European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2024/1873

5.7.2024

CINNEADH (AE) 2024/1873 ÓN gCOMHAIRLE

an 24 Meitheamh 2024

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh, a mhéid a bhaineann le leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú, ar na Nósanna Imeachta Oibríochta Comhchoiteanna agus ar na Caighdeáin Theicniúla Nasctha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 192(1) de, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Síníodh an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh (1) (‘an Comhaontú’) an 23 Samhain 2017 i gcomhréir le Cinneadh (AE) 2017/2240 ón gComhairle (2).

(2)

Tugadh an Comhaontú i gcrích le Cinneadh (AE) 2018/219 ón gComhairle (3) agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Eanáir 2020.

(3)

De bhun Airteagal 12(3) den Chomhaontú, féadfaidh an Comhchoiste cinntí a ghlacadh a bheidh ina gceangal ar na Páirtithe, ar theacht i bhfeidhm na gcinntí sin.

(4)

Foráiltear le hAirteagal 13(2) den Chomhaontú go bhféadfaidh an Comhchoiste na hIarscríbhinní a ghabhann leis an gComhaontú a leasú.

(5)

Foráiltear le hAirteagal 3(6) agus (7) go mbeidh éifeacht ag na Nósanna Imeachta Oibríochta Comhchoiteanna agus na Caighdeáin Theicniúla Nasctha nuair a ghlactar iad le cinneadh ón gComhchoiste. Trí bhíthin Chinntí Uimh. 1/2020 (4) agus Uimh. 2/2020 (5), ghlac an Comhchoiste na Nósanna Imeachta Oibríochta Comhchoiteanna agus na Caighdeáin Theicniúla Nasctha, faoi seach.

(6)

Is iomchuí Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú a leasú chun éabhlóid an naisc clárlainne idir Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais agus Córas Trádála Astaíochtaí na hEilvéise a léiriú agus chun forálacha Iarscríbhinn II a chuíchóiriú i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta. Chun a áirithiú go mbeidh comhsheasmhacht ann idir na Nósanna Imeachta Oibríochta Comhchoiteanna agus na Caighdeáin Theicniúla Nasctha agus Iarscríbhinn II, ba cheart na doiciméid sin a leasú freisin.

(7)

Le linn an seachtú cruinniú a bheidh ag an gComhchoiste, nó níos luaithe trí bhíthin an nós imeachta i scríbhinn de bhun Airteagal 8(4) de Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste (6), tá an Comhchoiste le Cinneadh a ghlacadh a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú, na Nósanna Imeachta Oibríochta Comhchoiteanna agus na Caighdeáin Theicniúla Nasctha a leasú.

(8)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhchoiste a bhunú a mhéid a bhaineann le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú, na Nósanna Imeachta Oibríochta Comhchoiteanna agus na Caighdeáin Theicniúla Nasctha a leasú, ós rud é go mbeidh an Cinneadh ina cheangal ar an Aontas.

(9)

Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais sa Chomhchoiste a bheith bunaithe ar an dréachtchinneadh atá i gceangal leis seo,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais le linn an seachtú cruinniú den Chomhchoiste nó níos luaithe trí bhíthin an nós imeachta i scríbhinn de bhun Airteagal 8(4) de Rialacha Nós Imeachta an Chomhchoiste, beidh sé bunaithe ar an Dréachtchinneadh ón gComhchoiste atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, an 24 Meitheamh 2024.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

D. CLARINVAL


(1)   IO L 322, 7.12.2017, lch. 3.

(2)  Cinneadh (AE) 2017/2240 ón gComhairle an 10 Samhain 2017 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh (IO L 322, 7.12.2017, lch. 1).

(3)  Cinneadh (AE) 2018/219 ón gComhairle an 23 Eanáir 2018 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh (IO L 43, 16.2.2018, lch. 1).

(4)  Cinneadh Uimh. 1/2020 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh an 5 Samhain 2020 ar ghlacadh na Nósanna Imeachta Oibríochta Comhchoiteanna (COP) [2021/1033] (IO L 226, 25.6.2021, lch. 2).

(5)  Cinneadh Uimh. 2/2020 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh an 5 Samhain 2020 a mhéid a bhaineann le leasú Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an gComhaontú Nasctha agus le na Caighdeáin Theicniúla a Nascadh (LTS) (2021/1034) a ghlacadh (IO L 226, 25.6.2021, lch. 16).

(6)  Cinneadh Uimh. 1/2019 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gCórais Trádála Astaíochtaí Gás Ceaptha Teasa a nascadh an 25 Eanáir 2019 maidir le glacadh a Rialacha Nós Imeachta agus Cinneadh (AE) 2018/1279 ón gComhairle an 18 Meán Fómhair 2018 maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh laistigh den Chomhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh maidir le glacadh a Rialacha Nós Imeachta (IO L 239, 24.9.2018, lch. 8).


CINNEADH UIMH. 1/2024 ÓN gCOMHAONTÚ IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS CÓNAIDHM NA hEILVÉISE MAIDIR LENA gGCÓRAIS TRÁDÁLA ASTAÍOCHTAÍ GÁS CEAPTHA TEASA A NASCADH

an …

a mhéid a bhaineann le leasú a dhéanamh ar Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú, ar na Nósanna Imeachta Oibríochta Comhchoiteanna agus ar na Caighdeáin Theicniúla Nasctha

TÁ AN COMHCHOISTE,

Ag féachaint don Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh (1) (‘an Comhaontú’) agus go háirithe Airteagal 9 agus Airteagal 13(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh Uimh. 2/2019 ón gComhchoiste (2), rinneadh foráil maidir le réiteach sealadach chun an nasc idir CTA AE agus CTA na hEilvéise a oibríochtú.

(2)

Le linn an tríú cruinniú a bhí aige, d’aontaigh an Comhchoiste go raibh gá le hanailís a dhéanamh ar chostéifeachtacht naisc bhuain idir clárlann an Aontais agus clárlann na hEilvéise.

(3)

Le linn an chúigiú cruinniú a bhí aige, d’aontaigh an Comhchoiste leis an tuarascáil a thíolaic an mheitheal a bunaíodh le Cinntí 1/2020 (3) agus 2/2020 (4) ón gComhchoiste. Sa tuarascáil sin, rinne an mheitheal anailís ar chur chuige agus mhol siad cur chuige chun an nasc buan idir clárlann an Aontais agus clárlann na hEilvéise a chur chun feidhme.

(4)

Chun ceanglais theicniúla an naisc bhuain idir clárlann an Aontais agus clárlann na hEilvéise a léiriú agus chun forálacha Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú a chuíchóiriú i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta, ba cheart Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú a leasú.

(5)

Chun a áirithiú go mbeidh comhsheasmhacht ann idir na Nósanna Imeachta Oibríochta Comhchoiteanna agus na Caighdeáin Theicniúla Nasctha le hIarscríbhinn II, ba cheart na doiciméid sin a leasú freisin,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an gCinneadh seo in ionad Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú.

2.   Leagtar amach na Nósanna Imeachta Oibríochta Comhchoiteanna dá dtagraítear in Airteagal 3(6) den Chomhaontú in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gCinneadh seo. Cuirtear iad in ionad na Nósanna Imeachta Oibríochta Comhchoiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Uimh. 1/2020

3.   Leagtar amach na Caighdeáin Theicniúla Nasctha dá dtagraítear in Airteagal 3(7) den Chomhaontú in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh seo. Cuirtear iad in ionad na Nósanna Imeachta Oibríochta Comhchoiteanna a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Cinneadh Uimh. 2/2020.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha.

Arna dhéanamh in/sa …, ....

Thar ceann an Chomhchoiste

Rúnaí thar ceann an Aontais Eorpaigh

An Cathaoirleach

Rúnaí thar ceann na hEilvéise


(1)   IO AE L 322, 7.12.2017, lch. 3.

(2)  Cinneadh Uimh 2/2019 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh an 5 Nollaig 2019 lean leasaítear Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh [2020/1359] (IO AE L 314, 29.9.2020, lch. 68).

(3)  Cinneadh Uimh. 1/2020 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh an 5 Samhain 2020 maidir le Nósanna Imeachta Oibríochta Comhchoiteanna (COP) a ghlacadh [2021/1033] (IO AE L 226, 25.6.2021, lch. 2).

(4)  Cinneadh Uimh. 2/2020 ón gComhchoiste a bunaíodh leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh an 5 Samhain 2020 a mhéid a bhaineann le leasú Iarscríbhinní I agus II a ghabhann leis an gComhaontú Nasctha agus le Na Caighdeáin Theicniúla a Nascadh (LTS) a ghlacadh (2021/1034) (IO AE L 226, 25.6.2021, lch. 16).

IARSCRÍBHINN I

‘IARSCRÍBHINN II

CAIGHDEÁIN THEICNIÚLA NASCTHA

Chun an nasc idir CTA AE agus CTA na hEilvéise a oibríochtú, cuireadh réiteach sealadach chun feidhme in 2020. Ó 2023, forbróidh an nasc clárlainne idir an dá chóras trádála astaíochtaí de réir a chéile ina nasc buan clárlainne a mheastar a chuirfear chun feidhme tráth nach déanaí ná 2024, nasc lena gcumasófar feidhmiú na margaí nasctha i ndáil le tairbhí a eascraíonn as leachtacht an mhargaidh agus as idirbhearta a fhorghníomhú idir an dá chóras nasctha ar bhealach atá coibhéiseach le margadh amháin ina bhfuil dhá chóras agus lenar féidir le rannpháirtithe sa mhargadh gníomhú amhail agus dá mbeidís in aon mhargadh amháin, faoi réir fhorálacha rialála aonair na bPáirtithe amháin.

Sonrófar an méid seo a leanas sna Caighdeáin Theicniúla Nasctha (CTNanna):

—

ailtireacht an naisc cumarsáide

—

an chumarsáid idir LBFE agus LBAE

—

slándáil an aistrithe sonraí

—

liosta na bhfeidhmeanna (idirbhearta, réiteach)

—

an sainmhíniú ar an tsraith iompair

—

na ceanglais maidir le logáil sonraí

—

na socruithe oibríochtúla (deasc glaonna, tacaíocht)

—

an plean gníomhachtaithe cumarsáide agus an nós imeachta tástála

—

an nós imeachta um thástáil slándála.

Sonrófar sna CTNanna go nglacfaidh na riarthóirí gach beart réasúnach chun a áirithiú go mbeidh LBFE, LBAE agus an nasc oibríochtúil 24 uair an chloig in aghaidh an lae agus 7 lá na seachtaine, agus go ndéanfar aon bhriseadh ar oibriú LBFE, LBAE agus an naisc a choinneáil chomh híseal is féidir.

Leagfar amach sna CTAnna ceanglais bhreise slándála le haghaidh chlárlann na hEilvéise, LBFE, chlárlann an Aontais agus LBAE agus déanfar iad a dhoiciméadú i “bplean bainistíochta slándála”. Sonrófar sna CTNanna na nithe seo a leanas go háirithe:

—

i gcás ina mbeidh amhras ann gur cuireadh isteach ar shlándáil chlárlann na hEilvéise, LBFE, chlárlann an Aontais nó LBAE, cuirfidh an dá Pháirtí a chéile ar an eolas láithreach agus cuirfidh siad an nasc idir LBFE agus LBAE ar fionraí

—

i gcás sárú slándála, geallfaidh na Páirtithe go roinnfidh siad an fhaisnéis le chéile láithreach. A mhéid a bheidh na sonraí teicniúla ar fáil, roinnfear tuarascáil ina dtugtar tuairisc ar an teagmhas (dáta, cúis, tionchar, leigheasanna) idir riarthóir chlárlann na hEilvéise agus riarthóir lárnach an Aontais laistigh de 24 uair an chloig tar éis teagmhas slándála a shainaithint mar shárú slándála.

Déanfar an nós imeachta um thástáil slándála a leagtar amach sna CTNanna a chur i gcrích sula mbunófar an nasc cumarsáide idir LBFE agus LBAE, agus aon uair a bheidh gá le leagan nó eisiúint nua LBFE nó LBAE.

Leis na CTNanna, soláthrófar dhá thimpeallacht tástála sa bhreis ar an timpeallacht táirgthe: timpeallacht tástála le haghaidh forbróirí agus timpeallacht inghlacthachta.

Cuirfidh na Páirtithe fianaise ar fáil trí riarthóir chlárlann na hEilvéise agus riarthóir lárnach an Aontais go ndearnadh measúnú slándála neamhspleách ar a gcórais le linn an 12 mhí roimhe i gcomhréir leis na ceanglais slándála a leagtar amach sna CTNanna. Déanfar tástáil slándála agus tástáil treáite go háirithe ar gach móreisiúint nua de na bogearraí i gcomhréir leis na ceanglais slándála a leagtar amach sna CTNanna. Ní forbróir na mbogearraí ná fochonraitheoir de chuid fhorbróir na mbogearraí a dhéanfaidh an tástáil treáite.’

IARSCRÍBHINN II

NÓSANNA IMEACHTA OIBRÍOCHTA COMHCHOITEANNA (NIOCanna) DE BHUN AIRTEAGAL 3(6) DEN CHOMHAONTÚ IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS CÓNAIDHM NA HEILVÉISE MAIDIR LENA gCÓRAIS TRÁDÁLA ASTAÍOCHTAÍ GÁS CEAPTHA TEASA A NASCADH

Nósanna imeachta le haghaidh nasc buan clárlainne

Clár

1.

GLUAIS 9

2.

RÉAMHRÁ 9

2.1.

Raon feidhme 10

2.2.

Seolaithe 10

3.

CUR CHUIGE AGUS CAIGHDEÁIN 10

4.

BAINISTIÚ TEAGMHAS 11

4.1.

Teagmhais a bhrath agus a thaifeadadh 11

4.2.

Aicmiú agus tacaíocht tosaigh 11

4.3.

Imscrúdú agus diagnóisiú 12

4.4.

Réiteach agus athshlánú 12

4.5.

Clabhsúr a chur ar theagmhas 12

5.

BAINISTIÚ FADHBANNA 13

5.1.

Sainaithint agus taifeadadh fadhbanna 13

5.2.

Tosaíocht a thabhairt d’Fhadhb 13

5.3.

Fadhb a imscrúdú agus a dhiagnóisiú 13

5.4.

Réiteach 13

5.5.

Clabhsúr a chur ar an bhfadhb 13

6.

COMHLÍONADH IARRATAÍ 13

6.1.

Iarraidh a Thionscain 13

6.2.

Iarraidh a Logáil agus a Anailísiú 14

6.3.

Iarraidh a Fhormheas 14

6.4.

Iarraidh a Chomhlíonadh 14

6.5.

Iarraidh a Chur ar Aghaidh 14

6.6.

Athbhreithniú ar Chomhlíonadh Iarrata 14

6.7.

Clabhsúr a Chur ar Iarraidh 14

7.

BAINISTIÚ ATHRUITHE 14

7.1.

Iarraidh ar Athrú 15

7.2.

Meastóireacht ar Athruithe agus iad a Phleanáil 15

7.3.

Formheas athruithe 15

7.4.

Athruithe a chur chun feidhme 15

8.

BAINISTIÚ EISIÚNA 15

8.1.

An eisiúint a phleanáil 15

8.2.

Tógáil agus Tástáil Pacáiste Eisiúna 16

8.3.

Ullmhú don chur chun úsáide 16

8.4.

Rolladh siar ar an eisiúint 16

8.5.

