|
18.8.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 215/1 |
RIALACHÁN (AE) 2022/1406 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Lúnasa 2022
lena leasaítear Iarscríbhinní II, III agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar meatocsaifeinisíde, própocsúir, spíonasad agus tiaram i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1)(a), Airteagal 18(1)(b) agus Airteagal 49(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcás meatocsaifeinisíde agus spíonasad, leagadh síos uasleibhéil iarmhar (“MRLanna”) in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. I gcás própocsúir agus tiaram, leagadh síos MRLanna in Iarscríbhinn II agus i gCuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, ag brath ar an táirge. |
|
(2) |
I gcás meatocsaifeinisíde, i gcomhthéacs an nós imeachta chun formheas na substainte gníomhaí sin a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), d’fhoilsigh an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca ar an tsubstaint ghníomhach sin (3), lena ndeimhnítear an iontógáil laethúil inghlactha (ILI) atá ann cheana agus lena mbunaítear géardháileog thagartha níos ísle (ARfD). |
|
(3) |
I gcomhréir le hAirteagal 43 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás tuairim réasúnaithe a thabhairt, ina ndéanfaí measúnú ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis na MRLanna atá ann faoi láthair do thomhaltóirí i ndáil le meatocsafeineaisíníd, i bhfianaise an ARfD níos ísle a luaitear thuas. |
|
(4) |
Ina thuairim réasúnaithe (4), shainaithin an tÚdarás rioscaí do-ghlactha maidir leis na MRLanna atá ann cheana a bhaineann le horáistí, seadóga, mandairíní, piorraí, péitseoga, úlla, trátaí agus brocailí. Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit agus iarradh orthu Dea-chleachtais Talmhaíochta) (GAPanna) cúltaca ionchasacha a thuairisciú nach mbeadh riosca do-ghlactha do thomhaltóirí mar thoradh orthu. Níor shainaithin na Ballstáit GAP cúltaca den sórt sin ach amháin le haghaidh trátaí. Rinne an tÚdarás ríomh nochta ansin lenár cuireadh san áireamh sonraí iarmhair an GAP cúltaca le haghaidh trátaí agus an fachtóir scafa le haghaidh torthaí citris a leagadh síos le linn an athbhreithnithe piaraí ar an tsubstaint. D’ainneoin sin, i gcás torthaí citris (oráistí, seadóga, mandairíní) mhínigh an tÚdarás mar sin féin go bhfuil na MRLanna atá ann cheana sábháilte nuair a úsáidtear an fachtóir scafa a leagadh síos le linn an athbhreithnithe piaraí. Maidir le gach táirge eile lena mbaineann, ba cheart na MRLanna a shocrú ag an teorainn chinnidh ábhartha (LOD). |
|
(5) |
I gcás própocsúir, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás, i gcomhréir le hAirteagal 43 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, na hairíonna tocsaineolaíocha a mheasúnú, luachanna tagartha tocsaineolaíochta a dhíorthú agus na MRLanna atá ann cheana a mheas, toisc nach ndearnadh measúnú riamh ar an tsubstaint san Aontas agus gur tuairiscíodh torthaí le déanaí. Ina thuairim réasúnaithe (5), níorbh fhéidir leis an Údarás luachanna tagartha tocsaineolaíochta an Aontais a dhíorthú i ndáil le própocsúr, agus dá bhrí sin, níorbh fhéidir leis teacht ar chonclúid maidir le sábháilteacht na MRLanna do thomhaltóirí. Chinn an tÚdarás gur ghá do bhainisteoirí riosca an cheist a scrúdú tuilleadh. Ó thaobh na bainistíochta riosca de, in éagmais sonraí den sórt sin, i gcás gach táirge, ní féidir riosca do thomhaltóirí a chur as an áireamh. Ós rud é nach bhfuil úsáidí le haghaidh na substainte sin údaraithe a thuilleadh san Aontas, ba cheart na MRLanna a leagan síos in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an LOD. |
|
(6) |
I gcás spíonasad, i gcomhthéacs an nós imeachta chun formheas na substainte gníomhaí sin a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, chuir an tÚdarás isteach conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca ar an tsubstaint ghníomhach sin (6), lena mbunaítear, den chéad uair, ARfD. |
|
(7) |
I gcomhréir le hAirteagal 43 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005, d’iarr an Coimisiún ar an Údarás measúnú a dhéanamh ar na rioscaí do thomhaltóirí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis na MRLanna le haghaidh spíonasad atá ann cheana i bhfianaise an ARfD nua sin. |
|
(8) |
Shainaithin an tÚdarás ina thuairim réasúnaithe (7) rioscaí do thomhaltóirí i ndáil le piobair, leitísí, searbháin muc, spionáistí, seardas/duilleoga biatais agus sreabháin na Beilge. Chuathas i gcomhairle leis na Ballstáit agus iarradh orthu GAPanna cúltaca ionchasacha a thuairisciú nach mbeadh riosca do-ghlactha do thomhaltóirí mar thoradh orthu. Shainaithin na Ballstáit GAPanna cúltaca maidir leis na táirgí uile lena mbaineann. Mhol an tÚdarás dá bhrí sin na MRLanna a laghdú i gcás na dtáirgí sin. Ba cheart MRLanna na dtáirgí sin a shocrú ag an leibhéal a shainaithníonn an tÚdarás. |
|
(9) |
I gcás tiaram, i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (8), chuir an tÚdarás tuairim réasúnaithe isteach maidir leis na MRLanna atá ann cheana. Níl tiaram formheasta san Aontas a thuilleadh agus cúlghaireadh gach údarú le haghaidh táirgí cosanta plandaí ina bhfuil an tsubstaint sin. I gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i dteannta Airteagal 14(1)(a) de, ba cheart na MRLanna a leagtar amach maidir le tiaram in Iarscríbhinn II agus i gCuid B d’Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a scriosadh dá bhrí sin. Rinne an tÚdarás measúnú freisin ar na lamháltais allmhairiúcháin maidir le tiaram ach, in éagmais sonraí tocsaineolaíocha dá mheitibilít M1, níorbh fhéidir leis an Údarás an measúnú riosca do thomhaltóirí a thabhairt chun críche agus tháinig sé ar an gconclúid gur ghá do bhainisteoirí riosca an cheist a scrúdú tuilleadh. Ó thaobh na bainistíochta riosca de, in éagmais sonraí den sórt sin agus na cúiseanna nach ndearnadh athnuachan ar fhormheas tiaram á gcur san áireamh , maidir le gach táirge, ní féidir riosca do thomhaltóirí a chur as an áireamh agus ba cheart MRLanna a leagan síos in Iarscríbhinn V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an LOD. |
