European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2025/1327

13.3.2025

P9_TA(2024)0219

Praghsáil aistrithe

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle maidir le praghsáil aistrithe (COM(2023)0529 – C9-0339/2023 – 2023/0322(CNS))

(An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)

(C/2025/1327)

Tá Parlaimint na hEorpa,

—

ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2023)0529),

—

ag féachaint d’Airteagal 115 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9-0339/2023),

—

ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

—

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0066/2024),

1.

ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;

2.

á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

3.

á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl don Pharlaimint má tá sé beartaithe aici imeacht ón téacs a d’fhormheas an Pharlaimint;

4.

á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le an Parlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;

5.

á treorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Leasú 1

Togra le haghaidh treorach

Aithris 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2a)

Tagraíonn creimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis (BEPS) do straitéisí pleanála cánach a úsáideann fiontair ilnáisiúnta a bhaineann leas as bearnaí agus neamhréireachtaí i rialacha cánach chun críche seachanta cánach. Cé go bhfuil gá le praghsáil aistrithe faoi láthair chun a chinneadh cá háit a ndéantar brabúis a thuairisciú, baineadh mí-úsáid aisti freisin chun laghdú a dhéanamh ar dhliteanais cánach gnólachtaí i dtíortha a bhfuil rátaí cánach níos airde acu, rud as a leanann aistriú brabúis. Ba cheart go gcuirfí prionsabal an fheidhmithe neamhspleách i bhfeidhm sna Ballstáit, agus go ndéanfadh cáiníocóirí an méid sin, ar bhealach a ráthaíonn cinnteacht mhéadaithe cánach do cháiníocóirí agus a íoslaghdaíonn riosca an aistrithe brabúis.

Leasú 2

Togra le haghaidh treorach

Aithris 2 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2b)

Ba cheart córas cionroinnte de réir foirmle a bheith ann ar mhaithe leis na Ballstáit uile mar réiteach fhadtéarmach chun aghaidh a thabhairt ar sheachaint cánach ar bhealach éifeachtach agus íosleibhéal cánachais éifeachtach a ráthú do ghrúpaí FIN.

Leasú 3

Togra le haghaidh treorach

Aithris 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)

I gcás ina gcuireann na Ballstáit prionsabal an fheidhmithe neamhspleách i bhfeidhm, nó i gcás ina léirmhíníonn siad é, ar bhealaí éagsúla , cruthaítear cásanna a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh don mhargadh inmheánach. Neamhréir i ndáil le cur i bhfeidhm rialacha praghsála aistrithe, ní hamháin go bhféadfadh cánachas dúbailte a bheith ann dá toradh sin ach d’fhéadfadh aistriú brabúis agus seachaint cánach a bheith i gceist freisin. Is bacainn chánach thromchúiseach í neamhréir den sórt sin do ghnólachtaí a bhíonn ag oibriú thar theorainneacha, agus is dócha go mbeidh saobhadh eacnamaíoch agus neamhéifeachtúlachtaí ann dá barr agus tá tionchar diúltach aici ar an infheistíocht agus ar an bhfás trasteorann .

(3)

I gcás ina gcuireann na Ballstáit prionsabal an fheidhmithe neamhspleách i bhfeidhm, nó i gcás ina léirmhíníonn siad é, ar bhealaí atá éagsúil go suntasach , cruthaítear cásanna a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh don mhargadh inmheánach agus a d’fhéadfadh costais nach bhfuil gá leo do ghnólachtaí i gcás díospóidí a bheith mar thoradh orthu, agus d’fhéadfadh na cásanna sin iomaíocht dhíobhálach cánach a thionscnamh, struchtúir ionsaitheacha seachanta cánach a mhealladh, státchabhair neamhdhleathach a chruthú agus ioncaim ó na Ballstáit a laghdú freisin. Neamhréir i ndáil le cur i bhfeidhm rialacha praghsála aistrithe, ní hamháin go bhféadfadh cánachas dúbailte a bheith ann dá toradh sin ach d’fhéadfadh aistriú brabúis, seachaint cánach agus neamhchánachas dúbailte a bheith i gceist freisin. D'fhéadfadh neamhréireachtaí suntasacha den sórt sin a bheith ina mbagairt thromchúiseach ar ioncam cánach, ar mheanma cánach agus ar chumais theoranta na riarachán cánach. Chomh maith leis sin, cruthaíonn na neamhréireachtaí sin bacainní do ghnólachtaí, go háirithe FBManna , a oibríonn thar theorainneacha, agus is dócha go mbeidh saobhadh eacnamaíoch agus neamhéifeachtúlachtaí ann dá mbarr agus go mbeidh tionchar diúltach acu ar an infheistíocht thrasteorann. Thairis sin, ba cheart don Choimisiún a áirithiú nach gcruthaítear leis an Treoir sin aon neamhréir i dtaca leis na treoirlínte is déanaí ó ECFE, lena n-áirítear Méid A agus Méid B de Cholún a hAon, arb í is aidhm dóibh na rialacha um phraghsáil aistrithe atá ann cheana a shimpliú.

Leasú 4

Togra le haghaidh treorach

Aithris 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3a)

Ba cheart do riaracháin chánach a mheas, áfach, go bhféadfadh fiontair chomhlachaithe a bheith dílis agus praghas margaidh á chinneadh go cruinn acu in éagmais fórsaí margaidh nó tráth a bhfuil straitéis tráchtála áirithe á glacadh acu.

Leasú 5

Togra le haghaidh treorach

Aithris 3 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3b)

Ag tús thionscadal BEPS in 2013, mheas ECFE, cé gur aithin sé na srianta modheolaíochta agus sonraí, go bhféadfadh scála na gcaillteanas ioncaim domhanda ó cháin chorparáide i ngeall ar chleachtais BEPS, lena n-áirítear ionramháil na praghsála aistrithe, a bheith idir USD 100 agus 240 billiún in aghaidh na bliana  (1a) .

 

Leasú 6

Togra le haghaidh treorach

Aithris 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4)

Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha chun a áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm prionsabal an fheidhmithe neamhspleách ar an mbealach céanna ar fud an Aontais agus é d’aidhm aige sin deimhneacht chánach a mhéadú agus tarluithe cánachais dhúbailte, chomh maith le tarluithe neamh chánachais dhúbailte, a laghdú.