An eisiúint a athbhreithniú agus clabhsúr a chur uirthi 16

9.

BAINISTIÚ TEAGMHAS SLÁNDÁLA 17

9.1.

Catagóiriú na dTeagmhas Slándála Faisnéise 17

9.2.

Láimhseáil an Teagmhais Slándála Faisnéise 17

9.3.

Teagmhais Slándála a Aithint 17

9.4.

Anailís ar Theagmhais Slándála 17

9.5.

Teagmhais Slándála: Measúnú ar Dhéine, Cur ar Aghaidh agus Tuairisciú 17

9.6.

Tuairisciú ar Fhreagairt Slándála 18

9.7.

Faireachán, Fothú Acmhainneachta agus Feabhas Leanúnach 18

10.

BAINISTIÚ SLÁNDÁLA FAISNÉISE 18

10.1.

Faisnéis íogair a shainaithint 18

10.2.

Leibhéil íogaireachta na Sócmhainní Faisnéise 18

10.3.

Úinéir na Sócmhainní Faisnéise a Shannadh 18

10.4.

Clárú na faisnéise íogaire 19

10.5.

Faisnéis íogair a láimhseáil 19

10.6.

Bainistiú Rochtana 19

10.7.

Bainistiú Deimhnithe/Eochracha 19

1.   GLUAIS

Tábla 1-1 Acrainmneacha agus Sainmhínithe

Acrainm/Téarma

Sainmhíniú

Údarás Deimhniúcháin (ÚD)

Eintiteas a eisíonn deimhnithe digiteacha

CH

Cónaidhm na hEilvéise

CTA

Córas Trádála Astaíochtaí

an tAontas

An tAontas Eorpach

FBT

Foireann Bainistithe Teagmhas

Sócmhainn Faisnéise

Píosa faisnéise atá luachmhar do chuideachta nó d’eagraíocht

TF

Teicneolaíocht Faisnéise

LBTF

Leabharlann de Bhonneagar Teicneolaíochta Faisnéise

BSTF

Bainistiú Seirbhíse TF

CTNanna

Caighdeáin Theicniúla Nasctha

Clárlann

Córas cuntasaíochta le haghaidh lamháltais arna n-eisiúint faoin CTA, a bhíonn ag faire ar úinéireacht lamháltas atá á gcoinneáil i gcuntais leictreonacha.

IAA

Iarraidh ar Athrú

LFI

Liosta Faisnéise Íogaire

IAS

Iarraidh ar Sheirbhís

Vicí

Suíomh gréasáin a ligeann d’úsáideoirí faisnéis agus eolas a mhalartú trí ábhar a chur isteach nó a chur in oiriúint go díreach trí bhrabhsálaí gréasáin.

2.   RÉAMHRÁ

Leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh an 23 Samhain 2017 (‘an Comhaontú’), déantar foráil maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do lamháltais astaíochtaí is féidir a úsáid chun críche comhlíontachta faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (‘CTA AE’) nó Córas Trádála Astaíochtaí na hEilvéise (‘CTA na hEilvéise’). Chun an nasc idir CTA AE agus CTA na hEilvéise a oibríochtú, bunófar nasc díreach idir Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh (LBAE) de chuid Chlárlann an Aontais agus Loga Beartaíochta Forlíontach na hEilvéise (LBFE) de chuid chlárlann na hEilvéise, agus leis sin beifear in ann lamháltais astaíochtaí a eisítear faoi cheachtar CTA a aistriú ó chlárlann go clárlann (Airteagal 3(2) den Chomhaontú). Chun an nasc idir CTA AE agus CTA na hEilvéise a oibríochtú, cuireadh réiteach sealadach chun feidhme in 2020. Ó 2023, forbróidh an nasc clárlainne idir an dá chóras trádála astaíochtaí de réir a chéile ina nasc buan clárlainne a mheastar a chuirfear chun feidhme tráth nach déanaí ná 2024, nasc lena gcumasófar feidhmiú na margaí nasctha i ndáil le tairbhí a eascraíonn as leachtacht an mhargaidh agus as idirbhearta a fhorghníomhú idir an dá chóras nasctha ar bhealach atá coibhéiseach le margadh amháin ina bhfuil dhá chóras agus lenar féidir le rannpháirtithe sa mhargadh gníomhú amhail agus dá mbeidís in aon mhargadh amháin, faoi réir fhorálacha rialála aonair na bPáirtithe amháin (Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú).

De bhun Airteagal 3(6) den Chomhaontú, cinnfidh riarthóir chlárlann na hEilvéise agus riarthóir lárnach an Aontais na nósanna imeachta oibríochta comhchoiteanna (NIOCanna) a bhaineann le nithe teicniúla nó le nithe eile is gá chun an nascadh a oibriú agus tosaíochtaí na reachtaíochta intíre á gcur san áireamh. Beidh éifeacht ag na NIOCanna a fhorbróidh na riarthóirí nuair a ghlactar iad le cinneadh ón gComhchoiste.

Ghlac an Comhchoiste na NIOCanna lena Chinneadh Uimh. 1/2020. Glacfaidh an Comhchoiste na NIOCanna nuashonraithe, mar a thaifeadtar sa doiciméad seo, lena Chinneadh Uimh. 1/2024. I gcomhréir leis an gCinneadh seo agus iarrataí ón gComhchoiste, d’fhorbair riarthóir chlárlann na hEilvéise agus riarthóir lárnach an Aontais treoirlínte teicniúla breise, agus tabharfaidh siad na treoirlínte cothrom le dáta, chun an nasc a oibríochtú agus chun a áirithiú go ndéanfar iad sin a chur in oiriúint go leanúnach don dul chun cinn teicniúil agus do cheanglais nua a bhaineann le sábháilteacht agus le slándáil an naisc agus maidir lena fheidhmiú éifeachtach agus éifeachtúil.

2.1.   Raon feidhme

Léirítear sa doiciméad seo an chomhthuiscint idir na Páirtithe sa Chomhaontú maidir le bunú bhunchlocha nós imeachta an naisc idir clárlann CTA AE agus clárlann CTA na hEilvéise. Cé go dtugtar cuntas ann ar na ceanglais nós imeachta fhoriomlána i dtéarmaí oibríochtaí, beidh roinnt treoirlínte teicniúla breise ag teastáil chun an nasc a oibríochtú.

Chun go bhfeidhmeoidh an nasc mar is cuí, beidh gá le sonraíochtaí teicniúla chun é a oibríochtú a thuilleadh. De bhun Airteagal 3(6) den Chomhaontú, tá na nithe sin mionsonraithe sa doiciméad maidir leis na Caighdeáin Theicniúla Nasctha (CTNanna) atá le glacadh go leithleach trí chinneadh ón gComhchoiste.

Is é is cuspóir do na NIOCanna a áirithiú go ndéanfar seirbhísí TF a bhaineann le feidhmiú an naisc idir clárlann CTA AE agus clárlann CTA na hEilvéise a sholáthar go héifeachtach agus go héifeachtúil, go háirithe chun iarrataí ar sheirbhís a chomhlíonadh, teipeanna sa tseirbhís a réiteach, fadhbanna a réiteach, chomh maith le gnáth-thascanna oibríochta a dhéanamh de réir na gcaighdeán idirnáisiúnta maidir le bainistiú seirbhíse TF.

Ar mhaithe leis an nasc buan clárlainne, ní bheidh gá ach leis na NIOCanna seo a leanas, ar cuid den doiciméad seo iad:

—

Bainistiú Teagmhas;

—

Bainistiú Fadhbanna;

—

Comhlíonadh Iarrataí;

—

Bainistiú Athruithe;

—

Bainistiú Eisiúna;

—

Bainistiú Teagmhas Slándála;

—

Bainistiú Slándála Faisnéise.

2.2.   Seolaithe

Is iad foirne tacaíochta chlárlanna an Aontais agus na hEilvéise spriocphobal na NIOCanna sin.

3.   CUR CHUIGE AGUS CAIGHDEÁIN

Tá feidhm leis an bprionsabal seo a leanas maidir le gach NIOC:

—

Aontaíonn an tAontas agus CH na NIOCanna a shainiú ar bhonn LBTF (Leabharlann de Bhonneagar Teicneolaíochta Faisnéise, leagan 4). Déantar cleachtais ón gcaighdeán sin a athúsáid agus a chur in oiriúint do na riachtanais shonracha a bhaineann leis an nasc buan clárlainne;

—

Tarlaíonn an chumarsáid agus an comhordú is gá chun na NIOCanna idir an dá Pháirtí a phróiseáil trí Dheasca Seirbhíse Clárlainne CH agus an Aontais. Sanntar na tascanna i gcónaí laistigh d’aon Pháirtí amháin;

—

Má bhíonn easaontas ann faoin gcaoi a bhfuiltear ag láimhseáil NIOC, déanfar anailís air sin agus réiteofar é idir an dá Dheasc Seirbhíse. Mura féidir teacht ar chomhaontú, déanfar aimsiú comhréitigh a chur ar aghaidh chuig an gcéad leibhéal eile,

Leibhéil cur ar aghaidh

an tAontas

CH

An chéad leibhéal

Deasc Seirbhíse an Aontais

Deasc Seirbhíse CH

An dara leibhéal

Bainisteoir Oibríochtaí an Aontais

Bainisteoir Fheidhmeanna Chlárlann CH

An tríú leibhéal

An Comhchoiste (a d’fhéadfadh an fhreagracht sin a tharmligean agus Airteagal 12(5) den Chomhaontú á bhreithniú)

An ceathrú leibhéal

An Comhchoiste, má dhéantar an tríú leibhéal a tharmligean

—

Is féidir le gach Páirtí na nósanna imeachta le haghaidh oibriú a chórais clárlainne féin a chinneadh, agus na ceanglais agus na comhéadain a bhaineann leis na NIOCanna sin á gcur san áireamh;

—

Úsáidtear uirlis Bainistithe Seirbhíse TF (BSTF) chun tacú leis na NIOCanna, go háirithe Bainistiú Teagmhas, Bainistiú Fadhbanna agus Comhlíonadh Iarrataí, agus an chumarsáid idir an dá Pháirtí;

—

Ina theannta sin, ceadaítear malartú faisnéise trí ríomhphost;

—

Áirithíonn an dá Pháirtí go gcomhlíontar na ceanglais slándála faisnéise i gcomhréir leis na Treoracha Láimhseála.

4.   BAINISTIÚ TEAGMHAS

Is é is cuspóir don phróiseas Bainistithe Teagmhas gnáthleibhéal seirbhíse a thabhairt arís do sheirbhísí TF chomh tapa is féidir tar éis teagmhais agus gan cur isteach ar an ngnó ach a laghad is féidir.

Ba cheart do Bhainistiú Teagmhas taifead a choimeád freisin ar theagmhais chun críocha tuairiscithe agus comhtháthú a dhéanamh le próisis eile chun feabhas leanúnach a bhrú chun cinn.

I gcomhthéacs domhanda, cuimsítear na gníomhaíochtaí seo a leanas le Bainistiú Teagmhas:

—

Teagmhais a bhrath agus a thaifeadadh;

—

Aicmiú agus tacaíocht tosaigh;

—

Imscrúdú agus diagnóisiú;

—

Réiteach agus athshlánú;

—

Clabhsúr a chur ar theagmhas.

Ar feadh saolré teagmhais, bíonn an próiseas Bainistithe Teagmhas freagrach as láimhseáil leanúnach na húinéireachta, an fhaireacháin, an rianaithe agus na cumarsáide.

4.1.   Teagmhais a bhrath agus a thaifeadadh

Is féidir le grúpa tacaíochta teagmhas a bhrath, trí bhíthin uirlisí faireacháin uathoibrithe nó is féidir le foireann theicniúil a bhíonn i mbun gnáthfhaireacháin é a bhrath.

A luaithe a bhraitear teagmhas, ní mór é a thaifeadadh agus aitheantóir sainiúil a shannadh dó, rud lena mbítear in ann rianú agus faireachán teagmhais a dhéanamh i gceart. Is é atá in aitheantóir sainiúil teagmhais an t-aitheantóir a shannann Deasc Seirbhíse an Pháirtí (an tAontas nó CH) sa chomhchóras ticéadaithe inar tarraingíodh anuas an teagmhas, agus ní mór é a úsáid i ngach cumarsáid a bhaineann leis an teagmhas sin.

I gcás gach teagmhais, ba cheart gurb í Deasc Seirbhíse an Pháirtí a logáil an ticéad an pointe teagmhála.

4.2.   Aicmiú agus tacaíocht tosaigh

Tá sé d’aidhm ag an aicmiú teagmhas an córas agus/nó an tseirbhís dá ndéantar difear a thuiscint agus a shainaithint, agus méid an difir sin. Chun bheith éifeachtach, ba cheart leis an aicmiú an teagmhas a dhíriú ar an acmhainn cheart ar an gcéad dul síos, ionas gur tapúla a bheifear in ann réiteach a fháil ar an teagmhas.

Sa chéim aicmithe, ba cheart go ndéanfaí an teagmhas a chatagóiriú agus a chur in ord tosaíochta de réir a thionchair agus a phráinne, ionas go gcaithfear leis de réir na tréimhse ama ábhartha ar bhonn tosaíochta.

I gcás ina bhféadfadh tionchar a bheith ag an teagmhas ar rúndacht nó ar shláine sonraí íogaire, agus/nó go bhféadfadh tionchar a bheith aige ar infhaighteacht an chórais, ba cheart an teagmhas a dhearbhú freisin mar theagmhas slándála agus é a bhainistiú ansin de réir an phróisis atá sainithe sa chaibidil ar ‘Bainistiú Teagmhas Slándála’ den doiciméad seo.

Más féidir, is í an Deasc Seirbhíse a logáil an ticéad a dhéanann an diagnóisiú tosaigh. Chuige sin, féachfaidh an Deasc Seirbhíse an earráid aitheanta é an teagmhas. Sa chás sin, bíonn an cosán réitigh nó an chaoi a n-oibrítear timpeall air ar eolas agus doiciméadaithe cheana féin.

Má éiríonn leis an Deasc Seirbhíse an teagmhas a réiteach, cuirfidh sí clabhsúr ar an teagmhas ag an bpointe sin, toisc gur comhlíonadh príomhchuspóir an Bhainistithe Teagmhas (is é sin athchóiriú tapa na seirbhíse le haghaidh an úsáideora deiridh). Mura réitítear an teagmhas, cuirfidh an Deasc Seirbhíse an teagmhas ar aghaidh chuig an ngrúpa taifeora iomchuí i gcomhair breis imscrúdaithe agus diagnóisithe.

4.3.   Imscrúdú agus diagnóisiú

Cuirtear imscrúdú agus diagnóisiú teagmhas i bhfeidhm nuair nach féidir leis an Deasc Seirbhíse an teagmhas a réiteach mar chuid den diagnóis tosaigh, agus dá bhrí sin déantar é a chur ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile de réir mar is cuí. Is cuid iomlán den phróiseas imscrúdaithe agus diagnóisithe teagmhas a chur ar aghaidh.

Cleachtas coitianta sa chéim imscrúdaithe agus diagnóisithe is ea an iarracht an teagmhas a athchruthú faoi choinníollacha rialaithe. Tá sé tábhachtach, nuair a bhítear i mbun imscrúdú agus diagnóisiú ar theagmhas, go dtuigfear ord ceart na n-eachtraí arb iad ba chúis leis an teagmhas.

