<!DOCTYPE html PUBLIC "yes" "xhtml1-strict.dtd">
<html xmlns="http://www.w3.org/1999/xhtml">
<!--GENDOC2XHTML # converter_version: 1.2.15-->
  <head>
    <title>2026-09-202609C108202401630-00-TRA-DOC-GA-CONCL-C-0163-24-202509074-07_00</title>
    <meta content="text/html; charset=utf-8" http-equiv="Content-Type"/>
    <meta content="" name="Gendoc_DGTGeneratedDate"/>
    <meta content="0" name="MSIP_Label_6bd9ddd1-4d20-43f6-abfa-fc3c07406f94_ContentBits"/>
    <meta content="Commission Use" name="MSIP_Label_6bd9ddd1-4d20-43f6-abfa-fc3c07406f94_Name"/>
    <meta content="ga-IE" name="Gendoc_Lang"/>
    <meta content="12/09/2025" name="CustomProvisoryEditionDate"/>
    <meta content="" name="Gendoc_GenerationDate"/>
    <meta content="" name="IsFlattened"/>
    <meta content="1" name="NumProc"/>
    <meta content="Final" name="Gendoc_EditionType"/>
    <meta content="0001" name="Gendoc_CaseNumberSuite"/>
    <meta content="7/01/2026 16:00:58" name="Gendoc_LastVerificationDate"/>
    <meta content="" name="Gendoc_ProcedureNumber"/>
    <meta content="ga" name="Gendoc_LangCode"/>
    <meta content="CNC" name="TypeDoc"/>
    <meta content="Q5bvrhi8nTVz0rTepiD4OIJMKa/PScBVwtD0OGwZcnKDmG8nGOnR48IxLJ9T2bYoMxC2869+tFLzjBRDTTXF1P/P5cveWLoM+csIB+c6qWaYmqkDyc2YHiAuLhHshMfbMn60iVe6E1HsR2LXGfC9yLUXgK4F4rI0UEoB2QINPH0=" name="GenDocUID"/>
    <meta content="P" name="TypeProc"/>
    <meta content="" name="CreateCustomParts"/>
    <meta content="OK" name="ReadyToPublish"/>
    <meta content="connehe" name="Gendoc_User"/>
    <meta content="10, 3, 0, 1" name="MSIP_Label_6bd9ddd1-4d20-43f6-abfa-fc3c07406f94_Tag"/>
    <meta content="" name="EP_Mode"/>
    <meta content="" name="Gendoc_DGTGenerated"/>
    <meta content="" name="Gendoc_Vademecum"/>
    <meta content="true" name="MSIP_Label_6bd9ddd1-4d20-43f6-abfa-fc3c07406f94_Enabled"/>
    <meta content="eab8d95e-93e2-40da-a9b9-30f1c9377ca2" name="MSIP_Label_6bd9ddd1-4d20-43f6-abfa-fc3c07406f94_ActionId"/>
    <meta content="0163" name="NumeroOrdre"/>
    <meta content="2024" name="Annee"/>
    <meta content="P" name="Gendoc_ProcedureType"/>
    <meta content="" name="EP_Version"/>
    <meta content="GA" name="Langue"/>
    <meta content="connehe" name="Gendoc_DGTGeneratedUser"/>
    <meta content="b24c8b06-522c-46fe-9080-70926f8dddb1" name="MSIP_Label_6bd9ddd1-4d20-43f6-abfa-fc3c07406f94_SiteId"/>
    <meta content="FAST_document_go_ok" name="Gendoc_LastVerificationStatus"/>
    <meta content="CNC_C" name="Gendoc_GendocTemplateType"/>
    <meta content="TRUE" name="WithoutAuthorBlockFlatP"/>
    <meta content="GenDoc 12-09-25 10:41:56" name="Created"/>
    <meta content="" name="Canevas3_Vademecum"/>
    <meta content="2025-10-13T11:59:20Z" name="MSIP_Label_6bd9ddd1-4d20-43f6-abfa-fc3c07406f94_SetDate"/>
    <meta content="TRUE" name="WithoutAuthorBlock"/>
    <meta content="" name="Gendoc_CaseYear"/>
    <meta content="false" name="Generation_In_Progress"/>
    <meta content="C" name="Juridiction"/>
    <meta content="51a304102ffe43bab70c932505d06987" name="DocumentIdentifier"/>
    <meta content="0163" name="Gendoc_CaseNumber"/>
    <meta content="ImportedWithoutSource" name="SdlIdentifier"/>
    <meta content="RP" name="NatureAff"/>
    <meta content="RP" name="Gendoc_CaseNature"/>
    <meta content="0001" name="NumSuite"/>
    <meta content="C" name="Gendoc_Juridiction"/>
    <meta content="Standard" name="MSIP_Label_6bd9ddd1-4d20-43f6-abfa-fc3c07406f94_Method"/>
  </head>
  <body>
    <div style="header">
      <div id="rId25" style="first"/>
      <div id="rId21" style="even">Tuairim Rantos – Cás C-163/24</div>
      <div id="rId22" style="default">Statul Român – Ministerul Finanţelor Publice et Curtea de Apel Bucureşti</div>
    </div>
    <p class="C36Centre" id="para-1" title="page-1">
      TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA
    </p>
    <p class="C36Centre" id="para-2" title="page-1">
      RANTOS
    </p>
    <p class="C36Centre" id="para-3" title="page-1">
      arna tabhairt an 2 Deireadh Fómhair 2025  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-1" href="#t-1">1</a>
</span>)
      
    </p>
    <p class="C38Centregrasgrandespacement" id="para-4" title="page-1">
      Cás C-163/24
    </p>
    <p class="C37Centregras" id="para-5" title="page-1">
      BX
    </p>
    <p class="C37Centregras" id="para-6" title="page-1">
      v
    </p>
    <p class="C37Centregras" id="para-7" title="page-1">
      Statul Român – Ministerul Finanţelor Publice,
    </p>
    <p class="C37Centregras" id="para-8" title="page-1">
      Curtea de Apel București
    </p>
    <p class="C39Centreespacement" id="para-9" title="page-1">
      (Iarraidh ar réamhrialú ó Curtea de Apel București (Cúirt Achomhairc Bhúcairist, an Rómáin)
    </p>
    <p class="C71Indicateur" id="para-10" title="page-1">
      (Tarchur chun réamhrialú – Talmhaíocht – Comhbheartas talmhaíochta – Scéimeanna tacaíochta dírí – Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 – Airteagal 20(1) – Córas chun dáileachtaí talmhaíochta a shainaithint – Éifeachtacht na nósanna imeachta riaracháin agus rialaithe – Foráil a bhfuil nó nach bhfuil sé mar chuspóir léi cearta a dheonú do dhaoine aonair – Rialachán (CE) Uimh. 796/2004 – Airteagal 68 – Oibleagáid don fheirmeoir na hachair dromchla a dhearbhú agus an dáileacht a shaothraítear agus a teorainneacha a shainaithint go beacht – Laghduithe agus eisiaimh i gcás ródhearbhú – Eisceachtaí – An coincheap ‘faisnéis atá ceart go fíorasach’ – Dliteanas an Stáit as an damáiste arna dhéanamh do dhaoine aonair leis an sárú ar dhlí an Aontais – Sárú inchurtha i leith cúirt céime deiridh – Tabhairt le chéile sraith sáruithe simplí ar dhlí an Aontais ina sárú follasach)
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-11" title="page-2">
      
        <br/>
      
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">I.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Réamhrá</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">1.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Baineann an iarraidh ar réamhrialú seo ó Curtea de Apel Bucureşti (Cúirt Achomhairc Bhúcairist, an Rómáin)  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-2" href="#t-2">2</a>
</span>), go bunúsach, le léiriú Airteagal 20(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-3" href="#t-3">3</a>
</span>) lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna le haghaidh scéimeanna tacaíochta dírí faoin gcomhbheartas talmhaíochta (‘CBT’) agus lena mbunaítear scéimeanna tacaíochta áirithe le haghaidh feirmeoirí, agus le léiriú Airteagal 68(1) de Rialachán (CE) Uimh. 796/2004  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-4" href="#t-4">4</a>
</span>) lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le tras-chomhlíonadh, modhnú agus an córas comhtháite riaracháin agus rialaithe dá bhforáiltear inter alia le Rialachán Uimh. 1782/2003.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">2.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Rinneadh an iarraidh seo mar chuid de dhíospóid idir BX, feirmeoir Rómánach, agus Statul Român – Ministerul Finanţelor Publice (Stát na Rómáine – an Aireacht Airgeadais Phoiblí) agus Cúirt Achomhairc Bhúcairist maidir le dliteanas a chur ar an mBallstát sin de dheasca, inter alia, neamhchomhlíonadh na hoibleagáide tarchur chun réamhrialú a dhéanamh dá bhforáiltear sa tríú fomhír d’Airteagal 267 CFAE ag an gcúirt sin, mar chúirt céime deiridh.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">3.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Iarrtar ar an gCúirt leis an gcás seo, ar thaobh amháin, imlínte an choincheapa ‘riail dlí a bhfuil sé mar chuspóir léi cearta a dheonú do dhaoine aonair’ a shonrú, trí scrúdú cé acu a fhéadfaidh riail dlí lena saothraítear go doshéanta aidhm leasa phoiblí leasanna daoine nádúrtha agus dlítheanacha a chosaint freisin, agus na coinníollacha faoina bhféadfaidh sí é sin a dhéanamh. Tugtar an deis léi freisin, ar an taobh eile, sonraíochtaí a thabhairt maidir leis an na rialacha i ndáil le dliteanas Ballstáit as sárú ar dhlí an Aontais is inchurtha i leith cúirt a thugann breith ag an gcéim dheireanach, mar a leag an Chúirt amach í ina breithiúnas in Köbler  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-5" href="#t-5">5</a>
</span>).</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">II.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An dlí lena mbaineann</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">A.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dlí an Aontais</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">1.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Rialachán Uimh. 1782/2003</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">4.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">De réir aithrisí 1, 2, 11 go 14, 16 agus 21 de Rialachán Uimh. 1782/2003:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-20" title="page-4">
      ‘(1) Is iomchuí coinníollacha comhchoiteanna le haghaidh íocaíochtaí díreacha faoi na scéimeanna éagsúla tacaíochta a thagann [faoi CBT] a shainiú.
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-21" title="page-4">
      (2) Ba cheart íocaíocht iomlán na cabhrach dírí a cheangal le comhlíonadh na rialacha maidir le tailte, táirgeadh agus gníomhaíocht talmhaíochta. Ba cheart go bhfeidhmeodh na rialacha sin chun bunchaighdeáin maidir leis an gcomhshaol, sábháilteacht bia, sláinte agus folláine ainmhithe agus dea-dhálaí talmhaíochta agus comhshaoil a thabhairt isteach sna heagraíochtaí coiteanna margaidh. Mura gcomhlíonfar na bunchaighdeáin sin, ba cheart do na Ballstáit an chabhair dhíreach a aistarraingt go hiomlán nó go páirteach de réir critéir comhréireacha, oibiachtúla agus forchéimnitheacha. Ba cheart go mbeadh an aistarraingt sin gach dochar do phionóis dá bhforáiltear faoi láthair nó amach anseo le haon fhoráil eile de reachtaíocht an Chomhphobail nó den reachtaíocht náisiúnta.
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-22" title="page-4">
      [...]
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-23" title="page-4">
      (11) A mhaithe le héifeachtacht agus brabúsacht sásraí bainistíochta agus rialaithe a neartú, is iomchuí an córas arna bhunú le [Rialachán (CEE) Uimh. 3508/92  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-6" href="#t-6">6</a>
</span>)] a oiriúnú d’fhonn an scéim íocaíochta aonair a áireamh [...]. Is iomchuí foráil a dhéanamh don fhéidearthacht scéimeanna eile cabhrach a áireamh, ag céim níos déanaí.
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-24" title="page-4">
      (12) D’fhonn rialú éifeachtach a dhéanamh agus ionas nach gcuirfear roinnt iarratas ar chabhair faoi bhráid comhlachtaí íocaíochta éagsúla i mBallstát amháin, ba cheart do gach Ballstát córas aonair sainaitheantais na bhfeirmeoirí a dhéanann iarratas ar chabhair a thagann faoin gcóras comhtháite.
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-25" title="page-5">
      (13) Tá na gnéithe difriúla den chóras comhtháite [riaracháin agus rialaithe] beartaithe chun éifeachtacht na nósanna imeachta riaracháin agus rialaithe a fheabhsú. [...]
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-26" title="page-5">
      (14) Ag féachaint do chastacht an chórais agus líon suntasach na n-iarrataí ar chabhair atá le próiseáil, tá sé riachtanach na hacmhainní teicniúla agus modhanna riaracháin agus rialaithe iomchuí a úsáid. Mar thoradh air sin, ba cheart go mbeadh sa chóras comhtháite, i ngach Bhallstáit, bunachar sonraí ríomhairithe, córas sainaitheantais dáileachtaí talmhaíochta, iarrataí ar chabhair na bhfeirmeoirí, córas comhtháite rialaithe agus, don scéim íocaíochta aonair, córas sainaitheantais agus taifid i leith na gceart chun íocaíochta.
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-27" title="page-5">
      [...]
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-28" title="page-5">
      (16) Príomhghné de chur i bhfeidhm ceart scéimeanna atá nasctha le hachar dromchla is ea dáileachtaí talmhaíochta a shainaithint. Léirigh an taithí a fuarthas laigeachtaí áirithe sna modheolaíochtaí atá ann. Is gá dá bhrí sin foráil a dhéanamh do chóras sainaitheantais arna bhunú, i gcás inarb iomchuí, trí chianbhraiteacht a úsáid.
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-29" title="page-5">
      [...]
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-30" title="page-5">
      (21) Déanann na scéimeanna tacaíochta [faoi CBT] foráil do thacaíocht ioncaim dhírigh go háirithe d’fhonn caighdeán cóir maireachtála a áirithiú don lucht talmhaíochta. Baineann an cuspóir sin go dlúth le cothabháil na limistéar tuaithe. D’fhonn aon mhí-leithdháileadh ar chistí Comhphobail a sheachaint, níor cheart aon íocaíochtaí tacaíochta a dhéanamh le feirmeoirí a chruthaigh go saorga na coinníollacha is gá chun na híocaíochtaí sin a fháil.’
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-31" title="page-5">
      [Aistriúchán neamhoifigiúil]
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">5.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Leagadh an méid seo a leanas amach sa chéad fhomhír d’Airteagal 17 de Rialachán Uimh. 1782/2003, dar teideal ‘Raon feidhme’,</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-33" title="page-5">
      ‘Cruthóidh gach Ballstát córas comhtháite riaracháin agus rialaithe, ar a ghlaofar ina dhiaidh seo an “córas comhtháite”.’
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-34" title="page-5">
      [Aistriúchán neamhoifigiúil]
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">6.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Foráladh mar seo a leanas in Airteagal 18(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘Gnéithe den chóras comhtháite’:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-36" title="page-5">
      ‘Beidh na gnéithe seo a leanas sa chóras comhtháite:
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-37" title="page-5">
      (a) bunachar sonraí ríomhairithe;
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-38" title="page-5">
      (b) córas sainaitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta;
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-39" title="page-6">
      (c) córas sainaitheantais agus taifid le haghaidh na gceart chun íocaíochta dá dtagraítear in Airteagal 21;
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-40" title="page-6">
      (d) iarrataí ar chabhair;
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-41" title="page-6">
      (e) córas comhtháite rialaithe;
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-42" title="page-6">
      (f) córas aonair sainaitheantais le haghaidh gach feirmeora a chuireann iarraidh ar chabhair isteach.’
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-43" title="page-6">
      [Aistriúchán neamhoifigiúil]
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">7.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Foráiltear mar seo a leanas in Airteagal 19(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘Bunachar sonraí ríomhairithe’:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-45" title="page-6">
      ‘Déanfar taifead sa bhunachar sonraí ríomhairithe, le haghaidh gach gabháltais talún, ar na sonraí a fhaightear ó iarrataí ar chabhair.
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-46" title="page-6">
      Ceadóidh an bunachar sonraí, go háirithe, breathnú go díreach agus láithreach bonn, trí údarás inniúil an Bhallstáit, ar na sonraí a bhaineann leis na blianta féilire agus/nó margaithe ó 2000 agus, maidir leis an gcabhair arna deonú de bhun Theideal IV, Caibidil 10(b), ón 1 Bealtaine 1998.’
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-47" title="page-6">
      [Aistriúchán neamhoifigiúil]
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">8.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Foráladh mar seo a leanas in Airteagal 20(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘Córas sainaitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta’:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-49" title="page-6">
      ‘Comhdhéanfar an córas sainaitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta ar bhonn pleananna agus doiciméid de chuid na clárlainne talún nó tagairtí eile cartagrafacha. Bainfidh na teicnící a úsáidtear leas as córas faisnéise geografaí ríomhairithe ina n-áireofar más féidir orta-íomhánna aeir nó spásúla, le caighdeáin aonfhoirmeacha lena n-áirithítear beaichte atá comhionann ar a laghad le beaichte na cartagrafaíochta ar scála 1:10 000.’
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-50" title="page-6">
      [Aistriúchán neamhoifigiúil]
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">9.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Seo a leanas foclaíocht Airteagal 21 de Rialachán Uimh. 1782/2003, dar teideal ‘Córas sainaitheantais agus taifid le haghaidh na gceart chun íocaíochta’:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-52" title="page-6">
      ‘1. Bunófar an córas sainaitheantais agus taifid le haghaidh na gceart i leith íocaíochta ar bhealach chun gur féidir na cearta a fhíorú agus cros-seiceáil a dhéanamh i leith iarrataí ar chabhair agus an córas sainaitheantais le haghaidh dáileachta talmhaíochta.
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-53" title="page-6">
      2. Ceadóidh an córas breathnú go díreach agus láithreach bonn, trí údarás inniúil an Bhallstáit, ar na sonraí a bhaineann ar a laghad leis na trí bliana féilire dheireanacha as a chéile agus/nó leis na trí bliana margaithe dheireanacha as a chéile.’
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-54" title="page-7">
      [Aistriúchán neamhoifigiúil]
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">10.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Leagadh an méid seo a leanas amach in Airteagal 22 den Rialachán sin, dar teideal ‘Iarrataí ar chabhair’:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-56" title="page-7">
      ‘1. Gach bliain, cuirfidh feirmeoir iarraidh isteach le haghaidh íocaíochtaí díreacha faoi réir an chórais chomhtháite, agus é ag cur in iúl, i gcás inarb iomchuí:
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">–</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">dáileachtaí talmhaíochta uile an ghabháltais,</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-58" title="page-7">
      [...]