(4)

Leagtar síos leis an Treoir seo rialacha chun a áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm prionsabal an fheidhmithe neamhspleách ar an mbealach céanna ar fud an Aontais agus é d’aidhm aige sin deimhneacht chánach a mhéadú, tarluithe neamh chánachais dhúbailte, chomh maith le tarluithe cánachais dhúbailte, a laghdú, costais chomhlíontachta cánach agus dlíthíocht, go háirithe do cháiníocóirí a oibríonn thar theorainneacha laistigh den Aontas, a laghdú, agus mí-úsáid chánach a sheachaint.

Leasú 7

Togra le haghaidh treorach

Aithris 6

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6)

Chun an maolú ar chánachas dúbailte a áirithiú, ba cheart sásraí leordhóthanacha a bheith i bhfeidhm ag na Ballstáit chun é a chur ar a gcumas dóibh, i gcás ina ndéantar coigeartú príomhúil i mBallstát eile nó dlínse tríú tír eile, coigeartú comhfhreagrach a dhéanamh. Go sonrach, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann coigeartuithe comhfhreagracha a dhéanamh agus níor cheart teorainn a chur le coigeartú den sórt sin a dheonú i gcomhthéacs nósanna imeachta um chomhaontú frithpháirteach (MAPanna), ach de thoradh na nithe seo a leanas freisin: (i) nós imeachta ‘mear’ le tabhairt i gcrích faoi cheann 180 lá gan gá MAP a oscailt i gcás nach bhfuil aon amhras ann ach go bhfuil bunús maith faoin gcoigeartú príomhúil; nó (ii) iniúchtaí comhpháirteacha nó foirmeacha eile comhair idirnáisiúnta amhail cláir iltaobhacha um measúnú riosca amhail an Cur Chuige Eorpach i leith Iontaobhais agus Comhair (ETACA) agus an Clár Idirnáisiúnta um Dhearbhú Comhlíontachta (ICAP).

(6)

Chun an maolú ar chánachas dúbailte a áirithiú, ba cheart sásraí leordhóthanacha a bheith i bhfeidhm ag na Ballstáit chun é a chur ar a gcumas dóibh, i gcás ina ndéantar coigeartú príomhúil i mBallstát eile nó dlínse tríú tír eile, coigeartú comhfhreagrach a dhéanamh. Go sonrach, ba cheart do na Ballstáit a bheith in ann coigeartuithe comhfhreagracha a dhéanamh agus níor cheart teorainn a chur le coigeartú den sórt sin a dheonú i gcomhthéacs nósanna imeachta um chomhaontú frithpháirteach (MAPanna), ach de thoradh na nithe seo a leanas freisin: (i) nós imeachta ‘mear’ le tabhairt i gcrích faoi cheann 180 lá gan gá MAP a oscailt i gcás nach bhfuil aon amhras ann ach go bhfuil bunús maith faoin gcoigeartú príomhúil; nó (ii) iniúchtaí comhpháirteacha nó foirmeacha eile comhair idirnáisiúnta amhail cláir iltaobhacha um measúnú riosca amhail an Cur Chuige Eorpach i leith Iontaobhais agus Comhair (ETACA) agus an Clár Idirnáisiúnta um Dhearbhú Comhlíontachta (ICAP). Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit na nósanna imeachta agus na comhaontuithe uile arna soláthar ag an Treoir maidir le comhar riaracháin (DAC) a úsáid, go háirithe an tríú agus an séú athbhreithniú a chumhdaíonn an malartú faisnéise a bhaineann le Réamh-Chomhaontuithe Praghsála agus an malartú faisnéise maidir le comhaontuithe trasteorann intuairiscithe arna dtuairisciú ag idirghabhálaithe nó ag an gcáiníocóir ábhartha.

Leasú 8

Togra le haghaidh treorach

Aithris 6 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6a)

Mar gheall ar an méadú féideartha i ndáil leis an dlíthíocht, ceanglaítear leis an Treoir seo sásraí meara lenar féidir freagairt do gach éileamh a thabhairt isteach. Is gá don chóras eadrána a bheith pras ionas gur féidir teacht ar chomhaontuithe, agus ar an mbealach sin seachnaítear fadhbanna agus díospóidí a d’fhéadfadh teacht chun cinn.

Leasú 9

Togra le haghaidh treorach

Aithris 6 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6b)

Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh sásraí inrochtana um réiteach díospóide ann le haghaidh trádáil trasteorann, rud lena n-áirithítear deimhneacht chánach agus lena gcuirtear deireadh le cánachas dúbailte do cháiníocóirí. Is féidir dlús a chur le cásanna a réiteach laistigh de thréimhsí ama níos giorra trí úsáid na Nósanna Imeachta um Chomhaontuithe Frithpháirteacha (MAPanna) a neartú, mar a leagtar amach i gCoinbhinsiún Eadrána an Aontais. Chuige sin, iarrtar ar na Ballstáit acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh ionas gur féidir sprioc-amanna a bhaint amach agus gur féidir le MAPanna bheith ina uirlis éifeachtach chun deireadh a chur le cánachas dúbailte.

Leasú 10

Togra le haghaidh treorach

Aithris 7

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7)

D’fhéadfadh cúiseanna dlisteanacha a bheith ann chun nach dtugtar coigeartú comhfhreagrach nó chun gur lú ná an coigeartú príomhúil é. Go sonrach, níor cheart do na Ballstáit coigeartuithe comhfhreagracha a dheonú más rud é: (i) nach meastar go bhfuil an coigeartú príomhúil comhsheasmhach le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách; (ii) nach ngearrfar cáin ar mhéid brabús i ndlínse eile ina raibh an fiontar comhlachaithe sa Bhallstát ábhartha faoi réir cánach cheana féin mar thoradh ar an gcoigeartú príomhúil; agus (iii) nuair atá baint ag dlínse tríú tír, nach bhfuil aon chonradh cánach i bhfeidhm. In éagmais coigeartú príomhúil, ní fhéadfaidh na Ballstáit coigeartú anuas a dhéanamh ach amháin más rud é: (i) go bhfuil an coigeartú anuas i gcomhréir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách: (ii) go bhfuil méid atá cothrom leis an gcoigeartú anuas ar áireamh i mbrabús an fhiontair chomhlachaithe sa dlínse eile agus faoi réir cánach ann: agus (iii) gur seoladh teachtaireacht maidir leis an rún an coigeartú anuas a dhéanamh chuig an dlínse ábhartha. Is é is aidhm leis na forálacha roimhe seo a áirithiú: (i) gur féidir leis na Ballstáit an ceart a chaomhnú chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an coigeartú príomhúil ar neamhthuilleamaí; agus (ii) nach ann do chánachas dúbailte ná neamhchánachas dúbailte. Níor cheart do na Ballstáit cásanna neamhchánachais dhúbailte a chruthú.

