|
29.1.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 31/20 |
RIALACHÁN (AE) 2021/91 ÓN gCOMHAIRLE
an 28 Eanáir 2021
lena socraítear, le haghaidh na mblianta 2021 agus 2022, na deiseanna iascaireachta le haghaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais maidir le stoic éisc dhomhainfharraige áirithe
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Foráiltear le hAirteagal 43(3) den Chonradh go nglacfaidh an Chomhairle, ar thogra ón gCoimisiún, bearta maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt. |
|
(2) |
Ceanglaítear, le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), go gcuirtear san áireamh, agus bearta caomhnaithe á nglacadh, an chomhairle eolaíoch, theicniúil agus eacnamaíoch atá ar fáil, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, tuarascálacha arna dtarraingt suas ag an gCoiste eolaíoch, teicniúil agus eacnamaíoch um iascach (STECF). |
|
(3) |
Tá sé de dhualgas ar an gComhairle bearta a ghlacadh maidir le deiseanna iascaireachta a shocrú agus a chionroinnt, lena n-áirítear coinníollacha áirithe a bhfuil nasc feidhmiúil acu leis sin, de réir mar is iomchuí. Ba cheart na deiseanna iascaireachta a leithdháileadh ar na Ballstáit sa tslí go n-áiritheofar do na Ballstáit cobhsaíocht choibhneasta ina gcuid gníomhaíochtaí iascaireachta maidir le gach stoc nó iascach agus ag féachaint do chuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh (CBI) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. |
|
(4) |
Ba cheart na gabhálacha iomlána incheadaithe (“TACanna”) a bhunú ar bhonn na comhairle eolaíche atá ar fáil ón gComhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES), agus aird á tabhairt ar ghnéithe bitheolaíocha agus socheacnamaíocha agus cóir chothrom idir earnálacha iascaireachta á háirithiú san am céanna, agus i bhfianaise na dtuairimí a cuireadh in iúl le linn an chomhairliúcháin le geallsealbhóirí, agus go háirithe leis na comhairlí comhairleacha lena mbaineann. |
|
(5) |
Maidir le stoic nach bhfuil sonraí leordhóthanacha nó iontaofa ar fáil ina leith chun meastacháin ar mhéid a sholáthar, ba cheart, le bearta bainistíochta agus leibhéil TAC, cloí leis an gcur chuige réamhchúraim i leith bainistiú iascach mar a shainmhínítear é i bpointe (8) d'Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, agus fachtóirí stocshonracha á gcur san áireamh san am céanna, lena n-áirítear, go háirithe, an fhaisnéis atá ar fáil faoi threochtaí stoc agus gnéithe d'iascaigh mheasctha. |
|
(6) |
De bhun Airteagal 16(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, i gcás stoic atá faoi réir pleananna ilbhliantúla sonracha, ba cheart na TACanna a bhunú i gcomhréir leis na rialacha a leagtar síos sna pleananna sin. Bunaíodh plean ilbhliantúil Uiscí an Iarthair le Rialachán (AE) 2019/472 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus tháinig an plean i bhfeidhm in 2019. Ós rud é nach féidir raonta FMSY a chinneadh d'aon cheann de na stoic a chumhdaítear leis an Rialachán seo agus a thagann faoi raon feidhme phlean ilbhliantúil Uiscí an Iarthair, ba cheart deiseanna iascaireachta do na stoic sin a shocrú i gcomhréir le cuspóirí an phlean sin agus an chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil á cur san áireamh chomh maith leis an gcur chuige réamhchúraim maidir le bainistiú iascaigh nuair nach bhfuil aon fhaisnéis eolaíoch leordhóthanach ar fáil, agus aird á tabhairt freisin ar an deacracht a bhaineann leis na stoic uile a iascach ar uastáirgeacht inbhuanaithe (MSY) ag an am céanna, go háirithe i gcásanna inarbh é an toradh air sin go ndúnfaí an t-iascach roimh am. |
|
(7) |
I gcás nach gcionroinntear TAC a bhaineann le stoc ach ar aon Bhallstát amháin, is iomchuí a thabhairt de chumhacht don Bhallstát sin, i gcomhréir le hAirteagal 2(1) den Chonradh, leibhéal an TAC sin a chinneadh. Ba cheart forálacha a dhéanamh chun a áirithiú go ngníomhóidh an Ballstát lena mbaineann, agus leibhéal an TAC sin á shocrú aige, ar bhealach a bheidh comhchuí go hiomlán le prionsabail agus le rialacha CBI. |
