An Bhruiséil,22.10.2026

COM(2026) 564 final

TUARASCÁIL ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Meastóireacht ar chur i bhfeidhm Chinneadh Uimh. 573/2014/AE maidir le comhar feabhsaithe idir na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta

{SWD(2026) 318 final}


1.RÉAMHRÁ

1.1. Líonra na SPFanna le linn na tréimhse meastóireachta

Is iad na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (SPFanna) na príomhúdaráis a chuireann beartais fostaíochta chun feidhme chun imeascadh cuardaitheoirí poist sa mhargadh saothair a éascú, agus cuidíonn siad leis an soláthar agus an t‑éileamh sa mhargadh saothair a mheaitseáil. Tá tionchar díreach ag cáilíocht a gcuid seirbhísí ar éifeacht na mbeartas fostaíochta ar an láthair agus ar infhostaitheacht na ndaoine a lorgaíonn a gcuid seirbhísí nó a bhaineann úsáid astu. Tá ról lárnach ag SPFanna maidir lena áirithiú go gcuirfear tionscnaimh bheartais ábhartha an Aontais i réimse na fostaíochta chun feidhme go rathúil agus, dá réir sin, maidir le hiomaíochas an Aontais a neartú.

Le Cinneadh 573/2014/AE 1 maidir le comhar feabhsaithe idir na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (SPFanna) (‘Cinneadh SPF’), bunaíodh Líonra Eorpach na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (‘Líonra na SPFanna’) go foirmiúil. Tá sé d’aidhm ag Líonra na SPFanna comhoibriú éifeachtach agus éifeachtúil idir SPFanna a chothú agus ardán a sholáthar chun a bhfeidhmíocht a chur i gcomparáid ar leibhéal an Aontais, dea-chleachtais a shainaithint agus forbairt beartas fostaíochta nuálach atá bunaithe ar fhianaise a éascú i gcomhréir leis na tosaíochtaí ar leibhéal an Aontais.

In 2020, leasaíodh Cinneadh SPF le Cinneadh (AE) 2020/1782, lenar athnuadh sainordú Líonra na SPFanna go dtí deireadh 2027 agus lenar tugadh isteach na príomhchuspóirí seo a leanas: béim níos mó ar chuimsiú agus ar thacaíocht do ghrúpaí leochaileacha; fás inbhuanaithe cuimsitheach a chothú; agus an comhar idir Líonra na SPFanna agus pobal níos leithne pháirtithe leasmhara an mhargaidh saothair a fheabhsú. Le Cinneadh Uimh. 573/2014/AE, arna leasú, ceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil mheastóireachta ar an gcaoi ar cuireadh an Cinneadh chun feidhme a chur isteach faoin 30 Meán Fómhair 2026. In 2023, d’aistrigh an Líonra chuig clár oibre ilbhliantúil (a nuashonraítear go bliantúil) chun gníomhaíochtaí a chuíchóiriú agus an phleanáil a réasúnú, rud a chuidigh leis an simpliú. Mar chuid d’iarrachtaí leanúnacha chun próisis bailithe sonraí a shimpliú agus a chuíchóiriú, tá feabhas curtha ag an Líonra freisin ar na sineirgí idir bailiú sonraí le haghaidh thagarmharcáil SPFanna agus bunachar sonraí an Choimisiúin Eorpaigh maidir le Beartais Mhargadh an tSaothair.

Tugann an Líonra le chéile SPFanna Bhallstáit an Aontais, na hÍoslainne, Lichtinstéin agus na hIorua, agus an Coimisiún Eorpach. Tá struchtúir SPFanna éagsúil ó thír go tír, agus difríochtaí eatarthu ó thaobh stádas dlíthiúil, leagan amach eagraíochtúil, an méid neamhspleáchais atá acu ar an rialtas agus dáileadh cúraimí ar na leibhéil riaracháin éagsúla.



Tá ról breathnóra ag an gCoiste Fostaíochta   i Líonra na SPFanna.Maoinítear gníomhaíochtaí an Líonra faoi shnáithe Chlár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta de Chiste Sóisialta na hEorpa+ (CSE+); tá a rúnaíocht lonnaithe sa Choimisiún Eorpach.