(7)

D’fhéadfadh cúiseanna dlisteanacha a bheith ann chun nach dtugtar coigeartú comhfhreagrach nó chun gur lú ná an coigeartú príomhúil é. Go sonrach, níor cheart do na Ballstáit coigeartuithe comhfhreagracha a dheonú más rud é: (i) nach meastar go bhfuil an coigeartú príomhúil comhsheasmhach le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách; (ii) nach ngearrfar cáin ar mhéid brabús i ndlínse eile ina raibh an fiontar comhlachaithe sa Bhallstát ábhartha faoi réir cánach cheana féin mar thoradh ar an gcoigeartú príomhúil; agus (iii) nuair atá baint ag dlínse tríú tír, nach bhfuil aon chonradh cánach i bhfeidhm. In éagmais coigeartú príomhúil, ní fhéadfaidh na Ballstáit coigeartú anuas a dhéanamh ach amháin más rud é: (i) go bhfuil an coigeartú anuas i gcomhréir le prionsabal an fheidhmithe neamhspleách agus nach mbíonn neamhchánachas dúbailte mar thoradh air ; (ii) go bhfuil méid atá cothrom leis an gcoigeartú anuas ar áireamh i mbrabús an fhiontair chomhlachaithe sa dlínse eile agus faoi réir cánach ann; agus (iii) gur seoladh teachtaireacht maidir leis an rún an coigeartú anuas a dhéanamh chuig an dlínse ábhartha. Is é is aidhm leis na forálacha roimhe seo a áirithiú: (i) gur féidir leis na Ballstáit an ceart a chaomhnú chun measúnú a dhéanamh ar cé acu atá nó nach bhfuil an coigeartú príomhúil ar neamhthuilleamaí; agus (ii) nach ann do chánachas dúbailte ná neamhchánachas dúbailte. Níor cheart do na Ballstáit cásanna neamhchánachais dhúbailte a chruthú.

Leasú 11

Togra le haghaidh treorach

Aithris 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13)

Chun díospóidí a íoslaghdú agus cur chuige coiteann a áirithiú ar fud an Aontais, déantar foráil leis an Treoir sin freisin nár cheart cáiníocóir a chur faoi réir coigeartú i gcás ina dtiteann a thorthaí faoin raon idircheathairíle ach amháin má chruthaíonn an t-údarás fioscach nó an cáiníocóir go bhfuil údar maith le suíomh sonrach difriúil sa raon de bharr fhíorais agus imthosca an cháis shonraigh. I gcás nach bhfuil torthaí idirbhirt rialaithe faoin raon ar neamhthuilleamaí, ba cheart a cheangal ar údaráis fhioscacha coigeartú a dhéanamh ar airmheán na dtorthaí uile mura gcruthaíonn an cáiníocóir nó an t-údarás fioscach go gcinntear, le haon phointe eile sa raon, praghas ar neamhthuilleamaí níos iontaofa sa chás faoi leith.

(13)

Chun díospóidí a íoslaghdú, costais ghaolmhara do ghnólachtaí a laghdú , agus cur chuige coiteann a áirithiú ar fud an Aontais, déantar foráil leis an Treoir sin freisin nár cheart cáiníocóir a chur faoi réir coigeartú i gcás ina dtiteann a thorthaí faoin raon idircheathairíle ach amháin má chruthaíonn an t-údarás fioscach nó an cáiníocóir go bhfuil údar maith le suíomh sonrach difriúil sa raon de bharr fhíorais agus imthosca an cháis shonraigh. I gcás nach bhfuil torthaí idirbhirt rialaithe faoin raon ar neamhthuilleamaí, ba cheart a cheangal ar údaráis fhioscacha coigeartú a dhéanamh ar airmheán na dtorthaí uile mura gcruthaíonn an cáiníocóir nó an t-údarás fioscach go gcinntear, le haon phointe eile sa raon, praghas ar neamhthuilleamaí níos iontaofa sa chás faoi leith.

Leasú 12

Togra le haghaidh treorach

Aithris 14

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14)

Chun an t-ualach comhlíontachta a laghdú le haghaidh cáiníocóirí a oibríonn thar theorainneacha laistigh den Aontas, ba cheart cur chuige coiteann i leith na doiciméadachta maidir le praghsáil aistrithe a thabhairt isteach. Le teimpléad caighdeánach amháin, rialacha maidir le hábhar agus socrúcháin teanga, tráthchláir agus na cáiníocóirí ar cheart a bheith faoin raon feidhme, thabharfaí isteach simplíocht agus coigilteas costais féideartha nuair a chuirtear san áireamh Caibidil V dar teideal ‘Doiciméadacht’ de Threoirlínte ECFE maidir le Praghsáil Aistrithe agus an Cód Iompair i leith doiciméadacht maidir le praghsáil aistrithe d’fhiontair chomhlachaithe san Aontas Eorpach (33).

(14)

Chun an t-ualach comhlíontachta a laghdú le haghaidh cáiníocóirí a oibríonn thar theorainneacha laistigh den Aontas, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar riosca na seachanta cánach , ba cheart cur chuige coiteann i leith na doiciméadachta maidir le praghsáil aistrithe a thabhairt isteach freisin. Le teimpléad caighdeánach amháin, rialacha maidir le hábhar agus socrúcháin teanga, tráthchláir agus na cáiníocóirí ar cheart a bheith faoin raon feidhme, thabharfaí isteach simplíocht agus coigilteas costais féideartha nuair a chuirtear san áireamh Caibidil V dar teideal ‘Doiciméadacht’ de Threoirlínte ECFE maidir le Praghsáil Aistrithe agus an Cód Iompair maidir le doiciméadacht na praghsála aistrithe d’fhiontair chomhlachaithe san Aontas Eorpach (33). Tá gá le léirmhíniú comhchuibhithe ar na téarmaí sin ar leibhéal an Aontais freisin chun cur i bhfeidhm na Treorach sin ag na húdaráis fhioscacha agus ag gnólachtaí a éascú. Dá bhrí sin, ba cheart do na Ballstáit a gcuid údarás fioscach a chumhachtú chun déileáil go héifeachtúil leis na hiarrachtaí doiciméadachta coiteanna i ndáil le praghsáil aistrithe.