|
(8) |
Le haghaidh TACanna áirithe, tá cuótaí comhroinnte ar fáil do na Ballstáit nár cionroinneadh cuóta orthu, a léirítear mar “Eile”. Má tá leas bainte ag Ballstáit as cuóta comhroinnte den sórt sin, féadfaidh siad cuóta dá gcuid féin a fháil tráth níos déanaí, trí chuóta a mhalartú, mar shampla. Nuair a thuairisceoidh siad gabhálacha don Choimisiúin i ndáil leis an TAC céanna, ba cheart do na Ballstáit an t-idirdhealú a dhéanamh idir na gabhálacha atá le ríomh in aghaidh a gcuóta féin agus na gabhálacha atá le ríomh in aghaidh an chuóta chomhroinnte. Chun foráil a dhéanamh maidir le hidirdhealú den sórt sin, ba cheart cód um thuairisciú ar leith a thabhairt isteach. |
|
(9) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle (3), tugadh coinníollacha breise isteach maidir le TACanna a bhainistiú ó bhliain go bliain, lena n-áirítear forálacha solúbthachta le haghaidh TACanna réamhchúraim agus TACanna anailíseacha. Faoin Rialachán sin, bíonn sé le cinneadh ag an gComhairle, agus TACanna á socrú aici, cé na stoic nach mbeidh feidhm ag Airteagail 3 nó 4 den Rialachán sin maidir leo, agus an cinneadh sin a dhéanamh go háirithe ar bhonn stádas bitheolaíoch na stoc. In 2014, tugadh sásra solúbthachta ó bhliain go bliain breise isteach le hAirteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir le gach stoc atá faoi réir oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír. Dá bhrí sin, chun solúbthacht iomarcach a sheachaint a bhainfeadh an bonn de phrionsabal shaothrú céillí freagrach na n-acmhainní bitheolaíocha muirí, rud a chuirfeadh bac ar ghnóthú chuspóirí CBI agus a chuirfeadh meath ar stádas bitheolaíoch na stoc, ba cheart a bhunú nach mbeidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 maidir le TACanna anailíseacha ach amháin i gcás nach mbaintear leas as an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013. |
|
(10) |
I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, tá feidhm iomlán ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír ón 1 Eanáir 2019 ar aghaidh agus tá gach speiceas atá faoi réir teorainneacha gabhála le tabhairt i dtír. Foráiltear, le hAirteagal 16(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, nuair atá feidhm ag an oibleagáid maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír i ndáil le stoc éisc áirithe, go gcuirtear san áireamh, agus na deiseanna iascaireachta á socrú, an t-athrú ó na deiseanna iascaireachta ar léiriú iad ar ghabhálacha a thugtar i dtír chuig na deiseanna iascaireachta ar léiriú iad ar ghabhálacha. Ar bhonn na moltaí comhpháirteacha a chuir na Ballstáit isteach agus i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/472, ghlac an Coimisiún roinnt Rialacháin tarmligthe lena leagtar síos na sonraí, i bhfoirm pleananna ar leith maidir le hábhar muirí aischurtha, a bhaineann le cur chun feidhme na hoibleagáide maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír. |
|
(11) |
Agus deiseanna iascaireachta á socrú le haghaidh stoic na speiceas a thagann faoin oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, ba cheart a chur san áireamh nach gceadaítear, i prionsabal, ábhar muirí a aischur a thuilleadh. Dá bhrí sin, ba cheart na deiseanna iascaireachta a bheith bunaithe ar an bhfigiúr a mholtar le haghaidh gabhálacha iomlána (seachas an figiúr a mholtar le haghaidh gabhálacha inmhianaithe), an figiúr sin arna chur ar fáil ag ICES. Na méideanna a bhféadfar, mar eisceacht ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, leanúint de bheith á n-aischur le linn oibriú, ba cheart iad a asbhaint ón bhfigiúr sin a mholtar le haghaidh gabhálacha iomlána. |
|
(12) |