Cé gur beag athrú a tháinig ar na príomhfhreagrachtaí idir 2021 agus 2025 2 , chuir SPFanna a gcuid seirbhísí in oiriúint mar fhreagairt ar mhargadh saothair níos teinne. I measc nithe eile, dhírigh SPFanna níos mó ar dhúshláin fhadtéarmacha agus ar neamhionannais struchtúracha, agus seirbhísí á ndíriú acu ar ghrúpaí leochaileacha (e.g. daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach, daoine faoi mhíchumas, daoine óga, oibrithe os cionn 55 bliana d’aois, daoine easáitithe ón Úcráin agus imircigh), nó na grúpaí sin á gcumhdach acu faoi chuspóirí sonracha 3 . Ina theannta sin, cé gurb iad cuardaitheoirí poist cláraithe a bpríomh-spriocghrúpaí fós, mhéadaigh SPFanna a n‑iarrachtaí seirbhísí a sholáthar do dhaoine fostaithe atá i mbaol a bpost 4   a chailleadh agus tacú le daoine lasmuigh den lucht saothair, lena n‑áirítear trí ghníomhaíochtaí for-rochtana 5 .



1.2. Forbhreathnú ar an modheolaíocht mheastóireachta

Sa mheastóireacht, rinneadh measúnú ar chur i bhfeidhm Chinneadh SPF thar an tréimhse 2021-2025 ar fud 27 mBallstát an Aontais (AE-27) agus san Íoslainn, i Lichtinstéin agus san Iorua.

Chuimsigh sé sin sraith cúraimí taighde chun fianaise láidir a bhailiú, lena n‑áirítear:

·taighde deisce (lenar cumhdaíodh breis agus 650 doiciméad ar leibhéal an Aontais);

·agallaimh ar leibhéal an Aontais le 38 bpáirtí leasmhara, lena n‑áirítear comhpháirtithe sóisialta, ENRanna, líonraí ábhartha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, gníomhaireachtaí de chuid an Aontais agus ionadaithe ón gCoimisiún;

·dhá shuirbhé a bhí dírithe ar Chomhairleoirí um Ghnóthaí na SPFanna Eorpacha (31 fhreagra), ionadaithe ón gCoiste Fostaíochta agus ó aireachtaí fostaíochta náisiúnta (22 fhreagra);

·dhá cheardlann, agus sé chás-staidéar tíre (BG, DE, ES, FI, LT, SI) 6 .

Seoladh glao ar fhianaise i mí na Samhna 2025 agus bhí sé ar oscailt go dtí deireadh mhí na Nollag 2025.

2.PRÍOMHTHORTHAÍ AGUS CONCLÚIDÍ

Idir 2021 agus 2025, rinne Líonra na SPFanna raon leathan gníomhaíochtaí agus chuir sé raon fairsing aschur ar fáil chun tacú le SPFanna i margadh saothair a bhí ag athrú.

Áiríodh leo sin: (i) gníomhaíochtaí rialachais (le rannpháirtíocht ghníomhach lucht bainistíochta sinsearaí SPFanna, agus tacaíocht á fáil acu ó Chomhairleoirí um Ghnóthaí na SPFanna Eorpacha); (ii) foghlaim fhrithpháirteach (imeachtaí, gníomhaíochtaí anailíseacha agus cumarsáide); (iii) ‘Tagairfhoghlaim’, próiseas atá ceaptha chun cuidiú le SPFanna ar fud na hEorpa a bhfeidhmíocht a fheabhsú trí iad féin a chur i gcomparáid le SPFanna eile trí mheasúnuithe cáilíochtúla agus cainníochtúla; (iv) agus rannchuidiú le príomhbheartais an Aontais.

Sa roinn seo, tugtar achoimre ar thorthaí agus ar chonclúidí na meastóireachta maidir le cur chun feidhme Chinneadh SPF, i gcomhréir leis na cúig chritéar a leagtar amach i dtreoirlínte an Choimisiúin maidir le Rialáil Níos Fearr: éifeachtacht, éifeachtúlacht, comhleanúnachas, breisluach AE agus ábharthacht.

2.1. Éifeachtacht

Ag tógáil ar an rath a bhí ar an tréimhse 2014-2020, le cur i bhfeidhm Chinneadh SPF, arna leasú, leanadh den chomhar agus den fhoghlaim fhrithpháirteach a neartú agus de thacaíocht a thabhairt do nuachóiriú SPFanna agus do thrédhearcacht níos mó ina gcuid oibre, agus rannchuidíodh an tráth céanna le ceapadh beartas ar leibhéal an Aontais trí shaineolas comhchoiteann SPFanna na hEorpa a chur ar fáil.