Leasú 13

Togra le haghaidh treorach

Aithris 16

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16)

Chun níos mó cinnteachta a chruthú do cháiníocóirí agus chun riosca an chánachais dhúbailte a mhaolú, foráiltear sa Treoir seo an fhéidearthacht go mbunófaí rialacha ceangailteacha comhchoiteanna eile le haghaidh praghsáil aistrithe trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Leis na gníomhartha cur chun feidhme sin, ba cheart léargas soiléir a thabhairt do na cáiníocóirí ar an méid a mheasfadh údaráis fhioscacha san Aontas a bheith inghlactha lena úsáid le haghaidh idirbhearta sonraithe agus chomh maith leis sin, ba cheart ‘cuanta sábháilte’, mar a thugtar orthu, a sholáthar leo lena laghdófar an t-ualach comhlíontachta agus an líon díospóidí. I bhfianaise an tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag bearta den sórt sin ar chumhacht náisiúnta feidhmiúcháin agus forfheidhmiúcháin i ndáil le cánachas díreach, cearta chun cánachais a shanntar faoi choinbhinsiúin chánach dhéthaobhacha nó iltaobhacha lena gcoisctear cánachas dúbailte nó neamhchánachas dúbailte a fheidhmiú agus i bhfianaise an tionchair a d’fhéadfaí a imirt ar bhoinn chánach na mBallstát, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme chun cinntí a ghlacadh faoin Treoir seo a thabhairt don Chomhairle, a ghníomhóidh ar thogra ón gCoimisiún.

(16)

Chun níos mo cinnteachta a chruthú do cháiníocóirí agus chun riosca an neamhchánachais dhúbailte agus an chánachais dhúbailte a mhaolú agus ag féachaint don tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag bearta ábhartha maidir le cumhacht feidhmiúcháin agus forfheidhmiúcháin ar chánachas díreach, ar chearta cánachais arna leithdháileadh faoi choinbhinsiúin dhéthaobhacha nó iltaobhacha a fheidhmiú lena gcoisctear cánachas dúbailte nó neamhchánachas dúbailte agus i bhfianaise an tionchair a d’fhéadfadh a bheith ar bhoinn chánach na mBallstát, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun rialacha ceangailteacha comhchoiteanna eile le haghaidh praghsáil aistrithe a bhunú. Leis na gníomhartha tarmligthe sin, ba cheart léargas soiléir a thabhairt do na cáiníocóirí ar an méid a mheasfadh údaráis fhioscacha san Aontas a bheith inghlactha lena úsáid le haghaidh idirbhearta sonraithe agus chomh maith leis sin, ba cheart ‘cuanta sábháilte’, mar a thugtar orthu, a sholáthar leo lena laghdófar an t-ualach comhlíontachta agus an líon díospóidí.

Leasú 14

Togra le haghaidh treorach

Aithris 16 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(16a)

Ós rud é gur ábhar é praghsáil aistrithe a bhíonn ag athrú le himeacht ama, beidh sé thar a bheith tábhachtach faireachán leanúnach a dhéanamh ar an ngá atá le coigeartuithe maidir leis an Treoir seo leis an gcuspóir aonfhoirmeacht na modheolaíochtaí praghsála aistrithe a ráthú laistigh den Aontas agus ar an ardán domhanda.

Leasú 15

Togra le haghaidh treorach

Aithris 16 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(16b)

Tá réitigh phraiticiúla curtha ar fáil ag Fóram Comhpháirteach an Aontais Eorpaigh maidir le Praghsáil Aistrithe i ndáil leis na dúshláin a eascraíonn as cleachtais phraghsála aistrithe sna Ballstáit ar fad. Le hathbhunú an fhóraim sin le sainordú níos leithne, ceadaítear do shaineolaithe náisiúnta ó na Ballstáit, i dteannta ionadaithe ón bpobal gnó, ón lucht acadúil agus ón tsochaí shibhialta, tacú leis an gCoimisiún, rud arb é a d’fhéadfadh eascairt as reachtaíocht lenar féidir an cuspóir sonraithe a bhaint amach, eadhon méadú a dhéanamh ar an tslándáil do ghnólachtaí san Aontas. Soláthraíonn dearcadh comhpháirteach na gcáiníocóirí agus na n-údarás cánach dearcadh níos cuimsithí a mhéid a bhaineann le réitigh phraiticiúla a bhaint amach.

Leasú 16

Togra le haghaidh treorach

Aithris 17

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17)

Chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na rialacha a leagtar amach sa Treoir seo, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a ullmhú ar bhonn na faisnéise a sholáthraíonn na Ballstáit agus ar bhonn na sonraí eile atá ar fáil.

(17)

Chun meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht agus tionchar na rialacha nua a leagtar amach sa Treoir seo, ba cheart don Choimisiún meastóireacht a ullmhú ar bhonn na faisnéise a sholáthraíonn na Ballstáit agus ar bhonn na sonraí eile atá ar fáil, in éineacht le togra reachtach, más iomchuí.

Leasú 17

Togra le haghaidh treorach

Aithris 17 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17a)

Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Treorach sin do ghrúpaí FIN a thagann faoi raon feidhme an togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim (BEFIT).

Leasú 18

Togra le haghaidh treorach

Aithris 18

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18)

Ionas go mbeidh gnólachtaí in ann tairbhe dhíreach a bhaint as buntáistí an mhargaidh inmheánaigh gan aon ualach riaracháin breise neamhriachtanach a bheith orthu, ba cheart faisnéis faoi na forálacha cánach a leagtar amach sa Treoir seo a chur ar fáil tríd an Tairseach Aonair Dhigiteach (‘SDG’) i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1724 (34). Is éard atá in SDG ionad ilfhreastail d’úsáideoirí trasteorann le haghaidh soláthar faisnéise ar líne, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh atá bainteach le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh.