Ba cheart na deiseanna iascaireachta a shocrú i gcomhréir le comhaontuithe agus prionsabail idirnáisiúnta, amhail comhaontú 1995 na Náisiún Aontaithe a bhaineann le caomhnú agus le bainistiú stoc éisc traslimistéir agus stoc éisc mór-imirceach (4), agus leis na prionsabail bhainistíochta mhionsonraithe a leagtar síos i dTreoirlínte Idirnáisiúnta maidir le Bainistiú Iascach Domhainfharraige ar an Mórmhuir a ghlac Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe in 2008, na prionsabail sin a shonraíonn gur cheart go háirithe don rialaitheoir a bheith níos cúramaí nuair is éiginnte, neamhiontaofa nó neamhleor an fhaisnéis atá ann. Má tá faisnéis eolaíoch leormhaith in easnamh, níor cheart é sin a úsáid mar leithscéal chun glacadh na mbeart caomhnaithe agus bainistithe a chur ar athló nó a sheachaint. |
|
(13) |
Déantar gabhálacha deargán (Pagellus bogaraveo) i limistéir an Choiste Iascaigh um an Atlantach Thoir Láir (CECAF) agus an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (GFCM), atá ag críochantacht le folimistéar 9 ICES. Ós rud é gur neamhiomlán sonraí ICES le haghaidh na limistéar cóngarach sin, ba cheart raon feidhme an TAC a theorannú d'fholimistéar 9 ICES. |
|
(14) |
Ós amhlaidh nár thángthas ar chomhaontú leis an Ríocht Aontaithe go fóill maidir le leibhéil TAC le haghaidh stoc éisc traslimistéir agus chun creat rialála iomchuí a bhunú do ghníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais go dtí go ndéanfar cinntí maidir le comhbhainistiú, ba cheart deiseanna sealadacha iascaireachta a shocrú do na chéad 3 mhí de 2021. Ba cheart deiseanna iascaireachta sealadacha den sórt sin a shocrú ar leibhéil nach ndéanfaidh réamhbhreith ar thoradh na gcomhairliúchán leis na tríú tíortha ábhartha agus níor cheart an fhéidearthacht go bhféadfaí TACanna buana a shocrú i gcomhréir le comhairle eolaíoch a chur i mbaol leo. Dá bhrí sin, mar chur chuige ginearálta, ba cheart dóibh freagairt do 25 % de sciar an Aontais de na deiseanna iascaireachta arna socrú do 2020. In imthosca ar bith, níor cheart na deiseanna iascaireachta sealadacha sin a bheith ina mbac ar dheiseanna iascaireachta cinntitheacha a shocrú i gcomhréir le comhaontuithe idirnáisiúnta, go háirithe an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt (5), agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile, atá i bhfeidhm go sealadach ón 1 Eanáir 2021, agus le toradh na gcomhairliúchán, le creat dlíthiúil an Aontais agus leis an gcomhairle eolaíoch. |
|
(15) |
Mhol ICES gan gabhálacha gainneachán flannbhuí (Hoplostethus atlanticus) a dhéanamh go dtí 2024. Is iomchuí go leanfar den toirmeasc ar iascaireacht an speicis sin nó é a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt i dtír toisc go bhfuil an stoc ídithe agus nach bhfuil sé ag téarnamh. Thug ICES dá aire nach bhfuil aon iascaireacht spriocdhírithe de chuid an Aontais ar an speiceas sin san Atlantach Thoir Thuaidh ó bhí 2010 ann. |
|
(16) |
Mhol ICES go ndéanfar básmhaireacht iascaireachta na siorcanna domhainfharraige a íoslaghdú. Is speicis fhadsaolacha a bhfuil rátaí síolraithe ísle acu iad na siorcanna domhainfharraige, agus rinneadh róshaothrú orthu. Dá bhrí sin, ba cheart toirmeasc a chur ar iascaireacht na speiceas sin. |
|
(17) |
Chun briseadh i ngníomhaíochtaí iascaireachta a sheachaint agus chun slí bheatha iascairí an Aontais a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2021. Chun a áirithiú go mbeidh na Ballstáit in ann an Rialachán seo a chur i bhfeidhm go tráthúil, ba cheart dó teacht i bhfeidhm díreach tar éis a fhoilsithe, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar
Leis an Rialachán seo, socraítear do na blianta 2021 agus 2022, na deiseanna iascaireachta bliantúla atá ar fáil do shoithí an Aontais maidir le stoic éisc de speicis dhomhainfharraige áirithe in uiscí an Aontais agus in uiscí áirithe nach den Aontas iad, ina bhfuil gá le teorainneacha gabhála.
