|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/13 |
8.1.2025 |
RIALACHÁN (AE) 2025/13 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
an 19 Nollaig 2024
maidir le réamhaisnéis faoi phaisinéirí a bhailiú agus a aistriú chun cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/818
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 82 (1), pointe (d), agus Airteagal 87(2), pointe (a), de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (1),
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach (2),
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Éilíonn gné thrasnáisiúnta na coireachta tromchúisí agus na coireachta eagraithe agus bagairt leanúnach na n-ionsaithe sceimhlitheoireachta san Eoraip go ndéanfaí gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun bearta iomchuí a ghlacadh chun slándáil a áirithiú laistigh de limistéar saoirse, slándála agus ceartais gan teorainneacha inmheánacha. Tá faisnéis faoi phaisinéirí, amhail taifid ar ainmneacha paisinéirí (PNR) agus go háirithe réamhaisnéis faoi phaisinéirí (API), ríthábhachtach chun paisinéirí ardriosca a shainaithint, lena n-áirítear iad siúd nach eol d’údaráis forfheidhmithe dlí ar shlí eile iad, chun naisc a bhunú idir baill de ghrúpaí coiriúla, agus chun gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta a chomhrac. |
|
(2) |
Cé go mbunaítear creat dlíthiúil le Treoir 2004/82/CE ón gComhairle (3) maidir le bailiú agus aistriú sonraí API ag aeriompróirí agus é mar aidhmeanna leis sin rialú teorann a fheabhsú agus inimirce neamhdhleathach a chomhrac, sonraítear inti freisin gur féidir leis na Ballstáit sonraí API a úsáid chun críocha fhorfheidhmiú an dlí. Mar sin féin, is ann do roinnt bearnaí agus easnamh nuair nach ndéantar ach féidearthacht den sórt sin a chruthú. Ciallaíonn sé sin, go háirithe, nach ndéanann aeriompróirí sonraí API a bhailiú agus a aistriú go córasach chun críocha fhorfheidhmiú an dlí. Chomh maith leis sin, ciallaíonn an fhéidearthacht sonraí API a úsáid chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, i gcás inar ghníomhaigh na Ballstáit ar an bhféidearthacht sin, go bhfuil ceanglais éagsúla ar aeriompróirí faoin dlí náisiúnta maidir leis an uair agus an chaoi le sonraí API a bhailiú agus a aistriú chun na gcríoch sin. Ní hamháin go n-eascraíonn costais agus castachtaí neamhriachtanacha ar aeriompróirí as na héagsúlachtaí sin, ach déanann siad dochar freisin do shlándáil inmheánach an Aontais agus don chomhar éifeachtach idir údaráis inniúla forfheidhmithe dlí na mBallstát. Ina theannta sin, i bhfianaise chineál éagsúil na gcríoch chun rialuithe teorann agus forfheidhmiú an dlí a éascú, is iomchuí creat dlíthiúil ar leith a bhunú chun sonraí API a bhailiú agus a aistriú do gach ceann de na críocha sin. |
|
(3) |
Le Treoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), leagtar síos rialacha maidir le húsáid sonraí PNR chun cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Faoin Treoir sin, tá na Ballstáit leis na bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú go n-aistríonn aeriompróirí sonraí PNR, lena n-áirítear aon sonraí API a bhailítear, chuig an aonad náisiúnta um fhaisnéis faoi phaisinéirí (PIU) a bunaíodh faoin Treoir sin a mhéid atá sonraí den sórt sin bailithe acu cheana féin i ngnáthchúrsa a ngnó. Dá bhrí sin, ní áirithítear leis an Treoir sin bailiú agus aistriú sonraí API i ngach cás, toisc nach bhfuil aon chúis a bhaineann le gnó ag aeriompróirí tacar iomlán de shonraí den sórt sin a bhailiú. Tá sé tábhachtach a áirithiú go bhfaighidh PIUnna sonraí API mar aon le sonraí PNR, ós rud é go bhfuil gá le comhphróiseáil sonraí den sórt sin chun go mbeidh údaráis inniúla na mBallstát in ann cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh go héifeachtach. Go háirithe, le comhphróiseáil den sórt sin, is féidir leis na húdaráis sin na paisinéirí sin a bhféadfadh sé go mbeadh gá le scrúdú breise a dhéanamh orthu, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, a shainaithint go beacht. Ina theannta sin, ní shonraítear sa Treoir sin cén fhaisnéis is ionann agus sonraí API. Ar na cúiseanna sin, ba cheart rialacha comhlántacha a bhunú lena gceanglaítear ar aeriompróirí tacar sonraí API atá sainithe go sonrach a bhailiú agus a aistriú ina dhiaidh sin, ar ceanglais iad ar cheart feidhm a bheith acu a mhéid atá sé de cheangal ar na haeriompróirí faoin Treoir sin sonraí PNR maidir leis an eitilt chéanna a bhailiú agus a aistriú. |
|
(4) |
Is gá, dá bhrí sin, rialacha soiléire, comhchuibhithe agus éifeachtacha a bhunú ar leibhéal an Aontais maidir le bailiú agus aistriú sonraí API chun cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. |
|
(5) |
Ós rud é go bhfuil dlúthbhaint idir an dá ghníomh, ba cheart a thuiscint go gcomhlánaítear na rialacha dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2016/681, arna léirmhíniú ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), leis an Rialachán seo. Dá bhrí sin, níl sonraí API le bailiú agus le haistriú faoin Rialachán seo ach amháin i gcomhréir leis na ceanglais shonracha a leagtar amach sa Rialachán seo, lena n-áirítear i ndáil leis na ceanglais maidir leis na cásanna agus an bealach ina bhfuil sé le déanamh. Mar sin féin, tá feidhm ag rialacha na Treorach sin maidir le hábhair nach gcumhdaítear go sonrach leis an Rialachán seo, go háirithe maidir leis na rialacha a bhaineann le próiseáil iardain na sonraí API a fhaigheann na PIUnna, malartú faisnéise idir na Ballstáit, coinníollacha rochtana ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), aistrithe chuig tríú tíortha, coinneáil agus díphearsanú sonraí, chomh maith le cosaint sonraí pearsanta. A mhéid atá feidhm ag na rialacha sin, tá feidhm freisin ag rialacha na Treorach sin maidir le pionóis agus maidir leis na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta. Níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh do na rialacha sin agus, dá bhrí sin, ba cheart nár dhochar é do na ceanglais ná do na coimircí is infheidhme maidir le próiseáil sonraí API ag na PIUnna. |
|
(6) |
Déanann bailiú agus aistriú sonraí API difear do phríobháideachas daoine aonair agus bíonn próiseáil a sonraí pearsanta i gceist leis sin. Chun a gcearta bunúsacha a urramú go hiomlán, go háirithe an ceart go ndéanfar an saol príobháideach a urramú agus an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, i gcomhréir le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), ba cheart foráil a dhéanamh maidir le teorainneacha agus coimircí leormhaithe. Mar shampla, ba cheart aon phróiseáil ar shonraí API agus, go háirithe, ar shonraí API arb ionann iad agus sonraí pearsanta, a bheith fós teoranta go docht don mhéid is gá chun na cuspóirí a shaothraítear leis an Rialachán seo a ghnóthú agus a bheith comhréireach leis sin. Ina theannta sin, ba cheart a áirithiú nach dtiocfaidh aon chineál idirdhealaithe atá toirmiscthe faoin gCairt as próiseáil aon sonraí API arna mbailiú agus arna n-aistriú faoin Rialachán seo. |
|
(7) |
I bhfianaise chineál comhlántach an Rialacháin seo i ndáil le Treoir (AE) 2016/681, ba cheart feidhm a bheith ag oibleagáidí aeriompróirí faoin Rialachán seo maidir leis na heitiltí uile a bhfuil Ballstáit le ceangal a chur ar aeriompróirí sonraí PNR a tharchur ina leith faoi Threoir (AE) 2016/681, gan beann ar áit bhunaíochta na n-aeriompróirí a dhéanann na heitiltí sin. Níor cheart baint a bheith ag na heitiltí sin le heitiltí sceidealaithe agus neamhsceidealaithe araon, idir na Ballstáit agus tríú tíortha (eitiltí lasmuigh den Aontas), agus idir roinnt Ballstát (eitiltí laistigh den Aontas) ar choinníoll go n-imeoidh eitiltí den sórt sin laistigh den Aontas ó chríoch Ballstáit amháin ar a laghad, go dtuirlingeoidh siad ar chríoch Ballstáit amháin ar a laghad, nó go stopfaidh siad ar chríoch Ballstáit amháin ar a laghad a thug fógra faoina chinneadh Treoir (AE) 2016/681 a chur i bhfeidhm maidir le heitiltí laistigh den Aontas i gcomhréir le hAirteagal 2(1) den Treoir sin agus i gcomhréir le cásdlí CBAE. Maidir leis na heitiltí laistigh den Aontas a chumhdaítear leis an Rialachán seo, ba cheart cur chuige spriocdhírithe den sórt sin, a achtaíodh i gcur i bhfeidhm Airteagal 2 de Threoir (AE) 2016/681 agus atá dírithe ar éilimh fhorfheidhmiú éifeachtach an dlí, a cheangal freisin i bhfianaise an ghá atá le comhlíonadh cheanglais dhlí an Aontais a áirithiú maidir le riachtanas agus comhréireacht na próiseála sonraí, saorghluaiseacht daoine agus rialuithe ag teorainneacha inmheánacha a dhíothú. Ní thagann bailiú sonraí ó aon oibríochtaí aerárthaí sibhialta eile, amhail scoileanna eitilte, eitiltí leighis, eitiltí éigeandála, ná ó eitiltí míleata, faoi raon feidhme an Rialacháin seo. Ní dochar an Rialachán seo do bhailiú sonraí ó na heitiltí sin dá bhforáiltear sa dlí náisiúnta atá ag luí le dlí an Aontais. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá scéim de chuid an Aontais lena gcuirfí oibleagáid ar oibreoirí eitiltí príobháideacha sonraí paisinéirí aeir a bhailiú agus a aistriú. |
|
(8) |
Ba cheart a áireamh ar na hoibleagáidí atá ar aeriompróirí sonraí API a bhailiú agus a aistriú faoin Rialachán seo na paisinéirí uile agus na daoine uile den chriú ar eitiltí isteach san Aontas, paisinéirí idirthurais agus daoine den chriú a bhfuil a gceann scríbe deiridh lasmuigh den Aontas agus aon duine den chriú nach bhfuil ar dualgas ar eitilt ag aeriompróir i dtaca lena ndualgais. |
|
(9) |
Dá réir sin, ós rud é nach gcumhdaítear le Treoir (AE) 2016/681 eitiltí intíre a imíonn ó chríoch Ballstáit agus a thuirlingíonn ar chríoch an Bhallstáit chéanna gan stad ar bith i gcríoch Ballstáit eile nó tríú tír, agus i bhfianaise ghné thrasnáisiúnta na gcionta sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, níor cheart eitiltí den sórt sin a bheith laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo ach oiread. Níor cheart a thuiscint go ndéanfaí difear leis an Rialachán seo don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit foráil a dhéanamh, faoina ndlí náisiúnta agus i gcomhréir le dlí an Aontais, maidir le hoibleagáidí ar aeriompróirí sonraí API maidir le heitiltí intíre den sórt sin a bhailiú agus a aistriú. |
|
(10) |
I bhfianaise an dlúthchaidrimh idir gníomhartha dlí de chuid an Aontais lena mbaineann agus ar mhaithe le comhsheasmhacht agus comhleanúnachas, ba cheart na sainmhínithe a leagtar amach sa Rialachán seo a ailíniú leis na sainmhínithe a leagtar amach i dTreoir (AE) 2016/681 agus Rialachán (AE) 2024/12 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus iad a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm i bhfianaise na sainmhínithe sin, i gcás inarb iomchuí. |
|
(11) |
Go háirithe, ba cheart na míreanna faisnéise arb éard atá iontu le chéile na sonraí API atá le bailiú agus le haistriú ina dhiaidh sin faoin Rialachán seo a liostú go soiléir agus go cuimsitheach lena gcumhdaítear faisnéis a bhaineann le gach paisinéir agus gach duine den chriú agus faisnéis faoi eitilt an phaisinéara sin agus an duine sin den chriú araon. Faoin Rialachán seo, agus i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, ba cheart a chumhdach i bhfaisnéis eitilte den sórt sin faisnéis faoi shuíocháin agus bagáiste, i gcás ina bhfuil faisnéis den sórt sin ar fáil, agus faisnéis faoin bpointe trasnaithe teorann teacht isteach i gcríoch an Bhallstáit lena mbaineann i gcás inarb infheidhme, agus sa chás sin amháin, agus ní i gcás ina mbaineann na sonraí API le heitiltí laistigh den Aontas. I gcás ina bhfuil faisnéis faoi bhagáiste nó faoi shuíocháin ar fáil laistigh de chórais eile TF atá ar fáil don aeriompróir, dá láimhseálaí, dá sholáthraí córais nó don údarás aerfoirt, ba cheart d’aeriompróirí an fhaisnéis sin a chomhtháthú sna sonraí API atá le haistriú chuig na PIUnna. Ní áirítear sonraí bithmhéadracha i sonraí API mar a shainmhínítear agus mar a rialaítear faoin Rialachán seo. |
|
(12) |
Ionas gur féidir taisteal gan doiciméad taistil a iompar i gcás ina gceadaíonn na Ballstáit cleachtas den sórt sin faoin dlí náisiúnta i gcomhréir le dlí an Aontais, lena n-áirítear ar bhonn comhaontú idirnáisiúnta, ba cheart do Bhallstát a bheith in ann oibleagáid a fhorchur ar aeriompróirí foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht do phaisinéirí sonraí API a uaslódáil go deonach trí mhodhanna uathoibrithe agus sonraí den sórt sin a stóráil ag an aeriompróir d’fhonn na sonraí a aistriú chun críche eitiltí amach anseo. |
|
(13) |
Chun solúbthacht agus nuálaíocht a éascú, ba cheart, i bprionsabal, é a fhágáil faoi gach aeriompróir a chinneadh conas a chomhlíonann sé a oibleagáidí maidir le bailiú sonraí API a leagtar amach sa Rialachán seo, agus na cineálacha éagsúla aeriompróirí mar a shainmhínítear sa Rialachán seo agus a samhlacha gnó faoi seach á gcur san áireamh, lena n-áirítear i leith amanna seiceála isteach agus comhar le haerfoirt. Ag cur san áireamh, áfach, go bhfuil réitigh theicneolaíocha oiriúnacha ann lena n-éascaítear bailiú uathoibríoch sonraí API áirithe agus á áirithiú go mbeidh na sonraí API lena mbaineann cruinn, iomlán agus cothrom le dáta, agus ag féachaint do na buntáistí a bhaineann le húsáid teicneolaíochta den sórt sin i dtéarmaí éifeachtachta agus éifeachtúlachta, ba cheart a cheangal ar aeriompróirí na sonraí API sin a bhailiú trí mhodhanna uathoibrithe a úsáid, trí fhaisnéis ó shonraí meaisín-inléite an doiciméid taistil a léamh. I gcás nach féidir, ar chúiseanna teicniúla, modhanna uathoibrithe den sórt sin a úsáid in imthosca eisceachtúla, ba cheart d’aeriompróirí, ar bhonn eisceachtúil, na sonraí API a bhailiú de láimh, mar chuid den phróiseas seiceála isteach ar líne nó mar chuid den tseiceáil isteach ag an aerfort, ar bhealach lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo. |
|
(14) |
Ba cheart bailiú sonraí API trí mhodhanna uathoibrithe a theorannú go docht do na sonraí alfa-uimhriúla atá sa doiciméad taistil agus níor cheart bailiú aon sonraí bithmhéadracha uaidh a bheith mar thoradh air. Ós rud é gur cuid den phróiseas seiceála isteach é bailiú sonraí API, bíodh sin ar líne nó ag an aerfort, leis an Rialachán seo, ní áirítear oibleagáid ar aeriompróirí doiciméad taistil an phaisinéara a sheiceáil tráth na bordála. Ní áirítear le comhlíonadh an Rialacháin seo aon oibleagáid ar phaisinéirí doiciméad taistil a iompar tráth na bordála. Ba cheart an méid sin a bheith gan dochar d’oibleagáidí a eascraíonn as gníomhartha dlí eile de chuid an Aontais nó as dlí náisiúnta atá ag luí le dlí an Aontais. |
|
(15) |
Ba cheart bailiú sonraí API ó dhoiciméid taistil a bheith ag teacht freisin le caighdeáin na hEagraíochta Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO) maidir le doiciméid taistil mheaisín-inléite, ar caighdeáin iad a ionchorpraíodh i ndlí an Aontais trí bhíthin Rialachán (AE) 2019/1157 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle (7) agus Threoir (AE) 2019/997 ón gComhairle (8). |
|
(16) |
Chun an cás a sheachaint ina mbeadh ar aeriompróirí naisc iomadúla le PIUnna na mBallstát a bhunú agus a choinneáil chun sonraí API arna mbailiú faoin Rialachán seo a aistriú, agus, ar an gcaoi sin, chun an neamhéifeachtúlacht agus na rioscaí slándála lena mbaineann a sheachaint, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le ródaire aonair, arna chruthú agus arna oibriú ar leibhéal an Aontais i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) 2025/12, a fheidhmíonn mar phointe nasctha agus dáileacháin do na haistrithe sin. Ar mhaithe le héifeachtúlacht agus costéifeachtacht, ba cheart don ródaire, a mhéid is féidir go teicniúil agus ag cloí go hiomlán le rialacha an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) 2025/12, a bheith ag brath ar chomhpháirteanna teicniúla ó chórais ábhartha eile arna gcruthú faoi dhlí an Aontais, go háirithe an tseirbhís gréasáin dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (9), an geata iompróra dá dtagraítear i Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (10) agus an geata iompróra dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (11). Chun an tionchar ar aeriompróirí a laghdú agus chun cur chuige comhchuibhithe i leith aeriompróirí a áirithiú, ba cheart do Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), a bhunaítear le Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (12) an ródaire a dhearadh, a mhéid is féidir go teicniúil agus go hoibríochtúil, ar bhealach atá comhleanúnach agus comhsheasmhach leis na hoibleagáidí ar aeriompróirí a leagtar amach i Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226, agus (AE) 2018/12408. |
|
(17) |
Agus é mar aidhm leo inléiteacht sonraí PNR ag na PIUnna agus feidhmiú cuí a gcóras PNR a áirithiú, ba cheart d’aeriompróirí na teachtaireachtaí digiteacha a sheolann aeriompróir ina bhfuil taifead amháin nó níos mó ar ainmneacha paisinéirí (‘teachtaireachtaí PNR’) a aistriú agus ba cheart don ródaire iad a tharchur i bhformáid chaighdeánaithe trí bhíthin réimsí caighdeánaithe sonraí nó cóid chaighdeánaithe sonraí, ó thaobh ábhair agus struchtúir de araon. Sula gcuirfidh an ródaire tús le hoibríochtaí i ndáil le sonraí eile PNR, ba cheart a áirithiú leis na tástálacha atá le déanamh ag euLISA, go mbeidh an ródaire inniúil, tapa agus iontaofa chun foráil a dhéanamh do chaighdeánú den sórt sin. Chuige sin, ba cheart don Choimisiún na bearta is gá a dhéanamh chun athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht cur chun feidhme atá ann cheana a glacadh de bhun Airteagal 16 de Threoir (AE) 2016/681 lena leagtar amach prótacail choiteanna agus formáidí sonraí tacaithe. Ba cheart athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh i ndlúthchomhar le hionadaithe ó na Ballstáit chun leas a bhaint as a gcuid saineolais agus chun a ráthú go ndéanfar na dea-chleachtais atá forbartha acu agus Treoir (AE) 2016/681 á cur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta a chur san áireamh ar leibhéal an Aontais maidir le feidhmiú an ródaire. Ba cheart don Ghrúpa Teagmhála API-PNR tacú le hathbhreithniú den sórt sin. |
|
(18) |
Chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht tharchur na sonraí aerthráchta agus chun tacú le faireachán a dhéanamh ar na sonraí API a tharchuirtear chuig PIUnna, ba cheart don ródaire faisnéis tráchta eitilte fíor-ama arna bailiú ag eagraíochtaí eile, amhail an Eagraíocht Eorpach um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta (‘Eurocontrol’), a fháil. |
|
(19) |
Ba cheart don ródaire feidhmiú chun aistriú sonraí API agus sonraí eile PNR ó na haeriompróirí chuig na PIUnna a éascú i gcomhréir leis an Rialachán seo, agus chun na críche sin amháin, agus níor cheart gur stór sonraí API ná sonraí eile PNR é. Dá bhrí sin, agus chun aon riosca a bhaineann le rochtain neamhúdaraithe nó mí-úsáid eile a íoslaghdú agus i gcomhréir le prionsabal an íoslaghdaithe sonraí, níor cheart aon stóráil a dhéanamh ach amháin má tá fíorghá léi chun críoch teicniúil a bhaineann leis an tarchur agus ba cheart na sonraí API nó na sonraí eile PNR a scriosadh ón ródaire, láithreach, go buan agus ar bhealach uathoibrithe, ón tráth a bheidh an tarchur curtha i gcrích nó, i gcás inarb ábhartha faoin Rialachán seo, ón tráth nach mbeidh na sonraí API ná na sonraí eile PNR le tarchur ar chor ar bith. |
|
(20) |
