6.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 433/17


CINNEADH (AE) 2021/2144 ÓN gCOMHAIRLE

an 2 Nollaig 2021

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta le linn an 32ú seisiún dá Tionól maidir le leasuithe ar na Treoirlínte Suirbhéireachta a ghlacadh faoin gCóras Comhchuibhithe Suirbhéireachta agus Deimhnithe (HSSC)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 100(2) CFAE, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ba cheart é a bheith d’aidhm ag gníomhaíocht an Aontais san earnáil mhuiriompair an tsábháilteacht mhuirí a fheabhsú agus an comhshaol muirí agus sláinte an duine a chosaint.

(2)

Táthar ag súil go ndéanfaidh Tionól na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO), le linn a 32ú seisiún ón 6 go dtí an 15 Nollaig 2021 (“A 32”), Treoirlínte Suirbhéireachta a ghlacadh faoin gCóras Comhchuibhithe Suirbhéireachta agus Deimhnithe (HSSC) (“Treoirlínte Suirbhéireachta”), 2021, agus Rún A.1140(31) ó Thionól IMO a chúlghairm, rún ina bhfuil Treoirlínte Suirbhéireachta 2019.

(3)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn A 32 a bhunú, ós rud é go mbeidh ar chumas na leasuithe ar na Treoirlínte Suirbhéireachta tionchar cinntitheach a imirt ar ábhar dhlí an Aontais, eadhon Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1).

(4)

Is cuid d’athbhreithniú rialta glacadh le Treoirlínte Suirbhéireachta, 2021 agus Treoirlínte Suirbhéireachta, 2019 a chúlghairm. Dá bhrí sin, ba cheart don Aontas tacú leis na leasuithe sin toisc go n-áiritheofar leo go bhfanfaidh Treoirlínte Suirbhéireachta cothrom le dáta.

(5)

Ní ball de IMO an tAontas, ná ní páirtí conarthach sna coinbhinsiúin agus sna cóid iomchuí é. Dá bhrí sin, ba cheart don Chomhairle na Ballstáit a údarú seasamh an Aontais a chur in iúl ag A 32.

(6)

Ba cheart raon feidhme an Chinnidh seo a theorannú don mhéid atá sna leasuithe beartaithe, a mhéid atá ar cumas na leasuithe sin difear a dhéanamh do rialacha comhchoiteanna an Aontais agus a mhéid a thagann siad faoi inniúlacht eisiach an Aontais. Níor cheart don Chinneadh seo difear a dhéanamh do roinnt na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 32ú seisiún de chuid Thionól na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) aontú le glacadh na dTreoirlínte Suirbhéireachta faoin gCóras Comhchuibhithe Suirbhéireachta agus Deimhnithe, 2021 mar a leagtar síos i ndoiciméad III 7/17/Add.1, roinn 8 agus Iarscríbhinn 6 ó IMO agus le cúlghairm Rún A.1140(31) ó Thionól IMO dá bharr sin.

Airteagal 2

1.   Leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais, mar a leagtar amach in Airteagal 1 é, cuimsítear na leasuithe lena mbaineann a mhéid a thagann na leasuithe sin faoi inniúlacht eisiach an Aontais agus a mhéid a fhéadfaidís difear a dhéanamh do rialacha comhchoiteanna an Aontais. Cuirfidh na Ballstáit, ar baill iad uile de IMO, an méid sin in iúl, ag gníomhú dóibh go comhpháirteach ar mhaithe le leas an Aontais.

2.   Féadfar teacht ar chomhaontú maidir le mionathruithe ar an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 gan an Chomhairle cinneadh eile a dhéanamh.

Airteagal 3

Údaraítear leis seo do na Ballstáit a dtoiliú a thabhairt le bheith faoi cheangal, chun leasa an Aontais, ag na leasuithe dá dtagraítear in Airteagal 1, a mhéid a thagann na leasuithe sin faoi inniúlacht eisiach an Aontais.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Nollaig 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. VRTOVEC


(1)  Rialachán (CE) Uimh. 391/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le rialacha comhchoiteanna agus caighdeáin chomhchoiteanna d’eagraíochtaí cigireachta agus suirbhéireachta loinge (IO L 131, 28.5.2009, lch. 11).