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-59" title="page-7">
      2. Féadfaidh an Ballstát a chinneadh nach gá a chur san áireamh san iarraidh ar chabhair ach na hathruithe i gcomparáid leis an iarraidh ar chabhair arna taisceadh an bhliain roimhe. Dáilfidh an Ballstát foirmeacha réamhphriontáilte atá bunaithe ar na hachair dhromchla arna gcinneadh an bhliain roimhe agus soláthróidh sé na doiciméid grafacha lena léirítear suíomh na n-achar dromchla sin agus, i gcás inarb iomchuí, lena sainítear suíomh na gcrann olóige.
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-60" title="page-7">
      [...]’
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-61" title="page-7">
      [Aistriúchán neamhoifigiúil].
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">2.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Rialachán Uimh. 796/2004</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">11.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">De réir aithrisí 11, 13, 17, 36, 55 go 58 agus 67 de Rialachán Uimh. 796/2004:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-64" title="page-7">
      ‘(11) Chun rannchuidiú le cosaint leasanna airgeadais an Chomhphobail, is gá foráil a dhéanamh nach féidir na híocaíochtaí dá bhforáiltear le [Rialachán Uimh. 1782/2003] a dhéanamh ach i ndiaidh na critéir incháilitheachta a sheiceáil.
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-65" title="page-7">
      [...]
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-66" title="page-7">
      (13) Chun éifeachtacht an rialaithe a áirithiú, is iomchuí go ndearbhófar gach cineál úsáide achar dromchla agus na scéimeanna cabhrach go léir lena mbaineann ag an am céanna. Is gá dá bhrí sin foráil a dhéanamh do thaisceadh iarrata amháin ar chabhair lena n-áirítear na hiarrataí go léir ar chabhair a bhaineann ar bhealach ar bith leis an achar dromchla.
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-67" title="page-7">
      [...]
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-68" title="page-7">
      (17) D’fhonn na nósanna imeachta iarrata a éascú agus i gcomhréir le hAirteagal 22(2) de Rialachán [Uimh. 1782/2003], ba cheart foráil a dhéanamh, sa chomhthéacs sin, go soláthróidh na Ballstáit na foirmeacha réamhphriontáilte don fheirmeoir, a mhéid is mó is féidir.
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-69" title="page-8">
      [...]
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-70" title="page-8">
      (36) Mar riail ghinearálta, baineann dhá chuid leis an tseiceáil ar an láthair a dhéantar ar achair dromchla. Is ionann an chéad chuid agus fíorú agus tomhas ar na dáileachtaí talmhaíochta arna ndearbhú, ar bhonn ábhair ghrafacha, griangraifeanna aeir etc. Is é atá sa dara cuid cigireacht fhisiciúil ar na dáileachtaí, chun fíor-achar dromchla na ndáileachtaí talmhaíochta arna ndearbhú a fhíorú agus, de réir na scéime cabhrach atá faoi cheist, an barr arna dhearbhú agus a cháilíocht. Ba cheart, más gá, tomhas a dhéanamh. Féadfar an chigireacht fhisiciúil allamuigh a dhéanamh ar bhonn sampla.
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-71" title="page-8">
      [...]
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-72" title="page-8">
      (55) D’fhonn leasanna airgeadais an Chomhphobail a chosaint go héifeachtach, ba cheart bearta leordhóthanacha a ghlacadh chun comhrac a dhéanamh in aghaidh neamhrialtachtaí agus calaois. Is iomchuí foráil a dhéanamh d’fhorálacha ar leith le haghaidh neamhrialtachtaí a bhaineann leis na critéir incháilitheachta is infheidhme i leith na scéimeanna cabhrach difriúla lena mbaineann.
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-73" title="page-8">
      (56) Saothraítear cuspóir difriúil, áfach, leis an gcóras um laghduithe agus eisiaimh dá bhforáiltear le [Rialachán Uimh. 1782/2003] maidir leis na hoibleagáidí tras-chomhlíonta, arb ionann é agus na feirmeoirí a spreagadh chun an reachtaíocht arb ann di cheana féin sna réimsí difriúla den tras-chomhlíonadh a urramú.
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-74" title="page-8">
      (57) Ba cheart laghduithe agus eisiaimh a leagan síos ag féachaint do phrionsabal na comhréireachta agus, i gcás critéar incháilitheachta, do na fadhbanna sonracha a bhaineann le cásanna force majeure chomh maithe le himthoscaí eisceachtúla agus nádúrtha. I gcás oibleagáidí maidir le tras-chomhlíonadh, ní fhéadfar na laghduithe agus eisiaimh a chur i bhfeidhm ach amháin i gcás gur gníomhaigh an feirmeoir go faillíoch nó d’aon ghnó. Is iomchuí grádú a dhéanamh ar na laghduithe agus eisiaimh de réir thromchúis na neamhrialtachta arna déanamh agus foráil a dhéanamh d’eisiaimh iomlán ó scéim cabhrach amháin nó níos mó le linn tréimhse bheartaithe. Ba cheart dóibh, a mhéid a bhaineann leis na critéir incháilitheachta, sonraíochtaí scéimeanna difriúla cabhrach a chur san áireamh.
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-75" title="page-8">
      (58) Maidir le hiarrataí ar chabhair “achair dromchla”, baineann neamhrialtachtaí de ghnáth le codanna d’achair dromchlaí. Féadfar neodrú a dhéanamh dá bhrí sin ar ródhearbhú maidir le dáileacht amháin le ganndhearbhú a bhaineann le dáileachtaí eile den ghrúpa céanna bairr. Laistigh de theorainneacha réimse áirithe a nglactar leis, ba cheart a thuar nach gcuirtear na hiarrataí ar chabhair in oiriúint don achar dromchla arna chinneadh i ndáiríre agus nach dtosóidh na laghduithe d’fheidhm a bheith acu ach go dtí go sárófar an réimse sin.
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-76" title="page-8">
      [...]
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-77" title="page-9">
      (67) Ba cheart, mar riail ghinearálta, nach mbeidh feidhm ag laghduithe ná eisiaimh maidir leis na critéir incháilitheachta i gcás gur thaisc an feirmeoir faisnéis atá ceart go fíorasach nó gur féidir leis a léiriú ar bhealach ar bith eile nach bhfuil locht air.’
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-78" title="page-9">
      [Aistriúchán neamhoifigiúil]
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">12.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Foráladh mar seo a leanas in Airteagal 2 de Rialachán Uimh. 796/2004, dar teideal ‘Sainmhínithe’:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-80" title="page-9">
      ‘Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-81" title="page-9">
      [...]
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-82" title="page-9">
      (22) “achar dromchla arna chinneadh”: an t-achar dromchla a gcomhlíontar na coinníollacha go léir is infheidhme maidir le deonú cabhrach ina leith. Maidir leis an scéim íocaíochta aonair, ní féidir an t-achar dromchla arna dhearbhú a mheas mar bheith cinnte ach amháin má thagann sé in éineacht le líon comhfhreagrach ceart chun íocaíochta;
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-83" title="page-9">
      [...]
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-84" title="page-9">
      (25) “córas faisnéise geografaí” (“CFG”): na teicnící den chóras faisnéise geografaí ríomhairithe dá dtagraítear in Airteagal 20 de Rialachán [Uimh. 1782/2003];
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-85" title="page-9">
      [...]
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-86" title="page-9">
      (27) “ábhar geografach”: na léarscáileanna nó doiciméid eile arna n-úsáid chun na gnéithe de CFG a chur in iúl idir iarrthóirí ar chabhair agus na Ballstáit;
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-87" title="page-9">
      [...]’
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-88" title="page-9">
      [Aistriúchán neamhoifigiúil].
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">13.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Foráladh mar seo a leanas in Airteagal 6(1) de Rialachán Uimh. 796/2004, dar teideal ‘Sainaithint dáileachtaí talmhaíochta’:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-90" title="page-9">
      ‘Feidhmíonn an córas sainaitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta dá dtagraítear in Airteagal 20 de Rialachán [Uimh. 1782/2003] ar leibhéal na ndáileachtaí tagartha, amhail dáileacht clárlainne talún nó bloc táirgthe, lena n-áiritheofar sainaithint uathúil gach dáileachta tagartha.
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-91" title="page-9">
      Thairis sin, áiritheoidh na Ballstáit iontaofacht sainaitheantas na ndáileachtaí talmhaíochta agus ceanglóidh siad go háirithe go mbeidh gnéithe nó doiciméid arna sonrú ag an údarás náisiúnta ag gabháil leis na hiarrataí aonair d’fhonn gach dáileacht talmhaíochta a aimsiú agus a thomhas. Braithfidh feidhmiú CFG ar chóras geodasach náisiúnta.’
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-92" title="page-10">
      [Aistriúchán neamhoifigiúil]
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">14.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán Uimh. 796/2004, dar teideal ‘Ábhar na hiarrata aonair’:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-94" title="page-10">
      ‘1. Beidh an fhaisnéis go léir is gá san iarraidh aonair chun incháilitheacht i leith na cabhrach a chinneadh, go háirithe:
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-95" title="page-10">
      [...]
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-96" title="page-10">
      (d) gnéithe lena gceadaítear gach dáileacht talmhaíochta an ghabháltais a shainaithint, a hachar dromchla arna chur in iúl in heicteáir le dhá phointe deachúlach, a suíomh agus, i gcás inarb iomchuí, a húsáid, agus cé acu an dáileacht talmhaíochta uiscithe í;
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-97" title="page-10">
      [...]
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-98" title="page-10">
      3. D’fhonn dáileachtaí talmhaíochta uile an ghabháltais dá dtagraítear i mír 1(d) a shainaithint, luafaidh na foirmeacha réamhphriontáilte arna ndáileadh ar na feirmeoirí i gcomhréir le hAirteagal 22(2) de Rialachán [Uimh. 1782/2003] an t-uasachar dromchla incháilithe in aghaidh na dáileachta tagartha don scéim íocaíochta aonair. Thairis sin, cuirfidh an t-ábhar grafach arna sholáthar don fheirmeoir i gcomhréir leis an bhforáil sin teorainneacha na ndáileachtaí tagartha agus a sainaitheantas uathúil in iúl, agus sonróidh an feirmeoir suíomh gach dáileachta.
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-99" title="page-10">
      [...]
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-100" title="page-10">
      4. Nuair a chuirtear an fhoirm iarrata isteach, ceartóidh an feirmeoir an fhoirm réamhphriontáilte dá dtagraitear i míreanna 2 agus 3 más rud é gur tharla athruithe, inter alia aistriú ceart chun íocaíochta i gcomhréir le hAirteagal 46 de Rialachán [Uimh. 1782/2003], nó i gcás go bhfuil cuid den fhaisnéis sna foirmeacha réamhphriontáilte míchruinn.
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-101" title="page-10">
      I gcás go mbaineann an ceartú le méid an achair dromchla, cuirfidh an feirmeoir fíormhéid an achair dromchla lena mbaineann in iúl. [...]’
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-102" title="page-10">
      [Aistriúchán neamhoifigiúil].
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">15.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Foráladh mar seo a leanas in Airteagal 15(3) de Rialachán Uimh. 796/2004, dar teideal ‘Leasuithe ar iarrataí aonair’:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-104" title="page-10">
      ‘I gcás gur chuir an t-údarás inniúil an feirmeoir ar an eolas cheana féin faoi neamhrialtachtaí san iarraidh ar chabhair nó i gcás gur thug sé fógra dó i leith a rúin chun seiceáil ar an láthair a dhéanamh agus gur nocht an tseiceáil sin neamhrialtachtaí, ní cheadófar na leasuithe dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh na ndáileachtaí talmhaíochta a bhaineann leis na neamhrialtachtaí sin.’
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-105" title="page-10">
      [Aistriúchán neamhoifigiúil].
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">16.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ba é seo a leanas foclaíocht Airteagal 18(1)(c) den Rialachán sin, dar teideal ‘Simpliú na nósanna imeachta’:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-107" title="page-11">
      ‘Gan dochar d’aon fhoráil shonrach den Rialachán seo ná de Rialachán [Uimh. 1782/2003], féadfaidh na Ballstáit a cheadú nó a cheangal go ndéanfar gach cumarsáid idir an feirmeoir agus na húdaráis de bhun an Rialacháin seo go leictreonach. Sa chás sin, glacfar bearta leordhóthanach d’fhonn a áirithiú go háirithe:
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-108" title="page-11">
      [...]
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-109" title="page-11">
      (c) go bhfuil na sonraí arna dtarchur iontaofa, sa chaoi go n-áirithítear dea-bhainistiú na scéime cabhrach lena mbaineann agus, i gcás go n-úsáidtear na sonraí sa bhunachar sonraí a bhaineann le hainmhithe buaibheacha, go gcuirfear ar fáil leis an mbunachar sonraí an leibhéal ráthaíochta agus cur chun feidhme is gá le haghaidh dhea-bhainistiú na scéimeanna cabhrach lena mbaineann’.
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-110" title="page-11">
      [Aistriúchán neamhoifigiúil]
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">17.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">De bhun Airteagal 19 de Rialachán Uimh. 796/2004, dar teideal ‘Earráidí follasacha a cheartú’:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-112" title="page-11">
      ‘Gan dochar do na forálacha dá bhforáiltear in Airteagail 11 agus 18, féadfar iarraidh ar chabhair a cheartú tráth ar bith i ndiaidh í a thaisceadh i gcás earráid fhollasach arna haithint ag an údarás inniúil.’
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-113" title="page-11">
      [Aistriúchán neamhoifigiúil].
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">18.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Foráladh le hAirteagal 22 den Rialachán sin, dar teideal ‘Aistarraingt na n-iarrataí ar chabhair’:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-115" title="page-11">
      ‘1. Féadfar iarraidh ar chabhair a aistarraingt go hiomlán nó go páirteach ag am ar bith.
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-116" title="page-11">
      [...]
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-117" title="page-11">
      2. Le haistarraingt arna déanamh de bhun mhír 1 cuirfear an t-iarrthóir sa staid ina raibh sé sular thaisc sé an iarraidh ar chabhair nó cuid den iarraidh ar chabhair atá faoi cheist.’
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-118" title="page-11">
      [Aistriúchán neamhoifigiúil]
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">19.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ba é seo a leanas foclaíocht Airteagal 24(1)(c) den Rialachán sin, dar teideal ‘Cros-seiceálacha’:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-120" title="page-11">
      ‘Tá sé mar chuspóir leis na seiceálacha riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 23 de Rialachán [Uimh. 1782/2003] aimsiú neamhrialtachtaí a cheadú, go háirithe aimsiú uathoibríoch trí mhodhanna ríomhairithe, le n-áirítear cros-seiceálacha:
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-121" title="page-12">
      [...]
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-122" title="page-12">
      (c) arna ndéanamh idir na dáileachtaí talmhaíochta arna ndearbhú san iarraidh aonair agus na dáileachtaí tagartha atá sa chóras sainaitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta d’fhonn incháilitheacht i leith cabhrach a fhíorú le haghaidh na n-achar dromchla mar atá siad.’
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-123" title="page-12">
      [Aistriúchán neamhoifigiúil].
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">20.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">De bhun Airteagal 30 de Rialachán Uimh. 796/2004, dar teideal ‘Achar dromchla a chinneadh’:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-125" title="page-12">
      ‘1. Cinnfear achar dromchla na ndáileachtaí talmhaíochtaí trí aon mhodh oiriúnach arna chinneadh ag an údarás inniúil a ráthaíonn cruinneas sa tomhas atá ar a laghad comhionann leis sin a cheanglaítear leis an tomhas a cheanglaítear le haghaidh na dtomhas oifigiúil dá bhforáiltear leis na forálacha náisiúnta. [...]
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-126" title="page-12">
      4. Déanfar fíorú ar incháilitheacht na ndáileachtaí talmhaíochta le haon mhodh iomchuí. Chuige sin, iarrfar, más gá, fianaise bhreise.’
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-127" title="page-12">
      [Aistriúchán neamhoifigiúil]
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">21.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Cuireadh in iúl in Airteagal 51(1) den Rialachán sin, dar teideal ‘Laghduithe agus eisiaimh is infheidhme i gcás ródhearbhú’:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-129" title="page-12">
      ‘Más rud é, maidir le grúpa bairr, go bhfuil an t-achar dromchla arna dhearbhú de bhun scéim cabhrach ‘achair dromchla’ nó eile, cé is moite de chabhair le haghaidh prátaí stáirse, síolta agus tabac, dá bhforáiltear faoi seach i dTeideal IV, Caibidlí 6, 9 agus 10c de Rialachán [Uimh. 1782/2003], níos mó ná an t-achar dromchla arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 50(3), (4) agus (5) den Rialachán seo, ríomhfar méid na cabhrach ar bhonn an achair dromchla arna chinneadh, arna laghdú faoi dhá oiread na difríochta arna haimsiú, má sháraíonn an difríocht 3 % nó dhá heicteár, ach nach sáraíonn sí 20 % den achar dromchla arna chinneadh.
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-130" title="page-12">
      I gcás go sáraíonn an difríocht arna haimsiú 20 % den achar dromchla arna chinneadh, ní dheonófar aon chabhair ‘achair dromchla’ le haghaidh an ghrúpa bairr a mheastar.’
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-131" title="page-12">
      [Aistriúchán neamhoifigiúil].
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">22.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Foráladh mar seo a leanas in Airteagal 68(1) agus (2), an dara fomhír de Rialachán Uimh. 796/2003 dar teideal ‘Eisceachtaí ó chur i bhfeidhm laghduithe agus eisiaimh’:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-133" title="page-12">
      ‘1. Ní bheidh feidhm ag na laghduithe agus eisiaimh dá dtagraítear i gCaibidil 1 i gcás gur thaisc an feirmeoir faisnéis atá ceart go fíorasach nó gur féidir leis a léiriú ar bhealach ar bith eile nach bhfuil locht air.
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-134" title="page-13">
      2. [...]
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-135" title="page-13">
      Ar bhonn na faisnéise arna tabhairt ag an bhfeirmeoir mar a cuireadh in iúl sa chéad fhomhír, ceartófar an iarraidh ar chabhair ar bhealach chun fíorstaid an cháis a léiriú.’
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-136" title="page-13">
      [Aistriúchán neamhoifigiúil].
