|
Iris Oifigiúil |
GA Sraith L |
|
2025/869 |
12.5.2025 |
CINNEADH (AE) 2025/869 ÓN gCOMHAIRLE
an 14 Aibreán 2025
maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh ag an 17ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt i ndáil le leasuithe áirithe ar an gCoinbhinsiún agus ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1), i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Tháinig Coinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt (1) (‘an Coinbhinsiún’) i bhfeidhm in 1992 agus rinne an tAontas é a thabhairt i gcrích trí bhíthin Chinneadh 93/98/CEE ón gComhairle (2). |
|
(2) |
De bhun Airteagal 15(5)(b) den Choinbhinsiún, tugtar de chumhacht do Chomhdháil na bPáirtithe sa Choinbhinsiún (‘Comhdháil na bPáirtithe’), de réir mar is gá, leasuithe ar an gCoinbhinsiún a mheas agus a ghlacadh. |
|
(3) |
Le linn an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i mí an Mheithimh 2022, agus le linn an 16ú cruinniú dá cuid i mí na Bealtaine 2023, mheas sí togra le haghaidh leasuithe ar Airteagal 6(2) den Choinbhinsiún a thíolaic Cónaidhm na Rúise. Chinn Comhdháil na bPáirtithe breithniú an togra sin a chur siar go dtí an chéad chruinniú eile de Chomhdháil na bPáirtithe. |
|
(4) |
Thíolaic Cónaidhm na Rúise togra a ndearnadh leasú beag air i mí Dheireadh Fómhair 2024 lena phlé ag an 17ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i mí Aibreáin-mí na Bealtaine 2025. Is é is aidhm don togra sin teorainn ama 90 lá a bhunú do thír allmhairiúcháin chun freagra a thabhairt ar an bhfógróir maidir le loingsiú dramhaíola agus chun athruithe eile a chuirtear i láthair mar athruithe eagarthóireachta a chuimsiú. |
|
(5) |
Tíolacadh togra chun Iarscríbhinn IV agus iontrálacha áirithe in Iarscríbhinní II agus IX a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú thar ceann an Aontais agus phléigh Comhdháil na bPáirtithe é le linn an 15ú cruinniú dá cuid i mí an Mheithimh 2022. Is é is aidhm don togra, inter alia, tuairiscí ar na hoibríochtaí diúscartha a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a leasú agus a shoiléiriú agus, go háirithe, an méid seo a leanas a dhéanamh: réamhrá ginearálta a chur isteach lena ndéantar idirdhealú soiléir idir na téarmaí ‘neamh-aisghabháil’ agus ‘aisghabháil’; téacsanna réamhráiteacha a chur isteach ina mínítear a bhfuil i gceist le ‘hoibríochtaí neamh-aisghabhála’ (Iarscríbhinn IVA) agus ‘oibríochtaí aisghabhála’ (Iarscríbhinn IVB); na tuairiscí ar oibríochtaí a thabhairt cothrom le dáta agus a shoiléiriú i gcomhréir le forbairtí eolaíocha, teicniúla agus eile a tharla ó glacadh an Coinbhinsiún in 1989; agus a áirithiú, trí fhorálacha uileghabhálacha a thabhairt isteach, go gcumhdaítear le ceanglais an Choinbhinsiúin na hoibríochtaí uile nach luaitear go sonrach. Chinn Comhdháil na bPáirtithe an togra sin a bhreithniú a thuilleadh ag an gcéad chruinniú eile de Chomhdháil na bPáirtithe. |
|
(6) |
Maidir leis na tograí chun Airteagal 6(2) den Choinbhinsiún a leasú a thíolaic Cónaidhm na Rúise, níor cheart don Aontas tacú leo ós rud é nach gcuideoidís le haghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a mheasann an tAontas a bheith ina dtosaíochtaí le haghaidh fheidhmiú an Choinbhinsiúin. Ina theannta sin, ní mór dul trí phróiseas fada trom chun go dtiocfaidh leasuithe ar chorp théacs an Choinbhinsiúin i bhfeidhm, agus meastar, dá bhrí sin, go bhfuil sé díréireach tús a chur le nós imeachta den sórt sin le haghaidh leasú nach mbaineann aon bhreisluach leis nó nach mbaineann leis ach fíorbheagán breisluacha. Ina ionad sin, ba cheart don Aontas leanúint de thacú le tionscnaimh a cheaptar chun feabhas a chur ar fheidhmiú an nós imeachta um ‘thoiliú feasach roimh ré’, dá bhforáiltear faoi láthair leis an gCoinbhinsiún, ar choinníoll go bhfanfaidh siad i gcomhréir le beartais agus cuspóirí leathana an Aontais agus nach n-éileoidh siad leasú ar an gCoinbhinsiún. |
|
(7) |
