2025. Tugann sé faoi fhadhb na ndrugaí ar an leibhéal náisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, agus díríonn sé ar shlándáil níos fearr (i gcás gach gné den gháinneáil), cosc breise, rochtain níos fearr ar chóireáil, agus laghdú rioscaí agus díobhála.

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), chuir sí an Lárionad Eorpach in aghaidh na Coireachta Airgeadais agus Eacnamaíche ar bun i mí an Mheithimh, rud is freagra ar dhá ní – an méadú as cuimse atá tagtha ar an gcoireacht airgeadais agus eacnamaíoch agus an choireacht eagraithe mhórscála, agus iarrataí ó Bhallstáit ar thacaíocht oibríochtúil.

An sceimhlitheoireacht agus an radacú a chosc agus a chomhrac

Rinne an Coimisiún tionscnaimh éagsúla chun treisiú le cur chun feidhme chreat dlíthiúil an Aontais i réimse na frithsceimhlitheoireachta. I mí an Mheithimh, d’fhoilsigh an Coimisiún treoirlínte chun cabhrú le húdaráis náisiúnta, gnólachtaí agus margaí ar líne na rialacha maidir le ceimiceáin a d’fhéadfaí a mhí-úsáid chun pléascáin bhaile a mhonarú (réamhtheachtaithe pléascán), na rialacha sin a chur chun feidhme. Seoladh clár monatóireachta ar líne freisin chun tionchar na rialacha sin a rianú. I mí Mheán Fómhair, d’fhoilsigh an Coimisiún tuarascáil ina ndearnadh measúnú ar na bearta a rinne na Ballstáit chun rialacha an Aontais maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac a chomhlíonadh. Is iad na rialacha sin an phríomhionstraim ceartais choiriúil atá ar leibhéal an Aontais chun an sceimhlitheoireacht a chomhrac.

I mí na Nollag, mhol an Coimisiún Clár Oibre nua Frithsceimhlitheoireachta chun athléimneacht an Aontais in aghaidh na sceimhlitheoireachta a threisiú. Cuireann sé leis an obair a rinneadh le blianta beaga anuas agus cuimsíonn sé bearta a thacaíonn leis na Ballstáit maidir le bagairtí sceimhlitheoireachta a thuar agus a chosc, iad féin a chosaint ar na bagairtí sin, agus freagairt dóibh. Mhol an Coimisiún freisin sainordú Europol a neartú trí athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán Europol. Is é is aidhm don tionscnamh seo cur leis an tacaíocht a thugann Europol do na Ballstáit maidir leis an sceimhlitheoireacht agus an choireacht thromchúiseach a chomhrac, agus chuirfeadh sé an comhar agus comhroinnt faisnéise chun cinn.

Léaráid achomair ar ghníomhaíocht an Aontais chun dul i ngleic le bagairtí ar an tslándáil a bhíonn ag síorathrú.

Dul i ngleic le bagairtí a bhíonn ag síorathrú: tugann an tAontas uirlisí do na húdaráis náisiúnta um fhorfheidhmiú an dlí agus do na húdaráis bhreithiúnacha chun bagairtí nua a fhreagairt, an chibearchoireacht a chomhrac, cur in aghaidh ábhar mídhleathach ar líne agus bagairtí hibrideacha a chomhrac.

Tháinig deireadh leis an gcaibidlíocht i ndáil le Rialachán maidir le scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne a chosc, rud a chuirfidh deireadh go tapa le bolscaireacht sceimhlitheoireachta, ach a chinnteoidh an tsaoirse cainte agus tuilleadh trédhearcachta ag an am céanna. Saothrófar na cuspóirí sin le cabhair ón obair leanúnach atáthar a dhéanamh faoi Fhóram Idirlín an Aontais, fóram a dhéanann scaipeadh bolscaireachta sceimhlitheoireachta ar líne a chomhrac. Ina theannta sin, thug an Coimisiún tacaíocht níos spriocdhírithe do na Ballstáit agus dóibh siúd atá ar an gcéad líne tríd an Líonra um Fheasacht ar an Radacú, tacaíocht a bhaineann le réimsí tosaíochta a sainaithníodh roimhe seo.

An bonneagar criticiúil a chosaint

Bonneagar ríthábhachtach, idir fhisiceach agus digiteach, ar nós aerfort, stáisiún cumhachta, saoráidí leighis nó líonraí teileachumarsáide, is iomaí seirbhís riachtanach a chuireann sé ar fáil, agus bíonn daoine ag brath air dá bharr. Caithfidh an bonneagar sin a bheith athléimneach in aghaidh gach cineál riosca, cuma an riosca nádúrtha nó riosca de dhéantús an duine, an riosca mailíseach é nó riosca a tharlaíonn de thimpiste. I mí na Nollag, mhol an Coimisiún treoir nua maidir le hathléimneacht na n-eintiteas criticiúil is cloch bhoinn faoi sheirbhísí ríthábhachtacha in go leor earnálacha.

Sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta

Is é is aidhm do Phlean Gníomhaíochta nua an Choimisiúin maidir le Sciúradh Airgid agus Maoiniú Sceimhlitheoireachta aon lúb ar lár a dhúnadh agus deireadh a chur le haon fhabht atá ann i rialacha an Aontais maidir le dul i ngleic leis na bagairtí sin. Tá sé cholún ag an bplean gníomhaíochta, agus is chun comhrac an Aontais in aghaidh sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta ina iomláine a ceapadh gach ceann acu, sin agus chun ról an Aontais sa réimse céanna a neartú. Na sé cholún sin ach a gcur le chéile, is iad a chinnteoidh go mbeidh rialacha an Aontais níos comhchuibhithe, agus níos éifeachtaí dá réir. Déanfar maoirseacht níos fearr ar an gcaoi a gcuirtear na rialacha i bhfeidhm agus beidh comhordú níos fearr ann idir údaráis na mBallstát.

Léaráid faoi thimpeallacht slándála a bheidh slán san am atá le teacht.

Timpeallacht slándála a bheidh slán san am atá le teacht: Tacaíonn an tAontas le bonneagar criticiúil a chosaint ar réimse leathan bagairtí agus cuireann sé le seasmhacht an bhonneagair in aghaidh na mbagairtí sin. Na príomhréimsí a leagtar béim orthu is ea neartú na cibearshlándála agus cosaint na spásanna poiblí.

Léaráid achomair ar ghníomhaíochtaí an Aontais lena gcosnaítear muintir na hEorpa ar an sceimhlitheoireacht agus ar an gcoireacht eagraithe.

Muintir na hEorpa a chosaint ar an sceimhlitheoireacht agus ar an gcoireacht eagraithe. Tá dua agus dícheall le déanamh go leanúnach sa chomhrac in aghaidh na sceimhlitheoireachta: modhanna oibre a shéanadh ar na sceimhlitheoirí tríd an rochtain ar airm thine, airgeadas, pléascáin nó ceimiceáin a shrianadh; agus le bearta coisctheacha, tríd an gcomhrac in aghaidh an radacaithe a fheabhsú. Tá an tAontas ag tacú leis an gcomhrac in aghaidh na coireachta eagraithe sa seanreimsí agus i réimsí nua, cuir i gcás an gháinneáil ar dhrugaí, airm thine nó daoine; an choireacht eacnamaíoch; an t‑éilliú; agus an choireacht in aghaidh an chomhshaoil. Ar na tionscnaimh a ghlac an Coimisiún, tá Clár Oibre an Aontais maidir le Drugaí le haghaidh 2021 go dtí 2025 Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Gáinneáil ar Airm Thine le haghaidh 2020 go dtí 2025, an chéad tuarascáil uile-Aontais ar an smacht reachta, Clár Oibre an Aontais maidir le Frithsceimhlitheoireacht agus sainordú athbhreithnithe do Europol.

Tuarascáil ar dhul chun cinn san Aontas Slándála, an 9 Nollaig: achoimre ar na tionscnaimh go nuige seo.

An tionscal cosanta

Fágann ilroinnt an tionscail cosanta go bhfuil amhras ann maidir le cumas an Aontais an chéad ghlúin eile de chumais chriticiúla cosanta a fhorbairt. Laghdódh sé sin neamhspleáchas agus ceannasacht straitéiseach an Aontais maille lena chumas gníomhú mar sholáthraí slándála. Rinneadh an-chéim chun cinn maidir leis an ábhar sin in 2020, agus dhá chlár phíolótacha nuálacha de chuid an Aontais tagtha ar an bhfód – an Réamhbheart maidir le Taighde Cosanta, clár a bhfuil buiséad de EUR 90 milliún ag gabháil leis, agus an Clár Eorpach Forbartha Tionscal i réimse na Cosanta, clár a bhfuil buiséad de EUR 500 milliún ag gabháil leis. In imeacht na bliana, thug an réamhbheart EUR 23 mhilliún de mhaoiniú do 10 dtionscadal taighde i réimse na cosanta, agus dheonaigh an clár forbartha EUR 200 milliún do 16 thionscadal. Réitíonn na cláir an bealach do Chiste Eorpach Cosanta lánfheidhme, rud a chabhróidh, ó 2021 ar aghaidh, le bonn tionsclaíoch cosanta comhtháite a chruthú ar fud an Aontais.

Ag an am céanna, lean na Ballstáit agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí de bheith ag obair ar thionscnaimh chosanta a chur chun feidhme, an Buanchomhar Struchtúrtha maidir leis an gCosaint agus an tAthbhreithniú Comhordaithe Bliantúil ar an gCosaint ina measc. Chuir an Chomhairle de chúram ar an Ard-Ionadaí/Leas-Uachtarán, Josep Borrell, Compás Straitéiseach a fhorbairt chun cultúr coiteann Eorpach slándála agus cosanta a neartú agus treoshuíomhanna beartais a shainiú i réimsí an bhainistithe géarchéime, na hathléimneachta, na forbartha cumais agus na gcomhpháirtíochtaí.

Colláis de nótaí bainc euro éagsúla.

An geilleagar a neartú

Tréimhse dhúshlánach do gheilleagar an Aontais

An suaitheadh atá bainte ag paindéim an choróinvíris as geilleagar an domhain mhóir agus an Aontais, ní fhacthas a leithéid riamh cheana, agus is tromchúiseach ar fad iad a chuid impleachtaí eacnamaíocha agus sóisialta. De réir réamhaisnéis an fhómhair ón gCoimisiún, tuaradh gur crapadh 7.4 % a thiocfadh ar gheilleagar an Aontais in 2020, ach go mbeadh fás faoi arís ina dhiaidh sin, mar atá fás 4.1 % in 2021 agus fás 3 % in 2022. Cé go bhfuil geilleagair na mBallstát ar fad buailte ag an bpaindéim, imreofar tionchar eacnamaíoch níos láidre ar réigiúin áirithe thar a chéile, agus is mór an éagsúlacht a bheidh ann ó thaobh neart an téarnaimh.

An ráta dífhostaíochta san Aontas ina iomláine, 7.7 % a bheidh ann in 2020 san áit a raibh 6.7 % i gceist in 2019. Is iad is mó a bheidh thíos leis an méadú sin mná, daoine óga, oibrithe ar bheagán oiliúna agus daoine atá ag obair go sealadach. Is dócha go méadóidh ar an mbochtaineacht, an t-eisiamh sóisialta agus an neamhionannas, rud a fhágann go mbeidh sé fíorthábhachtach téarnamh ar bhealach uilechuimsitheach a bheidh cothrom ar chách.

Na dúshláin a d’eascair as an bpaindéim in 2020, ba léiriú eile fós iad ar an tábhacht a bhaineann le comhordú beartas eacnamaíoch san Aontas. Na beartais eacnamaíocha agus fostaíochta a threoróidh an tAontas agus na Ballstáit trí na dúshláin a bhaineann leis an téarnamh agus leis an aistriú glas agus an aistriú digiteach, is creat seanbhunaithe atá sa Seimeastar Eorpach chun na beartais sin a chomhordú. Dá bhrí sin, tá dlúthnasc idir an Seimeastar Eorpach agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta nua. An measúnú ar phleananna téarnaimh agus athléimneachta na mBallstát, déanfar é a sheiceáil i gcomparáid le moltaí tírshonracha a bhí ann roimhe seo mar is léiriú iad sin ar na príomhdhúshláin atá roimh gach Ballstát. Mar gheall ar an nasc sin, rinneadh amchlár an tSeimeastair Eorpaigh le haghaidh thimthriall 2020-2021 a oiriúnú go sealadach de réir sheoladh na saoráide nua.

Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, thosaigh an Coimisiún in 2020 ar iad a chomhtháthú sa Seimeastar Eorpach, rud is cuid dá straitéis chun díriú ar an inbhuanaitheacht iomaíoch agus ar gheilleagar a thógáil a fhóireann do dhaoine agus don phláinéad, i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip.

Fear i gculaith mháinliachta bhán, seomraí comhcheangailte réamhdhéanta le haghaidh scrúduithe leighis á mbrú anonn aige i gcarrchlós.
Ospidéal soghluaiste á chur ar bun, ar fréamhshamhail é arna mhaoiniú ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, chun cuidiú le hospidéil an réigiúin déileáil leis an líon méadaithe othar de dheasca an choróinvíris, Bayonne, an Fhrainc, an 9 Samhain 2020.

Sa chéad leath de 2020, rinne breis is EUR 23 bhilliún a infheistiú ar fud an Aontais faoi na ceithre chiste beartais chomhtháthaithe. Is ionann sin agus a rá gur tháinig méadú os cionn 5 % ar an infheistíocht chéanna ó bhí deireadh 2019 ann, d’ainneoin na héiginnteachta eacnamaíche a bhí ann i ngeall ar an bpaindéim. Tá feachtas mór athchlárúcháin ann faoin dá Thionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas, tionscnaimh a cuireadh ar bun sa Mhárta agus san Aibreán a bhuí le togra láithreach ón gCoimisiún agus le formheas tapa ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. B’fhéidir dá bhrí sin cistí a chur ar fáil agus a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí a bhain go sonrach leis an ngéarchéim i ngach Ballstát (féach “Freagairt chomhbheartaithe ar COVID 19” freisin).

Léaráid achomair ar réimse tionscadal tacaíochta a bhaineann leis an bpaindéim, tionscadail atá maoinithe faoin Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas agus faoin Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas Plus ar fud roinnt de na Ballstáit.

Leis an maoiniú a cuireadh ar fáil faoin Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas agus faoin Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas Plus, tacaíodh le trealamh leighis éigeandála a raibh géarghá leis a fháil agus cuidíodh le gnólachtaí fanacht i mbun gnó. Seo roinnt samplaí, ar deiseal. Cheannaigh an Pholainn 536 aerálaí agus 120 feithicil éigeandála. Cheannaigh an tSlóvaic 110 feithicil éigeandála breise. Tugadh 800 milliún euro don Rómáin chun tacú le caipiteal oibre fiontar beag agus mheánmhéide. Cheannaigh an Bhulgáir 317 n‑aerálaí agus breis agus 2 mhilliún masc aghaidhe. Tugadh 1.3 billiún euro don Ghréig chun tacú le caipiteal oibre fiontar beag agus meánmhéide. Thacaigh an Iodáil le 470 saotharlann agus mhaoinigh sí 2.5 milliún tástáil Sars Co V 2. Chruthaigh an Spáinn beagnach 3,800 spás leapa dianchúraim breise, fuair sí 1.8 billiún píosa de threalamh cosanta pearsanta agus cheannaigh sí 2,170 aerálaí. Thacaigh an Phortaingéil le táirgeadh gaireas leighis, tástálacha agus trealaimh chosanta phearsanta. Tugadh 320 milliún euro don Ungáir chun tacú le caipiteal oibre fiontar beag agus meánmhéide. Chuir an Fhrainc deontais agus ionstraimí airgeadais luach 223 mhilliún euro ar fáil do bhreis agus 3,200 fiontar beag agus meánmhéide. Cheannaigh Éire 65 mhilliún píosa de threalamh cosanta pearsanta le haghaidh oibrithe cúraim sláinte.

Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip

I mí an Mhárta, d’fhoilsigh an Coimisiún Straitéis nua Eorpach maidir le Tionsclaíocht ina leagtar amach conas na dálaí cearta a chruthú chun cabhrú le hearnáil na tionsclaíochta a bheith iomaíoch go domhanda go fóill agus a bheith ceannródaíoch ar an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach. Chuir an phaindéim dlús leis na treochtaí sin agus léirigh sí an tionchar is féidir a bheith ag spleáchais dhomhanda an Aontais ar an gcumas freagartha a bhíonn againn le linn géarchéime. Cabhróidh an straitéis le tacaíocht a thabhairt do théarnamh na hEorpa agus le hathléimneacht an gheilleagair a chinntiú.

Léaráid achomair ar thionchar na Straitéise Eorpaí nua maidir le Tionsclaíocht ar iomaíochas domhanda an Aontais agus ar an aistriú glas agus ar an aistriú digiteach.