Nuair a chuirtear teagmhas ar aghaidh, táthar ag aithint nach féidir an teagmhas a réiteach ar an leibhéal tacaíochta reatha, agus go gcaithfear é a chur ar aghaidh chuig grúpa tacaíochta ar leibhéal níos airde nó chuig an bPáirtí eile. Is féidir leis an gur ar aghaidh sin dhá threo a leanúint: cothrománach (feidhmiúil) nó ingearach (ordlathach).

Tá an Deasc Seirbhíse a thaifead agus a thionscain an teagmhas freagrach as an teagmhas a chur ar aghaidh chuig an acmhainn iomchuí agus as stádas agus sannadh foriomlán an teagmhais a rianú.

Tá an Páirtí dar sannadh an teagmhas freagrach as a áirithiú go ndéantar na gníomhaíochtaí a iarrtar ar bhealach tráthúil, agus as aiseolas a thabhairt do Dheasc Seirbhíse a Pháirtí féin.

4.4.   Réiteach agus athshlánú

Déantar réiteach agus athshlánú ar theagmhas a luaithe a thuigtear an teagmhas ina iomláine. Nuair a fhaightear réiteach ar theagmhas, ciallaíonn sé sin gur sainaithníodh bealach chun an cheist a chur ina ceart. Is é an gníomh a dhéantar chun an réiteach a chur i bhfeidhm an chéim athshlánaithe.

A luaithe is a réitíonn na hacmhainní iomchuí an teip sa tseirbhís, déanfar an teagmhas a threorú ar ais chuig an Deasc Seirbhíse ábhartha, a rinne an teagmhas a logáil agus deimhníonn sí le tionscnóir an teagmhais gur réitíodh an earráid agus gur féidir clabhsúr a chur ar an teagmhas. Déanfar na torthaí ó phróiseáil an teagmhais a thaifeadadh ionas gur féidir iad a úsáid sa todhchaí.

Is féidir le foireann tacaíochta TF an t-athshlánú a dhéanamh nó is féidir é a dhéanamh trí shraith treoracha a chaithfear a leanúint a thabhairt don úsáideoir deiridh.

4.5.   Clabhsúr a chur ar theagmhas

Is é clabhsúr an chéim dheiridh sa phróiseas Bainistithe Teagmhas agus tarlaíonn sé achar gairid tar éis an teagmhas a réiteach.

As measc an tseicliosta gníomhaíochtaí a chaithfear a dhéanamh i rith chéim an chlabhsúir, tarraingítear aird ar an méid seo a leanas:

—

An catagóiriú tosaigh a sannadh don teagmhas a bhailíochtú;

—

An fhaisnéis go léir a bhaineann leis an teagmhas a ghabháil i gceart;

—

An teagmhas a dhoiciméadú i gceart agus an bonn eolais a thabhairt cothrom le dáta;

—

Cumarsáid leordhóthanach a dhéanamh le gach páirtí leasmhar dá ndéantar difear go díreach nó go hindíreach de thoradh an teagmhais.

Cuirtear clabhsúr foirmiúil ar theagmhas a luaithe a chuireann an Deasc Seirbhíse céim chlabhsúir an teagmhais i gcrích agus nuair a chuirtear sin in iúl don Pháirtí eile.

Ní osclaítear teagmhas in athuair tar éis clabhsúr a bheith curtha air. Má tharlaíonn teagmhas arís laistigh de thréimhse ghearr ansin, ní osclófar an teagmhas bunaidh; ní mór ina ionad sin teagmhas nua a logáil.

Má dhéanann Deasca Seirbhíse an Aontais agus CH araon rianú ar an teagmhas, is í an Deasc Seirbhíse a logáil an ticéad a bheidh freagrach as clabhsúr a chur air sa deireadh.

5.   BAINISTIÚ FADHBANNA

Ba cheart an nós imeachta seo a leanúint uair ar bith a shainaithnítear fadhb agus a thionscnaítear dá bhrí sin an próiseas Bainistithe Fadhbanna. Le Bainistiú Fadhbanna dírítear ar cháilíocht a fheabhsú agus ar líon na dteagmhas a tharraingítear anuas a laghdú. Féadfaidh fadhb a bheith ina cúis le teagmhas amháin nó níos mó. Nuair a thuairiscítear teagmhas, is é an cuspóir a bhíonn ag Bainistiú Teagmhas an tseirbhís a chur ar ais chomh tapa is féidir, agus d’fhéadfadh dul timpeall a bheith ina chuid den réiteach sin. Nuair a chruthaítear fadhb, is é an cuspóir a bhíonn ann bunchúis na ceiste a imscrúdú chun athrú a shainaithint lena n-áiritheofar nach dtarlóidh an fhadhb agus na teagmhais ghaolmhara níos mó.

5.1.   Sainaithint agus taifeadadh fadhbanna

Ag brath ar cén Páirtí a thionscain an ticéad, beidh Deasc Seirbhíse an Aontais nó Deasc Seirbhíse CH ar an bpointe teagmhála le haghaidh nithe a bhaineann le fadhbanna.

Is é atá in aitheantóir sainiúil faidhbe an t-aitheantóir a shanntar ag an mBainistiú Seirbhíse TF (BSTF). Ní mór é a úsáid i ngach cumarsáid a bhaineann leis an bhfadhb sin.

Is féidir le teagmhas fadhb a thionscain nó is féidir í a oscailt mar ghníomh féin-thionscanta chun ceisteanna a bhraitear sa chóras ag aon chéim a réiteach.

5.2.   Tosaíocht a Thabhairt d’Fhadhb

Is féidir fadhbanna a chur i gcatagóirí de réir a dtromchúise agus a dtosaíochta ar an gcaoi chéanna le teagmhais chun a rianú a éascú, agus tionchar na dteagmhas gaolmhar agus a minicíocht á gcur san áireamh.

5.3.   Fadhb a imscrúdú agus a dhiagnóisiú

Féadfaidh gach Páirtí fadhb a tharraingt anuas agus beidh Deasc Seirbhíse an Pháirtí tionscanta freagrach as an bhfadhb a logáil, í a shannadh don acmhainn iomchuí agus as an stádas foriomlán a rianú.

Is é an grúpa taifeora ar cuireadh an fhadhb ar aghaidh chuige a bheidh freagrach as an bhfadhb a láimhseáil ar bhealach tráthúil agus as cumarsáid a dhéanamh leis an Deasc Seirbhíse.

Arna iarraidh sin, beidh an dá Pháirtí freagrach as a áirithiú go gcuirfear na gníomhaíochtaí sannta i gcrích, agus as aiseolas a thabhairt do Dheasc Seirbhíse a Pháirtí féin.

5.4.   Réiteach

Is é an grúpa taifeora dá sanntar an fhadhb a bheidh freagrach as an bhfadhb a réiteach agus as faisnéis ábhartha a thabhairt do Dheasc Seirbhíse a Pháirtí féin.

Beidh torthaí phróiseáil na faidhbe le taifeadadh ionas gur féidir úsáid a bhaint astu sa todhchaí.

5.5.   Clabhsúr a chur ar an bhfadhb

Déantar fadhb a réiteach tríd an athrú a chur chun feidhme agus cuirtear clabhsúr uirthi díreach ina dhiaidh sin. Is í an Deasc Seirbhíse a rinne an fhadhb a logáil a bheidh ag plé le céim chlabhsúir na faidhbe agus cuirfidh sí Deasc Seirbhíse an Pháirtí eile ar an eolas maidir leis.

6.   COMHLÍONADH IARRATAÍ

Is é atá sa Phróiseas maidir le Comhlíonadh Iarrataí bainistiú ó cheann go ceann iarrata ar sheirbhís nua nó seirbhís reatha ón bpointe a gcláraítear agus a gceadaítear é go dtí go gcuirtear clabhsúr air. De ghnáth is é a bhíonn in Iarrataí ar Sheirbhís iarrataí beaga réamhshainithe ar féidir iad a dhéanamh arís is arís, a tharlaíonn go minic agus a bhíonn réamhcheadaithe, agus iarrataí nós imeachta.

Leagtar amach thíos na príomhchéimeanna a chaithfear a leanúint:

6.1.   Iarraidh a Thionscain

Cuirtear an fhaisnéis a bhaineann le hIarraidh ar Sheirbhís faoi bhráid Dheasc Seirbhíse an Aontais nó Deasc Seirbhíse CH le ríomhphost, ar an bhfón, nó tríd an uirlis Bainistithe Seirbhíse TF (BSTF) nó trí mhodh cumarsáide eile a bheidh aontaithe.

6.2.   Iarraidh a Logáil agus a Anailísiú

I gcás gach Iarrata ar Sheirbhís, ba cheart gurb í Deasc Seirbhíse an Aontais nó Deasc Seirbhíse CH an pointe teagmhála, ag brath ar cén Páirtí a tharraing anuas an Iarraidh ar Sheirbhís. Beidh an Deasc Seirbhíse sin freagrach as an Iarraidh ar Sheirbhís a logáil agus a anailísiú leis an dúthracht iomchuí.

6.3.   Iarraidh a Fhormheas

Seiceálfaidh Gníomhaire Dheasc Seirbhíse an Pháirtí a tharraing anuas an Iarraidh ar Sheirbhís cibé an bhfuil gá le haon cheaduithe ón bPáirtí eile agus má bhíonn leanfaidh sé ar aghaidh chun iad a fháil. Mura gceadaítear an Iarraidh ar Sheirbhís, tabharfaidh an Deasc Seirbhíse nuashonrú agus cuireann sí clabhsúr ar an ticéad.

6.4.   Iarraidh a Chomhlíonadh

Tá an chéim seo ann chun go mbeifear in ann na nIarrataí ar Sheirbhís a láimhseáil go héifeachtach agus go héifeachtúil. Ní mór idirdhealú a dhéanamh idir na cásanna seo a leanas:

—

Ní dhéanann comhlíonadh na hIarrata ar Sheirbhís difear ach do Pháirtí amháin. Sa chás sin, eiseoidh an Páirtí sin na horduithe oibre agus comhordóidh sé a gcur i bhfeidhm.

—

Déanann comhlíonadh na hIarrata ar Sheirbhís difear don Aontas agus do CH araon. Sa chás sin, eiseoidh na Deasca Seirbhíse na horduithe oibre ina réimse freagrachta. Déantar próiseáil chomhlíonadh na hIarrata ar Sheirbhís a chomhordú idir an dá Deasc Seirbhíse. Is ar an Deasc Seirbhíse a fuair agus a thionscain an Iarraidh ar Sheirbhís atá an fhreagracht fhoriomlán.

Nuair a bheidh an Iarraidh ar Sheirbhís réitithe, ní mór a léiriú gur Bail Réitithe atá uirthi.

6.5.   Iarraidh a Chur ar Aghaidh

Is féidir leis an Deasc Seirbhíse an Iarraidh ar Sheirbhís atá le comhlíonadh a chur ar aghaidh chuig an acmhainn iomchuí (tríú Páirtí) más gá.

Déantar cás a chur ar aghaidh chuig na tríú Páirtithe faoi seach, i.e. caithfidh Deasc Seirbhíse AE dul trí Dheasc Seirbhíse CH le cás a chur chuig tríú Páirtí CH, agus a mhalairt.

Tá an tríú Páirtí a gcuirtear an Iarraidh ar Sheirbhís ar aghaidh chuige freagrach as an Iarraidh ar Sheirbhís a láimhseáil ar bhealach tráthúil agus as cumarsáid a dhéanamh leis an Deasc Seirbhíse a chuireann an Iarraidh ar Sheirbhís ar aghaidh.

Tá an Deasc Seirbhíse a rinne an Iarraidh ar Sheirbhís a logáil freagrach as stádas agus sannadh foriomlán Iarrata ar Sheirbhís a rianú.

6.6.   Athbhreithniú ar Chomhlíonadh Iarrata

Cuirfidh an Deasc Seirbhíse atá freagrach an Taifead ar Iarraidh ar Sheirbhís isteach faoi rialú cáilíochta deiridh sula gcuirfear clabhsúr uirthi. Is é is aidhm don mhéid sin a áirithiú go ndéanfar an Iarraidh ar Sheirbhís a phróiseáil iarbhír agus go ndéanfar an fhaisnéis go léir atá riachtanach chun tuairisc a thabhairt ar shaolré na hiarrata a chur ar fáil ar bhealach sách mionsonraithe. Ina theannta sin, déanfar torthaí phróiseáil na hiarrata a thaifeadadh ionas gur féidir úsáid a bhaint astu sa todhchaí.

6.7.   Clabhsúr a Chur ar Iarraidh

Má aontaíonn na Páirtithe sannta gur comhlíonadh an Iarraidh ar Sheirbhís agus go measann an té a rinne an iarraidh go bhfuil an cás réitithe, is é an chéad stádas eile a shocraítear ‘Clabhsúr ar an Iarraidh’.

Beidh clabhsúr foirmiúil ar Iarraidh ar Sheirbhís a luaithe a chuireann an Deasc Seirbhíse a rinne an Iarraidh ar Sheirbhís a logáil céim clabhsúir na hiarrata i gcrích agus nuair a bheidh Deasc Seirbhíse an Pháirtí eile curtha ar an eolas aige.

7.   BAINISTIÚ ATHRUITHE

Is é an cuspóir atá ann a áirithiú go n-úsáidtear modhanna agus nósanna imeachta caighdeánaithe ionas go láimhseálfar go héifeachtúil agus go tapa na hathruithe go léir chun an bonneagar TF a rialú, chun líon agus tionchar aon teagmhas gaolmhar ar an tseirbhís a íoslaghdú. D’fhéadfadh athruithe i mbonneagar TF teacht chun cinn go frithghníomhach mar fhreagairt ar fhadhbanna nó ar cheanglais a ghearrtar go seachtrach, e.g. athruithe reachtúla, nó eascairt go forghníomhach ó iarrachtaí feabhas a chur ar éifeachtúlacht agus éifeachtach nó tionscnaimh ghnó a chumasú nó a léiriú.

Áirítear leis an bpróiseas um bainistiú athruithe na céimeanna difriúla lena ngabhtar gach mionsonra faoi Iarraidh ar Athrú lena rianú sa todhchaí. Áirithítear leis na próisis sin go mbeidh an t-athrú bailíochtaithe agus go mbeidh tástáil déanta air sula gcuirtear chun úsáide é. Tá an próiseas Bainistithe Eisiúna freagrach as an gcur chun úsáide rathúil.

7.1.   Iarraidh ar Athrú

Cuirtear Iarraidh ar Athrú (IAA) faoi bhráid na foirne Bainistithe Athruithe lena bailíochtú agus lena faomhadh. I gcás gach Iarrata ar Athrú, ba cheart gurb í Deasc Seirbhíse AE nó Deasc Seirbhíse CH an pointe teagmhála, ag brath ar cén Páirtí a tharraing anuas an iarraidh. Beidh an Deasc Seirbhíse sin freagrach as an iarraidh a logáil agus a anailísiú leis an dúthracht iomchuí.

D’fhéadfadh Iarrataí ar Athrú teacht as:

—

Teagmhas lena gcruthaítear athrú;

—

Fadhb atá ann cheana a dtagann athrú as;

—

Úsáideoir deiridh a iarrann athrú nua;

—

Athrú de thoradh cothabháil leanúnach;

—

Athrú reachtach.

7.2.   Meastóireacht ar Athruithe agus iad a Phleanáil

Láimhseáiltear gníomhaíochtaí measúnaithe agus pleanála athruithe sa chéim seo. Áirítear léi gníomhaíochtaí tosaíochta agus pleanála chun an riosca agus an tionchar a íoslaghdú.