|
(10) |
A mhéid a bhaineann le táirgí ar ina leith nach n-údaraítear úsáid an táirge cosanta plandaí agus nach bhfuil aon lamháltas i dtaca le hallmhairiú ná uasteorainneacha iarmhar maidir le Codex Alimentarius (CXLanna) ann ina leith, ba cheart MRLanna a leagan síos ag an LOD sonrach nó ag MRL réamhshocraithe, mar a fhoráiltear in Airteagal 18(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
|
(11) |
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le saotharlanna tagartha an Aontais Eorpaigh maidir le hiarmhair lotnaidicídí a mhéid a bhaineann leis an ngá le LODanna áirithe a oiriúnú. A mhéid a bhaineann le roinnt substaintí, tháinig na saotharlanna sin ar an gconclúid gur ghá LODanna sonracha a leagan síos le haghaidh forbairt theicniúil tráchtearraí áirithe. |
|
(12) |
Ar bhonn na dtuairimí réasúnaithe ón Údarás agus na tosca a bhaineann leis an ábhar a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh air á gcur san áireamh, comhlíontar ceanglais Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 leis na modhnuithe iomchuí ar na MRLanna. |
|
(13) |
Chuathas i gcomhairle le comhpháirtithe trádála an Aontais maidir le MRLanna nua tríd an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, agus cuireadh na tuairimí uathu san áireamh. |
|
(14) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir sin. |
|
(15) |
Chun go mbeifear in ann margú, próiseáil agus tomhaltas táirgí a dhéanamh ar an ngnáthshlí, ba cheart foráil a dhéanamh sa Rialachán seo maidir le socrú idirthréimhseach i gcás táirgí a táirgeadh sula modhnaíodh na MRLanna agus a léiríonn an fhaisnéis ina leith go gcoinnítear leibhéal ard cosanta don tomhaltóir. |
|
(16) |
Ba cheart tréimhse réasúnta a bheith ann sula mbeidh feidhm leis na MRLanna modhnaithe ionas go mbeidh na Ballstáit, tríú tíortha agus oibreoirí gnólachtaí bia in ann iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a thiocfaidh as an modhnú ar na MRLanna a chomhlíonadh. |
|
(17) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinní II, III agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Leanfaidh Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a bhí sé sular leasaíodh é leis an Rialachán seo d'fheidhm a bheith aige maidir le táirgí a táirgeadh san Aontas nó a allmhairíodh isteach san Aontas roimh an 28 Feabhra 2023, seachas meatocsaifeinisíd i bpiorraí, i bpéitseoga, in úlla agus i mbrocailí, i gcás própocsúir ar gach tráchtearra agus i gcás tiaram ar gach tráchtearra.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 28 Feabhra 2023.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Lúnasa 2022.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 070, 16.3.2005, lch. 1.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).
(3) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Conclúid maidir le hathbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí i gcás na substainte gníomhaí meatocsaifeinisíd. EFSA Journal [Iris EFSA], 2017;15(9):4978.
(4) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Measúnú spriocdhírithe ar MRLanna áirithe ar cúis imní iad i gcás meatocsafeineaisíníde. EFSA Journal [Iris EFSA], 2020;18(12):6330.
(5) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Tuairim réasúnaithe maidir leis na hairíonna tocsaineolaíocha agus uasleibhéil iarmhar própocsúir. EFSA Journal [Iris EFSA], 2021;19(1):6374.
(6) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach spíonasad. EFSA Journal [Iris EFSA], 2018;16(5):5252.
(7) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Measúnú spriocdhírithe ar MRLanna áirithe ar cúis imní iad i gcás spíonasad. EFSA Journal [Iris EFSA], 2021;19(2):6404.
(8) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Reasoned opinion on the review of the existing maximum residue levels for spinetoram according to Article 12 of Regulation (EC) No 396/2005 [Tuairim réasúnaithe maidir leis an athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh tiaram de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005]. EFSA Journal [Iris EFSA], 2021;19(1):6391.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinní II, III agus V a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a leanas:
|
(1) |
in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na gcolún le haghaidh meatocsaifeinisíde agus spíonasad: "Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|
(2) |
in Iarscríbhinn II, scriostar na colúin le haghaidh própocsúir agus tiaram. |
|
(3) |
in Iarscríbhinn III, cuid B, scriostar na colúin le haghaidh própocsúir agus tiaram. |
|
(4) |
in Iarscríbhinn V, cuirtear isteach na colúin le haghaidh própocsúir agus tiaram. “Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
(*1) Teorainn cinnidh anailísigh
(1) Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna ina leith a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I.
(*2) Léiríonn an teorainn cinnidh anailísigh níos ísle
(2) Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna ina leith a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I.