Tríd is tríd, d’éirigh leis an tagairfhoghlaim trédhearcacht fheidhmíocht SPFanna a mhéadú agus athrú eagraíochtúil a spreagadh, de bharr a cur chuige trasghearrtha atá bunaithe ar athbhreithniú piaraí, rud a chothaigh cultúr féinmhachnaimh ar fud SPFanna. Tá measúnuithe tagairfhoghlama  ag spreagadh gníomhaíochtaí leantacha níos mó agus níos mó trí ghníomhaíochtaí foghlama frithpháirtí, rud a neartaíonn an nasc idir diagnóis agus cur chun feidhme.Cé go neartaíonn an scaipeadh teoranta a dhéantar faoi láthair ar thorthaí na measúnuithe tagairfhoghlama an mhuinín atá ag na SPFanna rannpháirteacha as a chéile, tá tionchar áirithe aige ar a fheiceálaí atá feidhmíocht SPFanna do pháirtithe leasmhara lasmuigh den Líonra.

Feidhmíonn Líonra na SPFanna mar phobal cleachtais, agus cothaíonn sé malartú eolais agus comhar oibríochtúil maidir le dúshláin choiteanna, rud as a dtagann glacadh le dea-chleachtais. Is príomhthosca ratha iad formáidí éagsúla rannpháirtíochta a bheith ar fáil agus rannpháirtíocht saineolaithe téamacha, agus tá idirphlé téamach foghlama, meithleacha agus ceardlanna athbhreithnithe théamaigh thar a bheith fabhrach don fhoghlaim phiaraí. Tá tairbhí nithiúla ag baint le tionscadail chúnaimh fhrithpháirtigh freisin, agus cuidíonn siad le SPFanna aghaidh a thabhairt go díreach ar réimsí ina bhfuil gá le feabhas a sainaithníodh tríd an tagairfhoghlaim agus trí phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh.

Mar thoradh ar rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí an Líonra, tá feabhsuithe tagtha ar SPFanna i roinnt príomhréimsí, lena n‑áirítear bainistiú níos fearr ar fheidhmíocht, ar cháilíocht agus ar athrú, agus cuir chuige níos straitéisí i leith acmhainní daonna. Tá feabhas tagtha freisin ar sholáthar seirbhísí, go háirithe maidir leis an digitiú, tacaíocht do ghrúpaí leochaileacha (lena n‑áirítear daoine faoi mhíchumas), agus seirbhísí saincheaptha d’fhostóirí. Is iomaí cás inar eascair gníomhaíochtaí nithiúla i SPFanna aonair as an bhfoghlaim a baineadh as gníomhaíochtaí Líonra na SPFanna, beag beann ar a méid nó ar a leibhéal aibíochta. Mar sin féin, tá srianta acmhainneachta agus airgeadais (e.g. i SPFanna níos lú), struchtúir éagsúla (e.g. SPFanna láraithe i gcomparáid le SPFanna díláraithe), agus tosaíochtaí polaitiúla náisiúnta atá ag teacht salach ar a chéile fós ag imirt tionchar ar luas agus ar scála chur chun feidhme na ndea-chleachtas a scaiptear tríd an Líonra.

Neartaigh Líonra na SPFanna a rannchuidiú le forbairt, faireachán agus cur chun feidhme bheartais an Aontais. I gcomparáid leis an tréimhse roimh  2020, tá Líonra na SPFanna tar éis cur le minicíocht agus raon feidhme a rannchuidithe le ceapadh bheartais an Aontais agus le faireachán orthu, trí na róil fhoirmiúla a leagtar amach i Moltaí ón gComhairle (e.g. an Ráthaíocht  don Aos Óg, dífhostaíocht fhadtéarmach, ioncam íosta) agus trí ionchuir ad hoc (e.g. comhairliúcháin spriocdhírithe, páipéir tuairime).Tá leathnú tagtha freisin ar an rannchuidiú le cur chun feidhme beartas trí mhalartú eolais agus trí rannpháirtíocht níos dlúithe le hinstitiúidí an Aontais. Cé go bhfuil rannchuidiú Líonra na SPFanna dírithe go príomha ar bheartais fostaíochta fós, sainaithníodh roinnt samplaí d’ionchur maidir le gnéithe fostaíochta de réimsí beartais níos leithne (e.g. imirce lucht saothair, an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach, oideachas agus scileanna). Mar sin féin, d’fhéadfaí feabhas a chur fós ar infheictheacht an Líonra i réimse bheartais an Aontais, chun a áirithiú gur féidir tuilleadh úsáide a bhaint as a shaineolas.

