European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith C


C/2024/2488

23.4.2024

Tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa — Togra le haghaidh Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 92/106/CEE ón gComhairle a mhéid a bhaineann le creat tacaíochta um iompar idirmhódúil earraí agus Rialachán (AE) 2020/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le coigilteas costas seachtrach a ríomh agus sonraí comhiomlánaithe a ghiniúint

(COM(2023) 702 final – 2023/0396 (COD))

(C/2024/2488)

Rapóirtéir:

Pierre Jean COULON

Comhairliúchán

Parlaimint na hEorpa, 14/12/2023

An Chomhairle, 16/2/2024

Bunús dlí

Airteagal 91(1)(c) agus (d) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

An rannóg atá freagrach

Iompar, Fuinneamh, Bonneagar agus an tSochaí Faisnéise

Dáta a glactha sa rannóg

26/1/2024

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

14/2/2024

Seisiún iomlánach Uimh.

585

Toradh na vótála

(ar son/in aghaidh/staonadh)

171/0/1

1.   Conclúidí agus moltaí

1.1.

Tá Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) i bhfách ar an mórgóir leis an athbhreithniú ar Threoir 92/106/CEE ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 maidir le hiompar traschórais, agus is amhlaidh sin dó a bheag nó a mhór freisin i gcás an phacáiste iomláin maidir le hiompar lasta a ghlasú, rud ab ábhar do dhá thuairim de chuid an Choiste a glacadh i mí Iúil 2023 (1) agus i mí Dheireadh Fómhair 2023 (2) faoi seach.

1.2.

Ní bheidh rath air mura ndéana an tsochaí shibhialta agus CESE a gcion féin ina leith.

1.3.

Tá sé á athdhearbhú ag CESE nach foláir an geilleagar, an tsochaí agus an comhshaol a choinneáil ar mheá chothrom le chéile i dtreo gur féidir aistriú cóir a chur i gcrích.

1.4.

Tá sé á dhearbhú aige go bhfuil gá le hidirmhódúlacht i ngach modh iompair lasta agus gur gá aird a thabhairt i gcónaí ar an oibleagáid atá ann gach modh iompair ar an leibhéal Eorpach a chomhordú agus a fheabhsú a oiread is féidir.

1.5.

Má tá i ndán go mbeidh rath ar an mbeartas seo, is gá cloí leis na rialacha sóisialta go huile is go hiomlán, agus teastóidh sainbheartas córasach oiliúna freisin le haghaidh fhoireann na gcuideachtaí agus lucht a mbainistithe. Is mór an t-údar díomá é, dar le CESE, nach luaitear sin i dtéacs na Treorach.

2.   Barúlacha ginearálta

2.1.

Mar atá luaite sa togra seo le haghaidh treorach a d’eisigh an Coimisiún Eorpach, is léire ná riamh go bhfuil laigí nach beag sna modhanna iompair atá á n-úsáid i láthair na huaire le haghaidh lasta a iompar san Aontas Eorpach agus gur beag a chuidíonn siad leis an bhforbairt inbhuanaithe.

2.2.

Tuigeann CESE an ról lárnach atá ag na modhanna éagsúla iompair i dtaca leis an bhfás eacnamaíoch agus leis an éileamh atá tagtha ar an tsoghluaisteacht. Is amhlaidh atá ag méadú go róthapa ar an éileamh sin de dheasca brú iltaobhach; i measc bhunúdair an bhrú sin tá glasú riachtanach na gcóras iompair, a iomaíche atá córas iompair lasta idirmhódúil i gcomparáid le lasta a iompar de bhóthar mar aon le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais.

2.3.

Cuireann an fheasacht shóisialta anáil faoin mbeartas iompair, óir is léir gur mórúdar imní i ngach uile áit é an dochar atá á dhéanamh don chomhshaol, gan trácht ar chostais shóisialta na gcóras iompair atá ann faoi láthair. Fágann sin go bhfuil rud ann seachas dearcadh cúng coinbhinsiúnach an gheilleagair ar réimse an iompair. Tá an dearcadh ann a thógann ceann den tionchar a bhíonn aige ar na córais chomhshaoil agus éiceolaíochta, sin agus ar an tsochaí ina hiomláine, go mór mór aicmí bochta na gceantar tuaithe.