Chun ligean d’aeriompróirí leas a bhaint a luaithe is féidir as na buntáistí a sholáthraítear le húsáid an ródaire arna fhorbairt ag eu-LISA i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán 2025/12… , agus chun taithí a fháil ar úsáid an ródaire, ba cheart an deis a thabhairt d’aeriompróirí, ach gan an oibleagáid a chur orthu, úsáid a bhaint as an ródaire chun an fhaisnéis a aistriú a gceanglaítear orthu í a aistriú faoi Threoir 2004/82/CE le linn tréimhse idirlinne. Ba cheart tús a chur leis an tréimhse idirlinne sin an tráth a chuirfidh an ródaire tús le hoibríochtaí agus ba cheart deireadh teacht léi nuair a scoireann na hoibleagáidí faoin Treoir sin d’fheidhm a bheith acu. D’fhonn a áirithiú go mbainfear aon úsáid dheonach den sórt sin as an ródaire ar bhealach freagrach, ba cheart comhaontú i scríbhinn roimh ré ón mBallstát atá leis an bhfaisnéis a fháil a bheith ag teastáil, arna iarraidh sin don aeriompróir agus tar éis don Bhallstát sin fíoruithe a dhéanamh agus dearbhuithe a fháil, de réir mar is gá. Mar an gcéanna, chun an cás a sheachaint ina dtosódh aeriompróirí ag úsáid an ródaire agus ina stopfadh siad dá úsáid arís agus arís eile, a luaithe a thosóidh aeriompróir ag úsáid an ródaire mar sin ar bhonn deonach, ba cheart a cheangal air leanúint ar aghaidh lena úsáid, mura bhfuil cúiseanna oibiachtúla ann le scor d’úsáid an ródaire chun an fhaisnéis a aistriú chuig an mBallstát lena mbaineann, amhail más léir nach bhfuil an fhaisnéis á haistriú ar bhealach dleathach, slán, éifeachtach agus tapa. Ar mhaithe leis an bhféidearthacht sin maidir le húsáid dheonach an ródaire a chur i bhfeidhm go cuí, agus aird chuí á tabhairt ar chearta agus leasanna na bpáirtithe uile dá ndéantar difear, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir leis na rialacha is gá i ndáil le comhairliúcháin agus i ndáil le soláthar faisnéise. Níor cheart a thuiscint as aon úsáid dheonach den sórt sin a bhaintear as an ródaire agus Treoir 2004/82/CE á cur i bhfeidhm, dá bhforáiltear sa Rialachán seo, go ndéanann sí difear ar bith d’oibleagáidí na n-aeriompróirí agus na mBallstát faoin Treoir sin. |
|
(21) |
Ba cheart gurb é a thiocfadh as na ceanglais a leagtar amach sa Rialachán seo agus sna gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme comhfhreagracha ná cur chun feidhme aonfhoirmeach an Rialacháin seo ag na haeriompróirí, agus, ar an gcaoi sin, íoslaghdú an chostais a bhaineann le hidirnascadh a gcóras faoi seach. Chun cur chun feidhme comhchuibhithe na gceanglas sin ag na haeriompróirí a éascú, go háirithe maidir leis an struchtúr sonraí, an fhormáid sonraí agus an prótacal tarchurtha sonraí, ba cheart don Choimisiún, ar bhonn a chomhair leis na PIUnna, le húdaráis eile de chuid na mBallstát, le haeriompróirí agus le gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, a áirithiú go soláthrófar sa lámhleabhar praiticiúil atá le hullmhú ag an gCoimisiún an treoir agus na soiléirithe uile is gá. |
|
(22) |
Chun cáilíocht na sonraí API a fheabhsú, ba cheart don ródaire atá le bunú faoin Rialachán seo a fhíorú an gcomhlíonann na sonraí API a d’aistrigh na haeriompróirí chuige na formáidí sonraí tacaithe. I gcás ina gcinntear leis an bhfíorú nach bhfuil na sonraí i gcomhréir leis na formáidí sonraí sin, ba cheart don ródaire fógra a thabhairt láithreach agus ar bhealach uathoibrithe don aeriompróir lena mbaineann. |
|
(23) |
Ba cheart an deis a bheith ag paisinéirí sonraí API áirithe a sholáthar iad féin trí mhodhanna uathoibrithe le linn próiseas seiceála isteach ar líne, mar shampla trí fheidhmchlár slán ar fhón cliste paisinéara, ar ríomhaire nó ar cheamara gréasáin a bhfuil sé ar a chumas sonraí meaisín-inléite an doiciméid taistil a léamh. I gcás nach seiceálann paisinéirí isteach ar líne, ba cheart d’aeriompróirí an deis a thabhairt dóibh na sonraí API meaisín-inléite is gá a sholáthar le linn dóibh seiceáil isteach ag an aerfort le cúnamh ó bhoth féinseirbhíse nó ó bhall foirne aeriompróirí ag an gcuntar seiceála isteach. Gan dochar do shaoirse aeriompróirí táillí aeir a shocrú agus a mbeartas tráchtála a shainiú, tá sé tábhachtach nach mbeadh na hoibleagáidí faoin Rialachán seo ina gcúis le bacainní díréireacha do phaisinéirí nach bhfuil in ann úsáid a bhaint as modhanna ar líne chun sonraí API a sholáthar, amhail táillí breise as sonraí API a sholáthar ag an aerfort. Ina theannta sin, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le hidirthréimhse ar lena linn a thugtar an deis do phaisinéirí sonraí API a sholáthar de láimh mar chuid den phróiseas seiceála isteach ar líne. I gcásanna den sórt sin, ba cheart d’aeriompróirí úsáid a bhaint as teicnící fíoraithe sonraí. |
|
(24) |
Tá sé tábhachtach nach mbeadh tionchar diúltach ag córais uathoibrithe bailithe sonraí ná ag na próisis eile a bhunaítear faoin Rialachán seo ar na fostaithe i dtionscal na heitlíochta, a bhfuil deiseanna uas-scilithe agus athscilithe le soláthar dóibh a mhéadódh éifeachtúlacht agus iontaofacht an bhailithe sonraí agus an aistrithe sonraí chomh maith leis na dálaí oibre san earnáil. |
|
(25) |
Chun comhphróiseáil sonraí API agus sonraí PNR a áirithiú chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht thromchúiseach san Aontas a chomhrac go héifeachtach agus ag an am céanna an cur isteach ar chearta bunúsacha paisinéirí a chosnaítear faoin gCairt a íoslaghdú, ba cheart na PIUnna a bheith ina n-údaráis inniúla sna Ballstáit a gcuirtear de chúram orthu sonraí API arna mbailiú agus arna n-aistriú faoin Rialachán seo a fháil, agus tuilleadh próiseála a dhéanamh orthu agus iad a chosaint ina dhiaidh sin. Ar mhaithe le héifeachtúlacht agus chun aon rioscaí slándála a íoslaghdú, ba cheart don ródaire, arna dhearadh, arna fhorbairt, arna óstáil agus arna chothabháil go teicniúil ag eu-LISA i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) 2024/12, na sonraí API, arna mbailiú agus arna n-aistriú chuige ag na haeriompróirí faoin Rialachán seo, a tharchur chuig na PIUnna ábhartha. I bhfianaise an leibhéil cosanta is gá do shonraí API arb ionann iad agus sonraí pearsanta, lena n-áirítear chun rúndacht na faisnéise lena mbaineann a áirithiú, ba cheart don ródaire na sonraí API a tharchur chuig na PIUnna ábhartha ar bhealach uathoibrithe. Níor cheart don Rialachán seo difear a dhéanamh don fhéidearthacht atá ag na Ballstáit foráil a dhéanamh do phointe iontrála aonair sonraí lena n-áirithítear a nasc agus a gcomhtháthú leis an ródaire. |
|
(26) |
D’fhonn comhlíonadh na gceart dá bhforáiltear faoin gCairt a áirithiú agus d’fhonn roghanna taistil inrochtana agus cuimsitheacha a áirithiú, go háirithe do ghrúpaí leochaileacha agus do dhaoine faoi mhíchumas, agus i gcomhréir leis na cearta atá ag daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus iad ag taisteal d’aer mar a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (13), ba cheart d’aeriompróirí, le tacaíocht ó na Ballstáit, a áirithiú go mbeidh rogha ar fáil i gcónaí do phaisinéirí na sonraí is gá a sholáthar ag an aerfort. |
|
(27) |
I gcás eitiltí lasmuigh den Aontas, ba cheart do PIU an Bhallstáit a dtuirlingeoidh an eitilt ar a chríoch nó a n-imeoidh an eitilt óna chríoch na sonraí API a fháil ón ródaire le haghaidh na n-eitiltí sin uile arb eitiltí iad a mbailítear sonraí PNR lena n-aghaidh i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/681. Ba cheart don ródaire an eitilt agus na PIUnna comhfhreagracha a shainaithint agus úsáid á baint as an bhfaisnéis atá san aimsitheoir taifead PNR, ar gné sonraí í is coiteann do na tacair sonraí API agus do na tacair sonraí PNR araon lenar féidir leis na PIUnna comhphróiseáil a dhéanamh ar shonraí API agus ar shonraí PNR. |
|
(28) |
Maidir le heitiltí laistigh den Aontas, i gcomhréir le cásdlí CBAE, chun nach gcuirfear isteach go míchuí ar chearta bunúsacha ábhartha paisinéirí mar a chosnaítear faoin gCairt agus chun a áirithiú go gcomhlíonfar ceanglais dhlí an Aontais maidir le saorghluaiseacht daoine agus maidir le díothú rialuithe ag teorainneacha inmheánacha, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le cur chuige roghnaitheach. I bhfianaise a thábhachtaí atá sé a áirithiú gur féidir sonraí API a phróiseáil in éineacht le sonraí PNR, ba cheart an cur chuige sin a ailíniú le cur chuige Threoir (AE) 2016/681. Ar na cúiseanna sin, níor cheart sonraí API maidir leis na heitiltí sin a tharchur ach ón ródaire chuig na PIUnna ábhartha, i gcás inar roghnaigh na Ballstáit na heitiltí lena mbaineann agus Airteagal 2 de Threoir (AE) 2016/681 á chur i bhfeidhm acu agus i gcomhréir leis an gcur chuige roghnaitheach dá bhforáiltear sa Rialachán seo. Níor cheart do na Ballstáit a bheith in ann Treoir (AE) 2016/681 a chur i bhfeidhm maidir le gach eitilt laistigh den Aontas a thagann isteach ar a chríoch nó a imíonn uaithi ach amháin i gcásanna ina bhfuil fíorbhagairt sceimhlitheoireachta láithreach nó intuartha ann agus ar bhonn cinneadh atá bunaithe ar mheasúnú ar bhagairtí, atá teoranta ó thaobh ama de don mhéid a bhfuil fíorghá leis agus a bhféadfar athbhreithniú éifeachtach a dhéanamh air. I gcásanna eile, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le cur chuige roghnaitheach. Mar a mheabhraigh CBAE, níl i gceist leis an roghnú ach na Ballstáit a bheith ag díriú ar na hoibleagáidí lena mbaineann ag, inter alia, bealaí, patrúin taistil nó aerfoirt áirithe, faoi réir athbhreithniú tráthrialta ar an roghnú sin. Ina theannta sin, ba cheart an roghnú a bheith bunaithe ar mheasúnú oibiachtúil, cuí-réasúnaithe agus neamh-idirdhealaitheach nach gcuirtear san áireamh ach critéir atá ábhartha maidir le cosc, brath, imscrúdú agus ionchúiseamh cionta sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí, ag a bhfuil nasc oibiachtúil, lena n-áirítear nasc indíreach, le hiompar paisinéirí d’aer. Ba cheart do na Ballstáit an doiciméadacht ábhartha uile a bhaineann leis an measúnú a choinneáil chun gur féidir maoirseacht chuí a dhéanamh agus ba cheart dóibh athbhreithniú a dhéanamh ar a measúnú go tráthrialta agus gach 12 mhí ar a laghad i gcomhréir le hAirteagal 13(7) den Rialachán seo. |
|
(29) |
Chun cur i bhfeidhm an chur chuige roghnaithigh faoin Rialachán seo a chumasú i ndáil le heitiltí laistigh den Aontas, ba cheart a cheangal ar na Ballstáit liostaí de na heitiltí nó de na bealaí a roghnaigh siad a tharraingt suas agus iad a chur isteach sa ródaire, ionas gur féidir le eu-LISA a áirithiú nach ndéanfar ach sonraí API le haghaidh na n-eitiltí nó na mbealaí sin a tharchur ón ródaire chuig na PIUnna ábhartha agus go scriosfar na sonraí API maidir le heitiltí eile laistigh den Aontas láithreach agus go buan. |
|
(30) |
Chun comhtháthú a mhéadú i measc na gcineálacha cur chuige roghnaithigh a ghlacann na Ballstáit éagsúla, ba cheart don Choimisiún malartú tuairimí tráthrialta a éascú maidir le rogha na gcritéar roghnúcháin, lena n-áirítear comhroinnt dea-chleachtas, agus, ar bhonn deonach, malartú faisnéise maidir le heitiltí roghnaithe. |
|
(31) |
Chun nach gcuirfear as d’éifeachtacht an chórais a bhraitheann ar bhailiú agus aistriú sonraí API arna chur ar bun leis an Rialachán seo agus ar bhailiú agus aistriú sonraí PNR faoin gcóras arna bhunú le Treoir (AE) 2016/681, chun cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, go háirithe trí riosca imchéimniúcháin a chruthú, ba cheart déileáil le faisnéis faoi cé na heitiltí laistigh den Aontas a roghnaigh na Ballstáit mar fhaisnéis rúnda. Ar an gcúis sin, níor cheart faisnéis den sórt sin a chomhroinnt leis na haeriompróirí agus, dá bhrí sin, ba cheart iallach a chur orthu sonraí API a bhailiú ar gach eitilt a chumhdaítear leis an Rialachán seo, lena n-áirítear gach eitilt laistigh den Aontas, agus iad a aistriú ansin chuig an ródaire, áit ar cheart an roghnú riachtanach a chur chun feidhme. Thairis sin, trí shonraí API a bhailiú maidir le gach eitilt laistigh den Aontas, ní chuirtear in iúl do na paisinéirí cé na heitiltí roghnaithe laistigh den Aontas ar a ndéantar sonraí API, agus dá bharr sin, sonraí PNR a tharchur chuig na PIUnna i gcomhréir le measúnú na mBallstát. Leis an gcur chuige sin, áirithítear freisin gur féidir aon athruithe i ndáil leis an roghnú sin a dhéanamh go tapa agus go héifeachtach, gan aon ualaí eacnamaíocha agus oibriúcháin míchuí a chur ar na haeriompróirí. |
|
(32) |
Leis an Rialachán seo, ní cheadaítear sonraí API maidir le heitiltí laistigh den Aontas a bhailiú ná a aistriú chun an inimirce neamhdhleathach a chomhrac, i gcomhréir le dlí an Aontais agus le cásdlí CBAE. |
|
(33) |
Ar mhaithe le comhlíonadh an chirt bhunúsaigh go gcosnófar sonraí pearsanta a áirithiú, ba cheart an rialaitheoir agus an próiseálaí a shainaithint agus rialacha maidir le hiniúchtaí a leagan amach leis an Rialachán seo. Ar mhaithe le faireachán éifeachtach, cosaint leordhóthanach ar shonraí pearsanta a áirithiú agus rioscaí slándála a íoslaghdú, ba cheart foráil a dhéanamh freisin maidir le rialacha maidir le logáil, slándáil na próiseála agus féinfhaireachán. I gcás ina mbaineann siad le próiseáil sonraí pearsanta, ba cheart na forálacha sin a bheith i gcomhréir le gníomhartha dlí an Aontais is infheidhme go ginearálta maidir le cosaint sonraí pearsanta, go háirithe Rialacháin (AE) 2016/679 (14) agus (AE) 2018/1725 (15) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. |
|
(34) |
Gan dochar do rialacha níos sonraí a leagtar síos sa Rialachán seo maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil, ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2016/679 maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag aeriompróirí faoin Rialachán seo. Ba cheart feidhm a bheith ag Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16) maidir le próiseáil sonraí pearsanta faoin Rialachán seo ag údaráis inniúla náisiúnta, mar a shainítear sa Treoir sin, chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, lena n-áirítear coimirciú a dhéanamh in aghaidh bagairtí ar an tslándáil phoiblí agus na bagairtí sin a chosc. Ba cheart feidhm a bheith ag Rialachán (AE) 2018/1725 maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag eu-LISA agus a fhreagrachtaí faoin Rialachán seo á gcomhlíonadh aige. |
|
(35) |
Agus an ceart atá ag paisinéirí go gcuirfear ar an eolas iad maidir le próiseáil a gcuid sonraí pearsanta á chur san áireamh, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go soláthrófar faisnéis chruinn do phaisinéirí faoi bhailiú sonraí API, faoi aistriú sonraí den sórt sin chuig an PIU agus faoina gcearta mar ábhair sonraí, ar faisnéis í a bheidh inrochtana go héasca agus a bheidh éasca a thuiscint, tráth na háirithinte agus tráth na seiceála isteach. |
|
(36) |
Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta neamhspleácha dá dtagraítear in Airteagal 41 de Threoir (AE) 2016/680 nó do chomhlacht iniúchóireachta ar chuir an t-údarás maoirseachta an cúram sin air tabhairt faoi na hiniúchtaí ar chosaint sonraí pearsanta a bhfuil na Ballstáit freagrach astu. |
|
(37) |
Is iad críocha na n-oibríochtaí próiseála faoin Rialachán seo, eadhon sonraí API a tharchur ó aeriompróirí tríd an ródaire chuig PIUnna na mBallstát, ná cúnamh a thabhairt do na húdaráis sin i bhfeidhmiú a n-oibleagáidí agus a gcúraimí i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/681. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit údaráis a ainmniú le bheith ina rialaitheoirí maidir le próiseáil na sonraí sa ródaire, tarchur na sonraí ón ródaire chuig an PIU, agus próiseáil na sonraí sin ina dhiaidh sin i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/681. Ba cheart do na Ballstáit na húdaráis sin a chur in iúl don Choimisiún agus do eu-LISA. Chun sonraí pearsanta a phróiseáil sa ródaire, ba cheart do na Ballstáit a bheith ina rialaitheoirí comhpháirteacha i gcomhréir le hAirteagal 21 de Threoir (AE) 2016/680. Ba cheart na haeriompróirí, ar a seal, a bheith ina rialaitheoirí ar leithligh maidir le próiseáil sonraí API arb ionann iad agus sonraí pearsanta faoin Rialachán seo. Ar an mbonn sin, ba cheart na haeriompróirí agus na PIUnna a bheith ina rialaitheoirí ar leithligh maidir leis na hoibríochtaí próiseála i gcás sonraí API faoin Rialachán seo. Ós rud é go bhfuil eu-LISA freagrach as dearadh, forbairt, óstáil agus bainistiú teicniúil an ródaire, ba cheart dó a bheith ina phróiseálaí chun sonraí API arb ionann iad agus sonraí pearsanta a phróiseáil tríd an ródaire, lena n-áirítear na sonraí a tharchur ón ródaire chuig na PIUnna agus na sonraí sin a stóráil ar an ródaire a mhéid is gá stóráil den sórt sin chun críoch teicniúil. |
|
(38) |
Leis an ródaire atá le cruthú agus le feidhmiú faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2025/12, ba cheart laghdú agus simpliú a dhéanamh ar na naisc theicniúla a bhfuil gá leo chun sonraí API faoin Rialachán seo a aistriú, agus iad á dteorannú go nasc aonair in aghaidh an aeriompróra agus in aghaidh an PIU. Dá bhrí sin, ba cheart foráil a dhéanamh leis an Rialachán seo maidir leis an oibleagáid atá ar gach PIU agus aeriompróir nasc den sórt sin a bhunú leis an ródaire, agus an comhtháthú is gá a ghnóthú leis an ródaire, chun a áirithiú go mbeidh an córas chun sonraí API a aistriú a bhunaítear leis an Rialachán seo in ann feidhmiú i gceart. Le dearadh agus forbairt an ródaire ag eu-LISA, ba cheart a bheith in ann córais agus bonneagair aeriompróirí a nascadh agus a chomhtháthú go héifeachtach agus go héifeachtúil trí fhoráil a dhéanamh maidir leis na caighdeáin ábhartha agus na ceanglais theicniúla uile. Chun feidhmiú cuí an chórais a bhunaítear leis an Rialachán seo a áirithiú, ba cheart rialacha mionsonraithe a sholáthar. Agus an ródaire á dhearadh agus á fhorbairt aige, ba cheart do eu-LISA a áirithiú go ndéanfar sonraí API agus sonraí eile PNR arna n-aistriú ag aeriompróirí agus arna dtarchur chuig PIUnna a chriptiú agus iad faoi bhealach. |
|
(39) |
I bhfianaise leasanna an Aontais atá i gceist, maidir leis na costais uile arna dtabhú ag eu-LISA agus a chúraimí faoin Rialachán seo á ndéanamh aige i ndáil leis an ródaire, lena n-áirítear dearadh agus forbairt an ródaire, óstáil agus bainistiú teicniúil an ródaire, agus an struchtúr rialachais in eu-LISA chun tacú le dearadh, forbairt, óstáil agus bainistiú teicniúil an ródaire, is ar bhuiséad an Aontais ba cheart do na costais sin titim. D’fhéadfadh feidhm a bheith ag an méid sin maidir leis na costais arna dtabhú ag na Ballstáit i ndáil lena naisc agus lena gcomhtháthú leis an ródaire agus lena gcothabháil, mar a cheanglaítear faoin Rialachán seo, i gcomhréir le dlí an Aontais is infheidhme. Tá sé tábhachtach go soláthrófaí tacaíocht airgeadais iomchuí do na Ballstáit i mbuiséad an Aontais i leith na gcostas sin. Chuige sin, ba cheart tacú le riachtanais airgeadais na mBallstát le buiséad ginearálta an Aontais, i gcomhréir leis na rialacha incháilitheachta agus na rátaí cómhaoinithe a leagtar síos leis na gníomhartha dlí ábhartha de chuid an Aontais. Leis an ranníocaíocht bhliantúil ón Aontas a leithdháiltear ar eu-LISA, ba cheart na riachtanais a chumhdach a bhaineann leis an ródaire a óstáil agus a bhainistiú go teicniúil, bunaithe ar mheasúnú arna dhéanamh ag eu-LISA. Maidir leis an tacaíocht, amhail oiliúint, arna soláthar ag eu-LISA d’aeriompróirí agus do PIUnna chun gur féidir sonraí API a aistriú agus a tharchur go héifeachtach tríd an ródaire, ba cheart do bhuiséad an Aontais an méid sin a chumhdach freisin. Maidir leis na costais arna dtabhú ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta neamhspleácha i ndáil leis na cúraimí a chuirtear orthu faoin Rialachán seo, is ar na Ballstáit lena mbaineann ba cheart do na costais sin titim. |
|
(40) |
I gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1726, is féidir leis na Ballstáit a chur de chúram ar eu-LISA nascacht le haeriompróirí a éascú chun cabhrú leis na Ballstáit Treoir (AE) 2016/681 a chur chun feidhme, go háirithe trí shonraí PNR a bhailiú agus a aistriú trí ródaire. Chuige sin, agus ar chúiseanna costéifeachtachta agus éifeachtúlachta do na Ballstáit agus d’aeriompróirí araon, ba cheart a chur de cheangal ar aeriompróirí leis an Rialachán seo an ródaire a úsáid chun sonraí eile PNR a chumhdaítear le Treoir (AE) 2016/681 a aistriú chuig bunachair sonraí a gcuid PIUnna faoi seach, mar chuid do na bearta náisiúnta lena gcuirtear an fhoráil sin den Treoir chun feidhme, eadhon an fhoráil maidir leis an oibleagáid ar Bhallstáit a áirithiú go n-aistríonn aeriompróirí sonraí PNR chuig na PIUnna ábhartha leis an ‘modh brú’. |
|
(41) |
Chun a áirithiú go ndéanfar na sonraí atá i gceist a phróiseáil ar bhealach dleathach, slán, éifeachtach agus tapa, ba cheart feidhm a bheith freisin, dá réir sin, maidir le sonraí eile PNR ag na rialacha a bhunaítear leis an Rialachán seo i ndáil leis an ródaire agus le tarchur sonraí API ón ródaire chuig na PIUnna. Áirítear ar na rialacha sin freisin oibleagáidí an Rialacháin seo maidir le haistriú agus tarchur sonraí i dtaca le heitiltí laistigh den Aontas, i gcomhréir le cásdlí CBAE, chomh maith le naisc na n-aeriompróirí agus an PIU leis an ródaire. A mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le huainiú na n-aistrithe, na prótacail tarchuir agus na formáidí sonraí ina bhfuil na teachtaireachtaí PNR le haistriú chuig an ródaire, tá feidhm ag na forálacha ábhartha de Threoir (AE) 2016/681. |