I gcomhréir leis an mbéim níos láidre ar chomhar le páirtithe leasmhara an mhargaidh saothair i gCinneadh SPF, arna leasú, tháinig méadú ar an gcomhoibriú idir an Líonra agus príomhghníomhaithe (e.g. institiúidí ar leibhéal an Aontais agus institiúidí idirnáisiúnta, comhpháirtithe sóisialta, líonraí agus coistí).Measann páirtithe leasmhara lasmuigh den Líonra gur réimse é an comhar ar gá tuilleadh forbartha a dhéanamh air sna blianta atá romhainn.



2.2. Éifeachtúlacht

Bhí cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí faoi Chinneadh SPF costéifeachtach. Meastar gurb é EUR 2.2 milliún an costas bliantúil iomlán a bhaineann le tacú le Líonra na SPFanna agus lena chlár gníomhaíochtaí - ar costas é atá níos ísle ná an costas bliantúil don tréimhse roimhe sin (EUR 3.12 milliún nó EUR 3.99 milliún bunaithe ar phraghsanna 2024), go príomha mar gheall ar úsáid níos mó a bhaint as uirlisí digiteacha, lena n‑áirítear méadú ar an líon imeachtaí ar líne, rud a fhágann gur féidir gníomhaíochtaí a dhéanamh ar bhealach níos éifeachtúla agus costais a choinneáil íseal.

Ní dhéanann formhór SPFanna faireachán córasach ar an méid ama ná ar na hacmhainní airgeadais a chaitheann siad ar a rannpháirtíocht sa Líonra. I gcás ina bhfuil meastacháin ar fáil, léirítear iontu éagsúlacht mhór idir tíortha, ó 10-30 lá coibhéise lánaimseartha go 500-1 000 lá in aghaidh na bliana. Bhí costais bhreise (e.g. taisteal, aistriúchán) íseal go ginearálta, agus níor thuairiscigh ach líon beag acu leibhéal caiteachais níos airde. Meastar go forleathan go bhfuil na hinfheistíochtaí ama agus airgid sin réasúnta agus comhréireach leis na tairbhí a bhaintear amach, ós rud é go bhfeidhmíonn an Líonra mar chatalaíoch do nuachóiriú SPFanna, do choigilteas acmhainní agus don athléimneacht institiúideach.

Go háirithe, cé go mbaineann costais tosaigh ó thaobh am foirne de le gníomhaíochtaí tagairfhoghlama agus foghlama frithpháirtí tugann siad luach an-mhaith ar airgead trí phróisis athchóirithe a luathú dúbláil iarrachtaí a laghdú, agus tacú le húsáid níos éifeachtúla acmhainní náisiúnta. Cruthaíonn na gníomhaíochtaí sin éifeachtúlachtaí móra do SPFanna aonair, rud a chuireann ar a gcumas tairbhe a bhaint as eolas ar fhorbairtí idirnáisiúnta, as comhairle maidir le nuachóiriú, agus as measúnú feidhmíochta.

2.3. Comhleanúnachas

Tá Cinneadh SPF, arna leasú, comhsheasmhach le beartais fostaíochta an Aontais agus le hionstraimí cistiúcháin gaolmhara agus comhlánaíonn sé iad (e.g. Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, CSE+, an Seimeastar Eorpach). I roinnt tionscnamh (e.g. an Ráthaíocht don Aos Óg, an Ráthaíocht Eorpach Scileanna), déantar tagairt shainráite don Líonra nó don ról lárnach atá ag SPFanna maidir le faireachán a dhéanamh ar na tionscnaimh sin agus iad a chur chun feidhme.

Tá Cinneadh SPF comhleanúnach freisin le gnéithe fostaíochta na n‑ionstraimí reachtacha agus beartais a thugann aghaidh ar réimsí beartais níos leithne agus comhlánaíonn sé iad (e.g. an imirce, an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach, agus an t‑iomaíochas). Idir 2021 agus 2025, méadaíodh na hiarrachtaí chun feabhas a chur ar shineirgí le próisis bheartais a bhaineann le méadú an Aontais agus le soghluaisteacht an lucht saothair, agus le gníomhaireachtaí de chuid an Aontais atá faoi chúram na hArd-Stiúrthóireachta um Fhostaíocht, Gnóthaí Sóisialta agus Cuimsiú (Cedefop, Eurofound, an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair, an Foras Eorpach Oiliúna agus an tÚdarás Eorpach Saothair), agus tá deis ann tuilleadh feabhais a dhéanamh.