Is é an Comhaontú Glas don Eoraip an straitéis nua fáis don Eoraip. An Eoraip an chéad mhór-roinn aeráidneodrach ar domhan faoi 2050, sin í an sprioc atá i gcroílár na straitéise. Tá na coinníollacha cearta ag teastáil chun gur féidir le fiontraithe a gcuid smaointí a thiontú ina dtáirgí agus seirbhísí agus chun gur féidir le gnólachtaí idir bheag agus mhór bláthú agus fás. Ní mór don Aontas tionchar, méid agus comhtháthú an Mhargaidh Aonair a shocrú chun go gcloisfear a ghuth sa domhan mór agus chun caighdeáin dhomhanda a leagan síos. I ngeall ar theicneolaíochtaí digiteacha, tá claochlú á dhéanamh ar an earnáil tionsclaíochta agus ar an gcaoi a ndéantar gnó. De thoradh na dteicneolaíochtaí sin, is féidir le gníomhaithe eacnamaíocha a bheith níos réamhghníomhaí agus scileanna nua a chur ar fáil dá gcuid oibrithe mar aon le tacaíocht a thabhairt do dhícharbónú an gheilleagair.

Ó bhí mí an Mhárta ann, tá roinnt moltaí déanta ag an gCoimisiún a bhaineann le cuspóirí na straitéise: Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach; Plean Gníomhaíochta maidir le hAmhábhair Chriticiúla; Straitéis Hidrigine an Aontais chun tacú le haistriú glan agus aistriú digiteach na tionsclaíochta (féach “Neodracht ó thaobh díobháil aeráide de a chruthú don Eoraip ionas go mbeidh sí oiriúnach don ré dhigiteach” freisin); agus Plean Gníomhaíochta um Maoin Intleachtúil chun tacú le ceannasacht theicneolaíoch agus athléimneacht thionsclaíoch an Aontais. Ag an am céanna, d’oibrigh an Coimisiún ar ról na n-éiceachóras tionsclaíoch a neartú trí anailís a dhéanamh ar a gcuid riachtanas infheistíochta. Chun a chinntiú gur féidir leis an Aontas cothrom na Féinne a ráthú sa Mhargadh Aonair, d’fhoilsigh an Coimisiún Páipéar Bán agus chuaigh sé i mbun comhairliúchán forleathan maidir leis na hiarmhairtí saobhacha a bhíonn ag fóirdheontais eachtracha agus conas dul i ngleic leo.

An Straitéis FBM a ghabhann leis an bpacáiste um an straitéis thionsclaíoch, is é is aidhm di an leas is mó is féidir a bhaint as na 25 mhilliún fiontar beag agus meánmhéide atá san Eoraip. Tionscnaimh ar nós comhairleoirí inbhuanaitheachta agus cur chuige infheistíochta Escalar, rud atá le suas le EUR 1.2 billiún d’infheistíochtaí caipitil fiontair agus cothromais phríobháidigh a thiomsú le haghaidh nuálaíochtaí ceannródaíocha, cabhróidh siad leis na gnólachtaí sin iad féin a oiriúnú agus páirt lárnach a ghlacadh san aistriú tionsclaíoch.

Ina theannta sin, braitheann aistriú tionsclaíoch na hEorpa ar Mhargadh Aonair atá comhtháite agus a fheidhmíonn mar is ceart. Chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní atá ann fós, mhol an Coimisiún gníomhaíochtaí chun rialacha atá ann cheana maidir leis an Margadh Aonair a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr. I measc na ngníomhaíochtaí sin bhí Tascfhórsa um Fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair a chur ar bun, rud atá tar éis páirt thábhachtach a ghlacadh maidir le haghaidh a thabhairt ar na srianta a bhaineann leis an bpaindéim. Na rialacha nua atá i bhfeidhm maidir le haitheantas comhpháirteach earraí, fágfaidh siad gur tapúla agus gur fusa a bheidh sé do chuideachtaí a gcuid táirgí a dhíol ar fud na hEorpa.

An beartas spáis

Teicneolaíochtaí, sonraí agus seirbhísí spáis, féadfaidh siad bonn tionsclaíoch an Aontais a neartú trí tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt táirgí agus seirbhísí nuálacha, lena n-áirítear forbairt teicneolaíochtaí nuálacha ceannródaíocha. Galileo, is é sin comhpháirt stiúrtha Chlár Spáis an Aontais Eorpaigh, d’éirigh leis-sean, cuir i gcás, a láithreacht sa mhargadh a neartú in 2020 trí dhul i dteagmháil le níos mó ná 1.7 billiún fón cliste atá cumasaithe do Galileo. Le Galileo, is cruinne agus is iontaofa an fhaisnéis suite a thabharfadh gléasanna iniompartha, go háirithe i gceantair uirbeacha.

I mí na Nollag 2020, tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú polaitiúil sealadach maidir le Rialachán Spás an Aontais, comhaontú a thugann gach cuid de Chlár Spáis an Aontais faoi aon scáth amháin, agus lena ngabhann buiséad de EUR 13 bhilliún (an ceann is mó riamh ar leibhéal an Aontais don spás). Rannpháirtíocht agus uaillmhianta an Aontais sa spás, tá siad ag dul i méid, agus is léiriú air sin atá sa rialachán nua. Ní le cláir shuaitheanta Copernicus agus Galileo amháin a bhaineann an rannpháirtíocht agus na huaillmhianta sin, ach le gníomhaíochtaí nua freisin, gníomhaíochtaí a thacaíonn leis an tslándáil spáis, an rochtain neamhspleách ar an spás agus an fhiontraíocht spáis. Ag an am céanna, lean an chaibidlíocht faoi chomhaontú comhpháirtíochta maidir le creat airgeadais idir an Coimisiún, an Ghníomhaireacht Eorpach Spáis agus an Ghníomhaireacht AE um Chlár Spáis a bheidh ann amach anseo. Sainíodh mar a leithdháilfear cúraimí éagsúla ar an dá ghníomhaireacht i gcomhréir leis an Rialachán Spáis.

Satailít atá ar fithis timpeall na cruinne, sliabhraon na nAindéas le feiceáil sa chúlra. © ESA/ATG medialab.
Lainseáladh satailít Domhanbhreathnóireachta Copernicus Sentinel-6 Michael Freilich an 21 Samhain 2020. Baineann sí leas as an teicneolaíocht airdemhéadrachta radair is déanaí chun sonraí a bhailiú maidir le topagrafaíocht na n-aigéan, rud lenar féidir an t-ardú ar leibhéil na farraige a thomhas. Dá bhrí sin, beidh na sonraí sin ó fhairtheoir Sentinel-6 ríthábhachtach le haghaidh eolaíocht na haeráide agus le haghaidh ceapadh beartas, agus chun daoine atá i mbaol a chosaint ón ardú ar leibhéil na farraige.
© ESA/ATG medialab.

An eitlíocht

I mí Mheán Fómhair, chuir an Coimisiún i láthair a chuid pleananna chun an t-aerspás Eorpach a nuachóiriú tríd an togra leasaithe maidir le hAerspás Eorpach Aonair 2+. Feabhas a chur ar éifeachtúlacht na bainistíochta aerthráchta, agus cabhrú ionas nach mbeidh oiread moilleanna ann agus gur lú an tionchar a bheidh ag eitiltí ar an gcomhshaol, sin é is aidhm don tionscnamh. Is cuid den aidhm chéanna ardleibhéal sábháilteachta a choinneáil ar bun, agus na costais a íocann úsáideoirí aerspáis a choinneáil faoi smacht.

Nuálaíocht agus taighde den chéad scoth

An teachtaireacht a d’eisigh an Coimisiún i mí Dheireadh Fómhair maidir leis an Limistéar Eorpach Taighde nua, leagann sí amach pleananna an Choimisiúin le haghaidh taighde agus nuálaíocht chun tacú le téarnamh an Aontais agus leis na haistrithe glasa agus digiteacha. Leagann an teachtaireacht amach na dálaí chun Limistéar Eorpach Taighde iomaíoch, oscailte atá dírithe ar thallann a chruthú. Na 14 ghníomhaíocht atá beartaithe, cabhróidh siad le tús áite a thabhairt d’infheistíochtaí áirithe thar a chéile, leis an rochtain ar an mbarrfheabhas a fheabhsú, leis na daoine is mó a bhfuil tallann acu a oiliúint agus a mhealladh, le smaointí nuálaíocha a thiontú ina dtáirgí agus ina seirbhísí nua, agus leis an eolaíocht a oscailt.

I Meitheamh 2020, chuir an Coimisiún Ciste na Comhairle Eorpaí Nuálaíochta ar bun chun infheistíochtaí cothromais dhírigh agus cuasachothromais a dhéanamh i gcaipiteal gnólachtaí nuathionscanta agus fiontar beag agus meánmhéide. Sin í an chéad uair a rinne an Coimisiún infheistíochtaí cothromais dhírigh den chineál sin i gcuideachtaí. 140 gnólacht in earnálacha éagsúla ina mbíonn an teicneolaíocht i gceist go láidir (réimse na sláinte, an réimse digiteach agus réimse an fhuinnimh san áireamh), réamhroghnaíodh iad le haghaidh infheistíochtaí cothromais dar luach EUR 600 milliún beagnach.

I mí an Mheithimh, d’fhógair an Coimisiún, an Banc Eorpach Infheistíochta agus Investitionsbank Berlin an chéad bhabhta maoinithe ó Chiste Maláire an Aontais Eorpaigh, ciste arb é is aidhm dó tacú le réitigh nuálacha inacmhainne chun maláire a chosc agus a chóireáil. Tacóidh EUR 70 milliún de mhaoiniú le tionscadail a bhfuil gealladh fúthu ó thaobh na heolaíochta de agus nach bhfuil á saothrú ag an tionscal cógaisíochta go fóill. InnovFin EU agus an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, dhá ní is tionscnaimh chomhpháirteacha de chuid an Choimisiúin agus an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta, tá a dtacaíocht sin ag an gciste.

Físeán a dhéanann cur síos ar an Limistéar Eorpach Taighde nua.
FÍSEÁN: An Limistéar Eorpach Taighde nua.

An tAontas Baincéireachta agus Aontas na Margaí Caipitil

Imríonn géarchéim an choróinvíris tionchar ar an iasachtú airgid agus ar ár gcuid margaí airgeadais freisin, agus is ar mhargaí caipitil a fheidhmíonn mar is ceart agus rochtain ar mhaoiniú a bhraitheann láidreacht an téarnaimh. I mí an Mheithimh, d’fhormheas an Pharlaimint an réiteach tapa ar an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil ar mhaithe le bainc a spreagadh chun iasachtaí a thabhairt do chuideachtaí agus do theaghlaigh, agus i mí Iúil d’fhógair an Coimisiún bearta chun é a dhéanamh níos éasca do mhargaí caipitil tacú le gnólachtaí an Aontais teacht slán ón ngéarchéim.

Chun tionchar na paindéime ar dhaoine agus ar ghnólachtaí a mhaolú tuilleadh, cruthaíodh liosta dea-chleachtas i mí Iúil tar éis dhá chruinniú a d’eagraigh an Coimisiún le hionadaithe tomhaltóirí agus gnólachtaí, le bainc Eorpacha, le hiasachtóirí eile agus leis an earnáil árachais. Leagtar amach sa liosta an chaoi ar féidir leis na gníomhaithe margaidh sin tacú le saoránaigh agus gnólachtaí le linn na géarchéime. Tá an plé mar chuid d’iarracht níos leithne ón gCoimisiún iasachtú a mhéadú.

I mí Mheán Fómhair, d’fhógair an Coimisiún plean gníomhaíochta nua chun Aontas Margaí Caipitil a chur i gcrích a fhóireann do dhaoine agus do ghnólachtaí. D’ainneoin gur tionscadal fadtéarmach é sin, is féidir le bearta gearrthéarmacha difear a dhéanamh – is é sin bearta ar nós ceanglais liostaithe a shimpliú d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, tacú le hinfheistíochtaí cothromais níos fadtéarmaí ó árachóirí agus bainc, na bainc a spreagadh chun úsáid bhreise a bhaint as urrúsú agus feabhas a chur ar an rochtain atá ag infheisteoirí ar fhaisnéis.

Tá dianbhrú airgeadais ar go leor teaghlach agus cuideachtaí mar gheall ar an bpaindéim. Dá bhrí sin, is príomhthosaíocht don Choimisiún é a chinntiú go leanfaidh saoránaigh agus gnólachtaí de chreidmheas ó na bainc a rochtain. Go déanach in 2020, mhol an Coimisiún Straitéis um Iasachtaí Neamhthuillmheacha lena bhféadfar cuidiú le méadú ar iasachtaí neamhthuillmheacha a chosc, ar nós an mhéadaithe a tharla tar éis na géarchéime airgeadais deiridh, agus a chinntiú go gcosnófar na hiasachtaithe. Is é is aidhm dó rannchuidiú le téarnamh mear agus inbhuanaithe don gheilleagar a luaithe a thiocfaidh deireadh leis an bpaindéim, agus cobhsaíocht na hearnála airgeadais Eorpaí agus cumas na mbanc iasachtaí a thabhairt don fhíorgheilleagar a chinntiú ag an am céanna.

Le glacadh an Rialacháin maidir le Tacsanomaíocht i ndáil le maoiniú inbhuanaithe in 2020, d’éirigh Aontas na Margaí Caipitil níos glaise agus tá sé ag cuidiú leis an Aontas a chuid spriocanna aeráide a bhaint amach trí bhorradh a chur faoi infheistíocht ón earnáil phríobháideach i dtionscadail ghlasa agus inbhuanaithe. (Féach “Neodracht ó thaobh díobháil aeráide de a chruthú don Eoraip ionas go mbeidh sí oiriúnach don ré dhigiteach” freisin.)

Cánachas agus custaim atá cóir, simplí agus nua-aimseartha

Tá an iomaíocht chóir ríthábhachtach chun ioncaim phoiblí a chosaint, chun cothrom na Féinne a chruthú agus chun an ceartas sóisialta a chinntiú. In 2020, sheol an Coimisiún a chuid oibre chun atheagar a chur ar an timpeallacht chánach san Eoraip ar mhaithe lena dhéanamh níos córa agus níos fabhraí don fhás. I mí Iúil, chuir sé pacáiste nua cánachais i láthair, pacáiste lena n-áirítear Plean Gníomhaíochta maidir le Cánachas Cóir agus Simplí chun an cánachas a dhéanamh níos éasca do cháiníocóirí macánta agus chun cúrsaí a dhéanamh níos deacra do chaimiléirí cánach. Tar éis togra ón gCoimisiún i mí Iúil, tháinig na Ballstáit ar chomhaontú i mí na Samhna faoi rialacha nua trédhearcachta cánach maidir leis na hardáin dhigiteacha. Ghlac an Chomhairle conclúidí maidir le hiomaíocht chóir chánach san Aontas agus níos faide i gcéin, rud a chomhfhreagair don teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Iúil.

Maidir le cúrsaí custaim, i mí Mheán Fómhair ghlac an Coimisiún Plean Gníomhaíochta nua don Aontas Custaim, plean ina leagtar sraith beart amach chun custaim an Aontais a dhéanamh níos cliste, níos nuálaí agus níos éifeachtúla. I mí Dheireadh Fómhair, ghlac an Coimisiún an tionscnamh le haghaidh Timpeallacht Fuinneoige Aonair AE maidir le Custam, rud is réiteach digiteach atá dírithe ar an todhchaí ionas gur tapúla agus gur éifeachtúla a bheidh roinnt sonraí leictreonacha idir údaráis rialtais éagsúla atá rannpháirteach in earraí a imréiteach ag an teorainn.

Iomaíocht chothrom

An straitéis thionsclaíoch, éiceolaíoch agus dhigiteach a bheidh ag an Aontas amach anseo, ní mór í a bhunú ar an iomaíocht chothrom. Cinntíonn an beartas iomaíochta cothrom iomaíochta a thugann dreasacht do ghnólachtaí infheistíocht, nuálaíocht agus fás a dhéanamh. Cuireann sé le hiomaíochas gheilleagar an Aontais agus iomaíochas cuideachtaí Eorpacha, agus cosnaíonn sé an rochtain atá ag cuideachtaí de chuid an Aontais ar ionchuir ardcháilíochta ar phraghsanna tarraingteacha, rud a chinntíonn go leanfaidh siad de bheith iomaíoch abhus agus ar fud an domhain. Rialacha fónta AE maidir leis an iomaíocht, cumasaíonn siad comhar ar son na hiomaíochta, tugann siad tacaíocht d’fhás agus d’fhorbairt cuideachtaí láidre, bídís ina gcuideachtaí móra nó ina FBManna, agus déanann siad glasú ár ngeilleagair a chumasú agus tacaíocht a thabhairt dó.

In 2020, lean an Coimisiún dá ghníomhaíocht forfheidhmithe maidir le rialú státchabhrach, rialú cumasc agus rialacha in aghaidh trustaí i ngach margadh, lena n-áirítear sna margaí bunúsacha digiteacha agus cógaisíochta, agus i margaí eile.

I mí an Mhárta, ghlac an Coimisiún Creat Sealadach Státchabhrach, rud a bhí tábhachtach i gcomhthéacs na freagartha eacnamaíche do COVID-19, chun é a chur ar chumas na mBallstát leas a bhaint as an tsolúbthacht iomlán a chuirtear ar fáil faoi rialacha an Aontais maidir le Státchabhair ar mhaithe le tacú le cuideachtaí atá thíos le hiarmhairtí nach bhfacthas a leithéid riamh. In imeacht na bliana, ghlac an Coimisiún beagnach 400 cinneadh lenar formheasadh 500 beart náisiúnta a d’fhógair na 27 mBallstát agus an Ríocht Aontaithe i gcomhthéacs ráig an choróinvíris.