|
(42) |
Is iomchuí a shoiléiriú nach ndéanann úsáid an ródaire i ndáil le sonraí eile PNR difear ach amháin don bhealach a ndéantar na sonraí sin a aistriú agus a tharchur chuig bunachair sonraí PIUnna na mBallstát lena mbaineann. Níl feidhm ag oibleagáidí an Rialacháin seo i ndáil le bailiú sonraí API maidir leis na sonraí eile PNR sin uile. Ina ionad sin, ba cheart leanúint de bhailiú den sórt sin a rialáil le Treoir (AE) 2016/681, agus léi sin amháin, sa mhéid gur bhailigh aeriompróirí sonraí den sórt sin cheana féin i ngnáthchúrsa a ngnó de réir bhrí na forála ábhartha den Treoir sin, agus sa mhéid sin amháin. Thairis sin, mar is amhlaidh i gcás sonraí API arna mbailiú ag aeriompróirí agus arna n-aistriú chuig na PIUnna i gcomhréir leis an Rialachán seo, níor cheart difear a dhéanamh do rialacha na Treorach sin i ndáil le hábhair nach gcumhdaítear go sonrach leis an Rialachán seo, go háirithe na rialacha maidir le próiseáil sonraí eile PNR a fhaigheann na PIUnna ina dhiaidh sin. Dá bhrí sin, leanann na rialacha sin d’fheidhm a bheith acu maidir le sonraí den sórt sin. |
|
(43) |
Ní féidir a chur as an áireamh go bhféadfadh sé, i ngeall ar imthosca eisceachtúla agus in ainneoin go ndearnadh gach beart réasúnach i gcomhréir leis an Rialachán seo, go mainneodh an bonneagar lárnach nó ceann de chomhpháirteanna teicniúla an ródaire, nó na bonneagair chumarsáide a nascann na PIUnna agus na haeriompróirí leis, feidhmiú mar is ceart, agus mar sin bheadh sé dodhéanta ar chúiseanna teicniúla d’aeriompróirí sonraí API a aistriú nó do PIUnna sonraí API a fháil. I bhfianaise neamh-infhaighteacht an ródaire agus nach mbeidh sé indéanta le réasún d’aeriompróirí go ginearálta na sonraí API dá ndearna an mhainneachtain difear a aistriú ar mhodh dleathach, slán, éifeachtach agus tapa trí mhodhanna malartacha, ba cheart don oibleagáid ar aeriompróirí sonraí API den sórt sin a aistriú scor d’fheidhm a bheith aici fad is a mhairfidh an dodhéantacht theicniúil. Mar sin féin, chun infhaighteacht na sonraí API a áirithiú, ar sonraí iad is gá chun cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, ba cheart do na haeriompróirí leanúint de shonraí API a bhailiú agus a stóráil ionas gur féidir iad a aistriú a luaithe a bheidh an dodhéantacht theicniúil réitithe. Chun fad agus iarmhairtí diúltacha aon dodhéantachta teicniúla a íoslaghdú, ba cheart do na páirtithe lena mbaineann, i gcás den sórt sin, an méid sin a chur in iúl dá chéile láithreach agus gach beart is gá a dhéanamh láithreach chun aghaidh a thabhairt ar an dodhéantacht theicniúil. Ba cheart nár dhochar an socrú sin do na hoibleagáidí faoin Rialachán seo atá ar gach páirtí lena mbaineann a áirithiú go bhfeidhmíonn an ródaire agus a gcuid córas agus bonneagair faoi seach i gceart, chomh maith leis an bhfíric go mbíonn aeriompróirí faoi réir pionós má mhainníonn siad na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh, lena n-áirítear i gcásanna ina n-iarrann siad brath ar an socrú sin nuair nach bhfuil údar leis an mbrath sin. Chun mí-úsáid den sórt sin a dhíspreagadh agus chun maoirseacht agus, i gcás inar gá, forchur pionós, a éascú, ba cheart d’aeriompróirí a bhraitheann ar an socrú sin mar thoradh ar chliseadh a gcórais agus a mbonneagair féin tuairisc faoi sin a thabhairt don údarás inniúil maoirseachta. |
|
(44) |
I gcás ina gcoinníonn aeriompróirí naisc dhíreacha le PIUnna chun sonraí API a aistriú, is féidir leis na naisc sin a bheith ina modhanna iomchuí chun an leibhéal slándála sonraí is gá a áirithiú chun sonraí API a aistriú go díreach chuig na PIUnna i gcás ina bhfuil sé dodhéanta ar chúiseanna teicniúla an ródaire a úsáid. Ba cheart do PIUnna a bheith in ann, i gcás eisceachtúil dodhéantachta teicniúla maidir leis an ródaire a úsáid, a iarraidh ar aeriompróirí modhanna iomchuí den sórt sin a úsáid, rud nach dtugann le fios go bhfuil oibleagáid ar aeriompróirí naisc dhíreacha den sórt sin nó aon mhodhanna iomchuí eile a choinneáil nó a thabhairt isteach lena n-áirithítear an leibhéal slándála sonraí is gá chun sonraí API a aistriú go díreach chuig na PIUnna. Le haistriú eisceachtúil sonraí API trí aon mhodh iomchuí eile, amhail ríomhphost criptithe nó tairseach ghréasáin shlán, gan úsáid formáidí leictreonacha neamhchaighdeánacha a áireamh, ba cheart an leibhéal slándála sonraí, cáilíochta sonraí agus cosanta sonraí is gá a áirithiú. Ba cheart sonraí API a fhaigheann na PIUnna trí mhodhanna iomchuí eile den sórt sin a phróiseáil tuilleadh i gcomhréir leis na rialacha agus na coimircí cosanta sonraí a leagtar amach i dTreoir (AE) 2016/681. Tar éis fógra a fháil ó eu-LISA go bhfuil aghaidh tugtha go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil, agus i gcás ina ndearbhaítear go bhfuil tarchur na sonraí API chuig an PIU tríd an ródaire curtha i gcrích, ba cheart don PIU na sonraí API a fuair sé roimhe sin trí aon mhodh iomchuí eile a scriosadh láithreach. Níor cheart don scriosadh sin difear a dhéanamh do chásanna sonracha ina ndearnadh tuilleadh próiseála idir an dá linn ar na sonraí API a fhaigheann PIUnna trí aon mhodh iomchuí eile i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/681 chun cionta sceimhlitheoireachta nó an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú nó a ionchúiseamh go sonrach. |
|
(45) |
Chun a áirithiú go gcuirfidh aeriompróirí rialacha an Rialacháin seo i bhfeidhm go héifeachtach, ba cheart foráil a dhéanamh maidir le hainmniú agus cumhachtú údarás náisiúnta mar údaráis mhaoirseachta náisiúnta API a bhfuil sé de chúram orthu faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na rialacha sin. Is féidir leis na Ballstáit a PIUnna a ainmniú mar údaráis mhaoirseachta náisiúnta API. I gcás rialacha an Rialacháin seo maidir le faireachán den sórt sin, lena n-áirítear maidir le pionóis a fhorchur i gcás inar gá, níor cheart difear a dhéanamh do chúraimí ná cumhachtaí na n-údarás maoirseachta arna mbunú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir (AE) 2016/680, lena n-áirítear maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil faoin Rialachán seo. |
|
(46) |
Ba cheart do na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha, lena n-áirítear pionóis airgeadais agus neamhairgeadais, i gcoinne na n-aeriompróirí sin a mhainníonn a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear maidir le bailiú sonraí API trí mhodhanna uathoibrithe agus aistriú na sonraí i gcomhréir leis na hamchláir, na formáidí agus na prótacail is gá. Go háirithe, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh mainneachtain leanúnach ag aeriompróirí ina gcáil mar dhaoine dlítheanacha a n-oibleagáid a chomhlíonadh maidir le haon sonraí API a aistriú chuig an ródaire i gcomhréir leis an Rialachán seo faoi réir pionóis airgeadais chomhréireacha suas le 2 % de láimhdeachas domhanda an aeriompróra sa bhliain airgeadais roimhe sin. Ina theannta sin, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann pionóis, lena n-áirítear pionóis airgeadais, a ghearradh ar aeriompróirí as cineálacha eile neamhchomhlíonta oibleagáidí faoin Rialachán seo. |
|
(47) |
Agus foráil á déanamh do rialacha maidir leis na pionóis is infheidhme maidir le haeriompróirí faoin Rialachán seo, d’fhéadfadh na Ballstáit a chur san áireamh an bhfuil sé indéanta go teicniúil agus go hoibríochtúil cruinneas iomlán sonraí a áirithiú. Ina theannta sin, nuair a fhorchuirtear pionóis, ba cheart a gcur i bhfeidhm agus a luach a bhunú. D’fhéadfadh údaráis mhaoirseachta náisiúnta API na gníomhaíochtaí a rinne an t-aeriompróir chun an tsaincheist a mhaolú a chur san áireamh, chomh maith lena leibhéal comhair leis na húdaráis náisiúnta. |
|
(48) |
Ós rud é gur cheart do eu-LISA an ródaire a dhearadh, a fhorbairt, a óstáil agus a bhainistiú go teicniúil, is gá Rialachán (AE) 2018/1726 a leasú tríd an gcúram sin a chur le cúraimí eu-LISA. Chun tuarascálacha agus staidreamh an ródaire a stóráil ar an Lárstóras um Thuairisciú agus Staidreamh (CRRS) a bunaíodh le Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (17), is gá an Rialachán sin a leasú. Chun tacú le forfheidhmiú an Rialacháin seo ag an údarás maoirseachta náisiúnta API, is gá a áireamh leis na leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/818 forálacha maidir le staidreamh i dtaobh an bhfuil na sonraí API cruinn agus iomlán, mar shampla trína léiriú ar bailíodh na sonraí trí mhodhanna uathoibrithe. Tá sé tábhachtach freisin staidreamh iontaofa úsáideach a bhailiú a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo chun tacú lena chuspóirí agus chun bonn eolais a chur faoi na meastóireachtaí faoin Rialachán seo. Arna iarraidh sin don Choimisiún, ba cheart do eu-LISA staidreamh a sholáthar dó maidir le gnéithe sonracha a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo, amhail staidreamh comhiomlánaithe i ndáil le tarchur sonraí API chuig na PIUnna. Níor cheart aon sonraí pearsanta a bheith i staidreamh den sórt sin. Dá bhrí sin, níor cheart do CRRS staidreamh a sholáthar atá bunaithe ar shonraí API ach amháin chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus chun faireachán éifeachtach a dhéanamh air. Leis na sonraí a tharchuireann an ródaire go huathoibríoch chuig CRRS chun na críche sin, níor cheart a bheith in ann na paisinéirí lena mbaineann a shainaithint. |
|
(49) |
Chun soiléireacht dhlíthiúil agus deimhneacht dhlíthiúil a mhéadú, chun rannchuidiú le cáilíocht sonraí a áirithiú, chun úsáid fhreagrach na modhanna uathoibrithe a áirithiú chun sonraí API meaisín-inléite a bhailiú faoin Rialachán seo agus chun a áirithiú go mbaileofar sonraí API de láimh in imthosca eisceachtúla agus le linn na hidirthréimhse, chun soiléireacht a thabhairt maidir leis na ceanglais theicniúla is infheidhme i ndáil le haeriompróirí agus a theastaíonn chun a áirithiú go ndéanfar na sonraí API a bhailigh siad faoin Rialachán seo a aistriú chuig an ródaire ar bhealach slán, éifeachtach agus tapa agus ionas nach mbeadh tionchar níos mó ná mar is gá aige ar thaisteal paisinéirí agus aeriompróirí, agus chun a áirithiú go ndéanfar sonraí míchruinne nó neamhiomlána nó sonraí nach bhfuil cothrom le dáta a thuilleadh a cheartú, a chomhlánú nó a nuashonrú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún chun foirceannadh a dhéanamh ar an idirthréimhse chun sonraí API a bhailiú de láimh; chun bearta a ghlacadh maidir leis na ceanglais theicniúla agus na rialacha oibríochtúla ar cheart d’aeriompróirí a chomhlíonadh maidir le modhanna uathoibrithe a úsáid chun sonraí API meaisín-inléite a bhailiú faoin Rialachán seo agus chun sonraí API a bhailiú de láimh in imthosca eisceachtúla agus le linn na hidirthréimhse, lena n-áirítear ceanglais maidir le slándáil sonraí; chun rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir leis na prótacail choiteanna agus na formáidí sonraí tacaithe atá le húsáid le haghaidh aistrithe criptithe sonraí API chuig an ródaire, lena n-áirítear ceanglais maidir le slándáil sonraí; agus chun rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le sonraí API a cheartú, a chomhlánú agus a nuashonrú. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le geallsealbhóirí ábhartha, lena n-áirítear aeriompróirí, le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr (18). Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú gníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú gníomhartha tarmligthe. Agus an úrscothacht á cur san áireamh, d’fhéadfadh athrú teacht ar na ceanglais theicniúla agus ar na rialacha oibríochtúla sin le himeacht ama. |
|
(50) |
Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, eadhon a mhéid a bhaineann le tús a chur le hoibríochtaí an ródaire, na rialacha teicniúla agus na rialacha nós imeachta le haghaidh na bhfíoruithe ar shonraí agus na bhfógraí sonraí, na rialacha teicniúla agus na rialacha nós imeachta maidir le tarchur sonraí API ón ródaire chuig na PIUnna ar bhealach lena n-áirithítear go mbeidh an tarchur slán, éifeachtach agus tapa agus nach mbeidh tionchar níos mó ná mar is gá aige ar thaisteal paisinéirí agus aeriompróirí, agus naisc agus comhtháthú na PIUanna leis an ródaire, agus chun freagrachtaí na mBallstát mar rialaitheoirí comhpháirteacha a shonrú, amhail maidir le teagmhais slándála a shainaithint agus a bhainistiú, lena n-áirítear sáruithe i ndáil le sonraí pearsanta, agus an caidreamh idir na rialaitheoirí comhpháirteacha agus eu-LISA mar phróiseálaí, lena n-áirítear cúnamh eu-LISA do na rialaitheoirí i dtaca le bearta teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí, a mhéid is féidir, chun oibleagáidí an rialaitheora a chomhlíonadh maidir le hiarrataí a fhreagairt ar fheidhmiú chearta an ábhair sonraí, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (19). |
|
(51) |
Ba cheart dóthain ama a thabhairt do na páirtithe leasmhara uile, agus go háirithe do na haeriompróirí agus do na PIUnna, chun na hullmhúcháin is gá a dhéanamh ionas go mbeidh siad ábalta a n-oibleagáidí féin faoin Rialachán seo a chomhlíonadh, ag cur san áireamh nach féidir cuid de na hullmhúcháin sin, amhail na hullmhúcháin maidir leis na hoibleagáidí i dtaca leis an nasc agus leis an gcomhtháthú leis an ródaire, a thabhairt chun críche ach amháin nuair a bheidh céimeanna deartha agus forbartha an ródaire curtha i gcrích agus nuair a bheidh an ródaire tar éis tús a chur le hoibríochtaí. Dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ach ó dháta iomchuí tar éis an dáta a chuirfidh an ródaire tús le hoibríochtaí, mar a shonraíonn an Coimisiún i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) 2025/12. Ba cheart, áfach, an Coimisiún a bheith in ann gníomhartha tarmligthe agus cur chun feidhme a ghlacadh faoin Rialachán seo cheana ó dháta níos luaithe, chun a áirithiú go mbeidh an córas a chuirtear ar bun leis an Rialachán seo ag feidhmiú chomh luath agus is féidir. |
|
(52) |
Ba cheart céimeanna deartha agus forbartha an ródaire a bhunaítear faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2025/12 a thosú agus a chríochnú a luaithe is féidir ionas gur féidir leis an ródaire tús a chur le hoibríochtaí a luaithe is féidir, rud a éilíonn freisin go nglacfar na gníomhartha cur chun feidhme ábhartha dá bhforáiltear leis an Rialachán seo. Chun na céimeanna sin a fhorbairt go rianúil agus go héifeachtach, ba cheart Bord Bainistíochta Cláir tiomnaithe a bhunú a mbeidh sé mar fheidhm aige maoirseacht a dhéanamh ar eu-LISA maidir lena chúraimí a chomhlíonadh le linn na gcéimeanna sin. Ba cheart dó scor de bheith ann 2 bhliain tar éis don ródaire tús a chur lena chuid oibríochtaí. Ina theannta sin, ba cheart comhlacht comhairleach tiomnaithe, an Grúpa Comhairleach API-PNR, a chruthú i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1726, agus é de chuspóir aige saineolas a sholáthar do eu-LISA agus do Bhord Bainistíochta an Chláir maidir le céimeanna deartha agus forbartha an ródaire, agus do eu-LISA maidir leis an ródaire a óstáil agus a bhainistiú. Ba cheart Bord Bainistíochta an Chláir agus an Grúpa Comhairleach API-PNR a bhunú agus a oibriú de réir shamhlacha na mbord bainistíochta cláir agus na ngrúpaí comhairleacha atá ann cheana. |
|
(53) |
Ba cheart an soiléiriú dá bhforáiltear leis an Rialachán seo maidir le cur i bhfeidhm sonraíochtaí a bhaineann le húsáid modhanna uathoibrithe agus Threoir 2004/82/CE á cur i bhfeidhm a sholáthar gan mhoill freisin. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha maidir leis na hábhair sin ó dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ina theannta sin, ionas gur féidir an ródaire a úsáid go deonach a luaithe is féidir, ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha maidir le húsáid den sórt sin, chomh maith le forálacha áirithe eile is gá chun a áirithiú go dtarlóidh úsáid den sórt sin ar bhealach freagrach, a luaithe is féidir, is é sin, ón tráth a chuirfidh an ródaire tús le hoibríochtaí. |
|
(54) |
Ba cheart struchtúr rialachais aonair a bheith ann chun críocha an Rialacháin seo agus Rialachán (AE) 2024/12. Agus é mar chuspóir cumarsáid a chumasú agus a chothú idir ionadaithe ó aeriompróirí, agus ionadaithe ó údaráis na mBallstát atá inniúil faoin Rialachán seo agus faoi Rialachán (AE) 2025/12 chun sonraí API a tharchur ón ródaire, ba cheart dhá chomhlacht thiomnaithe a bhunú 2 bhliain ar a dhéanaí tar éis thús oibríochtaí an ródaire. Ba cheart ábhair theicniúla a bhaineann le húsáid agus feidhmiú an ródaire a phlé sa Ghrúpa Teagmhála API-PNR, ar grúpa inar cheart ionadaithe ó eu-LISA a bheith i láthair freisin. Ba cheart ábhair bheartais, amhail maidir le pionóis, a phlé sa Ghrúpa Saineolaithe API. |
|
(55) |
Ba cheart an Rialachán seo a bheith faoi réir meastóireachtaí tráthrialta chun faireachán ar chur i bhfeidhm éifeachtach an Rialacháin a áirithiú. Go háirithe, níor cheart bailiú sonraí API a bheith chun dochair d’eispéireas taistil paisinéirí dlisteanacha. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún measúnú ar thionchar an Rialacháin seo ar eispéireas taistil paisinéirí dlisteanacha a áireamh ina thuarascálacha meastóireachta tráthrialta ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart a áireamh sa mheastóireacht freisin measúnú ar cháilíocht na sonraí arna seoladh ag an ródaire, chomh maith le feidhmíocht an ródaire i ndáil leis na PIUnna. |
|
(56) |
Ós rud é go mbeidh costais bhreise choigeartaithe agus riaracháin ann d’aeriompróirí leis an Rialachán seo, ba cheart athbhreithniú grinn a dhéanamh ar an ualach rialála foriomlán atá ar an earnáil eitlíochta. Sa chomhthéacs sin, ba cheart, sa tuarascáil ina ndéantar meastóireacht ar fheidhmiú an Rialacháin seo, measúnú a dhéanamh ar a mhéid a baineadh amach cuspóirí an Rialacháin seo agus ar a mhéid a bhí tionchar aige ar iomaíochas na hearnála. |
|
(57) |
Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon rannchuidiú le cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, i bhfianaise ghné thrasnáisiúnta na gcionta lena mbaineann agus an gá le comhoibriú ar bhonn trasteorann chun aghaidh a thabhairt orthu go héifeachtach, a ghnóthú go leordhóthanach ina n-aonar, agus is fearr is féidir iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais. Féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, dá bhrí sin, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE). I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú. |
|
(58) |
Ní dochar an Rialachán seo d’inniúlachtaí na mBallstát maidir leis an dlí náisiúnta a bhaineann leis an tslándáil náisiúnta, ar choinníoll go gcomhlíonann dlí den sórt sin dlí an Aontais. |
|
(59) |
Ní dochar don Rialachán seo d’inniúlacht na mBallstát sonraí paisinéirí a bhailiú, faoina ndlí náisiúnta, ó sholáthraithe iompair seachas na soláthraithe sin a shonraítear sa Rialachán seo, ar choinníoll go gcomhlíonann dlí náisiúnta den sórt sin dlí an Aontais. |
|
(60) |
I gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal le CAE agus le CFAE, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. |
|
(61) |
I gcomhréir le hAirteagal 3 de Phrótacal Uimh. 21 maidir le seasamh na Ríochta Aontaithe agus na hÉireann i dtaca leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais, atá i gceangal le CAE agus CFAE, tá fógra tugtha ag Éirinn gur mian léi a bheith rannpháirteach i nglacadh agus i gcur i bhfeidhm an Rialacháin seo |
|
(62) |
Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug an Maoirseoir tuairim an 8 Feabhra 2023 (20), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
CAIBIDIL 1
FORÁLACHA GINEARÁLTA
Airteagal 1
Ábhar
Chun cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, leagtar síos sa Rialachán seo rialacha maidir leis an méid seo a leanas:
|
(a) |
réamhaisnéis faoi phaisinéirí (API) faoi eitiltí lasmuigh den Aontas agus faoi eitiltí laistigh den Aontas a bhailiú ag aeriompróirí; |
|
(b) |
sonraí API agus sonraí eile PNR a aistriú ag aeriompróirí chuig an ródaire; |
|
(c) |
sonraí API agus sonraí eile PNR faoi eitiltí lasmuigh den Aontas agus faoi eitiltí roghnaithe laistigh den Aontas a tharchur ón ródaire chuig na haonaid um fhaisnéis faoi phaisinéirí (PIUnna). |
Ní dochar an Rialachán seo do Rialachán (AE) 2016/679, Rialachán (AE) 2018/1725 agus Treoir (AE) 2016/680.