(18)

Ionas go mbeidh gnólachtaí in ann tairbhe dhíreach a bhaint as buntáistí an mhargaidh inmheánaigh gan aon ualach riaracháin breise neamhriachtanach a bheith orthu, ba cheart faisnéis faoi na forálacha cánach a leagtar amach sa Treoir seo a chur ar fáil tríd an Tairseach Aonair Dhigiteach (‘SDG’) i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1724 (34). Is éard atá in SDG ionad ilfhreastail d’úsáideoirí trasteorann le haghaidh soláthar ar líne faisnéise, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh atá bainteach le feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. Ba cheart don ionad ilfhreastail sin a bheith iomasach, éasca le rochtain agus feistithe leis na huirlisí is gá ionas nach gcruthaíonn sé bacainn mhaorlathach nua do ghnólachtaí. Is sampla maith é eispéireas dearfach an ionaid ilfhreastail do Cháin Bhreisluacha (CBL) ar an gcaoi ar cheart ionad den sórt sin a dhearú chun go n-oibreodh sé i gceart.

Leasú 19

Togra le haghaidh treorach

Aithris 21

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(21)

Chun an t-ualach riaracháin ar cháiníocóirí a laghdú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le doiciméadacht na praghsála aistrithe, trí theimpléid choiteanna a leagan síos, ceanglais maidir le teangacha a shocrú, an cineál cáiníocóra is ceart cloí leis na teimpléid sin a shainmhíniú, chomh maith leis na tráthchláir a bheidh le cumhdach. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(21)

Chun an t-ualach riaracháin ar cháiníocóirí agus riosca na seachanta cánach a laghdú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le doiciméadacht na praghsála aistrithe, trí theimpléid choiteanna a leagan síos, ceanglais maidir le teangacha a shocrú, an cineál cáiníocóra is ceart cloí leis na teimpléid sin a shainmhíniú, chomh maith leis na tráthchláir a bheidh le cumhdach. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

Leasú 20

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 1– mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Leis an Treoir seo leagtar síos rialacha chun rialacha praghsála aistrithe na mBallstát a chomhchuibhiú agus chun cur i bhfeidhm coiteann phrionsabal an fheidhmithe neamhspleách a áirithiú laistigh den Aontas.

Leis an Treoir seo leagtar síos rialacha chun rialacha praghsála aistrithe na mBallstát a chomhchuibhiú agus chun cur i bhfeidhm coiteann phrionsabal an fheidhmithe neamhspleách a áirithiú laistigh den Aontas arb é is aidhm dó comhlíontacht do chuideachtaí a shimpliú agus forfheidhmiú rialacha cánach laistigh den Aontas a áirithiú an tráth céanna.

Leasú 21

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)

ciallaíonn ‘prionsabal an fheidhmithe neamhspleách’ an caighdeán idirnáisiúnta lena bhforordaítear nach mór d’fhiontair chomhlachaithe idirbhearta a dhéanamh lena chéile amhail agus dá mba thríú páirtithe neamhspleácha iad. I bhfocail eile, ba cheart a léiriú leis na hidirbhearta idir dhá fhiontar chomhlachaithe an toradh a bhainfí amach mura mbeadh gaol ann idir na páirtithe, i.e. dá mbeadh na páirtithe neamhspleách ar a chéile agus dá gcinnfí an toradh (praghas nó corrlaigh) le cúrsaí (oscailte) margaidh.

(1)

ciallaíonn ‘prionsabal an fheidhmithe neamhspleách’ an caighdeán idirnáisiúnta de bhun Airteagal 9 den tSamhailchoinbhinsiún Cánach ECFE lena bhforordaítear nach mór d’fhiontair chomhlachaithe idirbhearta a dhéanamh lena chéile amhail agus dá mba thríú páirtithe neamhspleácha iad. I bhfocail eile, ba cheart a léiriú leis na hidirbhearta idir dhá fhiontar chomhlachaithe an toradh a bhainfí amach mura mbeadh gaol ann idir na páirtithe, i.e. dá mbeadh na páirtithe neamhspleách ar a chéile agus dá gcinnfí an toradh (praghas nó corrlaigh) le cúrsaí (oscailte) margaidh.

Leasú 22

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 18

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18)

ciallaíonn ‘Treoirlínte ECFE maidir le Praghsáil Aistrithe’ Treoirlínte ECFE maidir le Praghsáil Aistrithe d’Fhiontair Ilnáisiúnta agus d’Údaráis Fhioscacha 2022, arna bhformhuiniú ag Comhairle ECFE de bhun Mholadh Chomhairle ECFE ón gComhairle maidir leis an gCinneadh i ndáil le Praghsáil Aistrithe idir Fiontair Chomhlachaithe [C(95)126/Final], agus mar a leasaíodh an 20 Eanáir 2022 agus a áirítear in Iarscríbhinn I, agus aon leasú eile ar Threoirlínte ECFE maidir le Praghsáil Aistrithe a d’fhormheas an tAontas i gcomhthéacs Choiste ECFE um Ghnóthaí Fioscacha trí ghlacadh sheasamh an Aontais faoi 218(9) CFAE;

(18)

ciallaíonn ‘Treoirlínte ECFE maidir le Praghsáil Aistrithe’ Treoirlínte ECFE maidir le Praghsáil Aistrithe d’Fhiontair Ilnáisiúnta agus d’Údaráis Fhioscacha 2022, arna bhformhuiniú ag Comhairle ECFE de bhun Mholadh Chomhairle ECFE ón gComhairle maidir leis an gCinneadh i ndáil le Praghsáil Aistrithe idir Fiontair Chomhlachaithe [C(95)126/Final], agus mar a leasaíodh an 20 Eanáir 2022 agus a áirítear in Iarscríbhinn I, agus aon leasú eile ar na Treoirlínte ECFE sin maidir le Praghsáil Aistrithe a d’fhormheas na Ballstáit i gcomhthéacs Choiste ECFE um Ghnóthaí Fioscacha nó a d’fhormheas an tAontas trí ghlacadh sheasamh an Aontais faoi Airteagal 218 CFAE;

Leasú 23

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 3 – mír 1a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun aon leasuithe breise ar Threoirlínte ECFE maidir le Praghsáil Aistrithe a ionchorprú, mar a shainmhínítear i bpointe (18) den Airteagal seo, a d’fhormheas na Ballstáit i gcomhthéacs Choiste ECFE um Ghnóthaí Fioscacha nó a d’fhormheas an tAontas trí ghlacadh sheasamh an Aontais faoi Airteagal 218 CFAE.