Tá Cinneadh SPF comhleanúnach le beartais náisiúnta fostaíochta agus comhlánaíonn sé iad, a bhuí le gníomhaíochtaí an Líonra a thacaíonn go minic le freagairtí náisiúnta ar dhúshláin choiteanna an mhargaidh saothair.

Tá comhleanúnachas inmheánach maith ag baint le Cinneadh SPF, agus tá gníomhaíochtaí agus ionchuir iomchuí ann chun a chuspóirí a bhaint amach. Tá ról lárnach comhordúcháin rúnaíocht Líonra na SPFanna riachtanach chun comhsheasmhacht, sineirgí agus cur chun feidhme éifeachtach a ghníomhaíochtaí a áirithiú.

2.4. Breisluach AE

Le Cinneadh SPF, arna leasú, cruthaíodh breisluach AE, rud a leagann béim ar a thábhachtaí atá sé síneadh a chur le tréimhse feidhme an Chinnidh thar 2027..Áirítear ar na príomhshamplaí den bhreisluach a cruthaíodh: (i) athchóiriú SPFanna a luathú trí fhianaise chomparáideach; (ii) foghlaim phiaraí agus moltaí tagairfhoghlama is féidir a chur i ngníomh; (iii) sonraí inchomparáide a bheith ar fáil maidir le feidhmíocht SPFanna i ndáil le saincheisteanna éagsúla sa mhargadh saothair; (iv) dea-chleachtais a scaipeadh  ar bhealach níos tapúla agus níos costéifeachtaí; (v) athléimneacht mhéadaithe agus acmhainneacht mhéadaithe chun freagairt ar ghéarchéimeanna;(vi) guth comhchoiteann níos láidre do SPFanna i bpróisis bheartais an Aontais; agus (vii) comhoibriú feabhsaithe laistigh den éiceachóras fostaíochta.

Dá gcuirfí deireadh le Cinneadh SPF, bheadh iarmhairtí diúltacha móra ann, lena n‑áirítear cailliúint an chomhair struchtúrtha ar leibhéal an Aontais  nuálaíocht agus athchóiriú níos moille, éagothromaíochtaí níos leithne idir SPFanna, comhleanúnachas beartais laghdaithe, agus acmhainneacht chomhchoiteann níos laige chun freagairt ar shuaití sa mhargadh saothair amach anseo.Bheadh tionchar ar leith aige sin ar réimsí ina raibh gníomhaíochtaí Líonra na SPFanna ina mórspreagadh chun an t‑athchóiriú a luathú - amhail an digitiú, comhtháthú IS, seirbhísí d’fhostóirí agus bainistiú feidhmíochta.

2.5. Ábharthacht

D’fhan cuspóirí Chinneadh SPF, arna leasú, ábhartha agus solúbtha chun oiriúnú do riachtanais agus do dhúshláin nua ar feadh na tréimhse 2021–2025. Sa chomhthéacs sin, léirigh Líonra na SPFanna acmhainneacht láidir chun oiriúnú do chúinsí athraitheacha, agus é ag coigeartú a ghníomhaíochtaí chun freagairt ar dhúshláin nua amhail paindéim COVID-19 agus cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine.

Thairis sin, lean Cinneadh SPF, arna leasú, de bheith ag freagairt ar dhúshláin leanúnacha agus ar dhúshláin atá ag teacht chun cinn sa mhargadh saothair, lena n‑áirítear ganntanais lucht saothair agus scileanna, chomh maith leis an digitiú agus an t‑aistriú glas. Áirithíodh ábharthacht leanúnach chuspóirí ginearálta agus sonracha an Chinnidh a bhaineann le comhar agus le foghlaim fhrithpháirteach trí na nithe seo a leanas: (i) gníomhaíochtaí a chur chun feidhme atá dírithe go díreach ar na dúshláin sin; (ii) príomh-shaincheisteanna a phríomhshruthú i ngníomhaíochtaí níos leithne; agus (iii) cuir chuige rannpháirteacha a chothú maidir le cláir oibre agus doiciméid straitéiseacha a fhorbairt lena gceadaítear tosaíochtaí téamacha nua a thabhairt isteach de réir mar is ábhartha.