Maidir leis an togra chun Iarscríbhinn IV agus iontrálacha áirithe in Iarscríbhinní II agus IX a leasú, ba cheart don Aontas leanúint de thacú lena ghlacadh. D’fhonn comhthoil a bhaint amach maidir leis an togra sin, ba cheart don Aontas solúbthacht a léiriú freisin, go háirithe maidir leis na bearta atá beartaithe nach dócha go mbeidh tacaíocht leordhóthanach ann chun iad a ghlacadh ag an 17ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe. Áirítear leis sin, mar shampla, an plé maidir leis na hábhair is conspóidí a chur siar, amhail ullmhú le haghaidh athúsáide agus oibríochtaí uileghabhálacha, comhaontú a lorg maidir leis na gnéithe eile den togra agus tacú le leasuithe a d’fhéadfadh Páirtithe eile a mholadh, ar choinníoll go bhféadfaidís na cuspóirí céanna de thograí an Aontais a bhaint amach, ar tograí iad a bhaineann le hIarscríbhinn IV a ghabhann leis an gCoinbhinsiún. |
|
(8) |
Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 17ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe a bhunú i leith na dtograí sin, de bhrí go bhfuil éifeachtaí dlíthiúla leo, ó tharla gur leasuithe ar an gCoinbhinsiún iad agus leasuithe ar na hIarscríbhinní a ghabhann leis. Má ghlacann Comhdháil na bPáirtithe na gníomhartha atá beartaithe, beidh siad ina gceangal ar an Aontas agus beidh siad in ann tionchar cinntitheach a imirt ar dhlí an Aontais, is é sin leasuithe ar Threoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) agus ar Rialachán (AE) 2024/1157 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) a iarraidh. |
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Is é an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais ag an 17ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe i gCoinbhinsiún Basel maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt (‘Coinbhinsiún na bPáirtithe’), an méid seo a leanas:
|
(a) |
ní thacóidh an tAontas leis na leasuithe ar Airteagal 6(2) den Choinbhinsiún, arna dtíolacadh ag Cónaidhm na Rúise, ach tacóidh sé le tionscnaimh a cheaptar chun feabhas a chur ar fheidhmiú an nós imeachta um ‘thoiliú feasach roimh ré’, ar choinníoll go mbeidh siad i gcomhréir le beartais agus cuspóirí leathana an Aontais agus nach n-éileoidh siad leasú ar an gCoinbhinsiún; |
|
(b) |
leanfaidh an tAontas de thacú le glacadh na leasuithe ar Iarscríbhinn IV agus ar iontrálacha áirithe in Iarscríbhinní II agus IX a ghabhann leis an gCoinbhinsiún a cuireadh isteach thar ceann an Aontais agus a phléigh Comhdháil na bPáirtithe le linn an 15ú cruinniú dá cuid. Más gá chun a áirithiú go dtiocfar ar chomhthoil maidir le leasú ar Iarscríbhinn IV, féadfaidh an tAontas solúbthacht a léiriú agus aontú imeacht ón togra uaidh, a fhad a rannchuidíonn an leasú le soiléireacht dhlíthiúil na hIarscríbhinne a mhéadú agus le cur chun feidhme shásraí rialaithe an Choinbhinsiúin, agus nach mbaineann sé an bonn de dhlí an Aontais maidir le bainistiú agus loingsithe dramhaíola. |
Airteagal 2
Maidir leis an seasamh dá dtagraítear in Airteagal 1 a mhionchoigeartú, i bhfianaise forbairtí ag an 17ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe, féadfaidh ionadaithe an Aontais, i gcomhairle leis na Ballstáit, an mionchoigeartú sin a chomhaontú, le linn cruinnithe comhordaithe ar an láthair gan cinneadh breise ón gComhairle.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.
Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 14 Aibreán 2025.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
K. KALLAS
(1) IO L 39, 16.2.1993, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/convention/1993/98/oj.
(2) Cinneadh 93/98/CEE ón gComhairle an 1 Feabhra 1993 maidir le tabhairt i gcrích an Choinbhinsiúin, thar ceann an Chomhphobail Eorpaigh, maidir le Rialú Gluaiseachtaí Trasteorann Dramhaíolacha Guaiseacha agus a nDiúscairt (Coinbhinsiún Basel) (IO L 39, 16.2.1993, lch. 1, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/1993/98/oj).
(3) Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/dir/2008/98/oj).
(4) Rialachán (AE) 2024/1157 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Aibreán 2024 maidir le loingsithe dramhaíola, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1257/2013 agus (AE) 2020/1056 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1013/2006 (IO L, 2024/1157, 30.4.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/1157/oj).
ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/869/oj
ISSN 1977-0839 (electronic edition)