Má chuireann cur chun feidhme an IAA isteach ar an Aontas agus ar CH, deimhníonn an Páirtí a rinne an IAA a logáil an mheastóireacht ar athruithe agus a bpleanáil leis an bPáirtí eile.

7.3.   Formheas athruithe

Ní mór don leibhéal cur ar aghaidh ábhartha aon iarraidh chláraithe ar athrú a fhormheas.

7.4.   Athruithe a chur chun feidhme

Láimhseáiltear cur chun feidhme athruithe sa phróiseas Bainistithe Eisiúna. Leanann foirne Bainistithe Eisiúna an dá Pháirtí a bpróisis féin lena mbaineann pleanáil agus tástáil. Tarlaíonn an t-athbhreithniú ar athruithe a luaithe a chuirtear an cur chun feidhme i gcrích. Chun a áirithiú go ndéantar gach rud de réir mar a bheartaítear, déantar an próiseas reatha um Bainistiú Athruithe a athbhreithniú go leanúnach agus a nuashonrú cibé uair is gá.

8.   BAINISTIÚ EISIÚNA

Is éard atá in eisiúint athrú amháin nó níos mó ar sheirbhís TF, a bhailítear i bplean eisiúna a chaithfear a údarú, a ullmhú, a thógáil, a thástáil, agus a úsáid le chéile. D’fhéadfadh réiteach fabht a bheith i gceist le heisiúint, athrú ar chrua-earraí nó ar chomhpháirteanna eile, athruithe ar bhogearraí, uasghráduithe ar leaganacha feidhmchláir, athruithe ar dhoiciméid agus/nó ar phróisis. Déantar inneachar gach eisiúna a bhainistiú, a thástáil agus a chur in úsáid mar eintiteas aonair.

Tá sé d’aidhm ag Bainistiú Eisiúna cumas a phleanáil, a thógáil, a thástáil agus a bhailíochtú, agus a sholáthar chun na seirbhísí deartha a chur ar fáil lena mbainfear amach ceanglais na bpáirtithe leasmhara agus lena soláthrófar na cuspóirí beartaithe. Déanfar na critéir inghlacthachta le haghaidh na n-athruithe uile ar an tseirbhís a shainiú agus a dhoiciméadú le linn chomhordú an deartha agus cuirfear ar fáil d’fhoirne Bainistithe Eisiúna iad.

Cuimseofar de ghnáth leis an eisiúint roinnt réitithe ar fhadhbanna agus feabhsuithe ar sheirbhís. Is inti a bhíonn na bogearraí nua nó na bogearraí athraithe is gá agus aon chrua-earra nua nó crua-earra athraithe is gá chun na hathruithe ceadaithe a chur chun feidhme.

8.1.   An eisiúint a phleanáil

Ar an gcéad chéim den phróiseas sanntar athruithe údaraithe ar phacáistí eisiúna agus sainítear raon feidhme agus ábhar na n-eisiúintí. Ar bhonn na faisnéise sin, forbraítear sceideal ar an bhfo-phróiseas Pleanála Eisiúna chun an eisiúint a thógáil, a thástáil agus a chur in úsáid.

Ba cheart go saineofaí leis an bpleanáil:

—

Raon feidhme agus ábhar na heisiúna;

—

Measúnú riosca agus próifíl riosca i gcomhair na heisiúna;

—

An custaiméir/na húsáideoirí a ndéanfaidh an eisiúint difear dóibh;

—

An fhoireann a bheidh freagrach as an eisiúint;

—

Straitéis soláthair agus cur chun úsáide;

—

Acmhainní i gcomhair na heisiúna agus an chur chun úsáide.

Cuirfidh gach Páirtí an Páirtí eile ar an eolas maidir lena phleanáil eisiúna agus lena fhuinneoga cothabhála. Má dhéanann eisiúint difear don Aontas agus do CH araon, comhordóidh siad an phleanáil agus saineoidh siad ionú coiteann cothabhála.

8.2.   Tógáil agus Tástáil Pacáiste Eisiúna

Ag céim tógála agus tástála an phróisis Bainistithe Eisiúna, bunaítear an cur chuige i leith an eisiúint nó an pacáiste eisiúna a chur i gcrích agus na timpeallachtaí rialaithe a chothabháil sula ndéantar an táirgeadh a athrú, chomh maith leis na hathruithe go léir i ngach timpeallacht eisithe a thástáil.

Má dhéanann eisiúint difear don Aontas agus do CH araon, déanfaidh siad comhordú ar na pleananna agus tástálacha soláthair. Áirítear na gnéithe seo a leanas leis sin:

—

Conas agus cathain a sheachadfar aonaid eisiúna agus comhpháirteanna seirbhíse;

—

Cad iad na hagaí seachadta tipiciúla; cad a tharlaíonn má bhíonn moill ann;

—

Conas dul chun cinn an tsoláthair a rianú agus deimhniú a fháil;

—

An mhéadracht chun rath na hiarrachta ar chur in úsáid na heisiúna a fhaire agus a chinneadh;

—

Cásanna tástála coiteanna le haghaidh feidhmiúlachtaí agus athruithe ábhartha.

Ag deireadh an fho-phróisis sin, beidh na comhpháirteanna eisiúna ar fad is gá réidh le dul isteach sa chéim cur chun úsáide bheo.

8.3.   Ullmhú don chur chun úsáide

Áirithítear leis an bhfo-phróiseas ullmhúcháin go ndéantar na pleananna cumarsáide a shainiú i gceart agus go mbíonn fógraí réidh le seoladh chuig gach páirtí leasmhar agus úsáideoir deiridh dá ndéantar difear, agus go ndéantar an eisiúint a chomhtháthú leis an bpróiseas Bainistithe Athruithe lena áirithiú go ndéantar na hathruithe go léir ar bhealach rialaithe agus go ndéanann na fóraim, a gcuirtear an ceanglas sin orthu, iad a fhormheas.

Má dhéanann eisiúint difear don Aontas agus do CH araon, déanfaidh siad comhordú ar na gníomhaíochtaí seo a leanas:

—

Taifead ar Iarraidh ar Athrú chun cur chun úsáide sa timpeallacht Táirgthe a sceidealú agus a ullmhú;

—

Plean cur chun feidhme a chruthú;

—

Cur chuige rollta siar, ionas, i gcás ina dteipeann ar an gcur chun úsáide, gur féidir filleadh ar an staid roimhe sin;

—

Fógraí a sheoladh chuig gach Páirtí is gá;

—

Formheas a cheangal chun an eisiúint a chur chun feidhme ón leibhéal cur ar aghaidh ábhartha.

8.4.   Rolladh siar ar an eisiúint

I gcás ina dteipeann ar an gcur chun úsáide nó inar sainaithníodh leis an tástáil nár éirigh leis an gcur chun úsáide nó nár comhlíonadh na critéir inghlacthachta/cháilíochta a comhaontaíodh, caithfidh foirne Bainistithe Eisiúna an dá Pháirtí rolladh siar go dtí an staid roimhe sin. Caithfear gach páirtí leasmhar riachtanach a chur ar an eolas, lena n-áirítear úsáideoirí deiridh dá ndéantar difear/ar a ndírítear. Ag feitheamh le formheas, féadfar an próiseas a atosú ag aon cheann de na céimeanna roimhe sin.

8.5.   An eisiúint a athbhreithniú agus clabhsúr a chur uirthi

Agus athbhreithniú á dhéanamh ar chur chun úsáide, ba cheart na gníomhaíochtaí seo a leanas a chur san áireamh:

—

Aiseolas a fháil faoi shástacht an chustaiméara, an úsáideora agus an tsoláthair seirbhíse leis an gcur chun úsáide (an t-aiseolas a bhailiú agus a bhreithniú ar mhaithe le feabhas leanúnach a chur ar an tseirbhís);

—

Aon chritéir cháilíochta nár comhlíonadh a athbhreithniú;

—

A sheiceáil an ndearnadh aon ghníomh, réiteach riachtanach agus athrú;

—

A chinntiú nach bhfuil aon fhadhb maidir le hinniúlacht, acmhainn, cumas nó feidhmíocht ag deireadh an chur chun úsáide;

—

Maidir le haon fhadhb, earráid aitheanta agus dul timpeall doiciméadaithe, a sheiceáil go nglacann an custaiméir, na húsáideoirí deiridh, an tacaíocht oibríochta, agus na Páirtithe eile dá ndéantar difear leo;

—

Teagmhais agus fadhbanna a chruthaítear le cur chun úsáide a fhaire (tacaíocht luathshaoil a chur ar fáil d’fhoirne oibríochta i gcás inar tháinig méadú ar an obair mar gheall ar an eisiúint);

—

An doiciméadacht tacaíochta a thabhairt cothrom le dáta (i.e. na doiciméid ina bhfuil an fhaisnéis theicniúil);

—

Cur chun úsáide na heisiúna a thabhairt ar láimh go foirmiúil d’oibríochtaí seirbhíse;

—

Na ceachtanna a foghlaimíodh a dhoiciméadú;

—

An doiciméad ina bhfuil achoimre na heisiúna a bhailiú ó fhoirne cur chun feidhme;

—

Clabhsúr a chur ar an eisiúint go foirmiúil tar éis an taifead ar Iarraidh ar Athrú a fhíorú.

9.   BAINISTIÚ TEAGMHAS SLÁNDÁLA

Is é atá i mBainistiú Teagmhas Slándála próiseas chun teagmhais slándála a láimhseáil chun cumarsáid faoi theagmhais a dhéanamh le páirtithe leasmhara a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh; meastóireacht ar theagmhais agus teagmhais a chur in ord tosaíochta; agus freagairt ar theagmhais chun aon sárú iarbhír, amhrasta nó ionchais ar rúndacht, infhaighteacht nó sláine na sócmhainní faisnéise íogaire a shocrú.

9.1.   Catagóiriú na dTeagmhas Slándála Faisnéise

Déanfar anailís ar gach teagmhas a dhéanann difear don nasc idir Clárlann an Aontais agus clárlann na hEilvéise chun sárú féideartha ar rúndacht, sláine nó infhaighteacht aon fhaisnéise íogaire a taifeadadh ar an Liosta Faisnéise Íogaire (LFÍ) a chinneadh.

I gcás inarb ann do shárú, déanfar tuairisciú ar an teagmhas mar theagmhas slándála faisnéise, clárófar é láithreach san uirlis Bainistithe Seirbhíse TF (BSTF) agus déanfar bainistiú air mar sin.

9.2.   Láimhseáil an Teagmhais Slándála Faisnéise

Cuirtear Teagmhais Slándála faoi chúram an tríú leibhéal cur ar aghaidh agus láimhseálfaidh Foireann Bainistithe Teagmhas (FBT) thiomnaithe réiteach na dteagmhas.

Tá an FBT freagrach as:

—

An chéad anailís ar dhéine an teagmhais a dhéanamh, é a chatagóiriú agus é a rátáil;

—

Gníomhaíochtaí a chomhordú idir na páirtithe leasmhara go léir lena n-áirítear na doiciméid ar fad a bhaineann leis an anailís ar an teagmhas, na cinntí a glacadh chun dul i ngleic leis an teagmhas agus na laigí sainaitheanta féideartha;

—

Ag brath ar dhéine an teagmhais slándála, an teagmhas a chur ar aghaidh go tráthúil go dtí an leibhéal iomchuí le haghaidh faisnéise agus/nó cinnidh.

Sa phróiseas Bainistithe Slándála Faisnéise, déantar an fhaisnéis ar fad maidir le teagmhais a aicmiú ar an leibhéal íogaireachta faisnéise is airde, ach ní dhéanfar iad a aicmiú in aon chás ar leibhéal is ísle ná SENSITIVE: ETS (ÍOGAIR: CTA).

I gcás imscrúdú leanúnach agus/nó laige a bhféadfaí teacht i dtír uirthi, agus go dtí go leigheasfar í, aicmeofar an fhaisnéis mar SPECIAL HANDLING: ETS Critical (LÁIMHSEÁIL SPEISIALTA: CTA Criticiúil).

9.3.   Teagmhais Slándála a Aithint

Bunaithe ar an gcineál eachtra slándála, cinnfidh an t-oifigeach slándála faisnéise na heagraíochtaí iomchuí a bheidh rannpháirteach agus a bheidh ina gcuid den FBT.

9.4.   Anailís ar Theagmhais Slándála

Oibríonn an FBT le gach eagraíocht rannpháirteach agus le comhaltaí ábhartha a gcuid foirne, de réir mar is iomchuí, chun athbhreithniú a dhéanamh ar an teagmhas. I rith na hanailíse, sainaithnítear fairsinge rúndacht, sláine nó caillteanas infhaighteachta sócmhainne agus déantar measúnú ar na hiarmhairtí le haghaidh gach eagraíochta a ndéantar difear di. Ansin, déantar gníomhaíochtaí tosaigh agus leantacha a shainiú chun an teagmhas a réiteach agus a thionchar a bhainistiú, lena n-áirítear tionchar na ngníomhaíochtaí ó thaobh acmhainní de.

9.5.   Teagmhais Slándála: Measúnú ar Dhéine, Cur ar Aghaidh agus Tuairisciú

Déanfaidh an FBT measúnú ar dhéine aon teagmhais nua slándála tar éis é a shaintréithiú agus tosóidh sé an gníomh a cheanglaítear láithreach de réir dhéine an teagmhais.

9.6.   Tuairisciú ar Fhreagairt Slándála

Áirítear leis an FBT srianadh teagmhais agus torthaí athshlánaithe sa tuarascáil freagartha ar theagmhas slándála faisnéise. Cuirtear an tuarascáil ar fáil don tríú leibhéal cur ar aghaidh trí úsáid a bhaint as ríomhphost slán nó modhanna eile cumarsáide sláine a bhfuil glacadh coiteann leo.

Déanfaidh an Páirtí freagrach athbhreithniú ar an srianadh agus ar na torthaí athshlánaithe agus:

—

An chlárlann a athnascadh i gcás ina raibh dínascadh i gceist roimhe sin;

—

Cumarsáid maidir le teagmhais a chur ar fáil do na foirne clárlainne;

—

Clabhsúr a chur leis an teagmhas.

Ba cheart go n-áireofaí leis an FBT – ar bhealach slán – sonraí ábhartha sa tuarascáil ar theagmhas slándála faisnéise chun taifeadadh agus cumarsáid leanúnach a áirithiú agus ionas go mbeifear in ann gníomh tapa agus iomchuí a chumasú chun an teagmhas a shrianadh. Tar éis an tuarascáil deiridh faoin teagmhas slándála faisnéise a chur i gcrích, cuireann an FBT ar fáil í in am trátha.

9.7.   Faireachán, Fothú Acmhainneachta agus Feabhas Leanúnach

Cuirfidh an FBT tuarascálacha ar fáil maidir le gach teagmhas slándála don tríú leibhéal cur ar aghaidh. Úsáidfidh an leibhéal cur ar aghaidh sin na tuarascálacha chun an méid seo a leanas a chinneadh:

—

Pointí laga i rialuithe slándála agus/nó san oibríocht nach mór a neartú;

—

An gá a d’fhéadfadh a bheith ann an nós imeachta sin a fheabhsú chun éifeachtacht a fhreagartha ar theagmhais a fheabhsú;

—

Deiseanna oiliúna agus fothaithe acmhainneachta chun athléimneacht slándála faisnéise na gcóras clárlainne a neartú a thuilleadh, agus an baol go dtarlóidh teagmhais sa todhchaí a laghdú agus a dtionchar a íoslaghdú.