2.4.

Tá sé d’aidhm ag an togra le haghaidh treorach iompar lasta a dhéanamh níos inbhuanaithe trí iomaíochas an chórais iompair lasta idirmhódúil a fheabhsú, rud is féidir a dhéanamh trí earraí a iompar ar dhá mhodh iompair, ar a laghad, seachas a bheith i dtortaobh le lasta a iompar de bhóthar.

2.5.

Tugann an togra seo cothrom le dáta Treoir 92/106/CEE (3) ón gComhairle maidir le hiompar traschórais (treoir atá i bhfeidhm faoi láthair) agus, rud eile, forlíonadh atá ann, más go déanach féin é, ar an bpacáiste maidir le hiompar lasta a ghlasú a glacadh i mí Iúil 2023, pacáiste ar thug CESE a thuairimí féin ina leith cheana.

2.6.

Tugtar faoi deara sa togra gurb é an t-iompar de bhóthar is cúis le formhór na seachtrachtaí diúltacha iompair san Aontas. Is amhlaidh sin, ar thaobh amháin, toisc gurb é an modh iompair is mó úsáid é amuigh is amach (in 2020 is ar bhóithre an Aontais Eorpaigh a rinneadh 74,4 % den iompar de thalamh agus 53,3 % den iompar uile laistigh den Aontas) (4) agus is amhlaidh sin, ar an taobh eile, toisc go ngineann sé níos mó seachtrachtaí faoi láthair in aghaidh an tona-ciliméadar lasta ná an t-iompar ar iarnród, na huiscebhealaí intíre nó an loingseoireacht ghearrthurais.

2.7.

Rinneadh amach, mar sin, go mba chuidiú le seachtrachtaí diúltacha an iompair a laghdú é aistriú ó mhodhanna iompair de bhóthar go modhanna iompair idirmhódúil. Ba chuidiú é sin freisin lena áirithiú go mbeifear chomh solúbtha agus is gá i dtaca le lucht soláthair seirbhísí lasta i dtreo gur féidir leo gach cearn is clúid san Aontas a chumhdach agus iad ag taisteal leo ar na codanna cuí de na bóithre friothálacha idir an críochfort agus an t-ionad luchtaithe nó díluchtaithe.

2.8.

Aithnítear sa togra, áfach, nach acmhainn do mhodhanna iompair idirmhódúil dul san iomaíocht le modhanna iompair de bhóthar amháin i gcás achair mheánacha agus achair ghearra mar gheall ar na bacainní riaracháin a ghabhann leo, na costais trasloingsithe agus inmheánú neamhiomlán na gcostas seachtrach. Dá bhrí sin, tá sé d’aidhm ag an togra le haghaidh treorach maidir le hiompar traschórais an fhadhb seo a réiteach trí chreat tacaíochta a chruthú a threiseoidh le hiomaíochas na modhanna iompair idirmhódúil agus traschórais. Is rud é sin a chuirfidh dlús leis an aistriú ó mhodhanna iompair de bhóthar.

2.9.

Is togra dhá dhual é seo: ceann acu, dual fairsing forleitheadach is ea é agus an dara ceann acu, is é an t-iompar traschórais go sonrach is cás dó. Sa chéad dual tugtar na modhanna iompair idirmhódúil i gcomhréir leis na modhanna iompair aonmhódúil sa mhéid go dtugtar díolúine dóibhsean freisin ón gcóras um chuótaí agus um údarú.

Cuirtear de cheangal ar na Ballstáit creat beartais náisiúnta a ghlacadh chun úsáid na modhanna iompair idirmhódúil a éascú. Cuirtear san áireamh sa togra an fhaisnéis a thugtar do na custaiméirí maidir leis na seirbhísí agus na saoráidí atá ann dóibh trí oibleagáid i leith na trédhearcachta a fhorchur ar na críochfoirt thrasloingsithe idirmhódúil.

2.10.