3.CEACHTANNA A FOGHLAIMÍODH

Tríd is tríd, dearbhaítear sna torthaí go bhfuil leibhéal ard leanúnachais ann le torthaí mheastóireacht 2019, agus léirítear iontu feabhsuithe soiléire ar chomhar, ar chomhleanúnachas agus ar aibíocht an Líonra. Tá a ról daingnithe ag Líonra na SPFanna, tá a ábharthacht agus a thionchar méadaithe aige le himeacht ama, agus tá ardmheas air ag a chomhaltaí agus ag páirtithe leasmhara seachtracha araon.

Eascraíonn roinnt ceachtanna tábhachtacha as an meastóireacht ar ghníomhaíochtaí Líonra na SPFanna, ar ceachtanna iad ar féidir leo treoir a thabhairt dá threo straitéiseach amach anseo.

-Rannpháirtíocht a mhéadú trí réitigh chostéifeachtacha. Cuireann Líonra na SPFanna raon dinimiciúil gníomhaíochtaí ar fáil atá idirnasctha go straitéiseach agus a thacaíonn le nuachóiriú SPFanna agus lena n‑oiriúnú do threochtaí agus do dhúshláin nua. D’fhéadfadh teicneolaíochtaí nua réitigh chostéifeachtacha a sholáthar níos mó agus níos mó chun gníomhaíochtaí a dhéanamh (cruinnithe ar líne) agus chun táirgí insoláthartha a scaipeadh (e.g. trí fheidhmeanna cuardaigh dinimiciúla ar ardáin comhroinnte eolais, nó trí aistriúchán uathoibríoch).

-Infheictheacht thorthaí na tagairfhoghlama a fheabhsú. Tá deis ann infheictheacht thorthaí na tagairfhoghlama a mhéadú trína scaipeadh lasmuigh den Líonra. D’fhéadfadh rochtain níos fearr ar thorthaí na tagairfhoghlama cur leis na sineirgí idir obair an Líonra, obair pháirtithe leasmhara eile an mhargaidh saothair, agus beartais an Aontais. Ba cheart, áfach, a chur san áireamh sna hiarrachtaí scaipthe gur gá a áirithiú go bhfanfaidh an tagairfhoghlaim ina spás slán inar féidir le SPFanna faisnéis íogair a chomhroinnt.

-Dlús a chur leis an gcomhar oibríochtúil maidir le tosaíochtaí straitéiseacha.Tá obair fhairsing déanta ag Líonra na SPFanna chun glacadh le cuir chuige agus uirlisí straitéiseacha coiteanna a chothú. Tá deis ann leanúint de thacaíocht a thabhairt do thuilleadh comhair oibríochtúil idir SPFanna maidir le tosaíochtaí straitéiseacha, amhail an digitiú agus creataí tomhais feidhmíochta. D’fhéadfadh sé a bheith i gceist leis sin leas a bhaint as modhanna cruthaithe agus acmhainní a chomhthiomsú le haghaidh treoirthionscadal agus nuálaíochta, ag tógáil ar shamplaí de shainmhínithe agus de chuir chuige choiteanna a chruthú, mar shampla maidir le scileanna agus poist ghlasa, agus maidir le ganntanais lucht saothair a thomhas 7 . Cé nach luaitear go sainráite é i gCinneadh SPF, tá an cineál comhair sin ag teacht go hiomlán le cuspóirí an Líonra, agus bheadh sé ina chéim chun cinn in iarrachtaí an Líonra le deich mbliana anuas an comhar agus an fhoghlaim fhrithpháirteach i measc SPFanna a fheabhsú.

