15.11.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 434/68


P9_TA(2022)0106

Treoirlínte do Bhuiséad 2023 – Roinn III

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Aibreán 2022 maidir le treoirlínte ginearálta i ndáil le buiséad 2023 a ullmhú, Roinn III – an Coimisiún (2021/2226(BUI))

(2022/C 434/18)

Tá Parlaimint na hEorpa,

—

ag féachaint d’Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

—

ag féachaint d’Airteagal 106(a) den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

—

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (1) (“Rialachán Airgeadais”),

—

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027 (2) (“Rialachán CAI”),

—

ag féachaint do dhearbhú comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le cláir shonracha a atreisiú agus bunghníomhartha a oiriúnú (3),

—

ag féachaint do dhearbhú comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le húsáid athshreabha ó Shaoráid Infheistíochta ACC chun tairbhe na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (4),

—

ag féachaint do dhearbhú comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le cistí saortha a athúsáid i ndáil leis an gclár taighde (5),

—

ag féachaint do dhearbhú comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir leis an gcaoi a gcaitear le costais úis agus aisíocaíochtaí NGEU in CAI 2021-2027 (6),

—

ag féachaint do dhearbhú comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le grinnscrúdú buiséadach ar thograí nua bunaithe ar Airteagal 122 CFAE a bhféadfadh impleachtaí suntasacha a bheith acu do bhuiséad an Aontais (7),

—

ag féachaint don dearbhú comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le hathmheasúnú a dhéanamh ar an ioncam sannta seachtrach agus ar na forálacha maidir le hiasachtaí a fháil agus iasachtaí a thabhairt atá sa Rialachán Airgeadais (8),

—

ag féachaint dá seasamh an 16 Nollaig 2020 maidir leis an dréachtrialachán ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027 (9),

—

ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2021 le haghaidh rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027 (COM(2021)0569),

—

ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach (10),

—

ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh (11),

—

ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2021 chun an Cinneadh sin a leasú, (COM(2021)0570),

—

ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/2094 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 lena mbunaítear Ionstraim Théarnaimh de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis an téarnamh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 (12),

—

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (13),

—

ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (EPSR), a d’fhógair an Chomhairle Eorpach, an Pharlaimint agus an Coimisiún i mí na Samhna 2017, do phlean gníomhaíochta an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta an 4 Márta 2021 agus do Dhearbhú Porto maidir le gnóthaí sóisialta a ghlac comhaltaí na Comhairle Eorpaí i mí na Bealtaine 2021,

—

ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe atá ann,

—

ag féachaint do rún uaithi an 25 Márta 2021 maidir le beartas oideachais dhigitigh a mhúnlú (14),

—

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Márta 2021 dar teideal 2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade [Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach don Deacáid Dhigiteach] (COM(2021)0118),

—

ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),

—

ag féachaint do rún an 15 Eanáir 2020 uaithi maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (15),

—

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach (16) (An Dlí Aeráide Eorpach),

—

ag féachaint do thuarascálacha speisialta an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC) maidir le téamh domhanda 1,5 oC, ar an athrú aeráide agus ar thalamh, agus ar an aigéan agus an criosféar in aeráid atá ag athrú,

—

ag féachaint don chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe (COP21) i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (“Comhaontú Pháras”),

—

ag féachaint do rún uaithi an 1 Márta 2022 maidir le fogha na Rúise faoin Úcráin (17),

—

ag féachaint don tuarascáil measúnachta domhanda ar an mbithéagsúlacht agus seirbhísí éiceachórais ón Ardán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais (IPBES);

—

ag féachaint do straitéis AE maidir le comhionannas inscne, 2020-2025,

—

ag féachaint do Thuarascáil Speisialta Uimh. 10/2021 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) an 26 Bealtaine 2021 dar teideal Gender main streaming in the EU budget: time to turn words into action [Príomhshruthú inscne i mbuiséad AE: ní mór dúinn anois beart a dhéanamh],

—

ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022 (18) agus do na ráitis chomhpháirteacha a comhaontaíodh idir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún atá i gceangal leis seo,

—

ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 15 Márta 2022 maidir leis na treoirlínte buiséid do 2023 (07218/2022),

—

ag féachaint do Riail 93 dá Rialacha Nós Imeachta,

—

ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,

—

ag féachaint don seasamh i bhfoirm leasuithe ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

—

ag féachaint do na litreacha ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Rialú Buiséadach, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, ón gCoiste um Iascach agus ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,

—

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0062/2022),

A.

de bhrí, i sraith rún, gur mhol an Pharlaimint do na Ballstáit uile 2 % ar a laghad dá gcistiú ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) a leithdháileadh ar earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta agus 10 % ar a laghad ar an oideachas, agus go leithdháilfidís 5 % ar a laghad dá n-acmhainní Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) atá faoi bhainistíocht chomhroinnte chun tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí faoin Ráthaíocht Eorpach do Leanaí;

Buiséad 2023: an téarnamh a choinneáil ar an mbóthar ceart do chách

1.

ag tabhairt dá haire, cé gurb ann d’ábhar dóchais, rud is cúis le hionchais go mbeadh tuilleadh fáis ann in 2022, go bhfuil neamhchinnteacht fós ann maidir leis an ionchas eacnamaíoch, i bhfianaise tosca amhail suaitheadh sa slabhra soláthair, praghsanna arda fuinnimh, ardú boilscithe agus paindéim COVID-19 a leanann, agus i bhfianaise na n-iarmhairtí a bhaineann leis an ionradh ar an Úcráin. á mheabhrú, dá bhrí sin, go mbeidh ról tábhachtach ag buiséad 2023 an Aontais maidir le geilleagar agus iomaíochas an Aontais a neartú, agus maidir le teacht aniar comhchoiteann a chothú, cur le cur chun feidhme rathúil an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus aistriú cóir, ionas nach bhfágfar aon duine ar lár, agus comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a chothú mar cheann de bhunchlocha an téarnaimh, agus freagairt do dhúshláin gheopholaitiúla;

2.

ag gealladh, dá bhrí sin, obair a dhéanamh chun buiséad atá dírithe ar an todhchaí a ghlacadh a bheidh ag teacht le tosaíochtaí polaitiúla an Aontais lena n-áirithítear go mbeidh Aontas Sláinte níos láidre ann, rath ar an aistriú glas agus an aistriú digiteach agus go mbeidh téarnamh cothrom, cuimsitheach, inbhuanaithe agus athléimneach á chothú, lena n-áirítear tacaíocht mhéadaithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), lena gcuirfear chun cinn an smacht reachta, luachanna an Aontais, agus cearta bunúsacha agus a gcur i bhfeidhm, lena gcuirfear deiseanna níos fearr ar fáil do chách, agus go háirithe do dhaoine óga ar fud an Aontais, agus lena n-áiritheofar Aontas níos láidre dá mhuintir agus sa domhan;

3.

