5.10.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 258/454


CINNEADH (AE) 2022/1818 Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

an 4 Bealtaine 2022

maidir le dúnadh chuntais Chomhghnóthas “Spéir Ghlan 2” (an Comhghnóthas um Eitlíocht Ghlan anois) don bhliain airgeadais 2020

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA,

—

ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha Chomhghnóthas “Spéir Ghlan 2” don bhliain airgeadais 2020,

—

ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir le comhghnóthais AE don bhliain airgeadais 2020, agus freisin do na freagraí ó na comhghnóthais (1),

—

ag féachaint don ráiteas dearbhaithe (2) i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2020 de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint do mholadh ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 maidir le hurscaoileadh a dheonú don Chomhghnóthas i ndáil le cur chun feidhme an bhuiséid don bhliain airgeadais 2020 (06005/2022 — C9-0105/2022),

—

ag féachaint d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—

ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (3), agus go háirithe Airteagal 71 de,

—

ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 558/2014 ón gComhairle an 6 Bealtaine 2014 lena mbunaítear Comhghnóthas “Spéir Ghlan 2”  (4), agus go háirithe Airteagal 12 de,

—

ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/2085 ón gComhairle an 19 Samhain 2021 lena mbunaítear na Comhghnóthais faoi Fís Eorpachagus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 219/2007, (AE) Uimh. 557/2014, (AE) Uimh. 558/2014, (AE) Uimh. 559/2014, (AE) Uimh. 560/2014 (5), (AE) Uimh. 561/2014 agus (AE) Uimh. 642/2014, agus go háirithe Airteagal 26 de,

—

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 110/2014 ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2013 maidir leis an eiseamláir de rialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 209 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6),

—

ag féachaint do Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/887 ón gCoimisiún an 13 Márta 2019 maidir leis an samhailrialachán airgeadais do chomhlachtaí comhpháirtíochta príobháidí poiblí dá dtagraítear in Airteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7),

—

ag féachaint do Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,

—

ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

—

ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0070/2022),

 

1.

Ag formheas dhúnadh chuntais Chomhghnóthas “Spéir Ghlan 2” don bhliain airgeadais 2020;

2.

á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (sraith L).

 

An tUachtarán

Roberta METSOLA

An tArdrúnaí

Klaus WELLE


(1)   IO C 458, 12.11.2021, lch. 20 https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52021TA1112%2801%29&qid=1650460517287

(2)   IO C 458, 12.11.2021, lch. 20 https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?uri=CELEX%3A52021TA1112%2801%29&qid=1650460517287

(3)   IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.

(4)   IO L 169, 7.6.2014, lch. 77.

(5)   IO L 427, 30.11.2021, lch. 17.

(6)   IO L 38, 7.2.2014, lch. 2.

(7)   IO L 142, 29.5.2019, lch. 16.