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">3.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Rialachán (CE) Uimh. 1973/2004</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">23.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Bhí Airteagal 138 i Rialachán (CE) Uimh. 1973/2004,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-7" href="#t-7">7</a>
</span>) dar teideal ‘Laghduithe agus eisiaimh maidir le coinníollacha incháilitheachta’, a raibh an fhoclaíocht seo a leanas ar a mhír 1:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-139" title="page-13">
      ‘Cé is moite de chásanna de force majeure nó imthosca eisceachtúla mar a shainítear in Airteagal 72 de Rialachán [Uimh. 796/2004], i gcás, i ndiaidh seiceáil riaracháin nó seiceáil ar an láthair, go gcinnfear go bhfuil an difríocht idir an t-achar dromchla arna dhearbhú agus an t-achar dromchla arna chinneadh, de réir bhrí Airteagal 2, pointe (22) de Rialachán [Uimh. 796/2004], níos mó ná 3 % ach níos lú nó cothrom le 30 % den achar dromchla arna chinneadh, laghdófar an méid atá le deonú de bhun na scéime íocaíochta aonair, don bhliain atá faoi cheist, faoi dhá oiread na difríochta arna haimsiú.
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-140" title="page-13">
      Má tá an difríocht níos mó ná 30 % den achar dromchla arna chinneadh, ní dheonófar aon chabhair don bhliain atá faoi cheist.
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-141" title="page-13">
      [...]’
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-142" title="page-13">
      [Aistriúchán neamhoifigiúil]
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">B.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dlí na Rómáine</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">24.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Leagadh amach san Ordonanța de urgență a Guvernului nr. 125/2006 pentru aprobarea schemelor de plăți directe și plăți naționale directe complementare, care se acordă în agricultură începând cu anul 2007, și pentru modificarea articolului 2 din Legea nr. 36/1991 privind societățile agricole și alte forme de asociere în agricultură (Ordú práinne an Rialtais Uimh. 125/2006 lena bhformheastar na scéimeanna íocaíochta dírí agus na híocaíochtaí díreacha náisiúnta comhlántacha, arna ndeonú i réimse na talmhaíochta ó 2007, agus lena leasaítear Airteagal 2 de Dhlí Uimh. 36/1991 maidir le cuideachtaí talmhaíochta agus foirmeacha eile comhlachais sa talmhaíocht), an 21 Nollaig 2006 (‘OUG Uimh. 125/2006’),  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-8" href="#t-8">8</a>
</span>) sa leagan is infheidhme i leith na díospóide sna príomhimeachtaí, in Airteagal 3(1)(g):</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-145" title="page-14">
      ‘Chun críocha an ordaithe práinne seo, cuirtear na sainmhínithe seo a leanas ar na téarmaí seo a leanas:
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-146" title="page-14">
      [...]
    </p>
    <p class="C10Marge1" id="para-147" title="page-14">
      (g) Córas sainaitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta – cuid den chóras comhtháite riaracháin agus rialaithe ina bhfuil aipeanna ríomhaire bunaithe ar ortafóta, léarscáileanna, doiciméid ón gclárlann talún nó tagairtí eile cartagrafacha. Ní mór do na teicnící a úsáidtear a bheith bunaithe ar chóras faisnéise geografaí ríomhairithe lena n-áirithítear sainaithint uathúil gach bloic fhisiciúil, arb ionann é más féidir agus orta-íomhánna aeir agus satailíte, le caighdeáin aonfhoirmeacha lena n-áirithítear beaichte atá comhionann ar a laghad le beaichte na cartagrafaíochta ar scála 1:10 000 agus lena gceadaítear dáileachtaí talmhaíochta sna hiarrataí ar chabhair a shainaithint laistigh de bhlocanna fisiciúla. Is ionann na hachair dromchla arna dtaifeadadh sa chóras sainaitheantais le haghaidh dáileachtaí agus an tagairt le haghaidh an phróisis rialaithe agus cur i gcrích íocaíochtaí.’
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">25.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Foráladh mar seo a leanas in Airteagal 7(1)(b) agus (c) de OUG Uimh. 125/2006:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-149" title="page-14">
      ‘Chun leas a bhaint as íocaíochtaí de bhun scéimeanna íocaíochta aonair de réir an achair dromchla, ní mór do na hiarrthóirí bheith cláraithe ar chlár na bhfeirmeoirí arna riar ag an Agenția de Plăți și Intervenție pentru Agricultură (an Ghníomhaireacht um Íocaíocht agus Idirghabháil Talmhaíochta) [(“APIA”)], a n-iarraidh ar íocaíocht a chur isteach laistigh de na teorainneacha ama agus na coinníollacha ginearálta seo a leanas a chomhlíonadh:
    </p>
    <p class="C02AlineaAltA" id="para-150" title="page-14">
      [...]
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-151" title="page-14">
      (b) na dáileachtaí talmhaíochta go léir a dhearbhú;
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-152" title="page-14">
      (c) faoi phian pionóis choiriúil, faisnéis fhíor, iomlán agus go hiomlán bailí a sholáthar san fhoirm iarrata ar íocaíocht dhíreach de réir an achair dromchla, agus na doiciméid ceangailte, lena n-áirítear an liosta d’achair dromchla.’
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">III.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An díospóid sna príomhimeachtaí, na ceisteanna a tharchuirtear agus an nós imeachta os comhair na Cúirte</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">26.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An 14 Bealtaine 2007, sheol BX, feirmeoir Rómánach, iarraidh chuig an APIA – Centrul Județean Argeș (APIA – lárionad Chontae Argeș, an Rómáin) (‘APIA Argeș’), le haghaidh 2007, faoi na scéimeanna íocaíochta aonair i leith achar dromchla agus limistéir talmhaíochta faoi mhíbhuntáiste. Chuir an iarraidh sin achar dromchla talmhaíochta iomlán de 264.71 heicteár (ha) in iúl, arna chomhdhéanamh de roinnt dáileachtaí, ar chinn agus ar shainaithin BX a n-achar dromchla faoi seach trí léarscáileanna topagrafacha arna soláthar ag APIA Argeș. I measc na ndáileachtaí sin bhí achar dromchla de 129.09 ha i gceantar Rucăr (an Rómáin).</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">27.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An 20 Deireadh Fómhair 2007, i ndiaidh dó a aithint, mar thoradh ar sheiceáil riaracháin, go raibh daoine eile tar éis iarrataí a dhéanamh i leith achair dromchla arna ndearbhú ag BX, lorg APIA Argeș soiléiriú chuige sin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">28.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ar an 28 Samhain 2007, bhunaigh BX agus ionadaithe na ndaoine eile lena mbaineann na hachair dromchla arna saothrú ag gach ceann de na feirmeoirí agus shonraigh siad, inter alia, maidir le ceantar Rucăr, nár úsáid BX ach 45 ha as na 129.09 ha a dhearbhaigh sé ina iarraidh thosaigh.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">29.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An lá céanna, chuir BX foirm M.1.1, dar teideal ‘Leasú ar an dearbhú achair dromchla’ (‘foirm M.1.1’) isteach chuig APIA Argeș, d’fhonn an t-achar dromchla arna dhearbhú ina iarraidh thosaigh a cheartú, trí dhearbhú, le haghaidh cheantar Rucăr, achar dromchla de 45 ha in áit 129.09 ha. Thaisc sé dearbhú lámhscríofa freisin lenar míníodh go raibh an bearna idir a dhearbhú tosaigh agus an dearbhú leasaithe mar thoradh, ar thaobh amháin, ar shainaithint earráideach teorainneacha an sléibhe Găinațu Mic i sliabhraon Iezer-Păpușa (an Rómáin), mar gheall ar easpa marcóirí ar na léarscáileanna topagrafacha arna gcur ar fáil dó ag APIA Argeș agus, ar an taobh eile, an difríocht idir an achar dromchla arna chur in iúl sa chonradh léasa (eadhon, 210 ha), a bhí níos lú ná an t-achar dromchla den fhéarach sléibhe arna shaothrú i ndairíre, agus suim achair dromchla an dá bhloc fisiciúla lena gcomhdhéantar an sliabh sin.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-9" href="#t-9">9</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">30.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Le nóta arna chur isteach chuig APIA Argeș agus arna thaifeadadh an 15 Bealtaine 2008, chuir BX in iúl gur cheart go raibh APIA Argeș tar éis foirm M.1.1 a chúlghair, ós rud é go ndearnadh aistarraing an achair dromchla de 84.09 ha tríd an bhfoirm sin ar bhealach earráideach mar gheall, nuair a thaisc sé an fhoirm sin, nach raibh eolas ag BX gur taifeadadh teorainn cheantar Rucăr go mícheart ar léarscáileanna APIA Argeș, rud nár bhfuair sé amach ach go dtí níos déanaí, eadhon tús mhí Bealtaine 2008.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">31.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Le cinneadh an 28 Bealtaine 2008, mheas APIA Argeș go ndearna BX dearbhú tosaigh d’achar dromchla 46.56 % níos mó ná an fíorachar dromchla agus, mar thoradh air sin, gur dhiúltaigh sé a iarraidh ar íocaíocht ar bhonn Airteagal 138(1) de Rialachán Uimh. 1973/2004.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">32.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Chuaigh BX os comhair Tribunalul București (Cúirt Réigiúnach Bhúcairist, an Rómáin) (‘Cúirt Réigiúnach Bhúcairist’) le caingean ag lorg, inter alia, neamhniú an chinnidh sin agus go n-ordófaí do APIA Argeș an tsuim EUR 697 391 a íoc leis mar chúiteamh ar an damáiste a d’fhulaing sé mar gheall ar dhiúltú neamhdhleathach dá iarraidh ar chabhair le haghaidh 2007. Dar leis, bhí an ródhearbhú arna cháineadh inchurtha, i ndáiríre, i leith APIA Argeș a sholáthair na léarscáileanna topagrafacha dó nach raibh leordhóthanach beacht agus nach raibh i gcomhréir leis na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 20 de Rialachán Uimh. 1782/2003, agus dhearbhaigh sé go bhféadfadh sé é sin a chruthú le doiciméid, finnéithe agus suirbhéireacht thopagrafach. Mar thoradh air sin, ós rud é nach raibh ‘locht air’, níor cheart aon laghdú nó eisiaimh ar an gcabhair a chur i bhfeidhm ina leith, i gcomhréir le hAirteagal 68(1) de Rialachán Uimh. 796/2004. Le breithiúnas an 20 Eanáir 2011, dhiúltaigh Cúirt Réigiúnach Bhúcairist don chaingean sin.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-10" href="#t-10">10</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">33.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Thionscain BX achomharc i gcoinne an bhreithiúnais sin os comhair Cúirt Achomhairc Bhúcairist, an chúirt céime deiridh. Mar chuid den achomharc sin, mar is léir ón ordú tarchuir, thaisc BX iarratas go rachfaí os comhair na Cúirte de bhun Airteagal 267 CFAE chun cinneadh um réamhrialú a fháil maidir leis an léiriú ar Airteagal 68(1) agus (2) de Rialachán Uimh. 796/2004. Le linn na héisteachta, shonraigh BX go raibh iarraidh ar réamhrialú chun na Cúirte mar chuid den achomharc sin freisin maidir leis an léiriú ar Airteagal 20(1) de Rialachán Uimh. 1782/2003.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">34.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Le hordú an 2 Aibreán 2012, dhiúltaigh Cúirt Achomhairc Bhúcairist, sa chéad áit, don iarraidh sin, ar an bhforas ‘nach raibh gá’ le tarchur chun réamhrialú de bhun an tríú fomhír d’Airteagal 267 CFAE i leith na ngnéithe a d’agair BL.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">35.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Le cinneadh an 9 Aibreán 2012, dhiúltaigh an chúirt sin, ina dhiaidh sin, d’achomharc BX mar bheith gan bhunús. Mheas sí go raibh údar le cinneadh an 28 Bealtaine 2008 d’APIA Arges i bhfianaise Airteagal 138(1) de Rialachán Uimh. 1973/2004, a mhéid a ródhearbhaigh BX an t-achar dromchla a d’úsáid sé, agus go raibh an dearbhú sin níos mó ná 30 %. Le taisceadh fhoirm M.1.1, chun a dhearbhú tosaigh a cheartú, d’admhaigh sé go raibh an earráid le fáil ina ródhearbhú tosaigh agus ní i ndearbhú an ionadaí ónar fuair an t-iarrthóir an talamh ar léas. Thairis sin, rinneadh an dearbhú tosaigh agus an dearbhú lena leasaítear an t-achar dromchla ar bhonn na léarscáileanna céanna de chuid APIA Argeș, sa chaoi nach raibh bunús le húdar an ródhearbhaithe ar bhonn earráidí sna léarscáileanna sin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">36.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mheas an chúirt sin go raibh ar an té a úsáideann dáileacht an fíorachar dromchla a lua san iarraidh ar íocaíocht dhíreach de réir an achair dromchla, gan muinín a bheith aige san achar dromchla atá le feiceáil ar ghníomhais teidil na dáileachta sin. Ní fhéadfaí údar a thabhairt leis an ródhearbhú arna dhéanamh ag BX le míchruinneas léarscáileanna topagrafacha APIA Argeș ar na hachair dromchla a bhí á n-úsáid aige, agus aird á tabhairt, inter alia, ar an oibleagáid dá bhforáiltear in Airteagal 7(1)(c) de OUG Uimh. 125/2006 chun, faoi phian pionóis choiriúil, faisnéis fhíor, iomlán agus go hiomlán bailí a thaifeadadh san fhoirm iarrata sin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">37.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Thairis sin, ós rud é gur taisceadh an dearbhú tosaigh agus foirm M.1.1 ar bhonn léarscáileanna céanna APIA Argeș, ní fhéadfaí údar a thabhairt leis an ródhearbhú leis na hearráidí a fhéadfadh a bheith sna léarscáileanna sin. Ós rud é nach raibh sonraí leordhóthanacha iontu chun na hachair dromchla a shainaithint i gceart, bhí sé de cheart ag BX bearta forlíontacha a ghlacadh chun an t-achar dromchla beacht a bhí á úsáid aige a bhunú d’fhonn aon ródhearbhú a sheachaint. De réir na cúirt céanna, d’fhéadfadh an míchruinneas i léarscáileanna APIA Argeș a fhágáil go sainaithneofar na hachair dromchla go mícheart maidir lena suíomh ar an léarscáil, ach ní bheadh mar thoradh orthu in aon chás go ndéanfaí ródhearbhú ar an achar dromchla de 46.56 %.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">38.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Thairis sin, mheas Cúirt Achomhairc Bhúcairist gurbh ionann foirm M.1.1 agus aistarraingt pháirteach achair dromchla a raibh feidhm ag Airteagal 22 de Rialachán Uimh. 796/2004 ina leith. Ós rud é gur thaisc BX a iarraidh ar aistarraingt i ndiaidh an iarraidh ar shoiléiriú a fháil ó APIA Argeș, chuirfí i gcoinne é a bheith eisiata ó chur i bhfeidhm na bpionós dá bhforáiltear in Airteagal 51 den Rialachán sin le hAirteagal 15(3) den Rialachán sin. Thairis sin, ní fhéadfaí glacadh le léiriú BX ar dá réir go raibh sé mar thoradh ar a nóta an 15 Bealtaine 2008 gur cúlghaireadh dearbhú aistarraingte an 28 Samhain 2008. Ní cheadófaí leis an Rialachán céanna iarraidh ar dháileacht a aistarraingt a chúlghairm, ní cheadódh sé ach achair dromchla a aistarraingt.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">39.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mheas an chúirt sin freisin nárbh ionann cás BX agus ceann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 68(1) de Rialachán Uimh. 796/2004 ach oiread. Dhearbhaigh BX achar dromchla iomlán de 264.71 ha i dtosach, sular bhain sé achar dromchla de 84.09 ha uaidh sin, cé nár tharla aon athrú ar an gcás ann ar an láthair. Níor chuir sé faisnéis a bhí ceart go fíorasach in iúl dá bhrí sin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">40.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ag glacadh leis gur lean diúltú na hiarrata ar dhamáistí airgeadais BX ní ón éagumas a chruthú gur fulaingíodh an damáiste ábhartha, ach ón diúltú don chaingean phríomhúil, níor mheas an chúirt sin, ar deireadh, gur gá fianaise a bhailiú. Ar an gcaoi chéanna, Cúirt Réigiúnach Bhúcairist, tar éis dó ródhearbhú bunaithe ar aistarraingt achair dromchla ag BX a aithint, nár cosúil go mbeadh suirbhéireacht thopagrafach úsáideach ach oiread.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">41.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ar an 8 Aibreán 2013, chuaigh BX os comhair na cúirte deireanaí sin, an uair sin le caingean beartaithe chun dliteanas a chur ar Stát na Rómáine as damáiste ábhartha agus neamhábhartha arna dhéanamh leis an sárú ar dhlí an Aontais arna dhéanamh ag Cúirt Achomhairc Bhúcairist ina cinneadh an 9 Aibreán 2012, á mhaíomh, thaobh amháin, nár chuir sé, inter alia, Airteagal 20 de Rialachán Uimh. 1782/2003 i bhfeidhm chomh maith le hAirteagal 68 de Rialachán Uimh. 796/2004 agus, ar an taobh eile, as neamhaird a dhéanamh ar an tríú fomhír d’Airteagal 267 CFAE trí shárú a dhéanamh ar a oibleagáid iarraidh ar réamhrialú a dhéanamh chuig an gCúirt agus ós rud é nár thug sé cúiseanna lena dhiúltú iarraidh den sórt sin a dhéanamh.