á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag beartas comhtháthaithe AE mar bheartas riachtanach infheistíochta de chuid an Aontais agus gur ceann de chlocha coirnéil téarnaimh inbhuanaithe agus chuimsithigh é, agus ag tarraingt aird ar a bhreisluach Eorpach uathúil agus ar a mhéid a rannchuidíonn sé le forbairt chomhchuí fhoriomlán AE agus a Bhallstát agus a réigiún; ag tabhairt le fios gurb í 2023 an bhliain deiridh de chur chun feidhme chláir AE ó chreat airgeadais ilbhliantúil 2014-2020 (CAI), go háirithe iad siúd atá faoi bhainistíocht chomhroinnte i réimse an chomhtháthaithe, agus gurb í an bhliain ina mbeidh cur chun feidhme na gclár nua ag treabhadh chun cinn; á mheas, dá bhrí sin, go léireofar é sin le méadú suntasach ar leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí i mbuiséad 2023;

4.

á thabhairt chun suntais go dtiocfaidh an comhbheartas talmhaíochta (CBT) nua i bhfeidhm ó 2023; á mheabhrú an tábhacht lárnach a bhaineann le CBT agus leis an gcomhbheartas iascaigh do chóras bia na hEorpa, lena gcuirfear slándáil bia agus cothaithe inacmhainne ar ardchaighdeán ar fáil do mhuintir uile na hEorpa; ag leagan béim freisin ar a thábhachtaí atá dea-fheidhmiú na margaí talmhaíochta, forbairt inbhuanaithe na réigiún tuaithe, tuilleamh cobhsaí inghlactha d’fheirmeoirí agus d’iascairí, bainistiú inbhuanaithe na n-acmhainní nádúrtha agus caomhnú na bithéagsúlachta mar aon le hathnuachan ó ghlúin go glúin i gcás feirmeoirí; á iarraidh go dtabharfaí aird ar leith ar thalmhaíocht ar mhionscála, ar fheirmeoirí óga agus ar ghnólachtaí beaga iascaireachta tríd an úsáid is fearr a bhaint as cláir ábhartha uile an Aontais; á chur i bhfios go bhfuil roinnt earnálacha talmhaíochta buailte go dona ag ráig COVID-19, ag ardú ar phraghsanna fuinnimh agus ag géarchéimeanna eile;

5.

á chur i bhfios gur gá do na Ballstáit conradh a dhéanamh do na hacmhainní uile atá ar fáil in RRF faoi dheireadh 2023 agus á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit agus leis na tairbhithe i ndáil leis an méid sin agus, san am céanna, an Pharlaimint a bheith rannpháirteach i maoirseacht agus measúnú trédhearcach a dhéanamh ar an bpróiseas; á mheabhrú, ina theannta sin, a thábhachtaí atá sé go mbeadh na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, na comhpháirtithe sóisialta agus an tsochaí shibhialta rannpháirteach i gcur chun feidhme na gclár ábhartha de chuid an Aontais agus san fhaireachán a dhéantar orthu;

Aontas Sláinte níos láidre

6.

á mheabhrú go bhfuil na córais sláinte poiblí faoi bhrú nach bhfacthas riamh roimhe de dheasca ghéarchéim COVID-19 agus go bhfuil na dúshláin atá ann cheana tar éis dul in olcas i ngeall uirthi; á chur in iúl gur díol sásaimh di an tosaíocht a thugtar do bheartas sláinte an Aontais agus béim á leagan ar an gClár EU4Health agus ar an mbraisle sláinte sa chlár Fís Eorpach; ag tabhairt dá haire gur as na cláir sin agus as an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta a thagann an buiséad le haghaidh ghníomhaíochtaí ullmhachta an Údaráis Eorpaigh um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte (HERA), agus ag cur in iúl gur cúis mhór imní di go bhféadfadh sé sin gnóthú cuspóirí tábhachtacha eile sláinte a chur i mbaol; á mheabhrú, dá bhrí sin, gur gá acmhainní úra a chur ar fáil do HERA; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, gur cheart béim ar leith a chur ar ghrinnscrúdú na Parlaiminte ar HERA; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé an Cór Liachta Eorpach a fhorbairt faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta agus á iarraidh ar na Ballstáit uile rannchuidiú leis le hacmhainní breise; á chur i bhfáth an gá atá le cistiú leormhaith a áirithiú do Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa le fócas láidir ar ghníomhaíochtaí lena mbaintear amach torthaí nithiúla do shaoránaigh, mar shampla an Tionscnamh Eorpach um Íomháú Ailse nó na cláir um vacsaíniú HPV;

7.

ag aithint a thábhachtaí atá cláir eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear RRF, i dtaobh infheistíocht agus tacaíocht a chur ar fáil chun géarchéimeanna sláinte a chosc agus athléimneacht córas agus bonneagair cúraim sláinte a neartú; ag cur béim ar an ngá atá le hailíniú idir na gníomhaíochtaí sin agus cláir eile atá cistithe ag an Aontas, lena n-áirítear EU4 Health, agus éagothromaíochtaí maidir le rochtain ar chúram sláinte a laghdú ag an am céanna; ag leagan béim ar an ngá atá le feachtais faisnéise maidir le vacsaíniú i ngach Ballstát agus níos faide i gcéin a threisiú; á mheabhrú, ina theannta sin, an tábhacht a bhaineann le cur chun feidhme seasta agus rochtain ar chúnamh teicniúil do na Ballstáit sin a bhfuil cumas íseal riaracháin acu; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart gníomhaireachtaí agus comhlachtaí díláraithe a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht a chistiú go leormhaith agus a dóthain foirne a bheith acu agus go ndéanfar treisiú orthu, i gcás inar gá;

Rath a bheith ar aistriú glas agus an aistriú digiteach

8.