Leasú 24

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 5 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

tá duine rannpháirteach i mbainistiú duine eile trí bheith in ann tionchar mór a imirt ar an duine eile;

(a)

tá duine rannpháirteach i mbainistiú duine eile trí bheith in ann tionchar mór a imirt ar an duine eile;

Leasú 25

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 3 – pointe a – pointe i

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i)

tabharfar le fios na himthosca fíorasacha agus dlíthiúla uile a bhfuil gá leo chun meastóireacht a dhéanamh, faoi phrionsabal an fheidhmithe neamhspleách, ar an gcoigeartú príomhúil arna dhéanamh sa dlínse eile;

(i)

tabharfar le fios na himthosca fíorasacha agus dlíthiúla uile a bhfuil gá leo chun meastóireacht a dhéanamh, faoi phrionsabal an fheidhmithe neamhspleách, ar an gcoigeartú príomhúil arna dhéanamh sa dlínse eile, lena n-áirítear doiciméadacht ábhartha um phraghsáil aistrithe a cuireadh in iúl do na Ballstáit;

Leasú 26

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 3 – pointe a – pointe ii a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(iia)

cuirfear in iúl, i gcás gach Ballstáit lena mbaineann an coigeartú, an ráta cánach éifeachtach arna ríomh de réir bhrí Threoir (AE) 2022/2523 ón gComhairle  (1a) ;

 

Leasú 27

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 3 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)

Dearbhóidh na Ballstáit go mbeidh an iarraidh inghlactha laistigh de 30 lá le fógra don cháiníocóir má chuirtear isteach an fhaisnéis uile a sholáthraítear i mír 3, pointe (a). Sa tráthchlár céanna, tabharfaidh na Ballstáit fógra don cháiníocóir faoin easpa faisnéise riachtanaí agus deonóidh siad 30 lá ar a laghad chun í a sholáthar. Mura soláthróidh an cáiníocóir an fhaisnéis a iarrtar laistigh den sprioc-am sannta, féadfar diúltú don iarraidh mar iarraidh dho-ghlactha.

(b)

Dearbhóidh na Ballstáit go mbeidh an iarraidh inghlactha laistigh de 40 lá le fógra don cháiníocóir má chuirtear isteach an fhaisnéis uile a sholáthraítear i mír 3, pointe (a). Sa tráthchlár céanna, tabharfaidh na Ballstáit fógra don cháiníocóir faoin easpa faisnéise riachtanaí agus deonóidh siad 40 lá ar a laghad chun í a sholáthar. Mura soláthróidh an cáiníocóir an fhaisnéis a iarrtar laistigh den sprioc-am sannta, diúltófar don iarraidh mar iarraidh dho-ghlactha.

Leasú 28

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 3 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)

Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina n-eascróidh an cánachas dúbailte as coigeartú príomhúil arna dhéanamh i mBallstát eile, go dtabharfar an nós imeachta i gcrích laistigh de 180 lá ón dáta a gheofar an iarraidh ón gcáiníocóir agus go dtabharfar glacadh nó diúltú réasúnaithe.

(c)

Áiritheoidh na Ballstáit, i gcás ina n-eascróidh an cánachas dúbailte as coigeartú príomhúil arna dhéanamh i mBallstát eile, go dtabharfar an nós imeachta i gcrích laistigh de 200 lá ón dáta a gheofar an iarraidh ón gcáiníocóir agus go dtabharfar glacadh nó diúltú réasúnaithe. Féadfar an nós imeachta a shíneadh uair amháin ar feadh tréimhse 100 lá i gcás ina dtagann an cáiníocóir agus na Ballstáit lena mbaineann ar fad ar chomhaontú maidir le síneadh den sórt sin.

Leasú 29

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 3 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)

I gcás ina nglacfar leis an iarraidh, cuirfidh na Ballstáit aithint an choigeartaithe chomhfhreagraigh in iúl d’údarás fioscach na dlínse ábhartha eile.

(d)

I gcás ina nglacfar leis an iarraidh, cuirfidh na Ballstáit aithint an choigeartaithe chomhfhreagraigh in iúl láithreach d’údarás fioscach na dlínse ábhartha eile.

Leasú 30

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 3 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a.     Chun críche mhír 1, 2 agus 3, úsáidfidh na Ballstáit na nósanna imeachta agus na socruithe ar fad atá ar fáil arna soláthar ag an Treoir maidir le Comhar Riaracháin (DAC).

Leasú 31

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 6 – mír 5 – pointe a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa)

níl neamhchánachas dúbailte mar thoradh ar an gcoigeartú anuas, rud a chiallaíonn go n-áirítear an coigeartú anuas i mbrabúis inchánach an fhiontair chomhlachaithe sa dlínse eile;

Leasú 32

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 11 – mír 3 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)

ní fhéadfadh aon cheann de na difríochtaí (más ann dóibh) idir na hidirbhearta a ndéantar comparáid eatarthu nó idir na fiontair a dhéanann na hidirbhearta sin difear ábhartha a dhéanamh don phraghas sa mhargadh oscailte;

(a)

ní fhéadfadh aon cheann de na difríochtaí (más ann dóibh) idir na hidirbhearta a ndéantar comparáid eatarthu nó idir na fiontair a dhéanann na hidirbhearta sin difear ábhartha a dhéanamh don phraghas nó don chorrlach sa mhargadh oscailte;

Leasú 33

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 14 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.    Féadfaidh an Chomhairle tuilleadh rialacha a leagan síos, i gcomhréir le Treoirlínte ECFE maidir le Praghsáil Aistrithe, maidir leis an mbealach a mbeidh prionsabal an fheidhmithe neamhspleách agus na forálacha eile a leagtar síos i gCaibidil II den Treoir seo le cur i bhfeidhm in idirbhearta sonracha chun níos mó deimhneacht cánach a áirithiú agus chun riosca an chánachais dhúbailte a mhaolú. Is mar a leanas atá na hidirbhearta sonracha nó an ghnóthaíocht shonrach sin:

2.    Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun tuilleadh rialacha a leagan síos, rud a bheidh comhsheasmhach leis na Treoirlínte maidir le Praghsáil Aistrithe is déanaí arna moladh go hidirnáisiúnta, ó ECFE nó ó na Náisiúin Aontaithe , maidir leis an mbealach a mbeidh prionsabal an fheidhmithe neamhspleách agus na forálacha eile a leagtar síos i gCaibidil II den Treoir sin le cur i bhfeidhm in idirbhearta sonracha chun níos mó deimhneacht cánach a áirithiú agus chun an riosca a bhaineann le neamh chánachas dúbailte agus cánachas dúbailte a mhaolú, agus díospóidí cánach agus mí-úsáid cánach a laghdú.