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">42.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Le breithiúnas an 1 Iúil 2016, dhiúltaigh Cúirt Réigiúnach Bhúcairist do chaingean BX mar bheith gan bhunús.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">43.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mheas an chúirt sin nár deonaíodh cearta do dhaoine aonair le hAirteagal 20(1) de Rialachán Uimh. 1782/2003 lena bhféadfaí dliteanas a chur ar an Stát, ós rud é gur rialaíodh leis modh aitheantais dáileachtaí talmhaíochta, agus na tréithe nach mór a bheith sna léarscáileanna agus doiciméid ón gclárlann talún a úsáidtear chuige sin, d’fhonn coinníollacha comhchoiteanna a áirithiú le haghaidh na n-íocaíochtaí díreacha de bhun na scéimeanna difriúla cabhrach a thagann faoi CBT. Chuige sin, ba cheart ginearálta a bheadh sa cheart chun faisnéise arna agairt ag BX, a thuigtear mar cheart chun rochtain a fháil ar fhaisnéis úsáideach chun an chabhair arna hiarraidh a fháil agus chun an dáileacht lena mbaineann a shainaithint i gceart, a fhéadfaí a aithint le formhór na bhforálacha lena mbunaítear coinníollacha a bhaineann le feidhmiú sásra ar leith.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">44.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Os a choinne sin, de réir na cúirte sin, ba léir go gcruthódh Airteagal 68 de Rialachán Uimh. 796/2004 cearta le haghaidh daoine aonair. Bhain an chúirt sin de thátal as sin gur sháraigh Cúirt Achomhairc Bhúcairist an fhoráil sin, sa chéad áit, ós rud é nár chinn sé brí na dtéarmaí ‘faisnéis atá ceart go fíorasach’, cé nach sainítear sa ghníomh iad, sa dara háit, gur tháinig sé ar an gconclúid nach raibh feidhm ag an bhforáil sin i leith BX ar bhonn na ndoiciméad amháin a bhí mar bhunús le cinneadh APIA Argeș agus dá bhrí sin trí neamhaird a dhéanamh ar na doiciméid eile arna dtabhairt ag BX agus, sa tríú háit, nár thug sí an deis dó ach oiread a chruthú le haon cineál cruthúnais nach raibh sé ciontach as ródhearbhú.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">45.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ar bhonn na ngnéithe arna lua i míreanna 55 agus 56 den bhreithiúnas in Köbler, áfach, mheas Cúirt Réigiúnach Bhúcairist nach raibh an sárú ar dhlí an Aontais arna dhéanamh ag Cúirt Achomhairc Bhúcairist de chineál follasach lena bhféadfaí dliteanas a chur ar an Stát.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">46.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I ndáil leis sin, sa chéad áit, maidir leis an ‘leibhéal soiléireachta agus beaichte’, thug Cúirt Réigiúnach Bhúcairist faoi deara go raibh Airteagal 68 de Rialachán Uimh. 796/2004 soiléir sa chaoi gur rialaigh sé ceart an fheirmeora chun bheith eisiata ón bpionós go laghdófar an chabhair nó go mbainfear an ceart chuici uaidh sa dá chás a luaitear ann agus sa chaoi go gceanglaítear leis go hindíreach ar an gcúirt os comhair a leithéid a mhaítear infheidhmeacht ceann amháin den dá chás chun scrúdú a dhéanamh cé acu atá bunús leis an gcosaint sin nó nach bhfuil.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">47.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sa dara háit, maidir le ‘cineál inmhaite nó do-mhaite’ na hearráide dlí, i ndlí na Rómáine ní féidir í a agairt nuair is ann d’fhorálacha dlíthiúla inrochtana agus intuartha, lena n-áirítear na forálacha a fhoilsítear in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus na breithiúnais arna dtabhairt ag an gCúirt. Sa chás seo, ós rud é nach raibh Airteagal 68 den Rialachán sin ina ábhar do léiriú ón gCúirt go fóill, ní fhéadfadh éagumas Cúirt Achomhairc Bhúcairist léiriú ceart a dhéanamh ar an bhforáil sin a bheith ina earráid do-mhaite.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">48.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sa tríú háit, maidir leis an ‘seasamh arna ghlacadh ag institiúid den Aontas’, thug Cúirt Réigiúnach Bhúcairist faoi deara, go deimhin, gur líomhain an Coimisiún, roinnt uaireanta, nár áirithíodh le reachtaíocht na Rómáine éifeachtacht na gcros-seiceálacha riaracháin. Go háirithe, maítear gur chuir sé chun suntais, mar chuid dá imscrúdú Uimh. AA/2008/24,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-11" href="#t-11">11</a>
</span>) go bhfágann córas cartagrafach mícheart go minic go lonnaíonn feirmeoirí dáileachtaí talmhaíochta go mícheart, sa chaoi go ngearrtar pionós orthu nó nach bhfaigheann siad a gcabhair. Ní leor seasamh den sórt sin áfach chun a mheas gur bhunaigh institiúid den Aontas cineál follasach an tsáraithe ar dhlí an Aontais. Chun cineál follasach den sórt sin a bhunú, ba cheart don seasamh arna ghlacadh a bheith ag baint le cur i bhfeidhm na rialach arna sárú. Níor bhain an seasamh arna ghlacadh ag an gCoimisiún, áfach, sa chás seo, le cur i bhfeidhm Airteagal 68 de Rialachán Uimh. 796/2004, ach leis an gcaoi ar chuir APIA Argeș an córas chun dáileachtaí talmhaíochta a lonnú i bhfeidhm.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">49.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sa cheathrú háit, maidir le ‘cineál d’aon ghnó an tsáraithe’, maítear nár sháraigh Cúirt Achomhairc Bhúcairist dlí an Aontais d’aon ghnó nó go follasach. Cé nach raibh an deis ag an gCúirt go fóill chun léiriú a dhéanamh ar Airteagal 68 de Rialachán Uimh. 796/2004, leag an chúirt achomhairc sin amach na cúiseanna gur mheas sí, ar thaobh amháin, nach raibh gá glacadh leis an bhfianaise bhreise arna lorg ag BX agus, ar an taobh eile, nach raibh Airteagal 68 beartaithe chun feidhm a bheith aige i leith na díospóide na príomhimeachtaí.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">50.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sa chúigiú háit agus ar deireadh, thug Cúirt Réigiúnach Bhúcairist faoi deara nach bhféadfadh neamhchomhlíonadh an tríú fomhír d’Airteagal 267 CFAE, ann féin, dliteanas an Stáit a chur i ngníomh, ós rud é nach ndeonaítear cearta leis an bhforáil sin do dhaoine aonair. In aon chás, ina ordú an 2 Aibreán 2012, maítear gur theorannaigh Cúirt Achomhairc Bhúcairist é féin, go deimhin, chun údar a thabhairt lena dhiúltú ceist a chur ar an gCúirt maidir le léiriú Airteagal 68 trí thabhairt faoi deara ‘nár gá’ léiriú ón gCúirt le haghaidh na ngnéithe arna n-agairt ag BX, gan a thuilleadh mionsonraí a thabhairt maidir leis na cúiseanna a d’fhág gur tháinig sé ar chonclúid den sórt sin. Mheas Cúirt Réigiúnach Bhúcairist mar sin féin gur tugadh le tuiscint le húsáid an fhrása ‘nár gá’ gur mheas Cúirt Achomhairc Bhúcairist go raibh léiriú agus cur i bhfeidhm fhorálacha Airteagal 68 ríléir, sa chaoi nach raibh gá le hanailís ón gCúirt orthu.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">51.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Cé nár chomhlíon údar den sórt sin na ceanglais arna socrú ag an gCúirt ina breithiúnas in Cilfit,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-12" href="#t-12">12</a>
</span>) chinn Cúirt Réigiúnach Bhúcairist, ag deireadh comparáide idir imthosca na díospóide sna príomhimeachtaí agus imthosca an cháis as ar eascair an breithiúnas in Köbler, nach bhféadfadh don easpa cúiseanna sin a bheith ina sárú follasach ar dhlí an Aontais. Más rud é, sa chás deireanach sin, gur aistarraing cúirt, nach bhfuil leigheas breithiúnach faoin dlí náisiúnta ann in aghaidh a cinntí, a hiarraidh ar réamhrialú agus, ina dhiaidh sin, go ndearna sí léiriú mícheart ar chásdlí na Cúirte, bheadh an Chúirt tar éis a chinneadh nach raibh an sárú ar dhlí an Aontais follasach ná leordhóthanach tromchúiseacha chun dliteanas a chur ar an mBallstát atá faoi cheist. Dá bhrí sin, a mhéid nach raibh aon bhreithiúnas ábhartha ann de chuid na Cúirte, sa chás seo, lenar léiríodh na forálacha de dhlí an Aontais atá faoi cheist, ní fhéadfaí a mheas go raibh sárú na bhforálacha, a fortiori, follasach.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">52.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Rinne BX achomharc i gcoinne bhreithiúnas an 1 Iúil 2016 arna thabhairt ag Cúirt Réigiúnach Bhúcairist os comhair Cúirt Achomhairc Bhúcairist.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">53.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar chuid den achomharc sin, mhaígh BX, sa chéad áit, mar mhalairt ar an méid a chinn Cúirt Réigiúnach Bhúcairist, go ndeonaítear cearta do dhaoine aonair le hAirteagal 20(1) de Rialachán Uimh. 1782/2003, rud a eascraíonn as cásdlí na Cúirte  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-13" href="#t-13">13</a>
</span>) agus as imscrúdú Uimh. AA/2008/24 ón gCoimisiún, a luaitear i mír 48 den Tuairim seo. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh sárú na forála sin a fhágáil go gcuirfí dliteanas ar an institiúid a rinne locht agus go n-ordófar di íoc as an damáiste arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 41(3) i gcomhar le hAirteagal 51(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Ina dhiaidh sin, mhaígh BX, trí neamhaird a dhéanamh ar bhrí fhollasach Airteagal 68 de Rialachán Uimh. 796/2004 agus na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis an bhforáil sin, gur sháraigh Cúirt Achomhairc Bhúcairist a cheart chun triail chóir a fháil i bhfianaise Airteagail 47 go 52 den Chairt. Léirítear cineál d’aon ghnó an tsáraithe leis an sárú ar a chearta cosanta. Neartófaí an chonclúid sin leis an diúltú iarraidh ar réamhrialú a dhéanamh chuig an gCúirt, cé gur lorg sé tarchur den sórt sin, ós rud é go raibh na cúiseanna leis an diúltú sin athbhríoch d’aon ghnó d’fhonn cosc a chur ar chúirt dea-bhunús agus dleathacht na gcúiseanna sin a sheiceáil. Ar deireadh, mheas BX nach féidir aithint sáraithe fhollasaigh ar an oibleagáid arna leagan amach sa tríú fomhír d’Airteagal 267 CFAE a choinneáil amháin le haghaidh an cháis ina ndéanann cúirt nach bhfuil leigheas breithiúnach sa dlí náisiúnta ann in aghaidh a cinntí neamhaird ar bhreithiúnas um réamhrialú lena ndéantar léiriú ón gCúirt. In éagmais breithiúnas den sórt sin ón gCúirt, ní gá scrúdú a dhéanamh ar na critéir dá dtagraítear i mír 55 den bhreithiúnas in Köbler.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">54.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">D’fhonn rialú a thabhairt ar an achomharc arna thionscnamh ag BX, measann Cúirt Achomhairc Bhúcairist gur gá a fhiafraí ar an gCúirt, sa chéad áit, cé acu a dheonaítear le hAirteagal 20(1) de Rialachán Uimh. 1782/2003 cearta sonracha do dhaoine aonair, sa dara háit, cé acu a áirítear sa choincheap ‘faisnéis atá ceart go fíorasach’, de réir bhrí Airteagal 68(1) de Rialachán Uimh. 796/2004, ag an am céanna dearbhú ceart na ndromchlaí ag an bhfeirmeoir agus sainaithint cheart na dáileachta a shaothraítear agus, sa tríú háit, in imthosca na díospóide sna príomhimeachtaí, an ionann an fíoras nár tharchuir sí ceist le haghaidh réamhrialú chuici maidir le léiriú Airteagal 68 agus sárú follasach ar dhlí an Aontais atá de chineáil chun dliteanas a chur ar Stát na Rómáine.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">55.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sna himthosca sin, chinn Cúirt Achomhairc Bhúcairist bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna le haghaidh réamhrialú seo a leanas a chur ar an gCúirt:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-184" title="page-21">
      ‘(1) An ionann Airteagal 20(1) de Rialachán [Uimh. 1782/2003] agus foráil de dhlí an Aontais a thugann cearta sonracha do dhaoine aonair, i gcás ina bhféadfadh dliteanas Stáit a bheith mar thoradh ar shárú ar na cearta sin mar thoradh ar chinneadh ón gcúirt náisiúnta céime deiridh?
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-185" title="page-21">
      (2) An bhfuil an coincheap ‘faisnéis atá ceart go fíorasach’ dá bhforáiltear in Airteagal 68(1) de Rialachán [Uimh. 796/2004] le léiriú sa chaoi go n-áirítear leis an dá dhearbhú ceart na limistéar talún ag an bhfeirmeoir agus sainaithint ceart an dáileacht talún a úsáidtear agus a teorainneacha?
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-186" title="page-21">
      (3) I gcúinsí an cháis, an ionann mainneachtain na cúirte náisiúnta céime deiridh an t-ábhar a tharchur chuig [an gCúirt] chun réamhrialú ar léiriú Airteagal 68 de Rialachán Uimh. 796/2004 agus sárú dlí tromchúiseach go leor chun an Stát a chur faoi dhliteanas i leith an damáiste a líomhnaítear a rinne breithiúnas na cúirte sin?’
    </p>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">56.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Chuir Rialtas na Rómáine agus an Coimisiún Eorpach barúlacha i scríbhinn isteach. Chuir na páirtithe céanna sin, agus BX, barúlacha ó bhéal in iúl freisin ag an éisteacht a reáchtáladh ar an 20 Bealtaine 2025.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">IV.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Anailís</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">A.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Réamhbharúlacha</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">57.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I dtús báire, ba cheart a thabhairt chun cuimhne go mbaineann an cás seo le cás ina ndearna BX, feirmeoir is iarrthóir ar chabhair de réir achair dromchla, rómheastachán ar an achar dromchla dár lorg sé an chabhair sin, cé nach raibh na léarscáileanna topagrafacha arna gcur ar fáil ag an údarás náisiúnta inniúil, ar bhonn a leithéid ar shainaithin sé an t-achar dromchla talmhaíochta lena mbaineann, leordhóthanach beacht chun go bhféadfaí teorainneacha na talún arna saothrú a shainaithint. In imthosca den sórt sin, mhaígh an feirmeoir sin ar eisiadh é, i ndiaidh an ródhearbhaithe ar an achar dromchla, ó chabhair a fháil le cinneadh ón údarás sin, nach ‘ródhearbhú’ arna dhéanamh d’aon ghnó a bhí i gceist ach sainaithint earráideach teorainneacha na talún arna húsáid mar gheall ar mhíchruinneas na léarscáileanna sin, nach raibh i gcomhréir leis na coinníollacha arna leagan síos in Airteagal 20(1) de Rialachán Uimh. 1782/2003, agus, mar sin, go raibh ‘faisnéis atá ceart go fíorasach’, nó ar a laghad, nach mbeadh ‘locht’ air, ina iarraidh ar chabhair, lenar tugadh le tuiscint, de bhun Airteagal 68 de Rialachán Uimh. 796/2004, nár cheart feidhm a bheith ag na heisiaimh ón gcabhair a fháil.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">58.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Baineann an fhadhb dhlíthiúil atá ag croílár an cháis sna príomhimeachtaí mar sin le cúiteamh an damáiste a líomhnaítear gur fhulaing BX mar gheall ar chinneadh Cúirt Achomhairc Bhúcairist, a dhiúltaigh, ar thaobh amháin, agus í ag tabhairt breith mar chúirt céime deiridh, dá achomharc i gcoinne bhreithiúnas Cúirt Réigiúnach Bhúcairist, inar chinn an chúirt sin gan ceart an iarrthóra chun na cabhrach a aithint, mar gheall ar an ródhearbhú ar an achar dromchla dár lorg sé an chabhair agus, ar an taobh eile, a dhiúltaigh iarraidh ar réamhrialú a dhéanamh chuig an gCúirt. Mar sin, i ndiaidh bhreithiúnas Cúirt Achomhairc Bhúcairist, chuaigh BX os comhair Cúirt Réigiúnach Bhúcairist le caingean chun dliteanas a chur ar Stát na Rómáine as an sárú ar dhlí an Aontais, go háirithe, ar Airteagal 20 de Rialachán Uimh. 1782/2003 agus Airteagal 68 de Rialachán Uimh. 796/2004, chomh maith leis an oibleagáid le haghaidh cúirt ag rialú ag an gcéim deiridh tarchur chun réamhrialú a dhéanamh de bhun an tríú fomhír d’Airteagal 267 CFAE. Ós rud é go ndearbhaigh Cúirt Réigiúnach Bhúcairist nach raibh bunús leis an gcaingean sin, rinne BX achomharc os comhair Chúirt Achomhairc Bhúcairist.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">59.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sna himthosca sin, chuir Cúirt Achomhairc Bhúcairist, nach mór di a chinneadh cé acu a cheart go ndearna sí tarchur chun réamhrialú ina cháil mar chúirt céime deiridh, bac ar na himeachtaí agus chuir sí trí cheist ar an gCúirt.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">B.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An chéad cheist le haghaidh réamhrialú</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">60.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Lena céad cheist, lorgaíonn an chúirt a rinne an tarchur a fháil amach, go bunúsach, an ionann Airteagal 20(1) de Rialachán Uimh. 1782/2003 agus foráil a bhfuil sé mar chuspóir léi cearta a dheonú do dhaoine aonair a bhféadfadh a sárú a fhágáil go gcuirfear dliteanas ar an mBallstát lena mbaineann.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">61.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar mheabhrú, shainaithin Cúirt Réigiúnach Bhúcairist, mar chuid den díospóid sna príomhimeachtaí, nach bhféadfaí dliteanas a chur ar Stát na Rómáine le sárú Airteagal 20(1) den Rialachán sin ós rud é nár dheonaigh an fhoráil sin cearta do dhaoine aonair.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-14" href="#t-14">14</a>