Le blianta beaga anuas, is tapúla atá athruithe ag teacht ar an saol agus tá an domhain tar éis éirí níos digití agus níos idirnasctha. Sa chomhthéacs sin, lean an Coimisiún dá mhachnamh leanúnach ar an gcaoi a gcuirtear rialacha iomaíochta i bhfeidhm, agus ag an am céanna lean sé dá athbhreithniú ar rialacha iomaíochta i réimsí an rialaithe Státchabhrach, an rialaithe cumasc agus an chur in aghaidh trustaí, i gcomhréir le tosaíochtaí digiteacha agus glasa an Uachtaráin von der Leyen.

Ina theannta sin, ionas gur éifeachtúla mar a thabharfar aghaidh ar na fadhbanna a thagann chun cinn i margaí digiteacha ar minic cliseadh margaidh ag baint dóibh, chuir an Coimisiún Gníomh um Margaí Digiteacha agus Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha i láthair an 15 Nollaig. (Féach “Neodracht ó thaobh díobháil aeráide de a chruthú don Eoraip ionas go mbeidh sí oiriúnach don ré dhigiteach” le haghaidh tuilleadh eolais faoi na tionscnaimh sin.)

Beirt daoine fásta agus páiste ina suí ar tholg ag féachaint ar fhón cliste le chéile.

An Eoraip a thógáil ionas go mbeidh sí sóisialta agus cóir

An Eoraip a bheith sóisialta láidir don aistriú glas agus don aistriú digiteach

Léaráid sonraí maidir le dúshláin shóisialta.

Ní bhaineann ach 1 oibrí amháin as gach 25 oibrí ar bheagán oiliúna leas as foghlaim ar feadh an tsaoil. 14.1% a bhí sa bhearna phá idir na hinscní in 2018. Níl post ach ag 50% de na daoine faoi mhíchumas ar mian leo a bheith ag obair. Tá breis agus páiste amháin as gach cúigear i mbaol na bochtaineachta nó an eisiata shóisialta. Is féidir 40% de líon na gcásanna ailse a chosc. Tá an ráta dífhostaíochta i measc na hóige i réigiúin an Aontais idir 2.8% agus 64%.

Caithfidh an téarnamh eacnamaíoch ó phaindéim an choróinvíris a bheith cóir agus cuimsitheach, agus ag an am céanna ní mór dó shaoránaigh a ullmhú don aistriú glas agus don aistriú digiteach. Tabharfaidh an tAontas tús áite do ghné shóisialta na heacnamaíochta, go háirithe trí thacú leis na Ballstáit chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme. In 2020, sheol an Coimisiún Eorpach tionscnaimh ar mhaithe leis an Eoraip a bheith láidir sóisialta, agus an colún á úsáid mar bhunchloch fúithi. Iarradh ar na Ballstáit, ar na réigiúin agus ar chomhpháirtithe an Aontais Eorpaigh a dtuairim a chur in iúl maidir leis an mbealach ar féidir cuspóirí an cholúin a bhaint amach mar ullmhúchán le haghaidh plean gníomhaíochta nua in 2021.

Léaráid sonraí maidir le hoibrithe ar phá íosta a mbíonn sé deacair dóibh greim a choinneáil faoin bhfiacail.

Léiríonn an graf seo an céatadán d’oibrithe ar phá íosta a mbíonn sé deacair dóibh greim a choinneáil faoin bhfiacail. Bíonn sé an‑éasca do 2% díobh, bíonn sé éasca do 7% díobh agus bíonn sé réasúnta éasca 21% díobh. Bíonn deacrachtaí áirithe ag 39% díobh agus bíonn sé deacair 20% díobh. Ar deireadh, bíonn deacracht mhór ag a 11% díobh deireadh na míosa a bharraíocht. Is iomaí oibrí de na hoibrithe sin atá fostaithe in earnáil na talmhaíochta nó in earnáil na glantóireachta agus is mná iad an chuid is mó díobh - beagnach 60% ar fud an Aontais. Foinse: Ríomhanna Eurofound bunaithe ar EU–SILC 2018.

Ceann de phrionsabail an cholúin is ea a chinntiú go bhfaighidh gach aon oibrí san Aontas cosaint leordhóthanach óna chuid íosphá féin ionas go bhféadfaidh sé maireachtáil go caoithiúil, agus is tosaíocht é don Uachtarán von der Leyen. Is é sin an fáth ar mhol an Coimisiún, i mí Dheireadh Fómhair, feabhas a chur ar leordhóthanacht agus ar raon na cosanta a fhaightear ó íosphá san Eoraip. Tá sé d’aidhm ag an treoir atá beartaithe a chinntiú go gcosnófar gach oibrí san Aontas le híosphá leordhóthanach a chuirfidh ar a gcumas maireachtáil go cuibhiúil cibé áit a n-oibríonn siad. Cuireann sé cómhargáil chun cinn freisin maidir le socrú pá sna Ballstáit uile agus tá sé d’aidhm aige an neamhionannas pá agus bochtaineacht lucht oibre a laghdú agus éagsúlacht na gcomhthéacsanna agus na dtraidisiún náisiúnta a urramú san am céanna.

Scileanna na ndaoine a fhorbairt

Leis an gclaochlú glas agus an claochlú digiteach, tá athrú ag teacht ar an mbealach a n-oibrímid, a bhfoghlaimímid, a nglacaimid páirt sa tsochaí agus a gcaithimid an saol ó lá go lá. Ag an am céanna, bhí tionchar ollmhór ag an bpaindéim ar na milliúin daoine san Aontas a chaill a bpost nó a chaill cuid mhór dá n-ioncam. Ní féidir leis an Eoraip dul i ngleic leis na dúshláin sin agus na deiseanna sin a thapú ach amháin má fhorbraíonn a muintir féin na scileanna cearta.

Plean 5 bliana is ea an Clár Oibre Scileanna don Eoraip chun cabhrú le daoine aonair agus le gnólachtaí níos mó scileanna, agus scileanna níos fearr, a fhorbairt agus a úsáid. Is cuid den chlár oibre atá ann comhpháirtithe a shlógadh idir phoiblí agus phríobháideach le sraith cuspóirí uaillmhianacha i réimse na forbartha scileanna atá le baint amach faoi 2025.

Tá 12 ghníomhaíocht sa Chlár Oibre Scileanna agus iad bunaithe ar cheithre bhloc tógála: Comhshocrú do Scileanna chun comhghníomhaíocht a chur chun cinn chun an leas is fearr is féidir a bhaint as an infheistíocht i bhfeabhsú scileanna an lucht saothair; gníomhaíochtaí a chinntíonn go bhfuil na scileanna cearta ag daoine le haghaidh na bpost; uirlisí agus tionscnaimh chun tacú le daoine ina gconairí foghlama ar feadh an tsaoil; agus creat chun infheistíocht i scileanna a chur ar fáil.

Seoladh an clár an 1 Iúil 2020 agus tá gníomhaíocht ar bun cheana faoi sheacht gcinn den 12 thionscnamh shuaitheanta atá ann. Seolfar na cúig thionscnamh shuaitheanta eile in 2021.

Níos mó deiseanna a chruthú do dhaoine óga

Graf a léiríonn treochtaí dífhostaíochta i measc na hóige ó bhí 2008 ann.

Léiríonn an graf seo treocht na dífhostaíochta i measc na hóige san Aontas ó 2008 go dtí 2020. Tar éis fás seasmhach a chuaigh ó díreach faoi bhun 16% sin 2008 go dtí buaic 24.9% in 2013, tháinig laghdú tairiseach ar an dífhostaíocht i measc na hóige sular tharla méadú beag a shocraigh an ráta ag 17.7% i mí na Samhna 2020.

Is minic an tús deacair ag daoine óga i margadh an tsaothair, agus léiríodh an méid sin le linn na paindéime. Leis an bpacáiste Tacaíocht um Fhostaíocht don Aos Óg, a seoladh i mí Iúil, tá sé d’aidhm ag an Aontas tacú le daoine óga trí níos mó printíseachtaí a chur ar fáil agus a chinntiú go bhfaighidh gach duine óg faoi bhun 30 bliain d’aois tairiscint fostaíochta, oiliúna nó breisoideachais laistigh de 4 mhí tar éis a ndífhostaithe nó tar éis dóibh an t-oideachas a fhágáil. Tá sé d’aidhm ag an tionscnamh freisin gairmoideachas agus gairmoiliúint níos nua-aimseartha, níos tarraingtí agus níos oiriúnaí a bheith ann le haghaidh na ngeilleagar digiteach agus glas.

Moltar sa phacáiste Tacaíocht um Fhostaíocht don Aos Óg an Ráthaíocht don Aos Óg a threisiú freisin, chun cabhrú le tuilleadh daoine óga fós amach anseo. I mí na Samhna, ghlac an Chomhairle an togra ón gCoimisiún, togra ina bhfuil feabhsuithe ar nós an fhor-rochtain a leathnú chun go mbeidh daoine óga leochaileacha san áireamh agus an uasteorainn aoise a ardú go dtí 29. Dá bhrí sin, tá maoiniú ón Aontas ar fáil do na Ballstáit chun dlús a chur leis an tacaíocht a thugtar d’fhostaíocht an aosa óig, agus é mar aidhm fhoriomlán EUR 22 bhilliún a infheistiú trí NextGenerationEU agus trí bhuiséad 2021-2027.

Léaráid a léiríonn an chaoi a bhfuil an tAontas ag cabhrú leis na Ballstáit nasc a chruthú leis an bhfostaíocht don aos óg.

Tá an tAontas ag cabhrú leis na Ballstát aghaidh a thabhairt go díreach ar an dúshlán. Na deicheanna billiún euro atá ag cumhachtú an phlean téarnaimh don aos óg, caithfear iad ar an Nasc leis an bhFostaíocht, lena ndéantar an Ráthaíocht don Aos Óg a neartú, rud a dhéanfaidh beartas gairmoideachais agus gairmoiliúna an Aontais slán san am atá le teacht agus a chruthóidh spreagadh athnuaite le haghaidh printíseachtaí agus beartais bhreise eile chun tacú le deiseanna fostaíochta don aos óg. Tá na Ballstáit chun tosaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí a chabhraíonn le daoine óga sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma.

Nasc leis an bhfostaíocht don chéad ghlúin eile: an chaoi a bhfuil an tAontas ag cabhrú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt go díreach ar an dúshlán.

An Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach

Is ionann tuilleadh deiseanna do dhaoine óga freisin agus feabhas a chur ar cháilíocht, ar chuimsitheacht agus ar ghnéithe digiteacha agus glasa de chuid na gcóras oideachais. Mar gheall air sin, i mí Mheán Fómhair, d’fhoilsigh an Coimisiún teachtaireacht maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit. Léirítear sa teachtaireacht conas is féidir leis na Ballstáit, an tAontas a mhúnlú i dteannta a chéile ionas go mbeidh deis ag mic léinn agus múinteoirí foghlaim agus oibriú i ngach cearn den mhór-roinn, Aontas inar féidir le hinstitiúidí oideachais a bheith i bpáirt lena chéile gan bhac, san Eoraip agus níos faide i gcéin. D’fhonn an cuspóir sin a bhaint amach, tá spriocanna soiléire leagtha amach ag an Aontas Eorpach agus a chuid Ballstát, agus tacóidh NextGenerationEU agus an clár Erasmus+ leo.

Oideachas agus oiliúint dhigiteach

Bean ag obair ar ríomhaire deisce. © Technocité, 2020.
Is ionad é Technocité atá gar do chathair Mons sa Bheilg agus a chuidíonn le foghlaimeoirí fásta agus le cuardaitheoirí poist na scileanna a theastaíonn uathu chun oibriú i dtionscail dhigiteacha agus chruthaitheacha a fhorbairt. Le linn na chéad dianghlasála náisiúnta san earrach, bhí 2 020 institiúid oideachais ar fud na tíre dúnta ar feadh na míonna. I gcás Technocité, bhí rogha shoiléir os a chomhair amach: dul in oiriúint do na cúinsí nua nó an t-ionad a chur i mbaol a dhúnta. A bhuí le maoiniú ón Aontas dar luach EUR 3.3 milliún, bhí Technocité in ann modhanna oibre nua a cheapadh. Cuireadh gach rang ar fáil ar líne, rud a d’fhág go raibh na mic léinn in ann leanúint dá gcúrsaí go cianda.

De dheasca ghéarchéim an choróinvíris bhí an chianfhoghlaim lárnach sna cleachtais oideachais, rud a léiríonn go bhfuil géarghá le feabhas a chur ar an oideachas digiteach. Mar chuid dá chuid iarrachtaí an t-aistriú digiteach a chur chun cinn, ghlac an Coimisiún an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach i mí Mheán Fómhair, plean nua inar moladh tacar tionscnamh le haghaidh oideachas digiteach atá ar ardchaighdeán, plean cuimsitheach a mbeidh teacht air san Aontas. Iarrann sé go mbeidh comhar níos láidre ann idir na Ballstáit, agus idir na geallsealbhóirí, chun córais oideachais agus oiliúna a dhéanamh oiriúnach amach is amach don ré dhigiteach. Cruthóidh an Coimisiún Mol Eorpach um Oideachas Digiteach chun comhar a chothú idir réimsí beartas ábhartha, chun líonra de sheirbhísí comhairleacha náisiúnta a chruthú agus chun an t-idirphlé idir gníomhaithe poiblí agus gníomhaithe príobháideacha a neartú.

Dlús a chur le gníomhaíocht ar mhaithe le hAontas an Chomhionannais

Is daingean an gníomh atá an tAontas a dhéanamh le hAontas an Chomhionannais a thabhairt i gcrích. Is ionann sin agus beartais agus gníomhaíochtaí a chur i bhfeidhm a thugann dúshlán na steiréitíopaí atá fós rófhorleathan sa tsochaí, rud a chruthóidh saol inar féidir le gach duine a bhuanna féin a chur in iúl beag beann ar ghnéas, ar bhunadh ciníoch nó eitneach, ar aois, ar mhíchumas, ar ghnéaschlaonadh nó ar chreideamh reiligiúnach. Cinnteoidh Aontas níos cothromasaí go gcuirfear riachtanais gach duine sa tsochaí san áireamh sa chinnteoireacht.

Ar chomóradh 20 bliain Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh i mí na Nollag, ghlac an Coimisiún straitéis nua chun feabhas a chur ar an mbealach a gcuirtear i bhfeidhm í. Sa tuarascáil ón gCoimisiún i mí an Mheithimh 2019 agus sna comhairliúcháin a rinneadh chun an straitéis a ullmhú, tugadh chun suntais nach n-úsáidtear an chairt oiread a d’fhéadfaí sna Ballstáit. Is beag feasacht atá ag daoine faoina gcearta, agus ba mhaith leo fios conas sásamh a lorg má sháraítear a gcearta. Moltar sa straitéis bealaí chun a chinntiú go gcuirfear an chairt i bhfeidhm go héifeachtach, cuir i gcás trí chumhacht a thabhairt do chúirteanna agus d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus chun feasacht na ndaoine i leith a gceart a fheabhsú.

Comhionannas inscne

Is príomhthosaíocht don Choimisiún é Aontas an Chomhionannais a chruthú, agus is mithid AE cóir, láidir agus faoi rath do na mná agus na fir, na cailíní agus na buachaillí uile agus ar maith ann gach éagsúlacht. Chun na bearnaí a iamh agus chun cur ar chumas an Aontais Eorpaigh an poitéinseal atá ann a chomhlíonadh ina iomláine ar fud na sochaí, lena n-áirítear san oideachas, san fhostaíocht, sa ghnó agus sa pholaitíocht, thíolaic an Coimisiún Straitéis maidir le Comhionannas Inscne i mí an Mhárta. Sa straitéis sin leagtar amach fís, cuspóirí beartais agus gníomhaíochtaí chun dul chun cinn fónta a dhéanamh maidir leis an gcomhionannas inscne san Aontas agus chun Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

Áirítear ar na gníomhaíochtaí sin tionscnamh chun cineálacha sonracha foréigin inscnebhunaithe a chosc agus a chomhrac, gníomhaíochtaí chun dul i ngleic le steiréitíopaí inscne, bearta ar mhaithe le pá comhionann agus chun cothromaíocht a chur i bhfeidhm idir an obair agus an saol, agus iarrachtaí chun cothromaíocht inscne a bhaint amach sa chinnteoireacht agus sa pholaitíocht.

Léaráid sonraí maidir le saincheisteanna inscne.

I gcás 33% de na mná san Aontas Eorpach, bhain foréigean fisiceach agus nó foréigean gnéis dóibh. I gcás 22% de na mná san Aontas Eorpach, d’imir a bpáirtí dlúthchaidrimh foréigean orthu. I gcás 55% de na mná san Aontas Eorpach, rinneadh ciapadh gnéis orthu agus tá seans níos mó ann gur ar mhná seachas ar fhir a dhéanfaí an ciapadh gnéis ar líne. San Aontas, níl fostaíocht ach ag 67% de na mná i gcomparáid le 78% de na fir. Níl ach 7.8% de chathaoirligh boird agus 8.2% de phríomhoifigigh feidhmiúcháin ina mná.