Sa dara dual tugtar isteach díolúine ar leibhéal an Aontais ó thoirmisc ar an tiomáint istoíche, deirí seachtaine agus i gcaitheamh na laethanta saoire ar chodanna gearra de bhóithre a úsáidtear le haghaidh modhanna iompair traschórais; ar a mhuin sin, leagtar síos de sprioc do na Ballstáit meánchostas na n-oibríochtaí iompair traschórais ó dhoras go doras a laghdú 10 % ar a laghad as seo go ceann seacht mbliana.

3.   Barúlacha sonracha

3.1.

Más coinníoll riachtanach í an idirmhódúlacht chun na modhanna iompair a ghlasú, ní leor aisti féin í, óir is furasta dúinn córas iompair idirmhódúil a shamhlú a bheadh fíoréifeachtúil agus nach gclisfeadh go brách air, ach a d’fhágfadh, ar a shon sin, critéir inbhuanaitheachta áirithe gan chomhlíonadh.

3.2.

Dar le CESE, caithfidh córas iompair ceart inbhuanaithe a bheith éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de, é neamhdhíobhálach don chomhshaol, é iontaofa agus sábháilte, sin agus a chomaoin féin a bheith á cur aige ar an bhforbairt shóisialta. Baineann trí ghné le gach ceann de na riachtanais sin, gnéithe nach mór a chur san áireamh chun gur féidir córas idirmhódúil a cheapadh atá i gcomhréir le cuspóir na hinbhuanaitheachta. Siod iad iad: an teicneolaíocht, an phleanáil fara ceapadh beartais agus an eitic shóisialta.

3.3.

Cuid nach beag de chóras iompair idirmhódúil a chur i bhfeidhm agus in úsáid is ea an pobal a chur ar an eolas faoi na buntáistí suntasacha a ghabhann leis. Chun freastal ar an bpobal is ea a cheaptar córas iompair idirmhódúil d’fhormhór agus ní foláir don phobal tionchar a imirt ar na cinntí a dhéantar maidir le tionscadail agus beartais iompair ós é a shocróidh, ar deireadh, cad é a éifeachtaí atá an córas iompair nua. Mar atá tugtha le fios sa mheasúnú tionchair, is a bhuí le comhchreat nua an Aontais um chuntasaíocht na n-astaíochtaí gás ceaptha teasa san iompar agus sa lóistíocht a chuirfear feabhas ar an trédhearcacht, ar an gcuntasacht i réimse an iompair agus ar a bhfuil d’fhaisnéis ann maidir le costais sheachtracha.

3.4.

Dar le CESE go dtiocfadh roghanna inbhuanaithe atá éifeachtúil ó thaobh an gheilleagair de chun cinn agus go mbeifí in acmhainn an trácht a choinneáil faoi smacht agus an plódú a bhaineann leis a laghdú, ach córas praghsála cliste acharbhunaithe a chur i bhfeidhm a mbraitheann méid an mhuirir a leagtar ar fheithicil faoina scáth ar an gcineál feithicle atá ann (rud dá bhforáiltear sa Treoir athbhreithnithe maidir le hEoraifínéad (5)).

3.5.

Mar atá curtha i bhfáth sa mheasúnú tionchair (6), is de chomharthaí sóirt córais iompair idirmhódúil ar bith a chasta agus a ilghnéithí atá sé, go háirithe ó thaobh na hidirghníomhaíochta idir beartais náisiúnta agus beartais Eorpacha. Is casta agus is ríchasta an córas é sa chás seo agus oiread sin páirtithe, conarthaí, dlíthe agus rialacha éagsúla i gceist leis i dtólamh. Is ar na cuideachtaí lóistíochta agus lucht seolta an lasta a thitfidh sé an fhadhb seo na gcostas a réiteach chun a sástachta do na lastóirí.

Ina dhiaidh sin agus uile, ós rud é nach mór don phobal cloí lena bhfuil beartaithe, tá CESE ag moladh go gcuirfí mórfheachtais feasachta ar bun, dá réir sin, ar fud na sochaí sibhialta, i gcomhpháirtíocht leis an gCoiste féin, ionas go mbeadh an pobal rannpháirteach iontu mar ba cheart.