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe dá dtagraítear in Airteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 1360/2013. Sa bhreis air sin, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:
|
(a) |
ciallaíonn “gabháil iomlán incheadaithe (TAC)”:
|
|
(b) |
ciallaíonn “cuóta” cion de TAC a chionroinntear ar an Aontas nó ar Bhallstát; |
|
(c) |
ciallaíonn “uiscí idirnáisiúnta” uiscí atá lasmuigh de cheannasacht nó de dhlínse aon Stáit; |
|
(d) |
ciallaíonn “measúnú anailíseach” meastóireachtaí cainníochtúla ar threochtaí i stoc ar leith, bunaithe ar shonraí maidir le bitheolaíocht agus saothrú an stoic sin, ar léirigh athbhreithniú eolaíoch na sonraí sin a bheith de cháilíocht leormhaith chun comhairle eolaíoch a sholáthar i ndáil le roghanna maidir le gabhálacha amach anseo; |
|
(e) |
ciallaíonn “limistéir na Comhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (ICES)” na limistéir gheografacha a shonraítear in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6); |
|
(f) |
ciallaíonn “limistéir an Choiste Iascaigh um an Atlantach Thoir Láir (CECAF)” na limistéir gheografacha a shonraítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 216/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7); |
|
(g) |
ciallaíonn “siorcanna domhainfharraige” na speicis a liostaítear i bpointe 2 de Chuid 1 den Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
Airteagal 3
TACanna agus cionrannta
1. Leagtar amach san Iarscríbhinn TACanna le haghaidh speicis dhomhainfharraige a ghabhann soithí iascaireachta de chuid an Aontais in uiscí an Aontais agus in uiscí áirithe nach den Aontas iad agus leagtar amach cionroinnt na TACanna sin i measc na mBallstát maille leis na coinníollacha a bhfuil nasc feidhmiúil acu leis an gcionroinnt sin, más iomchuí.
2. Féadfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais a údarú iascaireacht a dhéanamh, laistigh de na TACanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, in uiscí a thagann faoi dhlínse iascaigh na Ríochta Aontaithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8) agus ina fhorálacha cur chun feidhme.
Airteagal 4
Soithí iascaireachta faoi bhratach na Ríochta Aontaithe, atá cláraithe sa Ríocht Aontaithe agus a cheadúnaíonn riarachán iascaigh de chuid na Ríochta Aontaithe
Féadfaidh soithí iascaireachta faoi bhratach na Ríochta Aontaithe, atá cláraithe sa Ríocht Aontaithe agus a cheadúnaíonn riarachán iascaigh de chuid na Ríochta Aontaithe a údarú iascaireacht a dhéanamh in uiscí an Aontais laistigh de na TACanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, agus beidh siad faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i Rialachán (AE) 2017/2403.
Airteagal 5
Na TACanna atá le cinneadh ag na Ballstáit
1. Is í an Phortaingéil a chinnfidh an TAC le haghaidh na scabairde duibhe (Aphanopus carbo) i limistéar 34.1.2 CECAF. Sainaithnítear an stoc seo san Iarscríbhinn.