Airteagal 2
Raon feidhme
Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le haeriompróirí a dhéanann an méid seo a leanas:
|
(a) |
eitiltí lasmuigh den Aontas; |
|
(b) |
eitiltí laistigh den Aontas a imeoidh ó chríoch Ballstáit amháin ar a laghad, a shroichfidh críoch Ballstáit amháin ar a laghad nó a stopfaidh ar chríoch Ballstáit amháin ar a laghad a thug fógra don Choimisiún faoina chinneadh Treoir (AE) 2016/681 a chur i bhfeidhm maidir le heitiltí laistigh den Aontas i gcomhréir le hAirteagal 2(1) den Treoir sin. |
Airteagal 3
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(1) |
ciallaíonn ‘aeriompróir’ aeriompróir mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir (AE) 2016/681; |
|
(2) |
ciallaíonn ‘eitilt lasmuigh den Aontas’ aon eitilt lasmuigh den Aontas mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (2), de Threoir (AE) 2016/681; |
|
(3) |
ciallaíonn ‘eitilt laistigh den Aontas’ aon eitilt laistigh den Aontas mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (3), de Threoir (AE) 2016/681; |
|
(4) |
ciallaíonn ‘eitilt sceidealaithe’ eitilt sceidealaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (5), de Rialachán (AE) 2024/12; |
|
(5) |
ciallaíonn ‘eitilt neamhsceidealaithe’ eitilt neamhsceidealaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (6), de Rialachán (AE) 2024/12; |
|
(6) |
ciallaíonn ‘paisinéir’ paisinéir mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (4), de Threoir (AE) 2016/681; |
|
(7) |
ciallaíonn ‘criú’ aon duine ar bord aerárthaigh le linn na heitilte, seachas paisinéir, a oibríonn ar an aerárthach nó a oibríonn an t-aerárthach, lena n-áirítear criú eitilte agus criú cábáin; |
|
(8) |
ciallaíonn ‘réamhaisnéis faoi phaisinéirí’ nó ‘sonraí API’ na sonraí agus an fhaisnéis eitilte dá dtagraítear in Airteagal 4(2) agus (3), faoi seach; |
|
(9) |
ciallaíonn ‘sonraí eile maidir le taifead ainmneacha paisinéirí’ nó ‘sonraí eile PNR’ an taifead ainmneacha paisinéirí mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (5), de Threoir (AE) 2016/681, agus mar a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Treoir sin, cé is moite de phointe 18 den Iarscríbhinn sin; |
|
(10) |
ciallaíonn ‘aonad um fhaisnéis faoi phaisinéirí’ nó ‘PIU’ an t-aonad um fhaisnéis faoi phaisinéirí, mar atá i bhfógraí na mBallstát chuig an gCoimisiún agus sna modhnuithe orthu arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún de bhun Airteagal 4(5) de Threoir (AE) 2016/681; |
|
(11) |
ciallaíonn ‘cionta sceimhlitheoireachta’ cionta sceimhlitheoireachta dá dtagraítear in Airteagail 3 go 12 de Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (21); |
|
(12) |
ciallaíonn ‘coireacht thromchúiseach’ coireacht thromchúiseach mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (9), de Threoir (AE) 2016/681; |
|
(13) |
ciallaíonn ‘an ródaire’ an ródaire dá dtagraítear in Airteagal 9 den Rialachán seo agus in Airteagal 11 de Rialachán (AE) 2024/12; |
|
(14) |
ciallaíonn ‘sonraí pearsanta’ sonraí pearsanta mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (1), de Threoir (AE) 2016/680, agus in Airteagal 4, pointe 1, de Rialachán (AE) 2016/679; |
|
(15) |
ciallaíonn ‘sonraí tráchta eitilte fíor-ama’ faisnéis faoi thrácht eitilte isteach agus amach ag aerfort a chumhdaítear leis an Rialachán seo. |
CAIBIDIL 2
BAILIÚ, AISTRIÚ, STÓRÁIL AGUS SCRIOSADH SONRAÍ API
Airteagal 4
Bailiú sonraí API ag aeriompróirí
1. Baileoidh aeriompróirí sonraí API gach paisinéara agus gach duine den chriú ar na heitiltí dá dtagraítear in Airteagal 2 atá le haistriú chuig an ródaire i gcomhréir le hAirteagal 5. I gcás ina gcomhroinntear cód na heitilte idir aeriompróirí, is ar an aeriompróir a oibríonn an eitilt a bheidh an oibleagáid na sonraí API a aistriú.
2. Ní bheidh sna sonraí API ach na sonraí seo a leanas a bhaineann le gach paisinéir agus gach duine den chriú ar an eitilt:
|
(a) |
sloinne (ainm teaghlaigh), céadainm nó céadainmneacha (ainmneacha baiste); |
|
(b) |
dáta breithe, inscne agus náisiúntacht; |
|
(c) |
cineál agus uimhir an doiciméid taistil agus cód trí litir na tíre a d’eisigh an doiciméad taistil; |
|
(d) |
an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméid taistil in éag; |
|
(e) |
an uimhir lena sainaithnítear taifead ainmneacha paisinéirí a úsáideann aeriompróir chun paisinéir a aimsiú laistigh dá chóras faisnéise (aimsitheoir taifead PNR); |
|
(f) |
an fhaisnéis faoi shuíocháin a chomhfhreagraíonn don suíochán san aerárthach a shanntar do phaisinéir, i gcás ina bhfuil faisnéis den sórt sin ar fáil; |
|
(g) |
uimhir nó uimhreacha clibe bagáiste agus líon agus meáchan na málaí seiceáilte, i gcás ina bhfuil faisnéis den sórt sin ar fáil; |
|
(h) |
cód lena léirítear an modh a úsáideadh chun na sonraí dá dtagraítear i bpointí (a) go (d) a ghabháil agus a bhailíochtú. |
3. Ní chuimseofar sna sonraí API ach an fhaisnéis eitilte seo a leanas maidir le heitilt gach paisinéara agus gach duine den chriú:
|
(a) |
uimhir aitheantais na heitilte nó, i gcás ina ndéantar cód na heitilte a chomhroinnt idir aeriompróirí, uimhreacha aitheantais na heitilte, nó, mura bhfuil uimhir den sórt ann, modhanna soiléire oiriúnacha eile chun an eitilt a shainaithint; |
|
(b) |
i gcás inarb infheidhme, an pointe trasnaithe teorann teacht isteach i gcríoch an Bhallstáit; |
|
(c) |
cód an aerfoirt teacht isteach nó, i gcás ina bhfuil sé beartaithe go dtuirlingeoidh an eitilt in aerfort amháin nó i roinnt aerfort laistigh de chríocha Ballstáit amháin nó níos mó a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo, cóid na n-aerfort cuarda ar chríocha na mBallstát lena mbaineann; |
|
(d) |
cód aerfort imeachta na heitilte; |
|
(e) |
cód aerfort an phointe bordála tosaigh, i gcás ina bhfuil sé ar fáil; |
|
(f) |
an dáta áitiúil imeachta agus an t-am áitiúil imeachta; |
|
(g) |
an dáta áitiúil sroichte agus an t-am áitiúil sroichte; |
|
(h) |
sonraí teagmhála an aeriompróra; |
|
(i) |
an fhormáid arna húsáid chun sonraí API a aistriú. |
4. Baileoidh aeriompróirí na sonraí API ar bhealach lena n-áirithítear go bhfuil na sonraí API a aistríonn siad i gcomhréir le hAirteagal 5 cruinn, iomlán agus cothrom le dáta. Ní cheanglaítear le comhlíonadh na hoibleagáide seo ar aeriompróirí an doiciméad taistil a sheiceáil tráth a rachfar ar bord an aerárthaigh, gan dochar don dlí náisiúnta atá ag luí le dlí an Aontais.
5. Ní fhorchuirtear leis an Rialachán seo oibleagáid ar phaisinéirí doiciméad taistil a iompar agus iad ag taisteal, gan dochar do ghníomhartha dlí eile de chuid an Aontais nó don dlí náisiúnta atá ag luí le dlí an Aontais.
6. Féadfaidh Ballstát oibleagáid a fhorchur ar aeriompróirí chun an deis a thabhairt do phaisinéirí na sonraí dá dtagraítear in Airteagal 4(2), pointí (a) go (d), de Rialachán (AE) 2025/12 a uaslódáil go deonach trí mhodhanna uathoibrithe agus sonraí den sórt sin a stóráil ag an aeriompróir d’fhonn na sonraí a aistriú chun críche eitiltí amach anseo i gcomhréir le hAirteagal 5 den Rialachán seo agus ar bhealach lena gcomhlíontar na ceanglais a leagtar amach i míreanna 4, 7 agus 8 den Airteagal seo. Déanfaidh Ballstát a fhorchuireann oibleagáid den sórt sin na rialacha agus coimircí maidir le cosaint sonraí a leagan síos, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679, lena n-áirítear rialacha maidir le tréimhse stórála. Scriosfar na sonraí, áfach, i gcás nach dtoilíonn an paisinéir a thuilleadh go ndéanfaí na sonraí a stóráil, nó ar a dhéanaí ar an dáta a rachaidh bailíocht an doiciméad taistil in éag.
7. Baileoidh aeriompróirí na sonraí API dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) go (d), trí mhodhanna uathoibrithe a úsáid chun sonraí meaisín-inléite dhoiciméad taistil an phaisinéara lena mbaineann a bhailiú. Déanfaidh siad amhlaidh i gcomhréir leis na ceanglais theicniúla mhionsonraithe agus na rialacha oibríochtúla mionsonraithe dá dtagraítear i mír 12, a luaithe a ghlacfar rialacha den sórt sin agus a thiocfaidh siad chun bheith infheidhme.
I gcás ina soláthraíonn aeriompróirí próiseas seiceála isteach ar líne, cuirfidh siad ar chumas paisinéirí na sonraí API dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) go (d), a sholáthar trí mhodhanna uathoibrithe le linn an phróisis seiceála isteach ar líne sin. Maidir le paisinéirí nach seiceálann isteach ar líne, cuirfidh aeriompróirí ar chumas na bpaisinéirí sin na sonraí API sin a sholáthar trí mhodhanna uathoibrithe le linn seiceáil isteach ag an aerfort le cúnamh ó bhoth féinseirbhíse nó ó bhall foirne na n-aeriompróirí ag an gcuntar.
I gcás nach bhfuil sé indéanta go teicniúil modhanna uathoibrithe a úsáid, ar bhonn eisceachtúil, baileoidh aeriompróirí na sonraí API dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) go (d), de láimh, mar chuid den tseiceáil isteach ar líne nó mar chuid den tseiceáil isteach ag an aerfort, ar bhealach lena n-áiritheofar go gcomhlíonfar mír 4.
8. Beidh aon mhodh uathoibrithe a úsáideann aeriompróirí chun sonraí API a bhailiú faoin Rialachán seo iontaofa, slán agus cothrom le dáta. Áiritheoidh aeriompróirí go mbeidh sonraí API criptithe le linn aistriú sonraí den sórt sin ón bpaisinéir chuig na haeriompróirí.
9. Le linn idirthréimhse, agus sa bhreis ar na modhanna uathoibrithe dá dtagraítear i mír 7, fágfaidh aeriompróirí go mbeidh paisinéirí in ann sonraí API a sholáthar de láimh mar chuid den tseiceáil isteach ar líne. I gcásanna den sórt sin, bainfidh aeriompróirí úsáid as teicnící fíoraithe sonraí chun a áirithiú go gcomhlíonfar mír 4.
10. Ní dhéanfaidh an idirthréimhse dá dtagraítear i mír 9 difear do cheart aeriompróirí sonraí API arna mbailiú mar chuid den tseiceáil isteach ar líne a fhíorú ag an aerfort roimh dhul ar bord an aerárthaigh chun comhlíonadh mhír 2 a áirithiú, i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid an Aontais.
11. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 43, amhail ón dáta 4 bliana tar éis thús oibríochtaí an ródaire i ndáil le sonraí API dá dtagraítear in Airteagal 34, agus ar bhonn meastóireacht ar infhaighteacht agus inrochtaineacht na modhanna uathoibrithe chun sonraí API a bhailiú, chun an idirthréimhse dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal seo a fhoirceannadh.
12. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 43 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí cheanglais theicniúla mhionsonraithe agus rialacha oibríochtúla a leagan síos chun na sonraí API dá dtagraítear i mír 2, pointí (a) go (d), den Airteagal seo, a bhailiú, trí mhodhanna uathoibrithe a úsáid i gcomhréir le míreanna 7 agus 8 den Airteagal seo, agus chun na sonraí API a bhailiú de láimh in imthosca eisceachtúla i gcomhréir le mír 7 den Airteagal seo agus le linn na hidirthréimhse dá dtagraítear i mír 9 den Airteagal seo. Leis na ceanglais theicniúla agus na rialacha oibríochtúla sin áireofar ceanglais i ndáil le slándáil sonraí agus chun na modhanna uathoibrithe is iontaofa atá ar fáil a úsáid chun sonraí meaisín-inléite doiciméid taistil a bhailiú.
Airteagal 5
Oibleagáidí ar aeriompróirí maidir le haistriú sonraí API agus le haistriú sonraí eile PNR
1. Aistreoidh aeriompróirí na sonraí API criptithe chuig an ródaire trí mheán leictreonach chun iad a tharchur chuig PIUnna i gcomhréir le hAirteagal 12. Aistreoidh aeriompróirí na sonraí API i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, a luaithe is a ghlacfar rialacha den sórt sin agus a thiocfaidh siad chun bheith infheidhme.
2. Agus bearta á nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 8(1) de Threoir (AE) 2016/681, cuirfidh na Ballstáit de cheangal ar aeriompróirí aon sonraí eile PNR a bhailíonn siad i ngnáthchúrsa a ngnó a aistriú chuig an ródaire go heisiach, i gcomhréir leis na prótacail choiteanna agus leis na formáidí sonraí coiteanna a leagtar amach de bhun Airteagal 16 den Treoir sin.
3. Déanfaidh aeriompróirí na sonraí API a aistriú:
|
(a) |
i gcás paisinéirí:
|
|
(b) |
i gcás gach duine den chriú díreach tar éis dhúnadh na heitilte, is é sin a luaithe a bheidh an criú ar bord an aerárthaigh atá á ullmhú don imeacht agus nach féidir leo tuirlingt den aerárthach a thuilleadh. |
4. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 43 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha mionsonraithe is gá a leagan síos maidir leis na prótacail choiteanna agus na formáidí sonraí tacaithe atá le húsáid le haghaidh aistriú criptithe sonraí API chuig an ródaire dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear aistriú sonraí API tráth na seiceála isteach agus na ceanglais maidir le slándáil sonraí. Le rialacha mionsonraithe den sórt sin, áiritheofar go n-aistreoidh aeriompróirí sonraí API trí úsáid a bhaint as an struchtúr céanna agus as an ábhar céanna.
Airteagal 6
Tréimhse stórála agus scriosadh sonraí API
Stórálfaidh aeriompróirí, ar feadh 48 n-uair an chloig ón nóiméad a gheobhaidh an ródaire na sonraí API a aistríodh chuige i gcomhréir le hAirteagal 5(3), pointe (a)(ii) agus pointe (b), na sonraí API a bhaineann leis na paisinéirí uile agus leis an gcriú uile a bhailigh siad de bhun Airteagal 4. Scriosfaidh siad sonraí API den sórt sin láithreach agus go buan tar éis don tréimhse sin dul in éag, gan dochar don fhéidearthacht atá ag aeriompróirí na sonraí a choinneáil agus a úsáid i gcás inar gá le haghaidh ghnáthchúrsa a ngnó i gcomhréir leis an dlí is infheidhme, agus gan dochar d’Airteagal 16(1) agus (3).
Airteagal 7
Ceartú, comhlánú agus uasdátú sonraí API
1. I gcás ina bhfaigheann aeriompróir amach gur próiseáladh go neamhdhleathach sonraí a stórálann sé faoin Rialachán seo, nó nach sonraí API iad na sonraí sin, déanfaidh sé na sonraí sin a scriosadh láithreach agus go buan. Más rud é gur aistríodh na sonraí sin chuig an ródaire, cuirfidh an t-aeriompróir Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA) ar an eolas láithreach. Ar fhaisnéis den sórt sin a fháil, déanfaidh eu-LISA an PIU a fuair na sonraí arna dtarchur tríd an ródaire a chur ar an eolas láithreach.
2. I gcás ina bhfaigheann aeriompróir amach go bhfuil na sonraí a stórálann sé faoin Rialachán seo míchruinn nó neamhiomlán nó nach bhfuil siad cothrom le dáta a thuilleadh, déanfaidh sé na sonraí sin a cheartú, a chomhlánú nó a nuashonrú láithreach. Ní dochar an méid sin don fhéidearthacht atá ag aeriompróirí na sonraí a choinneáil agus a úsáid i gcás inar gá le haghaidh ghnáthchúrsa a ngnó i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.
3. I gcás ina bhfaigheann aeriompróir amach tar éis aistriú na sonraí API faoi Airteagal 5(3), pointe (a)(i), ach sula ndéanfar an t-aistriú faoi Airteagal 5(3), pointe (a)(ii), go bhfuil na sonraí a d’aistrigh sé míchruinn, aistreoidh an t-aeriompróir na sonraí API ceartaithe láithreach chuig an ródaire.