3.6.

Ba rud fíorthábhachtach freisin, dar leis, idirphlé a chothú idir na críochfoirt uile. Go deimhin, fadhb mhór nach dtugtar aird uirthi mar is cuí sa reachtaíocht is ea an easpa trédhearcachta a bhaineann le hoibríochtaí críochfort agus leis na saoráidí agus seirbhísí atá ag dul leo. Aithníodh le déanaí i dtuarascáil de chuid Chúirt Iniúchóirí na hEorpa gur fadhb é a laghad sin faisnéise a bheith ar fáil faoi na críochfoirt (7). I gcás na n-iarnród, cé gur leagadh síos rialacha i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2177 (8) maidir le saoráidí seirbhíse a rochtain, b’easnamhach mar réiteach iad go dtí seo. Ní ann do cheanglas trédhearcachta ar bith a fhad a bhaineann le faisnéis a chur ar fáil don phobal maidir le huiscebhealaí intíre agus críochfoirt loingseoireachta gearrthurais. Fágann sin gur dodhéanta an ní measúnuithe tosaigh a chur i gcrích gan idirphlé a chur ar bun leis na críochfoirt uile; b’amhlaidh sin freisin fiú dá bhféadfaí tabhairt faoi na hoibríochtaí idirmhódúil atá beartaithe.

Is díol sásaimh do CESE, dá bhrí sin, go bhfuil sé curtha roimhe ag an gCoimisiún an fhadhb mhór seo a réiteach trí bhíthin an togra le haghaidh treorach.

3.7.

Is díol sásaimh do CESE gur aithin an Coimisiún Eorpach sa Treoir a mhéid is cuidiú an loingseoireacht ghearrthurais, cibé acu i dtreo na n-oileán nó sa treo contrártha é, chun astaíochtaí ón iompar de bhóthar agus an brú tráchta ar an mórthír a laghdú. Cuireann sé chun suntais go mbeidh na naisc idir Ballstát arb oileán atá ann agus ‘mórthír’ an Aontais Eorpaigh i gceist leis an tagairt seo a leanas in Airteagal 1(c) 2b freisin:‘i gcás na nasc idir oileán agus an mhórthír gan aon rogha mhalartach ar bóthar ann, táirgtear ar a laghad 40 % níos lú de chostais sheachtracha leis an oibríocht ná an oibríocht mhuirí aonmhódúil mhalartach’.

3.8.

Ceanglaítear an méid seo a leanas le mír 6 agus mír 7 d’Airteagal 1(c) den Treoir atá beartaithe: ‘Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos rialacha mionsonraithe maidir le ríomh na gcostas seachtrach dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo’ agus ‘Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh lena leagfar síos liosta de ghné mhuirí réamhshainithe na n-oibríochtaí idirmhódúla muirí malartacha dá dtagraítear i mír 2, pointe (b) den Airteagal seo.’ Maidir le modh ríofa na gcostas seachtrach agus an liosta de ghné mhuirí réamhshainithe na n-oibríochtaí idirmhódúla muirí malartacha, dar le CESE gur cheart iad a bhunú agus a áireamh mar iarscríbhinn a chuirfear leis an Treoir seo. Ar an gcaoi sin, beifear in ann tréimhse níos giorra ná na 30 mí dá bhforáiltear in Airteagal 3(1) a cheadú don trasuí i dtreo gur féidir na sochair a d’fhéadfadh a bheith ann dá gcuirfí an Treoir seo i bhfeidhm ní ba luaithe a mheas roimh ré.

3.9.

Is díol sásaimh dó freisin an t-athbhreithniú atá beartaithe a bheith i gcomhréir leis an Teachtaireacht ‘NAIADES III’ (9) a glacadh le déanaí, óir moltar inti go ndéanfaí na huiscebhealaí intíre a chomhtháthú, murab ionann is riamh, i gcóras iompair idirmhódúil tras-Eorpach nua-aimseartha, rud atá á iarraidh ag an gCoiste le fada an lá. Tá sé á chur in iúl ag CESE freisin nach féidir modhanna iompair idirmhódúil agus ilmhódúil a úsáid gan bonneagar oiriúnach lánacmhainneach a bheith ann.

