|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2024/3150 |
19.12.2024 |
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME (AE) 2024/3150 ÓN gCOMHAIRLE
an 10 Nollaig 2024
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/593 lena n-údaraítear Poblacht na hIodáile beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagail 218 agus 232 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (1), agus go háirithe Airteagal 395(1), an chéad fhomhír, de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/593 (2) ón gComhairle, údaraíodh an Iodáil, go dtí an 31 Nollaig 2021, beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 218 agus Airteagal 232 de Threoir 2006/112/CE (‘an beart speisialta’) chun ríomhshonrascadh sainordaitheach a chur i bhfeidhm le haghaidh na ndaoine inchánacha uile atá bunaithe i gcríoch na hIodáile, cé is moite de na daoine inchánacha a bhaineann tairbhe as an díolúine le haghaidh fiontair bheaga dá dtagraítear in Airteagal 282 den Treoir sin. |
|
(2) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/2251 (3) ón gComhairle, údaraíodh an Iodáil leanúint den beart speisialta sin a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2024, agus leathnaíodh raon feidhme an bheirt speisialta chun go n-áireofaí daoine inchánacha a bhaineann tairbhe as an díolúine le haghaidh fiontair bheaga dá dtagraítear in Airteagal 282 de Threoir 2006/112/CE. |
|
(3) |
Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 11 Aibreán 2024, d’iarr an Iodáil, i gcomhréir le hAirteagal 395(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2006/112/CE, údarú chun leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm (‘an iarraidh’). |
|
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, tharchuir an Coimisiún an iarraidh chuig na Ballstáit eile le litir dar dáta an 12 Meán Fómhair 2024. Le litir dar dáta an 13 Meán Fómhair 2024, thug an Coimisiún fógra don Iodáil go raibh an fhaisnéis uile is gá aige chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh. |
|
(5) |
Dar leis an Iodáil, maidir leis an gcóras ríomhshonrasctha shainordaithigh a cuireadh chun feidhme, ar córas é lena seoltar gach sonrasc eisithe tríd an gcóras ‘Sistema di Interscambio’ arna bhainistiú ag Údarás Fioscach na hIodáile, tá cuspóirí an choóais bainte amach go hiomlán, eadhon an chalaois chánach agus imghabháil cánach a chomhrac, comhlíonadh cánach a shimpliú agus bailiú cánach a dhéanamh níos éifeachtúla, agus ar an gcaoi sin costais riaracháin a laghdú le haghaidh gnólachtaí. |
|
(6) |
Ba cheart dá bhrí sin an Iodáil a údarú leanúint de chur i bhfeidhm an bhirt speisialta go dtí an 31 Nollaig 2027. I gcás ina measann an Iodáil gur gá síneadh a cur leis an mbeart speisialta tar éis 2027, ba cheart di iarraidh ar shíneadh a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Ba cheart tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an bhirt speisialta a bheith an gabháil leis an iarraidh sin, lena n-áirítear measúnú ar a a éifeachtaí a bhí an beart specialta chun calaois agus imghabháil CBL a chomhrac agus chun bailiú cánach a shimpliú. Ina theannta sin, ba cheart a áireamh sa tuarascáil sin meastóireacht ar thionchar an bhirt ar dhaoine inchánacha, go háirithe orthu siúd a bhaineann tairbhe as an díolúine d’fhiontair bheaga dá dtagraítear in Airteagal 282 de Threoir 2006/112/CE. |
|
(7) |
Mar sin féin, ba cheart don bheart speisialta sin scor d’fheidhm a bheith aige ó dháta chur i bhfeidhm córas ginearálta maidir le ríomhshonrascadh arna nglacadh ag an gComhairle ar bhonn Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó ar bhonn aon fhoráil ábhartha eile den Chonradh sin, má thagann córas ginearálta den sórt sin chun bheith infheidhme roimh an 31 Nollaig 2027. |
|
(8) |
Leis an mbeart speisialta, níor cheart go ndéanfaí difear do cheart na gcustaiméirí sonraisc pháipéir a fháil i gcás idirbhearta laistigh den Chomhphobal. |
|
(9) |
De réir na faisnéise a chuir an Iodáil ar fáil, ní bheidh ach éifeacht dhiomaibhseach ag an mbeart speisialta ar mhéid foriomlán an ioncaim cánach a bhailíonn an Iodáil ag céim an tomhaltais críochnaithigh, agus ní bheidh aon drochthionchar aige ar acmhainní dílse an Aontais a fhabhraíonn ó CBL. |
|
(10) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/593 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/593:
‘Airteagal 4
Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 31 Nollaig 2027.
Aon iarraidh ar shíneadh a chur leis an údarú dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin í faoin 31 Márta 2027, agus beidh tuarascáil ag gabháil léi ina mbeidh measúnú ar a éifeachtaí a bhí na bearta náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 3 chun calaois agus imghabháil CBL a chomhrac agus chun bailiú cánach a shimpliú. Ina theannta sin, áireofar sa tuarascáil sin meastóireacht ar thionchar na mbeart sin ar dhaoine inchánacha, go háirithe orthu siúd a bhaineann tairbhe as an díolúine d’fhiontair bheaga dá dtagraítear in Airteagal 282 de Threoir 2006/112/CE, agus déanfar meastóireacht inti go háirithe i dtaobh an méadaíonn na bearta sin an t-ualach riaracháin agus costais riaracháin ar na daoine inchánacha sin.
‘Mar sin féin, i gcás ina ndéanfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di ar bhonn Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh nó aon fhoráil ábhartha eile den Chonradh sin, córas ginearálta maidir le ríomhshonrascadh a thabhairt isteach, scoirfidh an Cinneadh seo d’fheidhm a bheith aige an dáta a thiocfaidh an córas ginearálta sin chun bheith infheidhme.’.
Airteagal 2
Gabhfaidh éifeacht leis an gCinneadh seo an dáta a thabharfar fógra faoi.
Airteagal 3
Is chuig Poblacht na hIodáile a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiseil, an 10 Nollaig 2024.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
VARGA M.
(1) IO L 347, 11.12.2006, lch. 1.
(2) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/593 ón gComhairle an 16 Aibreán 2018 lena n-údaraítear Poblacht na hIodáile beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagail 218 agus 232 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 99, 19.4.2018, lch. 14).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme AE 2021 2251 ón gComhairle an 13 Nollaig 2021 lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme AE 2018 593 lena n-údaraítear Poblacht na hIodáile beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagail 218 agus 232 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (IO L 454, 17.12.2021, lch. 1).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec_impl/2024/3150/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)