10.   BAINISTIÚ SLÁNDÁLA FAISNÉISE

Is é is aidhm do Bhainistiú Slándála Faisnéise rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise aicmithe, sonraí agus seirbhísí TF eagraíochta a áirithiú. Mar aon leis na comhpháirteanna teicniúla, lena n-áirítear iad a dhearadh agus a thástáil (féach CTNanna), is gá na nósanna imeachta oibríochta comhchoiteanna seo a leanas chun na ceanglais slándála le haghaidh an naisc bhuain clárlainne a chomhlíonadh.

10.1.   Faisnéis íogair a shainaithint

Déantar íogaireacht píosa faisnéise a mheasúnú trí leibhéal an Tionchair ar an nGnó (e.g. caillteanais airgeadais, díghrádú íomhá, sárú ar an dlí…) a chinneadh, tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag sárú slándála i ndáil leis an bpíosa faisnéise sin.

Sainaithneofar sócmhainní na faisnéise íogaire ar bhonn an tionchair a bheidh acu ar nascadh.

Déanfar measúnú ar leibhéal íogaireachta na faisnéise sin de réir an scála íogaireachta is infheidhme maidir leis an nascadh sin agus atá mionsonraithe sa rannán ‘Láimhseáil an Teagmhais Slándála Faisnéise’ den doiciméad seo.

10.2.   Leibhéil íogaireachta na Sócmhainní Faisnéise

A luaithe a aithnítear í, aicmítear an tsócmhainn faisnéise trí na rialacha seo a leanas a chur i bhfeidhm:

—

Má shainaithnítear leibhéal rúndachta, sláine nó infhaighteachta ARD amháin ar a laghad aicmeofar an tsócmhainn mar SPECIAL HANDLING: ETS Critical;

—

Má shainaithnítear leibhéal rúndachta, sláine nó infhaighteachta MEÁNACH amháin ar a laghad, aicmeofar an tsócmhainn mar SENSITIVE: ETS;

—

Má shainaithnítear leibhéil rúndachta, shláine nó infhaighteachta ÍSLE agus iad sin amháin, aicmeofar an tsócmhainn mar Marcáil AE: SENSITIVE: ETS Joint Procurement (ÍOGAR: Soláthar Comhpháirteach CTA). Marcáil CH: TEORANTA: CTA.

10.3.   Úinéir na Sócmhainní Faisnéise a Shannadh

Ba cheart na sócmhainní faisnéise ar fad úinéir sannta a bheith acu. Ba cheart sócmhainní faisnéise CTA, ar leis an nasc iad nó i gcomhar leis an nasc idir LBAE agus LBFE a áireamh i gcomhliosta fardail sócmhainne, a choinneoidh an dá Pháirtí ar bun. Ba cheart sócmhainní faisnéise CTA lasmuigh den nasc idir LBAE agus LBFE a áireamh i liosta fardail sócmhainne, a choinneoidh an Páirtí atá i gceist ar bun.

Comhaontóidh na Páirtithe úinéireacht gach sócmhainne faisnéise ar leis an nasc í nó i gcomhar leis an nasc idir LBAE agus LBFE. Beidh úinéir sócmhainne faisnéise freagrach as a híogaireacht a mheas.

Ba cheart don úinéir leibhéal sinsearachta a bheith aige atá iomchuí do luach na sócmhainne/sócmhainní sannta. Maidir le freagracht an úinéara as na sócmhainní agus an oibleagáid atá air maidir leis an leibhéal rúndachta, sláine agus infhaighteachta is gá a choinneáil ar bun, ba cheart an méid sin a chomhaontú agus a chur ar bhonn foirmiúil.

10.4.   Clárú na faisnéise íogaire

Clárófar gach faisnéis íogair sa Liosta Faisnéise Íogaire (LFÍ).

I gcás inarb ábhartha, cuirfear san áireamh comhshuimiú faisnéise íogaire as a bhféadfadh tionchar níos airde eascairt ná an tionchar a bheidh ag píosa faisnéise aonair amháin agus clárófar é sa LFÍ (e.g. an tacar faisnéise a stóráiltear i mbunachar sonraí an chórais).

Is liosta beo an LFÍ. D’fhéadfadh athrú gan choinne teacht ar bhagairtí, leochaileachtaí, an dóchúlacht nó na hiarmhairtí a bheadh ag teagmhais slándála a bhaineann leis na sócmhainní agus d’fhéadfaí sócmhainní nua a thabhairt isteach in oibríocht chórais na gclárlann.

Dá bhrí sin, déanfar athbhreithniú rialta ar an LFÍ agus déanfar aon fhaisnéis nua a shainaithneofar mar fhaisnéis íogair a chlárú láithreach sa LFÍ.

Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad sa LFÍ i gcás gach iontrála:

—

Tuairisc ar an bhfaisnéis

—

Úinéir na faisnéise

—

Leibhéal íogaireachta

—

Tásc má áirítear sonraí pearsanta leis an bhfaisnéis

—

Faisnéis bhreise más gá

10.5.   Faisnéis íogair a láimhseáil

Nuair a phróiseáiltear í lasmuigh den nasc idir Clárlann an Aontais agus Clárlann na hEilvéise, láimhseálfar faisnéis íogair de réir na dTreoracha Láimhseála.

Déanfaidh na Páirtithe faisnéis íogair a phróiseáiltear trí nasc idir Clárlann an Aontais agus Clárlann na hEilvéise a láimhseáil i gcomhréir leis na ceanglais Slándála.

10.6.   Bainistiú Rochtana

Is é is cuspóir do Bhainistiú Rochtana an ceart a dheonú d’úsáideoirí údaraithe chun seirbhís a úsáid, agus cosc a chur ar rochtain d’úsáideoirí neamhúdaraithe an tráth céanna. Déantar tagairt do Bhainistiú Rochtana uaireanta freisin mar ‘Bainistiú Ceart’ nó ‘Bainistiú Aitheantais’.

Ar mhaithe leis an nasc buan clárlainne agus chun é a fheidhmiú, is gá don dá Pháirtí rochtain a bheith acu ar na comhpháirteanna seo a leanas:

—

Vicí: Timpeallacht chomhoibritheach chun faisnéis choiteann a mhalartú, ar nós pleanáil eisiúna;

—

Uirlis Bainistithe Seirbhíse TF (BSTF) le haghaidh bainistiú teagmhas agus fadhbanna (féach caibidil 3, ‘Cur Chuige agus Caighdeáin’);

—

Córas malartaithe teachtaireachtaí: cuirfidh gach Páirtí córas aistrithe slán i gcomhair malartú teachtaireachtaí ar fáil chun na teachtaireachtaí ina bhfuil na sonraí idirbheartaíochta a tharchur.

Áirithíonn riarthóir chlárlann na hEilvéise agus riarthóir lárnach an Aontais go bhfuil an rochtain cothrom le dáta agus go ngníomhaíonn na clárlanna mar phointí teagmhála dá gcuid Páirtithe i gcomhair gníomhaíochtaí bainistithe rochtana. Láimhseáiltear iarrataí rochtana de réir na nósanna imeachta um Chomhlíonadh Iarrataí.

10.7.   Bainistiú Deimhnithe/Eochracha

Tá gach Páirtí freagrach as a bhainistiú deimhnithe/eochracha féin (giniúint, clárú, stóráil, suiteáil, úsáid, athnuachan, aisghairm, cúltaca agus athshlánú deimhnithe/eochracha). Mar a leagtar amach sna Caighdeáin Theicniúla Nasctha (CTNanna), ní úsáidfear ach amháin deimhnithe a eisíonn Údarás Deimhnithe ina bhfuil iontaoibh ag an dá Pháirtí. Maidir le láimhseáil agus stóráil na ndeimhnithe/n-eochracha, ní mór go leanfaidh siad na forálacha a shocraítear sna Treoracha Láimhseála.

Déanfaidh an dá Pháirtí comhordú ar aon aisghairm agus/nó athnuachan ar dheimhnithe agus eochracha. Tarlaíonn sé sin de réir na nósanna imeachta um Chomhlíonadh Iarrataí.

Malartóidh riarthóir chlárlann na hEilvéise agus riarthóir lárnach an Aontais deimhnithe/eochracha trí bhealaí slána cumarsáide de réir na bhforálacha a leagtar síos sna Treoracha Láimhseála.

Aon fhíorú ar dheimhnithe/eochracha ar aon bhealach idir na Páirtithe, is as banda a dhéanfar é.

IARSCRÍBHINN III

CAIGHDEÁIN THEICNIÚLA NASCTHA (CTNanna) DE BHUN AIRTEAGAL 3(7) DEN CHOMHAONTÚ IDIR AN tAONTAS EORPACH AGUS CÓNAIDHM NA hEILVÉISE MAIDIR LENA gCÓRAIS TRÁDÁLA ASTAÍOCHTAÍ GÁS CEAPTHA TEASA A NASCADH

Caighdeáin le haghaidh nasc buan clárlainne

Clár

1.

GLUAIS 23

2.

RÉAMHRÁ 25

2.1.

Raon feidhme 25

2.2.

Seolaithe 25

3.

FORÁLACHA GINEARÁLTA 25

3.1.

Ailtireacht an naisc cumarsáide 25

3.1.1.

Malartú teachtaireachtaí 26

3.1.2.

Teachtaireacht XML – Tuairisc ardleibhéil 26

3.1.3.

Ionuithe iontógála 26

3.1.4.

Sreabha Teachtaireachtaí Idirbhirt 27

3.2.

Slándáil Aistrithe Sonraí 29

3.2.1.

Idirnasc idir an Balla Dóiteáin agus an Líonra 29

3.2.2.

Líonra Príobháideach Fíorúil (LPF) 29

3.2.3.

Cur chun Feidhme IPSec 29

3.2.4.

Prótacal slán um aistriú teachtaireachtaí 30

3.2.5.

Criptiú agus síniú XML 30

3.2.6.

Eochracha Cripteagrafacha 30

3.3.

Liosta Feidhmeanna faoin nasc 30

3.3.1.

Idirbhearta gnó 30

3.3.2.

Prótacal comhréitithe 31

3.3.3.

Teachtaireacht tástála 31

3.4.

Ceanglais Logála Sonraí 31

3.5.

Ceanglais Oibriúcháin 32

4.

FORÁLACHA INFHAIGHTEACHTA 32

4.1.

Dearadh Infhaighteacht Cumarsáide 32

4.2.

Túsú, Cumarsáid, athghníomhachtú agus plean tástála 33

4.2.1.

Tástálacha ar bhonneagar TFC inmheánach 33

4.2.2.

Tástálacha cumarsáide 33

4.2.3.

Tástálacha córais iomláin (ó cheann go ceann) 33

4.2.4.

Tástálacha slándála 33

4.3.

Timpeallachtaí Inghlacthachta/Tástála 34

5.

FORÁLACHA MAIDIR LE RÚNDACHT AGUS SLÁINE 34

5.1.

Bonneagar um Thástáil Slándála 34

5.2.

Forálacha maidir leis an Nasc a chur ar Fionraí agus a Athghníomhachtú 35

5.3.

Forálacha maidir le Sárú Slándála 35

5.4.

Treoirlínte maidir le Tástálacha Slándála 35

5.4.1.

Bogearraí 35

5.4.2.

Bonneagar 36

5.5.

Forálacha Measúnaithe Riosca 36

1.   GLUAIS

Tábla 1-1 Acrainmneacha agus Sainmhínithe Gnó

Acrainm/Téarma

Sainmhíniú

Lamháltas

Lamháltas chun tona amháin de choibhéis tona dé-ocsaíde carbóin a astú le linn tréimhse shonrach, nach mbeidh bailí ach amháin chun ceanglais ceachtar den dá CTA a chomhlíonadh.

CH

Cónaidhm na hEilvéise.

CHU

Cineál liúntais do-aistrithe, ar a dtugtar CHU2 freisin (ag tagairt do Thréimhse Gealltanais 2 Phrótacal Kyoto), arna eisiúint ag CH.

CHUA

Lamháltas Eitlíochta na hEilvéise.

NIOCanna

Nósanna Imeachta Oibríochta Comhchoiteanna. Nósanna imeachta a forbraíodh go comhpháirteach chun an nasc idir CTA AE agus CTA na hEilvéise a oibríochtú.

CTA

Córas trádála astaíochtaí.

an tAontas

An tAontas Eorpach.

LGAE

Lamháltas ginearálta AE.

LEAE

Lamháltas Eitlíochta an Aontais Eorpaigh.

CCAE

Clárlann Chomhdhlúite an Aontais Eorpaigh.

LBAE

Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh.

Clárlann

Córas cuntasaíochta le haghaidh lamháltais arna n-eisiúint faoin CTA, a bhíonn ag faire ar úinéireacht lamháltas atá á gcoinneáil i gcuntais leictreonacha.

LBFE

Loga Beartaíochta Forlíontach na hEilvéise.

Idirbheart

Próiseas i gclárlann a n-áirítear ann aistriú lamháltais ó chuntas amháin go cuntas eile.

Córas loga beartaíochta

Tá taifead de gach aon idirbheart beartaithe a seoladh ó Chlárlann amháin go Clárlann eile sa loga beartaíochta.


Tábla 1-2 Acrainmneacha agus Sainmhínithe Teicniúla

Acrainm

Sainmhíniú

Cripteagrafaíocht neamhshiméadrach

Baineann sí úsáid as eochracha poiblí agus príobháideacha chun sonraí a chriptiú agus a dhíchriptiú.

Údarás Deimhniúcháin (ÚD)

Eintiteas a eisíonn deimhnithe digiteacha.

Eochair chripteagrafach

Píosa faisnéise lena gcinntear an t-aschur feidhmiúil atá ag algartam cripteagrafach.

Díchriptiú

A mhalairt den phróiseas criptithe.

Síniú digiteach

Teicníc mhatamaiticiúil a úsáidtear chun barántúlacht agus sláine teachtaireachta, bogearraí nó doiciméid dhigitigh a bhailíochtú.

Criptiú

An próiseas chun faisnéis nó sonraí a thiontú go cód, go háirithe chun rochtain neamhúdaraithe a chosc.

Iontógáil comhaid

An próiseas chun comhad a léamh.

Balla dóiteáin

Fearas nó bogearraí slándála líonra a dhéanann faireachán, ar bhonn rialacha réamhchinntithe, ar thrácht líonra atá ag teacht isteach agus ag imeacht agus a rialaíonn an trácht sin.

Faireachán ar chroíbhuille

Comhartha tréimhsiúil arna ghiniúint ag crua-earraí nó bogearraí agus a ndéanann crua-earraí nó bogearraí faireachán air chun gnáthoibriú a chur in iúl nó chun codanna eile de chóras ríomhaireachta a shioncrónú.

IPSec

Slándáil prótacail idirlín. Córas prótacail idirlín chun na pacáistí sonraí a fhíordheimhniú agus a chriptiú chun cumarsáid shlán chriptithe a sholáthar idir dhá ríomhaire thar líonra Prótacail Idirlín.

Tástáil treáite

Cleachtas chun córas ríomhaireachta, líonra nó feidhmchlár gréasáin a thástáil chun leochaileachtaí slándála a aimsiú a d’fhéadfadh ionsaitheoir a shaothrú.

Próiseas comhréitithe

Próiseas chun a áirithiú go bhfuil dhá thacar de thaifid ag teacht le chéile.

LPF

Líonra Príobháideach Fíorúil.