</span>) Conspóideann BX an chonclúid sin agus tagairt á déanamh do chinntí ón gCoimisiún arna bhfógairt le linn na mblianta 2010 agus 2011.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-15" href="#t-15">15</a>
</span>) Go sonrach, bheadh an chonclúid sin ar neamhréir le himscrúdú Uimh. AA/2008/24 de chuid an Choimisiúin, a mhaítear a chuir in iúl nach gcomhlíonann córas cartagrafach mícheart a ról arb ionann é agus éifeachtacht na gcros-seiceálacha riaracháin a áirithiú (leas ginearálta), ach go bhfágann sé go lonnaíonn feirmeoirí dáileachtaí talmhaíochta go mícheart go minic sa chóras sainaitheantais dóibh sin, feirmeoirí ar a ghearrtar pionós nó nach bhfaigheann a gcabhair nó nach n-íoctar a gcostais, ‘lena gcuirtear leas ar leith gach feirmeora i ngníomh freisin’. Mar sin, i gcomhthéacs den sórt sin, bheadh diminsean institiúideach ag Airteagal 20 den Rialachán sin freisin, eadhon chun éifeachtacht na nósanna imeachta riaracháin agus rialaithe faoi CBT a áirithiú. Ní chuirfí leis sin an fhéidearthacht go ndeonódh an fhoráil chéanna sin cearta do dhaoine aonair agus, inter alia, an ceart chun bheith curtha ar an eolas trí léarscáileanna topagrafacha beachta as an áireamh go huathoibríoch, áfach, ós rud é go bhféadfadh neamhchomhlíonadh an choinníll sin maidir le beaichte na léarscáileanna faisnéis úsáideach a cheilt ar an bhfeirmeoir sa phróisis chun an chabhair a fháil agus tionchar díreach a imirt ar an deis chun leas a bhaint as tacaíocht airgeadais.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">62.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Chuige sin, tugaim chun cuimhne, i dtús báire, maidir leis na coinníollacha lena gceadaítear dliteanas a chur ar Bhallstát as an damáiste arna dhéanamh do dhaoine aonair le sáruithe ar dhlí an Aontais atá inchurtha ina leith, gur chinn an Chúirt arís agus arís eile go bhfuil an ceart ag daoine aonair dá ndearnadh damáiste go gcúiteofar an damáiste sin má chomhlíonfar trí choinníoll, eadhon, sa chéad áit, go bhfuil sé mar chuspóir leis an riail dlí arna sárú cearta a dheonú do dhaoine aonair, sa dara háit, go bhfuil sárú na rialach sin leordhóthanach tromchúiseach agus, sa tríú háit, go bhfuil nasc cúisíoch díreach ann idir an sárú ar an oibleagáid atá ar an mBallstát agus an damáiste arna fhulaingt ag na daoine aonair sin.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-16" href="#t-16">16</a>
</span>).</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">63.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Go sonrach, maidir leis an gcéad choinníoll, dá dtagraítear sa chéad cheist le haghaidh réamhrialú, chinn an Chúirt cheana féin go dtagann cearta a dheonaítear do dhaoine aonair ar an bhfód ní hamháin nuair a dhéantar sannadh sainráite le forálacha de dhlí an Aontais, ach freisin mar gheall ar oibleagáidí dearfacha nó diúltacha a chuireann siad ar bhealach dea-shainithe ar dhaoine aonair agus ar Bhallstáit nó institiúidí an Aontais.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-17" href="#t-17">17</a>
</span>) D’fhéadfadh sárú oibleagáidí dearfacha nó diúltacha den sórt sin, ag Ballstát, bac a chur le feidhmiú na gceart a dheonaítear go hintuigthe do na daoine aonair lena mbaineann de bhun na bhforálacha de dhlí an Aontais lena mbaineann, agus gur cheart a agairt ar an leibhéal náisiúnta, agus mar sin athrú a dhéanamh ar an staid dhlíthiúil a bheartaíonn na forálacha sin a chruthú do na daoine aonair sin. Is é sin an fáth go gceanglaítear le héifeachtacht iomlán na rialacha sin de dlí an Aontais agus cosaint na gceart a bhfuil siad beartaithe a dheonú go mbeidh an deis ag daoine aonair cúiteamh a fháil, agus go mbeidh sé sin go neamhspleách ar an gceist cé acu atá éifeacht dhíreach ag na forálacha sin, ós rud é nach bhfuil sé sin riachtanach ná leordhóthanach ann féin chun go gcomhlíonfaí an chéad choinníoll den trí choinníoll a thugtar chun cuimhne i mír 62 den Tuairim seo.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-18" href="#t-18">18</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">64.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Is i bhfianaise na bprionsabal sin gurb iomchuí a scrúdú cé acu atá sé mar chuspóir le hAirteagal 20(1) de Rialachán Uimh. 1782/2003, lena mbunaítear na rialacha maidir le comhdhéanamh an chórais sainaitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta atá mar pháirt de rialacha comhchoiteanna in ábhair íocaíochtaí díreacha de bhun scéimeanna tacaíochta ioncaim a thagann faoi CBT, cearta a dheonú do dhaoine aonair agus, inter alia, d’iarrthóirí ar chabhair lena gceadaítear dóibh caingean le haghaidh cúiteamh damáiste a thionscnamh, ar damáiste é arna dhéanamh mar gheall ar easpa beaichte léarscáileanna topagrafacha APIA.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-19" href="#t-19">19</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">65.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ar na cúiseanna seo a leanas, measaim nach bhféadfaí an fhoráil seo a mheas mar chearta sonracha a dheonú d’iarrthóirí ar chabhair nó, ar a laghad, mar bheith beartaithe chun staid dhlíthiúil a chruthú a bheidh infheidhme maidir leo sin, bíodh sin ar bhealach sainráite nó intuigthe.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">66.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sa chéad áit, ba cheart a thabhairt faoi deara nach léir ó fhoclaíocht Airteagal 20(1) de Rialachán Uimh. 1782/2003 go bhfuil an tAirteagal sin beartaithe chun cearta a dheonú d’iarrthóirí ar chabhair. Tá an fhoráil sin, a thagann faoi Theideal II den Rialachán sin, dar teideal ‘Forálacha ginearálta’, agus, go sonrach, faoi Chaibidil 4, dar teideal ‘Córas comhtháite riaracháin agus rialaithe’, de chineál go hiomlán teicniúil a mhéid a fhoráiltear léi go gcomhdhéanfar an córas sainaitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta ‘ar bhonn pleananna agus doiciméid de chuid na clárlainne talún nó tagairtí eile cartagrafacha’. [Aistriúchán neamhoifigiúil] Sainítear leis an bhforáil sin na teicnící a úsáidtear chun an córas sin a chur ar bun, agus sonraítear go ‘[mb]ainfidh na teicnící a úsáidtear leas as córas faisnéise geografaí ríomhairithe ina n-áireofar más féidir orta-íomhánna aeir nó spásúla, le caighdeáin aonfhoirmeacha lena n-áirithítear beaichte atá comhionann ar a laghad le beaichte na cartagrafaíochta ar scála 1:10 000’. [Aistriúchán neamhoifigiúil]</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">67.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Is léir ón méid sin, ar thaobh amháin, nach bhfuil tagairt ar bith i bhfoclaíocht Airteagal 20(1) den Rialachán sin do dhaoine aonair, ná, a fortiori, d’iarrthóirí ar chabhair, sa chaoi nach ndéantar leis aon ‘sannadh sainráite’ ceart, de réir bhrí chásdlí na Cúirte dá dtagraítear i mír 63 den Tuairim seo. Ar an taobh eile, forchuirtear leis an bhforáil sin ar údaráis inniúla na mBallstát atá freagrach as riarachán agus rialú a dhéanamh ar íocaíochtaí díreacha chuig feirmeoirí ‘oibleagáid dhearfach’ chun córais sainaitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochtaí a úsáid le cabhair, inter alia, léarscáileanna topagrafacha a mbaineann íosleibhéal beaichte leo. Ní léir ó fhoclaíocht na forála sin go gcruthódh an ‘oibleagáid dhearfach’ sin cearta ar mhaithe le daoine aonair, de réir bhrí chásdlí céanna na Cúirte. Níl aon chomhartha san fhoráil sin ar dá réir gur cheart go gcruthódh úsáid léarscáileanna topagrafacha buntáiste le haghaidh na ndaoine aonair agus, inter alia, le haghaidh na bhfeirmeoirí a lorgaíonn cabhair.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">68.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sa dara háit, eascraíonn an cinneadh sin ón léiriú comhthéacsúil agus teileolaíoch ar Airteagal 20 de Rialachán Uimh. 1782/2003.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">69.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Chuige sin, tugaim chun cuimhne, de réir théarmaí na chéad fomhíre d’Airteagal 17 den Rialachán sin, ‘[c]ruthóidh gach Ballstát córas comhtháite riaracháin agus rialaithe’, ar a ghlaofar an ‘córas comhtháite’, a chuirtear i bhfeidhm, i gcomhréir leis an dara agus tríú fomhír den fhoráil sin, i leith scéimeanna difriúla tacaíochta mar chuid de CBT,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-20" href="#t-20">20</a>
</span>) agus i leith rialú na rialacha dá bhforáiltear le forálacha ginearálta an Rialacháin sin.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-21" href="#t-21">21</a>
</span>) Is é an cuspóir ginearálta á shaothrú leis an gcóras comhtháite sin, de réir aithrisí 11 agus 13 den Rialachán sin, ‘éifeachtacht agus tairbhe na sásraí riaracháin agus rialaithe a neartú’. [Aistriúchán neamhoifigiúil]</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">70.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sa chomhthéacs sin, de bhun Airteagal 18(1) de Rialachán Uimh. 1782/2003, arna léamh i bhfianaise aithris 13 de, comhdhéanfar an córas comhtháite riaracháin de shraith gnéithe, atá beartaithe, le chéile ‘chun éifeachtacht na nósanna imeachta riaracháin agus rialaithe a fheabhsú’. [Aistriúchán neamhoifigiúil] I measc na ngnéithe sin tá, pointe (b) an ‘córas sainaitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta’ (CSDT), dá dtagraítear in Airteagal 20 den Rialachán sin. Mar sin, níl CSDT ar ceann de na nithe lena gcomhdhéantar an córas comhtháite agus ní fhéadfaí anailís a dhéanamh air ar bhealach neamhspleách, gan aird a thabhairt ar chuspóirí níos ginearálta a shaothraítear le cur ar bun córas comhtháite. I gcomhréir le haithris 14 den Rialachán sin, cuireann CSDT, amhail gnéithe eile den chóras comhtháite – eadhon, an bunachar sonraí ríomhairithe, na hiarrataí ar chabhair ó fheirmeoirí, an córas comhtháite rialaithe agus, le haghaidh na scéime íocaíochta dírí, an córas sainaitheantais agus taifid le haghaidh na gceart chun íocaíochta – le héifeachtacht na nósanna imeachta riaracháin agus rialaithe a fheabhsú, ag féachaint do chastacht an chórais agus líon suntasach na n-iarrataí ar chabhair atá le próiseáil. Go háirithe, de réir aithris 16 den Rialachán sin, is ionann sainaithint dáileachtaí talmhaíochta, i gcás inarb iomchuí, le cabhair ó theicníc na cianbhraiteachta agus ‘[p]ríomhghné de chur i bhfeidhm ceart scéimeanna atá nasctha le hachar dromchla’, ós rud é gur ‘léirigh an taithí faighte lochtanna áirithe sna modhanna [sainaitheantais] arb ann dóibh’. [Aistriúchán neamhoifigiúil]</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">71.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar thoradh air sin tá an fhoráil sin, amhail na gnéithe eile lena gcomhdhéantar an ‘córas comhtháite’ arna chur ar bun le Rialachán Uimh. 1782/2003,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-22" href="#t-22">22</a>
</span>) beartaithe go heisiach chun éifeachtacht an rialaithe a fheabhsú trí áirithiú go bhféadfaidh údaráis inniúla na mBallstát fíorú a dhéanamh ar bhealach éifeachtach ar chomhréireacht na n-iarrataí ar chabhair le ceanglais dhlí an Aontais. Is ionann cuspóir riaracháin agus rialaithe éifeachtaigh ar íocaíochtaí díreacha go díreach agus leasanna airgeadais an Aontais a chosaint.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-23" href="#t-23">23</a>
</span>) Ina leith sin, d’fhéadfadh léarscáileanna topagrafacha, nuair nach bhfuil siad leordhóthanach beacht, éifeachtacht an rialaithe a chur i gcontúirt, agus d’fhéadfaí an riosca a chruthú mar sin nach n-aimseoidh na Ballstáit na híocaíochtaí míchuí, rud a chruthaíonn riosca airgeadais do bhuiséad an Aontais.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">72.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar sin, níor ghlac reachtas an Aontais na forálacha sin, cé go bhféadfadh siad a bheith úsáideach le haghaidh na bhfeirmeoirí,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-24" href="#t-24">24</a>
</span>) chun freastal orthu siúd i gcomhthéacs a n-iarrataí ar chabhair. Cinntear leibhéal beaichte na léarscáileanna topagrafacha le húsáid ag údaráis inniúla na mBallstát chun éifeachtacht rialaithe na n-iarrataí ar chabhair a áirithiú, ós rud é nach bhfeidhmíonn an córas comhtháite mar uirlis tacaíochta le haghaidh na bhfeirmeoirí maidir lena n-iarrataí. Foráiltear d’uirlis den sórt sin áfach le Rialachán Uimh. 1782/2003, eadhon ‘an córas comhairleach talmhaíochta’, arna bhunú ag na Ballstáit, ‘le haghaidh feirmeoirí’.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-25" href="#t-25">25</a>
</span>) [Aistriúchán neamhoifigiúil]</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">73.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ina theannta sin, tugaim faoi deara go bhféadfaidh an feirmeoir úsáid a bhaint as ‘córas comhtháite’ an fhóntais sin, de réir a nádúir féin, mar chuid d’aon chóras eagrúcháin, dála an ‘chórais chomhtháite’, a mhéid gur cosúil nach feidhmíonn aon chóras ar bhealach féintagarthach, dó féin: bíonn fóntas don saoránach ar deireadh i gceist i gcónaí. Mar sin féin, tá fóntas den sórt sin indíreach agus frithluaile, agus ní le ‘cearta a dheonú do dhaoine aonair’ de réir chásdlí na Cúirte Breithiúnais  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-26" href="#t-26">26</a>
</span>). Ina mhalairt de chás, ba cheart aon fhoráil de chineál eagraíochtúil a mheas mar fhoráil lena ndeonaítear cearta do dhaoine aonair, ar reductio ad absurdum é sin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">74.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sa tríú háit agus ar deireadh, is cosúil go bhfuil cineál iomlán oibiachtúil agus teicniúil atá ag Airteagal 20 de Rialachán Uimh. 1782/2003 níos follasaí i bhfianaise bhunús na forála sin. Chuige sin, ba cheart a chur in iúl gur leagadh síos an ‘córas comhtháite riaracháin agus rialaithe’ le Rialachán Uimh. 3508/92 d’fhonn, inter alia, éifeachtacht agus tairbhe na sásraí riaracháin agus rialaithe a neartú (aithris 3 den Rialachán sin), trí úsáid a bhaint as meáin theicniúla agus na modhanna riaracháin agus rialaithe iomchuí ag féachaint do chastacht córais den sórt sin agus líon suntasach na n-iarrataí atá le próiseáil (aithris 5 den Rialachán sin), a raibh ann, ar leibhéal náisiúnta gach Ballstáit, do ‘bhunachar sonraí ríomhairithe, córas alfa-uimhriúil sainaitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta, iarrataí ar chabhair feirmeoirí, córas comhtháite rialaithe agus, san earnáil táirgthe ainmhithe, córas sainaitheantais agus taifid ainmhithe’.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-27" href="#t-27">27</a>
</span>) [Aistriúchán neamhoifigiúil] Thairis sin, agus in aon chás, ba cheart a thabhairt faoi deara go ndearnadh athrá ar chur chuige agus cuspóir CSDT i Rialachán (CE) Uimh. 73/2009,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-28" href="#t-28">28</a>