3.10.

Cuireann CESE chun suntais go bhfuil gá le scileanna faoi leith, dá réir sin, chun cuidiú le pleanáil, bainistiú agus oibriú na modhanna iompair idirmhódúil. Glactar leis go fada fairsing sa lá atá inniu ann, áfach, go bhfuil easpa scileanna den sórt sin ann, ós rud é go bhfuil an oiliúint i réimse an iompair a chuirtear ar fáil san Eoraip fós dírithe den chuid is mó ar mhodhanna iompair módúil.

Is cúis aiféala dó nach luaitear an t-ábhar seo ar chor ar bith sa togra le haghaidh treorach.

3.11.

Go deimhin, de réir mar a thagann teicneolaíochtaí nua chun cinn agus de réir mar a chuirtear in úsáid iad, bíonn cúraimí nua troma á leagan de shíor is de ghnáth ar na córais oideachais. Tá gá le pearsanra oilte a bhfuil cáilíochtaí nua acu chun líonraí iompair a dhearadh, a phleanáil agus a oibriú, agus chun caoi a choinneáil orthu. Chomh fada agus a bhaineann sé le bonneagar, ní beag iad na riachtanais ar gá freastal orthu fós sa réimse sin. I dtreo go n-oibreoidh na modhanna iompair lasta idirmhódúil go sásúil, ní leor córais idirthurais a thógáil; is gá struchtúir iomchuí faisnéise a chur i bhfeidhm freisin d’fhonn córas iompair lasta gan aistriú gan athluchtú a éascú.

3.12.

Anuas air sin, is léir gur gá oiliúint a chur ar fáil i réimse na teicneolaíochta. Bhí tionchar nach beag ag na teicneolaíochtaí ar fhorbairt na modhanna iompair idirmhódúil go nuige seo, mar shampla traenacha dhá urlár, oll-longa coimeádán, aerárthaí móra fara oibriú cuideachtaí lóistíochta nuálacha, cuir i gcás UPS agus FedEx. Tá gach aon dealramh air go mbeidh a gcómhaith de thionchar ag na teicneolaíochtaí úra agus na teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn san am atá romhainn, go háirithe ag teicneolaíochtaí na cumarsáide satailíte agus teicneolaíochtaí nach iad i réimse na faisnéis agus na cumarsáide i gcoitinne.

3.13.

Tá ról lárnach ag na teicneolaíochtaí sin leis na constaicí nithiúla iomadúla a choisceann ar thiománaithe lasta a iompar gan aistriú gan athluchtú a chur as an tslí. I roinnt mhaith ceantar, go háirithe sna ceantair uirbeacha, ní leor de réiteach a thuilleadh é bóithre nua a thógáil chun an brú tráchta a laghdú. Is follasaí ná riamh go bhfágann a laghad achar atá ar fáil chun feabhas a chur ar an mbonneagar sin maille le feiniméan an ‘éilimh spreagtha’ nach indéanta feasta fadhb an bhrú tráchta a réiteach mar a dhéantaí tráth dá raibh.

Tugann CESE dá aire nach féidir an leas is éifeachtaí a bhaint as na teicneolaíochtaí nua gan a bhfuil ar fáil d’acmhainní a chomhordú agus a chomhtháthú go fada fairsing san am céanna.

3.14.

Tugtar isteach beart nua in Airteagal 9a den Treoir atá beartaithe, mar atá: ‘Feithiclí a dhéanann céimeanna bóthair d’oibríochtaí iompair traschórais, díolmhófar iad ó thoirmisc thiomána le linn an deiridh seachtaine, le linn na hoíche agus le linn laethanta saoire, coisc nach bhfuil feidhm acu ach maidir le feithiclí earraí troma amháin. Ní bheidh feidhm ag an díolúine i gcás toirmisc thiomána ghinearálta is infheidhme maidir le gach feithicil a úsáidtear chun críoch príobháideach.’

3.15.

