28.3.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 100/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2022/486 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Eanáir 2022

lena leasaítear Iarscríbhinní I agus III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le modhanna ríofa caiteachais idirghabhála poiblí

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(2) agus (3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014 ón gCoimisiún (2), leagtar síos rialacha mionsonraithe is infheidhme maidir le caiteachas idirghabhála poiblí faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT). Ní mór forálacha an Rialacháin sin a oiriúnú chun a chur san áireamh nach n-úsáidtear idirghabháil phoiblí ach go hannamh.

(2)

Le hIarscríbhinn I, Cuid I, a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014 sainítear na rátaí úis is infheidhme maidir caiteachas idirghabhála poiblí a mhaoiniú faoi CERT.

(3)

Chun na rátaí úis sin a chinneadh, tá na Ballstáit le fógra a thabhairt don Choimisiún faoin meánráta úis a d’íoc siad go hiarbhír le linn tréimhse thagartha. Murar íoc Ballstát aon chostas úis toisc nach raibh táirgí talmhaíochta i stóráil phoiblí aige, socróidh an Coimisiún an ráta úis tagartha ar bhonn meánrátaí úis tagartha. I gcás na mBallstát a bhfuil an euro in úsáid acu, is é Ráta Tairgthe Idirbhainc an euro (Euribor) an ráta tagartha. I gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, is é an Ráta Tairgthe Idirbhainc (IBOR) an ráta tagartha.

(4)

I bhfianaise an laghdaithe atá ag teacht ar an líon idirbheart atá mar bhunús le Euribor, ba cheart ráta gearrthéarmach an euro (€STR) a thabhairt mar ráta cúltaca i gcásanna nach bhfuil Euribor ar fáil. I gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, ba cheart foráil a dhéanamh freisin maidir leis an bhféidearthacht an ráta cúltaca a chuirtear in ionad an IBOR náisiúnta a úsáid.

(5)

Faoi láthair, de bhun na rialacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I, Cuid I, a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014, tá an Coimisiún le rialachán cur chun feidhme, le haghaidh gach bliana cuntasaíochta, a ghlacadh lena socraítear an ráta úis, fiú amháin mura bhfuil aon athrú ar an ráta úis agus fiú amháin mura bhfuil aon táirge i stóráil phoiblí. Ar mhaithe leis an simpliú agus leis an éifeachtúlacht acmhainne, is iomchuí a fhoráil go mbeidh feidhm ag an rialachán cur chun feidhme ón gCoimisiún lena socraítear an ráta úis go dtí go n-aisghairfear é. Níor cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, an ráta úis a thabhairt cothrom le dáta ach amháin má tharlaíonn idirghabháil stórála poiblí nó má mheastar go dtarlóidh ceannach idirghabhála.

(6)

Le hIarscríbhinn III, Cuid I, pointe 4, a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014, leagtar síos na rialacha maidir le bunú na méideanna caighdeánacha is infheidhme maidir leis an Aontas nuair a chuireann níos lú ná ceithre Bhallstát táirge ar leith i stóráil phoiblí. D’fhéadfadh sé, áfach, go bhfuil táirge ar leith á chur i stóráil phoiblí ag níos mó ná ceithre Bhallstát ach go dtugann níos lú ná ceithre Bhallstát fógra faoina gcostais thaifeadta. Chun éiginnteacht dhlíthiúil maidir le bunú na méideanna caighdeánacha is infheidhme a sheachaint, ba cheart foráil a chur isteach i gcásanna ina dtugann níos lú ná ceithre Bhallstát fógra faoina gcostais thaifeadta.

(7)

Foráiltear le hIarscríbhinn III, Cuid II, pointe 3, a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014 go bhféadfaidh an Coimisiún na méideanna caighdeánacha a socraíodh roimhe sin le haghaidh táirge a thar-rolladh i gcás nach raibh aon stóráil phoiblí ann, nó i gcás nach mbeidh aon stóráil phoiblí ann, le haghaidh na bliana cuntasaíochta reatha. Ar mhaithe leis an simpliú agus leis an éifeachtúlacht acmhainne, níor cheart na méideanna caighdeánacha is infheidhme a shocrú go rialta gach bliain. Ina ionad sin, an cinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún lena socraítear na méideanna caighdeánacha sin, ba cheart é a bheith infheidhme go dtí go n-aisghairfear é.