2. Maidir leis an TAC sin a bheidh le cinneadh ag an bPortaingéil:
|
(a) |
beidh sé comhchuí le prionsabail agus rialacha CBI, go háirithe an prionsabal maidir le saothrú inbhuanaithe an stoic; agus |
|
(b) |
beidh de thoradh air:
|
3. Faoin 15 Márta gach bliain, cuirfidh an Phortaingéil an fhaisnéis seo a leanas faoi bhráid an Choimisiúin:
|
(a) |
TAC arna ghlacadh; |
|
(b) |
na sonraí arna mbailiú agus arna measúnú ag an bPortaingéil ar ar bunaíodh an TAC sin arna ghlacadh; |
|
(c) |
na sonraí maidir leis an gcaoi a gcomhlíonann an TAC a glacadh mír 2. |
Airteagal 6
Forálacha speisialta maidir le cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta
1. Beidh cionroinnt na ndeiseanna iascaireachta i measc na mBallstát mar a leagtar amach iad sa Rialachán seo gan dochar do na nithe seo a leanas:
|
(a) |
malartuithe arna ndéanamh de bhun Airteagal 16(8) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013; |
|
(b) |
asbhaintí agus ath-chionrannta arna ndéanamh de bhun Airteagal 37 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle (9); |
|
(c) |
ath-chionrannta arna ndéanamh de bhun Airteagal 12(7) de Rialachán (AE) 2017/2403; |
|
(d) |
gabhálacha breise arna gceadú de bhun Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 agus Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013; |
|
(e) |
cainníochtaí arna gcoinneáil siar i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 agus Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013; |
|
(f) |
asbhaintí arna ndéanamh de bhun Airteagail 105, 106 agus 107 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009. |
2. Déantar na stoic atá faoi réir TACanna réamhchúraim nó TACanna anailíseacha a shainaithint san Iarscríbhinn.
3. Seachas i gcás ina sonraítear a mhalairt san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, beidh feidhm ag Airteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 maidir le stoic atá faoi réir TACanna réamhchúraim, agus beidh feidhm ag Airteagal 3(2) agus (3) agus ag Airteagal 4 den Rialachán sin maidir le stoic atá faoi réir TACanna anailíseach.
4. Ní bheidh feidhm ag Airteagail 3 agus 4 de Rialachán (CE) Uimh. 847/96 i gcás ina mbainfidh Ballstát leas as an tsolúbthacht ó bhliain go bliain dá bhforáiltear in Airteagal 15(9) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013.
Airteagal 7
Coinníollacha maidir le gabhálacha agus foghabhálacha a thabhairt i dtír
Gabhálacha nach bhfuil faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír arna bunú le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, ní choinneofar ar bord iad ná ní thabharfar i dtír iad ach amháin:
|
(a) |
má ghabh soithí iad a bhfuil bratach Bhallstáit ar foluain orthu, a bhfuil cuóta acu agus nach bhfuil an cuóta sin ídithe; nó |
|
(b) |
más cion de chuóta de chuid an Aontais iad nár cionroinneadh de réir cuóta i measc na mBallstát agus nár ídíodh an cuóta sin de chuid an Aontais. |
Airteagal 8
TACanna sealadacha a chur i bhfeidhm
1. I gcás ina ndéanfar tagairt don Airteagal seo i dtábla a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo, is deiseanna iascaireachta sealadacha a bheidh sna deiseanna sa tábla sin agus beidh feidhm acu ón 1 Eanáir go dtí an 31 Márta 2021. Beidh na deiseanna iascaireachta sealadacha sin gan dochar do dheiseanna cinntitheacha iascaireachta a shocrú le haghaidh 2021 agus 2022 i gcomhréir le torthaí na gcaibidlíochtaí agus/nó na gcomhairliúchán idirnáisiúnta, leis an gcomhairle eolaíoch, leis na forálacha is infheidhme de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus le pleananna ilbhliantúla ábhartha.
2. Féadfaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais stoic éisc atá faoi réir deiseanna iascaireachta sealadacha dá dtagraítear i mír 1 a iascach in uiscí an Aontais agus in uiscí idirnáisiúnta agus in uiscí tríú tíortha a bhfuil rochtain tugtha acu ar a n-uiscí le haghaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais.