Is é tuairim an Choimisiúin Eorpaigh go gcruthaíonn na toirmisc tráchta sin fadhbanna móra sa slabhra soláthair ar an ábhar nach féidir cuid an bhóthair den turas a dhéanamh go díreach roimh na codanna a dhéantar ar mhodh eile ná ina ndiaidh. Leanann de sin go mbíonn tranglaim tráchta sna clóis eagraithe, gur measa fós an tranglam tráchta díreach roimh na toirmisc tiomána agus ina ndiaidh, agus nach féidir na seirbhísí iarnróid, na seirbhísí iompair lasta ná na seirbhísí seolta lasta nó feithiclí/soithí gearrthurais a úsáid go héifeachtach le linn na dtréimhsí toirmisc tiomána sin, rud a chuireann srianta ar na hamchláir easbhóthair (10).

3.16.

Tá CESE ag iarraidh go gcuirfí an beart nua sin i bhfeidhm ar shlí nach gcuirfidh isteach ar shosanna ná ar thréimhsí scíthe na dtiománaithe feithiclí earraí troma; níor cheart don bhrabúsacht eacnamaíoch an tsábháilteacht ar na bóithre a chur i mbaol ná níor cheart di ach oiread milleadh faoi dhálaí oibre na dtiománaithe san Aontas.

3.17.

Is léir ar staidéir áirithe a rinneadh ar an ngaol idir na cúinsí éagsúla is cúis le tuirse a chur ar thiománaithe gur féidir le buaicleibhéal an riosca tionóisce istoíche a bheith deich n-uaire níos airde ná leibhéal an riosca isló (11).

Ós amhlaidh nach foláir do thiománaithe trucailí, go háirithe, an oíche a thabhairt go minic i limistéar scíthe, is ábhar gearáin acu droch-dhearadh na gclós páirceála agus na dálaí míchompordacha codlata óir fágann sin nach mbíonn acu ach meathchodladh.

Ina theannta sin, chuir 71 % de na tiománaithe feithiclí earraí troma a ghlac páirt sna staidéir réamhráite in iúl gur rud í an tiomáint istoíche go sonrach a chuireann tuirse orthu (12). Is fíor, ar ndóigh, go gcuireann an obair oíche isteach ar an rithim laethúil agus ní lú ná mar a chuireann sí an duine ó chodladh ceart sámh a dhéanamh.

An Bhruiséil, an 14 Feabhra 2024.

Uachtarán Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

Oliver RÖPKE


(1)   IO C 349, 29.9.2023, lch. 12.

(2)   IO C, C/2024/890, 6.2.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/C/2024/890/oj?locale=ga; IO C, C/2024/891, 6.2.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/C/2024/891/oj?locale=ga.

(3)  Treoir 92/106/CEE ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 maidir le rialacha comhchoiteanna a bhunú le haghaidh cineálacha áirithe iompair traschórais earraí idir na Ballstáit, (IO L 368, 17.12.1992, lch. 38).

(4)  Ceisteanna agus freagraí faoin Togra le haghaidh Treoir maidir le hiompar traschórais.

(5)  Treoir (AE) 2022/362 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Feabhra 2022 lena leasaítear Treoracha 1999/62/CE, 1999/37/CE agus (AE) 2019/520, a mhéid a bhaineann le muirir a ghearradh ar fheithiclí as bonneagar áirithe a úsáid (IO L 69, 4.3.2022, lch. 1).

(6)  SWD(2023) 351 final, An Bhruiséil, 7.11.2023, lch. 9.

(7)  Tuarascáil Speisialta 08/2023 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa, Iompar lasta idirmhódúil – Is dícheall fós don Aontas srian a chur le hiompar lasta de bhóthar.

(8)   IO L, 307, 23.11.2017, lch. 1.

(9)  COM(2021) 324 final.

(10)  SWD(2023) 351 final, An Bhruiséil, 7.11.2023 lch. 128.

(11)  https://www.etf-europe.org/wp-content/uploads/2021/05/Driver-Fatigue-in-European-Road-Transport-Report.pdf.

(12)  https://www.etf-europe.org/wp-content/uploads/2021/05/Driver-Fatigue-in-European-Road-Transport-Report.pdf.


ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/2488/oj

ISSN 1977-107X (electronic edition)