</span>) lenar cúlghaireadh Rialachán Uimh. 1782/2003 agus a tháinig ina áit, agus leis na Rialacháin go léir a tháinig ina dhiaidh.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-29" href="#t-29">29</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">75.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar thoradh air sin, ag féachaint dá fhoclaíocht, dá chomhthéacs, dá chuspóir agus dá bhunús, tá sé mar chuspóir le hAirteagal 20 de Rialachán Uimh. 1782/2003 rialú a dhéanamh ar an modh sainaitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta, mar ghné den chóras comhtháite riaracháin agus rialaithe ar dhleathacht úsáid chistí an Aontais, ag cur mar sin le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint agus níl sé beartaithe chun riail de dhlí an Aontais lena ndeonaítear cearta do dhaoine aonair a bhunú. Tá a fhorálacha, a bhaineann le cur ar bun an chórais sainaitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta, ar príomhghnéithe iad den chóras comhtháite riaracháin agus rialaithe, beartaithe chun a dhea-fheidhmiú a áirithiú, agus lena gcuirtear ar chumas mar sin d’údaráis inniúla na mBallstát a n-oibleagáidí a chomhlíonadh chun iarrataí ar chabhair a bhainistiú agus a rialú go héifeachtach.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">76.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ní fhéadfaí amhras a chaitheamh ar an gconclúid sin, dar liom, le hiniúchadh AA/2008/24 arna dhéanamh ag an gCoimisiún, dá dtagraíonn BX ina argóint chun cineál earráideach chinneadh Chúirt Réigiúnach Bhúcairist. Mar a d’áitigh an Coimisiún ina bharúlacha i scríbhinn, mar gheall ar an iniúchadh sin bhíothas in ann teacht ar an gconclúid gurbh ann do bhearna sa chóras sainaitheantais le haghaidh dáileachtaí talmhaíochta sa Rómáin, a d’fhág gur gá le ceartuithe airgeadais. Ní bhaineann imscrúdú den sórt sin, mar gheall ar a chineál, leis an gcaidreamh idir an Aontas agus an Rómáin agus tá sé beartaithe go heisiach chun rioscaí airgeadais le haghaidh cistí an Aontais a aithint. Mar thoradh air sin, ní fhéadfaí a bhaint de thátal ón iniúchadh sin gur mheas an Coimisiún gur chosain Airteagal 20 de Rialachán Uimh. 1782/2003 cearta aonaracha na bhfeirmeoirí.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">77.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dá bhrí sin, molaim a thabhairt mar fhreagra ar an gcéad cheist a tharchuirtear nach bhféadfaí Airteagal 20(1) de Rialachán Uimh. 1782/2003 a léiriú sa chaoi go bhfuil sé mar chuspóir leis cearta a dheonú do dhaoine aonair agus, inter alia, d’iarrthóirí ar íocaíochtaí díreacha.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">C.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An dara ceist le haghaidh réamhrialú</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">78.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Lena dara ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, cé acu a chaithfear Airteagal 68(1) de Rialachán Uimh. 796/2004 a léiriú sa chaoi go dtagraíonn an coincheap ‘faisnéis atá ceart go fíorasach’ atá san fhoráil sin do dhearbhú ceart na n-achar dromchla ag an bhfeirmeoir chomh maith le sainaithint cheart na dáileachta arna saothrú agus a teorainneacha ag an bhfeirmeoir.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">79.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar mheabhrú, sa chás seo, eisiadh iarraidh BX ó leas a bhaint as íocaíochtaí díreacha ar bhonn Airteagal 138(1) de Rialachán Uimh. 1973/2004, ag féachaint don fhíoras gur chuir sé dearbhú tosaigh d’achar dromchla isteach a bhí 46.56 % níos mó ná an fíorachar dromchla.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-30" href="#t-30">30</a>
</span>) Conspóideann BX an fíoras go ndearna sé ródhearbhú den sórt sin. Dar leis, tá an ródhearbhú a chuirtear ina leith inchurtha i leith APIA Argeș a sholáthair léarscáileanna topagrafacha dó nach raibh leordhóthanach beacht agus, dá bhrí sin, nach raibh i gcomhréir leis na ceanglais dá bhforáiltear in Airteagal 20 de Rialachán Uimh. 1782/2003. Mar thoradh air sin, maíonn sé gur sholáthair BX ‘faisnéis atá ceart go fíorasach’ agus, in aon chás, nach bhfuil ‘locht air’, ionas nár cheart aon laghdú nó eisiaimh ar an gcabhair a chur i bhfeidhm ina leith, i gcomhréir le hAirteagal 68(1) de Rialachán Uimh. 796/2004.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">80.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar réamhphointe, tugaim chun cuimhne go bhforáiltear le hAirteagal 68 den Rialachán sin, ina bhfuil na forálacha a bhaineann le heisceachtaí ó chur i bhfeidhm laghduithe agus eisiaimh i leith íocaíochtaí cabhrach dá dtagraítear, inter alia, i gCaibidil I de, atá beartaithe d’aitheantais a bhaineann le critéir incháilitheachta, i mír 1 de, nach mbeidh feidhm ag na laghduithe agus na heisiaimh i leith na n-íocaíochtaí i gcás gur thaisc an feirmeoir leis an údarás inniúil ‘faisnéis atá ceart go fíorasach nó gur féidir leis a léiriú ar bhealach ar bith eile nach bhfuil locht air’.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-31" href="#t-31">31</a>
</span>) [Aistriúchán neamhoifigiúil] De réir fhoclaíocht aithris 67 den Rialachán sin, ‘[b]a cheart, mar riail ghinearálta, nach mbeidh feidhm ag laghduithe ná eisiaimh maidir leis na critéir incháilitheachta i gcás gur thaisc an feirmeoir faisnéis atá ceart go fíorasach nó gur féidir leis a léiriú ar bhealach ar bith eile nach bhfuil locht air’. [Aistriúchán neamhoifigiúil]</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">81.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Chuige sin, maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 68(1) den Rialachán céanna maidir leis na sonraí a bhaineann le critéir incháilitheachta, ní mór an fhoráil sin a léamh i gcomhar le hAirteagal 12 de, lena rialaítear ábhar na ‘hiarrata aonair’ arna cur isteach ag an bhfeirmeoir,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-32" href="#t-32">32</a>
</span>) lena ndearbhaíonn sé ní hamháin an t-achar dromchla a úsáideann sé chun críoch talmhaíochta, ach freisin a chearta chun íocaíochta.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-33" href="#t-33">33</a>
</span>) Mar sin, i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán Uimh. 796/2004, ‘[b]eidh an fhaisnéis go léir is gá san iarraidh aonair chun incháilitheacht i leith na cabhrach a chinneadh, go háirithe, [...] gnéithe lena gceadaítear gach dáileacht talmhaíochta an ghabháltais a shainaithint, a hachar dromchla arna chur in iúl in heicteáir le dhá phointe deachúlach, a suíomh agus, i gcás inarb iomchuí, a húsáid, agus cé acu an dáileacht talmhaíochta uiscithe í’.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-34" href="#t-34">34</a>
</span>) [Aistriúchán neamhoifigiúil]</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">82.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dá réir sin, leanann sé ón méid sin gur léir go follasach ó fhoclaíocht na forála deireanaí sin gurb ionann ‘dearbhú ceart na n-achar dromchla ag an bhfeirmeoir’, a mhéid a thagraíonn sé sin don ‘achar dromchla arna chur in iúl in heicteáir le dhá phointe deachúlach’, agus ‘sainaithint cheart na dáileachta arna saothrú agus a teorainneacha’, a mhéid a thagraíonn sé sin do ‘shainaithint na ndáileachtaí talmhaíochta’ agus ‘a suíomh’, agus faisnéis riachtanach d’fhonn incháilitheacht i leith na cabhrach a chinneadh. Tá an cinneadh sin, thairis sin, ag luí leis an gcoincheap ‘sainaithint’ dáileachta talmhaíochta, a bhaineann go heisiach le sainaithint teorainneacha dáileachta seachas a hachar, nach féidir a chinneadh ach i ndiaidh teorainneacha an dáileachta sin a shainaithint. I dtéarmaí eile, is gá dearbhú cruinn ar na hachair, mura ndéantar botún ríofa, chun dáileacht talmhaíochta a shainaithint i gceart.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">83.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ag féachaint, áfach, d’imthosca na díospóide sna príomhimeachtaí, is cosúil dom gur gá síneadh a chur le teorainneacha na ceiste sin agus a scrúdú an féidir le feirmeoir a chuir faisnéis mhícheart isteach chuig an údarás náisiúnta inniúil laghdú nó eisiamh i leith na cabhrach a sheachaint, áfach, de bhun Airteagal 68(1) de Rialachán Uimh. 796/2004, má léiríonn sé nach bhfuil ‘locht air’ ós rud é nach bhfuil an earráid arna tabhairt faoi deara ag an údarás sin inchurtha in leith.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">84.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Chuige sin, braitheann an cheist a bhaineann leis an sárú a chur i leith duine ar shaintréithe gach cáis. Mar sin, d’fhéadfadh an imthoisc gur sholáthair údarás, amhail APIA, doiciméid mhíchruinne nó neamhdhóthanach beacht don iarrthóir ar chabhair nár cheadaigh dó na dáileachtaí ar mian leis a shaothrú a lonnú agus teorainn a chur leo go beacht, an feirmeoir sin a shaoradh ó ‘locht’, má éiríonn leis a léiriú nach raibh aon fhianaise eile ar fáil dó, ar bhonn léarscáileanna nó doiciméid clárlainne talún eile nó tagairtí cartagrafacha eile, lenar ceadaíodh dó na dáileachta sin a shainaithint. Ag féachaint, áfach, don fhreagra a mholaim a thabhairt ar an gcéad cheist a tharchuirtear, ní léir ó na forálacha a bhaineann le ‘córas comhtháite’ Rialachán Uimh. 1782/2003 go ndeonaítear leo ceart ar leith don fheirmeoir sin lena gceadaítear dó suíomh agus achar dromchla a dháileachtaí a chruthú trí na doiciméid atá i seilbh an údaráis inniúil náisiúnta.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">85.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Maidir le fíorais na díospóide sna príomhimeachtaí, mar a leagtar amach iad san ordú tarchuir, tugaim faoi deara, ar dtús, maidir leis an measúnú ar chineál na ‘faisnéise atá ceart go fíorasach’, mar a chinn an Chúirt cheana féin, nach mór don achar dromchla inghlactha atá nasctha le ceart chun íocaíochta a bheith ar fáil don fheirmeoir,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-35" href="#t-35">35</a>
</span>) ós rud é go bhfuil achar dromchla den sórt sin mar chuid de ghabháltas an fheirmeora agus é mar chumhacht aige é a bhainistiú d’fhonn gníomhaíocht talmhaíochta a chleachtadh.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-36" href="#t-36">36</a>
</span>) Ní mór don fheirmeoir neamhspleáchas leordhóthanach a bheith aige i leith an achair dromchla sin, rud nach mór don chúirt a rinne an tarchur a mheas, ag féachaint d’imthosca uile an cháis.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-37" href="#t-37">37</a>
</span>) Thairis sin, i gcomhréir le cásdlí na Cúirte, is gá nach mbeidh na hachair dromchla atá faoi chonspóid ina n-ábhar d’aon ghníomhaíocht talmhaíochta arna déanamh ag tríú páirtí le linn na tréimhse sin. Ionas go seachnófar nach n-éileoidh roinnt feirmeoirí go bhfuil na dáileachtaí lena mbaineann mar chuid dá ngabháltas, is gá, le linn na tréimhse sin, nach féidir a mheas go bhfuil na hachair dromchla sin mar chuid de ghabháltas feirmeoirí eile chun críocha na scéime íocaíochta aonair.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-38" href="#t-38">38</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">86.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sa chás seo, ar thaobh amháin, is léir ón ordú tarchuir go raibh an t-achar dromchla arna fháil ar cíos ag BX ó úinéir na talún níos lú ná an t-achar dromchla a dhearbhaigh sé. Dá mba rud é go raibh BX feasach go raibh an t-achar dromchla arna shaothrú go hiarbhír níos mó ná an t-achar a bhí aige de bhun an chonartha léasa arna thabhairt i gcrích le húinéir na talún, bhí sé de cheart aige cruthúnas ar an méid sin a thabhairt os comhair APIA Argeș. Tugaim faoi deara, áfach, in dhearbhuithe, nár chuir BX gné fhíorasach in iúl, áfach, is cosúil a bheith riachtanach, eadhon an t-achar dromchla ceart, cé go raibh sé de cheart aige a thuar agus go raibh sé in ann a thuar go raibh roinnt achair dromchla arna ndearbhú in úsáid ag an úinéir agus ag daoine eile. Thairis sin, tugaim faoi deara, sa chás seo, nach botún beag a bhí sa ródhearbhú a bhféadfaí, más ábhartha, glacadh leis nó atá inleithscéil, ach difríocht os cionn 80 heictéar, ar cosúil a bheith deacair a shamhlú i ndáil le dáileachtaí talmhaíochta i bhfeirm feirmeora amháin, a bhfuil air a ghníomhaíocht ghairmiúil a bhainistiú. Ar an taobh eile, má mhaíonn BX go raibh earráidí sna léarscáileanna topagrafacha a sholáthair APIA Argeș, is léir ón gcáschomhad go ndearnadh an dearbhú tosaigh agus an dearbhú leasaitheach maidir leis an achar dromchla ar bhonn na léarscáileanna céanna ó APIA.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">87.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Dá bhrí sin, molaim a thabhairt mar fhreagra ar an dara ceist a tharchuirtear nach mór Airteagal 68(1) de Rialachán Uimh. 796/2004, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 12 de, a léiriú sa chaoi go dtagraíonn an coincheap ‘faisnéis atá ceart go fíorasach’, atá sa chéad cheann de na forálacha sin, maidir leis na critéir incháilitheachta i leith cabhrach, do gach faisnéis is gá d’fhonn incháilitheacht den sórt sin a chinneadh agus gurb ionann é, inter alia, agus dearbhú ceart na n-achar dromchla ag an bhfeirmeoir agus sainaithint cheart na dáileachta a shaothraítear agus a teorainneacha aige freisin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">D.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">An tríú ceist le haghaidh réamhrialú</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">88.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Lena tríú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an ionann an fíoras, in imthosca na díospóide sna príomhimeachtaí, nár tharchuir sí ceist le haghaidh réamhrialú chuig an gCúirt, de bhun an tríú fomhír d’Airteagal 267 CFAE, maidir le léiriú Airteagal 68(1) de Rialachán Uimh. 796/2004 agus sárú follasach ar dhlí an Aontais de chineál chun dliteanas a chur ar an mBallstát atá i gceist as an damáiste a líomhnaítear a rinneadh le cinneadh na cúirte sin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">89.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I bhfocail eile, níor mhian leis an gcúirt sin go gcáinfear í as bheith ina breitheamh agus ina páirtí, agus iarrann sí orainn breith a thabhairt ar an tsubstaint i dtaobh ar sáraíodh le cinntí an 2 agus an 9 Aibreán 2012 dlí an Aontais go follasach  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-39" href="#t-39">39</a>
</span>).</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">90.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar réamhphointe, is cosúil dom gur fiú a thabhairt chun cuimhne, i gcomhréir le cásdlí socair na Cúirte, go rialaítear dliteanas Ballstáit as an damáiste arna dhéanamh le cinneadh cúirte céime deiridh a sháraíonn riail de dhlí an Aontais leis na coinníollacha céanna leo siúd lena rialaítear dliteanas Ballstáit, dá dtagraítear i mír 62 den Tuairim seo.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-40" href="#t-40">40</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">91.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Go háirithe, maidir leis an dara ceann de na coinníollacha sin, dá dtagraítear sa tríú ceist le haghaidh réamhrialú, lena gceanglaítear go mbeidh an sárú ar an riail de dhlí an Aontais sách tromchúiseach, shonraigh an Chúirt cheana nach bhféadfaí dliteanas an Stáit mar gheall ar ghníomhaíocht bhreithiúnach a chur i ngníomh ach amháin sa chás eisceachtúil go ndearna an chúirt náisiúnta céime deiridh neamhaird go follasach ar an dlí is infheidhme. D’fhonn cinneadh an ann do shárú sách tromchúiseach ar dhlí an Aontais, ba cheart na gnéithe go léir lena dtréithrítear an cás a chuirtear isteach chuig an gcúirt náisiúnta a chur san áireamh. Mar sin, de réir chásdlí na Cúirte, áirítear i measc na ngnéithe is féidir a chur san áireamh chuige sin, inter alia, leibhéal soiléireachta agus beaichte na rialach arna sárú, raon feidhme an chorrlaigh lánroghnaigh a fhágann an riail arna sárú do na húdaráis náisiúnta, cineál d’aon ghnó nó neamhdheonach na mainneachtana arna déanamh nó an damáiste arna dhéanamh, cineál inmhaithe nó do-mhaite earráide dlí, an imthoisc go bhféadfadh gur chuir an cur chuige arna ghlacadh ag institiúid den Aontas le glacadh nó le coinneáil ar bun beart nó cleachtas náisiúnta atá ar neamhréir le dlí an Aontais, agus neamhchomhlíonadh oibleagáid na cúirte atá faoi cheist chun tarchur chun réamhrialú a dhéanamh de bhun an tríú fomhír d’Airteagal 267 CFAE.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-41" href="#t-41">41</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">92.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I ndáil leis sin, maidir leis an oibleagáid dheireanach sin chun tarchur chun réamhrialú a dhéanamh, dá dtagraítear sa tríú ceist le haghaidh réamhrialú, ba cheart a chur in iúl, i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 267 CFAE, nuair a ardaítear ceist le haghaidh réamhrialú i gcás atá ar feitheamh os comhair cúirt náisiúnta nach bhfuil leigheas breithiúnach sa dlí náisiúnta ann in aghaidh a cinntí, go gceanglaítear ar an gcúirt sin dul i muinín na Cúirte Breithiúnais.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-42" href="#t-42">42</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">93.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ní an oibleagáid sin de chineál absalóideach, áfach.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">94.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">De bhun na dteorainneacha arna n-aithint leis an mbreithiúnas in Cilfit agus le cásdlí socair na Cúirte ina dhiaidh sin,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-43" href="#t-43">43</a>