XML

Teanga Mharcála Inbhreisithe. Cuireann sé ar a chumas do dhearthóirí a gclibeanna saincheaptha féin a chruthú, rud a chumasaíonn sainmhíniú, tarchur, bailíochtú agus léirmhíniú ar na sonraí idir feidhmchláir agus idir eagraíochtaí.

2.   RÉAMHRÁ

Leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir lena gcórais trádála astaíochtaí gás ceaptha teasa a nascadh an 23 Samhain 2017 (‘an Comhaontú’), déantar foráil maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt do lamháltais astaíochtaí is féidir a úsáid chun críche comhlíontachta faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh (‘CTA AE’) nó Córas Trádála Astaíochtaí na hEilvéise (‘CTA na hEilvéise’). Chun an nasc idir CTA AE agus CTA na hEilvéise a oibríochtú, bunófar nasc díreach idir Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh (LBAE) de chuid Chlárlann an Aontais agus Loga Beartaíochta Forlíontach na hEilvéise (LBFE) de chuid chlárlann na hEilvéise, agus leis sin beifear in ann lamháltais astaíochtaí a eisítear faoi cheachtar CTA a aistriú ó chlárlann go clárlann (Airteagal 3(2) den Chomhaontú). Chun an nasc idir CTA AE agus CTA na hEilvéise a oibríochtú, cuireadh réiteach sealadach chun feidhme in 2020. Ó 2023, forbróidh an nasc clárlainne idir an dá chóras trádála astaíochtaí de réir a chéile ina nasc buan clárlainne a mheastar a chuirfear chun feidhme tráth nach déanaí ná 2024, nasc lena gcumasófar feidhmiú na margaí nasctha i ndáil le tairbhí a eascraíonn as leachtacht an mhargaidh agus as idirbhearta a fhorghníomhú idir an dá chóras nasctha ar bhealach atá coibhéiseach le margadh amháin ina bhfuil dhá chóras agus lenar féidir le rannpháirtithe sa mhargadh gníomhú amhail agus dá mbeidís in aon mhargadh amháin, faoi réir fhorálacha rialála aonair na bPáirtithe amháin (Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú).

De bhun Airteagal 3(7) den Chomhaontú, forbróidh riarthóir chlárlann na hEilvéise agus riarthóir lárnach an Aontais Caighdeáin Theicniúla Nasctha (CTNanna) ar bhonn na bprionsabal a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú, ina dtugtar tuairisc ar na ceanglais mhionsonraithe chun ceangal láidir slán a bhunú idir LBFE agus LBAE. Beidh éifeacht ag na CTNanna nuair a ghlactar iad le cinneadh ón gComhchoiste.

Ghlac an Comhchoiste na CTNanna lena Chinneadh Uimh. 2/2020. Glacfaidh an Comhchoiste na CTNanna nuashonraithe, mar a thaifeadtar sa doiciméad seo, lena Chinneadh Uimh. 1/2024. I gcomhréir leis an gCinneadh seo, iarrfaidh an Comhchoiste ar riarthóir chlárlann na hEilvéise agus ar riarthóir lárnach an Aontais treoirlínte teicniúla breise a fhorbairt chun an nasc a oibríochtú agus chun a áirithiú go ndéanfar iad sin a chur in oiriúint go leanúnach don dul chun cinn teicniúil agus do cheanglais nua a bhaineann le sábháilteacht agus le slándáil an naisc agus maidir lena fheidhmiú éifeachtach agus éifeachtúil.

2.1.   Raon feidhme

Léirítear sa doiciméad seo an chomhthuiscint idir na Páirtithe sa Chomhaontú maidir le bunú bhunchlocha teicniúla an naisc idir clárlann CTA AE agus clárlann CTA na hEilvéise. Cé go leagtar amach an bhunlíne le haghaidh na sonraíochtaí teicniúla i dtéarmaí na gceanglas ailtireachta, seirbhíse agus slándála sa doiciméad seo, beidh gá le treoraíocht mhionsonraithe bhreise chun an nasc a oibríochtú.

Chun go bhfeidhmeoidh an nasc mar is cuí, beidh gá le próisis agus nósanna imeachta chun an nasc a oibríochtú a thuilleadh. De bhun Airteagal 3(6) den Chomhaontú, tá na nithe sin mionsonraithe sa doiciméad Nósanna Imeachta Oibríochta Comhchoiteanna (NIOCanna), a ghlacfar trí chinneadh ón gComhchoiste.

2.2.   Seolaithe

Tá an doiciméad seo dírithe ar riarthóir chlárlann na hEilvéise agus riarthóir lárnach chlárlann an Aontais.

3.   FORÁLACHA GINEARÁLTA

3.1.   Ailtireacht an naisc cumarsáide

Is é is cuspóir don roinn seo tuairisc a thabhairt ar ailtireacht ghinearálta oibríochtú an naisc idir CTA AE agus CTA na hEilvéise agus ar na comhpháirteanna éagsúla atá ann.

Ós rud é go bhfuil an tslándáil ríthábhachtach maidir le sainiú ailtireacht an naisc bhuain clárlainne, rinneadh na bearta uile ionas go mbeidh ailtireacht láidir ann. Úsáideann an nasc buan clárlainne sásra malartaithe comhad, mar chur chun feidhme naisc shláin dícheangail iomláin.

Baineann an réiteach teicniúil úsáid as:

—

Prótacal slán um aistriú teachtaireachtaí;

—

Teachtaireachtaí XML;

—

Síniú digiteach agus criptiú atá bunaithe ar XML;

—

LPF.

3.1.1.   Malartú teachtaireachtaí

Is ar shásra malartaithe teachtaireachtaí trí bhealaí slána atá an chumarsáid idir clárlann an Aontais agus clárlann na hEilvéise bunaithe. Braitheann gach taobh ar a stóras féin de theachtaireachtaí a fuarthas.

Coimeádann an dá Pháirtí loga de na teachtaireachtaí a fuarthas, in éineacht leis na sonraí próiseála.

Tuairisceofar earráidí nó stádas neamhthuartha mar fholáirimh, agus ba cheart do na foirne tacaíochta teagmháil dhaonna a dhéanamh le chéile.

Earráidí agus imeachtaí neamhthuartha, láimhseáiltear iad agus na nósanna imeachta oibríochta a leagtar síos i bpróiseas bainistithe teagmhas na NIOCanna á gcomhlíonadh.

3.1.2.   Teachtaireacht XML – Tuairisc ardleibhéil

Tá ceann de na nithe seo a leanas i dteachtaireacht XML:

—

Aon Iarraidh Idirbhirt amháin nó níos mó agus/nó Aon Fhreagairt Idirbhirt amháin nó níos mó;

—

Aon oibríocht/fhreagairt amháin a bhaineann le comhréiteach;

—

Aon Teachtaireacht tástála amháin.

Tá ceanntásc i ngach teachtaireacht ina bhfuil an méid seo a leanas:

—

CTA tionscnaimh;

—

Uimhir Sheichimh.

3.1.3.   Ionuithe iontógála

Tá an nasc buan clárlainne bunaithe ar ionuithe réamhshainithe iontógála a leanann tacar imeachtaí ainmnithe iad. Ní dhéanfar iarrataí idirbhirt a fuarthas tríd an nasc a iontógáil ach amháin ag idirthréimhsí réamhshainithe. Áirítear le hionuithe iontógála bailíochtú teicniúil le haghaidh idirbhearta isteach agus idirbhearta amach. Thairis sin, féadfar comhréitigh a reáchtáil ar bhonn laethúil agus is féidir iad a thruicearú de láimh.

Athruithe ar mhinicíocht agus/nó tráthúlacht aon cheann de na himeachtaí sin, déileálfar leo agus na nósanna imeachta oibríochta a leagtar síos sa phróiseas maidir le comhlíonadh iarrataí sna NIOCanna á gcomhlíonadh.

3.1.4.   Sreabha Teachtaireachtaí Idirbhirt

Idirbhearta amach

Léirítear leis seo dearcadh an CTA aistrithigh. Léirítear an sreabhadh sonrach sa léaráid seichimh seo a leanas:

Image 1

Léirítear sa phríomhshreabhadh na céimeanna seo a leanas (mar atá sa líníocht thuas):

(a)

Maidir leis an CTA aistritheach, seoltar an iarraidh idirbhirt ón gclárlann chuig an loga Beartaíochta, a luaithe a bheidh deireadh leis na moilleanna gnó uile (moill 24 uair an chloig, i gcás inarb infheidhme).

(b)

Déanann an loga Beartaíochta an iarraidh idirbhirt a bhailíochtú.

(c)

Seoltar an iarraidh idirbhirt chuig an CTA cinn scríbe.

(d)

Seoltar an fhreagairt ar ghlacadh chuig clárlann an CTA tionscnaimh.

(e)

Déanann an CTA cinn scríbe an iarraidh idirbhirt a bhailíochtú.

(f)

Seolann an CTA cinn scríbe an fhreagairt ar ghlacadh ar ais chuig loga Beartaíochta an CTA tionscnaimh.

(g)

Seolann an loga Beartaíochta an fhreagairt ar ghlacadh chuig an gclárlann.

Sreabhadh malartach ‘Diúltú ón Loga Beartaíochta’ (mar atá sa líníocht thuas, ag tosú ó (a) sa phríomhshreabhadh):

(a)

Sa chóras tionscnaimh, seoltar an iarraidh idirbhirt ón gclárlann chuig an loga Beartaíochta, a luaithe a bheidh deireadh leis na moilleanna gnó uile (moill 24 uair an chloig, i gcás inarb infheidhme).

(b)

Ní dhéanann an loga Beartaíochta an iarraidh a bhailíochtú

(c)

Seoltar teachtaireacht diúltaithe chuig an gclárlann tionscnaimh.

Sreabhadh malartach ‘Diúltú ón CTA’ (mar atá sa líníocht thuas, ag tosú ó (d) sa phríomhshreabhadh):

(a)

Sa CTA tionscnaimh, seoltar an iarraidh idirbhirt ón gclárlann chuig an loga Beartaíochta, a luaithe a bheidh deireadh leis na moilleanna gnó uile (moill 24 uair an chloig, i gcás inarb infheidhme).

(b)

Déanann an loga beartaíochta an t-idirbheart a bhailíochtú.

(c)

Seoltar an iarraidh idirbhirt chuig an CTA cinn scríbe.

(d)

Seoltar an teachtaireacht ghlactha chuig clárlann an CTA tionscnaimh.

(e)

Ní dhéanann loga Beartaíochta an CTA fála an t-idirbheart a bhailíochtú.

(f)

Seolann an CTA fála an fhreagairt ar dhiúltú ar ais chuig loga Beartaíochta an CTA aistrithigh.

(g)

Seolann an loga Beartaíochta an diúltú chuig an gclárlann.

Idirbhearta Isteach

Léirítear leis seo dearcadh an CTA fála. Léirítear an sreabhadh sonrach sa léaráid seichimh seo a leanas:

Image 2

Léirítear sa léaráid:

(1)

Nuair a dhéanfaidh loga Beartaíochta an CTA fála an iarraidh a bhailíochtú, seolfaidh sé an teachtaireacht ghlactha chuig an CTA Aistritheach agus an teachtaireacht ‘idirbheart curtha i gcrích’ chuig clárlann an CTA fála.

(2)

I gcás ina ndiúltaítear d’iarraidh isteach ar an loga Beartaíochta fála, ní sheoltar an iarraidh idirbhirt chuig clárlann an CTA fála.

Prótacal

Ní bhaineann ach dhá theachtaireacht le timthriall teachtaireachta an idirbhirt:

—

CTA Aistritheach Togra Idirbhirt an CTA Fála.

—

CTA Fála Freagairt ar Idirbheart an CTA Aistrithigh: Glactha leis nó Diúltaithe (lena n-áirítear an fáth ar diúltaíodh dó).

—

Glactha: Idirbheart curtha i gcrích.

—

Diúltaithe: Deireadh curtha leis an idirbheart.

Stádas idirbhirt

—

Socrófar stádas an CTA Aistrithigh go ‘beartaithe’ nuair a sheolfar an iarraidh.

—

Socrófar stádas an CTA Fála go ‘beartaithe’ nuair a bheidh an iarraidh faighte agus nuair a bheifear ag déileáil leis.

—

Socrófar stádas an CTA Aistrithigh go ‘curtha i gcrích’/‘deireadh curtha leis’, nuair a bheidh an togra próiseáilte. Ansin seolfaidh an CTA fála an teachtaireacht comhfhreagrach ghlactha/diúltaithe.

—

Socrófar stádas idirbhirt an CTA Aistrithigh go ‘curtha i gcrích’/‘deireadh curtha leis’ nuair a bheidh an glacadh/diúltú faighte agus próiseáilte.

—

San CTA Aistritheach, fanfaidh an stádas idirbhirt mar a beartaíodh mura bhfaighfear aon fhreagairt.

—

Socrófar stádas an CTA Fála go ‘deireadh curtha leis’ i gcás ina bhfanann aon idirbheart a bhíonn beartaithe sa stádas ‘beartaithe’ ar feadh tréimhse is faide ná 30 nóiméad.

Teagmhais a bhaineann le hidirbhearta, déileálfar leo agus na nósanna imeachta oibríochta a leagtar síos i bpróiseas bainistithe teagmhas na NIOCanna á gcomhlíonadh.

3.2.   Slándáil Aistrithe Sonraí

Beidh na sonraí atá faoi bhealach faoi réir ceithre leibhéal slándála:

(1)

Rialú na rochtana ar an ngréasán: Sraith idirnaisc idir an balla dóiteáin agus an líonra.

(2)

Criptiú ar leibhéal an iompair: LPF.

(3)

Criptiú ar leibhéal an tseisiúin: Prótacal slán um aistriú teachtaireachtaí.

(4)

Criptiú ar leibhéal an fheidhmchláir: Criptiú agus síniú Ábhar XML.

3.2.1.   Idirnasc idir an Balla Dóiteáin agus an Líonra

Bunófar an nasc thar líonra arna chosaint ag balla dóiteáin atá bunaithe ar chrua-earraí. Beidh an balla dóiteáin cumraithe le rialacha ionas nach mbeidh ach cliaint atá ‘cláraithe’ in ann ceangal a dhéanamh leis an bhfreastalaí LPF.

3.2.2.   Líonra Príobháideach Fíorúil (LPF)

Déanfar gach cumarsáid idir na Páirtithe a chosaint trí úsáid a bhaint as teicneolaíocht Líonra Phríobháidigh Fhíorúil (LPF). Le teicneolaíochtaí LPF, is féidir ‘tollán’ a dhéanamh sa líonra, amhail an t-idirlíon, ó phointe amháin go pointe eile, a thugann cosaint do gach cumarsáid. Sula gcruthófar tollán LPF, eiseofar deimhniú digiteach chuig críochphointe cliaint ionchais, lena gceadófar don chliaint cruthúnas céannachta a sholáthar le linn na caibidlíochta maidir leis an nasc. Tá gach Páirtí freagrach as an deimhniú a shuiteáil ar a chríochphointe LPF féin. Trí úsáid a bhaint as deimhnithe, déanfaidh na freastalaithe LPF ar gach taobh údarás lárnach a rochtain chun caibidlíocht a dhéanamh maidir le dintiúir fíordheimhniúcháin. Le linn don tollán a bheith á chruthú, déantar criptiú a chaibidliú, rud a áirithíonn go gcosnaítear gach cumarsáid laistigh den tollán.