Chuir an dianghlasáil agus na srianta ar ghluaiseacht moill ar leathadh COVID-19, ach in a lán cásanna d’fhág siad daoine a raibh foréigean teaghlaigh á fhulaingt acu faoi iamh an tí i dteannta a mí-úsáideoirí. Cé go bhfuil sé róluath sonraí iontaofa a bheith ann, thuairiscigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte gur tháinig méadú suntasach ar an bhforéigean teaghlaigh de bharr na mbeart gaibhniúcháin. D’eagraigh an Coimisiún seimineáir ar líne leis na Ballstáit maidir leis na gnéithe den phaindéim a bhaineann leis an gcomhionannas inscne. Sna himeachtaí sin cuimsíodh dea-chleachtais maidir le dul i ngleic leis an bhforéigean teaghlaigh, gnéithe den obair agus den chúram a bhaineann leis an gcomhionannas inscne, agus an chothromaíocht inscne sa chinnteoireacht, é sin ar fad i gcomhthéacs COVID-19. Atreoraíodh beagnach EUR 18 milliún de chistí ón Tionscnamh Spotsolais chun aghaidh a thabhairt ar an bhforéigean in aghaidh na mban agus na gcailíní le linn na paindéime. Seoladh an Tionscnamh Spotsolais in 2017 i dteannta na Náisiún Aontaithe, agus thug an tAontas Eorpach ranníocaíocht EUR 500 milliún chun obair a dhéanamh chun deireadh a chur le gach cineál foréigin in aghaidh na mban agus na gcailíní.

An ciníochas a chomhrac

Colláis chothrománach atá comhdhéanta de leathaghaidheanna daoine ó ghrúpaí eitneacha agus ó aoisghrúpaí éagsúla.

Cé go bhfuil cosc ar chiníochas agus ar idirdhealú ciníoch san Aontas Eorpach, is ann dóibh fós ar mhórán slite, iad fite fuaite uaireanta leis an idirdhealú ar bhonn reiligiúin nó creidimh, inscne, gnéaschlaonta, aoise, míchumais nó cúlra imirceach. I mí Mheán Fómhair, chuir an Coimisiún Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Frithchiníochas 2020-2025 i láthair chun gníomhaithe ar gach leibhéal a thabhairt le chéile chun aghaidh a thabhairt ar an gciníochas, lena n-áirítear an ciníochas struchtúrach, ar bhealach níos éifeachtaí. Tarraingíonn sé aird na mBallstát ar dhlí an Aontais, mar atá sé faoi láthair, a chur i bhfeidhm ar bhealach níos déine. Anuas air sin, déantar foráil ann do chomhordaitheoir AE a cheapadh i gcomhair an fhrithchiníochais, agus do bhearta chun tacú leis na Ballstáit an phóilíneacht a dhéanamh níos córa chun dearcadh idirdhealaitheach, lena n-áirítear próifíliú ciníoch agus eitneach, a chosc. Beidh ar na Ballstáit pleananna náisiúnta a chur i láthair freisin chun an ciníochas a chomhrac faoi dheireadh 2022.

Comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach

De réir suirbhé a rinneadh in 2019, d’fhulaing 45 % de na Romaigh leatrom agus idirdhealú sa 12 mhí roimhe sin. Tarlaíonn idirdhealú do-ghlactha agus eisiamh socheacnamaíoch fós don mhionlach is mó san Eoraip ina saol laethúil, agus is minic fós steiréitíopaí agus réamhchlaonadh diúltach ina choinne. I mí Dheireadh Fómhair, chuir an Coimisiún creat straitéiseach treisithe AE i láthair do chomhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach go ceann 10 mbliana.

Físeán faoin straitéis nua um chomhionannas na Romach.
FÍSEÁN: Comhdheiseanna #EU4Roma.

Ba cheart deis a bheith ag gach Romach a bpoitéinseal iomlán a chomhlíonadh agus páirt a ghlacadh sa saol polaitiúil, sóisialta, eacnamaíoch agus cultúrtha. Is ar an lánpháirtiú socheacnamaíoch go príomha a dhírigh an creat a bhí ann go dtí seo. I gcreat straitéiseach nua an Aontais maidir leis na Romaigh, leagtar síos sraith spriocanna íosta atá le baint amach faoi 2030. Déanfar an méid sin trí chur chuige níos cuimsithí a oibreoidh lámh ar lámh le cuimsiú na Romach imeallaithe, rud a dhéanfar tríd an gcomhionannas a chothú agus an rannpháirtíocht a chur chun cinn do chách. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún moladh faoi bhráid na Comhairle maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach, moladh ina bhfuil liosta de bhearta ar leith a bheidh le déanamh ag na Ballstáit chun na cuspóirí coiteanna ar leibhéal an Aontais a bhaint amach. Tá an creat straitéiseach ar aon dul le hobair an Choimisiúin i réimsí eile, ina measc, Buiséad an Aontais 2021-2027, Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Frithchiníochas 2020-2025, Straitéis an Aontais um Chearta Íospartach agus an Straitéis maidir le Comhionannas Inscne.

Comhionannas LGBTIQ

Sa chéad Straitéis maidir le Comhionannas LADTIA ón gCoimisiúin, straitéis a foilsíodh i mí na Samhna, leagtar amach gníomhaíochtaí an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar an idirdhealú agus ar na dúshláin atá os comhair daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha, idirghnéasacha agus queer. Tá tionscnamh á bheartú ag an gCoimisiún chun cur leis an liosta de Eurocrimes chun fuathchaint homafóbach agus coireacht fuatha a chur san áireamh, agus molann sé tacú leis na Ballstáit agus pleananna gníomhaíochta náisiúnta á bhforbairt acu, feachtais múscailte feasachta a eagrú ar fud an Aontais, eagraíochtaí na sochaí sibhialta a mhaoiniú agus comhionannas LGBTIQ a phríomhshruthú i mbeartais an Aontais.

Léaráid achomair ar an gcéad straitéis riamh de chuid an Aontais le haghaidh daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha, idirghnéasacha agus aiteacha (LADTIA).

Sa chéad Straitéis Comhionannais riamh de chuid an Choimisiúin Eorpaigh do dhaoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha, idirghnéasacha agus aiteacha - LADTIA, leagtar amach roinnt príomhchuspóirí ar fud na gceithre cholún atá le baint amach faoi 2025. Is iad sin: idirdhealú agus leatrom ar dhaoine LADTIA a chomhrac; sábháilteacht daoine LADTIA a chinntiú; sochaithe a chothú ina gcuimsítear daoine LADTIA; a bheith chun tosaigh maidir le comhionannas do dhaoine LADTIA a éileamh ar fud an domhain.

Cearta daoine faoi mhíchumas

Thar daoine eile, is baol do dhaoine faoi mhíchumas an bhochtaineacht, leibhéal oideachais níos ísle, bacainní a thagann salach ar a rannpháirtíocht iomlán sa tsochaí, agus easpa neamhspleáchais agus uathrialach a d’fhéadfadh cur as dá gcuid dínite agus dá gcearta bunúsacha. Is amhlaidh is measaide na neamhionannais sin paindéim COVID-19. I mí na Samhna, d’fhoilsigh an Coimisiún a mheastóireacht ar Straitéis Eorpach um Míchumas 2010-2020. Dúradh sa mheastóireacht sin go bhféadfaí feabhas a chur ar chúrsaí ach d’ainneoin sin go raibh tionchar dearfach ag an straitéis ar shaincheisteanna míchumais a áireamh i reachtaíocht agus i mbeartas AE. I measc na samplaí tá glacadh an Ghnímh Eorpaigh Inrochtaineachta, glacadh na Treorach maidir le hInrochtaineacht Gréasáin agus glacadh reachtaíochta maidir le cearta paisinéirí.

Straitéis an Aontais um Chearta Íospartach

I mí an Mheithimh, d’fhoilsigh an Coimisiún an chéad Straitéis de chuid an Aontais um Chearta Íospartach. Is é is príomhaidhm di a chinntiú gur féidir le híospartaigh uile na coireachta brath go hiomlán ar a gcearta, is cuma cén áit san Aontas ar tharla an choir, nó cé na cúinsí a bhí ann nuair a tharla sí. Moltar sa straitéis gníomhaíocht chun cur ar chumas na n-íospartach coireanna a thuairisciú, cúiteamh a lorg agus iarmhairtí na coireachta a shárú, chomh maith le hoiliúint a chur chun cinn do na húdaráis bhreithiúnacha agus do na húdaráis forfheidhmithe dlí. I mí na Bealtaine, foilsíodh an tuarascáil ar chur chun feidhme na Treorach maidir le Cearta Íospartach, agus léiríodh ann go raibh easnaimh i bhformhór na mBallstát maidir le cearta ar nós rochtain ar fhaisnéis, ar sheirbhísí tacaíochta agus ar chosaint, rudaí is aidhm don straitéis a shárú.

Na dúshláin a bheidh ann amach anseo a thuar chun go mbeidh an tAontas níos athléimní

Tá cultúr an tuair agus na hullmhachta ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bheidh ann amach anseo. Sa chéad Tuarascáil maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach, díríonn an Coimisiún ar fhadbhreathnaitheacht straitéiseach a neadú i gceapadh beartas an Aontais, creat a leagan amach ar fud an Choimisiúin, agus molann sé fadbhreathnaitheacht straitéiseach mar uirlis chun ceithre ghné d’athléimneacht an Aontais a fheabhsú: sóisialta agus eacnamaíoch; geopholaitiúil; glas; agus digiteach. Tá sé ríthábhachtach treochtaí na todhchaí a thuar chun a chinntiú go gcuirfidh lucht déanta na mbeartas saincheisteanna fadtéarmacha san áireamh, saincheisteanna na ndúshlán déimeagrafach, cuir i gcás.

Físeán faoi na holltreochtaí a bheidh ann amach anseo.
FÍSEÁN An chaoi a gcuideoidh an fhadbhreathnaitheacht straitéiseach leis na haistrithe glasa, digiteacha agus cothroma agus leis an Eoraip a dhéanamh níos athléimní.

Tá sochaí na hEorpa á hathrú ó bhonn aníos ag an athrú déimeagrafach. I mí an Mheithimh, d’fhoilsigh an Coimisiún an chéad tuarascáil uaidh riamh ar an tionchar atá ag treochtaí déimeagrafacha ar fud an Aontais. Léirítear inti na naisc idir treochtaí déimeagrafacha, mar aon leis an tionchar ar chúrsaí déimeagrafacha, agus an cumas téarnaimh tar éis ghéarchéim an choróinvíris. Sheol an tuarascáil obair an Choimisiúin sa réimse seo, agus cuideoidh sí lena fháil amach conas is fearr is féidir tacú leis na daoine, na réigiúin agus na pobail is mó atá thíos leis. Is é is bunús freisin don Pháipéar Glas maidir leis an Aosú, agus leis an bhfís fhadtéarmach do cheantair thuaithe, a bhfuiltear ag súil leis in 2021. Deis a dhéanamh de na dúshláin dhéimeagrafacha: má tharlaíonn sin, cuideoidh sé na claochluithe glasa digiteacha a thabhairt chun cinn, claochlaithe atá ríthábhachtach más todhchaí rathúil inbhuanaithe atá i ndán. Is éard a bheidh i gceist leis sin cúram sláinte, an leas sóisialach, buiséid phoiblí agus rochtain ar sheirbhísí a scrúdú, i bhfianaise an tírdhreach déimeagrafach a bheith ag athrú, chun gur fearr a dhéanfar beartais a chur in oiriúint do na riachtanais agus don staid mar atá.

Léaráid sonraí maidir le saincheisteanna inscne.

Sa bhliain 2018, tháinig ardú ar an ionchas saoil lá na breithe go dtí 78.2 bliain i gcás na bhfear agus 83.7 bliain i gcás na mban. Tá tuar ann go leanfaidh an t‑ardú sin ar aghaidh: leanaí a bhéarfar in 2070, meastar go mairfidh siad 86.1 bliain i gcás na bhfear agus 90.3 bliain i gcás na mban. In 2018 ba é 1.55 meánlíon na dtoircheas in aghaidh na mná, agus ba é 31.3 an aois ar an meán ar saolaíodh clann do na mná. Meastar go mbeidh méadú ar mheánlíon na dtoircheas go dtí 1.66 agus ar aois na máthar go dtí 31.7 ar an meán faoi 2070. Faoi 2070, tá tuar ann go mbeidh 30.3% den daonra 65 d’aois nó níos sine, lle hais 20.3% den daonra in 2019, agus táthar ag tuar go mbeidh 13.2% den daonra 80 bliain d’aois nó níos sine, le hais 5.8% in 2019.

Múinteoir i mbun ranga amuigh faoin aer mar chuid den tionscadal EU4Schools san Albáin. © UNDP an Albáin, 2020.

Leasanna agus luachanna Eorpacha a chur chun cinn ar fud an domhain

Comhar níos láidre agus níos doimhne a fhorbairt leis an Afraic

Ursula von der Leyen, sa lár, le Coimisinéirí Eorpacha éagsúla agus ionadaithe an Aontais Afracaigh.
An 10ú cruinniú “Coimisiún le Coimisiún” idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach in Addis Ababa, an Aetóip, an 27 Feabhra 2020.

In 2020, bhí borradh faoin gcaidreamh leis an Afraic, ar príomhthosaíocht de chuid an Aontais é. Ag deireadh mhí Feabhra, ghlac an tUachtarán von der Leyen agus formhór Chomhaltaí an Choimisiúin páirt sa 10ú cruinniú idir an tAontas Eorpach agus Coimisiún an Aontais Afracaigh in Addis Ababa na hAetóipe.

Ba chuid den idirphlé leanúnach leis an Aontas Afracach an cruinniú agus, chomh maith le tús a chur leis an ullmhúchán don séú cruinniú mullaigh in 2021, bhí an deis ann dúshláin chomhchoiteanna a phlé, mar shampla, an tsíocháin agus an rialachas, an t-athrú aeráide, poist agus infheistíochtaí inbhuanaithe, digitiú, agus soghluaisteacht agus imirce.

Ursula von der Leyen agus Tewolde GebreMariam i haingear in aice le heitleán.
Thug an tUachtarán von der Leyen cuairt ar Acadamh Eitlíochta Addis Ababa. Tá cómhaoiniú á dhéanamh ag an Aontas ar an scoil ghnó idirnáisiúnta seo a chuireann ar chumas daoine óga a bheith ina bpíolótaí, ina mbaill foirne cábáin nó ina ninnealtóirí eitilte. Tewolde GebreMariam, Príomhfheidhmeannach Ethiopian Airlines (ar chlé), agus Ursula von der Leyen (sa lár).

I mí an Mhárta, d’eisigh an Coimisiún agus an tArdionadaí, Josep Borrell, teachtaireacht chomhpháirteach dar teideal, “I dtreo Straitéis chuimsitheach leis an Afraic”, a bhfuil sé mar aidhm léi an chomhpháirtíocht idir an dá ilchríoch a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile. Mhol sí comhpháirtíochtaí níos láidre i gcúig phríomhréimse: an t-aistriú glas, an claochlú digiteach, an fás inbhuanaithe, an tsíocháin agus an rialachas, agus an imirce agus an tsoghluaisteacht.

Léaráid a léiríonn an caidreamh eacnamaíoch idir an tAontas agus an Afraic.

Léiríonn na graif na figiúirí ón 2018 maidir le Cúnamh Oifigiúil um Fhorbairt don Afraic agus trádáil earraí na hAfraice in aghaidh an pháirtí trádála. Foinse: OECD DAC2A 2018. Níl sonraí ar fáil maidir leis an tSín. Sholáthair an tAontas agus na 27 mBallstát 46% de Chúnamh Oifigiúil um Fhorbairt don Afraic, rud arb ionann agus 19.6 billiún euro. Sa dara háit tá na Stáit Aontaithe, tír a chuir 25% ar fáil, is é sin 10.7 billiún euro. Ba leis an Aontas a rinne an Afraic 32% dá cuid trádála san iomlán, is é sin 235 bhilliún euro; Ba leis an tSín a rinne an Afraic 17% dá cuid trádála san iomlán, is é sin 125 bhilliún euro; Agus ba leis na Stáit Aontaithe a rinne an Afraic 6% dá cuid trádála san iomlán, is é sin agus 46 bhilliún euro. Foinse: An Ciste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, 2018.

Físeán faoi phríomhghnéithe na comhpháirtíochta a bheidh ann amach anseo leis an Afraic.
FÍSEÁN: I dtreo straitéis chuimsitheach leis an Afraic.

I mí na Samhna, thug an Coimisiún Eorpach céim mhór chun tosaigh maidir le borradh a chur faoin infheistíocht san Afraic agus i gcomharsanacht an Aontais, rud a chabhraigh chun téarnamh domhanda a spreagadh ón bpaindéim trí 10 gcomhaontú ráthaíochta airgeadais dar luach EUR 990 milliún a thabhairt chun críche le hinstitiúidí airgeadais comhpháirtíochta. I dteannta a chéile, táthar ag súil go gcuirfidh na ráthaíochtaí sin suas le EUR 10 mbilliún d’infheistíochtaí foriomlána ar fáil. Is cuid de fhreagairt Team Europe ar phaindéim COVID-19 na ráthaíochtaí sin.