(a)

aistriú sócmhainní doláimhsithe nó cearta maidir le sócmhainní doláimhsithe idir fiontair chomhlachaithe, lena n-áirítear sócmhainní doláimhsithe ar deacair iad a luacháil;

 

(b)

soláthar seirbhísí idir fiontair chomhlachaithe, lena n-áirítear soláthar seirbhísí margaíochta agus dáileacháin;

 

(c)

comhaontuithe ar ranníocaíocht na gcostas idir fiontair chomhlachaithe;

 

(d)

idirbhearta idir fiontair chomhlachaithe i gcomhthéacs athstruchtúrú gnó;

 

(e)

idirbhearta airgeadais;

 

(f)

gnóthaíocht idir an cheannoifig agus a buanbhunaíochtaí.

 

Leasú 34

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 14 – mír 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a.     Féadfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 chun tuilleadh rialacha a leagan síos chun simpliú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm phrionsabal an fheidhmithe neamhspleách san Aontas, amhail cuanta sábhailte a thabhairt isteach, chun níos mó cinnteachta cánach a áirithiú agus chun an baol go mbeidh neamhchánachas dúbailte agus cánachas dúbailte ann a mhaolú, agus díospóidí cánach agus mí-úsáid cánach a laghdú.

Leasú 35

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 14 – mír 2 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2b.     Féadfaidh an Coimisiún gníomh tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 18 lena leagtar síos rialacha chun an cur chuige simplithe atá beartaithe i leith comhlíontacht maidir le praghsáil aistrithe le haghaidh gníomhaíochtaí dáileacháin agus monaraíochta dá dtagraítear i dTreoir XX/XX/AE ón gComhairle maidir le Gnó san Eoraip a chomhtháthú sa Treoir seo: Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim (BEFIT).

Leasú 36

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 14 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.     Glacfar na rialacha dá dtagraítear i mír 2 trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme ón gComhairle bunaithe ar thogra ón gCoimisiún.

scriosta

Leasú 37

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 14 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 14a

 

Athbhunú Fhóram Comhpháirteach an Aontais Eorpaigh maidir le Praghsáil Aistrithe

 

1.     Bunóidh an Coimisiún an Fóram Eorpach maidir le Praghsáil Aistrithe (EFTP) agus déanfaidh sé cathaoirleacht air. Soláthróidh EFTP comhairle agus cúnamh don choiste de réir bhrí Airteagal 17, go háirithe chun measúnú a dhéanamh ar an ngá le haon choigeartú don Treoir seo arb é is cuspóir dó aonfhoirmeacht leanúnach modheolaíochtaí praghsála aistrithe a ráthú laistigh den Aontas agus ar an ardán domhanda, agus, rud is tábhachtaí fós, ag cur san áireamh forbairtí ar leibhéal ECFE nó ar leibhéal na Náisiún Aontaithe.

 

2.     Beidh EFTP comhdhéanta d’ionadaithe na mBallstát agus d’ionadaíocht chothromaithe na gcáiníocóirí, an luchta acadúil agus na sochaí sibhialta. Beidh Parlaimint na hEorpa ina comhalta de EFTP mar bhreathnóir. Déanfaidh an coiste na coinníollacha maidir le ballraíocht dá dtagraítear in Airteagal 17 a chinneadh.

Leasú 38

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 14 b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 14b

 

Síneadh an tionscnaimh um an gCur Chuige i leith Muinín agus Comhar san Eoraip (ETACA)

 

1.     Áireofar i raon feidhme an Chur Chuige i leith Muinín agus Comhar san Eoraip (ETACA) athbhreithnithe maidir le praghsáil aistrithe i ndáil le sreafaí sonracha laistigh den Aontas ag Ballstáit rannpháirteacha agus ní hamháin idirbhearta ar bhreisluach íseal, mar atá ann faoi láthair.

 

2.     Tugtar cuireadh do na Ballstáit nasc a bhunú idir ETACA agus APAnna chun a áirithiú go ngníomhaíonn ETACA mar chonair mhear chun réitigh chobhsaí a aimsiú nuair a thagann fadhbanna chun cinn le linn an phróisis athbhreithnithe.

Leasú 39

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 15 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Déanfaidh an Coimisiún scrúdú agus meastóireacht ar chur i bhfeidhm na Treorach seo gach 5 bliana agus cuirfidh sé tuarascáil maidir lena mheastóireacht faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Tíolacfar an chéad tuarascáil faoin 31 Nollaig  2031 .

1.    Gach trí bliana, déanfaidh an Coimisiún scrúdú agus meastóireacht ar chur i bhfeidhm, tionchar agus idirghníomhú na Treorach sin leis na Treoirlínte is déanaí ó ECFE nó ó na Náisiúin Aontaithe agus cuirfidh sé tuarascáil maidir lena meastóireacht faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle, in éineacht le togra reachtach, más iomchuí. Tíolacfar an chéad tuarascáil faoin 31 Nollaig  2029 . Féadfaidh an Coimisiún imeacht ó na hamlínte sin i gcás ina dtagtar ar chomhaontú maidir le treoirlínte nua i leith Praghsála Aistrithe ar leibhéal ECFE nó ar leibhéal na Náisiún Aontaithe.

Leasú 40

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 15 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ábhartha in iúl don Choimisiún chun meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir sin d’fhonn chur i bhfeidhm phrionsabal an fheidhmithe neamhspleách a fheabhsú, chun cánachas dúbailte a laghdú chomh maith le mí-úsáid cánach a chomhrac, i gcomhréir le mír 3.

2.   Cuirfidh na Ballstáit faisnéis ábhartha in iúl don Choimisiún chun meastóireacht a dhéanamh ar an Treoir sin d’fhonn cur i bhfeidhm phrionsabal an fheidhmithe neamhspleách a fheabhsú, chun neamhchánachas dúbailte agus cánachas dúbailte a laghdú agus chun mí-úsáid cánach agus díospóidí cánach a chomhrac, i gcomhréir le mír 3.

Leasú 41

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 15 – mír 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5.   Is féidir aon fhaisnéis a chuireann Ballstát in iúl don Choimisiún faoi mhír 2, mar aon le haon tuarascáil nó doiciméad a chuireann an Coimisiún le chéile agus leas á bhaint as an bhfaisnéis, a tharchur chuig na Ballstáit eile. Déanfar an fhaisnéis a chumhdach leis an oibleagáid rúndachta oifigiúla agus bainfear leas as an gcosaint a thugtar d’fhaisnéis den chineál céanna faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a fuair í.