Críochphointí na LPF cliant, déanfar iad a chumrú chun an tollán LPF a choinneáil ar bun go buan, chun cumarsáid dhá threo fíor-ama ar féidir brath uirthi a éascú idir na Páirtithe i gcónaí.

Tríd is tríd, úsáideann an tAontas Eorpach Seirbhísí Tras-Eorpacha le haghaidh Teileamaitic idir Córais Riaracháin (STESTA) mar líonra príobháideach IP-bhunaithe. Dá bhrí sin, tá an líonra sin oiriúnach freisin don nasc buan clárlainne.

3.2.3.   Cur chun Feidhme IPSec

Trí úsáid a bhaint as prótacal IPSec chun an bonneagar LPF ó shuíomh go suíomh a chruthú, déanfar foráil maidir le fíordheimhniú ó shuíomh go suíomh, sláine sonraí agus criptiú sonraí. Le cumraíochtaí LPF IPSec, áirithítear fíordheimhniú cuí idir dhá chríochphointe i gceangal LPF. Déanfaidh na Páirtithe an cliant cianda a aithint agus a fhíordheimhniú leis an gceangal IPSec trí úsáid a bhaint as deimhnithe digiteacha arna soláthar ag Údarás Deimhniúcháin arna aithint ag an taobh eile.

Áirithítear le IPSec freisin sláine sonraí gach cumarsáide a théann tríd an tollán LPF. Déantar pacáistí sonraí a haisiú agus a shíniú leis an bhfaisnéis fíordheimhniúcháin arna bunú leis an LPF. Ar an gcaoi chéanna, áirithítear rúndacht na sonraí trí chriptiú IPSec a chumasú.

3.2.4.   Prótacal slán um aistriú teachtaireachtaí

Tá an nasc buan clárlainne ag brath ar iliomad sraitheanna criptithe chun sonraí a mhalartú go slán idir na Páirtithe. Tá an dá chóras agus a dtimpeallachtaí éagsúla idirnasctha ar leibhéal an líonra trí bhíthin tolláin LPF nó líonraí slána coibhéiseacha um iompar sonraí. Ar leibhéal an fheidhmchláir aistrítear na comhaid trí úsáid a bhaint as prótacal slán um aistriú teachtaireachtaí ar leibhéal an tseisiúin.

3.2.5.   Criptiú agus síniú XML

Laistigh de chomhaid XML, tarlaíonn síniú agus criptiú ar dhá leibhéal. Déantar gach iarraidh idirbhirt, freagairt idirbhirt agus teachtaireacht comhréitithe a shíniú go digiteach agus go leithleach.

Ag an dara céim, déantar gach fo-eilimint den eilimint ‘teachtaireacht’ a chriptiú go leithleach.

Thairis sin, mar thríú céim chun sláine agus neamhshéanadh na teachtaireachta iomláine a áirithiú, déantar an teachtaireacht fréamh-eiliminte a shíniú go digiteach. Is é a bhíonn mar thoradh air sin go gcosnaítear sonraí XML leabaithe ar ardleibhéal. Déanann an cur chur feidhme teicniúil caighdeáin Chuibhreannas an Ghréasáin Dhomhanda a chomhlíonadh.

Chun an teachtaireacht a dhíchriptiú agus a fhíorú, leantar an próiseas in ord droim ar ais.

3.2.6.   Eochracha Cripteagrafacha

Úsáidfear cripteagrafaíocht phoiblí le haghaidh criptiú agus síniú.

Maidir le cás sonrach IPSec, úsáidfear teastas digiteach arna eisiúint ag Údarás Deimhniúcháin (ÚD) ina mbeidh iontaoibh ag an dá Pháirtí. Fíoraíonn an t-údarás sin aitheantas shealbhóir an deimhnithe agus eisíonn sé deimhnithe a úsáidtear chun eagraíocht a shainaithint go dearfach agus chun bealaí cumarsáide sonraí slána a bhunú idir na Páirtithe.

Úsáidtear eochracha cripteagrafacha chun bealaí cumarsáide agus comhaid sonraí a shíniú agus a chriptiú. Déanann na Páirtithe na teastais phoiblí a mhalartú go digiteach trí úsáid a bhaint as bealaí slána agus déantar iad a fhíorú as banda. Is cuid dhílis de Phróiseas Bainistithe Slándála Faisnéise na NIOCanna é an nós imeachta sin.

3.3.   Liosta Feidhmeanna faoin nasc

Sonraítear leis an nasc an córas tarchurtha le haghaidh sraith feidhmeanna lena gcuirtear chun feidhme na próisis ghnó a eascraíonn as an gComhaontú. Áirítear sa nasc freisin an tsonraíocht le haghaidh phróiseas comhréitithe agus na dteachtaireachtaí tástála lena mbeifear in ann faireachán a dhéanamh ar bhuille croí.

3.3.1.   Idirbhearta gnó

Ó thaobh an ghnó de, tá ceithre (4) chineál Iarratas Idirbhirt sa nasc:

—

Aistriú seachtrach:

—

Tar éis theacht i bhfeidhm an naisc CTA, tá lamháltais AE agus CH idirmhalartach, agus dá bhrí sin, is féidir iad a aistriú go hiomlán idir na Páirtithe.

—

Beidh baint ag cuntas aistritheach ar CTA amháin agus cuntas fála ar CTA eile le haistriú tríd an nasc.

—

Is féidir aon mhéid de na ceithre (4) chineál lamháltais a áireamh san aistriú:

—

Lamháltais ghinearálta na hEilvéise (CHU)

—

Lamháltas eitlíochta na hEilvéise (CHUA)

—

Lamháltais ghinearálta an Aontais Eorpaigh (LGAE)

—

Lamháltais eitlíochta an Aontais Eorpaigh (LEAE)

—

Leithdháileadh Idirnáisiúnta:

Oibreoirí aerárthaí arna riar ag CTA amháin le hoibleagáidí ar an CTA eile agus atá i dteideal lamháltais saor in aisce a fháil ón dara CTA sin, gheobhaidh siad lamháltais eitlíochta saor in aisce ón dara CTA, trí bhíthin an idirbhirt idirnáisiúnta um leithdháileadh.

—

Leithdháileadh Idirnáisiúnta a Aisiompú:

Tarlóidh an t-idirbheart seo sa chás nach mór lamháltais saor in aisce arna leithdháileadh ag an CTA eile ar ghabháltas oibreora aerárthaigh a aisiompú ina iomláine.

—

Leithdháileadh Breise a Thabhairt ar Ais:

Cosúil le haisiompú, ach i gcás nach gá an leithdháileadh a aisiompú go hiomlán, agus nach gá ach na lamháltais ró-leithdháilte a chur ar ais chuig an CTA leithdháilte.

3.3.2.   Prótacal comhréitithe

Ní dhéanfar comhréitigh go dtí go ndúnfar na hionuithe chun teachtaireachtaí a iontógáil, a bhailíochtú agus a phróiseáil.

Is cuid lárnach de bhearta slándála agus comhsheasmhachta an naisc iad na comhréitigh. Tiocfaidh an dá Pháirtí ar chomhaontú maidir le huainiú beacht an chomhréitigh sula gcruthófar sceideal. D’fhéadfaí comhréiteach laethúil sceidealta a dhéanamh dá gcomhaontódh an dá Pháirtí é. Déanfar comhréiteach sceidealta ar a laghad, áfach, tar éis don iontógáil tarlú.

Mar sin féin, is féidir le ceachtar Páirtí tús a chur le comhréitigh de láimh tráth ar bith.

Athruithe ar uainiú agus ar mhinicíocht an chomhréitigh sceidealta, déileálfar leo agus na nósanna imeachta oibríochta a leagtar síos sa phróiseas maidir le comhlíonadh iarrataí na NIOCanna á gcomhlíonadh.

3.3.3.   Teachtaireacht tástála

Déantar foráil maidir le teachtaireacht tástála chun tástáil a dhéanamh ar chumarsáid ó cheann go ceann. Beidh sonraí sa teachtaireacht lena sainaithneofar an teachtaireacht mar thástáil agus freagrófar í tar éis í a bheith faighte ag an taobh eile.

3.4.   Ceanglais Logála Sonraí

Chun tacú leis an ngá atá ann do na Páirtithe faisnéis chruinn agus chomhsheasmhach a choinneáil, agus chun uirlisí a sholáthar lena n-úsáid sa phróiseas comhréitithe chun neamhréireachtaí a réiteach, coinneoidh an dá Pháirtí ceithre (4) chineál logaí sonraí:

—

Logaí beartaíochta;

—

Logaí comhréitithe;

—

Cartlann teachtaireachtaí;

—

Logaí iniúchóireachta inmheánacha.

Coinneofar na sonraí uile sna logaí sin ar feadh 3 mhí ar a laghad chun críocha fabhtcheartaithe agus braithfidh a gcoinneáil bhreise ar an dlí is infheidhme ar gach taobh chun críocha iniúchóireachta. Féadfar comhaid atá níos sine ná 3 mhí a chartlannú go suíomh slán i gcóras teicneolaíochta faisnéise neamhspleách, ar choinníoll gur féidir iad a aisghabháil nó a rochtain laistigh de thréimhse réasúnta.

Logaí beartaíochta

Tá cur chun feidhme logaí Beartaíochta sna fochórais LBAE agus LBFE araon.

Go sonrach, coinneoidh na logaí Beartaíochta taifead ar gach idirbheart beartaithe arna sheoladh chuig an CTA eile. I ngach taifead tá réimsí uile inneachar an idirbhirt agus toradh an idirbhirt ina dhiaidh sin (freagra an CTA fála). Coimeádfaidh na logaí Beartaíochta taifead freisin de na hidirbhearta a bheidh ag teacht isteach chomh maith leis an bhfreagra a chuirfear chuig an CTA tionscnaimh.

Logaí comhréitithe

Tá taifead sa Loga Comhréitithe de gach teachtaireacht comhréitithe a mhalartaítear idir an dá Pháirtí, lena n-áirítear sainaithint comhréitigh, an stampa ama agus toradh an chomhréitigh: Stádas comhréitigh ‘Pas’ nó ‘Neamhréireachtaí’. Sa nasc buan clárlainne tá teachtaireachtaí comhréitithe ina gcuid dhílis de na teachtaireachtaí a mhalartaítear agus, dá bhrí sin, stóráiltear iad ar an mbealach a dtugtar tuairisc air sa roinn ‘Cartlann teachtaireachtaí’.

Déanfaidh an dá Pháirtí gach iarraidh agus an freagra a bhaineann léi a logáil sa Loga Comhréitithe. Cé nach ndéantar faisnéis sa Loga Comhréitithe a roinnt go díreach mar chuid den Chomhréiteach féin, d’fhéadfadh sé go mbeadh gá le rochtain ar an bhfaisnéis sin chun neamhréireachtaí a réiteach.

Cartlann teachtaireachtaí

Tá sé de cheangal ar an dá Pháirtí cóip de na sonraí malartaithe (na comhaid XML), a seoladh agus a fuarthas, a chur i gcartlann, agus cibé acu an raibh na sonraí sin nó na teachtaireachtaí XML ceart ina bhformáid nó nach raibh.

Is é príomhchuspóir na cartlainne iniúchóireacht a dhéanamh, fianaise a fháil faoin méid a seoladh chuig an bPáirtí eile agus an méid a fuarthas ón bPáirtí eile. Dá réir sin, mar aon leis na comhaid, ní mór na deimhnithe gaolmhara a chartlannú chomh maith.

Beidh faisnéis bhreise maidir le fabhtcheartú sna comhaid sin freisin.

Loga iniúchta inmheánaigh

Déanann gach Páirtí na logaí sin a shainiú agus a úsáid leis féin.

3.5.   Ceanglais Oibriúcháin

Níl an malartú sonraí idir an dá chóras go hiomlán uathrialach sa nasc buan clárlainne, rud a fhágann go bhfuil gá le hoibreoirí agus nósanna imeachta chun an nasc a oibríochtú. Tá roinnt ról agus uirlisí mionsonraithe chuige sin sa phróiseas sin.

4.   FORÁLACHA INFHAIGHTEACHTA

4.1.   Dearadh Infhaighteacht Cumarsáide

An ailtireacht le haghaidh an naisc bhuain clárlainne, go bunúsach, is bonneagar agus bogearra TFC (teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide) í lenar féidir cumarsáid a dhéanamh idir CTA na hEilvéise agus CTA an Aontais. Agus an nasc buan clárlainne á dhearadh, is gné riachtanach le cur san áireamh ansin é leibhéil arda infhaighteachta, sláine agus rúndachta a áirithiú maidir leis an sreabhadh sonraí sin. Toisc gur tionscadal é ina bhfuil ról lárnach ag an mbonneagar TFC, ag na bogearraí saincheaptha, agus ag na próisis, ní mór gach ceann de na trí ghné a chur san áireamh chun córas athléimneach a dhearadh.

Athléimneacht bhonneagar TFC

Sonraítear na bloic thógála ailtireachta i gcaibidil na bhforálacha ginearálta a ghabhann leis an doiciméad seo. Ó thaobh an bhonneagair TFC de, leis an nasc buan clárlainne bunaítear líonra LPF athléimneach lena gcruthaítear tolláin chumarsáide shlána inar féidir teachtaireachtaí a mhalartú go slán. Tá eilimintí bonneagair eile cumraithe in ard-infhaighteacht agus/nó tá siad ag brath ar shásraí cúltaca.

Athléimneacht Bogearraí Saincheaptha

Modúil na mbogearraí sainfhorbartha, cuireann siad leis an athléimneacht trí thriail a bhaint arís as an gcumarsáid leis an taobh eile ar feadh tréimhse áirithe ama más rud é, ar chúis ar bith, nach bhfuil sé ar fáil.

Athléimneacht seirbhíse

Sa nasc buan clárlainne, déantar sonraí a mhalartú idir Páirtithe ag eatraimh réamhshainithe. Is gá d’oibreoirí córais agus/nó do riarthóirí clárlainne idirghabháil de láimh a dhéanamh maidir le cuid de na céimeanna is gá sna malartuithe sonraí réamhsceidealaithe. Leis an ngné sin san áireamh, agus chun infhaighteacht agus rath na malartuithe a mhéadú:

—

Foráiltear leis na nósanna imeachta oibríochtúla go mbeidh deiseanna ann chun gach céim a dhéanamh.

—

Leis na modúil bogearraí le haghaidh an naisc bhuain clárlainne, cuirtear cumarsáid aisioncronach chun feidhme.

—

Braithfidh an próiseas comhréitithe uathoibríoch cé acu an raibh nó nach raibh fadhbanna le hiontógáil na gcomhad sonraí ag ceachtar taobh.

—

Déantar próisis faireacháin (bonneagar TFC agus modúil bogearraí saincheaptha) a chur san áireamh agus a thruicearú i nósanna imeachta um Bainistiú Teagmhas (mar a shainmhínítear sa doiciméad maidir le nósanna imeachta oibríochtúla comhchoiteanna). Na nósanna imeachta sin a bhfuil sé d’aidhm acu an t-am a laghdú chun an ghnáthoibríocht a athbhunú i ndiaidh teagmhas, tá siad fíor-riachtanach chun cóimheasa infhaighteachta arda a áirithiú.