An tAontas a mhéadú

Cuireadh dlús nua le beartas an Aontais maidir leis an méadú i mí Feabhra, nuair a thíolaic an Coimisiún a thograí chun an próiseas aontachais a neartú d’fhonn é a dhéanamh níos inchreidte, níos intuartha agus níos dinimiciúla, agus béim athnuaite á leagan ar athchóirithe bunúsacha agus ar stiúradh polaitiúil níos láidre. Thug an tAontas céim stairiúil i mí an Mhárta trína chinneadh tús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Albáin agus leis an Macadóin Thuaidh. Dhearbhaigh na Ballstáit in athuair a dtacaíocht dhaingean do pheirspictíocht Eorpach na mBalcán Thiar ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar i mí na Bealtaine.

Chun tacú leis an téarnamh eacnamaíoch fadtéarmach agus dlús a chur leis an gcóineasú leis an Aontas, chuir an Coimisiún Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar i láthair i mí Dheireadh Fómhair, plean a chuirfidh suas le EUR 9 mbilliún ar fáil i bhfoirm deontas, agus ba cheart go gcuirfí borradh suas le EUR 20 billiún faoi infheistíochtaí le Saoráid Ráthaíochta na mBalcán Thiar. Cuireann an plean comhtháthú réigiúnach láidir chun cinn freisin trí Chómhargadh Réigiúnach, a d’fhormhuinigh ceannairí na mBalcán Thiar ag Cruinniú Mullaigh Shóifia i mí na Samhna faoi chuimsiú Phróiseas Bheirlín.

Físeán maidir le maoiniú ón Aontas Eorpach san Albáin agus sa Mhacadóin Thuaidh.
FÍSEÁN: Tá an tAontas Eorpach ag maoiniú na turasóireachta nuálaí i réigiúin teorann Elbasan san Albáin agus Polog sa Mhacadóin Thuaidh.
Léaráid achomair ar an gcaidreamh idir an tAontas agus na Balcáin Thiar.

Déanann an graf achoimre ar an gcaidreamh idir an tAontas agus na Balcáin thiar. Is iarrthóir ionchasach í an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin a bhfuil daonra 3.5 milliún duine inti. D’eisigh an Coimisiún Eorpach tuairim maidir leis an iarratas ar bhallraíocht san Aontas i mí na Bealtaine in 2019 agus rinne an Chomhairle conclúidí lena bhformhuiníodh na 14 phríomhthosaíocht i mí na Nollag 2019. Is iarrthóir é Montainéagró a bhfuil daonra 0.6 milliún duine inti. Tá 33 chaibidil ar oscailt faoi láthair sa chaibidlíocht agus tá 3 cinn dúnta go sealadach. Tá daonra 2.9 milliún duine san Albáin agus is iarrthóir í ó mhí an Mhárta 2020 nuair a chinn an tAontas tús a chur le caibidlíocht aontachais. Is iarrthóir í an tSeirbia a bhfuil daonra 7 milliún duine inti. Tá 18 gcaibidil ar oscailt faoi láthair sa chaibidlíocht agus tá 2 cheann dúnta go sealadach. Is iarrthóir ionchasach í an Chosaiv a bhfuil daonra 1.8 milliún duine inti. San Aibreán 2016, tháinig an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais i bhfeidhm. Tá daonra 2.1 milliún duine sa Mhacadóin Thuaidh agus is iarrthóir í ó mhí an Mhárta 2020 nuair a chinn an tAontas tús a chur le caibidlíocht aontachais.

Ag Cruinniú Mullaigh na mBalcán Thiar in Sóifia, rinneadh bearta tábhachtacha chun an comhar réigiúnach a neartú chun borradh a chur faoin téarnamh socheacnamaíoch agus faoin gcóineasú nuair a gheall ceannairí na mBalcán Thiar go ndéanfaí an comhar réigiúnach a neartú níos mó mar bhealach chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo an Aontais.

Tar éis do ghéarchéim an choróinvíris titim amach, chuir an tAontas pacáiste cúnaimh ar fiú EUR 3.3 billiún é ar fáil do na Balcáin Thiar chun aghaidh a thabhairt ar an éigeandáil sláinte agus chun a tionchar socheacnamaíoch a mhaolú. I gcás na Tuirce, cuireadh EUR 98 milliún ar fáil chun trealamh cosanta a bhfuil géarghá leis a sholáthar agus chun tacú leis na dídeanaithe is leochailí.

I mí Feabhra, bhí chomhdháil idirnáisiúnta na ndeontóirí “Le chéile don Albáin” ar siúl sa Bhruiséil, faoi stiúir an Aontais, chun tacú le hiarrachtaí atógála tar éis an chreatha talún a bhuail an tír sin i mí na Samhna 2019. Thug an tAontas, na Ballstáit agus an Banc Eorpach Infheistíochta EUR 400 milliún don ghealltanas iomlán de EUR 1.15 billiún.

Beartas Comharsanachta na hEorpa

Físeán faoi mhaoiniú daonnúil an Aontais i mbun gníomhaíochta san Úcráin.
FÍSEÁN: Uaireanta is féidir le rudaí beaga difríocht mhór a dhéanamh. A bhuí le maoiniú daonnúil ón Aontas san Úcráin, fuair an bhanaltra seo rothar agus trealamh leighis. Is féidir léi níos mó daoine a shroicheadh anois chun a chinntiú go bhfaigheann siad an leigheas agus cóireáil atá de dhíth orthu.

Ní mór cuspóirí beartais fadtéarmacha atá solúbtha agus nasctha a bheith ag gníomhaíochtaí AE i gComharsanachtaí an Oirthir agus an Deiscirt, ar cuspóirí iad a bheidh in ann freagairt do thosaíochtaí nua. Sa teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ón Ardionadaí, Josep Borrell, maidir le beartas Chomhpháirtíocht an Oirthir a foilsíodh i mí an Mhárta, léirítear an bealach chun cinn chun an athléimneacht a neartú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin choiteanna, an fhorbairt inbhuanaithe a chothú agus torthaí a bhaint amach do shaoránaigh. Nuair a tháinig ceannairí ó Bhallstáit an Aontais agus ó thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir le chéile i mí an Mheithimh, dhearbhaigh siad cineál straitéiseach na comhpháirtíochta sin, rud a dheimhnigh a dtiomantas níos mó comhtháthaithe a bhaint amach agus tairbhe níos praiticiúla bhaint amach do dhaoine. Rinneadh os cionn EUR 1 bhilliún de dheontais a atreorú chun tacú le comharsana an Aontais san oirthear agus iad ag dul i ngleic le paindéim COVID-19.

I gComharsanacht an Deiscirt, lean an tAontas air ag tacú le hathchóirithe struchtúracha, ag cothú forbairt eacnamaíoch chuimsitheach agus cruthú post agus ag neartú an dea-rialachais, na n-institiúidí daonlathacha, an smachta reachta agus an chomhraic i gcoinne na caimiléireachta.

Thug an tAontas tús áite don fhreagairt ar an ngéarchéim sláinte agus ar thionchar eacnamaíoch na géarchéime sa réigiún, agus d’fhorbair sé cláir nua agus d’atreoraigh sé maoiniú ó na cinn atá ann cheana. Tá sé d’aidhm ag na pacáistí sin tionchar na paindéime a mhaolú, go háirithe ar na daoine is leochailí, agus is cuid iad de chion an Aontais de fhreagairt COVID-19 Team Europe lena n-áirítear an tAontas, a Bhallstáit, a n-institiúidí náisiúnta airgeadais forbartha, an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha.

Ghlac an Coimisiún pacáiste dar luach EUR 3 bhilliún i gcúnamh macrairgeadais a thabhairt do dheich gcinn de chomhpháirtithe an mhéadaithe agus de chomhpháirtithe comharsanachta, agus é mar aidhm dó teorainn a chur le hiarmhairtí eacnamaíocha ghéarchéim an choróinvíris sna tíortha comhpháirtíochta. Cuirfear na cistí ar fáil mar seo a leanas: An Albáin (EUR 180 milliún), an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin (EUR 250 milliún), an tSeoirsia (EUR 150 milliún), an Iordáin (EUR 200 milliún), an Chosaiv (EUR 100 milliún), an Mholdóiv (EUR 100 milliún), Montainéagró (EUR 60 milliún), an Mhacadóin Thuaidh (EUR 160 milliún), an Túinéis (EUR 600 milliún) agus an Úcráin (EUR 1.2 billiún).

In 2020, lean an tAontas air ag freagairt do na géarchéimeanna sa Libia agus sa tSiria trí chúnamh a thabhairt do dhídeanaithe agus do phobail óstacha araon, go háirithe tríd an dá chiste iontaobhais tiomnaithe. Ó bhí 2014 ann, is ionann tacaíocht airgeadais ón Aontas don Libia agus breis agus EUR 0.5 billiún, agus is fiú níos mó ná EUR 2.2 billiún an tacaíocht a thugtar do dhídeanaithe ón tSiria agus do phobail óstacha na ndídeanaithe sin.

Ina theannta sin, sheol an tAontas oibríocht mhíleata nua sa Mheánmhuir, Eunavfor Med Irini, rud a chuireann trádbhac arm na Náisiún Aontaithe chun feidhme ar an Libia, agus rud a chuireann leis an bpróiseas síochána sa tír.

Léaráid maidir le tacaíocht an Aontais don tSeoirsia.

Sampla den tacaíocht le haghaidh riachtanais láithreacha agus ghearrthéarma. Tairgeoir Seoirseach a dhéanann teicstílí leighis, rinne sé 40,000 gúna leighis in imeacht seachtain amháin tar éis dó 12 mheaisín fuála bhreise a cheannach le micridheontas ón Aontas.

Saincheisteanna tábhachtacha eile in 2020

Le linn 2020, lean an tAontas de thosaíocht a thabhairt d’fhorbairtí geopholaitiúla na dtíortha agus na réigiún atá i dteorainn leis trí na huirlisí uile atá aige a bhailiú le chéile chun tacú le bainistiú agus réiteach coinbhleachtaí. Áiríodh leis sin, mar shampla, leanúint de thacaíocht pholaitiúil a thabhairt do cheannasacht agus d’aontacht chríochach na hÚcráine, an córas cúraim sláinte sa Libia a neartú agus tacaíocht a thabhairt don tsochaí shibhialta sa tSiria.

Beirt bhan Róihinseacha ag spraoi le gligín chun siamsa a dhéanamh do pháiste. © Mahmud Rahman le haghaidh Action Against Hunger, 2020.
In 2020, léirigh an tAontas a dhlúthpháirtíocht le Róihinsí ar dídeanaithe iad agus leis na tíortha atá á n-óstáil. Chomh maith le comhdháil deontóirí a eagrú i mí Dheireadh Fómhair, chuir an tAontas EUR 96 mhilliún ar fáil le haghaidh cúnamh daonnúil agus comhar forbartha agus chun coinbhleachtaí a chosc. Tá breis agus 860 000 Róihinse ina ndídeanaithe sa Bhanglaidéis faoi láthair agus breis agus 150 000 i dtíortha eile sa réigiún. Measann na Náisiúin Aontaithe go bhfuil thart ar 600 000 Róihinse fós i Stát Rakhine, Maenmar/Burma, agus géarchéim leanúnacha ann de thoradh shárú a gceart daonna. Sa ghrianghraf a glacadh ag Cox’s Bazar sa Bhanglaidéis in 2018, tá ionaid bheathaithe éagsúla a bhainistítear le tacaíocht ón Aontas agus a chuireann béilí teo folláine ar fáil saor in aisce do leanaí, mar aon le seisiúin ardaithe feasachta agus comhairliúcháin do thuismitheoirí.
© Mahmud Rahman le haghaidh Action Against Hunger, 2020.

Tá cobhsaíocht agus rathúnas chomhpháirtithe an Aontais fíor-riachtanach do na tíortha féin agus do na daoine a bhfuil cónaí orthu iontu, ach tá siad ríthábhachtach freisin do leasanna slándála agus straitéiseacha an Aontais. I measc iarrachtaí an Aontais an tsíocháin agus an chobhsaíocht a chur chun cinn tá réigiún na Saiheile (Buircíne Fasó, Sead, Mailí, an Mháratáin agus an Nígir), ar sampla maith í de thaidhleoireacht, de mhisin shibhialtacha agus mhíleata agus de chabhair dhaonnúil agus cabhair um fhorbairt á slógadh ag an Aontas trí chur chuige comhtháite. Cás den chineál sin is ea go bhfuil tacaíocht á cur ar fáil ag an Aontas do na hiarrachtaí idirghabhála a rinneadh tar éis an coup míleata i Mailí.

Ábhair agus oibreacha tógála chun beairic a thógáil ag Birni-N’Konni. © IOM An Nígir, 2020.
Tá misean sibhialtach an Aontais chun acmhainní a fhorbairt sa Nígir (Eucaps Sahel Niger) ag cuidiú chun cur chuige comhtháite comhleanúnach inbhuanaithe atá bunaithe ar chearta an duine a bhunú i measc na ngníomhaithe slándála éagsúla atá rannpháirteach sa chomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus na coireachta eagraithe. A bhuí le tacaíocht airgeadais ón nGearmáin agus ón Ísiltír, rachaidh 250 póilín ón Nígir isteach i mbeairic nua ag Birni-N’Konni chun an réigiún a dhéanamh níos sláine agus níos cobhsaí.

I dtaca le Comhaontú Cotonou, lena rialaítear an caidreamh idir an tAontas agus Ballstáit Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin, bhí an comhaontú sin le dul in éag ar dtús an 29 Feabhra 2020. Tar éis síneadh sealadach a chur leis, d’éirigh leis an gCoimisiún teacht ar chomhaontú polaitiúil leis an eagraíocht ar an 3 Nollaig, lena dtabharfar an chomhpháirtíocht go dtí an chéad chéim eile, ina mbeidh béim níos fearr ar na réigiúin éagsúla agus ar chaighdeáin nuashonraithe i líon mór réimsí, lena n-áirítear an fhorbairt agus an fás inbhuanaithe, cearta an duine, an imirce, an tsíocháin agus an tslándáil. Meastar go ndéanfar an chomhaontú a thabhairt i gcrích agus a shíniú go foirmiúil in 2021.

An tSín

In 2020, rinne an tAontas iarracht a chomhpháirtíocht leis an tSín a chomhdhlúthú trí chomhoibriú nuair is féidir, tríd an gcaibidlíocht cibé uair is gá, agus trí bheith teanntásach agus labhairt go daingean nuair a thagann an crú ar an tairne. D’oibrigh an tAontas chun bonn níos daingne a chur faoin gcaidreamh, le níos mó cómhalartachta agus cothrom na Féinne maidir leis an ngeilleagar, trádáil, caidreamh infheistíochta agus saincheisteanna eile. An comhaontú polaitiúil sin dar teideal Comhaontú Cuimsitheach Infheistíochta, ar thángthas air an 30 Nollaig, sin é an chéad chéim chun an caidreamh a athchothromú. Deis a bhí sa Chruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tSín agus sa dá Chruinniú de Cheannairí i mí Mheán Fómhair agus i mí na Nollag chun an comhar a dhoimhniú – maidir le géarchéim an choróinvíris agus an gníomhú ar son na haeráide – agus chun easaontais a phlé, lena n-áirítear maidir le cearta an duine agus maidir leis an staid i Hong Cong. Chuir an tAontas in iúl don tSín, roinnt uaireanta le linn na bliana, gur cúis imní dó an dá shaincheist sin agus lean sé de chur chuige láidir agus réadúil a shaothrú agus de na gníomhaíochtaí a moladh sa teachtaireacht ón mbliain 2019 dar teideal “an tAontas agus an tSín – Dearcadh straitéiseach” a chur chun feidhme.

Léaráid maidir le comhar an Aontais leis an tSín.

Comhar an Aontais leis an tSín. Iarrann an tAontas ar an tSín cómhalartacht iomlán agus cothrom iomaíochta a chinntiú sa chaidreamh trádála agus infheistíochta atá eatarthu. Is céim thábhachtach i ndáil leis sin é an comhaontú polaitiúil ar thángthas air an 30 Nollaig 2020 maidir leis an gComhaontú Cuimsitheach Infheistíochta. Ba cheart comhar níos dlúithe a bheith ann idir an Aontas agus an tSín chun dul i ngleic le dúshláin, cuir i gcás an t‑athrú aeráide, píoráideacht agus an méid atá ag tarlú san Afganastáin. Ba ghné mhór é an comhar idir an tAontas agus an tSín ó thaobh an comhaontú núicléach leis an Iaráin a bhaint amach agus ó thaobh chur chun feidhme iomlán éifeachtach an chomhaontaithe sin a chinntiú. I Muir na Síne Theas, tacaíonn an tAontas le réiteach síochánta ar dhíospóidí i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige agus tacaíonn sé le saoirse loingseoireachta agus traseitilte a choinneáil ar bun. Leanfaidh an tAontas air ag iarraidh ar an tSín níos mó freagrachtaí a ghlacadh uirthi féin ó thaobh an t‑ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a chaomhnú agus cearta an duine a urramú.