ag aithint go mbeidh gá le hinfheistíochtaí suntasacha poiblí agus príobháideacha chun an Comhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme agus chun sprioc aeráidneodrachta an Aontais a bhaint amach faoi 2050 agus chun an uaillmhian maidir le truailliú nialasach a bhaint amach ionas gur féidir an bhearna infheistíochta san aistriú glas arna sainaithint ag an gCoimisiún a dhúnadh agus cuspóirí ceangailteacha Chomhaontú Pháras a bhaint amach; á chur i bhfáth, mar sin féin, go mbeadh an costas a bhaineann le neamhghníomhaíocht i bhfad níos airde; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil buiséad an Aontais i gcroílár na n-iarrachtaí chun aistriú cothrom a dhéanamh chuig Aontas a bheidh níos glaise, níos inbhuanaithe, níos cuimsithí go sóisialta, níos athléimní agus níos iomaíche agus go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí airgeadais; á chur i bhfáth go háirithe an gá atá le hacmhainní leordhóthanacha airgeadais a chur ar fáil chun cur ar chumas an Aontais a chuid gealltanas a chomhlíonadh agus a áirithiú ag an am céanna nach bhfágfar aon duine ar lár; á áitiú go mbeidh rath an Chomhaontaithe Ghais don Eoraip ag brath freisin ar an maoiniú a thugtar ina leith agus á iarraidh go n-úsáidfí ionstraimí cistiúcháin an Aontais ar bhonn tosaíochta sna réigiúin, sna hearnálacha agus sna limistéir is mó a ndéanfaidh an t-aistriú glas difear dóibh, agus riachtanais na mBallstát á gcur san áireamh; á chur i bhfáth go bhfuil gá le FBManna a chumasú chun lántairbhe a bhaint as na deiseanna a eascraíonn as an gComhaontú Glas don Eoraip agus as aistriú a ngnó féin i dtreo inbhuanaitheacht comhshaoil agus digitiú;

9.

á mheabhrú an gá atá le hacmhainní uaillmhianacha a chur ar fáil do chláir lena dtacaítear le gníomhaíocht ar son na haeráide agus na bithéagsúlachta agus le cosaint an chomhshaoil, amhail LIFE, agus an gá atá le Sásra um Aistriú Cóir a luathú agus a chur chun feidhme ina iomláine, lena n-áirítear trí chúnamh teicniúil breise a chur ar fáil chun tacú leis na Ballstáit sa chúram sin; á mheabhrú freisin gur gá a áirithiú go gcabhraíonn caiteachas an Aontais leis an maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú aeráide, lena n-áirítear tríd an ullmhacht do thubaistí nádúrtha a neartú, go háirithe tríd an Sásra Eorpach um Chosaint Shibhialta, chomh maith le stop a chur le cailliúint na bithéagsúlachta; á mheas go ndéanfaidh an Coimisiún a ghealltanas a urramú, a rinneadh le linn idir-réitigh do bhuiséad 2022, chun an ghníomhaireacht a neartú sa réimse sin, go háirithe i bhfianaise an róil lárnaigh atá aige i gcur chun feidhme an phacáiste “Oiriúnacht do 55” agus na dtuarascálacha gaolmhara; á chur in iúl gur cúis mhór imní di, ina theannta sin, an ganntanas fadtéarmach acmhainní daonna i seirbhísí áirithe de chuid an Choimisiúin agus dá bhrí sin, á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún leibhéil leordhóthanacha acmhainní agus foirne a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, ina theannta sin, urraim a thabhairt do phrionsabal “na neamhdhíobhála” chun gur féidir an comhleanúnachas is gá idir cuspóirí beartais agus an t-uasmhéid éifeachtúlachta caiteachais a áirithiú le linn an aistrithe agus níos faide anonn;

10.

á chur i bhfáth gur gá infheistíocht a dhéanamh sa taighde agus sa nuálaíocht i dteicneolaíochtaí, próisis, agus scileanna glasa, lena n-áirítear d’fhonn buntáiste iomaíoch a thabhairt don Aontas sa gheilleagar glan-nialasach a bheidh ann amach anseo, agus ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé acmhainní leordhóthanacha a áirithiú do Fís Eorpach sa chomhthéacs sin; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach tacaíocht leordhóthanach a chur ar fáil do FBManna chun an ról atá acu sa taighde agus sa nuálaíocht a uasghrádú; á mheas nach mór don Aontas leas iomlán a bhaint as an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) chun a bhonneagar iompair agus fuinnimh a nuachóiriú agus a nascadh agus chun inbhuanaitheacht an bhonneagair sin a mhéadú, slándáil agus neamhspleáchas fuinnimh an Aontais a neartú agus an tAontas Fuinnimh a fhorbairt tuilleadh trí idirnascacht idir na Ballstáit; á mheas, dá bhrí sin, gur gá acmhainní leordhóthanacha a áirithiú don tSaoráid um Chónascadh na hEorpa; in athuair, ag leagan béim ar a thábhachtaí atá clár spáis an Aontais;

11.

ag tabhairt dá haire na tograí reachtacha a thíolaic an Coimisiún chun críche Ionstraim Eorpach um Shliseanna agus clár slán nascachta; á mheabhrú an prionsabal nár cheart cláir nua a chruthú ar chostas na gclár atá ann cheana agus á chur in iúl an athuair an seasamh seanbhunaithe atá aici gur cheart tionscnaimh nua a chistiú trí acmhainní úra a úsáid; á chur in iúl go bhfuil sé ar intinn aici impleachtaí buiséadacha na dtograí agus a dtionchar ar nós imeachta buiséadach 2023 a scrúdú go grinn;

12.

á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach d’iomaíochas an Aontais digitiú breise a dhéanamh ar an ngeilleagar agus ar an earnáil phoiblí; á chreidiúint ionas go mbeidh aistriú digiteach rathúil ann go bhfuil gá le hiarrachtaí taighde agus nuálaíochta cuimsitheacha faoin gclár Fís Eorpach, infheistíocht shuntasach sa bhonneagar digiteach trí SCE Digiteach, agus tacaíocht i réimsí amhail an intleacht shaorga, an chibearshlándáil, ríomhaireacht ardfheidhmíochta AE tríd an gClár don Eoraip Dhigiteach; á chur i bhfios go gcaithfear dul i ngleic leis an mbearna scileanna digiteacha trí ardscileanna digiteacha a chur chun cinn agus trí fhoghlaim chuimsitheach; ag leagan béim ar an ngá atá le huirlisí gairmiúla um ath-thiontú; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh cistiú agus ailíniú leordhóthanach ann idir cláir de chuid an Aontais chun dálaí a chruthú do ghlacadh na dteicneolaíochtaí ceannródaíocha agus na nuálaíochtaí ceannródaíocha sa mhargadh agus chun a chur ar chumas gheilleagar agus earnáil phoiblí na hEorpa a bheith ar thús cadhnaíochta san aistriú digiteach agus san iomaíochas;

13.