Airteagal 9
Toirmeasc
Tá toirmeasc ar an méid seo a leanas le haghaidh soithí iascaireachta de chuid an Aontais:
|
(a) |
iascaireacht a dhéanamh ar ghainneacháin fhlannbhuí (Hoplostethus atlanticus) in uiscí an Aontais nó in uiscí idirnáisiúnta i bhfolimistéir 1 go 10, 12 agus 14 ICES, agus gainneacháin fhlannbhuí arna ngabháil sna folimistéir sin a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú nó a thabhairt a dtír; |
|
(b) |
iascaireacht a dhéanamh ar shiorcanna domhainfharraige i bhfolimistéir 5 go 9 ICES, nó in uiscí an Aontais agus in uiscí idirnáisiúnta i bhfolimistéar 10 ICES, in uiscí idirnáisiúnta i bhfolimistéar 12 ICES, agus in uiscí an Aontais i limistéir 34.1.1, 34.1.2 agus 34.2 CECAF, agus siorcanna domhainfharraige arna ngabháil sna limistéir sin a choinneáil ar bord, a thrasloingsiú, a athlonnú nó a thabhairt i dtír. |
Airteagal 10
Tarchur sonraí
Nuair a chuirfidh na Ballstáit faoi bhráid an Choimisiúin, de bhun Airteagail 33 agus 34 de Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009, sonraí a bhaineann le cainníochtaí stoc arna ngabháil a thabhairt i dtír, úsáidfidh siad na cóid stoic a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 11
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Eanáir 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
A. P. ZACARIAS
(1) Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lch. 22).
(2) Rialachán (AE) 2019/472 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do stoic a dhéantar a iascach in Uiscí an Iarthair agus sna huiscí máguaird agus d'iascaigh a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialacháin (AE) 2016/1139 agus (AE) 2018/973 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007 agus (CE) Uimh. 1300/2008 ón gComhairle (IO L 83, 25.3.2019, lch. 1).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle an 6 Bealtaine 1996 lena dtugtar isteach coinníollacha breise le haghaidh bhainistiú bliantúil TACanna agus na gcuótaí (IO L 115, 9.5.1996, lch. 3).
(4) An Comhaontú maidir le Forálacha Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige an 10 Nollaig 1982 i ndáil le Caomhnú agus le Bainistiú Stoc Éisc Traslimistéir agus Stoc Éisc Mór-imirceach a chur chun feidhme (IO L 189, 3.7.1998, lch. 16).
(5) IO L 444, 31.12.2020, lch. 14.
(6) Rialachán (CE) Uimh. 218/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht san Atlantach thoir thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (IO L 87, 31.3.2009, lch. 70).
(7) Rialachán (CE) Uimh. 216/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Ballstáit atá ag iascaireacht i limistéir áirithe seachas i limistéir an Atlantaigh Thuaidh do thíolacadh staidrimh ar ghabháil ainmniúil (IO L 87, 31.3.2009, lch. 1).
(8) Rialachán (AE) 2017/2403 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le bainistiú inbhuanaithe na gcabhlach iascaireachta seachtrach, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1006/2008 ón gComhairle (IO L 347, 28.12.2017, lch. 81).
(9) Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Aontais chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
CUID 1
Tábla comparáideach de ghnáthainmneacha agus ainmneacha eolaíocha
|
1. |
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag an tábla comparáideach seo ina liostaítear gnáthainmneacha agus ainmneacha eolaíocha na speiceas:
|
|
2. |
Chun críocha an Rialacháin seo, is é is brí le “siorcanna domhainfharraige”:
|
CUID 2
Deiseanna iascaireachta bliantúla (i dtonaí beomheáchain)
Is limistéir ICES iad na limistéir iascaireachta dá dtagraítear sa Chuid seo, mura sonraítear a mhalairt.
Sa liosta a leagtar amach sa Chuid seo, tagraítear do na stoic éisc de réir ord aibítre ainmneacha eolaíocha na speiceas.
