European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/1947

24.9.2025

CINNEADH (AE) 2025/1947 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Meán Fómhair 2025

maidir leis an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais Eorpaigh sa Chomhairle Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, a mhéid a bhaineann le cinneadh lena leasaítear Prótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú sin a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus le modhanna comhair riaracháin

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 207(4), an chéad fhomhír, i gcomhar le hAirteagal 218(9) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An Comhaontú Eora–Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile (1) (‘an Comhaontú’), rinne an tAontas é a thabhairt i gcrích trí bhíthin Chinneadh 2000/204/CE, CEGC ón gComhairle agus ón gCoimisiún (2). Tá Prótacal 4 a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus modhanna comhair riaracháin (‘Prótacal 4’) mar chuid den Chomhaontú.

(2)

De bhun Airteagal 39 de Phrótacal 4, is féidir leis an gComhairle Comhlachais arna bunú le hAirteagal 78 den Chomhaontú (‘an Chomhairle Comhlachais’) a chinneadh forálacha Phrótacal 4 a leasú.

(3)

Ag an gcéad chruinniú eile a bheidh aici nó trí mhalartú litreacha, tá an Chomhairle Comhlachais le cinneadh a ghlacadh lena leasaítear Prótacal 4 a ghabhann leis an gComhaontú.

(4)

Is iomchuí an seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhlachais a bhunú, ós rud é go mbeidh éifeachtaí dlíthiúla ag an gcinneadh ón gComhairle Comhlachais.

(5)

Thug an tAontas an Coinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha uile-Eora-Mheánmhara (3) (‘an Coinbhinsiún’) i gcrích trí bhíthin Chinneadh 2013/94/AE ón gComhairle (4) agus tháinig sé i bhfeidhm i ndáil leis an Aontas an 1 Bealtaine 2012. Is Páirtí Conarthach sa Choinbhinsiún í Ríocht Mharacó (‘Maracó’) freisin.

(6)

Leis an gCoinbhinsiún, leagtar síos forálacha maidir le tionscnamh earraí a thrádáiltear faoi na comhaontuithe ábhartha arna dtabhairt i gcrích idir na Páirtithe Conarthacha sa Choinbhinsiún. Tá feidhm ag an gCoinbhinsiún gan dochar do na prionsabail a leagtar síos sna comhaontuithe ábhartha sin.

(7)

Leasaíodh an Coinbhinsiún le Cinntí Uimh. 1/2023 an 7 Nollaig 2023 (5), Uimh. 1/2024 (6) agus Uimh. 2/2024 (7) an 12 Nollaig 2024 ó Chomhchoiste an Choinbhinsiúin Réigiúnaigh maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha uile-Eora-Mheánmhara.

(8)

Le hAirteagal 6 den Choinbhinsiún, foráiltear go ndéanfaidh gach Páirtí Conarthach bearta iomchuí chun a áirithiú go gcuirfear an Coinbhinsiún i bhfeidhm go héifeachtach. Chuige sin, ba cheart don Chomhairle Comhlachais cinneadh a ghlacadh lena dtugtar isteach tagairt dhinimiciúil don Choinbhinsiún i bPrótacal 4, chun a áirithiú go dtagrófar i gcónaí don leagan is déanaí den Choinbhinsiún atá i bhfeidhm.

(9)

Chomhaontaigh an tAontas agus Maracó tacar idirthréimhseach rialacha tionscnaimh a chur i bhfeidhm lena léirítear na rialacha sa Choinbhinsiún leasaithe, a fhéadfar a úsáid go déthaobhach go dtí an 31 Nollaig 2027 nó go dtí go bhfoilseofar an Coinbhinsiún, arna leasú go deireanach agus arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh, in Iris Oifigiúil Mharacó, cibé acu is túisce a tharlóidh.

(10)

Ina theannta sin, tar éis iarraidh a fháil ó Mharacó a bhaineann le honnmhairí ón Aontas go Maracó, féadfaidh cainníochtaí teoranta d’olaí glasraí agus de tháirgí tobac áirithe tairbhiú de chóir fhabhrach faoi choinníollacha sonracha ar feadh 5 bliana ó dháta chur i bhfeidhm an chinnidh ón gComhairle Comhlachais lena leasaítear Prótacal 4.

(11)

Ba cheart, dá bhrí sin, Prótacal 4 a leasú chun tacar malartach rialacha tionscnaimh agus córas cuótaí a áireamh le haghaidh olaí glasraí agus táirgí tobac áirithe.

(12)

Dá bhrí sin, ba cheart seasamh an Aontais sa Chomhairle Comhlachais a bheith bunaithe ar an Dréachtchinneadh atá i gceangal leis seo.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An seasamh atá le glacadh thar ceann an Aontais sa Chomhairle Comhlachais arna bunú leis an gComhaontú Eora–Mheánmhara lena mbunaítear Comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile, a bhaineann le sainmhíniú an choincheapa ‘táirgí tionscnaimh’ agus le modhanna comhair riaracháin, beidh sé bunaithe ar an Dréachtchinneadh ón gComhairle Comhlachais atá i gceangal leis an gCinneadh seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar dháta a ghlactha agus rachaidh sé in éag an 31 Nollaig 2026.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 18 Meán Fómhair 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

L. AAGAARD


(1)   IO L 70, 18.3.2000, lch. 2.

(2)  Cinneadh 2000/204/CE/CECG ón gComhairle agus ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2000 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile (IO L 70, 18.3.2000, lch. 1 ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2000/204/oj).

(3)   IO L 54, 26.2.2013, lch. 4.

(4)  Cinneadh 2013/93/AE ón gComhairle an 26 Márta 2012 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Choinbhinsiúin réigiúnaigh maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha uile-Eora-Mheánmhara (IO L 54, 26.2.2013, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2013/94(1)/oj).

(5)  Cinneadh Uimh. 1/2023 ón gComhchoiste maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora–Mheánmhara an 7 Nollaig 2023 maidir leis an leasú ar an gCoinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora–Mheánmhara [2024/390] (IO L, 2024/390, 19.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/390/oj).

(6)  Cinneadh Uimh. 1/2024 ón gComhchoiste um an gCoinbhinsiún Réigiúnach maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara an 12 Nollaig 2024 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1/2023 ón gComhchoiste a mhéid a bhaineann le húsáid deimhnithe gluaiseachta a eisítear go leictreonach faoi chuimsiú an Choinbhinsiúin sin is infheidhme ón 1 Eanáir 2025 [2025/16] (IO L, 2025/16, 9.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/16/oj).

(7)  Cinneadh Uimh. 2/2024 ó Chomhchoiste an Choinbhinsiúin Réigiúnaigh maidir le rialacha tionscnaimh fabhracha Uile-Eora–Mheánmhara an 12 Nollaig 2024 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1/2023 ón gComhchoiste d’fhonn forálacha idirthréimhseacha a chur san áireamh sna leasuithe ar an gCoinbhinsiún Réigiúnach maidir le Rialacha Tionscnaimh Fabhracha Uile-Eora-Mheánmhara is infheidhme ón 1 Eanáir 2025 [2025/17] (IO L, 2025/17, 9.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/17/oj).


ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/1947/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)