ag aithint go gcuireann cláir chistiúcháin an Aontais go mór leis an téarnamh eacnamaíoch, ag dul i ngleic leis an dífhostaíocht agus borradh a chur faoin infheistíocht, agus go háirithe i dtaobh tacaíocht a thabhairt do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta; á mheabhrú gurb iad FBManna cnámh droma gheilleagar na hEorpa agus go bhfuil ról ríthábhachtach acu i gcónaí i gcruthú post agus fáis; ag leagan béim ar InvestEU, ar an tairseach FBM a ghabhann leis agus ar an bhféidearthacht go bhféadfaidh FBManna a bhfuil drochthionchar ag an bpaindéim orthu tacaíocht chaipitil a fháil faoin gclár; ag leagan béim ar an ngá atá le margadh aonair dea-fheidhmiúil a chur chun cinn trí chistiú leordhóthanach chun cosaint tomhaltóirí a ráthú, borradh a chur faoi iomaíochas na ngnólachtaí beaga trí scileanna digiteacha agus fiontraíochta a fhorbairt, rochtain ar mhargaí a fheabhsú, cur le Erasmus le haghaidh Fiontraithe Óga, agus na deiseanna a leathnú tuilleadh chun gnólachtaí nuathionscanta a chruthú agus a mhéadú;

14.

ag cur in iúl dlúthpháirtíocht leo siúd atá ag obair in earnálacha atá buailte go mór ag an bpaindéim, go háirithe i réimse na turasóireachta, an fháilteachais, agus in earnáil an chultúir agus in earnáil na cruthaitheachta; á thabhairt chun suntais gur colún tábhachtach de gheilleagar an Aontais iad na hearnálacha sin agus go bhfostaíonn siad sciar suntasach dá lucht saothair, go háirithe in FBManna; á mheas gur cheart go mbainfeadh na hearnálacha sin tairbhe as tacaíocht níos mó ó na Ballstáit agus ón Aontas, lena n-áirítear trí RRF, agus á iarraidh bearta breise do na hearnálacha sin agus cistiú leormhaith do chláir ghaolmhara AE; á áitiú, dá ndéanfaí tionscnamh nó clár fadtéarmach de Bauhaus Eorpach Nua, go mbeadh acmhainní úra ag teastáil chuige sin; á chur in iúl an athuair gur údar díomá di nár comhlíonadh an iarraidh sheanbhunaithe ón bParlaimint go mbeadh clár tiomnaithe AE maidir leis an turasóireacht ann;

An smacht reachta, luachanna agus cearta bunúsacha an Aontais agus a gcur i bhfeidhm a chur chun cinn

15.

á mheas go bhfuil sé riachtanach d’inchreidteacht an Aontais go ndéanfar úsáid chuí chistí an Aontais a áirithiú agus gach céim a thabhairt chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint; ag cur béim ar an nasc soiléir idir an urraim don smacht reachta agus cur chun feidhme éifeachtúil bhuiséad an Aontais i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais; á mheas gur cheart, i dtaca le Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint, go ndéanfaí é a chur i bhfeidhm láithreach agus ina iomláine, mar atá iarrtha ag an bParlaimint agus ag an gComhairle arís is arís eile; á cur in iúl gur oth léi nár chuir an Coimisiún an Rialachán chun feidhme go fóill, in ainneoin gur tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 2021, agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil Conarthaí AE á gcomhlíonadh go hiomlán ag an Rialachán mar a deimhníodh le breithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 16 Feabhra 2022 (19); ag dréim go ngníomhachtódh an Coimisiún Airteagal 6(1) den Rialachán gan mhoill i gcás Ballstáit ar seoladh litreacha faisnéise chucu cheana féin, mar a cheanglaítear le hAirteagal 6(4) den Rialachán; á chreidiúint gur cheart acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil do ghníomhaireachtaí agus do chomhlachtaí sa réimse sin agus d’Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), go háirithe i bhfianaise ualach oibre orthu atá ag dul i méid, lena n-áirítear maidir le faireachán agus rialú a dhéanamh ar chaiteachas RRF;

16.

ag cur béim ar an bhfíoras go gcosnaíonn an smacht reachta na bunluachanna eile ar a bhfuil an tAontas fothaithe agus go bhfuil dlúthbhaint aige leis an urraim don daonlathas agus do chearta bunúsacha; á chur in iúl gur cúis mhór imní di an meathlúchán mór ar an smacht reachta, an daonlathas agus cearta bunúsacha, lena n-áirítear neamhspleáchas na mbreithiúna, scaradh cumhachtaí, an comhrac i gcoinne an éillithe agus neamhspleáchas na meán agus saoirse i roinnt Ballstát; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá an clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, go háirithe maidir le cearta agus luachanna a chosaint mar a chumhdaítear i gConarthaí AE agus sa Chairt um Chearta Bunúsacha agus maidir le rannpháirtíocht agus oideachas na saoránach a chothú agus a fhorbairt tuilleadh, agus sochaithe oscailte, daonlathacha, comhionanna agus cuimsitheacha a chothú agus a fhorbairt tuilleadh; á iarraidh, dá bhrí sin, go leithdháilfí leibhéal uaillmhianach acmhainní ar an gclár seo; á mheabhrú go bhfuil comhar breithiúnach idir na húdaráis náisiúnta ríthábhachtach chun an smacht reachta a neartú san Aontas; á iarraidh go gcuirfí cistiú leordhóthanach ar fáil don chlár um cheartas;

Deiseanna níos fearr do chách agus go háirithe do dhaoine óga ar fud an Aontais

17.

ag aithint go raibh tionchar diúltach tromchúiseach ag géarchéim COVID-19 ar dhaoine óga, ar a n-ionchais fostaíochta, ar a ndálaí oibre agus ar an meabhairshláinte, agus gurb é a lean as cailleadh deiseanna agus laghdú ar ionchais agus méadú ar an mbearna oideachais; á chur i bhfios a thábhachtaí atá an gairmoideachas agus an ghairmoiliúint sa chomhthéacs sin; ag creidiúint go láidir gur cheart béim a bheith ar dhaoine óga i mbuiséad 2023, ag cur leis an bhfuinneamh a gríosaíodh de bharr Bhliain Eorpach na hÓige 2022 le gníomhaíochtaí agus beartais nithiúla a leanfar leo in 2023; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá Erasmus+ agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé acmhainní airgeadais leordhóthanacha a áirithiú don chlár sin, ós rud é nach bhfuil aon amhras ann faoin rath atá air ó thaobh deiseanna oideachais, oiliúna agus fostaíochta a leathnú ar fud an Aontais, agus gur clár é a d’éirigh leis torthaí nithiúla a bhaint amach; á mheas gur cheart go mbeadh sé níos cuimsithí agus go dtairgfí léi deiseanna níos fearr agus rochtain chomhionann ag gach duine, go háirithe daoine ó chúlraí faoi mhíbhuntáiste agus ó cheantair thuaithe agus iargúlta;

18.