</span>) ní fhéadfaí cúirt náisiúnta nach bhfuil leigheas breithiúnach ann sa dlí náisiúnta i gcoinne a cinntí a scaoileadh saor ón oibleagáid chun tarchur chun réamhrialú a dhéanamh ach i gcás gur chinn sí agus cúiseanna á lua nach bhfuil an cheist arna hardú ábhartha nó go raibh an fhoráil de dhlí an Aontais atá faoi cheist ina hábhar cheana féin de léiriú ón gCúirt nó go bhfuil an léiriú ceart ar dhlí an Aontais chomh follasach sin nach bhfuil aon amhras réasúnta ann (féach, faoi seach, teoiric an ‘acte éclairé’ agus an ‘acte claire’).  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-44" href="#t-44">44</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">95.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sa chomhthéacs sin, bhunaigh an Chúirt ina breithiúnas in CIM, gur léir ón gcóras arna chur ar bun le hAirteagal 267 CFAE, arna léamh i bhfianaise an dara fomhír d’Airteagal 47 den Chairt, nuair a mheasann cúirt náisiúnta nach bhfuil leigheas breithiúnach ann sa dlí náisiúnta in aghaidh a cinntí, ar an bhforas go bhfuil sí i gceann den trí chás, arna lua sa mhír thuas den Tuairim seo, go scaoiltear saor í ón oibleagáid chun tarchur chun réamhrialú a dhéanamh chuig an gCúirt, dá bhforáiltear sa tríú fomhír d’Airteagal 267 CFAE, ní mór a chur in iúl i bhforais a cinnidh nach bhfuil an cheist i leith dhlí an Aontais arna hardú ábhartha le haghaidh réiteach na díospóide, nó go bhfuil an léiriú ar an bhforáil lena mbaineann de dhlí an Aontais bunaithe ar chásdlí na Cúirte, nó, in éagmais cásdlí den sórt sin, go bhfuil an léiriú ar dhlí an Aontais a cheanglaítear ar an gcúirt náisiúnta céime deiridh chomh follasach sin nach bhfuil aon amhras réasúnta ann.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-45" href="#t-45">45</a>
</span>) Ní mór a thabhairt faoi deara, áfach, go ginearálta, nach mór an measúnú ar chinneadh den sórt sin ó chúirt náisiúnta a dhéanamh ar bhonn gnéithe dlí agus fíorais a bhí ann tráth a nglactha  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-46" href="#t-46">46</a>
</span>). Is fíor go bhfuil sé de cheangal ar an gcúirt cúiseanna a thabhairt lena cinntí, ós rud é nár fionnadh an oibleagáid cúiseanna sainráite a thabhairt i dtéarmaí an bhreithiúnais in CIM ach ar an 6 Deireadh Fómhair 2021, ní fhéadfaí an oibleagáid sin a agairt i gcoinne na gcúirteanna náisiúnta ach ón dáta deireanach sin ar aghaidh.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-47" href="#t-47">47</a>
</span>)
      </p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">96.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Is i bhfianaise na bprionsabal sin arna leagan amach ag an gCúirt gurb iomchuí a scrúdú, sa chás seo, an ndearna Cúirt Achomhairc Bhúcairist, ina cháil mar chúirt céime deiridh, sárú follasach ar dhlí an Aontais ar an gcéad dul síos, trí chinneadh a dhéanamh gan tarchur chun réamhrialú a dhéanamh chuig an gCúirt, i gcomhréir leis an tríú fomhír d’Airteagal 267 CFAE agus, ar an dara dul síos, trí mhainneachtain ina hoibleagáid cúiseanna a thabhairt leis an gcinneadh sin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">97.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Chuige sin, ba cheart a thabhairt faoi deara nach dtagraíonn an tríú ceist a tharchuirtear, mar a chuir an chúirt a rinne an tarchur i bhfocail í, go bunúsach, ach do sháruithe líomhainte ar na hoibleagáidí chun tarchur a dhéanamh agus forais a thabhairt le diúltú na n-iarrataí sin ar réamhrialú, agus dóibh sin amháin, i bhfianaise léiriú Airteagal 68(1) de Rialachán Uimh. 796/2004. Is cosúil, áfach, gur lorg BX léiriú ar Airteagal 20(1) de Rialachán Uimh. 1782/2003 freisin.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-48" href="#t-48">48</a>
</span>) Molaim dá bhrí sin síneadh a chur le raon feidhme na ceiste sin ionas go gcumhdófar léi an ghné sin freisin. Thairis sin, tá nasc follasach agus dlúth ann, sa chás seo, idir an dá fhoráil sin, ós rud é go dtagann easpa bheaichte na léarscáileanna topagrafacha a bhaineann le hAirteagal 20 faoin méid a mhaíonn BX chun údar a thabhairt le cur i bhfeidhm Airteagal 68(1) de Rialachán Uimh. 796/2004.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">98.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sa chéad áit, maidir leis an oibleagáid chun tarchur chun réamhrialú a dhéanamh a bhaineann le léiriú Airteagal 20(1) de Rialachán Uimh. 1782/2003, is léir ón gcomhad a bhfuil ag an gCúirt gur theorannaigh Cúirt Achomhairc Bhúcairist í féin, ina hordú an 2 Aibreán 2012, chun diúltú don iarraidh go ndéanfadh sí tarchur chun réamhrialú agus í ag tabhairt faoi deara ‘nár gá’ le haghaidh na ngnéithe arna gcur in iúl ag BX tarchur chun réamhrialú a dhéanamh de bhun an tríú fomhír d’Airteagal 267 CFAE, gan na cúiseanna a thabhairt go raibh sí ag tacú leis an seasamh nós imeachta sin  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-49" href="#t-49">49</a>
</span>). Is cosúil dá bhrí sin gur mheas an chúirt sin go hintuigthe nach raibh an léiriú sin ábhartha, de réir dealraimh toisc nach bhféadfadh Airteagal 20(1) den Rialachán sin dliteanas a chur ar Stát na Rómáine, a mhéid nár dheonaigh sé cearta do dhaoine aonair.  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-50" href="#t-50">50</a>
</span>) I ndáil leis sin, tugaim faoi deara, ós rud é nach ndearna an Chúirt léiriú ar an bhforáil sin go fóill, agus dá bhrí sin, nár díolmhaíodh Cúirt Achomhairc Bhúcairist óna hoibleagáid an tarchur chun réamhrialú a dhéanamh,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-51" href="#t-51">51</a>
</span>) go raibh uirthi fós na cúiseanna a thabhairt ar mheas sí nach raibh sé d’oibleagáid uirthi an cás a chur faoi bhráid na Cúirte de bhun na n-eisceachtaí a leagtar amach in Cilfit. Mar sin féin, mar a tugadh faoi deara roimhe seo, sa chás seo, ní mór an easpa ‘gá’ a thuiscint mar easpa ‘ábharthachta’. Baineann an measúnú ar an gcritéar ‘ábharthachta’, áfach, murab ionann agus an measúnú ar an dá chritéar eile a bhaineann le teoiric an ‘acte clair’ nó ‘éclairé’ le dlínse na cúirte a rinne an tarchur amháin  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-52" href="#t-52">52</a>
</span>). Dá bhrí sin, is faoin gcúirt a rinne an tarchur amháin atá sé scrúdú a dhéanamh, ar an gcéad dul síos, an bhfuil na forais le hordú an 2 Aibreán 2012, arna léamh i gcomhar le breithiúnas an 9 Aibreán 2012 ón gcúirt sin, ar bhealach leordhóthanach soiléir na forais nach raibh ‘gá’ le léiriú ar Airteagal 20(1) den Rialachán sin chun críocha na caingne i leith dliteanais agus, ar an dara dul síos, an bhfuil bunús maith leis an easpa ‘gá’ le léiriú a dhéanamh ar Airteagal 20(1), go háirithe, ós rud é nach raibh an argóint a bhí BX ag iarraidh a dhéanamh ar bhonn na forála sin éifeachtach agus, dá bhrí sin, neamhábhartha sa chás seo.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">99.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">In aon chás, fiú má rinne Cúirt Achomhairc Bhúcairist sárú ar Airteagal 267 CFAE trí mhainneachtain an tarchur chun réamhrialú a dhéanamh nó trí mhainneachtain cúiseanna leordhóthanacha a lua lena chinneadh, ní fhéadfaí sárú den sórt sin a mheas mar a bheith ‘follasach’. Go deimhin, ar an gcéad dul síos, mar is léir ó mhír 95 den Tuairim seo, ós rud é nár leag an Chúirt an oibleagáid cúiseanna a lua i gcomhréir leis na ceanglais a fionnadh sa bhreithiúnas in CIM go dtí roinnt blianta i ndiaidh na gcinntí atá i gceist sna príomhimeachtaí a ghlacadh, ní fhéadfadh an oibleagáid sin a bheith inagartha ar bhealach docht i gcoinne Chúirt Achomhairc Bhúcairist, ná, a fortiori, a bheith mar bhunús le sárú follasach ar dhlí an Aontais mar gheall ar easpa cúiseanna. Ar an dara dul síos, is léir ón bhfreagra a mholaim a thabhairt ar an gcéad cheist a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú nach chuirtear aon cheart do dhaoine aonair le hAirteagal 20(1) de Rialachán Uimh. 1782/2003. Dá réir sin, tá an léiriú a mhol Cúirt Achomhairc Bhúcairist ag teacht leis an seasamh sin agus níor chuir sé le glacadh ná coimeád bearta nó cleachtas náisiúnta atá ar neamhréir le dlí an Aontais</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">100.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Sa dara háit, maidir leis an oibleagáid chun tarchur chun réamhrialú a dhéanamh a bhaineann le léiriú ar Airteagal 68(1) de Rialachán Uimh. 796/2004, in éagmais léiriú ar an bhforáil sin ag an gCúirt, ní mór a thabhairt faoi deara, mar a chuir Cúirt Réigiúnach Bhúcairist in iúl, go raibh sé de cheart ag Cúirt Achomhairc Bhúcairist níos mó gnéithe a chur i bhforais an chinnidh lenar diúltaíodh don iarraidh go ndéanfadh sí tarchur,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-53" href="#t-53">53</a>
</span>) d’fhonn ceadú don chúirt a bhí an chaingean maidir le dliteanas Stát na Rómáine os a comhair a fhíorú cé acu a comhlíonadh coinníollacha infheidhmeachta an tríú fomhír d’Airteagal 267 CFAE. Sna himthosca sin, agus a mhéid gurb fhíor é go ndeonaítear cearta do dhaoine aonair le hAirteagal 68(1) de Rialachán Uimh. 796/2004, d’fhéadfaí a mhaíomh gur léir go follasach go gcomhlíontar an chéad choinníoll chun dliteanas a chur i bhfeidhm a bhaineann le sárú riail dhlí an Aontais.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">101.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Mar sin féin, i gcomhréir leis an anailís roimhe seo, agus i bhfianaise an bhreithiúnais in Köbler agus chásdlí roimhe sin na Cúirte,  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-54" href="#t-54">54</a>
</span>) ní fhéadfadh gurb ionann neamhdhóthanacht na gcúiseanna, dar liom, agus sárú follasach ar dhlí an Aontais nó go bhféadfadh sé sin a bheith sách tromchúiseach chun dliteanas a chur ar Stát na Rómáine. Go deimhin, ar an gcéad dul síos, tagraíonn BX d’Airteagal 68(1) de Rialachán Uimh. 796/2004, ag tosú ón mbonn go ndearnadh sárú ar Airteagal 20(1) de Rialachán Uimh. 1782/2003. Ós rud é, áfach, sa chás seo, nár chinn Cúirt Achomhairc Bhúcairist gurbh ann do shárú den sórt sin, dealraíonn sé dom go bhfuil an tuairim nach bhfuil ‘gá’ le léiriú ar Airteagal 68(1) de Rialachán Uimh. 796/2004 comhsheasmhach agus is léir nach ‘sárú follasach ar an dlí is infheidhme é, eadhon Rialacháin Uimh. 796/2004 agus 1782/2003, nó ar chásdlí na Cúirte a bhaineann leo sin  (<span class="note footnote notemarker">
<a id="c-55" href="#t-55">55</a>
</span>) a mhéid nárbh ann, sa chás seo, d’aon bhreithiúnas ón gCúirt lena ndearnadh léiriú ar na forálacha de dhlí an Aontais atá faoi cheist. Ar an dara dul síos, is léir ó ghnéithe den chomhad gur mheas Cúirt Achomhairc Bhúcairist, sa chás seo, go raibh léiriú agus cur i bhfeidhm ceart Airteagal 68 den Rialachán sin chomh follasach sin nach raibh ‘aon amhras réasúnta’ ann, de réir bhrí chásdlí na Cúirte a thugtar chun cuimhne i mír 94 den Tuairim seo. De réir na cúirte a rinne an tarchur, níor tháinig cás BX faoi aon cheann de na cásanna dá dtagraítear in Airteagal 68(1) de Rialachán Uimh. 796/2004 ós rud é gur dhearbhaigh sé i dtosach achar dromchla áirithe agus gur aistarraing sé 84.09 ha de ina dhiaidh sin, cé nár tháinig aon athrú ar an gcás ar an láthair, ach freisin toisc go raibh sé in ann a bheith ar an eolas agus gur cheart go raibh sé ar an eolas faoin achar dromchla beacht a d’úsáid sé agus é a dhearbhú i gceart. Mar thoradh air sin, ní cosúil go ndearna an chúirt a rinne an tarchur, agus í ag rialú ag an gcéim dheiridh, neamhaird fhollasach ar dhlí an Aontais, nuair a mheas sí, mar chuid dá corrlach lánroghnach, go raibh sí i staid inar ceadaíodh di staonadh ó cheist le haghaidh réamhrialú a tharchur chuig an gCúirt maidir le léiriú Airteagal 68 de Rialachán Uimh. 796/2004 ós rud é go raibh an freagra chomh follasach sin.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">102.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Ar an mbonn sin, molaim a thabhairt mar fhreagra ar an tríú ceist a tharchuirtear nach cosúil gurb ionann an fíoras, in imthosca na díospóide sna príomhimeachtaí, nár tharchuir an chúirt a rinne an tarchur ceist le haghaidh réamhrialú chuig an gCúirt de bhun an tríú fomhír d’Airteagal 267 CFAE, maidir le léiriú Airteagal 68(1) de Rialachán Uimh. 796/2004, faoi réir mheasúnú deiridh na cúirte sin, agus sárú follasach ar dhlí an Aontais de chineál chun dliteanas a chur ar an mBallstát atá faoi cheist.</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">V.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">Conclúid</p>
</td>
</tr>
</table>
    <table cellpadding="0" cellspacing="0" border="0" width="100%">
<col width="5%"/>
<col width="95%"/>
<tr>
<td valign="top">
<p class="count">103.</p>
</td>
<td valign="top">
<p class="normal">I bhfianaise an mhéid thuas, molaim don Chúirt na ceisteanna le haghaidh réamhrialú arna dtarchur ag Curtea de Apel București (Cúirt Achomhairc Bhúcairist) a fhreagairt mar seo a leanas:</p>
</td>
</tr>
</table>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-241" title="page-38">
      (1) Maidir le hAirteagal 20(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2003 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna le haghaidh scéimeanna tacaíochta dírí faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus lena mbunaítear scéimeanna tacaíochta áirithe le haghaidh feirmeoirí, agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2019/93, (CE) Uimh. 1452/2001, (CE) Uimh. 1453/2001, (CE) Uimh. 1454/2001, (CE) Uimh. 1868/94, (CE) Uimh. 1251/1999, (CE) Uimh. 1254/1999, (CE) Uimh. 1673/2000, (CEE) Uimh. 2358/71, agus (CE) Uimh. 2529/2001, arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1009/2008 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2008,
    </p>
    <p class="C11Marge1avecretrait" id="para-242" title="page-38">
      ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
    </p>
    <p class="C10Marge1" id="para-243" title="page-38">
      ní fhéadfaí an fhoráil sin a léiriú sa chaoi go bhfuil sé mar chuspóir léi cearta a dheonú do dhaoine aonair agus, inter alia, d’iarrthóirí ar íocaíochtaí díreacha.
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-244" title="page-38">
      (2) Maidir le hAirteagal 68(1) Rialachán (CE) Uimh. 796/2004 ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le tras-chomhlíonadh, modhnú agus an córas comhtháite riaracháin agus rialaithe dá bhforáiltear i Rialacháin (CE) Uimh. 1782/2003 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna le haghaidh scéimeanna tacaíochta dírí faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus lena mbunaítear scéimeanna tacaíochta áirithe le haghaidh feirmeoirí, arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 381/2007 ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2007 arna léamh i gcomhar le hAirteagal 12 den Rialachán sin,
    </p>
    <p class="C11Marge1avecretrait" id="para-245" title="page-38">
      ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
    </p>
    <p class="C10Marge1" id="para-246" title="page-38">
      tagraíonn an coincheap ‘faisnéis atá ceart go fíorasach’, atá sa chéad cheann de na forálacha sin do dhearbhú ceart na n-achar dromchla ag an bhfeirmeoir agus sainaithint cheart na dáileachta a shaothraítear agus a teorainneacha aige freisin.
    </p>
    <p class="C09Marge0avecretrait" id="para-247" title="page-39">
      (3) Maidir le hAirteagal 267 CFAE,
    </p>
    <p class="C11Marge1avecretrait" id="para-248" title="page-39">
      ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
    </p>
    <p class="C10Marge1" id="para-249" title="page-39">
      ní cosúil gurb ionann an fíoras, in imthosca na díospóide sna príomhimeachtaí, nár tharchuir an chúirt a rinne an tarchur ceist le haghaidh réamhrialú chuig an gCúirt maidir le léiriú Airteagal 68(1) de Rialachán Uimh. 796/2004, arna leasú le Rialachán Uimh. 381/2007, faoi réir mheasúnú deiridh na cúirte sin, agus sárú follasach ar dhlí an Aontais de chineál chun dliteanas a chur ar an mBallstát atá faoi cheist.