-Rannchuidiú le ceapadh bheartais an Aontais a neartú agus tús áite a thabhairt dó. Tá a iarrachtaí méadaithe ag Líonra na SPFanna chun rannchuidiú le ceapadh bheartais an Aontais, agus d’fhéadfadh sé raon a rannchuidithe a leathnú tuilleadh. Téitear i gcomhairle leis an Líonra maidir le roinnt beartas fostaíochta de chuid an Aontais nó maidir le gnéithe fostaíochta de réimsí beartais níos leithne, lena n‑áirítear trí chomhoibriú le struchtúir atá ann cheana (e.g. an Coiste Fostaíochta). D’fhéadfaí deiseanna breise a lorg chun rannchuidiú le próisis bheartais agus chun infheictheacht an Líonra mar ghníomhaí beartais a bhfuil saineolas fairsing aige ar chur chun feidhme a neartú, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann lena rannchuidiú leis an Seimeastar Eorpach agus le gníomhachtú na ndaoine a bhfuil bacainní móra rompu ar dhul isteach sa lucht saothair. Mar sin féin, ba cheart é sin a mheasúnú i bhfianaise na n‑acmhainní atá ar fáil agus na dtosaíochtaí beartais araon, agus ba cheart cinneadh a dhéanamh ina leith i gcomhairle le SPFanna.

-Tuilleadh sineirgí a chothú le tionscnaimh de chuid an Aontais i réimse shoghluaisteacht an lucht saothair. Tá dlús curtha ag Líonra na SPFanna lena iarrachtaí rannchuidiú le raon leathan réimsí beartais, agus d’fhéadfadh sé forbairt bhreise a dhéanamh ar a ról mar phríomhphointe teagmhála agus mar spás chun faisnéis a mhalartú maidir le beartais fostaíochta an Aontais. Ós rud é go bhfuil an Líonra tar éis éirí níos aibí agus go bhfuil dúshláin nua tagtha chun cinn, tá deis ann tuilleadh sineirgí a fhorbairt i réimse shoghluaisteacht an lucht saothair – mar shampla le gníomhaithe i réimse shoghluaisteacht an lucht saothair i réimsí a bhaineann go díreach le SPFanna. Baineann sé sin, mar shampla, le tacaíocht d’oibrithe soghluaiste trí EURES, le malartú sonraí agus faisnéise i gcás ina n‑onnmhairítear sochair dhífhostaíochta, i gcomhthéacs an Mhalartaithe Eorpaigh Faisnéise Slándála Sóisialta, agus le gairmthreoir agus measúnú scileanna a sholáthraítear trí Europass.

-Creat faireacháin córasach agus príomhtháscairí feidhmíochta a fhorbairt. Go dtí seo, díríodh na hiarrachtaí faireacháin go príomha ar aiseolas a bhailiú maidir le gníomhaíochtaí aonair agus ar shonraí a bhailiú maidir le rannpháirtíocht agus raon teagmhála i ndáil le haschuir chumarsáide. Tá éagsúlacht tagtha le himeacht ama ar an bhfaireachán ar thionchar chur chun feidhme an chláir oibre. Tá próiseas nó creat inmheánach níos córasaí, atá bunaithe ar phríomhtháscairí feidhmíochta, in easnamh faoi láthair chun faireachán córasach a dhéanamh ar fheidhmíocht an Líonra féin.D’fhéadfadh an Líonra agus a chomhaltaí creat den sórt sin a fhorbairt chun torthaí ghníomhaíochtaí Líonra na SPFanna a thomhas ar bhealach níos córasaí le himeacht ama, agus tacú leis na coigeartuithe is gá chun tionchar agus costéifeachtacht leanúnach a áirithiú. Ag tógáil ar na gníomhaíochtaí faireacháin a forbraíodh go dtí seo, sholáthródh sé cur chuige níos comhsheasmhaí agus níos comhdhlúite, agus an t‑ualach riaracháin agus tuairiscithe á choinneáil chomh híseal agus is gá.

-Comhroinnt eolais níos córasaí agus tionscnaimh chomhpháirteacha le comhpháirtithe. Tá a chomhar le páirtithe leasmhara eile an mhargaidh saothair agus a fhor-rochtain chucu méadaithe ag Líonra na SPFanna le himeacht ama, agus tá deis ann an comhoibriú a neartú tuilleadh. D’fhéadfadh sé a bheith i gceist leis sin tosaíochtaí coiteanna a shainaithint, eolas a chomhroinnt ar bhealach níos córasaí, tionscnaimh chomhpháirteacha a fhorbairt agus rannpháirtíocht i gcoistí agus in imeachtaí ábhartha a mhéadú, ag brath ar na hacmhainní daonna agus airgeadais atá ar fáil.