4. I gcás ina bhfaigheann aeriompróir amach, tar éis aistriú na sonraí API faoi Airteagal 5(3), pointe(a)(ii) nó pointe (b), go bhfuil na sonraí a d’aistrigh sé míchruinn nó neamhiomlán nó nach bhfuil siad cothrom le dáta a thuilleadh, aistreoidh an t-aeriompróir na sonraí API ceartaithe, comhlánaithe nó nuashonraithe láithreach chuig an ródaire.
5. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 43 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na rialacha mionsonraithe is gá a leagan síos maidir le sonraí API a cheartú, a chomhlánú agus a nuashonrú de réir bhrí an Airteagail seo.
Airteagal 8
Cearta bunúsacha
1. Maidir le bailiú agus próiseáil sonraí pearsanta i gcomhréir leis an Rialachán seo agus le Rialachán (AE) 2025/12 ag aeriompróirí agus ag údaráis inniúla, ní bheidh de thoradh air sin go ndéanfar idirdhealú in aghaidh daoine ar na forais a liostaítear in Airteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’).
2. Déanfar dínit an duine agus na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear sa Chairt a urramú go hiomlán leis an Rialachán seo, lena n-áirítear an ceart go ndéanfar saol príobháideach an duine a urramú, an ceart chun tearmainn, an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint, an ceart chun saorghluaiseachta agus an ceart chun leigheasanna éifeachtacha dlí a fháil.
3. Tabharfar aird ar leith ar leanaí, daoine scothaosta, daoine faoi mhíchumas agus daoine leochaileacha. Tabharfar tús áite do leas an linbh agus an Rialachán seo á chur chun feidhme.
CAIBIDIL 3
FORÁLACHA A BHAINEANN LEIS AN RÓDAIRE
Airteagal 9
An ródaire
1. Déanfaidh eu-LISA ródaire a dhearadh, a fhorbairt, a óstáil agus a bhainistiú go teicniúil, i gcomhréir le hAirteagail 25 agus 26, chun aistriú na sonraí API criptithe agus sonraí eile PNR ag aeriompróirí chuig na PIUnna a éascú i gcomhréir leis an Rialachán seo.
2. Is é a bheidh sa ródaire:
|
(a) |
bonneagar lárnach, lena n-áirítear tacar comhpháirteanna teicniúla lenar féidir sonraí API criptithe agus sonraí eile PNR a ghlacadh agus a tharchur; |
|
(b) |
cainéal cumarsáide slán idir an bonneagar lárnach agus na PIUnna, agus bealach cumarsáide slán idir an bonneagar lárnach agus na haeriompróirí, chun sonraí API agus sonraí eile PNR a aistriú agus a tharchur agus le haghaidh aon chumarsáid a bhaineann leis sin, agus chun eitiltí roghnaithe dá dtagraítear in Airteagal 12(4) a chur isteach ag na Ballstáit sa ródaire agus aon nuashonruithe gaolmhara; |
|
(c) |
cainéal slán chun sonraí tráchta eitilte fíor-ama a fháil. |
3. Gan dochar d’Airteagal 10 den Rialachán seo, déanfaidh an ródaire, i gcás inarb iomchuí agus a mhéid is féidir go teicniúil, comhpháirteanna teicniúla na seirbhíse gréasáin, lena n-áirítear comhpháirteanna crua-earraí agus bogearraí, dá dtagraítear in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2017/2226, an geata iompróra dá dtagraítear in Airteagal 6(2), pointe (k), de Rialachán (AE) 2018/1240, agus an geata iompróra dá dtagraítear in Airteagal 45c de Rialachán (CE) Uimh. 767/2008, a chomhroinnt agus a athúsáid.
Déanfaidh eu-LISA an ródaire a dhearadh, a mhéid is féidir go teicniúil agus go hoibríochtúil, ar bhealach atá comhleanúnach agus comhsheasmhach leis na hoibleagáidí ar aeriompróirí a leagtar amach i Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226 agus (AE) 2018/1240.
4. Déanfaidh an ródaire na sonraí a asbhaint agus a chur ar fáil go huathoibríoch, i gcomhréir le hAirteagal 39 den Rialachán seo, don lárstóras um thuairisciú agus staidreamh (CRRS) a bunaíodh le hAirteagal 39 de Rialachán (AE) 2019/818.
5. Déanfaidh eu-LISA an ródaire a dhearadh agus a fhorbairt ar bhealach ina bhfágtar go ndéanfar na sonraí API agus sonraí eile PNR a chriptiú inn ar inn le linn trasdula i gcás aon aistriú sonraí API agus sonraí eile PNR ó na haeriompróirí chuig an ródaire i gcomhréir le hAirteagal 5 agus i gcás aon tarchur sonraí API agus sonraí eile PNR ón ródaire chuig na PIUnna i gcomhréir le hAirteagal 12 agus chuig CRRS i gcomhréir le hAirteagal 39(2).
Airteagal 10
Úsáid eisiach an ródaire
Chun críocha an Rialacháin seo, ní úsáidfear an ródaire ach amháin sna cásanna seo a leanas:
|
(a) |
ag aeriompróirí chun sonraí API criptithe agus sonraí eile PNR a aistriú i gcomhréir leis an Rialachán seo; |
|
(b) |
ag PIUnna chun sonraí API criptithe agus sonraí eile PNR a fháil i gcomhréir leis an Rialachán seo; |
|
(c) |
ar bhonn comhaontuithe idirnáisiúnta lena gcumasaítear sonraí PNR a aistriú tríd an ródaire, arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas le tríú tíortha a bhfuil comhaontú tugtha i gcrích acu lena bhforáiltear dá gcomhlachas le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt. |
Ní dochar an tAirteagal seo d’Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2024/12.
Airteagal 11
Fíoruithe ar an bhformáid sonraí agus ar an aistriú
1. Fíoróidh an ródaire, ar bhealach uathoibrithe agus ar bhonn na sonraí tráchta eitilte fíor-ama, ar aistrigh an t-aeriompróir na sonraí API i gcomhréir le hAirteagal 5(1) nó sonraí eile PNR i gcomhréir le hAirteagal 5(2).
2. Fíoróidh an ródaire, láithreach agus ar bhealach uathoibrithe, an gcomhlíonann na sonraí API a aistríodh chuige i gcomhréir le hAirteagal 5(1) na rialacha mionsonraithe maidir leis na formáidí sonraí tacaithe, dá dtagraítear in Airteagal 5(4).
3. Fíoróidh an ródaire, láithreach agus ar bhealach uathoibrithe, an gcomhlíonann na sonraí eile PNR a aistríodh chuige i gcomhréir le hAirteagal 5(2) na rialacha maidir leis na formáidí sonraí tacaithe, dá dtagraítear in Airteagal 16 de Threoir (AE) 2016/681.
4. I gcás ina gcinntear leis an bhfíorú dá dtagraítear i mír 1 nár aistrigh an t-aeriompróir na sonraí nó i gcás ina gcinntear leis an bhfíorú dá dtagraítear i mír 2 nó 3 nach gcomhlíonann na sonraí na rialacha mionsonraithe maidir leis na formáidí sonraí tacaithe, tabharfaidh an ródaire fógra láithreach agus ar bhealach uathoibrithe don aeriompróir lena mbaineann agus do PIUnna na mBallstát a raibh na sonraí le tarchur chucu de bhun Airteagal 12(1). I gcásanna den sórt sin, aistreoidh an t-aeriompróir na sonraí API agus sonraí eile PNR láithreach i gcomhréir le hAirteagal 5.
5. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear na rialacha mionsonraithe teicniúla agus nós imeachta is gá maidir leis na fíoruithe agus na fógraí dá dtagraítear i míreanna 1 go 4 den Airteagal seo. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2).
Airteagal 12
Sonraí API agus sonraí eile PNR a tharchur ón ródaire chuig na PIUnna
1. Le linn na bhfíoruithe ar an bhformáid sonraí agus ar an aistriú dá dtagraítear in Airteagal 11, tarchuirfidh an ródaire na sonraí API criptithe agus aon sonraí eile PNR, arna n-aistriú ag aeriompróirí chuige de bhun Airteagal 5(1) agus (2) agus, i gcás inarb infheidhme, Airteagal 7(3) agus (4), chuig PIUnna an Bhallstáit a dtuirlingeoidh an eitilt ar a chríoch nó a n-imeoidh an eitilt óna chríoch, nó an dá rud i gcás eitiltí laistigh den Aontas. Tarchuirfidh sé na sonraí sin láithreach agus ar bhealach uathoibrithe, gan inneachar na sonraí a athrú ar aon bhealach. I gcás ina bhfuil stad amháin nó níos mó le déanamh ag eitilt i gcríoch Ballstát eile seachas an Ballstát ónar imigh sí, tarchuirfidh an ródaire na sonraí API agus aon sonraí eile PNR chuig PIUnna na mBallstát uile lena mbaineann.
Chun críocha an tarchuir sin, déanfaidh eu-LISA tábla comhfhreagrais idir na haerfoirt tionscnaimh agus cinn scríbe éagsúla agus na tíortha lena mbaineann siad a bhunú agus a choinneáil cothrom le dáta.
I gcás eitiltí laistigh den Aontas, áfach, ní tharchuirfidh an ródaire chuig na PIUnna ábhartha ach sonraí API agus sonraí eile PNR de na heitiltí atá ar áireamh sa liosta dá dtagraítear i mír 4.
2. Tarchuirfidh an ródaire na sonraí API agus sonraí eile PNR i gcomhréir leis na rialacha mionsonraithe dá dtagraítear i mír 6, a luaithe a ghlacfar rialacha den sórt sin agus a thiocfaidh siad chun bheith infheidhme.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go ndeimhneoidh a gcuid PIUnna, ar na sonraí API agus sonraí eile PNR a fháil i gcomhréir le mír 1, don ródaire, láithreach agus ar bhealach uathoibrithe, go bhfuarthas sonraí den sórt sin.
4. Na Ballstáit a chinneann Treoir (AE) 2016/681 a chur i bhfeidhm maidir le heitiltí laistigh den Aontas i gcomhréir le hAirteagal 2 den Treoir sin, bunóidh gach ceann acu liosta de na heitiltí nó bealaí laistigh den Aontas a roghnaíodh. Féadfaidh na Ballstáit cód an aerfoirt imeachta agus an aerfoirt teacht isteach a úsáid chun na heitiltí nó bealaí roghnaithe a léiriú. Déanfaidh na Ballstáit sin, i gcomhréir le hAirteagal 2 den Treoir sin agus le hAirteagal 13 den Rialachán seo, athbhreithniú tráthrialta ar na liostaí sin agus, i gcás inar gá, iad a nuashonrú. Féadfaidh Ballstát gach eitilt nó bealach laistigh den Aontas a roghnú nuair atá údar cuí leis, i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/681 agus Airteagal 13 den Rialachán seo.
Cuirfidh na Ballstáit, faoi dháta ábhartha chur i bhfeidhm an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 45, an dara mír, na heitiltí nó bealaí roghnaithe isteach sa ródaire, trí mhodhanna uathoibrithe tríd an gcainéal cumarsáide slán dá dtagraítear in Airteagal 9(2), pointe (b), agus ina dhiaidh sin soláthróidh siad aon nuashonruithe orthu don ródaire.
5. Maidir leis an bhfaisnéis a chuireann na Ballstáit isteach sa ródaire, déileálfar léi mar fhaisnéis rúnda agus ní bheidh rochtain ag foireann eu-LISA ar an bhfaisnéis sin ach amháin don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun fadhbanna teicniúla a réiteach. Áiritheoidh eu-LISA, ar an bhfaisnéis sin a fháil don ródaire nó ar aon nuashonrú uirthi ó Bhallstát a fháil don ródaire, go dtarchuirfidh an ródaire na sonraí API agus sonraí eile PNR láithreach chuig PIU an Bhallstáit sin i ndáil leis na heitiltí nó bealaí roghnaithe, i gcomhréir le mír 1.
6. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear na rialacha mionsonraithe teicniúla agus nós imeachta is gá maidir le tarchur na sonraí API agus sonraí eile PNR ón ródaire dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo agus maidir le faisnéis a chur isteach sa ródaire dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo, lena n-áirítear maidir le ceanglais i ndáil le slándáil sonraí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2).
Airteagal 13
Eitiltí laistigh den Aontas a roghnú
1. Na Ballstáit a chinneann, i gcomhréir le hAirteagal 2 de Threoir (AE) 2016/681, an Treoir sin agus, dá bhrí sin, an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le heitiltí laistigh den Aontas, roghnóidh siad eitiltí den sórt sin laistigh den Aontas i gcomhréir leis an Airteagal seo.
2. Ní fhéadfaidh na Ballstáit Treoir (AE) 2016/681 agus, dá bhrí sin, an Rialachán seo a chur i bhfeidhm maidir le gach eitilt laistigh den Aontas a thagann isteach ina gcríoch nó a imíonn óna gcríoch ach amháin i gcásanna ina bhfuil fíorbhagairt sceimhlitheoireachta láithreach nó intuartha ann, ar bhonn cinneadh atá bunaithe ar mheasúnú ar bhagairtí, atá teoranta ó thaobh ama de don mhéid a bhfuil fíorghá leis agus a fhéadfaidh cúirt nó comhlacht riaracháin neamhspleách a bhfuil a cinneadh nó a chinneadh ceangailteach athbhreithniú éifeachtach a dhéanamh air.
3. In éagmais fíorbhagairt sceimhlitheoireachta láithreach nó intuartha, déanfaidh na Ballstáit a chuireann Treoir (AE) 2016/681 agus, dá réir sin, an Rialachán seo i bhfeidhm maidir le heitiltí laistigh den Aontas eitiltí den sórt sin laistigh den Aontas a roghnú de réir toradh measúnaithe arna dhéanamh ar bhonn na gceanglas a leagtar amach i míreanna 4 go 7 den Airteagal seo.
4. Maidir leis an measúnú dá dtagraítear i mír 3:
|
(a) |
déanfar é ar bhealach oibiachtúil agus neamh-idirdhealaitheach agus beidh réasúnú cuí ag gabháil leis i gcomhréir le hAirteagal 2 de Threoir (AE) 2016/681; |
|
(b) |
ní chuirfear san áireamh leis ach critéir atá ábhartha maidir le cosc, brath, imscrúdú agus ionchúiseamh cionta sceimhlitheoireachta agus na coireachta tromchúisí ag a bhfuil nasc oibiachtúil, lena n-áirítear nasc indíreach, le hiompar paisinéirí d’aer, agus nach bhfuil bunaithe go hiomlán ar na forais a liostaítear in Airteagal 21 den Chairt i gcás aon phaisinéirí nó grúpaí paisinéirí; |
|
(c) |
ní úsáidfear leis ach faisnéis ar féidir léi tacú le measúnú oibiachtúil, cuí-réasúnaithe agus neamh-idirdhealaitheach. |
5. Ar bhonn an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 3, ní roghnóidh na Ballstáit ach eitiltí laistigh den Aontas a bhaineann, inter alia, le bealaí sonracha, patrúin taistil shonracha nó aerfoirt shonracha a bhfuil tásca ann ina leith gur ann do chionta sceimhlitheoireachta agus don choireacht thromchúiseach agus lena dtugtar údar le sonraí API agus sonraí eile PNR a phróiseáil. Beidh roghnú na n-eitiltí laistigh den Aontas teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis chun cuspóirí Threoir (AE) 2016/681 agus an Rialacháin seo a ghnóthú.
6. Coinneoidh na Ballstáit an doiciméadacht uile den mheasúnú dá dtagraítear i mír 3, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, aon athbhreithniú uirthi, agus cuirfidh siad ar fáil í, i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/680, dá n-údaráis mhaoirseachta neamhspleácha agus dá n-údaráis mhaoirseachta náisiúnta arna iarraidh sin dóibh.
7. Déanfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 2 de Threoir (AE) 2016/681, athbhreithniú tráthrialta agus gach 12 mhí ar a laghad ar a measúnú dá dtagraítear i mír 3, chun athruithe sna himthosca lenar tugadh údar le roghnú na n-eitiltí laistigh den Aontas a chur san áireamh agus chun a áirithiú go leanfaidh roghnú na n-eitiltí laistigh den Aontas de bheith teoranta don mhéid a bhfuil fíorghá leis.
8. Éascóidh an Coimisiún malartú tráthrialta tuairimí maidir leis na critéir roghnúcháin don mheasúnú dá dtagraítear i mír 3, lena n-áirítear dea-chleachtais a chomhroinnt, agus, ar bhonn deonach, malartú faisnéise faoi eitiltí roghnaithe.
Airteagal 14
Sonraí API agus sonraí eile PNR a scriosadh ón ródaire
Sonraí API agus sonraí eile PNR, arna n-aistriú chuig an ródaire de bhun an Rialacháin seo, ní dhéanfar iad a stóráil ar an ródaire ach a mhéid is gá chun an tarchur chuig na PIUnna ábhartha i gcomhréir leis an Rialachán seo a chur i gcrích agus scriosfar iad ón ródaire láithreach, go buan agus ar bhealach uathoibrithe, sa dá chás seo a leanas:
|
(a) |
i gcás ina ndeimhnítear, i gcomhréir le hAirteagal 12(3), gur cuireadh tarchur na sonraí API agus sonraí eile PNR chuig na PIUnna ábhartha i gcrích; |
|
(b) |
i gcás ina mbaineann na sonraí API nó sonraí eile PNR le heitiltí laistigh den Aontas seachas na heitiltí sin a bhí ar áireamh sna liostaí dá dtagraítear in Airteagal 12(4). |
Cuirfidh an ródaire eu-LISA agus na PIUnna ar an eolas go huathoibríoch maidir le scriosadh láithreach na n-eitiltí laistigh den Aontas dá dtagraítear i bpointe (b).
Airteagal 15
Próiseáil sonraí API agus sonraí eile PNR ag PIUnna
Déanfaidh na PIUnna sonraí API agus sonraí eile PNR a tharchuirtear chuig PIUnna i gcomhréir leis an Rialachán seo a phróiseáil ina dhiaidh sin i gcomhréir le Treoir (AE) 2016/681, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le próiseáil sonraí API agus sonraí eile PNR ag na PIUnna, lena n-áirítear iad siúd a leagtar amach in Airteagail 6, 10, 12 agus 13 den Treoir sin, agus chun cionta sceimhlitheoireachta agus an choireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh agus chun na gcríoch sin amháin.
Ní dhéanfaidh na PIUnna ná údaráis inniúla eile, in imthosca ar bith, sonraí API ná sonraí eile PNR a phróiseáil chun críoch próifílithe, dá dtagraítear in Airteagal 11(3) de Threoir (AE) 2016/680.
Airteagal 16
Gníomhaíochtaí i gcás ina bhfuil sé dodhéanta ar chúiseanna teicniúla an ródaire a úsáid
1. I gcás ina bhfuil sé dodhéanta ar chúiseanna teicniúla an ródaire a úsáid chun sonraí API nó sonraí eile PNR a tharchur mar gheall ar chliseadh an ródaire, tabharfaidh eu-LISA fógra láithreach ar bhealach uathoibrithe do na haeriompróirí agus do na PIUnna faoin dodhéantacht theicniúil sin. Sa chás sin, déanfaidh eu-LISA bearta láithreach chun aghaidh a thabhairt ar an dodhéantacht an ródaire a úsáid ar chúiseanna teicniúla agus tabharfaidh sé fógra láithreach do na haeriompróirí agus do na PIUnna nuair a bheidh aghaidh tugtha go rathúil air.
Le linn na tréimhse ama idir na fógraí sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 5(1), sa mhéid go gcuirtear cosc ar aistriú sonraí API nó sonraí eile PNR chuig an ródaire mar gheall ar an dodhéantacht theicniúil. Stórálfaidh aeriompróirí na sonraí API nó sonraí eile PNR go dtí go dtabharfar aghaidh go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil. A luaithe a bheidh aghaidh tugtha go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil, déanfaidh aeriompróirí na sonraí a aistriú chuig an ródaire i gcomhréir le hAirteagal 5(1).
I gcás ina bhfuil sé dodhéanta ar chúiseanna teicniúla an ródaire a úsáid agus i gcásanna eisceachtúla a bhaineann le cuspóirí an Rialacháin seo a fhágann gur gá do PIUnna sonraí API nó sonraí eile PNR a fháil láithreach le linn na dodhéantachta an ródaire a úsáid ar chúiseanna teicniúla, féadfaidh PIUnna iarraidh ar aeriompróirí úsáid a bhaint as aon mhodh iomchuí eile lena n-áirithítear an leibhéal slándála sonraí, cáilíochta sonraí agus cosanta sonraí is gá chun na sonraí API nó sonraí eile PNR a aistriú go díreach chuig na PIUnna. Déanfaidh na PIUnna na sonraí API nó sonraí eile PNR a fhaightear trí aon mhodh iomchuí eile a phróiseáil i gcomhréir leis na rialacha agus na coimircí a leagtar amach i dTreoir (AE) 2016/681.
Tar éis fógra a fháil ó eu-LISA gur tugadh aghaidh go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil, agus i gcás ina ndeimhnítear i gcomhréir le hAirteagal 12(3) gur cuireadh tarchur na sonraí API nó na sonraí eile PNR tríd an ródaire chuig an PIU ábhartha i gcrích, scriosfaidh an PIU láithreach na sonraí API nó sonraí eile PNR a fuarthas trí aon mhodh iomchuí eile.