(8)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014 mar a leanas:

(1)

leasaítear Iarscríbhinn I, Cuid I, mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

“1.

Chun ríomh a dhéanamh ar na costais mhaoiniúcháin a bheidh le híoc ag CERT le haghaidh na gcistí arna n-úsáid ag an mBallstát chun táirgí a cheannach, socróidh an Coimisiún ráta úis aonfhoirmeach i gcomhréir le hAirteagal 20(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ar fud an Aontais. Beidh an ráta úis aonfhoirmeach ag comhfhreagairt do mheán na réamhrátaí 3 mhí agus 12 mhí Euribor, meán a thaifeadfar le linn tréimhse thagartha 6 mhí a bheidh le cinneadh ag an gCoimisiún, agus ualú aon trian agus dhá thrian faoi seach aige. Mura bhfuil Euribor ar fáil, úsáidfear meánráta gearrthéarmach an euro (€STR) a taifeadadh le linn na tréimhse tagartha 6 mhí sin.”;

(b)

leasaítear pointe 2 mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

“Chun na rátaí úis is infheidhme a chinneadh, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún, arna iarraidh sin dó, faoin meánráta úis a d’íoc siad go hiarbhír le linn na tréimhse tagartha dá dtagraítear i bpointe 1 tráth nach déanaí ná an sprioc-am dá dtagraítear san iarraidh sin. Déanfar an fógra trí úsáid a bhaint as an bhfoirm a chuirfidh an Coimisiún ar fáil do na Ballstáit.”;

(ii)

sa tríú fomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) agus phointe (b):

“(a)

I gcás na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu, Euribor le haghaidh 3 mhí nó, mura bhfuil Euribor ar fáil, €STR;

(b)

I gcás na mBallstát nach bhfuil an euro mar airgeadra acu, IBOR is infheidhme i ngach Ballstát le haghaidh 3 mhí nó, mura bhfuil IBOR ar fáil sa Bhallstát lena mbaineann, an ráta atá chuirtear ann in ionad IBOR.”;

(c)

i bpointe 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an dara fomhír:

“Na rátaí úis a shocraítear leis an rialachán cur chun feidhme ón gCoimisiún arna ghlacadh ar bhonn Airteagal 20(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, slánófar na rátaí sin go dtí aon deachúil amháin.”;

(d)

cuirtear isteach an pointe 4 seo a leanas:

“4.

Beidh feidhm ag an rialachán cur chun feidhme ón gCoimisiún lena socraítear an ráta úis dá dtagraítear i bpointe 3, an dara fomhír, go dtí go ndéanfar é a aisghairm le rialachán cur chun feidhme nua ón gCoimisiún lena socraítear ráta úis nua.”;

(2)

leasaítear Iarscríbhinn III mar a leanas:

(a)

i gCuid I, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 4:

“4.

Má chuireann níos lú ná ceithre Bhallstát táirge ar leith i stóráil phoiblí nó má thugann níos lú ná ceithre Bhallstát fógra faoi na costais le haghaidh oibríocht fhisiceach a bhaineann le táirge dá dtagraítear in Iarscríbhinn II, bunófar na méideanna caighdeánacha le haghaidh an táirge sin ar bhonn na gcostas arna dtaifeadadh sna Ballstáit lena mbaineann. Ní féidir, áfach, difríocht is mó ná 2 % a bheith idir an méid caighdeánach deiridh le haghaidh an táirge sin agus an méid a bunaíodh roimhe sin”;

(b)

i gCuid II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

“3.

Mura bhfuil aon stóráil phoiblí sa bhliain chuntasaíochta lena mbaineann, beidh feidhm fós ag an gcinneadh cur chun feidhme ón gCoimisiún lena socraítear na méideanna caighdeánacha go dtí go n-aisghairfear é le cinneadh cur chun feidhme nua ón gCoimisiún lena socraítear méideanna caighdeánacha nua.”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Eanáir 2022.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 906/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caiteachas idirghabhála poiblí (IO L 255, 28.8.2014, lch. 1).