|
Speiceas: |
An scabaird dhubh Aphanopus carbo |
Limistéar: |
Uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 5, 6, 7 agus 12 (BSF/56712-) |
|
|
An Ghearmáin |
7 |
|
TAC réamhchúraim Tá feidhm ag Airteagal 8 den Rialachán seo |
|
|
An Eastóin |
4 |
|
||
|
Éire |
18 |
|
||
|
An Spáinn |
35 |
|
||
|
An Fhrainc |
494 |
|
||
|
An Laitvia |
23 |
|
||
|
An Liotuáin |
0 |
|
||
|
An Pholainn |
0 |
|
||
|
Eile |
2 |
|||
|
An tAontas |
583 |
|
||
|
An Ríocht Aontaithe |
35 |
|
||
|
TAC |
618 |
|
||
|
Speiceas: |
An scabaird dhubh Aphanopus carbo |
Limistéar: |
Uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 8, 9 agus 10 (BSF/8910-) |
|||
|
Bliain |
2021 |
|
2022 |
|
TAC réamhchúraim |
|
|
An Spáinn |
7 |
|
7 |
|
||
|
An Fhrainc |
18 |
|
18 |
|
||
|
An Phortaingéil |
2 241 |
|
2 241 |
|
||
|
An tAontas |
2 266 |
|
2 266 |
|
||
|
TAC |
2 266 |
|
2 266 |
|
||
|
Speiceas: |
An scabaird dhubh Aphanopus carbo |
Limistéar: |
Uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 34.1.2 CECAF (BSF/C3412-) |
|||
|
Bliain |
2021 |
2022 |
TAC réamhchúraim Tá feidhm ag Airteagal 4 den Rialachán seo |
|||
|
An Phortaingéil |
Fós le suí |
|
Fós le suí |
|
||
|
An tAontas |
Fós le suí |
Fós le suí |
||||
|
TAC |
Fós le suí |
Fós le suí |
||||
|
Speiceas: |
Alfainsíní Beryx spp. |
Limistéar: |
Uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 3, 4, 5, 6, 7, 8, 9, 10, 12 agus 14 (ALF/3X14-) |
|
|
Éire |
2 |
TAC réamhchúraim Tá feidhm ag Airteagal 8 den Rialachán seo |
||
|
An Spáinn |
14 |
|||
|
An Fhrainc |
4 |
|||
|
An Phortaingéil |
41 |
|||
|
An tAontas |
61 |
|||
|
An Ríocht Aontaithe |
2 |
|||
|
TAC |
63 |
|||
|
Speiceas: |
An gránádóir cruinnsocach Coryphaenoides rupestris |
Limistéar: |
Uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 3 (RNG/03-) |
|||
|
Bliain |
2021 |
2022 |
TAC réamhchúraim |
|||
|
An Danmhairg |
4,730 |
4,730 |
||||
|
An Ghearmáin |
0.027 |
0.027 |
||||
|
An tSualainn |
0.243 |
0.243 |
||||
|
An tAontas |
5 |
5 |
||||
|
TAC |
5 |
5 |
||||
|
Speiceas: |
An gránádóir cruinnsocach Coryphaenoides rupestris |
Limistéar: |
Uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 5b, 6 agus 7 (RNG/5B67-) |
|
|
An Ghearmáin |
1 |
TAC réamhchúraim Tá feidhm ag Airteagal 8 den Rialachán seo |
||
|
An Eastóin |
9 |
|||
|
Éire |
42 |
|||
|
An Spáinn |
10 |
|||
|
An Fhrainc |
527 |
|||
|
An Liotuáin |
12 |
|||
|
An Pholainn |
6 |
|||
|
Eile |
1 |
|||
|
An tAontas |
608 |
|||
|
An Ríocht Aontaithe |
31 |
|||
|
TAC |
639 |
|||
|
Speiceas: |
An gránádóir cruinnsocach Coryphaenoides rupestris |
Limistéar: |
Uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 8, 9, 10, 12 agus 14 (RNG/8X14-) |
|
|
An Ghearmáin |
4 |
TAC réamhchúraim Tá feidhm ag Airteagal 8 den Rialachán seo |
||
|
Éire |
1 |
|||
|
An Spáinn |
410 |
|||
|
An Fhrainc |
19 |
|||
|
An Laitvia |
7 |
|||
|
An Liotuáin |
1 |
|||
|
An Pholainn |
128 |
|||
|
An tAontas |
570 |
|||
|
An Ríocht Aontaithe |
2 |
|||
|
TAC |
572 |
|||
|
Speiceas: |
An deargán Pagellus bogaraveo |
Limistéar: |
Uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 6, 7 agus 8 (SBR/678-) |
|
|
Éire |
1 |
TAC réamhchúraim Tá feidhm ag Airteagal 8 den Rialachán seo |
||
|
An Spáinn |
21 |
|||
|
An Fhrainc |
1 |
|||
|
Eile |
1 |
|||
|
An tAontas |
24 |
|||
|
An Ríocht Aontaithe |
3 |
|||
|
TAC |
27 |
|||
|
Speiceas: |
An deargán Pagellus bogaraveo |
Limistéar: |
Uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 9 (SBR/09-) |
|||
|
Bliain |
2021 |
|
2022 |
|
TAC réamhchúraim |
|
|
An Spáinn |
93 |
|
93 |
|
||
|
An Phortaingéil |
25 |
|
25 |
|
||
|
An tAontas |
118 |
|
118 |
|
||
|
TAC |
119 |
|
119 |
|
||
|
Speiceas: |
An deargán Pagellus bogaraveo |
Limistéar: |
Uiscí an Aontais agus uiscí idirnáisiúnta in 10 (SBR/10-) |
|
|
An Spáinn |
1 |
|
TAC réamhchúraim Tá feidhm ag Airteagal 8 den Rialachán seo |
|
|
An Phortaingéil |
136 |
|
||
|
An tAontas |
137 |
|
||
|
An Ríocht Aontaithe |
1 |
|
||
|
TAC |
138 |
|
||
(1) Le haghaidh foghabhálacha amháin. Ní cheadaítear iascaireacht spriocdhírithe faoin gcuóta seo. Na gabhálacha atá le ríomh in aghaidh an chuóta chomhroinnte seo, déanfar iad a thuairisciú ar leithligh (BSF/56712_AMS).
(2) Socraithe ag an gcainníocht chéanna agus atá i gcuóta na Portaingéile.
(3) Le haghaidh foghabhálacha amháin. Ní cheadaítear iascaireacht spriocdhírithe faoin gcuóta seo.
(4) Ní cheadaítear iascaireacht spriocdhírithe ar an ngránádóir cruinnsocach in 3a .
(5) Ní cheadaítear iascaireacht spriocdhírithe ar an ngránádóir ceanngharbh. Déanfar foghabhálacha gránádóirí ceanngharbha (RHG/03-) a chomhaireamh in aghaidh an chuóta seo. Ní rachaidh siad thar 1 % den chuóta.
(6) Féadfar uasmhéid de 10 % de gach cuóta a iascach in uiscí an Aontais agus in uiscí idirnáisiúnta in 8, 9, 10, 12 agus 14 (RNG/*8X14- le haghaidh an ghránádóra chruinnsocaigh; RHG/*8X14- le haghaidh foghabhálacha an ghránádóra cheannghairbh).
(7) Ní cheadaítear iascaireacht spriocdhírithe ar an ngránádóir ceanngharbh. Déanfar foghabhálacha gránádóirí ceanngharbha (RHG/5B67-) a chomhaireamh in aghaidh an chuóta seo. Ní rachaidh siad thar 1 % den chuóta.
(8) Le haghaidh foghabhálacha amháin. Ní cheadaítear iascaireacht spriocdhírithe. Na gabhálacha atá le ríomh in aghaidh an chuóta chomhroinnte seo, déanfar iad a thuairisciú ar leithligh (RNG/5B67_AMS le haghaidh an ghránádóra chruinnsocaigh; RHG/5B67_AMS le haghaidh an ghránádóra cheannghairbh).
(9) Féadfar uasmhéid de 10 % de gach cuóta a iascach in uiscí an Aontais agus in uiscí idirnáisiúnta in 5b, 6, 7 (RNG/*5B67- le haghaidh an ghránádóra chruinnsocaigh; RHG/*5B67- le haghaidh foghabhálacha gránádóirí ceanngharbha).
(10) Ní cheadaítear iascaireacht spriocdhírithe ar an ngránádóir ceanngharbh. Déanfar foghabhálacha gránádóirí ceanngharbha (RHG/8X14-) a chomhaireamh in aghaidh an chuóta seo. Ní rachaidh siad thar 1 % den chuóta.
(11) Le haghaidh foghabhálacha amháin. Ní cheadaítear iascaireacht spriocdhírithe faoin gcuóta seo.
(12) Na gabhálacha atá le ríomh in aghaidh an chuóta chomhroinnte seo, déanfar iad a thuairisciú ar leithligh (SBR/678_AMS).