    </p>
    <div/>
  <hr class="note"/>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-1" href="#c-1">1</a>
</span>) Bunteanga: an Fhraincis.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-2" href="#c-2">2</a>
</span>) ‘Cúirt Achomhairc Bhúcairist’.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-3" href="#c-3">3</a>
</span>) Rialachán ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2003 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna le haghaidh scéimeanna tacaíochta dírí faoin gcomhbheartas talmhaíochta agus lena mbunaítear scéimeanna tacaíochta áirithe le haghaidh feirmeoirí, agus lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2019/93, (CE) Uimh. 1452/2001, (CE) Uimh. 1453/2001, (CE) Uimh. 1454/2001, (CE) Uimh. 1868/94, (CE) Uimh. 1251/1999, (CE) Uimh. 1254/1999, (CE) Uimh. 1673/2000, (CEE) Uimh. 2358/71, agus (CE) Uimh. 2529/2001 (IO 2003 L 270, lch. 1), arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 1009/2008 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2008 (IO 2008 L 276, lch. 1) (‘Rialachán Uimh. 1782/2003’).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-4" href="#c-4">4</a>
</span>) Rialachán ón gCoimisiún an 21 Aibreán 2004 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le tras-chomhlíonadh, modhnú agus an córas comhtháite riaracháin agus rialaithe dá bhforáiltear i Rialacháin (CE) Uimh. 1782/2003 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna le haghaidh scéimeanna tacaíochta dírí [faoi CBT] agus lena mbunaítear scéimeanna tacaíochta áirithe le haghaidh feirmeoirí lena mbunaítear comhrialacha (IO 2004 L 141, lch. 18), arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 381/2007 ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2007 (IO 2007 L 95, lch. 8) (‘Rialachán Uimh. 796/2004’)</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-5" href="#c-5">5</a>
</span>) Breithiúnas an 30 Meán Fómhair 2003, Köbler (C-224/01, ‘an breithiúnas in Köbler’, EU:C:2003:513). Féach, freisin, cásdlí na Cúirte ina dhiaidh sin a bhaineann le sárú ar dhlí an Aontais atá inchurtha i leith cúirt náisiúnta, inter alia, breithiúnais an 13 Meitheamh 2006, Traghetti del Mediterraneo (C-173/03, ‘an breithiúnas in Traghetti del Mediterraneo’, EU:C:2006:391) agus an 28 Iúil 2016, Tomášová (C-168/15, ‘an breithiúnas in Tomášová’, EU:C:2016:602); orduithe an 15 Deireadh Fómhair 2019, Hochtief Solutions Magyarországi Fióktelepe (C-620/17, EU:C:2019:884); breithiúnas an 29 Iúil 2019, Hochtief Solutions Magyarországi Fióktelepe (C-620/17, ‘an breithiúnas in Hochtief’, EU:C:2019:630), agus ordú an 18 Nollaig 2019, Hochtief (C-362/18, EU:C:2019:1100).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-6" href="#c-6">6</a>
</span>) Rialachán ón gComhairle an 27 Samhain 1992 lena leagtar síos córas comhtháite bainistíochta agus rialaithe i ndáil le scéimeanna áirithe cabhrach Comhphobail (IO 1992 L 355, lch. 1).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-7" href="#c-7">7</a>
</span>) Rialachán ón gCoimisiún an 29 Deireadh Fómhair 2004 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm [Rialachán Uimh. 1782/2003] maidir leis na scéimeanna cabhrach dá bhforáiltear i dTeidil IV agus IVa den Rialachán sin agus úsáid na talún arna cur ar leataobh le haghaidh táirgeadh amhábhar (IO 2004 L 345, lch. 1).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-8" href="#c-8">8</a>
</span>) Monitorul Oficial al României, cuid I, Uimh. 1043, an 29 Nollaig 2006.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-9" href="#c-9">9</a>
</span>) Maítear gur fhág an dá fháth sin mar sin go ndearnadh ródhearbhú, faoi seach, de 52 ha agus de 33 ha i gcomparáid leis an achar dromchla a dearbhaíodh ar dtús a bhaineann le ceantar Rucăr.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-10" href="#c-10">10</a>
</span>) Mheas an chúirt sin, go bunúsach, go raibh ródhearbhú ar an achar dromchla ann ós rud é gur cuireadh BX ar an eolas, ag féachaint dá chonradh léasa agus an bille díolacháin, gurbh é 211.06 ha achar dromchla na talún sna doiciméid sin agus ní 264.71 ha mar a dhearbhaigh sé ar dtús.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-11" href="#c-11">11</a>
</span>) Féach, chuige sin, an t-imscrúdú a rinneadh i gcás Uimh. 44537/3/2008.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-12" href="#c-12">12</a>
</span>) Breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 1982, Cilfit agus páirtithe eile (283/81, ‘an breithiúnas in Cilfit, EU:C:1982:335). De réir Cúirt Réigiúnach Bhúcairist, bhí sé de cheart ag Cúirt Achomhairc Bhúcairist tagairt a dhéanamh, ar a laghad i bhforais a chinnidh an 9 Aibreán 2012, do ghnéithe amhail: téarmaíocht féin dhlí an Aontais, an comhthéacs ina raibh an fhoráil de dhlí an Aontais, na forálacha go léir de dhlí an Aontais i bhfianaise a leithéid a léiríodh an fhoráil, a cuspóir agus staid forbartha dhlí an Aontais tráth a bhí an fhoráil le cur i bhfeidhm, d’fhonn ceadú don chúirt a raibh caingean maidir le dliteanas i gcoinne an Stáit os a comhair a fhíorú cé acu a comhlíonadh forálacha Airteagal 267 CFAE.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-13" href="#c-13">13</a>
</span>) Luann an chúirt a rinne an tarchur, chuige sin, breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 2 Meitheamh 1976, Kampffmeyer agus páirtithe eile v CEE (56/74 go 60/74, EU:C:1976:78, mír 13), agus breithiúnais na Cúirte Ginearálta an 10 Aibreán 2002, Lamberts v an tOmbudsman (T-209/00, EU:T:2002:94, mír 87) agus an 23 Samhain 2011, Sison v an Chomhairle (T-341/07, EU:T:2011:687, mír 47).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-14" href="#c-14">14</a>
</span>) Féach mír 46 den Tuairim seo.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-15" href="#c-15">15</a>
</span>) Cinntí lenar ciontaíodh an Rómáin mar gheall ar lochtanna a bhaineann le córas SIPA-SIG, na rialuithe riaracháin agus cur i bhfeidhm pionós as soláthar faisnéise míchruinne do na feirmeoirí agus na rialuithe neamhéifeachtacha maidir le cabhair de réir achair dromchla.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-16" href="#c-16">16</a>
</span>) Féach, inter alia, breithiúnais an 5 Márta 1996, Brasserie du pêcheur agus Factortame (C-46/93 agus C-48/93, EU:C:1996:79, mír 51); Köbler (mír 51); Tomášová (mír 22); Hochtief (mír 35); an 18 Eanáir 2022, Thelen Technopark Berlin (C-261/20, EU:C:2022:33, mír 44), agus an 28 Meitheamh 2022, an Coimisiún v an Spáinn (Sárú ar dhlí an Aontais ag an reachtas) (C-278/20, ‘an breithiúnas in Sárú ar dhlí an Aontais ag an reachtas ’, EU:C:2022:503, mír 31). Thairis sin, de réir na Cúirte arís, ní mór do chúirteanna náisiúnta na coinníollacha Aontais a chur chun feidhme, i bprionsabal, i gcomhréir leis na treoracha arna dtabhairt ag an gCúirt i ndáil leis sin (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Deireadh Fómhair 2018, Kantarev C-571/16, an breithiúnas in Kantarev’, EU:C:2018:807, mír 95 agus an cásdlí dá dtagraítear).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-17" href="#c-17">17</a>
</span>) Féach breithiúnas an 22 Nollaig 2022, Ministre de la Transition écologique agus Premier ministre (Dliteanas Stáit as truailliú aeir) (C-61/21, ‘an breithiúnas in Dliteanas Stáit as truailliú aeir ‘, EU:C:2022:1015, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear). Féach, freisin, chuige sin, cásdlí maidir le dliteanas neamhchonarthach an Aontais de bhun an dara fomhír d’Airteagal 340 CFAE (féach breithiúnas an 5 Márta 2024, Kočner v Europol, C-755/21 P, EU:C:2024:202, míreanna 118 go 120 agus an cásdlí dá dtagraítear).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-18" href="#c-18">18</a>
</span>) Féach na breithiúnais in Dliteanas Stáit as truailliú aeir (mír 47 agus an cásdlí dá dtagraítear) agus Kantarev (mír 97 agus an cásdlí dá dtagraítear).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-19" href="#c-19">19</a>
</span>) Féach, le haghaidh samplaí eile inar scrúdaigh an Chúirt an raibh sé mar chuspóir le riail dlí arna sárú cearta a dheonú do dhaoine aonair, breithiúnais an 12 Deireadh Fómhair 2004, Paul agus páirtithe eile, (C-222/02, EU:C:2004:606, mír 50); an25 Márta 2021, Balgarska Narodna Banka,C-501/18, EU:C:2021:249, mír 115); an 10 Márta 2022, Grossmania (C-177/20, EU:C:2022:175, mír 70), agus Dliteanas Stáit as truailliú aeir (míreanna 45 go 57).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-20" href="#c-20">20</a>
</span>) Eadhon, an córas íocaíochta aonair (arna bhunú i dTeideal III de Rialachán Uimh. 1782/2003) agus i leith scéimeanna eile cabhrach (arna mbunú i dTeideal IV den Rialachán sin), agus i leith córais simplithe tacaíochta le haghaidh blianta féilire 2002 go 2005 [de bhun Airteagal 2a de Rialachán (CE) Uimh. 1259/1999 ón gComhairle an 17 Bealtaine 1999 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna le haghaidh scéimeanna tacaíochta dírí mar chuid de [CBT] (IO 1999 L 160, lch. 113)].</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-21" href="#c-21">21</a>
</span>) Eadhon, i gCaibidlí 1 go 3 de Theideal II, dar teideal ‘Forálacha ginearálta’, de Rialachán Uimh. 1782/2003.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-22" href="#c-22">22</a>
</span>) Féach, inter alia, Airteagal 19 (dar teideal ‘Bunachair sonraí ríomhairithe’), Airteagal 21 (dar teideal ‘Córas sainaitheantais agus taifid le haghaidh na gceart chun íocaíochta’) agus Airteagal 22 (dar teideal ‘Iarrataí ar chabhair’) de Rialachán Uimh. 1782/2003.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-23" href="#c-23">23</a>
</span>) Féach, chuige sin, aithrisí 11 agus 55 de Rialachán Uimh. 796/2004.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-24" href="#c-24">24</a>
</span>) Féach, mar shampla, rochtain ar na bunachair sonraí ríomhairithe de bhun Airteagal 19 de Rialachán Uimh. 1782/2003. Braitheann sainaithint ceart dáileachtaí talmhaíochta d’fhonn tacaíocht airgeadais a fháil go páirteach ar cháilíocht na léarscáileanna arna gcur ar fáil, ach, i gcodarsnacht leis an méid a mhaíonn BX, ní fhéadfaí a chinneadh, gan na léarscáileanna sin, go mbeadh sé tar éis a bheith dodhéanta d’iarrthóir ar chabhair teorainneacha a thalamh a dhéanamh amach i gceart.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-25" href="#c-25">25</a>
</span>) Féach Airteagail 13 go 16 agus aithrisí 8 agus 9 de Rialachán Uimh. 1782/2003.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-26" href="#c-26">26</a>
</span>) Féach cásdlí na Cúirte dá dtagraítear i bhfonótaí 16 agus 17 den Tuairim seo.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-27" href="#c-27">27</a>
</span>) Aithnítear le Rialachán Uimh. 1782/2003 gur príomhghné de chur i bhfeidhm ceart scéimeanna atá nasctha le hachar dromchla is ea dáileachtaí talmhaíochta a shainaithint; gur léirigh an taithí faighte lochtanna áirithe sna modhanna arb ann dóibh; gur gá dá bhrí sin foráil a dhéanamh do chóras alfa-uimhriúil sainaitheantais arna bhunú, i gcás inarb iomchuí, trí chianbhraiteacht a úsáid (féach aithris 16 den Rialachán sin). [Aistriúchán neamhoifigiúil]</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-28" href="#c-28">28</a>
</span>) Rialachán ón gComhairle an 19 Eanáir 2009 lena mbunaítear rialacha comhchoiteanna le haghaidh scéimeanna tacaíochta dírí le haghaidh feirmeoirí faoi [CBT] agus lena bunaítear scéimeanna áirithe tacaíochta le haghaidh feirmeoirí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1290/2005, (CE) Uimh. 247/2006 agus (CE) Uimh. 378/2007, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1782/2003 (IO 2009 L 30, lch. 16) (féach Airteagail 15 agus 17 agus aithris 21 den Rialachán sin).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-29" href="#c-29">29</a>
</span>) Féach Airteagail 68 agus 70 agus aithrisí 44 agus 45 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir [le CBT] a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1200/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (IO 2013 L 347, lch. 549), mar aon le hAirteagail 66 agus 68 agus aithrisí 58 go 60 de Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Nollaig 2021 maidir [le CBT] a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1306/2013 (IO 2021 L 435, lch. 187). Mar sin féin, tugaim faoi deara gur bunaíodh le hAirteagal 17 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2014 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe, bearta forbartha tuaithe agus tras-chomhlíonadh (IO 2014 L 227, lch. 69) oibleagáid ar an údarás inniúil an fhoirm um iarraidh ar chabhair gheospásúil a chur ar fáil, d’fhonn, inter alia, na dáileachtaí talmhaíochta go léir a shainaithint.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-30" href="#c-30">30</a>
</span>) Féach mír 31 den Tuairim seo.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-31" href="#c-31">31</a>
</span>) Curtha i gcló iodálach agamsa.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-32" href="#c-32">32</a>
</span>) Sainmhínítear an ‘iarraidh aonair’ sin, de réir phointe 11 d’Airteagal 2 de Rialachán Uimh. 796/2004, mar ‘gach iarraidh ar íocaíochtaí díreacha maidir leis an scéim íocaíochta aonair agus scéimeanna cabhrach eile ‘achair dromchla’, cé is moite d’iarrataí ar chabhair ó ghrúpaí aithinte táirgeoirí le haghaidh hopaí i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 68a de Rialachán (CE) Uimh 1782/2003’.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-33" href="#c-33">33</a>
</span>) Féach aithris 16 de Rialachán Uimh. 796/2004.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-34" href="#c-34">34</a>
</span>) Curtha i gcló iodálach agamsa.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-35" href="#c-35">35</a>
</span>) Féach breithiúnas an 14 Deireadh Fómhair 2010, Landkreis Bad Dürkheim (C-61/09, ‘an breithiúnas in Landkreis Bad Dürkheim’, EU:C:2010:606, mír 53).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-36" href="#c-36">36</a>
</span>) Féach an breithiúnas in Landkreis Bad Dürkheim (mír 58).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-37" href="#c-37">37</a>
</span>) Féach an breithiúnas in Landkreis Bad Dürkheim (mír 62).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-38" href="#c-38">38</a>
</span>) Féach an breithiúnas in Landkreis Bad Dürkheim (mír 66).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-39" href="#c-39">39</a>
</span>) Tugaim faoi deara, lena tríú ceist, gur cosúil, lena tríú ceist, go bhfuil an chúirt a rinne an tarchur ag díriú ar an bhforas a bhaineann leis an sárú ar an tríú mír d’Airteagal 267 CFAE. Tá an anailís thíos gan dochar don scrúdú ar shaincheisteanna eile arna dtabhairt ar aird ag BX bunaithe ar chur i bhfeidhm mícheart Airteagal 20 de Rialachán Uimh. 1782/2003 agus Airteagal 68 de Rialachán Uimh. 796/2004 (féach mír 42 den Tuairim seo). I ndáil leis sin, le bheith cuimsitheach, tugaim faoi deara, de réir Chúirt Réigiúnach Bhúcairist, gur sháraigh Cúirt Achomhairc Bhúcairist Airteagal 68 de Rialachán Uimh. 796/2004 ar roinnt bealaí, eadhon: (i) níor chinn sí cad is brí le ‘faisnéis atá ceart go fíorasach’; (ii) trí theacht ar an gconclúid nach raibh feidhm ag an bhforáil sin maidir le BX ar bhonn na ndoiciméad amháin is bonn le cinneadh APIA Arges agus gan é a bheith ar an eolas faoi na doiciméid eile arna dtabhairt ar aird ag BX, agus (iii) gan an deis a thabhairt dó a léiriú trí aon fhianaise nach raibh sé ciontach as ródhearbhú a dhéanamh (féach mír 45 den Tuairim seo). I gcás mar sin, ní fhéadfaí a chur san áireamh go bhféadfadh roinnt lochtanna ‘amháin’ (a líomhnaítear) go ndearna an Stát i gcomhthéacs caingean amháin a bheith ina chúis leis an locht sin a athaicmiú mar locht ‘trom’, a bheadh ina chúis le cúiteamh a thabhairt.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-40" href="#c-40">40</a>
</span>) Féach na breithiúnais in Köbler (mír 52), Tomášová (mír 23) agus Hochtief (mír 36).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-41" href="#c-41">41</a>
</span>) Féach na breithiúnais in Köbler (míreanna 54 agus 55) agus Tomášová (míreanna 24 agus 25). Tá na gnéithe sin, ar léir go dtógann siad inspioráid ó na rialacha ginearálta dliteanais an Stáit arna bhfionnadh sa bhreithiúnas ceannródaíoch an 5 Márta 1996, Brasserie du pêcheur et Factortame (C-46/93 agus C-48/93, EU:C:1996:79, mír 56), faisnéiseach seachas a bheith uilechuimsitheach agus ní mór don chúirt náisiúnta a bhfuil air a mheas an bhfuil sárú follasach ar dhlí an Aontais i gceist, dar liom, an rogha a bheith aici gnéithe eile a d’fhéadfadh a bheith níos ábhartha nó níos oiriúnaí don staid atá os a comhair. Dá réir sin, i gcás ina gcuirtear sárú ar dhlí an Aontais i leith cúirt náisiúnta, de réir an bhreithiúnais in Köbler (mír 53), is gá saintréithe na feidhme breithiúnaí agus na ceanglais dhlisteanacha a bhaineann le deimhneacht dhlíthiúil a chur san áireamh. Chuige sin, d’fhéadfadh critéir áirithe arna mbunú i gcórais dlí náisiúnta éagsúla na mBallstát a rinne a rialacha maidir le dliteanais údaráis an Stáit a bheith ábhartha, de réir mar a bheidh, trí rialacha speisialta a bhunú bunaithe ar an gcásdlí in Köbler ar mhaithe le saintréithe sonracha na gníomhaíochta breithiúnaí a chur san áireamh. Dá réir sin, d’fhéadfadh sé gurbh fhiú leas a bhaint as na coincheapa ar nós ‘easpa cúraim’ nó ‘faillí’, i dtaca lena gceanglaítear ar bhreitheamh réasúnta cúramach agus géarchúiseach. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfaí iarmhairtí lochta den sórt sin a chur san áireamh, go háirithe, más rud é gur locht a chuirfeadh cearta an duine atá i gceist i mbaol atá ann.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-42" href="#c-42">42</a>
</span>) Tá an oibleagáid seo chun tarchur a dhéanamh mar chuid den chomhoibriú, arna chur ar bun d’fhonn cur i bhfeidhm fónta agus léiriú aonfhoirmeach dhlí an Aontais sna Ballstáit go léir a áirithiú, idir na cúirteanna náisiúnta, ina gcáil mar chúirteanna a bhfuil orthu dlí an Aontais a chur i bhfeidhm, agus an Chúirt Bhreithiúnais agus tá sé mar chuspóir leis inter alia a chosc nach mbunófar, i mBallstát ar leith, cásdlí náisiúnta nach bhfuil ag teacht le rialacha dhlí an Aontais (féach breithiúnais an 4 Samhain 1997, Parfums Christian Dior (C-337/95, EU:C:1997:517, mír 35 agus an cásdlí dá dtagraítear) agus an 15 Meán Fómhair 2005, Intermodal Transports (C-495/03, EU:C:2005:552, mír 29 agus an cásdlí dá dtagraítear)).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-43" href="#c-43">43</a>
</span>) Féach breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, Consorzio Italian Management agus Catania Multiservizi (C-561/19, ‘an breithiúnas in Consorzio Italian Management ‘, EU:C:2021:799, mír 33 agus an cásdlí dá dtagraítear).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-44" href="#c-44">44</a>
</span>) Féach an breithiúnas in CIM (míreanna 32 agus 33, agus an cásdlí dá dtagraítear).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-45" href="#c-45">45</a>
</span>) Féach na breithiúnais in Consorzio Italian Management (mír 51 agus an cásdlí dá dtagraítear, an 29 Iúil 2024, Breian (C‑318/24 PPU, EU:C:2024:658, mír 68 agus an 15 Deireadh Fómhair 2024, KUBERA (C-144/23, EU:C:2024:881, míreanna 62 go 65).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-46" href="#c-46">46</a>
</span>) Féach, de réir analaí, breithiúnas an 10 Meán Fómhair 2019, HTTS v an Chomhairle (C‑123/18 P, EU:C:2019:694, mír 39), maidir le caingne le haghaidh damáistí agus an fíoras go bhféadfaidh an tAontas a bheith faoi dhliteanas neamhchonarthach mar gheall ar neamhdhleathacht gnímh nó iompair.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-47" href="#c-47">47</a>
</span>) D’fhéadtaí an oibleagáid sin cúiseanna a lua atá ar na cúirteanna náisiúnta a thugann breith ag an gcéim dheireanach a thuiscint go hintuigthe ó chásdlí na Cúirte roimhe seo, eadhon na breithiúnais in Cilfit agus Köbler, ach freisin ó Airteagal 47 den Chairt (féach, chuige sin, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Bot i gCás, Ferreira da Silva e Brito agus páirtithe eile (C‑160/14, EU:C:2015:390, míreanna 90 agus 94) agus an Abhcóide Ghinearálta Bobek i gCás CIM (C‑561/19, EU:C:2021:291, mír 171), fiú más amhlaidh i gCás CIM gur leag an Chúirt síos é trí nasc sainráite a bhunú leis na trí chritéar bunaithe ar an mbreithiúnas in Cilfit (féach, chuige sin, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Ćapeta i gCás Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (C‑767/23, EU:C:2025:486, mír 37)).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-48" href="#c-48">48</a>
</span>) Féach mír 33 den Tuairim seo.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-49" href="#c-49">49</a>
</span>) Féach mír 34 den Tuairim seo.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-50" href="#c-50">50</a>
</span>) Féach, sa chiall chéanna, anailís Chúirt Réigiúnach Bhúcairist, a leagtar amach i mír 43 den Tuairim seo.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-51" href="#c-51">51</a>
</span>) Féach, chuige sin, breithiúnas an 27 Márta 1963, Da Costa agus páirtithe eile (28/62 go 30/62, EU:C:1963:6, lch 75 agus 76).</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-52" href="#c-52">52</a>
</span>) Féach, chuige sin, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Ćapeta i gCás Staatssecretaris van Justitie en Veiligheid (C‑767/23, EU:C:2025:486, mír 30), ina gcinntear nach bhfuil dlínse ag an gCúirt chun léiriú a dhéanamh ar an gcéad chritéar, eadhon an critéar maidir le ‘ábharthacht’.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-53" href="#c-53">53</a>
</span>) Féach fonóta 12.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-54" href="#c-54">54</a>
</span>) Féach cásdlí na Cúirte a luaitear i bhfonóta 5 den Tuairim seo.</p>
<p class="note footnote">(<span class="note footnote notemarker">
<a id="t-55" href="#c-55">55</a>
</span>) Féach, chuige sin, na breithiúnais in Köbler (mír 52) agus Tomášová (mír 23).</p>
</body>
</html>