2. I gcás ina bhfuil sé dodhéanta ar chúiseanna teicniúla an ródaire a úsáid chun sonraí API nó sonraí eile PNR a tharchur mar gheall ar chliseadh córais nó bonneagair Ballstáit dá dtagraítear in Airteagal 23, tabharfaidh PIU an Bhallstáit sin fógra láithreach do na PIUnna eile, do eu-LISA agus don Choimisiún ar bhealach uathoibrithe faoin dodhéantacht sin ar chúiseanna teicniúla. Sa chás sin, déanfaidh an Ballstát bearta láithreach chun aghaidh a thabhairt ar an dodhéantacht an ródaire a úsáid ar chúiseanna teicniúla agus tabharfaidh sé fógra láithreach do na PIUnna eile, do eu-LISA agus don Choimisiún nuair a bheidh aghaidh tugtha go rathúil uirthi. Stórálfaidh an ródaire na sonraí API nó sonraí eile PNR go dtí go dtabharfar aghaidh go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil. A luaithe a bheidh aghaidh tugtha go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil, déanfaidh an ródaire na sonraí a tharchur i gcomhréir le hAirteagal 12(1).
I gcás ina bhfuil sé dodhéanta ar chúiseanna teicniúla an ródaire a úsáid agus i gcásanna eisceachtúla a bhaineann le cuspóirí an Rialacháin seo a fhágann gur gá do na PIUnna na sonraí API nó sonraí eile PNR a fháil láithreach le linn na tréimhse teicniúla inar dodhéanta an ródaire a úsáid, féadfaidh na PIUnna iarraidh ar aeriompróirí úsáid a bhaint as aon mhodh iomchuí eile lena n-áirithítear an leibhéal slándála sonraí, cáilíochta sonraí agus cosanta sonraí is gá chun na sonraí API nó sonraí eile PNR a aistriú go díreach chuig na PIUnna. Déanfaidh na PIUnna na sonraí API nó sonraí eile PNR a fhaightear a phróiseáil trí aon mhodh iomchuí eile i gcomhréir leis na rialacha agus na coimircí a leagtar amach i dTreoir (AE) 2016/681.
Tar éis fógra a fháil ó eu-LISA gur tugadh aghaidh go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil, agus i gcás ina ndeimhneofar i gcomhréir le hAirteagal 12(3) gur cuireadh tarchur na sonraí API nó na sonraí eile PNR tríd an ródaire chuig an PIU ábhartha i gcrích, scriosfaidh an PIU láithreach na sonraí API nó na sonraí eile PNR a fuarthas trí aon mhodh iomchuí eile.
3. I gcás ina bhfuil sé dodhéanta ar chúiseanna teicniúla an ródaire a úsáid chun na sonraí API nó sonraí eile PNR a aistriú mar gheall ar chliseadh córas nó bonneagair aeriompróra dá dtagraítear in Airteagal 24, tabharfaidh an t-aeriompróir sin fógra láithreach do na PIUnna, do eu-LISA agus don Choimisiún faoin dodhéantacht theicniúil sin ar bhealach uathoibrithe. Sa chás sin, déanfaidh an t-aeriompróir bearta láithreach chun aghaidh a thabhairt ar an dodhéantacht an ródaire a úsáid ar chúiseanna teicniúla agus tabharfaidh sé fógra láithreach do na PIUnna, do eu-LISA agus don Choimisiún nuair a bheidh aghaidh tugtha go rathúil air.
Le linn na tréimhse ama idir na fógraí sin, ní bheidh feidhm ag Airteagal 5(1), sa mhéid go gcuirtear cosc ar aistriú sonraí API nó sonraí eile PNR chuig an ródaire mar gheall ar an dodhéantacht theicniúil. Stórálfaidh aeriompróirí na sonraí API nó sonraí eile PNR go dtí go dtabharfar aghaidh go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil. A luaithe a bheidh aghaidh tugtha go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil, déanfaidh na haeriompróirí na sonraí a aistriú chuig an ródaire i gcomhréir le hAirteagal 5(1).
I gcás ina bhfuil sé dodhéanta ar chúiseanna teicniúla an ródaire a úsáid agus i gcásanna eisceachtúla a bhaineann le cuspóirí an Rialacháin seo a fhágann gur gá do PIUnna sonraí API nó sonraí eile PNR a fháil láithreach le linn na dodhéantachta an ródaire a úsáid ar chúiseanna teicniúla, féadfaidh na PIUnna a iarraidh ar aeriompróirí úsáid a bhaint as aon mhodh iomchuí eile lena n-áirithítear an leibhéal slándála sonraí, cáilíochta sonraí agus cosanta sonraí is gá chun na sonraí API nó sonraí eile PNR a aistriú go díreach chuig na PIUnna. Déanfaidh na PIUnna na sonraí API nó sonraí eile PNR a fhaightear trí aon mhodh iomchuí eile a phróiseáil i gcomhréir leis na rialacha agus na coimircí a leagtar amach i dTreoir (AE) 2016/681.
Tar éis fógra a fháil ó eu-LISA gur tugadh aghaidh go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil, agus i gcás ina ndeimhnítear i gcomhréir le hAirteagal 12(3) gur cuireadh tarchur na sonraí API nó sonraí eile PNR tríd an ródaire chuig an PIU ábhartha i gcrích, scriosfaidh an PIU láithreach na sonraí API nó na sonraí eile PNR a fuarthas trí aon mhodh iomchuí eile.
Nuair a bheidh aghaidh tugtha go rathúil ar an dodhéantacht theicniúil, cuirfidh an t-aeriompróir lena mbaineann, gan mhoill, faoi bhráid an údaráis maoirseachta náisiúnta API dá dtagraítear in Airteagal 37 tuarascáil ina mbeidh na mionsonraí uile is gá faoin dodhéantacht theicniúil, lena n-áirítear na cúiseanna leis an dodhéantacht theicniúil, fairsinge agus iarmhairtí na dodhéantachta sin chomh maith leis na bearta a rinneadh chun aghaidh a thabhairt uirthi.
CAIBIDIL 4
FORÁLACHA SONRACHA MAIDIR LE SONRAÍ PEARSANTA A CHOSAINT AGUS MAIDIR LEIS AN TSLÁNDÁIL
Airteagal 17
Logaí a choinneáil
1. Cruthóidh aeriompróirí logaí de na hoibríochtaí próiseála uile a bhaineann le sonraí API faoin Rialachán seo arna ndéanamh trí úsáid a bhaint as na modhanna uathoibrithe dá dtagraítear in Airteagal 4(7). Leis na logaí sin, cumhdófar dáta, am, agus áit aistrithe na sonraí API. Ní áireofar sna logaí sin aon sonraí pearsanta, seachas an fhaisnéis is gá chun an duine ábhartha d’fhoireann an aeriompróra a shainaithint.
2. Coinneoidh eu-LISA logaí de na hoibríochtaí próiseála uile a bhaineann le tarchur agus aistriú sonraí API agus sonraí eile PNR tríd an ródaire faoin Rialachán seo. Leis na logaí sin, cumhdófar an méid seo a leanas:
|
(a) |
an t-aeriompróir a d’aistrigh na sonraí API agus sonraí eile PNR chuig an ródaire; |
|
(b) |
an t-aeriompróir a d’aistrigh sonraí eile PNR chuig an ródaire; |
|
(c) |
na PIUnna ar tarchuireadh na sonraí API chucu tríd an ródaire; |
|
(d) |
na PIUnna ar tarchuireadh sonraí eile PNR chucu tríd an ródaire; |
|
(e) |
dáta agus am an aistrithe nó an tarchuir dá dtagraítear i bpointí (a) go (d), agus áit an aistrithe nó an tarchuir sin; |
|
(f) |
aon rochtain ag foireann eu-LISA is gá chun an ródaire a chothabháil, dá dtagraítear in Airteagal 26(3); |
|
(g) |
aon fhaisnéis eile a bhaineann leis na hoibríochtaí próiseála sin is gá chun faireachán a dhéanamh ar shlándáil agus sláine na sonraí API agus sonraí eile PNR agus ar dhlíthiúlacht na n-oibríochtaí próiseála sin. |
Ní áireofar sna logaí sin aon sonraí pearsanta, seachas an fhaisnéis is gá chun an duine ábhartha d’fhoireann eu-LISA, dá dtagraítear i bpointe (f) den chéad fhomhír, a shainaithint.
3. Ní úsáidfear na logaí dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 den Airteagal seo ach chun slándáil agus sláine na sonraí API agus sonraí eile PNR agus dlíthiúlacht na próiseála a áirithiú, go háirithe a mhéid a bhaineann le comhlíonadh na gceanglas a leagtar amach sa Rialachán seo, lena n-áirítear imeachtaí le haghaidh pionós as sáruithe ar na ceanglais sin i gcomhréir le hAirteagal 37 agus 38.
4. Déanfaidh aeriompróirí agus eu-LISA bearta iomchuí chun na logaí a chruthaigh siad de bhun mhíreanna 1 agus 2, faoi seach, a chosaint ar rochtain neamhúdaraithe agus ar rioscaí slándála eile.
5. Beidh rochtain ag an údarás maoirseachta náisiúnta API dá dtagraítear in Airteagal 37 agus ag na PIUnna ar na logaí ábhartha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo i gcás inar gá chun na gcríoch dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo.
6. Coinneoidh aeriompróirí agus eu-LISA na logaí a chruthaigh siad de bhun mhíreanna 1 agus 2, faoi seach, ar feadh tréimhse bliana ón tráth a cruthaíodh na logaí sin. Nuair a rachaidh an tréimhse ama sin in éag, scriosfaidh siad na logaí sin láithreach agus go buan.
Mar sin féin, má tá gá leis na logaí sin le haghaidh nósanna imeachta chun faireachán a dhéanamh ar shlándáil agus sláine na sonraí API nó ar dhlíthiúlacht na n-oibríochtaí próiseála, nó chun an méid sin a áirithiú, amhail dá dtagraítear i mír 3, agus má tá na nósanna imeachta sin tosaithe cheana tráth a théann an tréimhse ama dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo in éag, déanfaidh aeriompróirí agus eu-LISA na logaí sin a choinneáil chomh fada agus is gá le haghaidh na nósanna imeachta sin. Sa chás sin, scriosfaidh siad láithreach na logaí sin nuair nach bhfuil gá leo a thuilleadh le haghaidh na nósanna imeachta sin.
Airteagal 18
Freagrachtaí cosanta sonraí
1. Beidh aeriompróirí ina rialaitheoirí, de réir bhrí Airteagal 4, pointe (7), de Rialachán (AE) 2016/679, i dtaobh phróiseáil na sonraí API agus sonraí eile PNR arb ionann iad agus sonraí pearsanta i ndáil le bailiú sonraí den sórt sin agus aistriú sonraí den sórt sin chuig an ródaire faoin Rialachán seo.
2. Ainmneoidh gach Ballstát údarás inniúil mar rialaitheoir i gcomhréir leis an Airteagal seo. Tabharfaidh na Ballstáit fógra faoi na húdaráis sin don Choimisiún, do eu-LISA agus do na Ballstáit eile.
Beidh na húdaráis inniúla uile arna n-ainmniú ag na Ballstáit ina rialaitheoirí comhpháirteacha i gcomhréir le hAirteagal 21 de Threoir (AE) 2016/680 chun sonraí pearsanta a phróiseáil sa ródaire.
3. Beidh eu-LISA ina phróiseálaí de réir bhrí Airteagal 3, pointe (12), de Rialachán (AE) 2018/1725 chun sonraí API agus sonraí eile PNR arb ionann iad agus sonraí pearsanta a phróiseáil faoin Rialachán seo tríd an ródaire, lena n-áirítear tarchur na sonraí ón ródaire chuig na PIUnna agus stóráil na sonraí sin ar an ródaire ar chúiseanna teicniúla. Áiritheoidh eu-LISA go n-oibreofar an ródaire i gcomhréir leis an Rialachán seo.
4. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena mbunaítear freagrachtaí na rialaitheoirí comhpháirteacha faoi seach agus na hoibleagáidí faoi seach idir na rialaitheoirí comhpháirteacha agus an próiseálaí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2).
Airteagal 19
Faisnéis do phaisinéirí
I gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2016/679, soláthróidh aeriompróirí do phaisinéirí, ar eitiltí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, faisnéis faoi chuspóir bhailiú a sonraí pearsanta, cineál na sonraí pearsanta a bailíodh, faighteoirí na sonraí pearsanta agus na modhanna chun a gcearta mar ábhair sonraí a fheidhmiú.
Cuirfear an fhaisnéis sin in iúl do phaisinéirí i scríbhinn agus i bhformáid atá inrochtana go héasca tráth na háirithinte agus tráth na seiceála isteach, gan beann ar na modhanna a úsáidtear chun na sonraí pearsanta a bhailiú tráth na seiceála isteach, i gcomhréir le hAirteagal 4.
Airteagal 20
Slándáil
1. Áiritheoidh eu-LISA slándáil agus criptiú na sonraí API agus sonraí eile PNR, go háirithe sonraí arb ionann iad agus sonraí pearsanta, a phróiseálann sé de bhun an Rialacháin seo. Áiritheoidh na PIUnna agus na haeriompróirí slándáil na sonraí API, go háirithe na sonraí API arb ionann iad agus sonraí pearsanta, a phróiseálann siad de bhun an Rialacháin seo. Oibreoidh eu-LISA, na PIUnna agus na haeriompróirí i gcomhar le chéile, i gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoi seach agus i gcomhréir le dlí an Aontais, chun slándáil den sórt sin a áirithiú.
2. Áiritheoidh eu-LISA slándáil agus rúndacht na sonraí a bhaineann le heitiltí agus le bealaí a roghnaíonn na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 12(4). Áiritheoidh na PIUnna agus na haeriompróirí slándáil na sonraí API, go háirithe na sonraí API arb ionann iad agus sonraí pearsanta, a phróiseálann siad de bhun an Rialacháin seo. Oibreoidh eu-LISA, na PIUnna agus na haeriompróirí i gcomhar le chéile, i gcomhréir lena bhfreagrachtaí faoi seach agus i gcomhréir le dlí an Aontais, chun slándáil den sórt sin a áirithiú.
3. Déanfaidh eu-LISA na bearta is gá chun slándáil an ródaire agus na sonraí API agus sonraí eile PNR a áirithiú, go háirithe sonraí arb ionann iad agus sonraí pearsanta, arna dtarchur tríd an ródaire, lena n-áirítear trí phlean slándála, plean leanúnachais gnó agus plean athshlánaithe ó thubaiste a bhunú, a chur chun feidhme agus a nuashonrú go tráthrialta, chun an méid seo a leanas a dhéanamh:
|
(a) |
an ródaire a chosaint go fisiciúil, lena n-áirítear trí phleananna teagmhasacha a dhéanamh chun comhpháirteanna criticiúla de a chosaint; |
|
(b) |
cosc a chur ar aon phróiseáil neamhúdaraithe ar na sonraí API nó ar shonraí eile PNR, lena n-áirítear aon rochtain neamhúdaraithe orthu agus cóipeáil, modhnú nó scriosadh na sonraí sin, le linn sonraí API nó sonraí eile PNR a aistriú chuig an ródaire agus uaidh agus le linn aon stóráil sonraí API nó sonraí eile PNR ar an ródaire i gcás inar gá chun an tarchur a chur i gcrích, go háirithe trí bhíthin teicnící criptithe iomchuí; |
|
(c) |
a áirithiú nach mbeidh rochtain ag na daoine a bhfuil údarú rochtana acu ar an ródaire ach ar na sonraí atá cumhdaithe ag a n-údarú rochtana; |
|
(d) |
a áirithiú gur féidir a fhíorú agus a shuí cé na PIUnna chuig a dtarchuirtear na sonraí API nó sonraí eile PNR tríd an ródaire; |
|
(e) |
aon fhabht i bhfeidhmiú an ródaire a thuairisciú mar is ceart dá Bhord Bainistíochta; |
|
(f) |
faireachán a dhéanamh ar éifeachtacht na mbeart slándála a cheanglaítear faoin Airteagal seo agus faoi Rialachán (AE) 2018/1725, agus measúnú a dhéanamh ar na bearta slándála sin agus iad a nuashonrú i gcás inar gá sin i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha nó oibríochtúla. |
Ní dhéanfaidh na bearta dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo difear d’Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2016/679, d’Airteagal 33 de Rialachán (AE) 2018/1725 ná d’Airteagal 29 de Threoir (AE) 2016/680.
Airteagal 21
Féinfhaireachán
Déanfaidh aeriompróirí agus na PIUnna faireachán ar a mhéid a chomhlíonann siad a n-oibleagáidí faoi seach faoin Rialachán seo, go háirithe maidir leis an bpróiseáil a dhéanann siad ar shonraí API arb ionann iad agus sonraí pearsanta. I gcás aeriompróirí, áireofar san fhaireachán fíorú tráthrialta ar na logaí dá dtagraítear in Airteagal 17.
Airteagal 22
Iniúchtaí ar chosaint sonraí pearsanta
1. Déanfaidh na húdaráis mhaoirseachta neamhspleácha dá dtagraítear in Airteagal 41 de Threoir (AE) 2016/680 iniúchadh ar oibríochtaí próiseála na sonraí API arb ionann iad agus sonraí pearsanta arna ndéanamh ag na PIUnna chun críocha an Rialacháin seo uair amháin ar a laghad gach 4 bliana. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a ndóthain acmhainní agus saineolais ag a n-údaráis mhaoirseachta neamhspleácha chun na cúraimí a chuirtear orthu faoin Rialachán seo a chomhlíonadh.
2. Déanfaidh an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí iniúchadh ar oibríochtaí próiseála na sonraí API agus sonraí eile PNR arb ionann iad agus sonraí pearsanta arna ndéanamh ag eu-LISA chun críocha an Rialacháin seo, i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta idirnáisiúnta ábhartha uair sa bhliain ar a laghad. Seolfar tuarascáil ar an iniúchadh sin chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig na Ballstáit agus chuig eu-LISA. Tabharfar deis do eu-LISA barúlacha a thabhairt sula nglacfar na tuarascálacha.
3. Maidir leis na hoibríochtaí próiseála dá dtagraítear i mír 2, arna iarraidh sin, soláthróidh eu-LISA faisnéis arna hiarraidh ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, tabharfaidh sé rochtain don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ar na doiciméid uile a iarrann an Maoirseoir agus ar na logaí dá dtagraítear in Airteagal 17(2), agus tabharfaidh sé cead don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí rochtain a fháil ar áitribh uile eu-LISA aon tráth.
CAIBIDIL 5
ÁBHAIR A BHAINEANN LEIS AN RÓDAIRE
Airteagal 23
Naisc na PIUnna leis an ródaire
1. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a gcuid PIUnna nasctha leis an ródaire. Áiritheoidh siad go mbeidh a gcuid córas agus bonneagair náisiúnta chun sonraí API agus sonraí eile PNR arna n-aistriú de bhun an Rialacháin seo a fháil agus chun tuilleadh próiseála a dhéanamh orthu comhtháite leis an ródaire.
Leis an nasc agus an comhtháthú leis an ródaire, áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh a gcuid PIUnna in ann na sonraí API sin agus sonraí eile PNR a fháil agus tuilleadh próiseála a dhéanamh orthu, chomh maith le haon chumarsáid a bhaineann leis sin a mhalartú, ar bhealach dleathach, slán, éifeachtach agus tapa.
2. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear na rialacha mionsonraithe is gá maidir leis na naisc agus an comhtháthú leis an ródaire dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear maidir leis na ceanglais maidir le slándáil sonraí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2).
Airteagal 24
Naisc aeriompróirí leis an ródaire
1. Áiritheoidh aeriompróirí go mbeidh siad nasctha leis an ródaire. Áiritheoidh siad go mbeidh a gcuid córas agus bonneagair chun sonraí API agus sonraí eile PNR a aistriú chuig an ródaire de bhun an Rialacháin seo comhtháite leis an ródaire.
Leis an nasc agus an comhtháthú leis an ródaire, áiritheoidh na haeriompróirí go mbeidh siad in ann na sonraí API sin agus sonraí eile PNR a aistriú chomh maith le haon chumarsáid a bhaineann leis sin a mhalartú, ar bhealach dleathach, slán, éifeachtach agus tapa. Chuige sin, déanfaidh aeriompróirí tástálacha ar aistriú na sonraí API agus sonraí eile PNR chuig an ródaire i gcomhar le eu-LISA i gcomhréir le hAirteagal 27(3).
2. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme lena sonraítear na rialacha mionsonraithe is gá maidir leis na naisc agus an comhtháthú leis an ródaire dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, lena n-áirítear maidir leis na ceanglais maidir le slándáil sonraí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2).
Airteagal 25
Cúraimí eu-LISA a bhaineann le dearadh agus forbairt an ródaire
1. Beidh eu-LISA freagrach as ailtireacht fhisiceach an ródaire a dhearadh, lena n-áirítear a chuid sonraíochtaí teicniúla a shainiú.
2. Beidh eu-LISA freagrach as an ródaire a fhorbairt, lena n-áirítear as aon oiriúnuithe teicniúla is gá d’oibriú an ródaire.
Is é a bheidh i bhforbairt an ródaire forbairt agus cur chun feidhme na sonraíochtaí teicniúla, tástáil agus bainistiú agus comhordú foriomlán an tionscadail ag an gcéim forbartha.