An Liobáin

Buaileadh cathair Bhéiriút le pléascadh tubaisteach an 4 Lúnasa. Léirigh an tAontas a dhlúthpháirtíocht le muintir na Liobáine trí leas a bhaint as an Sásra um Chosaint Shibhialta agus EUR 63 mhilliún ar an iomlán a chur ar fáil láithreach mar fhreagairt dhaonnúil agus géarchéime. Rinne seacht mBallstát déag, chomh maith leis an Iorua agus an Tuirc, pearsanra cuardaigh agus tarrthála a chur amach, agus thug foirne leighis cúnamh suntasach tarrthála dóibh.

Beirt bhall d’fhoirne freagartha tubaistí an Aontais ag siúl tríd an smionagar i mBéiriút.
Thacaigh foirne cosanta sibhialta an Aontais leis an bhfreagairt éigeandála ar son mhuintir Bhéiriút na Liobáine tar éis an phléasctha ag an gcalafort an 4 Lúnasa 2020 ina maraíodh a lán.

An Bhealarúis

Tar éis na dtoghchán uachtaránachta sa Bhealarúis an 9 Lúnasa agus tar éis na n-agóidí a rinneadh ina dhiaidh sin, chuir an tAontas in iúl go soiléir nár aithin sé na torthaí agus go dtacódh sé go hiomlán le mianta daonlathacha na tíre, lena n-áirítear trí smachtbhannaí i gcoinne na ndaoine sin atá freagrach as calaois toghcháin agus as an bhforéigean ina dhiaidh sin. Ó shin i leith, tá smachtbhannaí forchurtha ag an Aontas ar 55 dhuine a mheastar a bheith freagrach as foréigean, as gabhálacha gan údar agus as torthaí na dtoghchán a fhalsú, an tIar-Uachtarán Alexander Lukashenko ina measc. D’atreoraigh an Coimisiún an maoiniú a chuireann sé ar fáil don Bhealarúis chun tacaíocht dhíreach a thabhairt don tsochaí shibhialta agus do na meáin shaora, agus tá na Ballstáit tar éis teacht ar chomhaontú maidir le hathbhreithniú ar an gcaidreamh idir an tAontas agus an Bhealarúis agus chuir sé de chúram ar an gCoimisiún pacáiste cuimsitheach tacaíochta eacnamaíche a ullmhú don Bhealarúis ionas go mbeidh sí daonlathach mar thír. Tá an tAontas tiomanta fós do thacaíocht a thabhairt do chearta lucht agóide síochánta agus seasann sé lena iarraidh ar údaráis na Bealarúise deireadh a chur leis an bhforéigean agus leis an gcos ar bolg, gach duine atá faoi choinneáil agus gach príosúnach polaitiúil a scaoileadh saor, urraim a thabhairt do shaoirse na meán agus don tsochaí shibhialta agus tús a chur le hidirphlé cuimsitheach náisiúnta.

Bean ar a glúine mar agóid os comhair buíon de phóilíní círéibe na Bealarúise. © Nadzeia Buzhan – an tAontas Eorpach, 2020 — foinse: Parlaimint na hEorpa.
Bhronn Parlaimint na hEorpa Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta 2020 ar an bhfreasúra daonlathach sa Bhealarúis a bhí i mbun agóide. I Mionsc, an Bhealarúis,a glacadh an grianghraf, an 30 Lúnasa 2020.
© Nadzeia Buzhan – an tAontas Eorpach, 2020 — foinse: Parlaimint na hEorpa.

An Mheánmhuir Thoir

In oirthear na Meánmhara, tháinig méadú leanúnach ar an easaontas leis an Tuirc i rith na bliana. Cé go ngníomhaíonn an tAontas i ndlúthpháirtíocht iomlán leis an nGréig agus leis an gCipir chun deireadh a chur leis an ngéarú, is é is leas coiteann dúinn go han-mhór fós an caidreamh idir an tAontas agus an Tuirc. I dtaca leis na hiarrachtaí cuiditheacha agus leanúnacha deireadh a chur le gníomhaíochtaí neamhdhleathacha i leith na Gréige agus na Cipire, ar choinníoll go ndéanfar na hiarrachtaí sin a choimeád ar bun, d’aontaigh an Chomhairle Eorpach clár oibre dearfach idir an tAontas agus an Tuirc a shaothrú. Más rud é, áfach, go dtarlaíonn gníomhaíochtaí aontaobhacha nó briogadh lena sáraítear an dlí idirnáisiúnta arís, beidh an tAontas ullamh na hionstraimí agus na roghanna uile atá ar fáil dó a úsáid chun a leasanna féin agus leasanna a Bhallstát a chosaint.

Tá an tAontas lántiomanta fós don Ráiteas ón Aontas Eorpach agus ón Tuirc 2016, ar leanadh dá chur chun feidhme, lena n-áirítear tar éis brú breise imirce a bheith ar theorainn an Aontais leis an Tuirc i mí Feabhra agus i mí an Mhárta 2020. Mar gheall ar an ráiteas sin, baineadh torthaí nithiúla amach maidir le laghdú a dhéanamh ar shreabhadh na n-imirceach neamhrialta ón Tuirc, ar líon na ndaoine a fuair bás sa Mhuir Aeigéach agus ar an mbrú atá ar theorainneacha an Aontais. Ina theannta sin, chuir sé bealaí sábháilte dleathacha ar fáil chun an Aontais Eorpaigh do bhreis agus 28 000 duine a bhfuil cosaint idirnáisiúnta de dhíth orthu tríd an athlonnú. Tá gá fós le dul chun cinn práinneach maidir le filleadh na n-imirceach ó oileáin na Gréige a atosú agus a dhéanamh níos tapa. Maidir leis na saincheisteanna sin uile, bhí an chumarsáid leis an Tuirc fós oscailte gníomhach.

Na Stáit Aontaithe

Leis an toradh a bhí ar na toghcháin uachtaránachta i mí na Samhna, bhí deis annamh ann chun clár oibre trasatlantach nua a cheapadh don chomhar a bheidh bunaithe ar luachanna coiteanna, ar leasanna coiteanna agus ar thionchar domhanda. Leis an gcomhpháirtíocht nua sin, a cuireadh i láthair i dteachtaireacht chomhpháirteach mhí na Nollag dar teideal “Clár oibre nua AE-SA don athrú domhanda”, beidh an tAontas agus na Stáit Aontaithe in ann oibriú le chéile ar shláinte, ar an daonlathas, ar an athrú aeráide agus an rathúnas eacnamaíoch, mar aon leis an teicneolaíocht agus an trádáil.

Is príomh-chomhpháirtithe trádála iad an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe freisin. I mí Lúnasa, chomhaontaigh siad deireadh a chur le taraifí nó taraifí a laghdú dar luach EUR 168 milliún de thrádáil. Is éard atá sa phacáiste na chéad chiorruithe taraife ina gcaidreamh trádála le níos mó ná scór bliain anuas, agus is é an chéad chéim é chun teannas trádála a laghdú, rud a réitíonn an bealach do bhearta níos leithne chun trádáil idir an dá bhloc a éascú.

Bosca fíricí faoin gcaidreamh idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe.

Tá comhpháirtíocht dhomhanda idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe nach bhfuil a sárú le fáil. Tá daonra beagnach 1 bhilliún duine acu san iomlán, agus tá siad freagrach as beagnach aon trian d’olltáirgeacht intíre an domhain, aon trian de thrádáil an domhain agus 60% d’infheistíocht dhíreach choigríche ar fud an domhain in aghaidh na bliana. Chomh maith leis sin, is iad na deontóirí daonnúla is féile ar fud an domhain agus is príomhsholáthraithe cúnaimh um fhorbairt iad.

Cearta an duine agus an daonlathas a chur chun cinn ar fud an domhain

Meas ar chearta an duine, ar an daonlathas agus ar an smacht reachta, sin iad na luachanna a threoraíonn gníomhaíochtaí an Aontais ar fud an domhain.

Tar éis togra a fháil ón gCoimisiún agus ón Ardionadaí, Josep Borrell, i mí an Mhárta, d’fhormhuinigh an Chomhairle i mí na Samhna Plean Gníomhaíochta nua AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas don tréimhse ó 2020 go dtí 2024. Dírítear sa phlean ar dhaoine aonair a chosaint agus a chumhachtú, ar shochaithe a fhorbairt a bheidh athléimneach, cuimsitheach agus daonlathach, agus ar chóras domhanda do chearta an duine agus don daonlathas a chur chun cinn. I gcás cinntí lena gcuirtear an plean chun feidhme, níor tháinig na Ballstáit ar chomhaontú maidir le héascú a dhéanamh ar vótáil trí thromlach cáilithe. Ar bhonn níos nithiúla, tabharfaidh an tAontas tacaíocht agus cosaint dóibh siúd a chosnaíonn cearta an duine, oibreoidh sé chun deireadh a chur le pionós an bháis agus forbróidh sé uirlisí chun freagairt go tapa nuair a bheidh cearta agus saoirsí atá ann cheana faoi bhagairt. Tionscnamh mór nua amháin sa phlean gníomhaíochta is ea Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine a bhunú, a ghlac an Chomhairle i mí na Nollag ar bhonn gníomhartha dlíthiúla a mhol an tArdionadaí agus an Coimisiún.

Breathnóirí toghcháin ón Aontas ina suí ar bhinse ag caint le ceannaire áitiúil sa Ghuáin.
Is uirlis den scoth í an bhreathnóireacht toghcháin chun tacú leis an rannpháirtíocht dhaonlathach, agus is cuid thábhachtach í de Phlean Gníomhaíochta AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas. In imeachta na mblianta tá breis agus 300 misean seolta ag an Aontas. In 2020, rinne misin bhreathnóireachta ón Aontas monatóireacht ar na toghcháin chomhdhálacha luatha i bPeiriú i mí Eanáir, ar an olltoghchán agus na toghcháin réigiúnacha sa Ghuáin i mí an Mhárta agus ar na toghcháin uachtaránachta agus pharlaiminte i nGána i mí na Nollag. Sa ghrianghraf: Breathnóirí ón Aontas ag labhairt leis an Toshao, an taoiseach tofa ar phobal Guáineach. Tá sé ríthábhachtach dul i dteagmháil leis na ceannairí áitiúla chun a áirithiú go n-urramaítear cearta gach duine le linn an phróisis toghcháin.

Ghlac an Coimisiún a Phlean Gníomhaíochta nua maidir le hInscne do 2021-2025 i mí na Samhna, chun dlús a chur leis an dul chun cinn maidir le comhionannas inscne agus cumhachtú na mban i ngníomhaíochtaí seachtracha an Aontais. Cuireann an plean treochlár oibríochtúil ar fáil don Aontas chun go n-oibreoidh sé i gcomhar leis na geallsealbhóirí uile – lena n-áirítear comhpháirtithe iltaobhacha, réigiúnacha agus náisiúnta, rialtais chomhpháirtíochta, an tsochaí shibhialta agus an earnáil phríobháideach – chun comhionannas inscne agus cumhachtú na mban a chur chun cinn, ar mhaithe le domhan comhionann ó thaobh inscne de, mar ghné ríthábhachtach chun téarnamh domhanda a bhaint amach a bheidh cothromasach, inbhuanaithe agus cuimsitheach, mar aon le fás agus rathúnas.

Léaráid sonraí maidir le saincheisteanna inscne i gcomhthéacs an chomhair um fhorbairt.

In 2020, tá post ar phá ag níos lú na 50% de na mná i gcomparáid le 76% de na fir. Is mná iad 80% de na daoine atá easáitithe de dheasca thionchar an athraithe aeráide. In 2019, bhí an comhionannas inscne ar cheann de na cuspóirí a bhí ag 64.25% de na tionscadail nua uile dar luach 8.7 billiún euro. Faoi 2025, cuirfidh 85% de ghníomhaíochtaí seachtracha nua leis an gcomhionannas inscne agus le cumhachtú na mban a chur chun cinn.

Léaráid sonraí maidir le saincheisteanna inscne i gcomhthéacs an chomhair um fhorbairt.

In 2020, tá post ar phá ag níos lú na 50% de na mná i gcomparáid le 76% de na fir. Is mná iad 80% de na daoine atá easáitithe de dheasca thionchar an athraithe aeráide. In 2019, bhí an comhionannas inscne ar cheann de na cuspóirí a bhí ag 64.25% de na tionscadail nua uile dar luach 8.7 billiún euro. Faoi 2025, cuirfidh 85% de ghníomhaíochtaí seachtracha nua leis an gcomhionannas inscne agus le cumhachtú na mban a chur chun cinn.

Cúnamh Forbraíochta agus Daonnúil

Cúig bhilliún déag euro san iomlán a bhí i mbuiséad an Choimisiúin le haghaidh cúnamh forbartha in 2020. Príomhthosaíocht na bliana seo ab ea tionchar COVID-19 a mhaolú sna tíortha is leochailí; mar sin féin, thug an tAontas tiomantas uaidh i réimsí eile chomh maith, cuir i gcás sa chomhrac i gcoinne ráig na lócaistí gaineamhlaigh in Oirthear na hAfraicefaoiseamh ó fhiachas do roinnt de na tíortha is boichte agus is leochailí ar domhan.

Maidir leis an bPlean Eorpach Infheistíochta Seachtraí, plean dar luach EUR 5.1 billiún, is éard is dócha go mbeidh infheistíocht luach breis agus EUR 50 billiún a chur ar fáil aige i dtíortha atá i gcomharsanacht an Aontais agus san Afraic. Tá sé ag dul chun tairbhe do dhaoine aonair, do phobail agus do ghnólachtaí beaga cheana féin, agus in 2020 rinneadh athdhíriú ar an bplean chun cabhrú le freagairt do phaindéim COVID-19. Áiríodh leis sin EUR 400 milliún i ráthaíochtaí don tSaoráid um Rochtain Dhomhanda ar Vacsaín COVID-19, an tionscnamh domhanda chun rochtain chóir agus chothromasach a sholáthar ar vacsaíní COVID-19.

Shroich cabhair dhaonnúil an AE na milliúin daoine leochaileacha arís in ainneoin go leor dúshlán i mbliana. Caitheadh EUR 2 bhilliún ar an gcabhair sin, agus an sciar is mó san Afraic fho-Shahárach, áit a bhfuil cabhair dhaonnúil de dhíth ar níos mó ná 18 milliún duine faoi láthair, agus ina dhiaidh sin sa tSiria, áit a bhfuil níos mó ná 11 mhilliún duine i lúba an ghátair. In éineacht leis na Ballstáit, tá an tAontas fós ar an deontóir cabhrach daonnúla is mó ar domhan.

Trádáil

Athbhreithniú ar bheartas trádála

Ní mór an fhreagairt ar dhúshláin dhomhanda nua agus na ceachtanna a foghlaimíodh ó ghéarchéim an choróinvíris a bheith mar threoir do chur chuige an Aontais i leith na trádála. I bhfianaise an méid sin, sheol an Coimisiún athbhreithniú ar an mbeartas trádála atá ann faoi láthair, ina raibh comhairliúchán poiblí agus a bhfuil sé d’aidhm aige teacht ar chomhaontú maidir le straitéis nua mheántéarmach do thrádáil AE.

Graf a léiríonn treocht na trádála idirnáisiúnta san Aontas.

Léiríonn an graf seo treocht thrádáil idirnáisiúnta earraí an Aontais ar bhonn an athraithe céatadáin mhíosúil i gcomparáid leis an tréimhse thagartha chéanna ó anuraidh. Tar éis treocht sheasmhach um 0% le hathruithe beaga in iompórtálacha agus easpórtálacha araon, thit leibhéal na n‑easpórtálacha go tobann ó mhí Fheabhra 2020 i leith gur shroich sé an íosphointe de lúide 30% i mí Aibreáin agus mí na Bealtaine agus shroich iompórtálacha íospointe de 26% i mí na Bealtaine. Ó na pointí sin, thosaigh na leibhéil iompórtálacha agus easpórtálacha ag fás arís i dtreo leibhéal na cothroime agus shocraigh siad um 0% i gcás easpórtálacha agus lúide 5% i gcás iompórtálacha i mí na Samhna 2020. Foinse: Eurostat, 2020.

Bhí tionchar mór diúltach ag COVID19 ar an trádáil. Mar sin féin, mar gheall ar bheartas láidir trádála an Aontais, d’éirigh leis an Aontas na leibhéil trádála idirnáisiúnta a bhí ann roimh an ngéarchéim a thabhairt slán arís mórán faoi dheireadh 2020.

Tá sé ríthábhachtach beartas láidir trádála agus infheistíochta a bheith ann chun tacú leis an téarnamh eacnamaíoch, chun poist ardcháilíochta a chruthú agus chun cuideachtaí san Aontas a chosaint ar chleachtais éagóracha sa bhaile agus thar lear. Tacaíonn sé freisin le tosaíochtaí níos leithne i réimsí na hinbhuanaitheachta, an athraithe aeráide, an gheilleagair dhigitigh agus na slándála. Is crann taca láidir é an tAontas do chóras trádála atá bunaithe ar rialacha. In 2020, is faoina stiúir sin a bunaíodh comhshocrú an achomhairc eatramhaigh ilpháirtí ionas go bhféadfadh comhaltaí na hEagraíochta Domhanda Trádála leanúint ar aghaidh ag réiteach díospóidí cé nach bhfuil a comhlacht achomhairc in ann feidhmiú fós. Is i mí Aibreáin a tháinig an socrú i bhfeidhm, agus faoi dheireadh 2020, bhí sé sínithe ag 23 chomhalta den Eagraíocht Dhomhanda Trádála, mar aon leis an Aontas.