á chur i bhfios go láidir nach mór teacht ar réitigh inbhuanaithe agus fhadtéarmacha chun dúshláin dhéimeagrafacha struchtúracha a chomhrac go rathúil agus chun imirce daoine oilte i gceantair thuaithe, iargúlta agus lagfhorbartha de chuid an Aontais a mhaolú; ag leagan béim ar an ngá atá le hacmhainní airgeadais chun deiseanna fostaíochta áitiúla ar ardchaighdeán a athbheochan agus a chruthú i limistéir ina bhfuil an daonra ag titim; á thabhairt chun suntais an ról ríthábhachtach atá ag buiséad an Aontais chun rannchuidiú le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus chun gníomhaíochtaí sóisialta áitiúla agus réigiúnacha a neartú, chun an t-idirphlé sóisialta a threisiú agus chun rochtain a thabhairt do chách ar phríomhsheirbhísí ríthábhachtacha amhail cúram sláinte, soghluaisteacht, cothú leordhóthanach agus tithíocht chuibhiúil;

19.

á chur i bhfios gur gá an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach a neartú, rud a chabhraíonn le daoine óga taithí phraiticiúil a fháil i mBallstát eile, a chuireann lena n-infhostaitheacht agus lena ndeiseanna saoil; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé gníomhaíochtaí AE agus gníomhaíochtaí do dhaoine óga agus do leanaí a mhaoiniú go leordhóthanach, go háirithe faoi CSE+, faoi ReactEU agus faoi RRF; á mheabhrú gur cheart don Choimisiún tuairisciú ar bhonn rialta maidir le cur chun feidhme an mholta go mbunófaí Ráthaíocht Eorpach do Leanaí agus Ráthaíocht don Aos Óg neartaithe;

20.

á mheabhrú gur chuir an paindéim isteach go mór ar dhaoine scothaosta freisin; ag áitiú gur cheart do bhuiséad 2023 tacaíocht leordhóthanach a chur ar fáil do na daoine is leochailí ina measc agus dea-bhail, dínit agus cearta bunúsacha na ndaoine sin a chosaint; ag tabhairt dá haire go gcuireann Erasmus+ deiseanna ar fáil do dhaoine fásta agus do sheanóirí agus ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbainfidh siad níos mó tairbhe as go forleathan; á chur i bhfios ról bhuiséad AE maidir le rannchuidiú le rochtain a áirithiú do sheanóirí ar sheirbhísí sóisialta agus cúraim sláinte, soghluaisteacht agus deiseanna chun dul i mbun obair dheonach a áirithiú; á iarraidh ar AE a chuid gníomhaíochtaí a chuíchóiriú agus dlús a chur leo, ar gníomhaíochtaí iad atá dírithe ar dhaoine scothaosta laistigh de chreat comhleanúnach a bhaineann le cistiú ó chláir AE;

Aontas níos láidre dá phobal agus don domhan

21.

ag cáineadh go géar ionradh neamhdhleathach gan chúis gan údar Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin agus na n-iarrachtaí go léir chun comhpháirtithe AE i gComharsanacht an Oirthir a dhíchobhsú, agus rannpháirtíocht na Bealarúise san ionsaí sin; á chur i bhfios go láidir a riachtanaí atá sé go leanfadh an tAontas de bheith aontaithe agus á iarradh go gcuirfí feabhas ar chomhar agus ar dhlúthpháirtíocht i measc na mBallstát sa chomhthéacs deacair sin; ag tathant ar an Aontas cistiú suntasach a ráthú chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí geopholaitiúla na géarchéime atá ann faoi láthair, lena n-áirítear tacaíocht chun bearta daonnúla agus ullmhachta a imscaradh chun fáilte a chur roimh dhídeanaithe sna Ballstáit agus i gComharsanacht an Oirthir; á mheabhrú go bhfuil cobhsaíocht an Aontais ag brath freisin ar chobhsaíocht a chomharsanachta;

22.

ag meabhrú an rúin uaithi maidir le fogha á thabhairt ag an Rúis faoin Úcráin agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na hacmhainní airgeadais uile atá ar fáil a shlógadh chun tacú leis an Úcráin; á chur in iúl an athuair go dtacaíonn sí, sa chomhthéacs sin, le slógadh na Saoráide Eorpaí Síochána; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus ar na Ballstáit tuarascálacha luatha agus trédhearcacha agus faisnéis ina leith sin a chur ar fáil don Pharlaimint; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cabhair dhaonnúil éigeandála bhreise a sholáthar don Úcráin i gcomhar le gníomhaireachtaí daonnúla na Náisiún Aontaithe agus le heagraíochtaí comhpháirtíochta idirnáisiúnta eile; á chur i bhfáth gur gá béim ar leith a leagan ar ghrúpaí leochaileacha, ar mhionlaigh agus ar mhná agus ar leanaí, ós rud é go bhfuil siad thíos go háirithe le cásanna coinbhleachta agus go bhfuil cosaint agus tacaíocht speisialta ag teastáil uathu; á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar na modhanna uile atá ar fáil chun a áirithiú go gcuirfear tacaíocht ar fáil faoi chláir ábhartha an Aontais, go háirithe maidir le seirbhísí sóisialta agus leighis agus maidir le hoideachas;

23.

á chur in iúl athuair a tacaíocht bhuanseasmhach do cheannasacht agus d’iomláine chríochach thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú leo, go háirithe Poblacht na Moldóive, chun dídean shealadach a chur ar fáil do dhídeanaithe ón Úcráin; á athdhearbhú an gá atá le dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit maidir leis na dídeanaithe ón Úcráin atá tar éis teacht chun na Polainne, na hUngáire, na Rómáine agus na Slóvaice a athlonnú chuig Ballstáit eile;

24.

ag aithint a thábhachtaí atá smachtbhannaí agus aontacht an Aontais chun iad a fhorchur agus á iarraidh ar an gCoimisiún bealaí agus slite a shainaithint agus a éascú chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta a bheidh acu ar an Aontas Eorpach;

25.