5.   Is féidir aon fhaisnéis a chuireann Ballstát in iúl don Choimisiún faoi mhí 2, mar aon le haon tuarascáil nó doiciméad a chuireann an Coimisiún le chéile agus leas á bhaint as an bhfaisnéis, a tharchur chuig na Ballstáit eile agus chuig Parlaimint na hEorpa . Déanfar an fhaisnéis a chumhdach leis an oibleagáid rúndachta oifigiúla agus bainfear leas as an gcosaint a thugtar d’fhaisnéis den chineál céanna faoi dhlí náisiúnta an Bhallstáit a fuair í.

Leasú 42

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 16 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Maidir le faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a phróiseáiltear i gcomhréir leis an Treoir sin, ní choinneofar í ach chomh fada agus is gá chun críocha na Treorach sin a bhaint amach, i gcomhréir le dlí náisiúnta gach rialaitheora sonraí maidir le reacht na dtréimhsí, ach ní choimeádfar í i gcás ar bith níos faide ná 10 mbliana.

2.   Maidir le faisnéis, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a phróiseáiltear i gcomhréir leis an Treoir sin, ní choinneofar í ach chomh fada agus is gá chun críocha na Treorach sin a bhaint amach, i gcomhréir le dlí náisiúnta gach rialaitheora sonraí maidir le reacht na dtréimhsí, ach ní choimeádfar í i gcás ar bith níos faide ná 10 mbliana ón uair a dhéantar sonraí pearsanta a phróiseáil chun na gcríoch a shonraítear sa Treoir sin.

Leasú 43

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 18 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún an gníomh tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 13 a ghlacadh.

1.   Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thabharfar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear in Airteagal 3, an dara mír, Airteagal 13 agus Airteagal 14(2), (2a) agus (2b) a ghlacadh.

Leasú 44

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 18 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.   Féadfaidh an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 13 a chúlghairm tráth ar bith. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht an ghnímh tharmligthe má tá sé i bhfeidhm cheana féin.

2.   Féadfaidh an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 3, an dara mír, Airteagal 13 agus Airteagal 14(2), (2a) agus (2b) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht an ghnímh tharmligthe má tá sé i bhfeidhm cheana féin.

Leasú 45

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 18 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.   Sula nglacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe, rachaidh sé i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le reachtóireacht níos fearr.

3.   Sula nglacfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe, rachaidh sé i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le reachtóireacht níos fearr. Beidh an Fóram Eorpach maidir le Praghsáil Aistrithe dá dtagraítear in Airteagal 14a ina chomhlacht saineolais ábhartha.

Leasú 46

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 19 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Féadfaidh Parlaimint na hEorpa freastal, mar bhreathnóir, ar an gcaibidlíocht idirnáisiúnta i ndáil leis na Treoirlínte maidir le Praghsáil Aistrithe sna fóraim idirnáisiúnta ábhartha.

Leasú 47

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 19 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 19a

 

Athbhreithniú

 

Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar chur i bhfeidhm na Treorach sin do ghrúpaí FIN a thagann faoi raon feidhme an togra le haghaidh Treoir ón gComhairle maidir le Gnó san Eoraip: Creat le haghaidh Cánachas Ioncaim (BEFIT), tráth a thiocfaidh an Treoir sin i bhfeidhm.

Leasú 48

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 19b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 19b

 

Leasú ar Threoir 2011/16/AE

 

I dTreoir 2011/16/AE, cuirtear an méid seo a leanas in ionad pointe (i) d’Airteagal 8a(6):

 

‘(i)

sainaithint an mhodha a úsáidtear chun an phraghsáil aistrithe nó modhanna luachála agus teicnící eile a chinneadh chun an praghas ar neamhthuilleamaí a mheas mar a shainmhínítear in Airteagal 9 de Threoir [2024/XX/XX maidir le praghsáil aistrithe], agus an réasúnaíocht le haon mhodh den sórt sin a chur i bhfeidhm, nó praghas an aistrithe féin i gcás réamhshocraithe praghsála;’

Leasú 49

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 1 – fomhír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun an Treoir sin a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin [31 Nollaig  2025 ] ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Na dlíthe, rialacháin agus forálacha riaracháin is gá chun an Treoir sin a chomhlíonadh, déanfaidh na Ballstáit iad a ghlacadh agus a fhoilsiú faoin 31 Nollaig  2024 ar a dhéanaí. Cuirfidh siad téacs na bhforálacha sin in iúl don Choimisiún láithreach.

Leasú 50

Togra le haghaidh treorach

Airteagal 20 – mír 1 – fomhír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón [1 Eanáir 2026 ].

Cuirfidh siad na forálacha sin i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2025 .


(1a)   https://www.oecd.org/tax/beps-project-explanatory-statement-9789264263437-en.htm

(33)  Rún ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, an 27 Meitheamh 2006 maidir le cód iompair i ndáil le doiciméadacht na praghsála aistrithe le haghaidh fiontair chomhlachaithe san Aontas Eorpach (TPD AE), 2006/C 176/01, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=uriserv%3AOJ.C_.2006.176.01.0001.01.ENG&toc=OJ%3AC%3A2006%3A176%3AFULL

(33)  Rún ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, an 27 Meitheamh 2006 maidir le cód iompair i ndáil le doiciméadacht na praghsála aistrithe le haghaidh fiontair chomhlachaithe san Aontas Eorpach (TPD AE), 2006/C 176/01, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=uriserv%3AOJ.C_.2006.176.01.0001.01.ENG&toc=OJ%3AC%3A2006%3A176%3AFULL

(34)  Rialachán (AE) Uimh. 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, ar nósanna imeachta agus ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).

(34)  Rialachán (AE) 2018/1724 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, ar nósanna imeachta agus ar sheirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (IO L 295, 21.11.2018, lch. 1).

(1a)   Treoir (AE) 2022/2523 ón gComhairle an 14 Nollaig 2022 maidir le híosleibhéal domhanda cánachais a áirithiú do ghrúpaí ilnáisiúnta fiontar agus do ghrúpaí mórscála intíre san Aontas (IO L 328, 22.12.2022, lch. 1).


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2025/1327/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)