4.2.   Túsú, Cumarsáid, athghníomhachtú agus plean tástála

Na heilimintí éagsúla uile a bheidh páirteach in ailtireacht an naisc bhuain clárlainne, ní mór go n-éiríonn leo i sraith tástálacha aonair agus comhchoiteanna chun a dheimhniú go bhfuil an t-ardán réidh ar leibhéal bhonneagar TFC agus ar leibhéal an chórais faisnéise. Is réamhriachtanas éigeantach iad na tástálacha oibríochtúla sin gach uair a aistríonn an t-ardán an nasc buan clárlainne ó stádas ar fionraí go stádas oibríochtúil.

Chun stádas oibríochtúil an naisc a ghníomhú, ní mór plean tástála réamhshainithe a chur i gcrích go rathúil. Deimhneofar leis sin go ndearna gach clárlann sraith tástálacha inmheánacha ar dtús, agus go ndearna siad bailíochtú nascachta ceann go ceann ina dhiaidh sin roimh thús a chur le hidirbhearta táirgthe idir an dá Pháirtí.

Ba cheart an straitéis fhoriomlán tástála agus sonraí faoin mbonneagar tástála a lua sa phlean tástála. Go háirithe, i gcás gach eiliminte i ngach bloc tástála, ba cheart na nithe seo a leanas a áireamh ann:

—

Na critéir agus na huirlisí tástála;

—

Na róil a shanntar chun an tástáil a dhéanamh;

—

Na torthaí a bhfuil coinne leo (dearfach agus diúltach);

—

Sceideal tástála;

—

Ceanglais maidir le torthaí na dtástálacha a logáil;

—

Doiciméadacht fabhtcheartaithe;

—

Forálacha formhéadaithe.

Mar phróiseas, d’fhéadfaí na tástálacha ar stádas oibríochtúil a roinnt ina gceithre (4) bhloc coincheapúla nó ina gcéimeanna coincheapúla:

4.2.1.   Tástálacha ar bhonneagar TFC inmheánach

Is ceart do riarthóirí clárlainne ag an dá thaobh na tástálacha sin a dhéanamh agus/nó a sheiceáil ar leithligh ó chéile.

Déanfar gach gné de bhonneagar TFC ag gach taobh a thástáil go leithleach. Áirítear leis sin gach comhpháirt den bhonneagar. Is féidir na tástálacha sin a dhéanamh go huathoibríoch nó de láimh ach fíoróidh siad go bhfuil gach gné den bhonneagar ag feidhmiú.

4.2.2.   Tástálacha cumarsáide

Tosóidh gach Páirtí na tástálacha sin ar leithligh ó chéile agus tabharfar i gcrích iad i gcomhar leis an bPáirtí eile.

A luaithe a bheidh feidhm ag eilimintí aonair, ní mór na bealaí cumarsáide idir an dá chlárlann a thástáil. Chuige sin, fíoróidh gach Páirtí go bhfuil an rochtain Idirlín ag obair, go bhfuil na tolláin LPF bunaithe, agus go bhfuil nascacht IP ó shuíomh go suíomh ann. Ba cheart ansin inrochtaineacht na n-eilimintí bonneagair áitiúla agus cianda agus nascacht IP a dhearbhú ag an taobh eile.

4.2.3.   Tástálacha córais iomláin (ó cheann go ceann)

Is ceart na tástálacha sin a fhorghníomhú ag gach taobh agus roinnfear na torthaí leis an bPáirtí eile.

Tar éis na bealaí cumarsáide agus gach comhpháirt aonair den dá chlárlann a thástáil, ullmhóidh gach taobh sraith idirbhirt ionsamhalta agus comhréitigh a léiríonn na feidhmeanna uile atá le cur chun feidhme faoin nasc.

4.2.4.   Tástálacha slándála

Is ceart do riarataitheoirí clárlainne na tástálacha sin a dhéanamh agus/nó a thruicearú ag an dá thaobh agus mar a shonraítear sna ranna 5.4 ‘Treoirlínte maidir le Tástálacha Slándála’, agus 5.5 ‘Forálacha Measúnaithe Riosca’.

Ní fhéadfar a mheas go mbeidh stádas oibríochtúil ag an nasc buan clárlainne go dtí go mbeidh gach ceann de na ceithre chéim/bhloc críochnaithe le torthaí intuartha.

Acmhainní tástála

Beidh gach Páirtí ag brath ar acmhainní sonracha tástála (bogearraí agus crua-earraí sonracha an bhonneagair TFC) agus déanfaidh siad feidhmeanna tástála a fhorbairt ina gcórais faoi seach chun tacú le bailíochtú de láimh agus leanúnach an ardáin. Féadfaidh riarthóirí clárlainne nósanna imeachta tástála aonair nó comhoibritheacha a chur i gcrích tráth ar bith. Is próiseas de láimh ann féin é an stádas oibríochtúil a ghníomhachtú.

Foráiltear freisin go ndéanfaidh an t-ardán seiceálacha uathoibríocha go tráthrialta. Is é is aidhm do na seiceálacha sin infhaighteacht an ardáin a mhéadú trí shaincheisteanna bonneagair nó bogearraí a d’fhéadfadh a bheith ann a bhrath go luath. Tá dhá eilimint sa phlean chun faireachán a dhéanamh ar an ardán:

—

Faireachán ar bhonneagar TFC: déanfaidh soláthraithe seirbhísí an bhonneagair TFC faireachán ar an mbonneagar ar an dá thaobh. Cumhdóidh na tástálacha uathoibríocha na heilimintí bonneagair éagsúla agus infhaighteacht bealaí cumarsáide.

—

Faireachán ar fheidhmchlár: leis na modúil bogearraí um nascadh buan clárlainne, déanfar faireachán ar chumarsáid an chórais a chur chun feidhme ar leibhéal an fheidhmchláir (de láimh agus/nó go tráthrialta) lena ndéanfar tástáil ar infhaighteacht an naisc ó cheann go ceann trí roinnt de na hidirbhearta a théann tríd an nasc a ionsamhlú.

4.3.   Timpeallachtaí Inghlacthachta/Tástála

Cuimsíonn ailtireacht chlárlann an Aontais agus chlárlann na hEilvéise na trí thimpeallacht seo a leanas:

—

Táirgeadh (PROD): Tá na fíorshonraí agus na fíorphróisis a bhaineann le fíor-idirbhearta sa timpeallacht seo.

—

Inghlacthacht (ACC): Tá sonraí ionadaíocha nach bhfuil fíor nó sonraí ionadaíocha anaithnidithe sa timpeallacht seo. Is í an timpeallacht í ina mbailíochtaíonn oibreoirí córais ón dá Pháirtí eisiúintí nua.

—

Tástáil (TEST): Tá sonraí ionadaíocha nach bhfuil fíor nó sonraí ionadaíocha anaithnidithe sa timpeallacht seo. Tá an timpeallacht seo teoranta do riarthóirí clárlainne agus tá sé beartaithe ag an dá Pháirtí í a úsáid chun tástálacha lánpháirtíochta a dhéanamh.

Cé is moite den LPF, na trí thimpeallacht, tá siad go hiomlán neamhspleách ar a chéile, is é sin, cuirtear crua-earraí, bogearraí, bunachair shonraí, timpeallachtaí fíorúla, seoltaí IP agus teirminéil ar bun agus oibríonn siad go neamhspleách ar a chéile.

Maidir le leagan amach LPF, ní mór cumarsáid idir na trí thimpeallacht a bheith go hiomlán neamhspleách, rud a áirithítear trí STESTA a úsáid.

5.   FORÁLACHA MAIDIR LE RÚNDACHT AGUS SLÁINE

Le Sásraí agus Nósanna Imeachta Slándála, foráiltear ról do bheirt (prionsabal 4-shúil) d’oibríochtaí a tharlaíonn sa nasc idir Clárlann an Aontais agus clárlann na hEilvéise. Beidh feidhm ag an ról beirte nuair is gá ach d’fhéadfadh sé nach mbeadh feidhm aige maidir leis na céimeanna uile arna ndéanamh ag riarthóirí clárlainne.

Déantar na ceanglais slándála a mheas agus tugtar aghaidh orthu sa phlean bainistithe slándála, lena n-áirítear ar an gcaoi chéanna próisis a bhaineann le láimhseáil teagmhas slándála tar éis sárú slándála a bheith déanta. Tugtar tuairisc ar an gcuid oibríochtúil de na próisis sin sna NIOCanna.

5.1.   Bonneagar um Thástáil Slándála

Tá gach Páirtí tiomanta do bhonneagar tástála slándála a bhunú (trí úsáid a bhaint as na bogearraí agus crua-earraí socraithe coiteanna a úsáidtear chun leochaileachtaí ag céimeanna forbartha agus oibríochta a bhrath):

—

Scartha ón timpeallacht táirgthe;

—

I gcás ina ndéanann foireann atá neamhspleách ar fhorbairt agus ar oibriú an chórais anailís ar an tslándáil.

Geallann gach Páirtí anailís statach agus anailís dhinimiciúil a dhéanamh.

I gcás anailíse dinimiciúla (amhail tástáil treáite), geallann an dá Pháirtí na meastóireachtaí a theorannú de ghnáth do na timpeallachtaí tástála agus glactha (mar a shainmhínítear i roinn 4.3, ‘Timpeallachtaí Inghlacthachta/Tástála’). Tá eisceachtaí maidir leis an mbeartas sin faoi réir formheas ón dá Pháirtí.

Sula gcuirtear in úsáid sa dtimpeallacht táirgthe é, déanfar tástáil slándála ar gach modúl bogearraí den nasc (mar a shainmhínítear i roinn 3.1, ‘Ailtireacht an naisc cumarsáide’).

Ní mór an bonneagar tástála a scaradh ón mbonneagar táirgthe ar leibhéal an líonra agus leibhéal an bhonneagair. Is sa bhonneagar tástála a dhéantar na tástálacha slándála is gá chun comhlíonadh na gceanglas slándála a sheiceáil.

5.2.   Forálacha maidir leis an Nasc a chur ar Fionraí agus a Athghníomhachtú

I gcás ina mbeidh amhras ann gur cuireadh isteach ar shlándáil chlárlann na hEilvéise, LBFE, chlárlann an Aontais nó LBAE, cuirfidh ceachtar den dá Pháirtí a chéile ar an eolas láithreach agus cuirfidh siad an nasc idir LBFE agus LBAE ar fionraí.

Is cuid den phróiseas maidir le Comhlíonadh Iarrataí de chuid na NIOCanna iad na nósanna imeachta maidir le comhroinnt faisnéise, maidir leis an gcinneadh maidir le fionraí agus maidir leis an gcinneadh maidir le hathghníomhachtú.

Fionraíochtaí

D’fhéadfadh sé go gcuirfí an nasc clárlainne ar fionraí i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an gComhaontú i ngeall ar na nithe seo a leanas:

—

Cúiseanna riaracháin (mar shampla, cothabháil), agus dá bhrí sin pleanáilte;

—

Cúiseanna slándála (nó clistí ar an mbonneagar TF), agus dá bhrí sin neamhphleanáilte.

I gcás éigeandála, cuirfidh ceachtar Páirtí an Páirtí eile ar an eolas agus cuirfidh sé an nasc clárlainne ar fionraí go haontaobhach.

Má dhéantar cinneadh an nasc clárlainne a chur ar fionraí, cinnteoidh gach Páirtí, dá bhrí sin, go mbrisfear an nasc ar leibhéal an líonra (trí pháirteanna a bhlocáil nó na naisc isteach agus amach uile a bhlocáil).

Déanfar an cinneadh an nasc clárlainne a chur ar fionraí, bíodh sé beartaithe nó ná bíodh, de réir an nós imeachta um Bainistiú Athruithe nó um Bainistiú Teagmhas Slándála de chuid na NIOCanna.

Athghníomhachtú Cumarsáide

Déanfar cinneadh chun athghníomhachtú a dhéanamh mar a shonraítear sna NIOCanna agus in aon chás, ní dhéanfar é sula gcuirfear na nósanna imeachta um thástáil slándála i gcrích go rathúil mar a shonraítear iad i ranna 5.4, ‘Treoirlínte maidir le tástálacha slándála’, agus 4.2, ‘Túsú, athghníomhachtú cumarsáide agus plean tástála’.

5.3.   Forálacha maidir le Sárú Slándála

Meastar gur Teagmhas Slándála é sárú slándála a imríonn tionchar ar rúndacht agus ar shláine aon fhaisnéise íogaire agus/nó ar infhaighteacht an chórais a láimhseálann iad.

Aithnítear faisnéis íogair sa Liosta Faisnéise Íogaire agus féadfar í a láimhseáil sa chóras nó in aon chuid den chóras lena mbaineann.

Measfar faisnéis a bhaineann go díreach leis an sárú slándála a bheith íogair, cuirfear an mharcáil ‘SPECIAL HANDLING: ETS Critical ’ (LÁIMHSEÁIL SPEISIALTA: CTA Criticiúil) uirthi agus láimhseálfar í i gcomhréir leis na treoracha láimhseála, mura sonraítear a mhalairt.

Déileálfar le gach sárú slándála i gcomhréir leis an gcaibidil faoi Bhainistiú Teagmhas Slándála de chuid sna NIOCanna.

5.4.   Treoirlínte maidir le Tástálacha Slándála

5.4.1.   Bogearraí

Déanfar tástáil slándála, lena n-áirítear tástáil treáite más infheidhme, ar gach mórleagan nua de na bogearraí ar a laghad i gcomhréir leis na ceanglais slándála a leagtar amach sna CTNanna chun measúnú a dhéanamh ar shlándáil an naisc agus na rioscaí gaolmhara.

Mura ndearnadh aon mhórleagan nua le 12 mhí anuas, déanfar tástáil slándála ar an gcóras reatha i bhfianaise na héabhlóide a tháinig ar an gcibearbhagairt le 12 mhí anuas.

Déanfar tástáil slándála ar an nasc clárlainne sa timpeallacht inghlacthachta agus, más gá, sa timpeallacht táirgthe agus le comhordú agus comhaontú frithpháirteach ón dá Pháirtí.

Cloífidh tástáil feidhmchlár gréasáin le caighdeáin oscailte idirnáisiúnta amhail na cinn a d’fhorbair an Tionscadal Slándála maidir le Feidhmchláir Gréasáin Oscailte (OWASP).

5.4.2.   Bonneagar

Déanfar an bonneagar a thacaíonn leis an gcóras táirgthe a scanadh go rialta i gcoinne leochaileachtaí (uair amháin in aghaidh na míosa ar a laghad) agus leochaileachtaí braite atá socraithe sa phrionsabal céanna mar atá sainithe sa roinn roimhe seo trí úsáid a bhaint as bunachar sonraí atá cothrom le dáta maidir le leochaileachtaí.

5.5.   Forálacha Measúnaithe Riosca

Má tá tástáil treáite infheidhme, ní mór é a chuimsiú sa tástáil slándála.

Féadfaidh gach Páirtí conradh a dhéanamh le cuideachta speisialaithe chun tástáil slándála a dhéanamh, ar choinníoll go bhfuil na tréithe seo a leanas ag an gcuideachta:

—

Tá na scileanna agus an taithí a bhaineann le tástáil slándála den sórt sin aige;

—

Níl sé ag tuairisciú go díreach chuig an bhforbróir agus/nó a chonraitheoir agus níl baint aige le bogearraí an naisc a fhorbairt ná níl sé ina fhochonraitheoir don fhorbróir;

—

Tá Comhaontú Rúndachta sínithe aige chun na torthaí a choimeád rúnda agus chun iad a láimhseáil ar an leibhéal ‘SPECIAL HANDLING: ETS Critical’ i gcomhréir leis na treoracha láimhseála.


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/1873/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)