|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/259 |
11.2.2025 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2025/259 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Feabhra 2025
lena leasaítear Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a mhéid a bhaineann leis an iontráil a bhaineann leis an tSeapáin ar na liostaí de thríú tíortha nó críocha, nó criosanna de thríú tír nó de chríoch óna n-údaraítear coinsíneachtaí d’fheoil úr ó chrúbaigh a theacht isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (‘Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe’) (1), agus go háirithe Airteagal 230(1) agus Airteagal 232(1) de.
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 nach mór coinsíneachtaí d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a theacht ó thríú tír nó ó chríoch, nó ó chrios nó ó dheighleog de thríú tír nó de chríoch, a liostaítear i gcomhréir le hAirteagal 230(1) den Rialachán sin chun teacht isteach san Aontas. |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (2) leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe nach mór do choinsíneachtaí de speicis agus catagóirí áirithe d’ainmhithe, de tháirgí geirmeacha agus de tháirgí de bhunadh ainmhíoch a chomhlíonadh chun teacht isteach san Aontas ó thríú tíortha nó críocha, nó criosanna de thríú tír nó de chríoch, nó ó dheighleoga de thríú tír nó de chríoch i gcás ainmhithe uisceacha. |
|
(3) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún (3) leagtar síos na liostaí de thríú tíortha nó críocha, nó criosanna de thríú tír nó de chríoch óna gceadaítear na speicis agus na catagóirí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thagann faoi raon feidhme Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 teacht isteach san Aontas. Déantar na liostaí sin agus rialacha ginearálta áirithe maidir leis na liostaí sin a leagan amach in Iarscríbhinní II go XXII, agus Iarscríbhinn I, a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin, faoi seach. |
|
(4) |
Le hIarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, leagtar amach an liosta de thríú tíortha nó críocha, nó criosanna de thríú tír nó de chríoch, óna n-údaraítear coinsíneachtaí d’fheoil úr ó chrúbaigh, lena n-áirítear bó-ainmhithe, a theacht isteach san Aontas. I gcomhréir le hAirteagal 2, pointe (43), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692, áirítear scairteach sa sainmhíniú ar fheoil úr. Le caighdeáin idirnáisiúnta, amhail an Cód um Shláinte na nAinmhithe Talún (4) de chuid na hEagraíochta Domhanda um Shláinte Ainmhithe, ní mheastar gur tráchtearra sábháilte é scairteach i gcás ionfhabhtú le víreas ghalar an chraicinn chnapánaigh. Thairis sin, le hIarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún (5) déantar foráil maidir le cóireálacha maolaithe riosca le haghaidh táirgí de bhunadh ainmhíoch ón gcrios srianta agus a mhéid a bhaineann le feoil, i gcás ráig de ghalar an chraicinn chnapánaigh, maidir leis an scairteach a bhaint. |
|
(5) |
Thug an tSeapáin fógra don Choimisiún faoi ráigeanna deimhnithe de ghalar an chraicinn chnapánaigh i mbó-ainmhithe ar a críoch. Dá réir sin, ba cheart an coinníoll sonrach ‘Cosc ar scairteach’ a chur isteach san iontráil a bhaineann leis an tSeapáin i gcolún 5 den tábla i gCuid 1 d’Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 chun teacht isteach san Aontas scairteach ó bhó-ainmhithe de thionscnamh an tríú tír sin a chur ar fionraí. Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 a leasú dá réir. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn XIII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 10 Feabhra 2025.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2016/429/oj.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí áirithe de bhunadh ainmhíoch a theacht isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis dóibh teacht isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/692/oj).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404 ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 lena leagtar síos na liostaí de thríú tíortha, de thríú críocha nó de chriosanna díobh óna gceadaítear ainmhithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch teacht isteach san Aontas i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 114, 31.3.2021, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2021/404/oj).
(4) An Cód um Shláinte na nAinmhithe Talún ó WOAH, an 31ú hEagrán, 2023. Imleabhair I agus II ISBN 978-92-95121-74-4 https://www.woah.org/en/what-we-do/standards/codes-and-manuals/terrestrial-code-online-access/.
(5) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/687 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le galair liostaithe áirithe a chosc agus a rialú (IO L 174, 3.6.2020, lch. 64, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_del/2020/687/oj).
IARSCRÍBHINN
In Iarscríbhinn XIII, Cuid I, a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/404, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann leis an tSeapáin:
|
‘JP An tSeapáin |
JP-0 |
Bó-ainmhithe |
BOV, RUM-MSM |
Cosc ar scairteach |
|
|
28.3.2013’. |
ELI: http://data.europa.eu/eli/reg_impl/2025/259/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)