á chur i bhfios an tábhacht straitéiseach a bhaineann leis an mbeartas um méadú i dtíortha na mBalcán Thiar agus á chur i bhfáth gur gá cistiú leordhóthanach a chur ar fáil do thíortha na mBalcán Thiar agus do thíortha Chomharsanacht an Oirthir agus an Deiscirt, go háirithe na tíortha sin lena gcuirtear Comhaontuithe Comhlachais leis an Aontas chun feidhme, chun tacú le hathchóirithe cuimsitheacha polaitiúla agus socheacnamaíocha agus chun an tsochaí shibhialta agus an smacht reachta a neartú, chomh maith le cabhrú leis an téarnamh ó ghéarchéim COVID-19 agus óna iarmhairtí fadtéarmacha eacnamaíocha; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé tacaíocht airgeadais leordhóthanach a thabhairt don chúnamh teicniúil chun feabhas a chur ar ionsú chistí an Aontais sna réigiúin sin;

26.

á mheas go leanfaidh an tearmann agus an imirce de bheith go mór chun tosaigh ar chlár oibre an Aontais ní hamháin i gcomhthéacs na géarchéime atá ann faoi láthair; ag leagan béim ar an ngá atá le tacaíocht airgeadais leanúnach chun iarrthóirí tearmainn a ghlacadh, a chlárú, a scrúdú agus a lánpháirtiú, agus chun cistiú leordhóthanach a áirithiú do chuspóirí sonracha an Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, d’fhonn cur chun feidhme cuí an Chomhchórais Eorpaigh Tearmainn a áirithiú; á chur i bhfáth nach mór an córas sin a bheith bunaithe ar dhlúthpháirtíocht agus ar fhreagracht chomhroinnte, i.e. gan ualach díréireach a chur ar roinnt Ballstát, urraim do chearta an duine, cur chun cinn an lánpháirtithe, bunú creata don imirce dhleathach, mar atá iarrtha ag an bParlaimint, an comhrac i gcoinne gáinneáil ar dhaoine agus feabhas a chur ar na córais chun daoine a fhilleadh go héifeachtach, go sábháilte agus go díniteach agus filleadh deonach, i gcomhréir le luachanna agus gealltanais idirnáisiúnta an Aontais; á iarraidh, ina theannta sin, go dtabharfaí cistiú leordhóthanach don Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí chun córais bainistithe teorainneacha a neartú;

27.

á thabhairt chun suntais gur gá a áirithiú nach bhfuil aon tairbhithe chistí AE (lena n-áirítear conraitheoirí nó fochonraitheoirí, rannpháirtithe i gceardlanna nó i seisiúin oiliúna, nó tríú páirtithe) ar liosta na ndaoine nó na n-eintiteas atá faoi réir bhearta sriantacha an Aontais;

28.

á chur i bhfáth go bhfuil acmhainní leordhóthanacha de dhíth ar an Aontas chun freagairt do ghéarchéimeanna móra agus do na dúshláin fhadtéarmacha ina chomharsanacht agus ar fud an domhain, agus á mheabhrú go bhfuil athbhreithniú ar uasteorainn Cheannteideal 6 CAI ró-íseal cheana féin agus go bhfuil athbhreithniú ar an CAI reatha fíor-riachtanach; á iarraidh cistiú leordhóthanach don Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta agus don Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais chun go mbeidh siad in ann a ról ríthábhachtach a chomhlíonadh maidir le forbairt inbhuanaithe agus dhaonlathach agus athchóirithe polaitiúla agus eacnamaíocha a chur chun cinn, maidir leis an smacht reachta agus cearta an duine a chosaint, tacú le próisis toghcháin agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shóisialta agus aeráide agus ar bhunchúiseanna na himirce; á chur i bhfios go gcaithfear leanúint de thacaíocht a chur ar fáil do dhídeanaithe, go háirithe sa Tuirc agus sa réigiún i gcoitinne, agus freagairt do na forbairtí san Afganastáin, agus á athdhearbhú, ag an am céanna, nár cheart go mbeadh buiséad an Aontais an t-aon fhoinse chistiúcháin chuige sin; á iarraidh go bhfaigheadh Gníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le Dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear (UNRWA) leibhéal uaillmhianach cistiúcháin ó bhuiséad an Aontais in 2023 chun go mbeidh sí in ann tacaíocht leordhóthanach a chur ar fáil don chobhsaíocht réigiúnach agus athléimneacht na ndídeanaithe Palaistíneacha a neartú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an clár um chabhair dhaonnúil agus á thabhairt dá haire nach bhfuil na hacmhainní ag teacht leis na riachtanais ba mhó a bhí riamh ann; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí níos mó cistiúcháin a leithdháileadh air agus ar na Ballstáit chun an chabhair dhaonnúil a mhéadú;

29.

ag athdhearbhú a tuairime gur cheart go mbeadh a ndóthain acmhainní ag an Aontas chun freagairt d’fhorbairtí gan choinne laistigh den Aontas agus lasmuigh de; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, anailís dhomhain a dhéanamh ar impleachtaí éagsúla na ndúshlán reatha atá ann faoi láthair agus ar a dtionchar ar nós imeachta bhuiséid 2023 agus ar CAI 2021-2027 ina iomláine, agus measúnú a dhéanamh an mbeadh athbhreithniú CAI iomchuí;

30.

á mheas gur léiriú breise é an méadú is déanaí atá tagtha ar ionfhabhtuithe COVID-19 gur cheart níos mó a dhéanamh chun an domhan ar fad a vacsaíniú; ag meabhrú an chomhaontaithe idir na trí institiúid mar chuid de bhuiséad 2022 chun athbhreithniú a dhéanamh ar fhorbairt na freagartha paindéime faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2022, go háirithe, maidir le vacsaíniú idirnáisiúnta, agus aon ghníomhaíocht is gá a dhéanamh gan a thuilleadh moille;

31.

ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá, anois níos mó ná riamh le tacaíocht leordhóthanach airgeadais do shlándáil agus cosaint an Aontais, lena n-áirítear tríd an gCiste Eorpach Cosanta, lena dtacaítear le taighde agus forbairt in earnáil na cosanta; á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí breise chun feabhas a chur ar an in-imscarthacht agus ar an éifeachtacht oibríochtúil agus feabhas a chur ar an tsoghluaisteacht mhíleata, d’fhonn cobhsaíocht a neartú i gcomharsanacht an Aontais agus níos faide i gcéin, agus chun dul i ngleic le cibearbhagairtí hibrideacha agus le cibearbhagairtí; á mheas go gcuirfeadh na hiarrachtaí sin le neamhspleáchas straitéiseach an Aontais agus go neartófaí iomaíochas thionscal cosanta na hEorpa dá bharr; á iarraidh thairis sin go gcuirfí cistiú leordhóthanach ar fáil don Chiste Slándála Inmheánaí;

32.

