European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/328

20.2.2025

RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/328 ÓN gCOIMISIÚN

an 19 Feabhra 2025

lena leasaítear Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le formheas an stádais riosca dhiomaibhsigh i ndáil leis an scráibeach chlasaiceach sa tSlóivéin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 lena leagtar síos rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha áirithe (1) a chosc, a rialú agus a dhíothú, agus go háirithe Airteagal 16 a léifear i gcomhar le Roinn A, pointe 2.2, an chéad mhír, de Chaibidil A d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001, leagtar síos rialacha maidir le heinceifileapaití spúinseacha in-tarchurtha (TSEnna) a chosc, a rialú agus a dhíothú i mbó-ainmhithe, in ainmhithe de chineál caorach agus in ainmhithe de chineál gabhair. Maidir le bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach nó ainmhithe de chineál gabhair agus a seamhan, a suthanna agus a n-ubháin a chur ar an margadh nó, más gá, iad a onnmhairiú, foráiltear in Airteagal 15(1) den Rialachán sin, inter alia, go bhfuil na gníomhaíochtaí sin faoi réir na gcoinníollacha atá leagtha síos in Iarscríbhinn VIII a ghabhann leis an Rialachán céanna.

(2)

I Roinn A de Chaibidil A d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001, tá, inter alia, na coinníollacha a bhfuil feidhm acu maidir le hainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair agus a seamhan agus a suthanna a chur ar an margadh. Baineann pointe 2.1 den Roinn sin leis an gcás ina measann Ballstát go mbaineann riosca diomaibhseach i ndáil leis an scráibeach chlasaiceach lena chríoch nó le cuid dá chríoch. Sa chás sin, ní mór don Bhallstát lena mbaineann doiciméadacht tacaíochta iomchuí a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina léireofar go gcomhlíontar na critéir a leagtar síos sa phointe sin. I bpointe 2.2 den Roinn sin luaitear go bhféadfadh an Coimisiún stádas riosca dhiomaibhsigh i ndáil leis an scráibeach chlasaiceach sa Bhallstáit nó i gcrios an Bhallstáit a fhormheas. Foráiltear le pointe 2.2 den Roinn sin freisin go dtabharfaidh an Ballstát fógra don Choimisiún maidir le haon athrú ar an bhfaisnéis, arna cur isteach i gcomhréir le pointe 2.1 de, a bhaineann leis an ngalar sin. Thairis sin, i bpointe 2.3 den Roinn sin, liostaítear na Ballstáit inar formheasadh a stádas riosca dhiomaibhsigh i ndáil leis an scráibeach chlasaiceach.

(3)

An 26 Meitheamh 2023, chuir an tSlóivéin iarratas faoi bhráid an Choimisiún chun go n-aithneofar go bhfuil stádas riosca dhiomaibhsigh i ndáil leis an scráibeach chlasaiceach ag baint léi. Thug an Coimisiún tuairim fhabhrach uaidh maidir le hiarratas na Slóivéine i ndáil leis na critéir a leagtar síos i gCaibidil A, Roinn A, pointe 2.1(a), (b), (d), (e) agus (f) d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001, ach níor chuir sé i gcrích a mheasúnú maidir le pointe 2.1(c) den Roinn sin. An 29 Feabhra 2024, d’iarr an Coimisiún cúnamh eolaíoch agus teicniúil ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) chun a mheas ar léirigh an Ballstát, ina iarratas, comhlíontacht le Roinn A, pointe 2.1(c) agus pointe 2.2 de Chaibidil A d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001.

(4)

An 21 Deireadh Fómhair 2024, d’fhoilsigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (EFSA) tuarascáil eolaíoch maidir le ‘Meastóireacht ar iarratas na Slóivéine chun go n-aithneofar go bhfuil stádas riosca dhiomaibhsigh i ndáil leis an scráibeach chlasaiceach ag baint léi’ (2) mar fhreagairt ar iarraidh ón gCoimisiún (tuarascáil EFSA). Ar bhonn na híogaireachta diagnóisí arna cur ar fáil ag EFSA agus an Institiúid Ábhar Tagartha agus Tomhas (IRMM) de chuid an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde le haghaidh na scagthástálacha diagnóiseacha a d’úsáid údarás inniúil na Slóivéine chun an scráibeach chlasaiceach a bhrath, agus ar bhonn líon agus chineál na n-ainmhithe de chineál caorach agus de chineál gabhair a tástáladh chun na críche sin idir 2016 agus 2023, is é conclúid thuarascáil EFSA maidir le híogaireacht fhoriomlán an chórais faireachais a chuirtear i bhfeidhm chun an galar a bhrath go bhfuil sí i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach i Roinn A, pointe 2.1(c), de Chaibidil A d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 le haghaidh gach ceann de na 7 mbliana sin.

(5)

Is é conclúid thuarascáil EFSA freisin, ar bhonn na híogaireachta tástálacha arna cur ar fáil le measúnuithe na scagthástálacha diagnóiseacha a rinne EFSA agus IRMM roimhe seo, maidir le rúin na Slóivéine i ndáil le faireachas ar an scráibeach chlasaiceach amach anseo, go leanfaidh na rúin sin de bheith ag comhlíonadh na gceanglas a leagtar síos i Roinn A, pointe 2.2 de Chaibidil A d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001

(6)

Agus tuarascáil EFSA agus toradh fabhrach an mheasúnaithe a rinne an Coimisiún ar an iarratas sin á gcur san áireamh leis na critéir eile a leagtar amach i Roinn A, pointe 2.1, de Chaibidil A d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001, ba cheart an tSlóivéin a liostú mar Bhallstát a bhfuil stádas riosca dhiomaibhsigh i ndáil leis an scráibeach chlasaiceach ag baint leis.

(7)

Dá bhrí sin, ba cheart Roinn A, pointe 2.3, de Chaibidil A d’Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 a leasú chun an tSlóivéin a chur le liosta na mBallstát a bhfuil stádas riosca dhiomaibhsigh i ndáil leis an scráibeach chlasaiceach ag baint leo.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 19 Feabhra 2025.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 147, 31.5.2001, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2001/999/oj.

(2)   https://doi.org/10.2903/j.efsa.2024.9042.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn VIII a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 999/2001, i gCaibidil A, i Roinn A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2.3:

‘2.3.

Is iad seo an leanas na Ballstáit nó crios an Bhallstáit a bhfuil riosca diomaibhseach i ndáil leis an scráibeach chlasaiceach ag baint leo:

—

an Ostair

—

an tSeicia

—

an tSlóivéin

—

an Fhionlainn

—

an tSualainn.’


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/328/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)