Beartas trádála a fhorfheidhmiú

I mí Iúil, cheap an Coimisiún a chéad Phríomhoifigeach Forfheidhmithe Trádála chun clár oibre an Aontais maidir le cur chun feidhme agus forfheidhmiú a neartú, laistigh den Aontas agus ar fud an domhain araon. Cinnteoidh an tOifigeach go gcomhlíonfaidh comhpháirtithe a ngealltanais go hiomlán agus gur féidir le honnmhaireoirí AE, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide, tairbhe iomlán a bhaint as comhaontuithe trádála AE. Neartóidh siad freisin forfheidhmiú na ngealltanas maidir le forbairt inbhuanaithe, go háirithe i ndáil leis an aeráid agus cearta saothair.

I mí Iúil, rinne an tAontas pacáiste beart a nuashonrú chun tionscal cruach an Aontais a chosaint. Is é is aidhm don chosaint agus don choimirce sin – is as athbhreithniú in 2018 d’eascair siad – an tionscal a chosaint, i measc nithe eile, ar na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag táirgeoirí eachtracha cruach agus a rótháirgeadh á atreorú acu chuig an Aontas tar éis srianta allmhairithe SAM ar chruach agus ar alúmanam.

An tAontas agus Meicsiceo

An 28 Aibreán, thug an tAontas agus Meicsiceo an chaibidlíocht faoi chomhaontú trádála nua i gcrích. Tá an comhaontú fós le síniú agus le daingniú ag an Aontas agus ag Meicsiceo.

Is é Meicsiceo an comhpháirtí trádála is mó atá ag an Aontas i Meiriceá Laidineach, agus tá trádáil dhéthaobhach earraí luach EUR 66 bhilliún (2019) agus trádáil seirbhísí luach EUR 19 mbilliún (2018) á déanamh acu le chéile. Tá méadú faoi thrí nach mór tagtha ar an trádáil earraí idir an tAontas agus Meicsiceo ó tháinig an comhaontú bunaidh i bhfeidhm in 2001, agus luach nach mór EUR 40 billiún d’earraí á n-easpórtáil ag an Aontas in aghaidh na bliana.

Faoin gcomhaontú nua idir an tAontas agus Meicsiceo, is saor ó dhleacht a bheidh an trádáil earraí go léir nach mór idir an tAontas agus Meicsiceo. Áirítear sa chomhaontú nua rialacha forásacha maidir le forbairt inbhuanaithe agus gealltanas Comhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide a chur chun feidhme go héifeachtach. Is é an chéad chomhaontú ag an Aontas é freisin le tír i Meiriceá Laidineach a bhfuil cosaint infheistíochta san áireamh ann. Is cuid de Chomhaontú Domhanda idir an tAontas agus Meicsiceo é an comhaontú trádála, comhaontú níos leithne lena gcuimsítear cearta an duine agus an comhar polaitiúil agus forbartha freisin. Is é an chéad chomhaontú trádála de chuid an Aontais é ina bhfuil forálacha maidir le comhrac an éillithe, le bearta chun gníomhú i gcoinne breabaireachta agus sciúradh airgid.

Léaráid maidir leis an gcaidreamh trádála idir an Fhionlainn agus Meicsiceo.

Is é Meicsiceo an ceathrú comhpháirtí trádála déag is mó dá bhfuil ag an bhFionlainn lasmuigh den Aontas. Tá barrachas trádála 275 milliún euro ag an bhFionlainn le Meicsiceo. 429 milliún euro is ea luach easpórtálacha na Fionlainne chuig Meicsiceo. 154 mhilliún euro is ea luach iompórtálacha na Fionlainne ó Mheicsiceo.

Sampla den trádáil idir Ballstát amháin agus Meicsiceo. Tá dlúthchaidreamh trádála ann idir an Fhionlainn agus Meicsiceo cheana. Cuirfidh an comhaontú idir an tAontas agus Meicsiceo borradh mór faoi.

Comhaontú trádála idir an tAontas agus Vítneam

Ar an 1 Lúnasa, tháinig comhaontú an Aontais le Vítneam i bhfeidhm. De réir a chéile, cuirfidh an comhaontú trádála deireadh le dleachtanna ar 99 % de na hearraí uile atá sa trádáil idir an dá gheilleagar, agus beidh cuideachtaí AE in ann infheistiú i Vítneam agus cur isteach ar chonarthaí rialtais ar chomhchéim leis na hiomaitheoirí áitiúla. Áirítear sa chomhaontú freisin forálacha láidre in-fhorfheidhmithe atá ceangailteach ó thaobh dlí maidir le forbairt inbhuanaithe chun urraim do chearta saothair, cosaint an chomhshaoil agus cur chun feidhme Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide a ráthú.

Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an tSeapáin: bliain tar éis cheapadh an Chomhaontaithe sin

Ba é an 1 Feabhra an chéad lá den Chomhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an tSeapáin, agus tá borradh tagtha faoin trádáil cheana féin, agus méadú 5 % in aghaidh na bliana ar onnmhairí AE chun na Seapáine sa chéad 12 mhí den chur chun feidhme (go dtí deireadh mhí Eanáir 2020). Cuireann an comhaontú deireadh le formhór na ndleachtanna, dar luach EUR 1 bhilliún, dleachtanna a fhorchuireann an tSeapáin gach bliain ar iompórtálacha ón Aontas. Ón gcéad lá, féadadh os cionn 90 % d’easpórtálacha an Aontais a chur isteach sa tSeapáin saor ó dhleacht. A luaithe a bheidh an comhaontú curtha chun feidhme ina iomláine, beidh deireadh curtha ag an tSeapáin le dleachtanna custaim ar 97 % d’iompórtálacha ón Aontas, agus d’fhéadfadh méadú nach mór EUR 36 bhilliún sa bhliain teacht ar an trádáil idir an tAontas agus an tSeapáin.

Ursula von der Leyen, Charles Michel agus Shinzō Abe ag glacadh páirt i gcruinniú cheannairí an Aontais agus na Seapáine trí fhíschomhdháil.
Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh (barr ar dheis), Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí (ar chlé), agus Shinzō Abe, Príomh-Aire na Seapáine, ag glacadh páirt i gcruinniú cheannairí an Aontais agus na Seapáine trí fhíschomhdháil, an 26 Bealtaine 2020.

Caibidlíocht trádála eile atá ar siúl faoi láthair

Lean an tAontas den chaibidlíocht le haghaidh comhaontuithe trádála leis an Astráil agus an Nua-Shéalainn, lena raibh ceithre bhabhta agus trí bhabhta cainteanna faoi seach aige. Thionóil an tAontas babhta amháin caibidlíochta leis an Indinéis le haghaidh comhaontú trádála, agus trí bhabhta caibidlíochta le hOileáin Chomóra, le Madagascar, le hOileán Mhuirís, leis na Séiséil agus leis an tSiombáib chun an comhaontú comhpháirtíochta eacnamaíche atá aige leis na tíortha sin a threisiú.

An tAontas mar chomhpháirtí iltaobhach

Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhomhanda atá ag dul i méid i gcónaí, tá córas iltaobhach de dhíth ar an Aontas atá éifeachtach agus treisithe. Cé gur baineadh an bonn den iltaobhachas le blianta beaga anuas, tacaíonn an tAontas fós le hord idirnáisiúnta atá bunaithe ar rialacha, agus na Náisiúin Aontaithe ina chroílár.

I ndáil leis sin, agus na Náisiún Aontaithe ag comóradh 75 bliain ar an bhfód, ba bhliain thábhachtach í 2020 toisc gur léirigh tionchar domhanda na paindéime an gá atá le méadú an chomhair idirnáisiúnta idir eolaithe, eacnamaithe agus lucht déanta beartas ag na Náisiúin Aontaithe, ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta, agus laistigh den G7, den G20 agus d’fhóraim idirnáisiúnta eile.

An Berlaymont, ceanncheathrú an Choimisiúin Eorpaigh sa Bhruiséil, agus é soilsithe le dath gorm na Náisiún Aontaithe.
Rinneadh an Berlaymont, ceanncheathrú an Choimisiúin Eorpaigh sa Bhruiséil, an Bheilg, a shoilsiú le dath gorm na Náisiún Aontaithe an 24 Deireadh Fómhair 2020 mar chomóradh ar 75 bliana de Chairt na Náisiún Aontaithe.

Thacaigh an tAontas le héileamh Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe António Guterres go mbeadh sos comhraic domhanda ann i bhfianaise phaindéim COVID-19, agus lean sé air ina ról cinnireachta chun an comhphobal idirnáisiúnta a shlógadh i gcásanna imní, chun comhdhálacha móra a eagrú maidir leis an tSúdáin, an tSiria agus Veiniséala.

Déanann beartais sláinte an Aontais agus na hEagraíochta Domhanda Sláinte comhlánú ar a chéile, de réir mar a oibríonn siad le chéile ar COVID-19, ar phaindéimí a bheidh ann amach anseo a chosc agus ar dhúshláin sláinte eile nach é. Mar shampla, áirítear ar an gcomhar leathan atá eatarthu réimsí mar a leanas: an comhrac in aghaidh na hailse, an nuálaíocht i gcórais sláinte agus sábháilteacht bia.

Chomh maith leis sin, tá an tAontas Eorpach ag tacú le hathchóiriú ó bhonn ar an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, go díreach chun cur ar chumas na hEorpa leanúint ar aghaidh ag baint tairbhe as deiseanna i leith na hoscailteachta agus an chomhtháthaithe dhomhanda, agus aghaidh á tabhairt ar leochaileacht ár gcórais eacnamaíochta agus pholaitiúil ag an am céanna.

Bratacha an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe os coinne na spéire. © Adobe Stock

Caidreamh nua a chothú leis an Ríocht Aontaithe

B’fhiú an troid chun an margadh seo a dhéanamh mar anois tá comhaontú cóir cothrom againn leis an Ríocht Aontaithe, comhaontú a chosnóidh ár leasanna Eorpacha, a chinnteoidh iomaíocht chóir, agus a thabharfaidh an intuarthacht a bhfuil géarghá léi dár bpobail iascaireachta. Ar an rud deiridh, is féidir linn Brexit a fhágáil inár ndiaidh agus féachaint i dtreo na todhchaí. Beidh an Eoraip ag tabhairt faoin gcéad dúshlán eile anois.

Ursula von der Leyen agus Charles Michel ag síniú an chomhaontaithe, agus Michel Barnier sa chúlra.
Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, ag síniú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach i láthair Michel Barnier, Ceann an Tascfhórsa um an gCaidreamh leis an Ríocht Aontaithe, an Bhruiséil, an Bheilg, an 24 Eanáir 2020.

D’fhág an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach an 31 Eanáir 2020, tar éis don Aontas agus don Ríocht Aontaithe an Comhaontú um Tharraingt Siar a dhaingniú. Leagtar amach téarmaí imeacht ordúil na Ríochta Aontaithe as an Aontas sa chomhaontú, i gcomhréir le hAirteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus is ar an 1 Feabhra 2020 a tháinig sé i bhfeidhm. Cuireadh tús le hidirthréimhse go dtí an 31 Nollaig 2020, agus bhí an Ríocht Aontaithe ina ball den Mhargadh Aonair agus den Aontas Custaim lena linn. Ba é ab aidhm don mhéid sin am a thabhairt chun comhpháirtíocht nua chóir a chaibidliú don todhchaí, bunaithe ar an Dearbhú Polaitiúil a comhaontaíodh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe i mí Dheireadh Fómhair 2019.

Tá Feisirí de Pharlaimint na hEorpa ag seasamh agus ag coinneáil lámh i bParlaimint na hEorpa.
Feisirí Pharlaimint na hEorpa i ngreim láimhe a chéile ag canadh Auld Lang Syne tar éis an Comhaontú um Tharraingt Siar idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe a fhormheas dóibh, sular cuireadh faoi bhráid na Comhairle é don chéim dheireanach sa phróiseas daingniúcháin, an Bhruiséil, an Bheilg, an 29 Eanáir 2020.

An 25 Feabhra, thug an Chomhairle cead tús a chur leis na cainteanna leis an Ríocht Aontaithe, agus d’ainmnigh sí an Coimisiún go foirmiúil ina idirbheartaí thar ceann an Aontais agus ghlac sí na treoracha caibidlíochta lena leagtar síos scóip na comhpháirtíochta a bheidh ann amach anseo, lena gcuimsítear réimsí éagsúla, mar shampla trádáil, iascach, slándáil agus cosaint, forfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla. Lean Michel Barnier, Ceann Thascfhórsa an Choimisiúin Eorpaigh um Chaidreamh leis an Ríocht Aontaithe, lena ról mar phríomh-idirbheartaí an Aontais.

Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe sa Bhruiséil an 2 Márta, maidir leis an gcuid is mó de na hábhair a chuimsítear faoin Dearbhú Polaitiúil, taobh amuigh den bheartas eachtrach agus slándála, nithe ar dhiúltaigh an Ríocht Aontaithe dul i mbun plé fúthu. Leanadh den chaibidlíocht in ainneoin na ndeacrachtaí a tháinig as ráig phaindéim an choróinvíris; is trí fhíschomhdháil a reáchtáladh na babhtaí caibidlíochta i mí Aibreáin, i mí na Bealtaine agus i mí an Mheithimh.

Ar an 18 Márta, d’fhoilsigh an Coimisiún dréacht-chomhaontú dlíthiúil le haghaidh comhpháirtíocht uaillmhianach, nua-aimseartha agus chuimsitheach sa todhchaí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, lenar aistríodh sainordú na Comhairle an 25 Feabhra ina théacs dlíthiúil.

I gcomhthráth leis an gcaibidlíocht maidir leis an gcomhpháirtíocht a bheidh ann amach anseo idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, lean an tAontas dá chuid oibre chun a chinntiú go mbeadh gach gnólacht, gach saoránach agus gach údarás poiblí ullamh don suaitheadh dosheachanta a thiocfadh as cinneadh na Ríochta Aontaithe Margadh Aonair agus Aontas Custaim an Aontais a fhágáil ar an 1 Eanáir 2021.

An 24 Nollaig, tháinig idirbheartaithe an Aontais agus na Ríochta Aontaithe ar chomhaontú maidir le téacs an Chomhaontaithe nua Trádála agus Comhair chun a gcaidreamh a rialú.

An 29 Nollaig, ghlac an Chomhairle an cinneadh maidir le síniú an Chomhaontaithe Trádála agus Comhair idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe agus a chur i bhfeidhm go sealadach ón 1 Eanáir 2021, go dtí go mbeidh a toiliú tugtha ag Parlaimint na hEorpa agus an comhaontú tugtha i gcrích le cinneadh ón gComhairle.

An 30 Nollaig 2020, shínigh an dá pháirtí an comhaontú: Ursula von der Leyen, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus Charles Michel, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, a shínigh sa Bhruiséil thar ceann an Aontais Eorpaigh roimh dhaingniú iomlán an Aontais Eorpaigh in 2021, agus shínigh an Príomh-Aire Boris Johnson i Londain thar ceann na Ríochta Aontaithe.

Cé nach mbeidh an comhaontú nua – Comhaontú nua Trádála agus Comhair – idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe ag teacht, ar bhealach ar bith, leis an leibhéal comhair a bhí ann le linn don Ríocht Aontaithe a bheith ina Ballstát den Aontas, tá sé i bhfad níos cuimsithí ná comhaontuithe saorthrádála traidisiúnta agus cuireann sé bonn daingean faoin gcairdeas agus an comhar atá eadrainn le fada an lá.

Is éard atá ann:

  1. comhaontú saorthrádála nach bhfacthas a leithéid riamh cheana;
  2. comhar uaillmhianach maidir le saincheisteanna eacnamaíocha, sóisialta, comhshaoil agus iascaigh mar dhlúthchuid den chomhpháirtíocht eacnamaíoch nua;
  3. dlúth-chomhpháirtíocht le haghaidh shlándáil na saoránach; agus
  4. creat rialachais uileghabhálach.

Tá sé le haithint ar an gcomhaontú go bhfuil an Ríocht Aontaithe ag fágáil éiceachóras an Aontais Eorpaigh i ndáil le rialacha, sásraí maoirseachta agus forfheidhmithe comhchoiteanna, agus dá bhrí sin nach bhféadfaidh sí leas a bhaint a thuilleadh as na tairbhí a bhaineann le ballraíocht sa mhargadh aonair.

Faoin gcomhaontú tugtar cearta do gach páirtí agus cuirtear oibleagáidí air, agus, lena linn sin, déantar a neamhspleáchas rialála agus cinnteoireachta á urramú go hiomlán.

Ó d’iarr an Ríocht Aontaithe é, ní chuimsítear leis an gcomhaontú comhar maidir le beartas eachtrach, slándáil sheachtrach agus cosaint, cé go ndearnadh foráil maidir leis sin ar dtús sa Dearbhú Polaitiúil.