3. Áiritheoidh eu-LISA go ndéanfar an ródaire a dhearadh agus a fhorbairt sa chaoi go ndéanfaidh an ródaire na feidhmiúlachtaí a shonraítear sa Rialachán seo a sholáthar, agus go gcuirfidh an ródaire tús le hoibríochtaí a luaithe is féidir tar éis don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear in Airteagal 4(12), Airteagal 5(3), Airteagal 7(2), agus na gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 11(5), Airteagal 12(4), Airteagal 23(2) agus Airteagal 24(2) den Rialachán seo, agus na gníomhartha cur chun feidhme dá bhforáiltear in Airteagal 16(3) de Threoir (AE) 2016/681 a ghlacadh, agus tar éis measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 35 de Rialachán (AE) 2016/679.
4. Déanfaidh eu-LISA tacar tástála comhlíontachta a sholáthar do na PIUnna, d’údaráis ábhartha eile de chuid na mBallstát agus d’aeriompróirí. Áireofar sa tacar tástála comhlíontachta timpeallacht tástála, ionsamhlóir, tacair sonraí tástála agus plean tástála. Leis an tacar tástála comhlíontachta, beifear in ann tástálacha cuimsitheacha a dhéanamh ar an ródaire dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6 agus beidh sé ar fáil tar éis na tástálacha sin a chur i gcrích.
5. I gcás ina measann eu-LISA gur cuireadh an chéim forbartha i gcrích i ndáil leis na sonraí API, déanfaidh sé, gan moill mhíchuí, tástáil chuimsitheach ar an ródaire, i gcomhar leis na PIUnna agus le húdaráis ábhartha eile de chuid na mBallstát agus le haeriompróirí, agus cuirfidh sé toradh na tástála sin in iúl don Choimisiún.
6. I gcás ina measann eu-LISA gur cuireadh an chéim forbartha i gcrích i ndáil le sonraí eile PNR, déanfaidh sé, gan moill mhíchuí, tástálacha cuimsitheacha ar an ródaire chun iontaofacht naisc an ródaire le haeriompróirí agus na PIUnna a áirithiú, chun tarchur caighdeánaithe riachtanach na sonraí eile PNR ag aeriompróirí a áirithiú agus chun aistriú agus tarchur sonraí eile PNR a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 16 de Threoir (AE) 2016/681, lena n-áirítear úsáid a bhaint as na prótacail choiteanna agus formáidí caighdeánaithe sonraí tacaithe dá dtagraítear in Airteagal 16, míreanna 2 agus 3 den Treoir sin chun inléiteacht na sonraí eile PNR a áirithiú. Déanfar tástálacha den sórt sin i gcomhar leis na PIUnna agus le húdaráis ábhartha eile de chuid na mBallstát agus le haeriompróirí. Cuirfidh eu-LISA toradh na dtástálacha sin in iúl don Choimisiún.
Airteagal 26
Cúraimí eu-LISA a bhaineann le hóstáil agus bainistiú teicniúil an ródaire
1. Óstálfaidh eu-LISA an ródaire ar a shuíomhanna teicniúla.
2. Beidh eu-LISA freagrach as bainistiú teicniúil an ródaire, lena n-áirítear a chothabháil agus a fhorbairtí teicniúla, ar bhealach lena n-áiritheofar go ndéanfar na sonraí API agus sonraí eile PNR a tharchur go slán, go héifeachtach agus go tapa tríd an ródaire, i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Is é a bheidh i gceist le bainistiú teicniúil an ródaire na cúraimí uile agus na réitigh theicniúla uile is gá maidir le feidhmiú cuí an ródaire i gcomhréir leis an Rialachán seo a dhéanamh, gan bhriseadh, 24 uair an chloig sa lá, 7 lá sa tseachtain. Cuimseofar ann an obair chothabhála agus na forbairtí teicniúla is gá chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh an ródaire ar leibhéal sásúil cáilíochta teicniúla, go háirithe maidir le hinfhaighteacht, cruinneas agus iontaofacht tharchur na sonraí API agus sonraí eile PNR, i gcomhréir leis na sonraíochtaí teicniúla agus, a mhéid is féidir, i gcomhréir le riachtanais oibríochtúla na PIUnna agus na n-aeriompróirí.
3. Ní bheidh rochtain ag foireann eu-LISA ar aon cheann de na sonraí API ná sonraí eile PNR arna dtarchur tríd an ródaire. Mar sin féin, ní chuirfidh an toirmeasc sin bac ar fhoireann eu-LISA rochtain den sórt sin a bheith acu a mhéid a bhfuil fíorghá leis chun an ródaire a chothabháil agus a bhainistiú go teicniúil.
4. Gan dochar do mhír 3 den Airteagal seo ná d’Airteagal 17 de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, a leagtar síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh. 259/68 ón gComhairle (22), cuirfidh eu-LISA rialacha iomchuí rúndachta gairmiúla nó dualgais choibhéiseacha eile rúndachta i bhfeidhm maidir lena chuid ball foirne ar gá dóibh oibriú le sonraí API agus sonraí eile PNR arna dtarchur tríd an ródaire. Beidh feidhm ag an oibleagáid sin chomh maith tar éis do bhaill foirne den sórt sin imeacht as oifig nó scor den fhostaíocht nó tar éis fhoirceannadh a ngníomhaíochtaí.
Airteagal 27
Cúraimí tacaíochta eu-LISA a bhaineann leis an ródaire
1. Arna iarraidh sin do PIUnna, d’údaráis ábhartha eile de chuid na mBallstát nó d’aeriompróirí, soláthróidh eu-LISA oiliúint dóibh maidir le húsáid theicniúil an ródaire agus maidir lena nasc agus lena gcomhtháthú leis an ródaire.
2. Tabharfaidh eu-LISA tacaíocht do na PIUnna maidir le sonraí API agus sonraí eile PNR a fháil tríd an ródaire de bhun an Rialacháin seo, go háirithe maidir le cur i bhfeidhm Airteagail 12 agus 23.
3. I gcomhréir le hAirteagal 24(1) agus trí úsáid a bhaint as an tacar tástála comhlíontachta dá dtagraítear in Airteagal 25(4), déanfaidh eu-LISA, i gcomhar le haeriompróirí, tástálacha ar aistriú sonraí API agus sonraí eile PNR chuig an ródaire.
CAIBIDIL 6
RIALACHAS
Airteagal 28
Bord Bainistíochta Cláir
1. Faoin 28 Eanáir 2025, bunóidh Bord Bainistíochta eu-LISA Bord Bainistíochta Cláir. Beidh sé comhdhéanta de dheichniúr comhaltaí agus is é an méid seo a leanas a bheidh ann:
|
(a) |
seachtar comhaltaí arna gceapadh ag Bord Bainistíochta eu-LISA as measc a chomhaltaí nó a chomhaltaí malartacha; |
|
(b) |
cathaoirleach an Ghrúpa Chomhairligh API-PNR dá dtagraítear in Airteagal 29; |
|
(c) |
comhalta amháin d’fhoireann eu-LISA arna cheapadh nó arna ceapadh ag a Stiúrthóir Feidhmiúcháin; agus |
|
(d) |
comhalta amháin arna cheapadh nó arna ceapadh ag an gCoimisiún. |
Maidir le pointe (a), ní thoghfar na comhaltaí arna gceapadh ag Bord Bainistíochta eu-LISA ach as measc a chomhaltaí nó a chomhaltaí malartacha as na Ballstáit sin a bhfuil feidhm ag an Rialachán seo maidir leo.
2. Dréachtóidh Bord Bainistíochta an Chláir a rialacha nós imeachta atá le glacadh ag Bord Bainistíochta eu-LISA.
Beidh an chathaoirleacht ag Ballstát atá ina chomhalta de Bhord Bainistíochta an Chláir.
3. Déanfaidh Bord Bainistíochta an Chláir maoirseacht ar chomhlíonadh éifeachtach chúraimí eu-LISA a bhaineann le dearadh agus forbairt an ródaire i gcomhréir le hAirteagal 25.
Arna iarraidh sin do Bhord Bainistíochta an Chláir, soláthróidh eu-LISA faisnéis atá mionsonraithe agus nuashonraithe faoi dhearadh agus forbairt an ródaire, lena n-áirítear faisnéis faoi na hacmhainní a leithdháileann eu-LISA.
4. Déanfaidh Bord Bainistíochta an Chláir tuarascálacha i scríbhinn maidir leis an dul chun cinn atá déanta i ndearadh agus forbairt an ródaire a chur faoi bhráid Bhord Bainistíochta eu-LISA go tráthrialta, agus trí huaire in aghaidh na ráithe ar a laghad.
5. Ní bheidh aon chumhacht chinnteoireachta ag Bord Bainistíochta an Chláir, ná ní bheidh aon sainordú aige chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann Bhord Bainistíochta eu-LISA ná a chomhaltaí.
6. Scoirfidh Bord Bainistíochta an Chláir de bheith ann faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 45, an dara mír.
Airteagal 29
An Grúpa Comhairleach ANI-PNR
1. Amhail ón 28 Eanáir 2025, soláthróidh an Grúpa Comhairleach API-PNR, a bunaíodh de bhun Airteagal 27(1), pointe (de), de Rialachán (AE) 2018/1726, an saineolas is gá a bhaineann le API-PNR do Bhord Bainistíochta eu-LISA go háirithe i gcomhthéacs ullmhú a chláir oibre bhliantúil agus a thuarascála bliantúla ar ghníomhaíochtaí.
2. Aon uair a bheidh siad ar fáil, déanfaidh eu-LISA leaganacha de na sonraíochtaí teicniúla agus de na tacair tástála comhlíontachta dá dtagraítear in Airteagal 25(1), (2) agus (4), fiú leaganacha idirmheánacha díobh, a sholáthar don Ghrúpa Comhairleach API-PNR.
3. Feidhmeoidh an Grúpa Comhairleach API-PNR na feidhmeanna seo a leanas:
|
(a) |
saineolas a sholáthar do eu-LISA agus do Bhord Bainistíochta an Chláir maidir le dearadh agus forbairt an ródaire i gcomhréir le hAirteagal 25; |
|
(b) |
saineolas a sholáthar do eu-LISA maidir le hóstáil agus bainistiú teicniúil an ródaire i gcomhréir le hAirteagal 26; |
|
(c) |
a thuairim a sholáthar do Bhord Bainistíochta an Chláir, arna iarraidh sin dó, maidir le dul chun cinn dhearadh agus fhorbairt an ródaire, lena n-áirítear maidir le dul chun cinn na sonraíochtaí teicniúla agus na dtacar tástála comhlíontachta dá dtagraítear i mír 2. |
4. Ní bheidh aon chumhacht chinnteoireachta ag an nGrúpa Comhairleach API-PNR, ná ní bheidh aon sainordú aige ionadaíocht a dhéanamh thar ceann Bhord Bainistíochta eu-LISA ná a chomhaltaí.
Airteagal 30
An Grúpa Teagmhála API-PNR
1. Faoi dháta ábhartha chur i bhfeidhm an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 45, an dara fomhír, bunóidh Bord Bainistíochta eu-LISA Grúpa Teagmhála API-PNR.
2. Cumasóidh an Grúpa Teagmhála API-PNR cumarsáid idir údaráis ábhartha de chuid na mBallstát agus aeriompróirí faoi ábhair theicniúla a bhaineann lena gcúraimí agus lena n-oibleagáidí faoi seach faoin Rialachán seo.
3. Beidh an Grúpa Teagmhála API-PNR comhdhéanta d’ionadaithe ó údaráis ábhartha de chuid na mBallstát agus ó aeriompróirí, de chathaoirleach an Ghrúpa Chomhairligh API-PNR agus de shaineolaithe eu-LISA.
4. Bunóidh Bord Bainistíochta eu-LISA rialacha nós imeachta an Ghrúpa Teagmhála API-PNR, tar éis tuairim a fháil ón nGrúpa Comhairleach API-PNR.
5. I gcás ina meastar gá a bheith leis, féadfaidh Bord Bainistíochta eu-LISA foghrúpaí den Ghrúpa Teagmhála API-PNR a bhunú freisin chun ábhair theicniúla shonracha a phlé a bhaineann le cúraimí agus oibleagáidí faoi seach údarás ábhartha de chuid na mBallstát agus aeriompróirí faoin Rialachán seo.
6. Ní bheidh aon chumhacht chinnteoireachta ag an nGrúpa Teagmhála API-PNR, lena n-áirítear a fhoghrúpaí, ná ní bheidh aon sainordú aige ionadaíocht a dhéanamh thar ceann Bhord Bainistíochta eu-LISA ná a chomhaltaí.
Airteagal 31
An Grúpa Saineolaithe API
1. Faoi dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 45, an dara mír, pointe (a), bunóidh an Coimisiún Grúpa Saineolaithe API i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha maidir le cruthú agus oibriú ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin.
2. Cumasóidh an Grúpa Saineolaithe API cumarsáid i measc údaráis ábhartha de chuid na mBallstát, agus idir údaráis ábhartha de chuid na mBallstát agus aeriompróirí, faoi ábhair bheartais a bhaineann lena gcúraimí agus lena n-oibleagáidí faoi seach faoin Rialachán seo, lena n-áirítear maidir leis na pionóis dá dtagraítear in Airteagal 38.
3. Is é an Coimisiún a dhéanfaidh cathaoirleacht ar an nGrúpa Saineolaithe API agus bunófar é i gcomhréir leis na rialacha cothrománacha maidir le cruthú agus oibriú ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin. Beidh sé comhdhéanta d’ionadaithe ó údaráis ábhartha de chuid na mBallstát, d’ionadaithe ó aeriompróirí agus de shaineolaithe eu-LISA. I gcás inarb ábhartha chun a chúraimí a dhéanamh, féadfaidh an Grúpa Saineolaithe API cuireadh a thabhairt do gheallsealbhóirí ábhartha, go háirithe ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa, ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus ó na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta neamhspleácha, páirt a ghlacadh ina chuid oibre.
4. Déanfaidh an Grúpa Saineolaithe API a chuid cúraimí a dhéanamh i gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta. Foilseoidh an Coimisiún miontuairiscí chruinnithe an Ghrúpa Saineolaithe API agus doiciméid ábhartha eile ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.
Airteagal 32
Costais arna dtabhú ag eu-LISA, ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta agus ag na Ballstáit
1. Is ar bhuiséad ginearálta an Aontais a thitfidh na costais arna dtabhú ag eu-LISA i ndáil le bunú agus oibriú an ródaire faoin Rialachán seo.
2. Tacófar leis na costais arna dtabhú ag na Ballstáit i ndáil le cur chun feidhme an Rialacháin seo, go háirithe i ndáil leis an nasc agus leis an gcomhtháthú leis an ródaire dá dtagraítear in Airteagal 23, ó bhuiséad ginearálta an Aontais, i gcomhréir leis na rialacha incháilitheachta agus na rátaí cómhaoinithe a leagtar síos i ngníomhartha dlí an Aontais is infheidhme.
3. Is ar bhuiséad ginearálta an Aontais a thitfidh na costais arna dtabhú ag an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i ndáil leis na cúraimí a chuirtear air faoin Rialachán seo.
4. Is ar na Ballstáit a thitfidh na costais arna dtabhú ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta neamhspleácha i ndáil leis na cúraimí a chuirtear orthu faoin Rialachán seo.
Airteagal 33
Dliteanas maidir leis an ródaire
Má mhainníonn Ballstát nó aeriompróir a chuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo agus an méid sin a bheith ina chúis damáiste don ródaire, is é an Ballstát nó an t-aeriompróir sin a bheidh faoi dhliteanas i leith damáiste den sórt sin, dá bhforáiltear i ndlí an Aontais is infheidhme nó sa dlí náisiúnta is infheidhme, mura rud é agus a mhéid a léirítear gur mhainnigh eu-LISA, Ballstát eile nó aeriompróir eile bearta réasúnacha a dhéanamh chun an damáiste sin a sheachaint nó chun a thionchar a íoslaghdú.
Airteagal 34
Tús oibríochtaí an ródaire i ndáil le sonraí API
Cinnfidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí, an dáta óna gcuirfidh an ródaire tús le hoibríochtaí i ndáil le sonraí API trí bhíthin gníomh cur chun feidhme a luaithe a chuirfidh eu-LISA an Coimisiún ar an eolas gur cuireadh an tástáil chuimsitheach ar an ródaire dá dtagraítear in Airteagal 25(5) i gcrích go rathúil. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2).
Socróidh an Coimisiún an dáta dá dtagraítear sa chéad mhír sa chaoi is nach mbeidh sé níos déanaí ná 30 lá ón dáta a ghlacfar an gníomh cur chun feidhme sin.
Airteagal 35
Tús oibríochtaí an ródaire i ndáil le sonraí eile PNR
Cinnfidh an Coimisiún, gan moill mhíchuí, an dáta óna gcuirfidh an ródaire tús le hoibríochtaí i ndáil le sonraí eile PNR trí bhíthin gníomh cur chun feidhme a luaithe a chuirfidh eu-LISA an Coimisiún ar an eolas gur cuireadh na tástálacha cuimsitheacha ar an ródaire dá dtagraítear in Airteagal 25(6) i gcrích go rathúil, lena n-áirítear maidir le hiontaofacht naisc an ródaire le haeriompróirí agus le PIUnna agus maidir le hinléiteacht na sonraí eile PNR arna n-aistriú ag aeriompróirí agus arna dtarchur ag an ródaire san fhormáid chaighdeánaithe is gá, i gcomhréir le hAirteagal 16 de Threoir (AE) 2016/681. Déanfar an gníomh cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 42(2).
Socróidh an Coimisiún an dáta dá dtagraítear sa chéad mhír sa chaoi is nach mbeidh sé níos déanaí ná 30 lá ón dáta a ghlacfar an gníomh cur chun feidhme sin.
Airteagal 36
Úsáid dheonach an ródaire
1. Beidh aeriompróirí i dteideal an ródaire a úsáid chun an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(1) agus (2) de Threoir 2004/82/CE nó sonraí eile PNR arna mbailiú de bhun Airteagal 8 de Threoir (AE) 2016/681 a tharchur chuig ceann amháin nó níos mó de na PIUnna freagracha, i gcomhréir leis na Treoracha sin, ar choinníoll gur chomhaontaigh an Ballstát lena mbaineann le húsáid den sórt sin, ó dháta iomchuí arna shocrú ag an mBallstát sin. Ní chomhaontóidh an Ballstát sin leis sin ach amháin tar éis dó a shuí, go háirithe maidir le nasc a PIU féin agus an aeriompróra lena mbaineann araon leis an ródaire, gur féidir an fhaisnéis a tharchur ar bhealach dleathach, slán, éifeachtach agus tapa.
2. I gcás ina dtosaíonn aeriompróir ag úsáid an ródaire i gcomhréir le mír 1 den Airteagal seo, leanfaidh sé d’úsáid a bhaint as an ródaire chun faisnéis den sórt sin a tharchur chuig PIU an Bhallstáit lena mbaineann go dtí dáta ábhartha chur i bhfeidhm an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 45, an dara fomhír. Scoirfear den úsáid sin, áfach, ó dháta iomchuí arna shocrú ag an mBallstát sin, i gcás ina measann an Ballstát sin go bhfuil cúiseanna oibiachtúla ann lena n-éilítear scor den sórt sin agus inar chuir sé an t-aeriompróir ar an eolas dá réir sin.
3. Maidir leis an mBallstát lena mbaineann:
|
(a) |
rachaidh sé i gcomhairle le eu-LISA sula gcomhaontóidh sé le húsáid dheonach an ródaire i gcomhréir le mír 1; |
|
(b) |
seachas i gcásanna práinne a bhfuil údar cuí leo, tabharfaidh sé deis don aeriompróir lena mbaineann a thuairim a thabhairt ar a rún go scoirfidh sé d’úsáid den sórt sin i gcomhréir le mír 2 agus, i gcás inarb ábhartha, rachaidh sé i gcomhairle le eu-LISA ina leith sin freisin; |
|
(c) |
cuirfidh sé eu-LISA agus an Coimisiún ar an eolas láithreach faoi aon úsáid den sórt sin lenar chomhaontaigh sé agus faoi aon scor d’úsáid den sórt sin, tríd an bhfaisnéis uile is gá, lena n-áirítear dáta tosaithe na húsáide, dáta an scoir agus na cúiseanna leis an scor, de réir mar is infheidhme, a sholáthar. |
CAIBIDIL 7
MAOIRSEACHT, PIONÓIS, STAIDREAMH AGUS LÁMHLEABHAR
Airteagal 37
Údarás maoirseachta náisiúnta API
1. Ainmneoidh gach Ballstát údarás maoirseachta náisiúnta API amháin nó níos mó a bheidh freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo ag aeriompróirí laistigh dá gcríoch agus as comhlíonadh na bhforálacha sin a áirithiú.
2. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta API na hacmhainní uile agus na cumhachtaí imscrúdaithe agus forfheidhmiúcháin uile is gá chun a gcuid cúraimí a dhéanamh faoin Rialachán seo, lena n-áirítear trí na pionóis dá dtagraítear in Airteagal 38 a fhorchur i gcás inarb iomchuí. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar don údarás maoirseachta náisiúnta API faoi réir coimircí iomchuí i gcomhréir leis na cearta bunúsacha a ráthaítear faoi dhlí an Aontais.
3. Tabharfaidh na Ballstáit, faoi dháta ábhartha chur i bhfeidhm an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 45, an dara mír, fógra don Choimisiún faoi ainm agus sonraí teagmhála na n-údarás a d’ainmnigh siad faoi mhír 1 den Airteagal seo. Tabharfaidh siad fógra don Choimisiún gan mhoill faoi aon athruithe nó leasuithe orthu sin ina dhiaidh sin.