á chur in iúl go bhfuil sí ag tacú go láidir le hiarrachtaí an Aontais dul i ngleic leis na bagairtí slándála atá ag teacht chun cinn amhail leathadh na bréagaisnéise, lena n-áirítear bréagaisnéis ar líne, feachtais bhréagnuachta i gcoinne an Aontais, an sceimhlitheoireacht, an radacú agus an t-antoisceachas foréigneach laistigh den Aontas agus dá thíortha comharsanachta; á mheas gur cheart go léireofaí leis na leithdháiltí chistiúcháin cineál athraitheach na mbagairtí agus an gá atá le dul i ngleic leis na bunchúiseanna atá leo agus comhordú níos fearr ar iarrachtaí an Aontais sa réimse sin a áirithiú;

33.

á iarraidh ar an gComhairle agus ar na Ballstáit cur lena n-iarrachtaí chun na Ballstáit uile a lánpháirtiú in Schengen, go háirithe an Rómáin, an Bhulgáir agus an Chróit, a chomhlíonann na riachtanais theicniúla uile; á mheas go bhfuil an fás eacnamaíoch agus an rathúnas, an tslándáil inmheánach, cosaint theorainneacha seachtracha an Aontais, cearta bunúsacha, feidhmiú cuí limistéar Schengen agus an tsaoirse gluaiseachta laistigh den Aontas nasctha go dlúth agus go dtéann siad chun tairbhe don dá thaobh; á mheas gur gá cistiú, soláthar foirne agus oiliúint leormhaith ar fhoireann a áirithiú do na gníomhaireachtaí uile a fheidhmíonn i réimsí na gceart bunúsach, an tearmainn, na slándála, an cheartais agus an bhainistithe comhtháite teorainneacha; á mheabhrú go bhfuil tairbhí suntasacha eacnamaíocha ag baint le limistéar Schengen do na stáit rannpháirteacha;

Saincheisteanna trasearnálacha

34.

á mheabhrú go mbeidh ar bhuiséad an Aontais costais mhaoiniúcháin Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI) a sheasamh, agus fáltais leordhóthanacha ó acmhainní dílse nua a chur san áireamh, agus lenar cheart leithreasuithe riachtanacha agus tráthúla a bheith mar bhonn taca; á chur i bhfáth nár cheart imchlúdaigh airgeadais na gclár caiteachais a úsáid chun neamh-intuarthacht chostais mhaoiniúcháin EURI a bhainistiú; á mheas go bhfuil lánchumhacht ag an údarás buiséadach chun cinneadh a dhéanamh aon chlár AE a threisiú, lena n-áirítear i gcás inar lú na costais mhaoiniúcháin EURI ná mar a rabhthas ag dréim leo; á mheabhrú go bhfuil feidhm ag an ráiteas comhpháirteach ón bParlaimint, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir leis an gcostas airgeadais EURI in 2022, a comhaontaíodh an 15 Samhain 2021 le linn na tréimhse idir-réitigh, maidir le nós imeachta buiséadach 2022 agus nach gcruthaítear fasach leis; á mheabhrú nach bhféadfar na cinntí uile a dhéanfar amach anseo a dhéanamh ach amháin le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil;

35.

á mheabhrú gur chomhaontaigh institiúidí an Aontais sa Chomhaontú Idirinstitiúideach (IIA) maidir le treochlár atá ceangailteach ó thaobh dlí bascaed d’acmhainní dílse nua a thabhairt isteach chun a áirithiú go n-aisíocfar go hiomlán príomhshuim phlean téarnaimh an Aontais agus ús gaolmhar, gan caiteachas an chláir ná ionstraimí infheistíochta faoi CAI a laghdú, agus prionsabal na huilíochta á urramú ag an am céanna; á chur in iúl gur díol sásaimh di an pacáiste airgeadais a mhol an Coimisiún an 22 Nollaig 2021, ina bhfuil nuashonrú ar an gCinneadh maidir le hAcmhainní Dílse (20), lena ngabhann trí acmhainn dhílis nua: sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha; trádáil astaíochtaí; agus sciar de bhrabúis iarmharacha na bhfiontar ilnáisiúnta is mó agus is brabúsaí; á mheas go bhfuil sé fíorthábhachtach bogadh ar aghaidh leis an bpacáiste airgeadais seo; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gComhairle cloí leis an amlíne a comhaontaíodh agus dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an gcéad bhascaed d’acmhainní dílse sula dtabharfar nós imeachta buiséadach 2023 chun críche; ag tathant ar an gCoimisiún, ina theannta sin, togra a dhéanamh maidir leis an dara baescaed d’acmhainní dílse nua roimh mhí na Nollag 2023 chun a áirithiú go mbeidh a ndóthain acmhainní ann le haghaidh aisíocaíochtaí Next Generation EU; á mheabhrú gurb í 2023 an dara bliain de chur i bhfeidhm an choigeartaithe clárshonrach faoi Airteagal 5 den Rialachán CAI;

36.

ag tabhairt dá haire go raibh líon mór gan choinne ann i dtaca le saoradh le haghaidh taighde (os cionn EUR 469 milliún), ar leibhéal nach rabhthas ag dréim leis sa chomhaontú CAI, agus nach bhfuil cumhdaithe faoin gcomhaontú sin dá bhrí sin; á mheas gur cheart gach saoradh le haghaidh taighde a chur ar fáil faoi Airteagal 15(3) den Rialachán Airgeadais; á chur in iúl nach bhfuil sé ar intinn aici ach díriú ar thosaíocht beartais amháin nó dhó i gcás saoradh atá sa bhreis ar na méideanna atá le háireamh ag an gCoimisiún sa dréachtbhuiséad i roinnt príomhréimsí;

37.

á chur in iúl go bhfuil sí ag tnúth le cur i bhfeidhm na modheolaíochta athbhreithnithe rianaithe aeráide ar dhréachtbhuiséad 2023 i gcomhréir leis an gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le smacht buiséadach agus go bhfuil sí ag tnúth leis an tuairisciú ar an bprionsabal “gan dochar suntasach a dhéanamh” sa tuarascáil ar fheidhmíocht; ag dréim go nglacfaidh an Coimisiún modheolaíocht éifeachtach, thrédhearcach agus chuimsitheach le haghaidh rianú bithéagsúlachta a luaithe is féidir, agus na spriocanna a leagadh síos do 2024, 2026 agus 2027 á gcur san áireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú cuí a dhéanamh ar na torthaí agus ar na moltaí ábhartha uile chun gach caiteachas a dhéanfar amach anseo a bheith go hiomlán trédhearcach agus nasc níos soiléire a bhunú idir caiteachas ar an aeráid agus ar an mbithéagsúlacht agus a dtionchar iarbhír, lena n-áirítear trí tháscairí aschuir agus torthaí a chur i bhfeidhm; á iarraidh go mbeadh an Pharlaimint rannpháirteach go hiomlán i bhforbairt na modheolaíochtaí mar a leagtar síos in IIA; ag dréim leis go rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an bParlaimint maidir le modheolaíocht na bithéagsúlachta sula bhfoilseofar dréachtbhuiséad 2023;

38.