Mar a chomhaontaigh an Chomhairle Eorpach i mí Iúil, mhol an Coimisiún i mí na Nollag go gcruthófaí Cúlchiste Coigeartaithe Brexit ag a mbeadh buiséad foriomlán EUR 5 bhilliún, chun cur i gcoinne iarmhairtí diúltacha eacnamaíocha agus sóisialta sna Ballstáit agus sna hearnálacha is mó atá buailte.

Grianghraf de sheomra cruinnithe na Comhairle Eorpaí agus daoine sa chúlra.

Forbairtí institiúideacha agus buiséadacha

Paindéim COVID-19

Sa chéad leath de 2020, dhírigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar chinntí a bhain leis an bpaindéim, cinntí a rinneadh trí chianchruinnithe den chuid is mó. Tháinig na ceannairí le chéile trí fhíschomhdháil i rith na bliana chun freagairt an Aontais ar an gcoróinvíreas a chomhordú, agus glacadh roinnt mhaith tograí ríthábhachtacha níos tapúla ná riamh. Ina theannta sin, thionóil an Chomhairle Eorpach roinnt cruinnithe ina raibh na rannpháirtithe i láthair a chéile chun an fhreagairt ar an bpaindéim agus saincheisteanna eile a phlé, lena n-áirítear buiséad fadtéarmach an Aontais, an caidreamh idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, an tslándáil, an t-athrú aeráide agus gnóthaí eachtracha.

David Sassoli, masc á chaitheamh aige, ag leagan bláth in aice le tine shearmanais.
David Sassoli, Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, i láthair ag an searmanas stáit i gcuimhne íospartaigh COVID-19, Maidrid, an Spáinn, an 16 Iúil 2020.

I gcás na Parlaiminte, bhí formheas an Tionscnaimh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas agus tacaíocht airgeadais éigeandála don earnáil cúraim sláinte i measc na gcinntí a glacadh go hachomair, agus é á chinntiú ag an am céanna go gcuimsítear éigeandálaí sláinte poiblí le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh. Ag tosú i mí an Mhárta, bhí na seisiúin iomlánacha go léir ar siúl sa Bhruiséil. Ó mhí Dheireadh Fómhair ar aghaidh is cruinnithe hibrideacha a bhí ann, agus páirt á glacadh go cianda iontu acu siúd nach raibh lonnaithe sa Bhruiséil i dteannta na ndaoine a bhí i láthair sa seomra. Bhí an Coimisiún i láthair go fisiceach i gcónaí sna seisiúin sin. Reáchtáladh físchomhdhálacha in ionad go leor cruinnithe fisiciúla de chuid na Comhairle sa chéad leath den bhliain. Tháinig Coiste na mBuanionadaithe i láthair a chéile i rith na bliana chun leanúnachas obair na Comhairle a chinntiú. Ghníomhaigh an Pharlaimint agus an Chomhairle araon le luas as cuimse chun bearta a achtú a raibh tionchar dearfach láithreach acu ar shaoránaigh, ar ghnólachtaí agus ar réigiúin.

Bhí tionchar mór ag géarchéim na paindéime freisin ar obair Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus ar obair Choiste Eorpach na Réigiún. Ghlac an dá choiste roinnt tuairimí ábhartha, agus i mí Aibreáin 2020 sheol Coiste na Réigiún ardán malartaithe chun comhar a chothú idir réigiúin agus cathracha ar fud na hEorpa. Sheol Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a Dhuais Dlúthpháirtíochta Sibhialta chun aitheantas a thabhairt do 28 dtionscnamh a théann i ngleic le hiarmhairtí ghéarchéim an choróinvíris.

Comhaontú maidir le buiséad fadtéarmach an Aontais don tréimhse 2021–2027 agus NextGenerationEU

Go déanach i bhfómhar na bliana 2020, d’aontaigh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, le tacaíocht ón gCoimisiún Eorpach, an pacáiste is mó a maoiníodh riamh trí bhuiséad an Aontais, dar luach EUR 1.8 trilliún, agus ghlac siad ina dhiaidh sin é. Trí aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim COVID-19 agus ar na hiarmhairtí a bhaineann léi, cuideoidh an pacáiste le hatógáil na hEorpa ionas go mbeidh sí níos glaise, níos digití agus níos athléimní, mar aon le bheidh níos ullmhaithe do na dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo.

Roinnt fíricí agus figiúirí tábhachtacha

  • Buiséad fadtéarmach don tréimhse 2021-2027 dar luach €1.074 trilliún (i bpraghsanna 2018), in éineacht leis an ionstraim aisghabhála shealadach, NextGenerationEU, dar luach €750 billiún.
  • Tacóidh níos mó ná 50 % den bhuiséad leis an nuachóiriú a dhéanfar le beartais ina bhfuil taighde agus nuálaíocht san áireamh, tríd an gclár Fís Eorpach; aistrithe córa aeráide agus digiteacha, tríd an gCiste um Aistriú Cóir agus an clár don Eoraip Dhigiteach; agus ullmhacht, téarnamh agus athléimneacht, tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, rescEU agus clár sláinte nua, EU4Health.
  • Déanfar beartais sheanbhunaithe amhail an comhtháthú agus an comhbheartas talmhaíochta a nuachóiriú agus leanfaidh siad de chistí buiséadacha suntasacha a fháil, agus é mar chuspóir tacú leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach.
  • Is gá 30 % de chistí an Aontais faoi NextGenerationEU agus faoin mbuiséad fadtéarmach araon a chaitheamh ar an athrú aeráide a chomhrac. Tugtar aird ar leith freisin sa phacáiste ar chosaint na bithéagsúlachta agus ar phríomhshruthú inscne.
  • Déanfar cláir thábhachtacha, cuir i gcás Erasmus+, EU4Health agus Fís Eorpach, a atreisiú, i gcomparáid leis an gcomhaontú ag cruinniú speisialta na Comhairle Eorpaí i mí Iúil 2020, is é sin atreisiú dar luach €15 bhilliún.

Den chéad uair riamh, beidh sásra sonrach ag an Aontas chun a bhuiséad a chosaint ar sháruithe ar an smacht reachta: an Rialachán maidir le Córas Ginearálta Coinníollachta chun Buiséad an Aontais a Chosaint. Cuirfidh sé sraith chosanta sa bhreis ar fáil don bhuiséad. Glacfaidh an Coimisiún treoirlínte maidir le gnéithe áirithe de chur i bhfeidhm an rialacháin. Idir an dá linn, beidh feidhm ag an rialachán ón 1 Eanáir 2021. Ní dhéanfaidh an sásra sin dochar do na tairbhithe deiridh a fhaigheann maoiniú ón Aontas sa Bhallstát lena mbaineann.

Léaráid a léiríonn miondealú ar bhuiséad fadtéarmach an Aontais le haghaidh na tréimhse ó 2021 go 2027.

Buiséad fadtéarmach an Aontais le haghaidh 2021 go dtí 2027. Beidh ról lárnach i gcónaí ag buiséad fadtéarmach an Aontais maidir le tacaíocht a thabhairt don téarnamh agus deimhin a dhéanamh de go bhfaighidh gnáth‑thairbhithe chistí an Aontais a ndóthain acmhainní chun leanúint ar aghaidh lena gcuid oibre le linn na tréimhse seo atá an‑dúshlánach do chách. Gheobhaidh an Margadh Aonair, an nuálaíocht agus cúrsaí digiteacha 132.8 billiún euro faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil agus gheobhaidh siad a 10.6 billiún euro faoi Ionstraim Théarnamh an Aontais, agus dá bhrí sin, 143.4 billiún euro a bheidh sa chistiú iomlán. Gheobhaidh an comhtháthú, an athléimneacht agus luachanna 377.8 billiún euro faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil agus gheobhaidh siad 721.9 euro faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais, agus dá bhrí sin, 1,099.7 billiún euro a bheidh sa chistiú iomlán. Gheobhaidh acmhainní nádúrtha agus an comhshaol 356.4 billiún euro faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil agus gheobhaidh siad 17.5 billiún euro faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais, agus dá bhrí sin, 373.9 billiún euro a bheidh sa chistiú iomlán. Gheobhaidh an imirce agus bainistiú teorainneacha 22.7 billiún euro faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil agus ní bhfaighidh siad aon chistiú faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais, agus dá bhrí sin, 22.7 billiún euro a bheidh sa chistiú iomlán. Gheobhaidh an tslándáil agus an chosaint a 13.2 billiún euro faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil agus ní bhfaighidh siad aon chistiú faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais, agus dá bhrí sin, a 13.2 billiún euro a bheidh sa chistiú iomlán. Gheobhaidh an chomharsanacht agus an domhain 98.4 billiún euro faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil agus ní bhfaighidh siad aon chistiú faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais, agus dá bhrí sin, 98.4 billiún euro a bheidh sa chistiú iomlán. Gheobhaidh Riarachán Poiblí an hEorpa seachtó a 73.1 billiún euro faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil agus ní gheobhaidh sé aon chistiú faoi Ionstraim Théarnamh na hEorpa, agus dá bhrí sin, 73.1 euro a bheidh sa chistiú iomlán. 1,074.3 billiún euro atá sa chistiú iomlán le haghaidh na n‑earnálacha uile faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil agus 750 billiún euro atá sa chistiú iomlán le haghaidh na n‑earnálacha uile faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais, rud a chiallaíonn gur 1,824.3 billiún euro atá sa chistiú iomlán faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil. Foinse: An Coimisiún Eorpach.

Ag an am céanna, rinneadh obair ar an reachtaíocht earnálach lena mbunaítear cláir nua an Aontais. Thángthas ar chomhaontuithe polaitiúla ag deireadh 2020 maidir le formhór na dtionscnamh, agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, Fís Eorpach, an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta agus an clár nua EU4Health san áireamh. Táthar ag súil leis go nglacfar na cláir go foirmiúil go luath in 2021.

Gnóthaí institiúideacha

Sa Chomhairle, ghlac an Chróit cúram na huachtaránachta uirthi féin, agus is ar an nGearmáin a bhí an cúram sin amach sa bhliain. D’éirigh le hUachtaránacht na Cróite a chinntiú go nglacfaí gan mhoill na tograí a bhaineann le COVID-19 mar chuid den fhreagairt láithreach ar an ngéarchéim, mar shampla na Tionscnaimh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas, an tionscnamh sin Tacaíocht chun Rioscaí Dífhostaíochta a mhaolú i gCás Éigeandála agus an moladh ón gComhairle maidir le taisteal neamhriachtanach isteach san Aontas. Roimh lár na bliana, is díol suntais a bhí ann gur cuireadh tús leis an gcaibidlíocht aontachais leis an Albáin agus leis an Macadóin Thuaidh i mí an Mhárta. Faoi Uachtaránacht na Gearmáine, bhí rath mór ar thabhairt chun críche an chreata airgeadais ilbhliantúil/an phacáiste téarnaimh agus ar thabhairt chun críche na caibidlíochta maidir le comhaontú trádála leis an Ríocht Aontaithe. Tháinig an Chomhairle Eorpach ar chomhaontú freisin maidir le sprioc aeráide níos uaillmhianaí le haghaidh 2030 agus thug sí aghaidh ar an gcás sa Bhealarúis, tír ar cuireadh trí bhabhta smachtbhannaí i bhfeidhm uirthi.

Tar éis an tsamhraidh, díríodh aird na Parlaiminte ar ghnóthaí institiúideacha, ag tosú leis an gcéad aitheasc a thug an tUachtarán von der Leyen ar Staid an Aontais an 16 Meán Fómhair. I mí Dheireadh Fómhair, rinne an Pharlaimint Mairead McGuinness a fhormheas in ionad Phil Hogan nuair a d’éirigh sé as an gCoimisiún. Anois is ise an Coimisinéir um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil.

Ba bhliain athnuachana í 2020 do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste Eorpach na Réigiún. Laghdaigh siad ó 350 go 329 mball an ceann tar éis Brexit, agus rinneadh athnuachan ar thart ar 40 % dá mballraíocht. Toghadh Apostolos Tzitzikostas ina Uachtarán ar Choiste Eorpach na Réigiún an 12 Feabhra, agus toghadh Christa Schweng ina hUachtarán ar Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 28 Deireadh Fómhair.

Teagmháil a dhéanamh le hinstitiúidí an Aontais Eorpaigh

Dul ann tú féin

Tá na céadta Ionad Eolais Europe Direct ann ar fud an Aontais Eorpaigh. Is féidir leat seoladh an ionaid is gaire duit a fháil anseo: https://europa.eu/european-union/contact_ga

Ar an bhfón nó le ríomhphost

Seirbhís is ea Europe Direct a thabharfaidh freagra duit ar cheisteanna faoin Aontas Eorpach: Is féidir leat dul i dteagmháil leis an tseirbhís sin:

— ag uimhir shaorghlao: 00 800 6 7 8 9 10 11 (d’fhéadfadh oibreoirí áirithe táille a ghearradh as na glaonna sin);

— ag an ngnáthuimhir seo a leanas: +32 22999696; nó

— le ríomhphost, tríd an suíomh: https://europa.eu/european-union/contact_ga

Eolas a fháil faoin Aontas Eorpach

Ar líne

Tá eolas faoin Aontas Eorpach ar fáil i ngach ceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh ar an suíomh gréasáin Europa ag: https://europa.eu/european-union/index_ga

Foilseacháin de chuid an Aontais

Is féidir leat foilseacháin de chuid an Aontais Eorpaigh, idir chinn saor in aisce agus chinn a bhfuil praghas orthu, a íoslódáil nó a ordú ag: https://op.europa.eu/ga/publications. Más mian leat a lán cóipeanna de na foilseacháin saor in aisce a fháil, is féidir dul i dteagmháil le Europe Direct nó le d’ionad eolais áitiúil chun é sin a dhéanamh (féach https://europa.eu/european-union/contact_ga).

Dlí an Aontais Eorpaigh agus doiciméid ghaolmhara

Chun teacht ar eolas dlíthiúil ón Aontas Eorpach, dlí an Aontais Eorpaigh ón mbliain 1952 ar aghaidh sna teangacha oifigiúla san áireamh, téigh chuig EUR-Lex ag: https://eur-lex.europa.eu

Sonraí oscailte ón Aontas Eorpach

Is féidir teacht ar thacair shonraí ón Aontas Eorpach ag Tairseach Sonraí Oscailte an Aontais (https://data.europa.eu/euodp/ga). Is féidir sonraí a íoslódáil agus a athúsáid saor in aisce, ar bhonn tráchtála nó ar bhonn neamhthráchtála.

Eolas faoin bhfoilseachán seo

AITHEANTÓIRÍ

An tAontas Eorpach in 2020 — AN TUARASCÁIL GHINEARÁLTA AR GHNÍOMHAÍOCHTAÍ AN AONTAIS EORPAIGH

Print ISBN 978-92-76-28735-3 ISSN 2443-9533 doi:10.2775/220486 NA-AD-21-001-GA-C
PDF ISBN 978-92-76-28706-3 ISSN 2443-9541 doi:10.2775/891698 NA-AD-21-001-GA-N
EPUB ISBN 978-92-76-28655-4 ISSN 2443-9541 doi:10.2775/792223 NA-AD-21-001-GA-E
HTML ISBN 978-92-76-28681-3 ISSN 2443-9541 doi:10.2775/75597 NA-AD-21-001-GA-Q

Tá leagan idirghníomhach den fhoilseachán seo, le naisc chuig ábhar ar líne, ar fáil i bhformáid PDF, EPUB agus HTML ag:
europa.eu/general-report/ga

An tAontas Eorpach in 2020 — An Tuarascáil Ghinearálta ar Ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh
An Coimisiún Eorpach
Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide
Seirbhís Eagarthóireachta & Sprioc For-rochtana
1049 An Bhruiséil
AN BHEILG

An tAontas Eorpach in 2020 — An Tuarascáil Ghinearálta ar Ghníomhaíochtaí an Aontais Eorpaigh a ghlac an Coimisiún Eorpach an 15 Feabhra 2021 faoi uimhir thagartha C(2021) 1002.

Níl an Coimisiún Eorpach faoi dhliteanas as aon iarmhairt a eascraíonn as athúsáid an fhoilseacháin seo.

Lucsamburg: Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, 2021

© An tAontas Eorpach, 2021

Déantar beartas athúsáide an Choimisiúin Eorpaigh a chur chun feidhme le Cinneadh 2011/833/AE ón gCoimisiún an 12 Nollaig 2011 maidir le hathúsáid dhoiciméid an Choimisiúin (IO L 330, 14.12.2011, lch. 39).

Ach amháin má shonraítear a mhalairt, údaraítear an doiciméad seo a athúsáid faoi cheadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0) (https://creativecommons.org/licenses/by/4.0/). Ciallaíonn sé sin go gceadaítear an athúsáid ar choinníoll go dtugtar an t-aitheantas cuí agus go léirítear aon athrú a dhéantar.

Le haghaidh míreanna nach bhfuil faoi úinéireacht an Aontais Eorpaigh a úsáid nó a atáirgeadh, d’fhéadfadh sé gur ghá cead a iarraidh go díreach ar shealbhóirí an chóipchirt.

CREIDIÚNTAÍ

Gach grianghraf © An tAontas Eorpach mura dtugtar a mhalairt le fios.