4. Ní dochar an tAirteagal seo do chumhachtaí na n-údarás maoirseachta dá dtagraítear in Airteagal 51 de Rialachán (AE) 2016/679, Airteagal 41 de Threoir (AE) 2016/680 agus Airteagal 15 de Threoir (AE) 2016/681.
Airteagal 38
Pionóis
1. Déanfaidh na Ballstáit na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar an Rialachán seo a leagan síos agus glacfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis dá bhforáiltear éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.
2. Tabharfaidh na Ballstáit, faoi dháta ábhartha chur i bhfeidhm an Rialacháin seo dá dtagraítear in Airteagal 45, an dara fomhír, fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin, agus tabharfaidh siad fógra dó, gan mhoill, faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéantar difear dóibh.
3. Áiritheoidh na Ballstáit go ndéanfaidh na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta API, agus cinneadh á dhéanamh acu i dtaobh ar cheart pionós a fhorchur, agus cineál agus leibhéal an phionóis á chinneadh acu, imthosca ábhartha a chur san áireamh, lena bhféadfar an méid seo a leanas a áireamh:
|
(a) |
cineál, tromchúis agus fad an tsáraithe; |
|
(b) |
a mhéid atá locht ar an aeriompróir; |
|
(c) |
sáruithe a rinne an t-aeriompróir roimhe sin; |
|
(d) |
leibhéal foriomlán chomhar an aeriompróra leis na húdaráis inniúla; |
|
(e) |
méid an aeriompróra, amhail líon bliantúil na bpaisinéirí a iompraítear; |
|
(f) |
i dtaobh ar chuir údaráis mhaoirseachta náisiúnta API eile pionóis roimhe seo i bhfeidhm cheana féin ar an aeriompróir céanna as an sárú céanna. |
4. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh mainneachtain leanúnach sonraí API a aistriú i gcomhréir le hAirteagal 5(1) faoi réir pionóis airgeadais chomhréireacha suas le 2 % de láimhdeachas iomlán an aeriompróra an bhliain ghnó roimhe sin. Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh mainneachtain oibleagáidí eile a leagtar amach sa Rialachán seo a chomhlíonadh faoi réir pionóis chomhréireacha, lena n-áirítear pionóis airgeadais.
Airteagal 39
Staidreamh
1. Chun tacú le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus le faireachán a dhéanamh ar a chur i bhfeidhm, agus ar bhonn na faisnéise staidrimh dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6, foilseoidh eu-LISA staidreamh gach ráithe maidir le feidhmiú an ródaire agus maidir le comhlíonadh na n-oibleagáidí a leagtar amach sa Rialachán seo ag aeriompróirí. Ní bheifear in ann daoine aonair a shainaithint leis an staidreamh sin.
2. Chun na gcríoch a leagtar amach i mír 1, déanfaidh an ródaire na sonraí a liostaítear i míreanna 5 agus 6 a tharchur go huathoibríoch chuig CRRS.
3. Chun tacú le cur chun feidhme an Rialacháin seo agus le faireachán a dhéanamh ar a chur i bhfeidhm, ag deireadh gach bliana, tiomsóidh eu-LISA sonraí staidrimh i dtuarascáil bhliantúil don bhliain sin. Foilseoidh sé an tuarascáil bhliantúil sin agus tarchuirfidh sé í chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, chuig an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta agus chuig na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta API dá dtagraítear in Airteagal 37. Ní nochtfar sa tuarascáil bhliantúil modhanna oibre rúnda ná ní chuirfear imscrúduithe leanúnacha údaráis inniúla na mBallstát i mbaol léi.
4. Arna iarraidh sin don Choimisiún, soláthróidh eu-LISA dó staidreamh maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le cur chun feidhme an Rialacháin seo maille le staidreamh de bhun mhír 3.
5. Soláthróidh CRRS do eu-LISA an fhaisnéis staidrimh seo a leanas is gá don tuairisciú dá dtagraítear in Airteagal 44 agus chun staidreamh a ghiniúint i gcomhréir leis an Airteagal seo, ach gan bheith in ann na paisinéirí lena mbaineann a shainaithint le staidreamh den sórt sin maidir le sonraí API:
|
(a) |
i dtaobh an mbaineann na sonraí le paisinéir nó le duine den chriú; |
|
(b) |
náisiúntacht, inscne agus bliain bhreithe an phaisinéara nó an duine den chriú; |
|
(c) |
an dáta bordála agus an pointe bordála tosaigh, an dáta imeachta agus an t-aerfort imeachta, agus an dáta teacht isteach agus an t-aerfort teacht isteach; |
|
(d) |
an cineál doiciméid taistil, cód trí litir na tíre eisiúna agus dáta éaga bhailíocht an doiciméid taistil; |
|
(e) |
líon na bpaisinéirí a seiceáladh isteach ar an eitilt chéanna; |
|
(f) |
cód an aeriompróra a oibríonn an eitilt; |
|
(g) |
i dtaobh an eitilt sceidealaithe nó eitilt neamhsceidealaithe í an eitilt; |
|
(h) |
i dtaobh ar aistríodh sonraí API díreach tar éis dhúnadh na heitilte; |
|
(i) |
i dtaobh an bhfuil sonraí pearsanta an phaisinéara cruinn, iomlán agus cothrom le dáta; |
|
(j) |
na modhanna teicniúla a úsáidtear chun na sonraí API a ghabháil. |
6. Soláthróidh CRRS do eu-LISA an fhaisnéis staidrimh seo a leanas is gá don tuairisciú dá dtagraítear in Airteagal 44 agus chun staidreamh a ghiniúint i gcomhréir leis an Airteagal seo, ach gan a bheith in ann na paisinéirí lena mbaineann a shainaithint le staidreamh den sórt sin maidir le sonraí eile PNR:
|
(a) |
an dáta agus an t-am a fuair an ródaire an teachtaireacht PNR; |
|
(b) |
faisnéis eitilte atá sa chúrsa taistil sa teachtaireacht shonrach PNR; |
|
(c) |
faisnéis chomhroinnte cód atá sa teachtaireacht shonrach PNR. |
7. Chun críocha an tuairiscithe dá dtagraítear in Airteagal 44 agus chun staidreamh a ghiniúint i gcomhréir leis an Airteagal seo, déanfaidh eu-LISA na sonraí dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6 den Airteagal seo a stóráil in CRRS. Déanfaidh sé sonraí den sórt sin a stóráil ar feadh tréimhse 5 bliana i gcomhréir le mír 2, á áirithiú ag an am céanna nach mbeifear in ann na paisinéirí lena mbaineann a shainaithint leis na sonraí. Soláthróidh CRRS d’fhoireann chuí-údaraithe na PIUnna agus d’údaráis ábhartha eile de chuid na mBallstát tuarascálacha agus staidreamh inoiriúnaithe maidir le sonraí API dá dtagraítear i mír 5 den Airteagal seo agus sonraí eile PNR dá dtagraítear i mír 6 den Airteagal seo chun an Rialachán seo a chur chun feidhme agus chun faireachán a dhéanamh ar a chur i bhfeidhm.
8. Ní bheidh de thoradh ar úsáid na sonraí dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6 den Airteagal seo próifíliú daoine aonair dá dtagraítear in Airteagal 11(3) de Threoir (AE) 2016/680 nó idirdhealú in aghaidh daoine ar na forais a liostaítear in Airteagal 21 den Chairt. Ní úsáidfear na sonraí dá dtagraítear i míreanna 5 agus 6 den Airteagal seo chun iad a chur i gcomparáid ná chun iad a mheaitseáil le sonraí pearsanta ná chun iad a chomhcheangal le sonraí pearsanta.
9. Áireofar leis na nósanna imeachta arna gcur ar bun ag eu-LISA chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt agus feidhmiú an ródaire dá dtagraítear in Airteagal 39(2) de Rialachán (AE) 2019/818 an fhéidearthacht staidreamh tráthrialta a sholáthar chun an faireachán sin a áirithiú.
Airteagal 40
Lámhleabhar praiticiúil
Déanfaidh an Coimisiún, i ndlúthchomhar leis na PIUnna, le húdaráis ábhartha eile de chuid na mBallstát, le haeriompróirí agus le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, lámhleabhar praiticiúil a ullmhú agus a chur ar fáil go poiblí, ina bhfuil treoirlínte, moltaí agus dea-chleachtais chun an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena n-áirítear maidir le cearta bunúsacha a chomhlíonadh chomh maith le pionóis i gcomhréir le hAirteagal 38.
Cuirfear lámhleabhair ábhartha eile san áireamh sa lámhleabhar praiticiúil.
Glacfaidh an Coimisiún an lámhleabhar praiticiúil i bhfoirm moladh.
CAIBIDIL 8
GAOL LE HIONSTRAIMÍ EILE ATÁ ANN CHEANA
Airteagal 41
Leasuithe ar Rialachán (AE) 2019/818
In Airteagal 39 de Rialachán (AE) 2019/818, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhíreanna 1 agus 2:
‘1. Bunaítear an lárstóras um thuairisciú agus staidreamh (CRRS) chun tacú le cuspóirí SIS, Eurodac agus ECRIS-TCN, i gcomhréir leis na hionstraimí dlí lena rialaítear na córais sin, agus chun sonraí staidrimh traschórais agus tuairisciú anailíseach a sholáthar chun críoch beartas, oibriúcháin agus cáilíochta sonraí. Tacóidh CRRS freisin le cuspóirí Rialachán (AE) 2025/13 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (*1) .
2. Déanfaidh eu-LISA CRRS ina bhfuil na sonraí agus an staidreamh dá dtagraítear in Airteagal 74 de Rialachán (AE) 2018/1862 agus Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2019/816, arna scaradh go loighciúil de réir an chórais faisnéise AE, a bhunú, a chur chun feidhme agus a óstáil ar a shuíomhanna teicniúla. Chomh maith leis sin, baileoidh eu-LISA na sonraí agus an staidreamh ón ródaire dá dtagraítear in Airteagal 39(1) de Rialachán (AE) 2025/13 . Is trí bhíthin próifílí úsáideoirí rialaithe, slánrochtana agus sonracha a thabharfar rochtain ar CRRS, chun críoch tuairiscithe agus staidrimh, agus chun na gcríoch sin amháin, do na húdaráis dá dtagraítear in Airteagal 74 de Rialachán (AE) 2018/1862, in Airteagal 32 de Rialachán (AE) 2019/816 agus in Airteagal 13(1) de Rialachán (AE) 2025/13
CAIBIDIL 9
FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA
Airteagal 42
Nós imeachta coiste
1. Tabharfaidh coiste cúnamh don Choimisiún. Beidh an coiste sin ina choiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
2. I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011. I gcás nach dtugann an coiste aon tuairim, ní dhéanfaidh an Coimisiún an dréachtghníomh cur chun feidhme a ghlacadh agus beidh feidhm ag Airteagal 5(4), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.’
Airteagal 43
An tarmligean a fheidhmiú
1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 4(11)agus (12), Airteagal 5(4) agus Airteagal 7(5) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse 5 bliana amhail ón 28 Eanáir 2025. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
Maidir le gníomh tarmligthe arna ghlacadh de bhun Airteagal 4(11), má chuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid faoi mhír 6 den Airteagal seo in iúl, ní fhéadfaidh Parlaimint na hEorpa ná an Chomhairle cur i gcoinne an fhadaithe intuigthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír den mhír seo.
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na gcumhachtaí dá dtagraítear in Airteagal 4(12), Airteagal 5(4) agus Airteagal 7(5) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 4(11) nó (12), Airteagal 5(4) nó Airteagal 7(5) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú 2 mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Airteagal 44
Faireachán agus meastóireacht
1. Áiritheoidh eu-LISA go mbeidh nósanna imeachta i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar fhorbairt an ródaire i bhfianaise cuspóirí a bhaineann le pleanáil agus costais, agus chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmiú an ródaire i bhfianaise cuspóirí a bhaineann le haschur teicniúil, cost-éifeachtacht, slándáil agus cáilíocht seirbhíse.
2. Faoin 29 Eanair 2026 agus gach bliain ina dhiaidh sin le linn chéim forbartha an ródaire, cuirfidh eu-LISA tuarascáil ar fáil maidir le staid na himeartha i ndáil le forbairt an ródaire, agus cuirfidh sé an tuarascáil sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Beidh faisnéis mhionsonraithe sa tuarascáil faoi na costais a tabhaíodh agus faoi aon rioscaí a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar na costais fhoriomlána atá le titim ar bhuiséad ginearálta an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 32.
3. A luaithe a chuirfidh an ródaire tús le hoibríochtaí, cuirfidh eu-LISA tuarascáil ar fáil ina mínítear go mionsonrach conas a gnóthaíodh na cuspóirí, go háirithe na cuspóirí a bhaineann le pleanáil agus costais, agus ina dtugtar cúiseanna le haon éagsúlachtaí, agus cuirfidh sé faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í.
4. Faoin 29 Eanair 2029, agus gach 4 bliana ina dhiaidh sin, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil ar fáil ina bhfuil meastóireacht fhoriomlán ar an Rialachán seo, lena n-áirítear maidir leis an riachtanas atá le bailiú sonraí API agus an breisluach a bhaineann leis sin, lena n-áirítear measúnú ar an méid seo a leanas:
|
(a) |
cur i bhfeidhm an Rialacháin seo; |
|
(b) |
a mhéid a bhain an Rialachán seo a chuid cuspóirí amach; |
|
(c) |
tionchar an Rialacháin seo ar chearta bunúsacha a chosnaítear faoi dhlí an Aontais; |
|
(d) |
tionchar an Rialacháin seo ar eispéireas taistil paisinéirí dlisteanacha; |
|
(e) |
tionchar an Rialacháin seo ar iomaíochas na hearnála eitlíochta agus an t-ualach a bhí ar ghnólachtaí; |
|
(f) |
cáilíocht na sonraí arna dtarchur ag an ródaire chuig na PIUnna; |
|
(g) |
feidhmíocht an ródaire i ndáil leis na PIUnna. |
Chun críocha phointe (e) den chéad fhomhír, tabharfar aghaidh freisin sa tuarascáil ón gCoimisiún ar idirghníomhaíocht an Rialacháin seo le gníomhartha reachtacha ábhartha eile de chuid an Aontais, go háirithe Rialacháin (CE) Uimh. 767/2008, (AE) 2017/2226 agus (AE) 2018/1240 agus, chun measúnú a dhéanamh ar thionchar foriomlán na n-oibleagáidí tuairiscithe gaolmhara ar aeriompróirí, sainaithneofar forálacha a d’fhéadfaí a nuashonrú agus a shimpliú, i gcás inarb iomchuí, chun an t-ualach ar aeriompróirí a mhaolú, agus breithniú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus bearta a d’fhéadfaí a dhéanamh chun an brú costais iomlán ar aeriompróirí a laghdú.
5. Áireofar freisin sa mheastóireacht dá dtagraítear i mír 4 measúnú ar an riachtanas, ar an gcomhréireacht agus ar an éifeachtacht a bhaineann le bailiú agus aistriú éigeantach sonraí API a bhaineann le heitiltí laistigh den Aontas a áireamh laistigh de raon feidhme an Rialacháin seo.
6. Cuirfidh an Coimisiún an tuarascáil mheastóireachta faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí agus Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha. Más iomchuí, i bhfianaise na meastóireachta atá déanta, déanfaidh an Coimisiún togra reachtach a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle d’fhonn an Rialachán seo a leasú.
7. Tabharfaidh na Ballstáit agus aeriompróirí do eu-LISA agus don Choimisiún, arna iarraidh sin, cibé faisnéis is gá chun na tuarascálacha dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 4 a dhréachtú. Go háirithe, soláthróidh na Ballstáit faisnéis chainníochtúil agus cháilíochtúil faoi shonraí API a bhailiú ó thaobh na hoibríochta de. Ní áireofar sonraí pearsanta san fhaisnéis arna soláthar. Féadfaidh Ballstáit staonadh ó fhaisnéis den sórt sin a sholáthar, más amhlaidh gur gá, agus a mhéid is gá, chun nach ndéanfar modhanna oibre rúnda a nochtadh nó imscrúduithe atá fós ar siúl ag a gcuid PIUnna nó údaráis inniúla eile a chur i mbaol. Áiritheoidh an Coimisiún go gcosnófar go hiomchuí aon fhaisnéis rúnda a sholáthraítear.
Airteagal 45
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige:
|
(a) |
maidir le sonraí API, ón dáta 2 bhliain ón dáta a chuirfidh an ródaire tús le hoibríochtaí, arna chinneadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 34; agus |
|
(b) |
maidir le sonraí eile PNR, ón dáta 4 bliana ón dáta a chuirfidh an ródaire tús le hoibríochtaí, arna chinneadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 35. |
Mar sin féin:
|
(a) |
beidh feidhm ag Airteagal 4(12),Airteagal 5(3), Airteagal 7(5, Airteagal 11(5), Airteagal 12(6), Airteagal 18(4), Airteagal 23(2), Airteagal 24(2), Airteagal 25, Airteagal 28, Airteagal 29, Airteagal 32(1), Airteagal 34, Airteagal 35, Airteagal 42 agus Airteagal 43 ón 28 Eanair 2025; |
|
(b) |
beidh feidhm ag Airteagal 6, Airteagal 17(1), (2) agus (3), Airteagal 18 (1), (2) agus (3), Airteagal 19, Airteagal 20, Airteagal 26, Airteagal 27 agus Airteagal 33 ón dáta a chuirfidh an ródaire tús le hoibríochtaí, arna chinneadh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagail 34 agus 35. |
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach sna Ballstáit i gcomhréir leis na Conarthaí.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Nollaig 2024.
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
An tUachtarán
R. METSOLA
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
BÓKA J.
(1) IO C, 228, 29.6.2023, lch. 97.
(2) Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Aibreán 2024 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil) agus cinneadh ón gComhairle an 12 Nollaig 2024.
(3) Treoir 2004/82/CE ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir leis an oibleagáid ar iompróirí sonraí paisinéirí a chur in iúl (IO L 261, 6.8.2004, lch. 24).
(4) Treoir (AE) 2016/681 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le húsáid sonraí maidir le taifead ainmneacha paisinéirí (PNR) chun cionta sceimhlitheoireachta agus coireacht thromchúiseach a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh (IO L 119, 4.5.2016, lch. 132).
(5) Rialachán (AE) 2025/12 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 maidir le réamhaisnéis faoi phaisinéirí a bhailiú agus a aistriú chun seiceálacha ag teorainneacha seachtracha a fheabhsú agus a éascú, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726 agus (AE) 2019/817, agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/82/CE ón gComhairle (IO L, 2025/12, 8.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/12/oj).
(6) Rialachán (AE) 2019/1157 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le neartú a dhéanamh ar shlándáil chártaí aitheantais shaoránaigh an Aontais agus doiciméad cónaithe arna n-eisiúint do shaoránaigh an Aontais agus baill dá dteaghlaigh a fheidhmíonn a gceart chun saorghluaiseachta (IO L 188, 12.7.2019, lch. 67).
(7) Rialachán (CE) Uimh. 2252/2004 ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 maidir le caighdeáin do ghnéithe slándála agus do bhithmhéadracht i bpasanna agus i ndoiciméid taistil arna n-eisiúint ag Ballstáit (IO L 385, 29.12.2004, lch. 1).
(8) Treoir (AE) 2019/997 ón gComhairle an 18 Meitheamh 2019 lena mbunaítear Doiciméad Práinne Taistil AE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 96/409/CBES (IO L 163, 20.6.2019, lch. 1).
(9) Rialachán (AE) 2017/2226 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2017 lena mbunaítear Córas Dul Isteach/Imeachta (EES) chun sonraí faoi dhul isteach agus imeacht agus sonraí faoi dhiúltú cead isteach náisiúnach tríú tír a chlárú agus iad ag trasnú theorainneacha seachtracha na mBallstát agus lena gcinntear na coinníollacha ar a dtabharfar rochtain ar EES chun críocha fhorghníomhú an dlí, agus lena leasaítear an Coinbhinsiún lena ndéantar Comhaontú Schengen a chur chun feidhme agus Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 agus Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 327, 9.12.2017, lch. 20).
(10) Rialachán (AE) 2018/1240 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meán Fómhair 2018 lena mbunaítear Córas Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) agus lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1077/2011, (AE) Uimh. 515/2014, (AE) 2016/399, (AE) 2016/1624 agus (AE) 2017/2226 (IO L 236, 19.9.2018, lch. 1).
(11) Rialachán (CE) Uimh. 767/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Iúil 2008 maidir leis an gCóras Faisnéise Víosaí (VIS) agus maidir le sonraí ar víosaí gearrfhanachta a mhalartú idir na Ballstáit (Rialachán VIS), (IO L 218, 13.8.2008, lch. 60).
(12) Rialachán (AE) 2018/1726 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais (eu-LISA), agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1987/2006 agus Cinneadh 2007/533/CGB ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1077/2011 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 99).
(13) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir leis na cearta atá ag daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus iad ag taisteal d’aer (IO L 204, 26.7.2006, lch. 1).
(14) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(15) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
(16) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).
(17) Rialachán (AE) 2019/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le creat a bhunú le haghaidh idir-inoibritheacht idir córais faisnéise AE i réimse an chomhair póilíneachta agus an chomhair bhreithiúnaigh, an tearmainn agus na himirce agus lena leasaítear Rialacháin (AE) 2018/1726, (AE) 2018/1862 agus (AE) 2019/816 (IO L 135, 22.5.2019, lch. 85).
(18) IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
(19) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2011/182/io).
(20) IO C 84, 7.3.2023, lch. 2
(21) Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/13/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)