á iarraidh ar an gCoimisiún forbairt a dhéanamh ar mhodheolaíocht chun caiteachas sóisialta i mbuiséad an Aontais a rianú bunaithe ar phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta;

39.

ag athdhearbhú go bhfuil tionchar díréireach ag an ngéarchéim eacnamaíoch agus shóisialta a d’eascair as paindéim Covid-19 ar mhná, lena n-áirítear méadú ar an bhforéigean inscnebhunaithe; á iarraidh, dá bhrí sin, go dtabharfaí cistiú suntasach don tsraith Daphne den Chlár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna; á iarraidh go gcuirfí cistiú breise ar fáil do bhuiséad an Aontais lena ndírítear ar an gcomhionannas inscne a chur chun cinn agus ar dhul i ngleic le hidirdhealú, go háirithe i gcoinne na mban agus dhaoine LGBTI+, agus á iarraidh ar an gCoimisiún sineirgí níos mó a chothú idir cláir AE sna réimsí sin; á iarraidh, ina theannta sin, go mbeadh acmhainní suntasacha ann chun tacú le cosaint, cur chun cinn agus rochtain uilíoch sláinte gnéis agus sláinte atáirgthe agus na gcearta a bhaineann leo agus chun tacú le banchosantóirí chearta an duine;

40.

á mheabhrú nach mór don Choimisiún, tráth nach déanaí ná an 1 Eanáir 2023 modheolaíocht a chur chun feidhme lena ngabhfaidh bailiú, tuairisciú agus meastóireacht chórasach sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de, chun caiteachas a thomhas atá ábhartha do chur chun cinn an chomhionannais inscne, chomh maith le cearta agus comhionannas deiseanna do chách; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé príomhshruthú inscne a chur chun feidhme agus a chomhtháthú mar phrionsabal cothrománach i ngníomhaíochtaí, beartais agus cláir uile an Aontais; ag leagan béim ar an ról tábhachtach atá ag gníomhaireachtaí agus comhlachtaí sa réimse sin agus ar an ngá atá le cistiú leormhaith agus foireann leormhaith chun a gcúraimí a chur i gcrích; á iarraidh go ndéanfaí straitéis 2020-2025 AE maidir le comhionannas inscne a chur chun feidhme go pras;

41.

á mheabhrú an obair bhunriachtanach a dhéanann gníomhaireachtaí díláraithe; á mheas nach mór foireann chuí a bheith ag na gníomhaireachtaí agus acmhainní leordhóthanacha a bheith acu chun gur féidir leo a gcuid cúraimí a dhéanamh; á mheabhrú go dtagann forbairt ar chúraimí na ngníomhaireachtaí i gcomhréir le tosaíochtaí beartais agus á chur i bhfáth nach mór leibhéil chomhfhreagracha acmhainní úra a bheith ag gabháil le freagrachtaí nua;

42.

á mheas gur cheart leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí leordhóthanacha a bheith i mbuiséad 2023, chun cláir nua araon a chumhdach agus chun cláir leanúnacha a thabhairt chun críche, i bpáirt chun a áirithiú go dtabharfaidh buiséad an Aontais an spreagadh eacnamaíoch is gá; ag cur béim ar an bhfíoras, agus ceachtanna foghlamtha ó na creataí airgeadais ilbhliantúla a bhí ann roimhe seo, gur gá dlús a chur le cur chun feidhme an chláir chun riaráis na n-íocaíochtaí a sheachaint sa dara leath den tréimhse CAI;

43.

á mheas, nuair a chuirfear na moltaí ón gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa chun feidhme, gur cheart na leithreasuithe is gá a chur ar fáil;

44.

á chur i bhfios go láidir an luach a bhaineann le treoirthionscadail agus le gníomhaíochtaí ullmhúcháin (PP-PAnna) ó thaobh tionscnaimh beartais nua a thriail agus an bhunchloch a leagan síos do ghníomhaíochtaí an Aontais amach anseo; á chur in iúl go bhfuil sé ar intinn aici, dá bhrí sin, pacáiste PP-PAnna a mholadh i gcomhréir lena tosaíochtaí polaitiúla agus leis an measúnú ón gCoimisiún; á chur in iúl go bhfuil muinín aici as an gCoimisiún go ndéanfaidh sé meastóireacht ar thograí PP-PA go neamhchlaonta ar bhonn measúnú dlíthiúil agus airgeadais agus go bhfuil sí ag dréim go bhfaighidh sí mínithe beachta agus mionsonraithe nuair a mheastar tionscadal a bheith “cumhdaithe” ag cláir agus beartais an Aontais, lena ngabhfaidh samplaí nithiúla de ghníomhaíochtaí AE a mheastar a chumhdaíonn na tograí; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, a áirithiú go ndéanfaí PP-PAnna arna nglacadh sa bhuiséad a chur chun feidhme ina n-iomláine, ar bhealach tráthúil agus i gcomhar leis an bParlaimint, agus go mbeidís níos infheicthe ar mhaithe lena dtionchar a uasmhéadú;

o

o o

45.

á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí.

(1)  IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(2)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.

(3)  IO C 444 I, 22.12.2020, lch. 1.

(4)  IO C 444 I, 22.12.2020, lch. 2.

(5)  IO C 444 I, 22.12.2020, lch. 3.

(6)  IO C 444 I, 22.12.2020, lch. 4.

(7)  IO C 444 I, 22.12.2020, lch. 5.

(8)  IO C 444 I, 22.12.2020, lch. 6.

(9)  IO C 445, 29.10.2021, lch. 240.

(10)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.

(11)  IO L 424, 15.12.2020, lch. 1.

(12)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 23.

(13)  IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 1.

(14)  IO C 494, 8.12.2021, lch. 2.

(15)  IO C 270, 7.7.2021, lch. 2.

(16)  IO L 243, 9.7.2021, lch. 1.

(17)  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0052.

(18)  IO L 45, 24.02.2022, lch. 1.

(19)  Breithiúnais an 16 Feabhra 2022 i gCásanna C-156/21, an Ungáir v an Pharlaimint agus an Chomhairle, ECLI:AE:C:2022:97, agus C-157/21 an Pholainn v an Pharlaimint agus an Chomhairle, ECLI:AE:C:2022:98.

(20)  Cinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom (IO L 424, 15.12.2020, lch. 1).