-An fhéidearthacht tuilleadh gnóthachan éifeachtúlachta a bhaint amach. Tá Líonra na SPFanna costéifeachtach, ag cur raon leathan gníomhaíochtaí tacaíochta ar fáil ar chostas réasúnta íseal.Mar sin féin, tá deis theoranta ann tuilleadh éifeachtúlachtaí a bhaint amach, mar shampla trí úsáid uirlisí digiteacha a mhéadú agus mol eolais aontaithe a fhorbairt (lena gcuíchóireofaí na hardáin éagsúla a úsáidtear chun doiciméid a chomhroinnt, le haghaidh comhchruthaithe agus mar stórtha), tríd an gcomhar oibríochtúil a mhéadú nó trí phróisis chinnteoireachta a chuíchóiriú.D’fhéadfaí tuilleadh éifeachtúlachtaí a bhaint amach trí shineirgí níos láidre a chothú le gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais (e.g. Eurofound, Cedefop, an tÚdarás Eorpach Saothair, an Foras Eorpach Oiliúna) agus trí rannchuidiú lena gcuid oibre, rud a laghdódh an líon staidéar agus foilseachán de chuid Líonra na SPFanna agus a mhaolódh an riosca dúblála. Ina theannta sin, dá ndéanfaí coigeartú ar mhinicíocht thuairisciú an Líonra, dhéanfaí próisis tuairiscithe a shimpliú agus an t‑ualach riaracháin a bhaineann le tuairisciú a laghdú.

-Acmhainneacht SPFanna a fhorbairt agus an úsáid is fearr a bhaint as cistiú ón Aontas.Cuireann Líonra na SPFanna sineirgí chun cinn le sásraí cistiúcháin an Aontais (e.g. Ciste Sóisialta na hEorpa+, an Ionstraim um Thacaíocht Theicniúil, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta, an Ciste um Aistriú Cóir). Tá deis ann tuilleadh tacaíochta a thabhairt do SPFanna chun a n‑acmhainneacht a fhorbairt agus athchóirithe ar SPFanna a chur chun feidhme, go háirithe tríd an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an gcistiú ón Aontas atá ar fáil, lena n‑áirítear i gcomhthéacs an chreata airgeadais ilbhliantúil tar éis 2027.

-Leanúnachas a chinntiú. Dhearbhaigh gach duine a ndeachthas i gcomhairle leo go bhfuil gá leanúnach le Líonra na SPFanna. Tar éis dhá mheastóireacht dhearfacha as a chéile, dá gcuirfí deireadh le Cinneadh SPF, ba mhór an chailliúint é sin don chomhar ar leibhéal an Aontais, rud a d’fhágfadh nuálaíocht agus athchóirithe níos moille, éagothromaíochtaí níos leithne idir SPFanna, agus comhleanúnachas beartais laghdaithe. Le Cinneadh SPF, soláthraítear creat láidir solúbtha chun tacú le SPFanna aghaidh a thabhairt ar dhúshláin reatha agus amach anseo agus ar chlaochluithe sa mhargadh saothair, i gcomhréir le tosaíochtaí beartais níos leithne an Aontais agus leo siúd atá ag teacht chun cinn. I bhfianaise bhuiséad teoranta an Líonra agus ról seanbhunaithe SPFanna mar phríomhghníomhaithe sa mhargadh saothair, dá n‑áiritheofaí cobhsaíocht fhadtéarmach níos fearr don Líonra, chuideodh sé sin leis an simpliú riaracháin trí dheireadh a chur leis an ngá le hathnuachan thréimhsiúil ar struchtúr seanbhunaithe a fheidhmíonn go maith. An tráth céanna, mar a achoimríodh thuas, tá an deis ann an Cinneadh a fheabhsú tuilleadh trí leasuithe spriocdhírithe.

(1)   EUR-Lex - 02014D0573-20210101 - EN - EUR-Lex .
(2) PES Capacity Report 2021, lch. 13, agus PES Capacity Report 2025 (lena n‑áirítear Iarscríbhinn 10).
(3)   Trends in PES – Assessment report on PES Capacity - 2025 .
(4)   Early intervention and job-to-job transitions - The evolving role of PES .
(5)   Hidden potential - Publications Office of the EU , Trends in PES – Assessment report on PES Capacity - 2025 .
(6)

Cuirtear an mhodheolaíocht i láthair ar bhealach níos mionsonraithe sa Doiciméad Inmheánach Oibre maidir leis an Meastóireacht a ghabhann leis an togra le haghaidh Cinneadh athbhreithnithe maidir le Líonra na SPFanna.

(7)

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach Bosca 4 den Doiciméad Inmheánach Oibre.